AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.6.2023
COM(2023) 327 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú le Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le slabhraí soláthair idirnáisiúnta mianraí criticiúla a neartú
IARSCRÍBHINN
TREORACHA MAIDIR LE CAIBIDLÍOCHT LE hAGHAIDH COMHAONTÚ LE STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ MAIDIR LE SLABHRAÍ SOLÁTHAIR IDIRNÁISIÚNTA MIANRAÍ CRITICIÚLA A NEARTÚ
Cineál agus Raon Feidhme an Chomhaontaithe
1.Ba cheart forálacha a bheith sa Chomhaontú maidir le slabhraí soláthair idirnáisiúnta mianraí criticiúla agus earnálacha gaolmhara a neartú.
2.Ba cheart an Comhaontú a bheith iomlán comhsheasmhach le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) agus le comhaontuithe idirnáisiúnta eile arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach nó ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit.
Cuspóirí
3.Leis an gComhaontú ba cheart an trádáil ar shlabhraí soláthair idirnáisiúnta mianraí criticiúla agus éagsúlú na slabhraí sin a neartú agus glacadh teicneolaíochtaí le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha a chur chun cinn trí chomhthiomantas an Aontais Eorpaigh agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur ar bhonn foirmiúil maidir leis an trádáil a éascú, an iomaíocht chothrom agus coinníollacha margadh‑dhírithe le haghaidh na trádála i mianraí criticiúla a chur chun cinn, caighdeáin láidre saothair agus chomhshaoil a bhaineann leis an trádáil a áirithiú i slabhraí soláthair mianraí criticiúla, agus dul i gcomhar le chéile in iarrachtaí slabhraí soláthair slána, inbhuanaithe agus cothromasacha a áirithiú maidir le mianraí criticiúla.
Ábhar an Chomhaontaithe
4.Ba cheart forálacha a bheith sa Chomhaontú maidir le slabhraí soláthair idirnáisiúnta mianraí criticiúla a neartú, agus ar an gcaoi sin déanfar foráil maidir le gealltanais fhrithpháirteacha trádála, saothair agus chomhshaoil.
Gnéithe éascaithe trádála
5.Leis an gComhaontú ba cheart an trádáil a éascú, cur leis an rochtain ar fhoinsí mianraí criticiúla atá inbhuanaithe, iontaofa agus saor ó mhí‑úsáidí saothair, agus an iomaíocht chothrom agus coinníollacha margadh‑dhírithe le haghaidh na trádála i mianraí criticiúla a chur chun cinn.
6.Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gComhaontú comhthuiscint ar beartais agus nósanna imeachta neamh‑mhargaidh atá saobhach agus a bhaineann le mianraí criticiúla, agus le hearnálacha gaolmhara eile a thógáil, mar aon le gníomhaíocht chomhordaithe a fhorbairt chun éagsúlú slabhraí soláthair a chothú, leochaileachtaí a laghdú, agus a riosca a bhaint de spleáchais straitéiseacha.
Gnéithe inbhuanaitheachta
7.Leis an gComhaontú ba cheart comhar in obair atá ar bun a spreagadh lena n‑áirítear maidir le caighdeáin idirnáisiúnta le haghaidh measúnú saolré ar mhianraí criticiúla, agus le haghaidh a n‑eastóscadh, a lipéadú agus n‑athchúrsáil d’fhonn tacú le slabhraí soláthair inbhuanaithe.
8.Leis an gComhaontú ba cheart ardleibhéil cosanta comhshaoil a chur chun cinn i ndáil le mianraí criticiúla agus feabhas ar leibhéil cosanta comhshaoil a chothú maidir le saolré na mianraí criticiúla agus maidir leis an trádáil i mianraí criticiúla.
9.Ba cheart a chur i dtábhacht sa Chomhaontú an ról tábhachtach atá ag comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha i gcosaint an chomhshaoil, lena n‑áirítear maidir leis na tionchair a bhíonn ag saolré na mianraí criticiúla ar an gcomhshaol, agus an tábhacht a bhaineann le comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha ábhartha a chur chun feidhme.
10.Leis an gComhaontú ba cheart bearta a spreagadh lena gcuirtear cineálacha cur chuige chun cinn atá níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de agus a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach chun an t‑éileamh ar eastóscadh mianraí criticiúla agus ar phróisis ghaolmhara, agus an tionchar a bhíonn aige sin ar an gcomhshaol, a laghdú.
Gnéithe saothair
11.Leis an gComhaontú ba cheart a dhearbhú go bhfuil sé beartaithe ag an dá thaobh cearta saothair a ghlacadh agus a choinneáil ar bun ina gcuid dlíthe agus cleachtas, sin agus beartais a choinneáil ar bun a mheastar a bheith iomchuí chun oibrithe san earnáil mianraí criticiúla a chosaint ar aon idirdhealú fostaíochta i gcomhréir le prionsabail agus cearta bunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair san obair.
12.Ba cheart a aithint sa Chomhaontú a thábhachtaí atá comhar mar bhealach chun dul chun cinn a dhéanamh ar spriocanna coiteanna a bhaineann le cearta saothair in eastóscadh agus próiseáil mianraí criticiúla.
13.Ba cheart a aithint sa Chomhaontú a thábhachtaí atá sé dul i gcomhairle le réimse leathan páirtithe leasmhara maidir le beartas trádála a bhaineann le slabhraí soláthair mianraí criticiúla, lena n‑áirítear eagraíochtaí saothair, comhshaoil agus gnó, ionadaithe ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.
Gnéithe idirnáisiúnta
14.Ba cheart a aithint sa Chomhaontú a thábhachtaí atá iarrachtaí leanúnacha déthaobhacha agus ilpháirtithe chun slabhraí soláthair inbhuanaithe agus cothromasacha a neartú trí chaighdeáin choiteanna idir comhghuaillithe agus comhpháirtithe. Dá réir sin, rachaidh an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcomhar le chéile agus i bhfóraim ilpháirtithe, de réir mar is iomchuí, maidir le hiarrachtaí slabhraí soláthair slána, inbhuanaithe agus cothromasacha a áirithiú maidir le mianraí criticiúla.