An Bhruiséil,20.6.2023

COM(2023) 333 final

2022/0071(NLE)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun na hacmhainní dílse a chur ar fáil bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, ar bhrabúis ath-leithdháilte agus chun an acmhainn dhílis staidrimh a chur ar fáil bunaithe ar bhrabúis chuideachta agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I mí na Nollag 2021, mhol an Coimisiún trí fhoinse nua ioncaim le haghaidh bhuiséad an Aontais 1 , mar atá ranníocaíocht ón gcóras trádála astaíochtaí (‘CTA’), ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) agus acmhainn dhílis bunaithe ar sciar de bhrabúis iarmharacha ó chorparáidí ilnáisiúnta a ath-leithdháilfear ar Bhallstáit an Aontais faoi chomhaontú ECFE/G20 a rinneadh le déanaí (‘Colún a hAon’).

Os cionn bliain amháin ina dhiaidh sin, leasaíonn an Coimisiún a thogra COM(2021) 570 final. Ar an gcéad dul síos, molann an Coimisiún acmhainn dhílis CTA agus acmhainn dhílis SCCT a choigeartú i bhfianaise an chomhaontaithe ar tháinig an comhreachtóir air maidir le Treoir athbhreithnithe CTA. Ar an dara dul síos, molann an Coimisiún acmhainn dhílis staidrimh nua bunaithe ar bhrabúis chuideachta.

Dá réir sin, is gá coigeartú a dhéanamh ar na modhanna agus ar an nós imeachta chun na hacmhainní dílse atá beartaithe a chur ar fáil.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Mar a léirítear in Airteagal 9 den Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse (Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053) is é Airteagal 322(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an Rialacháin atá beartaithe. Comhlánaíonn sé ‘an Rialachán maidir le Cur ar Fáil’ le haghaidh acmhainní dílse traidisiúnta, na nacmhainní dílse bunaithe ar cháin bhreisluacha agus ollioncam náisiúnta 2 agus ‘an Rialachán maidir le Cur ar Fáil’ le haghaidh na hacmhainne bunaithe ar phlaisteach 3 .

Ar deireadh, tá sé nasctha leis an Rialachán lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh an chórais acmhainní dílse 4 , ar Rialachán é gur gá a leasú freisin.

ÁBHAR AN TOGRA

Is féidir achoimre a dhéanamh ar thogra leasaithe an Choimisiúin mar a leanas:

Acmhainn dhílis an Chórais Trádála Astaíochtaí (CTA)

Déantar Airteagal 7 a choigeartú chun léiriú a thabhairt ar chás breise a chuirtear leis an sásra luachála maidir le lamháltais nach gcuirtear ar ceant mar gheall ar roghanna lánroghnacha arna bhfeidhmiú ag Ballstáit aonair.

Acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT)

Mar thoradh ar shamhail rialachais lárnach SCCT, ní gá don Choimisiún cumhachtaí cigireachta breise ar an láthair a bheith aige sa reachtaíocht maidir le hacmhainní dílse, ós rud é go bhfuil na cumhachtaí sin ar fáil cheana féin sa reachtaíocht earnálach. Modhnaítear Airteagal 14 chun na hathruithe sin a léiriú.

Acmhainn dhílis staidrimh nua bunaithe ar bhrabúis chuideachta

Airteagal 2 den togra, ‘doiciméid tacaíochta a chaomhnú’: leis na forálacha macasamhlaítear na cinn faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle. Leis an togra forchuirtear ar na Ballstáit an oibleagáid chun na doiciméid sin a choinneáil ar feadh tréimhse 4 bliana tar éis na bliana airgeadais ar ina leith a chuirtear na hacmhainní dílse ar fáil.

Tá Airteagal 3 den togra, ‘comhar riaracháin’ ar aon dul le hAirteagal 4 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle.

Áirithítear le hAirteagal 4 den togra, ‘éifeachtaí ar an Acmhainn Dhílis bunaithe ar Ollioncam Náisiúnta’, carachtar iarmharach na hacmhainne dílse bunaithe ar ollioncam náisiúnta. Comhlánaítear leis Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle trína lua go ndéanfar méid na hacmhainne dílse bunaithe ar ollioncam náisiúnta a ríomh tar éis an t‑ioncam a eascraíonn as na hacmhainní dílse eile go léir, lena n‑áirítear an acmhainn dhílis staidrimh bheartaithe atá bunaithe ar bhrabúis chuideachta.

Le hAirteagal 5 den togra déantar foráil maidir leis na hoibleagáidí i dtéarmaí ‘iontráil sna cuntais agus tuairisciú’ le haghaidh inter alia an acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta atá beartaithe.

Le hAirteagal 9a cumhdaítear modhanna ríofa na hacmhainne dílse staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta atá beartaithe.

Le hAirteagal 16 a cumhdaítear an acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta a chur ar fáil.

Le hAirteagal 16b déantar foráil maidir le módúlachtaí an chleachtaidh chomhardaithe le haghaidh na hacmhainne dílse staidrimh bunaithe ar bhrabúis cuideachta.

Le hAirteagal 17 beartaítear go gcuirfear i bhfeidhm ar na hacmhainní dílse staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta na rialacha céanna maidir le hús ar mhéideanna a chuirtear ar fáil go déanach agus a chuirtear i bhfeidhm ar acmhainní dílse nua eile.

Le hAirteagal 22 léirítear go dtiocfaidh an acmhainn dhílis i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024, seachas an acmhainn dhílis ar an CTA nua lena gcumhdaítear tógáil, iompar ar bóthar agus breoslaí breise, rud a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2028.

BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 322(2) CFAE an bunús dlí le haghaidh an togra seo.

• Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach) 

Neamhbhainteach.

• Comhréireacht

Is é raon feidhme an togra intuarthacht a fheabhsú do Bhallstáit chun acmhainní dílse a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais agus chun nósanna imeachta a leagan síos le haghaidh réiteach díospóidí. Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir sin a bhaint amach go sásúil.

• An rogha ionstraime

Ní shonraítear cén ionstraim a úsáidfear in Airteagal 322(2) CFAE. Mar sin féin, ceanglaítear le hAirteagal 9(3) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle ar na Ballstáit na hacmhainní a chur ar fáil don Choimisiún ‘i gcomhréir le rialacháin’ arna nglacadh faoi Airteagal 322(2) CFAE. Ina theannta sin, cumhdaíodh forálacha maidir le hacmhainní dílse atá ann cheana a chur ar fáil i roinnt rialachán (Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle le haghaidh acmhainní dílse traidisiúnta, agus na nacmhainní dílse bunaithe ar cháin bhreisluacha agus ar ollioncam náisiúnta agus Rialachán (AE, Euratom) 2021/770 ón gComhairle 5 le haghaidh na hacmhainne dílse bunaithe ar phlaisteach).

2022/0071 (NLE)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun na hacmhainní dílse a chur ar fáil bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, ar bhrabúis ath-leithdháilte agus chun an acmhainn dhílis staidrimh a chur ar fáil bunaithe ar bhrabúis chuideachta agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh Fuinnimh, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 6 ,

Ag féachaint don tuairim ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 7 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle 8 , arna leasú le Cinneadh [XXX] ón gComhairle 9 , tugtar isteach mar acmhainní dílse nua, an córas trádála astaíochtaí (‘acmhainn dhílis bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí’), a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 , an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (‘acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha’), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 , agus sciar na mbrabús iarmharach ó na fiontair ilnáisiúnta is mó agus is brabúsaí arna ath-leithdháileadh ar na Ballstáit (‘acmhainn dhílis bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte’), arna bhunú le [an Treoir maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda i dtaca le hath-leithdháileadh a dhéanamh ar chearta chun cánachais] 12 agus ollbharrachas oibriúcháin mar a shainmhínítear le Córas Eorpach Cuntas 2010 arna bhunú le Rialachán (AE) 549/2013 13 , i gcomhréir leis na sonraí OIN a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/516 14 , agus arna soláthar i gcomhréir leis an gcreat rialaithe a sholáthraítear le gníomh cur chun feidhme ONI 15 , le haghaidh na gcorparáidí neamh-airgeadais agus airgeadais (‘acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta’). Ba cheart freisin an acmhainn dhílis bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, an acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, agus an acmhainn dhílis bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte agus an acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta(dá ngairtear ‘acmhainní dílse nua’ anseo feasta) a chur ar fáil don Aontas maidir leis na coinníollacha is fearr is féidir agus, dá réir sin, ba cheart rialacha a leagan síos chun go gcuirfidh na Ballstáit na hacmhainní dílse sin ar fáil don Choimisiún.

(2)Tá forálacha i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 16 ón gComhairle maidir le hacmhainní dílse a chur ar fáil don Choimisiún agus maidir le socruithe riaracháin is coiteann d’acmhainní dílse eile. Ba cheart forálacha comhchosúla a leagan síos, i gcás inarb iomchuí, maidir le hacmhainní dílse nua.

(3)Maidir leis na doiciméid agus an fhaisnéis atá ag teastáil le go mbeadh an Coimisiún in ann an chumhacht a tugadh dó maidir le hacmhainní dílse an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm, ní mór do na Ballstáit iad a choimeád ar fáil don Choimisiún, agus más gá, iad a chur ar aghaidh chuige. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtarchuirfear ráitis thréimhsiúla acmhainní dílse chuig an gCoimisiún.

(4)Ba cheart ríomh ráta infheidhme na hacmhainne dílse bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN) a dhéanamh tar éis an tioncam ó na hacmhainní dílse eile go léir dá dtagraítear i gCinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle a chur leis, is iadsan na hacmhainní dílse ó na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir fhorlíontacha taighde agus forbartha teicneolaíche agus ó ioncaim eile.

(5)Chun an tualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a laghdú maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí a chur ar fáil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil don Choimisiún sciar den íocaíocht a eascraíonn as lamháltais a chur ar ceant ag ardáin cheantála de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún 17 , trí aistrithe ó na córais imréitigh nó ó na córais socraíochta atá nasctha leis na hardáin sin.

(6)Is gá a áirithiú go gcuirfear sciar den ioncam ó lamháltais nár cuireadh ar ceant ar fáil don Choimisiún. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit gan lamháltais a chur ar ceant, ba cheart don Choimisiún na méideanna comhfhreagracha a ríomh. Ba cheart don Choimisiún na méideanna sin a éileamh agus ba cheart do na Ballstáit iad a chur ar fáil ar bhonn míosúil sa bhliain airgeadais reatha.

(7)Ní mór tionchar an tsásra coigeartaithe dlúthpháirtíochta a chur san áireamh. I gcás na hacmhainne dílse bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, féadfaidh ranníocaíocht uasta nó ranníocaíocht íosta a bheith i bhfeidhm i dtaobh na mBallstát. Ba cheart an tionchar ábhartha deimhneach nó diúltach a chur san áireamh sna méideanna a ndéanfaidh an Coimisiún iad a éileamh agus na Ballstáit iad a chur ar fáil ar bhonn míosúil.

(8)Chun timthriall cur chun feidhme an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chur san áireamh, ba cheart an acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chur ar fáil go bliantúil trí na méideanna dlite sa chuntas a osclaíodh chun na críche sin de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a chur isteach i mí Feabhra an dara bliain tar éis na bliana reatha.

(9)Ba cheart an acmhainn dhílis ath-leithdháilte bunaithe ar bhrabúis a chur ar fáil gach mí sa bhliain tar éis na bliana ina seolann gach Ballstát a ráiteas bliantúil maidir le méideanna an bhrabúis iarmharaigh a ath-leithdháileadh orthu, mar a dhearbhaigh na fiontair ilnáisiúnta i raon feidhme na [Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda i dtaca le hath-leithdháileadh a dhéanamh ar chearta chun cánachais.]

(9a)Ba cheart an acmhainn dhílis staidrimh atá bunaithe ar bhrabúis cuideachta a chur ar fáil go míosúil sa bhliain airgeadais lena mbaineann trí na méideanna atá dlite a iontráil sa chuntas arna oscailt chun na críche sin de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle.

(10)Ba cheart a áirithiú leis an nós imeachta chun ús a ríomh, go háirithe go gcuirfear acmhainní dílse ar fáil go tráthúil agus go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit ús a íoc i gcás moilleanna ar iontráil na nacmhainní dílse sna cuntais. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart aire a thabhairt nach mó costas aisghabhála úis atá dlite ar acmhainní dílse a chuirtear ar fáil go déanach ná méid an úis is iníoctha.

(11)Chun go bhféadfar briseadh a dhéanamh sa tréimhse a bhfabhraíonn ús ina leith, i gcás easaontais idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le ceartúcháin agus coigeartuithe le haghaidh acmhainní dílse bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus acmhainní dílse bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte, ba cheart forálacha a thabhairt isteach freisin chun cleachtas reatha na níocaíochtaí atá faoi fhorchoimeádas maidir le méideanna acmhainní dílse atá dlite do bhuiséad an Aontais a léiriú, ar cleachtas é lena nosclaítear deis do na Ballstáit caingean a thionscnamh i gcoinne an Choimisiúin as saibhriú éagórach i gcomhréir le hAirteagail 268 agus 340(2) CFAE. Mar sin féin, ba cheart íocaíocht a dhéantar faoi fhorchoimeádas a bheith eisceachtúil i gcónaí. Leanfaidh cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le hAirteagal 258 go hAirteagal 260 CFAE de bheith infheidhme go hiomlán.  

(12)I gcás easaontais idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le ceartuithe agus coigeartuithe le haghaidh acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus acmhainní dílse bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte, ba cheart nós imeachta athbhreithniúcháin a thabhairt isteach chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun réiteach díospóidí éifeachtúil a áirithiú.

(13)Chun cur i bhfeidhm cuí na rialacha airgeadais a bhaineann le hacmhainní dílse a éascú, is gá forálacha a áireamh lena náiritheofar dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún tríd an gcoiste ábhartha.

(14)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le foirmeacha le haghaidh ráitis acmhainní dílse a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 .

(15)Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear foirmeacha le haghaidh ráitis acmhainní dílse i bhfianaise chineál teicniúil na ngníomhartha sin.

(16)Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá céanna le Cinneadh 20xx/xxxx/AE, Euratom ón gComhairle agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 20234. Ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 2(3), ag Airteagal 5(5) agus ag Airteagail 9, 15 agus 16 ó dháta chur i bhfeidhm [na Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda i dtaca le hath-leithdháileadh a dhéanamh ar chearta chun cánachais] nó ón lá a thiocfaidh i bhfeidhm agus in éifeacht an Coinbhinsiún Iltaobhach, cibé acu is déanaí,

 

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le hacmhainní dílse an Aontais a ríomh agus a chur ar fáil don Choimisiún, acmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (e), (‘acmhainn dhílis bunaithe ar Chóras Trádála Astaíochtaí’), in Airteagal 2(1), pointe (f), (‘acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha’), agus in Airteagal 2(1), pointe (g), (‘acmhainn dhílis bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte’) agus pointe (h), (‘acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta’) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, maidir leis na bearta chun na ceanglais airgid thirim a chomhlíonadh agus leagtar síos ann ráta infheidhme na hacmhainne dílse dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (d), (‘acmhainn dhílis bunaithe ar OIN’) den Chinneadh sin.

Airteagal 2

Doiciméid tacaíochta a chaomhnú

1.    Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun a áirithiú go gcoinneofar doiciméid tacaíochta a bhaineann le bunú, ríomh agus cur ar fáil na hacmhainne dílse bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí ar feadh trí bliana féilire ar a laghad tar éis dheireadh na bliana airgeadais ar ina leith a chuirtear na hacmhainní dílse ar fáil, nó trí bliana tar éis fhoirceannadh an chaidrimh le hardán ceantála, cibé acu is faide. Beidh an méid seo a leanas sna doiciméid sin:

(a)    tuairiscí dá dtagraítear in Airteagal 10(4), an fomhír dheireanach, de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 191;

(b)    doiciméid ina bhfuil faisnéis maidir le torthaí ceant mar a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún.

Coimeádfaidh na Ballstáit doiciméid tacaíochta a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus an acmhainn dhílis bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte a ríomh agus a chur ar fáil go dtí an 31 Iúil den chúigiú bliain tar éis na bliana airgeadais ar ina leith a chuirtear na hacmhainní dílse ar fáil.

Coimeádfaidh na Ballstáit doiciméid tacaíochta a bhaineann leis na modhanna agus bunúis staidrimh agus le cur ar fáil na hacmhainne dílse staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta go dtí an 30 Samhain den cheathrú bliain tar éis na bliana airgeadais ar ina leith a cuireadh na hacmhainní dílse ar fáil.

2.    Brisfear na teorainneacha ama dá bhforáiltear i mír 1 má léirítear leis na bearta rialaithe agus maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 202 ón gComhairle de na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear i mír 1 go bhfuil gá le ceartú nó coigeartú.

3.    I gcás ina ndéanfar díospóid idir Ballstát agus an Coimisiún maidir leis an oibleagáid méid áirithe a chur ar fáil de na hacmhainní dílse staidrimh bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, na hacmhainní dílse staidrimh bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, agus de na hacmhainní dílse staidrimh bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte agus na hacmhainní dílse staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta, déantar an oibleagáid sin a shocrú trí chomhaontú frithpháirteach nó trí chinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Ballstát na doiciméid tacaíochta is gá don obair leantach airgeadais a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de dhá mhí tar éis na socraíochta sin.

Airteagal 3

Comhar Riaracháin

1.    Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:

(a)ainmneacha na rann nó na ngníomhaireachtaí atá freagrach as bunú, ríomh, bailiú, cur ar fáil agus rialú na nacmhainní dílse bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, agus bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte agus na nacmhainní dílse staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta agus na forálacha bunúsacha a bhaineann le ról agus oibriú na rann agus na ngníomhaireachtaí sin;

(b)na forálacha ginearálta atá leagtha síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin agus iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta cuntasaíochta maidir le bunú, ríomh nó bailiú, cur ar fáil agus rialú ag an gCoimisiún ar acmhainní dílse bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, agus bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte agus ar acmhainní dílse staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta;

(c)teideal beacht na dtaifead riaracháin agus cuntasaíochta uile ina niontráiltear acmhainní dílse bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, agus bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte agus bunaithe ar acmhainní dílse ar bhrabúis chuideachta, go háirithe na cinn sin a úsáidtear chun na cuntais dá bhforáiltear in Airteagal 5 a tharraingt suas.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar na hainmneacha nó ar na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.    Déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát a chuir an fhaisnéis ar fáil, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tharchur chuig gach Ballstát.

Airteagal 4

Éifeachtaí ar an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN

Chun an ráta aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a shocrú, cuirfear an t‑ioncam dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (e), (f), agus (g) agus (h) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a chur leis an ioncam dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a), (b) agus (c) den Chinneadh sin chun an chuid den bhuiséad a bheidh cumhdaithe ag an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN a ríomh.

Caibidil II

Cuntais le haghaidh Acmhainní Dílse

Airteagal 5

Iontráil sna cuntais agus tuairisciú

1.    Úsáidfear na cuntais le haghaidh acmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 chun críocha acmhainní dílse bunaithe ar Chóras Trádála Astaíochtaí, bunaithe ar Shásraí Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, agus bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte agus acmhainní dílse bunaithe staidrimh ar bhrabúis chuideachta.

2.    Chun críoch cuntasaíochta acmhainní dílse, ní chríochnóidh an mhí níos luaithe ná 13.00 ar an lá oibre deireanach den mhí ina ndearnadh an ríomh nó an bunú.

3.    Déanfar na méideanna ón acmhainn dhílis bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7(1) do mhí ar leith a iontráil sna cuntais ar an gcéad lá oibre den dara mí tar éis na míosa inar bunaíodh an teidlíocht ar a dhéanaí.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh an Coimisiún ráiteas míosúil ón ardán ar na méideanna sin ar an dáta céanna, ar a dhéanaí, a iontrálfar sna cuntais iad.

Déanfar na dóú codanna déag den acmhainn dhílis bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a iontráil sna cuntais ar an gcéad lá oibre de gach mí. Déanfar toradh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 12 a iontráil sna cuntais go bliantúil ar an gcéad lá oibre de mhí an Mhárta sa bhliain i ndiaidh na bliana inar chuir an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na méideanna a tháinig as an ríomh.

4.    Faoin 31 Iúil gach bliain, cuirfidh gach Ballstát ráiteas bliantúil chuig an gCoimisiún ina mbeidh méideanna iomlána na nacmhainní dílse bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8, lena náirítear ceartúcháin agus coigeartuithe arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 14.

Déanfar na méideanna ó acmhainní dílse bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a iontráil sna cuntais go bliantúil ar an gcéad lá oibre de mhí Feabhra sa bhliain tar éis na bliana ina seolann gach Ballstát a ráiteas bliantúil.

5.    Cuirfidh gach Ballstát ráiteas bliantúil chuig an gCoimisiún faoin 31 Iúil den dara bliain tar éis na bliana tuairiscithe ina mbeidh méideanna na mbrabús iarmharach arna nath-leithdháileadh orthu de réir mar a dhearbhaigh na fiontair ilnáisiúnta faoi raon feidhme [na Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh], arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 15, lena náirítear ceartúcháin agus coigeartuithe arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16.

Déanfar na dóú codanna déag den acmhainn dhílis athleithdháilte bunaithe ar bhrabúis do mhí ar leith, dá dtagraítear in Airteagal 15, a iontráil sna cuntais ar an gcéad lá oibre de gach mí, sa bhliain tar éis na bliana ina seolann gach Ballstát a ráiteas bliantúil.

5a. Faoin 1 Deireadh Fómhair den bhliain i ndiaidh na bliana tuairiscithe, seolfaidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún na figiúirí don ollbharrachas oibriúcháin arna n‑úsáid sna ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 9ú agus tuarascáil bhliantúil ar cháilíocht na sonraí ollbharrachais oibriúcháin.

Déanfar na dóú codanna déag den acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta, le haghaidh mí ar leith, dá dtagraítear in Airteagal 16a, a iontráil sna cuntais ar an gcéad lá oibre de gach mí.

Déanfar toradh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 16b (1) agus (2) a iontráil sna cuntais go bliantúil ar an gcéad lá oibre de mhí an Mhárta sa bhliain i ndiaidh na bliana inar chuir an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na méideanna a tháinig as an ríomh.

6.    Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun foirmeacha a bhunú le haghaidh ráitis na nacmhainní dílse agus na dtuarascálacha ar cháilíocht dá dtagraítear i mír 3 go mír 5a. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

Airteagal 6

Ceartuithe cuntasaíochta le haghaidh acmhainne dhílis an Chórais Trádála Astaíochtaí bunaithe ar ioncam ceant

I gcás na hacmhainne dílse bunaithe ar Chóras Trádála Astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (e)(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, ní fhéadfar aon cheartú a dhéanamh ar na ráitis mhíosúla dá dtagraítear in Airteagal 5(3), an dara fomhír, ach amháin do bhliain ar leith go dtí an 31 Nollaig den tríú bliain tar éis na bliana i gceist, seachas i gcás pointí a dtabharfaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith roimh an dáta sin.

Caibidil III

Acmhainní dílse a ríomh

Airteagal 7

Acmhainn dhílis an Chórais Trádála Astaíochtaí a ríomh

1.    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an acmhainn dhílis bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (e)(1), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a ríomh leis an ardán ceantála tríd an ráta aonfhoirmeach arna chinneadh in Airteagal 2(1), pointe (e)(1) den Chinneadh sin, a chur i bhfeidhm maidir le líon na lamháltas a chuirtear ar ceant arna iolrú faoi phraghas imréitigh an cheant dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010.

Chun críocha an Rialacháin seo, bunófar teidlíocht an Aontais ar an acmhainn dhílis bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (e)(1), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 an lá a cuireadh na lamháltais ar ceant ar bhonn phraghas imréitigh cheant an lae sin arna bhunú de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010.

2.    Ríomhfaidh an Coimisiún na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (e)(2), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 tríd an ráta aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (e)(1), den Chinneadh sin a chur i bhfeidhm maidir le méid bliantúil na lamháltas seo a leanas, arna iolrú faoi mheánphraghas bliantúil na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 arna chur ar ceant ag na Ballstáit de bhun Airteagail 3d agus 10 de Threoir 2003/87/CE ar an ardán arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán sin: 

(a)lamháltais a leithdháiltear faoi shaoirse de bhun Airteagal 10c de Threoir 2003/87/CE;

(b)lamháltais arna gcur ar ceal de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 ;

(c)lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10d(4) de Threoir 2003/87/CE lena gcuirtear ar ceant iad le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d(3) den Treoir sin.

2a.    Ríomhfaidh an Coimisiún na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (e)(3), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 tríd an ráta dá dtagraítear i in Airteagal 2(1), pointe (e)(1), den Chinneadh sin a chur i bhfeidhm ar mhéid bliantúil na lamháltas a chuirtear ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 30e(3) de Threoir 2003/87/CE, arna iolrú faoi mheánphraghas bliantúil na lamháltas arna gcur ar ceant ag Ballstáit de bhun Airteagal 30d den Treoir sin ar an ardán arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán sin.

Déanfar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír le míreanna 2 agus 2a a ualú de réir méid gach ceant.

3.     Ríomhfaidh an Coimisiún an méid dá dtagraítear in Airteagal 2(2a) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053. Déanfar na ríomhanna go dtí an bhliain airgeadais 2030 ar bhonn na bhfigiúirí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)OIN comhiomlán ag praghsanna an mhargaidh an dara bliain roimh an mbliain airgeadais ábhartha (n-2) arna tharchur ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún sa bhliain airgeadais reatha de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 4;

(b)Méideanna an Chórais Trádála Astaíochtaí a chomhfhreagraíonn don ioncam a bhunaítear i gcomhréir le mír 1 agus mír 2.

4.    I gcás gach ceann de na Ballstáit ábhartha, is éard a bheidh i suim an mhéid a ríomhfar trí ráta aonfhoirmeach Airteagal 2(1), pointe (e), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a chur i bhfeidhm i leith na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (e)(2), den Chinneadh sin agus is é a bheidh i gcur i bhfeidhm an tsásra in Airteagal 2(2a) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 an ‘méid coigeartaithe iomlán’ i leith na hacmhainne dílse bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí.

5.    Faoin 31 Bealtaine gach bliain, tarchuirfidh an Coimisiún meastachán ar an gcoigeartú iomlán dá dtagraítear i mír 4 don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin chuig na Ballstáit.

6.    Déanfaidh an Coimisiún, roimh dheireadh mhí Bealtaine na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, meastachán nuashonraithe ar na méideanna iomlána coigeartaithe dá dtagraítear i mír 4, bunaithe ar na sonraí a bheidh ar fáil aige ag an am sin. Féadfar aon difríochtaí suntasacha maidir le meastacháin bhunaidh a chur isteach i ndréachtbhuiséad leasaitheach agus féadfar athchoigeartú a dhéanamh ar na dóú codanna déag dá dtagraítear in Airteagal 11(2) arna gcur de shochar ó thús na bliana airgeadais.

Airteagal 8

Acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a ríomh

Déanfar an acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a ríomh tríd an nglaoráta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (f), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a chur i bhfeidhm i leith an mhéid seo a leanas:

(a)an praghas a d’íoc an dearbhóir údaraithe ar dheimhnithe an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chomhfhreagraíonn d’iomlán na nastaíochtaí leabaithe arna ndearbhú i gcomhréir le hAirteagal 6(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 5 ar feadh bliain amháin, agus

(b)an praghas a d’íoc an dearbhóir údaraithe i leith aon deimhnithe a chealófar faoin 30 Meitheamh i mbliain an dearbhaithe maidir leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán sin.

Airteagal 9

Ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte

1.    Déanfar an acmhainn dhílis bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte a bheidh le cur ar fáil a ríomh tríd an nglaoráta aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (g), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a chur i bhfeidhm maidir leis an sciar bliantúil de bhrabús iarmharach ó ghnóthais ilnáisiúnta a athleithdháilfear ar gach Ballstát.

2.    Ríomhfaidh an Coimisiún méideanna na hacmhainne dílse a bheidh bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte don bhliain ina dhiaidh sin, ar bhonn na ráiteas bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 5(5).

Airteagal 9a

An acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta a ríomh

1.    Déanfar an acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis cuideachta a bheidh le cur ar fáil a ríomh tríd an nglaoráta aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (h), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a chur i bhfeidhm ar shuim ollbharrachas oibriúcháin earnálacha na gcorparáidí neamhairgeadais (S.11) agus na gcorparáidí airgeadais (S.12) mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (h), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

2.    Ríomhfaidh an Coimisiún an acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta agus cuirfidh sé san áireamh an tuarascáil maidir le cáilíocht dá dtagraítear in Airteagal 2(6d) de Rialachán ón gComhairle maidir le bearta cur chun feidhme d’acmhainní dílse nua an Aontais Eorpaigh arna dtarchur ag na Ballstáit.

Caibidil IV

Acmhainní dílse a chur ar fáil

Airteagal 10

Socruithe státchiste agus cuntasaíochta

Beidh feidhm ag Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis na hacmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (e), (f), agus (g) agus (h) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

Airteagal 11

Acmhainn dhílis an Chórais Trádála Astaíochtaí a chur ar fáil

1.    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na córais imréitigh nó na córais socraíochta atá nasctha leis na hardáin cheantála, arna gceapadh de bhun Airteagal 26 agus Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010, na méideanna a ríomhtar de bhun Airteagal 7(1) a chur de shochar an chuntais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 nó do chuntas eile arna chur in iúl ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010, ar bhealach tráthúil agus tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre den dara mí tar éis na míosa inar bunaíodh an teidlíocht.

2.    Déanfar méideanna iomlána an choigeartaithe dá dtagraítear in Airteagal 7(4) a chur de shochar ar an gcéad lá oibre de gach mí, arb iad na méideanna aon dóú cuid déag de na hiomláin ábhartha sa bhuiséad, arna gcomhshó in airgeadraí náisiúnta ag na rátaí malairte ar an lá deiridh den luachan sa bhliain fhéilire roimh an mbliain airgeadais, faoi mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C. Beidh feidhm ag Airteagal 10a(2), (4) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis na dóú codanna déag míosúla sin.

Airteagal 12

Acmhainn dhílis bunaithe ar Chóras Trádála Astaíochtaí – beart cothromúcháin

1.    I gcás gach Ballstáit, ríomhfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)an difríocht idir an meastachán ar mhéid iomlán an choigeartaithe dá dtagraítear in Airteagal 7(4), agus an toradh ar ríomh mhéid iomlán an choigeartaithe ar bhonn na sonraí OIN is déanaí agus sonraí an chórais trádála astaíochtaí;

(b)an toradh a fhaightear tríd an méid iomlán a thagann ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) a iolrú faoin gcéatadán a luaitear le OIN gach Ballstáit as OIN na mBallstát uile, de réir mar is infheidhme an 15 Eanáir go dtí an buiséad atá i bhfeidhm don bhliain tar éis na bliana inar soláthraíodh na sonraí is déanaí ón OIN agus ón gcóras trádála astaíochtaí.

2.    An difríocht idir na méideanna a thagann as na ríomhanna i gcomhréir le mír 1 maidir le gach Ballstát, is é sin an ‘glanmhéid’. Beidh ríomh an ghlanmhéid cinntitheach gan a bheith faoi réir aon choigeartaithe eile.

Chun an glanmhéid a ríomh, comhshófar na méideanna idir an t‑airgeadra náisiúnta agus an euro ag na rátaí malairte ar an lá deiridh den luachan sa bhliain inar soláthraíodh na sonraí is déanaí maidir le OIN agus faoin gCóras Trádála Astaíochtaí, arb iad na rátaí iad sin a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na méideanna atá mar thoradh ar ríomh an ghlanmhéid roimh an 1 Feabhra den bhliain i ndiaidh na bliana airgeadais inar soláthraíodh na sonraí is déanaí maidir le OIN agus faoin gCóras Trádála Astaíochtaí. Iontrálfaidh gach Ballstát an glanmhéid sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) 609/2014 ar an gcéad lá oibre de mhí an Mhárta sa bhliain tar éis na bliana inar chuir an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis na méideanna a lean as an ríomh.

Airteagal 13

Acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chur ar fáil

Déanfar na méideanna a ríomhtar de bhun Airteagal 8 le haghaidh gach bliain féilire a chur de shochar go bliantúil ar an gcéad lá oibre de mhí Feabhra sa bhliain tar éis na bliana inar sheol gach Ballstát a ráiteas bliantúil, arna gcomhshó in airgeadraí náisiúnta ag na rátaí malairte ar an lá deiridh den luachan sa bhliain fhéilire roimh an mbliain bhuiséadach nuair a ghlaoitear na méideanna.

Airteagal 14

Ceartúcháin nó coigeartuithe ar na hAcmhainní Dílse bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha

1.    I gcás aon cheartúcháin nó coigeartuithe a chuirfear i bhfeidhm, tar éis na mbeart rialaithe agus maoirseachtacigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(6b) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 le haghaidh na mblianta airgeadais roimhe sin, nó ar aon chúis eile, déanfar coigeartú ar leith ar na hiontrálacha sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014. Cuirfidh na Ballstáit na ceartúcháin sin san áireamh sa chéad ráiteas bliantúil eile dá dtagraítear in Airteagal 5(4), tar éis dóibh an glaoráta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (f) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoi mhéid an choigeartaithe áirithe sin atá le cur san áireamh ina chéad ráiteas bliantúil eile tar éis a chigireachtaí ar an láthaira gcuid beart rialaithe agus maoirseachta.

2.    Déanfar ceartúcháin agus coigeartuithe dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar an gcéad lá oibre de mhí Feabhra sa bhliain tar éis na bliana ina seolann gach Ballstát a ráiteas bliantúil.

3.    Ní dhéanfar aon cheartú eile ar na ráitis dá dtagraítear in Airteagal 5(4) tar éis an 31 Iúil den chúigiú bliain tar éis na bliana airgeadais lena mbaineann, seachas i dtaobh pointí ar thug an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith roimhe sin.

4.    Is oibríochtaí ioncaim iad na hoibríochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo i ndáil leis an mbliain airgeadais ina bhfuil siad le hiontráil sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

Airteagal 15

An acmhainn dhílis bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte a chur ar fáil

Déanfar na méideanna arna ríomh de bhun Airteagal 9 le haghaidh gach bliain féilire a chur de shochar ar an gcéad lá oibre de gach mí, sa bhliain tar éis na bliana ina seolann gach Ballstát a ráiteas bliantúil, arb iad na méideanna aon dóú cuid déag de na hiomláin ábhartha sa bhuiséad, arna gcomhshó in airgeadraí náisiúnta ag na rátaí malairte ar an lá deiridh den luachan sa bhliain fhéilire roimh an mbliain airgeadais, faoi mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C. Beidh feidhm ag Airteagal 10a(2), (4) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis na dóú codanna déag míosúla sin.

Airteagal 16

Coigeartuithe ar an acmhainn dhílis bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte

1.     I gcás aon cheartúcháin nó coigeartaithe, tar éis cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(6c) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 le haghaidh na mblianta airgeadais roimhe sin, nó ar aon chúis eile, déanfar coigeartú ar leith ar na hiontrálacha sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoi mhéid an choigeartaithe áirithe sin atá le cur san áireamh ina chéad ráiteas bliantúil eile dá dtagraítear in Airteagal 5(5) tar éis a chigireachtaí ar an láthair. Cuirfidh na Ballstáit na ceartúcháin sin san áireamh sa chéad ráiteas bliantúil eile dá dtagraítear in Airteagal 5(5), tar éis dóibh an glaoráta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (g), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053/AE a chur i bhfeidhm.

2.    Déanfar an coigeartú áirithe sin a chur ar fáil ina ndóú codanna déag, ar an gcéad lá oibre de gach mí, sa bhliain tar éis na bliana ina seolann gach Ballstát a ráiteas bliantúil.

3.    Ní dhéanfar aon cheartú eile ar na ráitis dá dtagraítear in Airteagal 5(5) tar éis an 31 Iúil den chúigiú bliain tar éis na bliana airgeadais lena mbaineann, seachas i dtaobh pointí ar thug an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith roimhe sin.

4.    Is oibríochtaí ioncaim iad na hoibríochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo i ndáil leis an mbliain airgeadais ina bhfuil siad le hiontráil sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

Airteagal 16a

An acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta a chur ar fáil

Déanfar na méideanna arna ríomh de bhun Airteagal 9a le haghaidh gach bliana féilire a chur de shochar ar an gcéad lá oibre de gach mí, arb iad na méideanna aon dóú cuid déag de na hiomláin ábhartha sa bhuiséad, arna gcomhshó in airgeadraí náisiúnta ag na rátaí malairte ar an lá deiridh den luachan sa bhliain fhéilire roimh an mbliain airgeadais, faoi mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C. Beidh feidhm ag Airteagal 10a(2), (4) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis na dóú codanna déag míosúla sin.

Airteagal 16b

Acmhainn dhílis bunaithe ar bhrabúis chuideachta–cleachtadh comhardaithe agus coigeartuithe

1.    Ar bhonn na sonraí le haghaidh na gcuntas earnála a bhaineann leis an acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis cuideachta don bhliain roimhe sin de bhun Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, déanfar, sa dara bliain tar éis na bliana inar soláthraíodh na figiúirí, méid a ríomhadh a chur chun dochair do gach Ballstát trí shuim bhliantúil a ollbharrachas oibriúcháin a chur i bhfeidhm maidir le hearnálacha na gcorparáidí neamhairgeadais agus airgeadais sa Bhallstát sin, an ráta a glacadh don bhliain roimh bhliain soláthair na sonraí agus trí na híocaíochtaí a rinneadh le linn na bliana sin a chur chun sochair dóibh.

2.    Aon athruithe ar na sonraí do na cuntais earnála a bhaineann leis an acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis cuideachta na mblianta airgeadais roimhe sin de bhun Rialachán (AE) 549/2013, beidh coigeartú ar an iarmhéid arna bhunú de bhun mhír 1 den Airteagal seo mar thoradh orthu i gcás gach Ballstáit lena mbaineann. Tar éis an 30 Samhain den cheathrú bliain tar éis bliain airgeadais ar leith, ní chuirfear san áireamh a thuilleadh aon athruithe ar na cuntais earnála a bhaineann leis an acmhainn dhílis sin, seachas ar phointí arna gcur in iúl laistigh den teorainn ama sin ag an gCoimisiún nó ag an mBallstát.

3.    I gcás gach Ballstáit, ríomhfaidh an Coimisiún an difríocht idir na méideanna a eascraíonn as na coigeartuithe dá dtagraítear i míreanna 1–2 agus an toradh ar mhéideanna iomlána na gcoigeartuithe de chuid na mBallstát uile a iolrú faoin gcéatadán arb ionann ollioncam náisiúnta an Bhallstáit sin agus ollioncam náisiúnta na mBallstát uile, de réir mar is infheidhme an 15 Eanáir maidir leis an mbuiséad atá i bhfeidhm don bhliain tar éis na bliana inar soláthraíodh na sonraí le haghaidh na gcoigeartuithe (an ‘glanmhéid’).

Chun an glanmhéid a ríomh, comhshófar na méideanna idir an t‑airgeadra náisiúnta agus an euro ag na rátaí malairte ar an lá deiridh den luachan sa bhliain féilire inar soláthraíodh na sonraí le haghaidh coigeartuithe, mar a fhoilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais, sraith C.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na méideanna a eascraíonn as ríomh an ghlanmhéid roimh an 1 Feabhra den bhliain i ndiaidh na bliana inar soláthraíodh na sonraí le haghaidh na gcoigeartuithe. Iontrálfaidh gach Ballstát an glanmhéid sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ar an gcéad lá oibre de mhí an Mhárta sa bhliain tar éis na bliana inar chuir an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis na méideanna a lean as an ríomh.

4.    Is oibríochtaí ioncaim iad na hoibríochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo i ndáil leis an mbliain airgeadais ina bhfuil siad le hiontráil sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

Airteagal 17

Ús ar mhéideanna a chuirfear ar fáil go déanach

1.    I gcás aon mhoill ar iontráil na nacmhainní dílse bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, agus ar bhrabúis ath-leithdháilte agus na nacmhainní dílse staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 íocfaidh an Ballstát lena mbaineann ús.

2.    Déanfar aisghabháil méideanna úis faoi bhun EUR 1000 a tharscaoileadh.

3.    Déanfar ús a thobhach de réir na rátaí agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 12(4) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

4.    Maidir le híocaíocht úis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, beidh feidhm ag Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

CAIBIDIL V

ÍOCAÍOCHT FAOI FHORCHOIMEÁDAS AGUS AN NÓS IMEACHTA ATHBHREITHNIÚCHÁIN

Airteagal 18

Íocaíocht faoi fhorchoimeádas

1.    I gcás easaontais idir Ballstát agus an Coimisiún maidir leis na ceartúcháin agus na coigeartuithe dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 16, féadfaidh an Ballstát, le linn dó méid atá á chonspóid a íoc, forchoimeádais a léiriú maidir le seasamh an Choimisiúin.

Soláthróidh na Ballstáit faisnéis faoi na háirithintí sin, maidir leis na méideanna a bhaineann le hacmhainní dílse bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, mar aon lena ráiteas bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 5(4), maidir leis na méideanna a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar bhrabúis ath-leithdháilte, mar aon lena ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 5(5). Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi tharraingt siar na bhforchoimeádas a luaithe is féidir.

Má réitítear an t‑easaontas dá dtagraítear sa chéad mhír i bhfabhar an Bhallstáit, údaróidh an Coimisiún don Bhallstát sin an méid a íocadh a bhaint as an gcéad íocaíocht nó íocaíochtaí eile óna chuid acmhainní dílse.

2.    Brisfidh iontráil na híocaíochta atá faoi fhorchoimeádas sa chuntas faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 an tréimhse ina bhfabhraítear ús, dá dtagraítear in Airteagal 17.

3.    Faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair gach bliain, cuirfidh an Coimisiún nóta faisnéise bliantúil ar fáil ina léireofar forléargas ar an méid iomlán a íocadh faoi fhorchoimeádas agus méid iomlán na bhforchoimeádas a tarraingíodh siar i rith na bliana roimhe sin.

Airteagal 19

An nós imeachta um athbhreithniú

1.    I gcás easaontais idir Ballstát agus an Coimisiún maidir leis na ceartúcháin agus na coigeartuithe dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 16, féadfaidh an Ballstát iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a mheasúnú laistigh de shé mhí i ndiaidh na fála. Beidh na cúiseanna leis an athbhreithniú a iarradh san iarraidh sin, agus áireofar san iarraidh sin an fhianaise agus na doiciméid tacaíochta ar a bhfuil sí bunaithe. Ní chuirfidh an iarraidh agus an nós imeachta a leanfaidh é athrú ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit acmhainní dílse a chur ar fáil nuair a bhíonn siad dlite do bhuiséad an Aontais.

2.    Laistigh de thrí mhí tar éis an iarraidh dá bhforáiltear i mír 1 a fháil, cuirfidh an Coimisiún a bharúlacha in iúl don Bhallstát maidir leis na cúiseanna a tugadh san iarraidh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún síneadh trí mhí eile a chur leis an teorainn ama sin uair amháin agus an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas dá réir. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá faisnéis bhreise a iarraidh, tosóidh an teorainn ama dá dtagraítear i mír 2 ón dáta a gheofar an fhaisnéis bhreise a iarradh. Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise laistigh de thrí mhí. Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, cuirfear trí mhí eile leis an teorainn ama trí mhí.

3.    I gcás nach féidir leis an mBallstát aon fhaisnéis ábhartha bhreise a sholáthar don nós imeachta um athbhreithniú, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith. Gníomhóidh an Coimisiún ansin, tabharfaidh sé fógra faoina bharúlacha ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil. Tosóidh an teorainn ama dá dtagraítear i mír 2 sa chás sin ón dáta a gheofar an fógra sin.

4.    Tiocfaidh deireadh leis an nós imeachta athbhreithniúcháin 2 bhliain ar a dhéanaí tar éis don Bhallstát a iarraidh ar an athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 a sheoladh.

Caibidil VI

Acmhainní airgid a bhainistiú

Airteagal 20

Ceanglais maidir le hacmhainní airgid thirim a bhainistiú agus orduithe íocaíochta a dhéanamh

Beidh feidhm ag Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis na hacmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (e) go (hg), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

Caibidil VII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 21

Nós imeachta coiste

1.    Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.    I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá a thiocfaidh Cinneadh 20xx/xxxx/AE, Euratom i bhfeidhm, ar Cinneadh é lena leasaítear Cinneadh 2020/2053/AE, Euratom. Beidh feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 20234.

Beidh feidhm ag Airteagal 2(3), ag Airteagal 5(5) agus ag Airteagail 9, 15 agus 16, áfach, ó dháta chur i bhfeidhm [na Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda i dtaca le hath-leithdháileadh a dhéanamh ar chearta chun cánachais] nó ón lá a thiocfaidh i bhfeidhm agus in éifeacht an Coinbhinsiún Iltaobhach, cibé acu is déanaí.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra Leasaithe le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun na hacmhainní dílse a chur ar fáil bunaithe ar an gCóras trádála astaíochtaí, ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, Colún a hAon ECFE/G20 agus ar an acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

Ioncam bhuiséad an Aontais

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 24  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Leis na tograí seo leasaítear Rialachán(COM(2022) 101 final) atá beartaithe agus déantar obair leantach leo maidir leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Iúil 2020 agus as comhaontú idirinstitiúideach mhí na Nollag 2020 25 maidir le treochlár chun dóthain acmhainní dílse nua a thabhairt isteach d’fhonn méid a chlúdach, méid a chomhfhreagraíonn don chaiteachas a bhfuiltear ag súil leis maidir le haisíoc Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh. Tá an togra nasctha le leasú an 20 Meitheamh 2023 ar thogra an 22 Nollaig 2021 (COM(2021) 570 final) lena leasaítear an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse 26 .

Leis an togra leabófar tosaíochtaí beartais an Aontais a thuilleadh i dtaobh an ioncaim de bhuiséad an Aontais.

1.4.2.Cuspóir(í) sonrach(a)

Leis an gCinneadh leasaithe maidir le hAcmhainní Dílse, arna leasú in 2023, féachtar le ceithre acmhainn dílse nua a thabhairt isteach:

(1) Acmhainn dhílis nua bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí lena gcumhdaítear a shíneadh ar muir agus ceantáil mhéadaithe lamháltas ó thaobh eitlíochta de agus ar an gCóras Trádála Astaíochtaí nua lena gcumhdaítear iompar de bhóthar agus tógáil;

(2)    Acmhainn dhílis nua bunaithe ar shásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha;

(3)    Acmhainn dhílis nua bunaithe ar sciar brabús ó fhiontair ilnáisiúnta a ath-leithdháiltear ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cánachas idirnáisiúnta (‘ECFE/G20 Colún 1/G20’).

(4)    Acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta. Saineofar an acmhainn dhílis sin trí ghlaoráta aonfhoirmeach atá cothrom le 0.5 % a iolrú faoi shuim ollbharrachais oibriúcháin (B.2g) earnálacha na gcorparáidí neamhairgeadais (S.11) agus na gcorparáidí airgeadais (S.12) gach Ballstáit, mar a sholáthraíonn an Coimisiún, i gcomhréir le sainmhínithe Chóras Cuntas Eorpach 2010 (CCE 2010).

Le hacmhainní dílse nua, déanfar taobh ioncaim de bhuiséad an Aontais a ailíniú a thuilleadh le tosaíochtaí beartais an Aontais. Ar an gcéad dul síos, níl teorainneacha ar bith ag astaíochtaí, rud a fhágann gur gá gníomhaíocht ón Aontas, agus dá bhrí sin bonn iomchuí d’acmhainní dílse an Aontais. Is ionstraimí uile-AE iad trádáil astaíochtaí agus sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha lena bhfóntar don chuspóir comhchoiteann astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar an gcostas is lú, trí uasteorainn a chur ar astaíochtaí agus comhartha faoi phraghas an charbóin a sholáthar. Ar an dara dul síos, comhaontú ‘Colún a hAon de ECFE/G20’ a chur chun feidhme san Aontas agus sainiúlachtaí an Mhargaidh Aonair á n‑urramú. Mar thoradh air sin, beidh sé sin ina bhonn Eorpach freisin le haghaidh acmhainn dhílis.

1.4.3.An toradh/na torthaí agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar ba cheart a bheith ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Cé go n‑aisíocfaidh an tAontas Next Generation EU in imthosca ar bith, ba cheart go n‑áiritheofaí le hacmhainní dílse nua nach mbeidh laghdú míchuí ar chaiteachas cláir ná ar ionstraimí infheistíochta faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a thosóidh in 2028 mar thoradh ar chaiteachas ó bhuiséad an Aontais a bhaineann leis an aisíocaíocht sin. An tráth céanna, maolóidh siad na méaduithe san acmhainn dhílis atá bunaithe ar an ollioncam náisiúnta do na Ballstáit.

1.4.4.Táscairí lena léireofar torthaí agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Ba cheart go gcuirfí an creat ar fáil leis an togra seo chun go gcuirfear ioncam ó thrádáil astaíochtaí agus ó shásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus ón acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta ar fáil go tráthúil agus go cruinn do bhuiséad an Aontais. Is gá é a leasú chun go n‑áireofar cur ar fáil na hacmhainne dílse bunaithe ar sciar na mbrabús iarmharach atá ag na fiontair ilnáisiúnta is mó agus is brabúsaí, arna n‑ath-leithdháileadh ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (‘ECFE/G20 Colún a hAon’), a luaithe a mholfaidh an Coimisiún Treoir maidir leis an ionstraim shonrach sin.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Ba cheart na rialacha maidir le cur ar fáil do bhuiséad AE a chomhaontú in am chun cur chun feidhme tráthúil chiseán na nAcmhainní Dílse nua a áirithiú.

Áiríodh sa chomhaontú idirinstitiúideach amlíne mhionsonraithe chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach. Gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé dhá thogra maidir le hacmhainní dílse nua faoi 2024 d’fhonn iad a thabhairt isteach in 2026.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais

De réir an Chinnidh maidir le hAcmhainní Dílse, tosóidh aisíocaíocht Next Generation EU in 2028. Le comhaontú idirinstitiúideach mhí na Nollag 2020, déantar foráil maidir le treochlár i ndáil le hacmhainní dílse nua. Cuirfidh acmhainní dílse nua sruthanna ioncaim bhreise ar fáil chun a áirithiú nach mbeidh laghdú míchuí ar chaiteachas cláir ná ar ionstraimí infheistíochta faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil mar thoradh ar an aisíocaíocht sin. An tráth céanna, maolóidh siad na méaduithe san acmhainn dhílis atá bunaithe ar an ollioncam náisiúnta do na Ballstáit. Ar an iomlán, cosnófar buiséad an Aontais le hacmhainní dílse nua.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Tá na tograí sin nasctha leis an leasú ar an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse agus leis an togra ó mhí an Mheithimh 2023 lena gcuirtear bailchríoch ar an gciseán d’acmhainní dílse dá dtagraítear sa chomhaontú idirinstitiúideach. Tugtar soiléiriú iontu le chéile ar an idirghníomhaíocht idir na forálacha maidir le hAcmhainní Dílse agus na gníomhartha reachtacha maidir le trádáil astaíochtaí agus an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus an gníomh reachtach a bheidh ann amach anseo maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda i dtaca le hath-leithdháileadh a dhéanamh ar chearta chun cánachais.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá na tograí seo comhoiriúnach leis an Rialachán atá ann faoi láthair maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Neamhbhainteach.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   An tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscadal a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ón 1/1/2024 é.

1.7.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe 27

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

   ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí atá ainmnithe acu;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 208 agus 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí a rialaítear leis an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa chomhbheartas eachtrach agus slándála de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Barúlacha’ le do thoil.

Nótaí

Neamhbhainteach

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Sa togra leasaithe lena leasaítear an Rialachán ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme bearta le haghaidh córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh, is féidir teacht ar na forálacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh i ndáil leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse a chur ar fáil bunaithe ar an gcóras trádála astaíochtaí, ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, ar Cholún a hAon de ECFE/G20 agus ar an acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis cuideachta agus i ndáil leis na bearta chun riachtanais airgid thirim a chomhlíonadh.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a sainaithníodh

Áirítear ar na rioscaí is mó a d’fhéadfadh a bheith ann: bunú mícheart na n‑acmhainní dílse nua, an iontráil mhícheart sna cuntais, an acmhainn a chur ar fáil go déanach agus earráidí cuntasaíochta.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Tá modhanna rialaithe beartaithe sa togra lena n‑áirítear forálacha sonracha maidir le rialú agus maoirseacht agus ceanglais ábhartha maidir le tuairisciú.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais arna gcur chun feidhme ag na húdaráis náisiúnta agus ag Seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Bearta coisc agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe a shonrú.

Tá forálacha maidir le rialú agus maoirseacht chun na hacmhainní dílse nua a ríomh san áireamh sna Rialacháin tionlacain ón gComhairle agus sa reachtaíocht earnála ábhartha maidir le gach ceann de na hacmhainní dílse nua atá beartaithe

1.3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimrítear tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál  
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 28 .

ó thíortha de chuid CSTE 29

ó thíortha is iarrthóirí 30

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

7

20 01 02 01

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2. An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:



Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

EUR milliún (go dtí trí ionad dheachúlacha)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

□ Acmhainní daonna

1.107

1.278

1.449

2.304

6.138

□ Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN

Leithreasuithe

1.107

1.278

1.449

2.304

6.138

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

1.107

1.278

1.449

2.304

6.138

EUR milliún (go dtí trí ionad dheachúlacha)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

1.107

1.278

1.449

2.304

6.138

Íocaíochtaí

1.107

1.278

1.449

2.304

6.138

3.2.2Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe riaracháin 

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí trí ionad dheachúlacha)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1.107

1.278

1.449

2.304

6.138

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1.107

1.278

1.449

2.304

6.138

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 31  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

1.107

1.278

1.449

2.304

6.138

Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2024

Bliain

2025

Bliain

 2026

Bliain

2027

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

3

4

5

10

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01  (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

6

6

6

6

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   32

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, END, INT - Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

9

10

11

16

XX is ea an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-lonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach

Tá gá le baill foirne bhreise le haghaidh na n‑acmhainní dílse nua chun críche réamhaisnéise, iniúchta agus buiséadaithe in Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid (suas le 10 bpost).

Foireann sheachtrach

Chun críche rialaithe, tá gá freisin le baill foirne bhreise in AS CLIMA (1 bhall foirne seachtrach) agus in AS ESTAT (5 ball foirne sheachtracha).

3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí ath-imlonnú laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoi cheannteideal ábhartha CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin 

EUR billiún (praghsanna 2018)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Acmhainn dhílis bunaithe ar Chóras Trádála Astaíochtaí

8.2

7.1

7.1

5.8

Acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha

-

-

0

0

Acmhainn Dhílis bunaithe ar Cholún 1 ECFE/G20

-

2.5-4.0

2.5-4.0

Acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta

16

16

16

16

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Neamhbhainteach.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

Ní fhéadfadh tionchar a bheith ag aon acmhainn dhílis ar an ranníocaíocht OIN. Tá na ríomhanna comhsheasmhach leis na measúnuithe tionchair earnála, nuair is infheidhme.

(1)    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh, COM(2021) 570 final.
(2)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta CBL agus acmhainní bunaithe ar an ollioncam náisiúnta a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, lgh. 39-52).
(3)    Rialachán (AE, Euratom) 2021/770 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi, maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil, maidir le bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh, agus maidir le gnéithe áirithe den acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta (IO L 165, 11.5.2021, lgh. 15-24).
(4)    Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 (IO L 165, 11.5.2021, lgh. 1–8).
(5)    Rialachán (AE, Euratom) 2021/770 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi, maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil, maidir le bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh, agus maidir le gnéithe áirithe den acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta (IO L. 165, 11.5.2021, lch. 15-24).
(6)    IO C […], […], p. […].
(7)    IO C […], […], p. […].
(8)    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).
(9)    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L […], […], lch. […]).
(10)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(11)    Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130 16.5.2023, lch. 52).
(12)    [Treoir (AE) XXX maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda i dtaca le hath-leithdháileadh a dhéanamh ar chearta chun cánachais].
(13)    Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2014, lch. 1).
(14)    Rialachán (AE) 516/2019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena naisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) (IO L 91, 29.3.2019, lch. 19).
(15)    Rialachán 2020/1546 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear struchtúr agus comhshocruithe mionsonraithe maidir le fardal na bhfoinsí agus na modhanna a úsáidtear chun comhiomláin ollioncaim náisiúnta agus a gcomhpháirteanna a tháirgeadh i gcomhréir leis an gCóras Cuntas Eorpach (ESA 2010) (IO L 354, 26.10.2020, lch. 1).
(16)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta CBL agus acmhainní bunaithe ar an ollioncam náisiúnta a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, p. 39).
(17)    Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa a chur ar ceant de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal (téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).
(18)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(19) 1    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, lch. 32).
(20) 2    Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 (IO L 165, 11.5.2021, lch. 1).
(21)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26)    
(22) 4    Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena naisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) (IO L 91, 29.3.2019, lch. 19).
(23) 5    Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.05.2023, lch. 52).
(24)    ar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(25)    Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an méid a leanas; smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha, bainistíocht fhónta airgeadais agus acmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.
(26)    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1–10)
(27)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fháil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(28)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(29)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(30)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(31)    Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin mar aon le caiteachas chun tacú le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, le taighde indíreach, taighde díreach.
(32)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).