An Bhruiséil,20.6.2023

COM(2023) 331 final

2021/0430(CNS)

Togra leasaithe le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

{SWD(2023) 331 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

In 2020, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach lena gcuirtear NextGenerationEU san áireamh 1 . De réir an chomhaontaithe sin, ‘níor cheart go mbeidh de thoradh ar chaiteachas bhuiséad an Aontais i ndáil le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a aisíoc go mbeidh laghdú míchuí ar chaiteachas cláir ná ar ionstraimí infheistíochta faoi CAI. Is inmhianaithe freisin na méaduithe ar an acmhainn dhílis OIN-bhunaithe a mhaolú do na Ballstáit’. Dá bhrí sin, ‘oibreoidh na hinstitiúidí chun acmhainní dílse nua leordhóthanacha a thabhairt isteach d’fhonn méid a chomhfhreagraíonn don chaiteachas a bhfuiltear ag súil leis agus a bhaineann leis an aisíocaíocht a chumhdach. I gcomhréir le prionsabal na huilíochta, ní chiallódh sin go gcuirfí i leataobh ná go sannfaí aon acmhainn dhílis ar leith chun cineál sonrach caiteachais a chumhdach’.

I mí na Nollag 2021, mhol an Coimisiún trí fhoinse nua ioncaim do bhuiséad an Aontais 2  le ranníocaíochtaí ón gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA), ó Shásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha an Aontais (CBAM) agus ó sciar de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar ilnáisiúnta is mó a ath-leithdháilfí ar an Aontas faoi chomhaontú Cholún 1 ECFE/G20. Bhí an ciseán sin d’acmhainní dílse comhsheasmhach leis an reachtaíocht earnála atá beartaithe maidir leis an Treoir athbhreithnithe CTA agus maidir leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a moladh níos luaithe sa bhliain chéanna.

Ina theannta sin, gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé tograí breise ar aghaidh maidir le hacmhainní dílse nua faoi dheireadh 2023 lena n‑áireofaí ranníocaíocht atá nasctha leis an earnáil chorparáideach. Is é is aidhm don phacáiste ioncam leordhóthanach a ghiniúint chun tacú le hiasachtaí NextGenerationEU a aisíoc le linn éiginnteachtaí a bhaineann le costais chistiúcháin a fhorbairt, i gcomhréir leis an gComhaontú Idir-Institiúideach. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún acmhainn dhílis nua bunaithe ar staidreamh maidir le brabúis cuideachtaí.

2.ÁBHAR AN TOGRA LEASAITHIGH

2.1.Acmhainn dhílis atá bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí

Ceanglaítear leis an reachtaíocht earnálach coigeartú éigin a dhéanamh ar an togra maidir le hacmhainní dílse. Ós rud é go maoineofar an Ciste Aeráide Sóisialta ar dtús le hioncam sannta seachtrach ó 2026 ar aghaidh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tabhairt isteach na hacmhainne dílse ón gcóras nua trádála astaíochtaí lena gcumhdaítear foirgnimh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise a chur siar ó 2027 go 2028 3 . Thairis sin, féadfaidh na Ballstáit a bhfuil cáin charbóin náisiúnta á cur i bhfeidhm acu rogha a dhéanamh astaíochtaí ábhartha a dhíolmhú ón CTA nua. Ceanglófar ar na Ballstáit lena mbaineann na liúntais ábhartha a chur ar ceal. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún an rogha sin a chur san áireamh sa sásra luachála lena gceadaítear lamháltais nach gcuirtear ar ceant a luacháil.

I gcodarsnacht leis na hionchais a bhí ann tráth na dtograí ‘Oiriúnach do 55’, tá méadú suntasach tagtha ar luach margaidh lamháltais CTA sna míonna tar éis na dtograí sin. In 2022, le ceantanna lamháltais, imréitíodh ar an meán gar do EUR 80, méid atá i bhfad níos mó ná leibhéal praghsanna EUR 55 a d’úsáid an Coimisiún ina Mheasúnú Tionchair. Molann an Coimisiún glaoráta níos airde a chur i bhfeidhm ar na hioncaim CTA a ghintear. I ngach cás, is chuig Buiséad an Aontais a fhabhróidh 30 % de na hioncaim a ghintear trí thrádáil astaíochtaí an Aontais. Le glaoráta den sórt sin, beidh an t‑ioncam do na Ballstáit agus do bhuiséad an Aontais araon fós níos airde i gcomparáid le hionchais 2021 nuair a cuireadh síos an togra chun CTA a leasú.

2.2.Acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha

Fanann togra mhí na Nollag 2021 gan athrú den chuid is mó, cé is moite d’oiriúnuithe teoranta a léiríonn teacht i bhfeidhm Rialachán CBAM le déanaí.

2.3.Acmhainn Dhílis Staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta

Tá cur chun feidhme chomhaontú Cholún 1 ECFE/G20 fós ina thosaíocht ríthábhachtach i réimse an chánachais chorparáidigh don Aontas agus dá Bhallstáit. Rinneadh dul chun cinn suntasach tar éis chomhaontú Dheireadh Fómhair 2021 agus leanfaidh an Coimisiún d’iarrachtaí a chur chun cinn chun cabhrú leis an bplé a thabhairt chun críche. Mar sin féin, níor síníodh ná níor daingníodh an coinbhinsiún iltaobhach go fóill, rud a chiallaíonn nach féidir leis teacht i bhfeidhm go fóill.

Mar a fógraíodh i gClár Oibre an Choimisiúin 4 , tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a thionscnamh dar teideal ‘Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT)’ a mholadh sa tríú ráithe de 2023, rud a chuirfidh feabhas ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair. Go dtí go bhféadfaí acmhainn dhílis bunaithe ar thogra cánach foluiteach a bhunú, tá acmhainn dhílis staidrimh á moladh ag an gCoimisiún bunaithe ar staidreamh cuntas náisiúnta, arna ullmhú faoin gcóras cuntas Eorpach (CEC). Saineofar an acmhainn dhílis sin trí ghlaoráta 0.5 % a iolrú faoi shuim an ollbharrachais oibriúcháin arna thaifeadadh le haghaidh earnálacha na gcorparáidí neamhairgeadais agus airgeadais sna cuntais náisiúnta. Is creat comhchuibhithe staidrimh é CEC cheana féin agus cabhróidh an acmhainn dhílis staidrimh maidir le brabúis chuideachta le feabhas breise a chur ar inchomparáideacht sonraí.

3.BUNÚS DLÍ

3.1. Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse

De bhun Airteagal 311(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tar éis don Chomhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, féadfaidh sí ‘catagóirí nua acmhainní dílse a bhunú nó catagóir atá ann a dhíothú’. Leis an bhforáil sin, ceadaítear go sainráite an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a leasú chun acmhainní dílse nua a chur leis mar a chomhaontaítear leis an gComhaontú Idirinstitiúideach. I gcomhréir leis an nós imeachta speisialta reachtach a leagtar amach in Airteagal 311(3) CFAE, glacann an Chomhairle an cinneadh athbhreithnithe d’aon toil tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm nuair a bheidh sé formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla.

3.2.Reachtaíocht cur chun feidhme

An tráth céanna, ní mór don Chomhairle leasú a dhéanamh ar na bearta cur chun feidhme a bhaineann leis an gcóras acmhainní dílse lena gcoigeartaítear na rialacha chun an comhaontú a rinneadh le déanaí maidir leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a léiriú agus chun forálacha a chur isteach lena gcumhdaítear an acmhainn dhílis staidrimh. Ina theannta sin, ní mór don Chomhairle na forálacha atá ar fáil a leasú. Tíolacann an Coimisiún dhá thogra ar leith chuige sin.

2021/0430 (CNS)

Togra leasaithe le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 311, an tríú mír de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le NextGenerationEU, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle 5 , slógfar EUR 750 billiún i bpraghsanna 2018, airgead a cruinníodh ar na margaí airgeadais mar ionstraim shealadach téarnaimh chun téarnamh inbhuanaithe athléimneach ar fud an Aontais a áirithiú, chun cur chun feidhme na tacaíochta eacnamaíche a éascú sa chás eisceachtúil a cruthaíodh le paindéim COVID-19 agus chun an taistriú glas digiteach a chur chun cinn.

(2)Caithfear aisíocaíocht phríomhshuim na gcistí sin a bheidh le húsáid le haghaidh caiteachas faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus an tús gaolmhar atá dlite a mhaoiniú le buiséad ginearálta an Aontais, lena náirítear trí fháltais leordhóthanacha ó acmhainní dílse nua a thabharfar isteach tar éis 2021. Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh an 16 Nollaig 2020 6 , d’aithin Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an tábhacht atá le comhthéacs Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus d’aithin siad nár cheart ‘laghdú míchuí ar chaiteachas cláir ná ar ionstraimí infheistíochta faoi CAI a bheith mar thoradh ar chaiteachas bhuiséad an Aontais i ndáil le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a aisíoc’. Luaitear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach sin freisin gur ‘inmhianaithe freisin na méaduithe ar an acmhainn dhílis ONI-bhunaithe a mhaolú do na Ballstáit’.

(3)Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 , is cuid lárnach de bheartas aeráide an Aontais é. I bhfianaise an dlúthnaisc idir an trádáil astaíochtaí agus cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an aeráid, is iomchuí cuid de na hioncaim lena mbaineann a leithdháileadh ar bhuiséad an Aontais. Ba cheart 30 % de na hioncaim cheantála a aistriú chuig buiséad an Aontais.

(4)Áirítear le hacmhainní dílse na trádála astaíochtaí cuid de na hioncaim a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant sna hearnálacha uile a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Faoi Threoir 2003/87/CE agus faoi Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 , féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan cuid de chainníocht iomlán na lamháltas a shonraítear faoi Threoir 2003/87/CE a chur ar ceant nó cuid de chainníocht iomlán na lamháltas a aistriú agus a chur ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú a bunaíodh leis an Treoir sin. Ba cheart na lamháltais sin a úsáid freisin chun méid na nacmhainní dílse atá bunaithe ar thrádáil astaíochtaí a ríomh. Is iomchuí lamháltais le haghaidh RePower EU, le haghaidh dhearlaic thosaigh an Chiste don Nuachóiriú agus le haghaidh lamháltais don Chiste Nuálaíochta a eisiamh. Ní chumhdaítear an 50 milliún lamháltas a chuirfear ar ceant in 2025 chun críocha an Chiste Aeráide Shóisialta faoi raon feidhme na hacmhainne dílse trádála astaíochtaí.

(5)Chun tionchar ró-chúlchéimnitheach ar na ranníocaíochtaí ón trádáil astaíochtaí a sheachaint, ba cheart ranníocaíocht uasta a leagan síos le haghaidh na mBallstát incháilithe. Le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027, tá na Ballstáit incháilithe má tá an tollioncam náisiúnta per capita, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh 2020, faoi bhun 90 % den mheán san Aontas. Le haghaidh na tréimhse 2028 go 2030, ba cheart an tollioncam náisiúnta per capita in 2025 a úsáid. Ba cheart an ranníocaíocht uasta a leagan síos trí sciar na mBallstát san acmhainn dhílis atá bunaithe ar thrádáil iomlán astaíochtaí a chur i gcomparáid le sciar na mBallstát sin in ollioncam náisiúnta an Aontais. Ba cheart ranníocaíocht íosta a leagan síos le haghaidh na mBallstát uile ar lú a sciar de mhéid iomlán na nacmhainní dílse bunaithe ar CTA ná 75 % dá sciar d’ollioncam náisiúnta an Aontais.

(6)Le Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 , bunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais a chomhlánú agus chun éifeachtacht bheartas aeráide an Aontais a áirithiú. I bhfianaise an dlúthnaisc idir an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus beartas aeráide an Aontais, ba cheart sciar de na hioncaim ó na díolacháin deimhnithe a aistriú chuig buiséad an Aontais mar acmhainn dhílis.

(7)I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach, ba cheart ranníocaíocht airgeadais atá nasctha leis an earnáil chorparáideach a thabhairt isteach. Go dtí go bhféadfaí acmhainn dhílis atá nasctha leis an tionscnamh dar teideal Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT) a bhunú, ba cheart acmhainn dhílis atá comhréireach le táscaire staidrimh a fhéadfar a úsáid mar chomhfhogasú ar bhrabúis cuideachta a bhunú ar bhonn sealadach. Ba cheart an acmhainn dhílis sin a ríomh bunaithe ar staidreamh cuntas náisiúnta arna ullmhú faoi Chóras Cuntas Eorpach 2010 (CEC 2010) agus Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 á chur i bhfeidhm. Cuirtear an córas staidrimh sin i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe ar fud na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart an acmhainn dhílis sin a ríomh trí ghlaoráta a iolrú faoi shuim an ollbharrachais oibriúcháin a sholáthraítear le haghaidh earnálacha na gcorparáidí neamhairgeadais agus airgeadais (earnálacha S12 agus S11 de chuid CEC), mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 11 .

(87)I mí Dheireadh Fómhair 2021, le Creat Cuimsitheach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, thángthas ar chomhaontú maidir le 25 % de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar mór ilnáisiúnta os cionn na tairsí brabúsachta de 10 % a leithdháileadh ar na dlínsí margaidh rannpháirteacha (‘Comhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20’). Is é ba cheart a bheith san acmhainn dhílis glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm maidir leis an sciar de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar ilnáisiúnta a athdháiltear ar na Ballstáit [de bhun na Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh.] 

(98)Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha a bhaineann leis an ranníocaíocht ó lamháltais a chur ar ceant faoin gCóras Trádála Astaíochtaí reatha agus ón staidreamh maidir le brabúis chuideachta  ón 1 Eanáir 2024amhail ón 1 Eanáir 2023. Nuair a bheidh Treoir 2003/87/CE leasaithe, Na forálacha a bhaineann leis an ranníocaíocht ó na lamháltais a chur ar ceant faoin gCóras Trádála Astaíochtaí nuaathbhreithnithe lena gcumhdaítear foirgnimh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin an 1 Eanáir 2028 ón gcéad lá tar éis lá deireanach na tréimhse chun an leasú sin a thrasuí. Na forálacha maidir leis an ranníocaíocht ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, ba cheart feidhm a bheith acu ón 1 Eanáir 2026 ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin. [Na forálacha maidir le Comhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20, tiocfaidh siad i bhfeidhm nuair a bheidh feidhm ag an Treoir maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh agus nuair a bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún Iltaobhach.]

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053

Leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an pointe (e) seo a leanas isteach:

‘(e) ráta aonfhoirmeach 30 % a chur i bhfeidhm maidir leo seo a leanas: 

(1)na hioncaim a ghintear nuair a chuireann na Ballstáit na lamháltais ar ceant de bhun Airteagail 3d, 10 agus 30d de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 1; 

(2)an méid a ríomhtar trí mhéid bliantúil na lamháltas a iolrú, lamháltais a gcuireann an Ballstát ábhartha aon cheann de na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leo:

(a)an rogha maidir leis an leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10c de Threoir 2003/87/CE;

(b)féidearthacht an chealaithe theoranta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 2;

(c)an úsáid lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 10d(4) de Threoir 2003/87/CE lena gcuirtear ar ceant iad le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d(3) den Treoir sin;

agus meánphraghas ualaithe lamháltas a cuireadh ar ceant ar an ardán coiteann ceantála ag na Ballstáit de bhun Airteagail 3d agus 10 de Threoir 2003/87/CE sa bhliain ina gcuirfí na lamháltais sin ar ceant.

(3)an méid a ríomhtar trí mhéid na lamháltas a cuireadh ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 30e(3) de Threoir 2003/87/CE a iolrú faoi mheánphraghas ualaithe na lamháltas a chuirtear ar ceant ar an ardán coiteann ceantála ag na Ballstáit de bhun Airteagal 30d den Treoir sin sa bhliain ina gcuirfí na lamháltais sin ar ceant.’

(b)i mír 1, cuirtear an pointe (f) seo a leanas isteach:

‘(f) glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm atá cothrom le 75 % de na hioncaim ó dhíolacháin dheimhnithe an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bhunaítear le Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 143.’

(c)i mír 1, cuirtear an pointe (g) seo a leanas isteach:

‘(g) glaoráta aonfhoirmeach de 15 % a chur i bhfeidhm ar an sciar de bhrabús iarmharach na bhfiontar ilnáisiúnta a athdháiltear ar na Ballstáit de bhun [na Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh 154.]’

(d)i mír 1, cuirtear an pointe (h) seo a leanas isteach:

‘(h) glaoráta aonfhoirmeach atá cothrom le 0.5 % a chur i bhfeidhm ar shuim ollbharrachas oibriúcháin (B.2g) earnálacha na gcorparáidí neamhairgeadais (S.11) agus na gcorparáidí airgeadais (S.12) de gach Ballstát, mar a sholáthraíonn an Coimisiún i gcomhréir le sainmhínithe Chóras Cuntas Eorpach 2010 (CEC 2010) a bunaíodh le Rialachán (AE) 549/2013.’

(ed)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

‘2a.    De mhaolú ar mhír 1, pointe (e), beidh feidhm ag an méid seo a leanas go dtí an bhliain airgeadais 2030:

(a)maidir le sciar Ballstáit sa mhéid iomlán ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm, i gcás inar lú an sciar sin ná 75 % dá sciar in ollioncam náisiúnta an Aontais, cuirfidh an Ballstát sin méid ar fáil atá cothrom le 75 % den sciar sin den ollioncam náisiúnta, arna iolrú faoi mhéid iomlán an ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm.

(b)sciar Ballstáit sa mhéid iomlán ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm, ní bheidh sé níos mó ná 150 % de sciar an Bhallstáit sin in ollioncam náisiúnta an Aontais i gcás na mBallstát ag a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita atá faoi bhun 90 % de mheán an Aontais, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn na bhfigiúirí le haghaidh 2020, i gcás na tréimhse 2023 go 2027 agus ar bhonn na bhfigiúirí le haghaidh 2025, i gcás na tréimhse 2028 go 2030.

16 Is éard a bheidh i gceist leis an ollioncam náisiúnta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) an tollioncam náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle5.’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tabharfaidh Ardrúnaí na Comhairle fógra do na Ballstáit maidir leis an gCinneadh seo.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill d’Ardrúnaí na Comhairle faoi na nósanna imeachta a bheith tugtha chun críche maidir leis an gCinneadh seo a fhormheas i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá den chéad mhí tar éis an ceann deiridh de na fógraí dá dtagraítear sa dara mír a fháil.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1), pointe (a), ón 1 Eanáir 2024 1 Eanáir 2023 le haghaidh na nioncam de bhun Airteagail 3d agus 10 de Threoir 2003/87/CE, agus ón 1 Eanáir 2028 lá tar éis an lae dheireanaigh den tréimhse chun trasuí a dhéanamh ar Threoir (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 176 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE le haghaidh na nioncam de bhun Airteagal 30d de Threoir 2003/87/CE.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1), pointe (b), ón 1 Eanáir 2026 ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) [XXX] lena mbunaítear an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha. 

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1), pointe (c), ón gcéad lá de dháta chur i bhfeidhm na [Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh] nó ó lá dháta theacht i bhfeidhm agus in éifeacht an Choinbhinsiúin Iltaobhaigh, cibé acu is déanaí.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1), pointe (d), ón 1 Eanáir 2024.

Seolaithe

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua chomh maith leis sin, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433I, 22.12.2020, lgh. 28–46). Maidir le hacmhainní dílse, féach freisin Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh, IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
(2)    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).
(3)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(4)    Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2023. Aontas daingean aontaithe. COM(2022)548.
(5)    Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).
(6)    Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28).
(7)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(8)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26)
(9)    Rialachán (AE) 2023/956/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52).
(10)    Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1)
(11)    Tá ollbharrachas oibriúcháin (ítim chomhardaithe CEC B.2g) cothrom le ‘Oll-bhreisluach’ na hearnála (ítim chomhardaithe CEC B.1g) móide ‘Fóirdheontais eile ar tháirgeadh’ (ítim CEC D.39) lúide ‘Cúiteamh d’fhostaithe’ (ítim CEC D.1) agus ‘Cánacha eile ar tháirgeadh’ (ítim CEC D.29).
(12) 1    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(13) 2    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
(14) 3    Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52).
(15) 4.    [Treoir (AE) XXX lena dtugtar feidhm do Chomhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20].
(16) 5    Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena naisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) ( IO L 91, 29.3.2019, lch. 19 ).
(17) 6    Treoir (AE) XXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ll/mm/bb