AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.6.2023
COM(2023) 312 final
2023/0180(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Comhaontú um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
In 2020, áiríodh togra maidir le ‘socruithe níos uaillmhianaí a fhorbairt chun infheistíocht san Afraic a éascú, a mhealladh agus chun tacú léi’ i straitéis chuimsitheach an Aontais Eorpaigh (AE) leis an Afraic.
Is í Poblacht Angóla (dá ngairtear ‘Angóla’ anseo feasta) an 7ú ceann scríbe infheistíochta is mó d’infheisteoirí an Aontais ar mhór‑roinn na hAfraice, lena gcumhdaítear 5.4 % de stoc an Aontais d’infheistíocht dhíreach choigríche (EUR 9.9 mbilliún d’infheistíocht dhíreach choigríche in 2020). Cé go bhfuil geilleagar Angóla bunaithe faoi láthair ar na hamhábhair agus na foinsí fuinnimh atá aici go flúirseach, tá an tír ag iarraidh a samhail eacnamaíoch a éagsúlú, agus tá iarrachtaí suntasacha déanta aici le blianta beaga anuas chun timpeallacht na hinfheistíochta a fheabhsú le haghaidh infheisteoirí eachtracha agus áitiúla. Tá Angóla ag cur tús le caibidlíocht chun páirt a ghlacadh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (EPA) idir an tAontas agus Grúpa EPA de chuid Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (‘SADC’). Níl forálacha sonracha maidir le hinfheistíocht sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, áfach.
An 8 Meán Fómhair 2020, Valdis Dombrovskis, Leas‑Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, agus Victor Fernandes, Aire um Thrádáil agus Tionsclaíocht Angóla, d’eisigh siad ráiteas comhpháirteach inar deimhníodh ‘a rún tús a chur le plé tosaigh maidir le comhaontú infheistíochta AE‑Angóla, anuas ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, chun díriú ar infheistíocht a éascú.’
An 23 Márta 2021 ghlac an Coimisiún moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le hAngóla maidir le comhaontú um infheistíocht a éascú. An 26 Bealtaine 2021, d’údaraigh Comhairle an Aontais Eorpaigh tús a chur leis an gcaibidlíocht agus ghlac sí treoracha caibidlíochta.
An 22 Meitheamh 2021, sheol an tAontas agus Angóla caibidlíocht maidir le Comhaontú um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú (dá ngairtear ‘an Comhaontú’). I ndiaidh 4 bhabhta caibidlíochta, thug an tAontas agus Angóla an chaibidlíocht i gcrích an 18 Samhain 2022.
Is é cuspóir foriomlán an Chomhaontaithe feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta agus slógadh agus coinneáil na hinfheistíochta idir an tAontas agus Angóla a éascú ar bhonn rialacha, bearta agus nósanna imeachta nua‑aimseartha simplithe a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach choigríche. Lena linn sin, cuirtear forbairt inbhuanaithe, fás eacnamaíoch agus cruthú post chun cinn agus neartaítear an caidreamh infheistíochta déthaobhach leis an gcomhaontú. Cuirtear ardán iontaofa ar fáil leis freisin chun rannchuidiú le geilleagar Angóla a éagsúlú agus lena lánpháirtiú sa gheilleagar domhanda.
Is é an Comhaontú seo an chéad chomhaontú maidir le hinfheistíocht a éascú a ndearna an tAontas caibidlíocht air riamh agus is ionstraim dlí é an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle atá i gceangal, lena n‑údaraítear síniú an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá na cuspóirí thuasluaite comhsheasmhach leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena bhforáiltear gur cheart don Aontas ‘lánpháirtiú na dtíortha uile sa gheilleagar domhanda a chothú, lena n‑áirítear trí shrianta ar an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú de réir a chéile’.
Tá na cuspóirí i gcomhréir go hiomlán le cuspóirí Chomhaontú Cotonou, agus leis na prionsabail ghinearálta a chuirtear chun cinn ann.
Comhfhreagraíonn an Comhaontú seo do Phríomhghníomhaíocht 12 (‘comhaontuithe infheistíochta inbhuanaithe leis an Afraic agus le Comharsanacht an Deiscirt a shaothrú’) d’Athbhreithniú an Choimisiúin ar an mBeartas Trádála, inar fhógair an Coimisiún a rún ‘tionscnamh infheistíochta inbhuanaithe nua a mholadh do chomhpháirtithe nó do réigiúin san Afraic agus i gComharsanacht an Deiscirt a bhfuil suim acu é sin a dhéanamh […] trí chomhaontuithe infheistíochta neamhspleácha nó trí chomhaontuithe atá ann cheana a nuachóiriú.’
Comhlánóidh an Comhaontú seo freisin ‘an Comhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a dhéanamh’ atá faoi chaibidil ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála faoi láthair.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá na cuspóirí comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe an beartas forbartha.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
I gcomhréir le Tuairim 2/15 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhaontú saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór an 16 Bealtaine 2017, thiocfadh na réimsí uile a chumhdaítear leis an gComhaontú faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus, go háirithe, faoi raon feidhme Airteagal 207(1) CFAE (infheistíocht dhíreach choigríche).
Dá bharr sin, tá an Comhaontú seo le síniú ag an Aontas de bhun cinneadh ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 218(5) CFAE agus le tabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun cinneadh ón gComhairle atá bunaithe ar Airteagal 218(6) CFAE, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Ní chumhdaítear leis an gComhaontú aon ábhar nach dtagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais.
•Comhréireacht
Tá an Comhaontú seo i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ós rud é gur ionstraim iomchuí é comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích chun cearta agus oibleagáidí cómhalartacha a ghlacadh in éineacht le hábhar dlí náisiúnta amhail tír eachtrach.
Leis an gComhaontú seo saothraítear go díreach cuspóir an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach agus rannchuidítear leis an tosaíocht pholaitiúil ‘an tAontas Eorpach a bheith ina ghníomhaí domhanda níos láidre’. Tá sé i gcomhréir le treoshuíomhanna Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh chun dul i gcaidreamh le comhpháirtithe eile agus a chomhpháirtíochtaí seachtracha a athchóiriú ar bhealach freagrach, ionas go mbainfear amach tosaíochtaí seachtracha an Aontais. Rannchuidíonn sé le cuspóir an Aontais slabhraí soláthair slána éagsúla athléimneacha a chruthú, chomh maith le cuspóirí trádála agus forbartha an Aontais.
•An rogha ionstraime
Tá an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 218(5) CFAE, lena bhforáiltear go nglacfaidh an Chomhairle cinntí maidir le síniú comhaontuithe idirnáisiúnta. Níl aon ionstraim dlí eile ann a d’fhéadfaí a úsáid chun an cuspóir a chuirtear in iúl sa togra seo a bhaint amach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ó mhí an Mheithimh go dtí Mí na Samhna 2020, rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun ionchur a lorg ó Pharlaimint na hEorpa, na Ballstáit, páirtithe leasmhara agus an tsochaí shibhialta maidir leis an athbhreithniú ar bheartas trádála an Aontais Eorpaigh, agus maidir le bealaí chun caidreamh trádála agus infheistíochta an Aontais leis na tíortha comharsana agus leis an Afraic a neartú.
Téann an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara inter alia sa Sainghrúpa um Chomhaontuithe Trádála agus leis an Líonra um Chomhphlé leis an tSochaí Shibhialta. Go háirithe, cuireadh an chaibidlíocht ar an gComhaontú seo in iúl agus pléadh í le linn Comhphlé leis an tSochaí Shibhialta an 24 Samhain 2021 agus an 17 Márta 2023.
Roimh an gcaibidlíocht agus lena linn, cuireadh Ballstáit an Aontais ar an eolas go rialta agus chuathas i gcomhairle leo ó bhéal agus i scríbhinn maidir leis na gnéithe éagsúla den chaibidlíocht trí Mheitheal na Comhairle um an Afraic, um Muir Chairib agus um an Aigéan Ciúin (ACC) agus tríd an gCoiste um an mBeartas Trádála maidir le Seirbhísí agus Infheistíocht. Cuireadh Parlaimint na hEorpa ar an eolas trína Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTE), go háirithe i gcomhthéacs Ceardlann shonrach an 26 Deireadh Fómhair 2022. Na téacsanna a tháinig as an gcaibidlíocht de réir a chéile, scaipeadh iad ar an dá institiúid.
Thairis sin, le linn na caibidlíochta, d’fhoilsigh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin tuarascálacha faoi na babhtaí caibidlíochta, na tograí téacs, na preaseisiúintí, na bileoga eolais agus ábhair faisnéise cúlra eile, agus thug sé an fhaisnéis cothrom le dáta go rialta freisin.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Agus tús á chur leis an gcaibidlíocht, bhí an Coimisiún ag brath ar shaineolas seachtrach a bailíodh i gcomhthéacs an Athbhreithnithe a rinne UNCTAD (Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt) ar Bheartas Infheistíochta Angóla agus ar staidéar a rinne an Banc Domhanda. Cuireadh an dá thuarascáil le chéile a bhuí le tacaíocht airgeadais ón Aontas. Sa tuarascáil ó UNTCAD, cuireadh faisnéis ar fáil maidir le creat infheistíochta Angóla agus leis na scrogaill sa timpeallacht infheistíochta. Baineann siad leis an gcóras le haghaidh teacht isteach infheistíochta agus infheistíocht a bhunú, na rialacháin oibríochtúla agus acmhainneacht agus comhordúchán an riaracháin. Cuireann na fadhbanna sin bac ar chumas Angóla leas a bhaint as a hacmhainn ollmhór infheisteoirí ó earnálacha éagsúla a mhealladh. Dar leis an tuarascáil ón mBanc Domhanda, is iad na tosca criticiúla a mbíonn tionchar acu ar chinntí infheistíochta infheisteoirí i dtíortha atá i mbun forbartha ná an easpa trédhearcachta agus intuarthachta agus iad ag plé le gníomhaireachtaí poiblí, athruithe tobanna ar na dlíthe agus ar na rialacháin, agus moilleanna ar cheadúnais agus ar dheimhnithe a fháil ón rialtas. Is iad sin na réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú.
•Measúnú tionchair
I gcomhthráth leis an gcaibidlíocht, rinne conraitheoir seachtrach Measúnú Tionchair maidir le hInbhuanaitheacht (SIA) a chumhdaigh aontachas Angóla le Comhaontú AE‑SADC EPA agus leis an gComhaontú. Is é cuspóir an staidéir a shainaithint cén tionchar a d'fhéadfadh a bheith ann ‑ tionchar ar an ngeilleagar, ar dhálaí sóisialta, an tionchar ar chearta an duine agus an tionchar ar an gcomhshaol ‑ de bharr na bhforálacha sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche agus sa Chomhaontú. Faoi chuimsiú an mheasúnaithe tionchair maidir le hinbhuanaitheacht, chuaigh an conraitheoir i gcomhairle le saineolaithe inmheánacha agus seachtracha agus rinne sé comhairliúcháin le páirtithe leasmhara san Aontas agus in Angóla araon.
Deimhnítear leis an Measúnú Tionchair maidir le hInbhuanaitheacht tionchar dearfach an Comhaontaithe ar gheilleagar Angóla, agus cuirtear i dtábhacht an chomhlántacht idir an Comhaontú, aontachas le AE‑SADC EPA agus an cúnamh teicniúil chun tacú leis an dá phróiseas sin. Ní aithnítear sa Mheasúnú Tionchair maidir le hInbhuanaitheacht aon tionchar diúltach atá ag an gComhaontú ar an bhfostaíocht, ar chearta oibre, ar chearta an duine ná ar an gcomhshaol.
Rinne an conraitheoir seachtrach ‘BKP Economic Advisors’ an Measúnú Tionchair maidir le hInbhuanaitheacht a chumhdaigh aontachas Angóla le Comhaontú AE‑SADC EPA agus leis an gComhaontú araon.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Ní dhéanann an togra aon difear do chosaint chearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ag an gComhaontú seo.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Cuimsíonn an Comhaontú forálacha institiúideacha lena leagtar síos an struchtúr do na comhlachtaí cur chun feidhme chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar a chur chun feidhme, ar a oibriú agus ar a thionchar.
Sa chaibidil institiúideach den Chomhaontú, bunaítear ‘Coiste um Infheistíocht a éascú’ a bhfuil sé mar phríomhchúram air a áirithiú go n‑oibríonn an Comhaontú go cuí éifeachtach. Chomh maith leis sin, bunaítear leis an gComhaontú Comhphlé leis an tsochaí shibhialta a bheidh ar siúl go bliantúil i gcomhar le cruinniú den Choiste um Infheistíocht a éascú.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Is é cuspóir foriomlán an Chomhaontaithe seo éascú a dhéanamh ar infheistíocht idir an tAontas agus Angóla a mhealladh, a leathnú agus a choinneáil ar mhaithe le héagsúlú eacnamaíoch agus forbairt inbhuanaithe.
Tá 4 chaibidil shubstainteacha sa Chomhaontú:
·Intuarthacht agus trédhearcacht beart infheistíochta a fheabhsú, mar shampla, trína cheangal go ndéanfaí gach dlí agus coinníoll infheistíochta a fhoilsiú agus trí úsáid tairseach faisnéise aonair a chur chun cinn d’infheisteoirí;
·Nósanna imeachta údaraithe a chuíchóiriú trí iarratais a phróiseáil go tapa agus ríomhrialtas a chothú;
·Pointí fócasacha agus ról a thabhairt do pháirtithe leasmhara chun idirghníomhaíochtaí idir infheisteoirí agus an riaracháin a éascú;
·Infheistíocht agus forbairt inbhuanaithe, tríd an gcur chuige is déanaí ag an Aontas maidir le gealltanais i ndáil le ‘trádáil agus forbairt inbhuanaithe’ agus le hiompar gnó freagrach a ionchorprú.
Tá an chaibidil maidir le ‘Agóid a sheachaint agus a réiteach’ bunaithe ar chomhar idir na Páirtithe agus ar réiteach a chomhaontú ar bhonn frithpháirteach, ach áirítear inti freisin an fhéidearthacht go ndéanfaí eadráin idir stáit mar rogha dheireanach, chomh maith le rialacha idirghabhála.
Tríd is tríd, tá coinne leis go gcuirfidh an Comhaontú feabhas ar an timpeallacht ghnó in Angóla, rud a rachaidh chun tairbhe do ghnólachtaí eachtracha agus intíre araon. Dá réir sin, spreagfar infheisteoirí eachtracha chun fanacht níos faide, rud a rannchuideoidh leis an ngeilleagar áitiúil ar bhonn níos fadtéarmaí. Chomh maith le hinfheisteoirí atá ann cheana, tá sé mar aidhm ag an gComhaontú infheisteoirí nua a mhealladh go hAngóla, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, ar fiontair iad a mbíonn tuilleadh deacrachtaí acu leis na nósanna imeachta fada casta a bhaineann le hinfheistiocht a dhéanamh ar an gcoigríoch.
Ós rud é go gcuirtear feabhas ar chobhsaíocht an dlí le haghaidh infheistíocht i ngach earnáil leis an gComhaontú, tá coinne leis go rannchuideoidh sé sin le héagsúlú eacnamaíoch Angóla in earnálacha nua amhail onnmhairiú bia, monaraíocht, nó seirbhísí. Foráiltear sa Chomhaontú freisin forálacha atá dírithe ar naisc idir infheisteoirí eachtracha agus soláthróirí intíre a fheabhsú.
Ar deireadh, leis an gComhaontú, déantar gné thábhachtach den fhorbairt inbhuanaithe a chomhtháthú i gcaidreamh infheistíochta an Aontais le hAngóla, lena n‑áirítear gealltanais gan dlíthe agus caighdeáin chomhshaoil nó saothair a lagú chun infheistíocht a mhealladh agus gan na dlíthe sin a tharscaoileadh ná maolú orthu. Áirítear sa Chomhaontú freisin gealltanais chun comhaontuithe idirnáisiúnta saothair agus comhshaoil a chur chun feidhme go héifeachtach, Comhaontú Pháras san áireamh. Faoin gComhaontú, tá ceangal ar na Páirtithe cleachtais ghnó fhreagracha a chur chun cinn i measc infheisteoirí agus neartaítear comhar déthaobhach maidir le gnéithe den infheistíocht, is iad sin gnéithe de na beartais i ndáil leis an athrú aeráide agus le comhionannas inscne.
2023/0180 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Comhaontú um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 6 Bealtaine 2021, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún comhaontú a chaibidliú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla maidir le hinfheistíocht a éascú (‘an Comhaontú’).
(2)An 18 Samhain 2022, tugadh i gcrích an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla.
(3)Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo síniú an Chomhaontaithe um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla (‘an Comhaontú’) thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe.
Airteagal 2
Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí i ndáil le síniú an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích, don duine nó do na daoine arna sonrú ag idirbheartaí an Chomhaontaithe.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.6.2023
COM(2023) 312 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le Comhaontú um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh
COMHAONTÚ UM INFHEISTÍOCHT INBHUANAITHE A ÉASCÚ
IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT ANGÓLA
Ábhar
Caibidil I
Forálacha ginearálta
Caibidil II
Trédhearcacht agus intuarthacht
Caibidil III
Nósanna imeachta údaraithe a chuíchóiriú
Caibidil IV
Pointí fócasacha agus ról a thabhairt do pháirtithe leasmhara
Caibidil V
Infheistíocht agus forbairt inbhuanaithe
Caibidil VI
Agóid a sheachaint agus a réiteach
Caibidil VII
Comhar agus forálacha institiúideacha
Caibidil VIII
Forálacha críochnaitheacha
BROLLACH
AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,
agus
POBLACHT ANGÓLA, dá ngairtear ‘Angóla’ anseo feasta,
dá ngairtear ‘Páirtithe’ orthu i gcomhpháirt agus ‘Páirtí’ orthu ar leithligh anseo feasta,
DE BHRÍ gur mian leo a naisc eacnamaíocha a neartú a thuilleadh agus dlúthchaidreamh buanseasmhach a bhunú ar chomhpháirtíocht agus comhar chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;
ÓS MIAN LEO infheistíocht a shlógadh agus a choinneáil, deiseanna fostaíochta nua a chruthú, agus caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú ina gcríocha;
Á AITHINT DÓIBH an gá le hinfheistiú a éascú trí thrédhearcacht agus intuarthacht a fheabhsú, trí nósanna imeachta údaraithe a chuíchóiriú agus trí páirt a thabhairt do pháirtithe leasmhara chun feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta;
CREIDEANN siad go gcuireann bearta maidir le hinfheistíocht a éascú feabhas ar infheistíocht i micrifhiontair agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar an infheistíocht a dhéanann siad (dá ngairtear ‘MSMEnna’ anseo feasta);
Á AITHINT DÓIBH gur féidir leis an infheistíocht tacú le forbairt inbhuanaithe, fás eacnamaíoch agus éagsúlú gníomhaíochtaí eacnamaíocha, agus gur féidir leis rannchuidiú le baint amach na spriocanna a shainmhínítear faoi Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 (dá ngairtear ‘Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe’ anseo feasta);
Á AITHINT DÓIBH an tábhacht a bhaineann le cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme;
AG DEARBHÚ DÓIBH an tiomantais do Chairt na Náisiún Aontaithe agus ag féachaint do na prionsabail a chumhdaítear i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
AGUS AIRD Á TABHAIRT AR an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (dá ngairtear ‘Comhaontú Cotonou’ anseo feasta), lena n-áirítear na heilimintí fíor-riachtanacha bunúsacha;
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 1
Cuspóirí
Is é is aidhm don Chomhaontú seo éascú a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach choigríche idir na Páirtithe a mhealladh, a leathnú agus a choinneáil ar mhaithe le héagsúlú eacnamaíoch agus forbairt inbhuanaithe.
AIRTEAGAL 2
Raon feidhme
1.
Tá feidhm ag an gComhaontú seo maidir le bearta arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun ag na Páirtithe a dhéanann difear d’infheistíocht.
2.
Athdheimhníonn na Páirtithe an ceart chun rialú a dhéanamh laistigh dá gcríocha chun cuspóirí beartais dlisteanacha a bhaint amach, mar shampla sláinte phoiblí, seirbhísí sóisialta, oideachas poiblí, sábháilteacht, an comhshaol lena n-áirítear athrú aeráide, agus an mhoráltacht phoiblí a chosaint, cosaint shóisialta, cosaint tomhaltóirí, príobháideacht agus cosaint sonraí agus éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn agus a chosaint.
3.
Leis an gComhaontú seo, ní chruthaítear ná ní mhodhnaítear gealltanais maidir le léirscaoileadh infheistíochtaí, agus ní chruthaítear ná ní mhodhnaítear rialacha maidir le cosaint infheisteoirí ná a gcuid infheistíochtaí bunaithe i gcríocha na bPáirtithe ná rialacha maidir le réiteach díospóidí idir infheisteoirí agus stáit.
AIRTEAGAL 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí a dhéantar agus údarás rialtasach á fheidhmiú’ gníomhaíochtaí, lena n-áirítear seirbhísí a sholáthraítear, nach ndéantar ar bhonn tráchtála ná in iomaíocht le hoibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó;
(b)
ciallaíonn ‘údarú’ an cead chun aon ghníomhaíocht eacnamaíoch a bhaineann le hinfheistíocht a shaothrú, ar cead é a fhaightear ó nós imeachta nach mór d’infheisteoir cloí leis chun na ceanglais is gá a chomhlíonadh;
(c)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ rialtas nó údarás láir, réigiúnach nó áitiúil nó comhlacht neamhrialtasach a fheidhmíonn cumhachtaí arna dtarmligean ag rialtais nó údaráis láir, réigiúnacha nó áitiúla agus atá i dteideal cinneadh a dhéanamh maidir le húdarú;
(d)
ciallaíonn ‘gníomhaíocht eacnamaíoch’ aon ghníomhaíocht de chineál tionsclaíoch, tráchtála nó gairmiúil nó gníomhaíochtaí aos ceirde, lena n-áirítear soláthar seirbhísí, ach amháin gníomhaíochtaí a dhéantar agus údarás rialtasach á fheidhmiú;
(e)
ciallaíonn ‘fiontar’ duine dlítheanach nó brainse nó oifig ionadaíoch duine dhlítheanaigh;
(f)
ciallaíonn ‘bunaíocht’ duine dlítheanach a bhunú nó a fháil, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht chaipitil, nó brainse nó oifig ionadaíoch a chruthú i gcríoch Pháirtí, d’fhonn naisc eacnamaíocha mharthanacha a chruthú nó a chothabháil;
(g)
ciallaíonn ‘infheistíocht’ bunú agus oibriú infheisteoirí de chuid Páirtí amháin i gcríoch an Pháirtí eile chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh;
(h)
ciallaíonn ‘infheisteoir de chuid Páirtí’ duine nádúrtha nó dlítheanach de chuid Páirtí a fhéachann le fiontar a bhunú, a bhfuil fiontar á bhunú aige nó a bhunaigh fiontar i gcomhréir le fomhír (f) i gcríoch an Pháirtí eile;
(i)
ciallaíonn ‘duine dlítheanach’ aon eintiteas dlíthiúil atá comhdhéanta mar is cuí nó atá eagraithe ar bhealach eile faoin dlí is infheidhme, bíodh sin ar mhaithe le brabús nó eile, agus bíodh sé faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi úinéireacht phoiblí, lena n-áirítear aon chorparáid, iontaobhas, comhpháirtíocht, comhfhiontar, dílseánacht aonair nó comhlachas;
(j)
ciallaíonn ‘duine dlítheanach de chuid Páirtí’:
(i)
thar ceann an Aontais Eorpaigh: duine dlítheanach atá comhdhéanta nó eagraithe faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí ceann amháin dá Bhallstáit agus atá i mbun oibríochtaí substainteacha gnó i gcríoch an Aontais Eorpaigh;
(ii)
le haghaidh Angóla: duine dlítheanach atá comhdhéanta nó eagraithe faoi dhlí Angóla agus atá i mbun oibríochtaí substainteacha gnó i gcríoch Angóla;
(k)
ciallaíonn ‘beart' aon bheart ag Páirtí, bíodh sé i bhfoirm dlí, rialacháin, rialach, nós imeachta, chinnidh, ghnímh riaracháin, nó in aon fhoirm eile;
(l)
ciallaíonn ‘beart Páirtí’ aon bheart arna ghlacadh nó arna chothabháil ag:
(i)
rialtais nó údaráis lárnacha, réigiúnacha nó áitiúla; nó
(ii)
comhlachtaí neamhrialtasacha i bhfeidhmiú cumhachtaí arna dtarmligean ag rialtais nó údaráis lárnacha, réigiúnacha nó áitiúla;
(m)
ciallaíonn ‘duine nádúrtha de chuid Páirtí’:
(i)
náisiúnach de Bhallstát de réir a dhlí, i gcás an Aontais
;
(ii)
náisiúnach Angóla, de réir a dlí, i gcás Angóla;
(n)
ciallaíonn ‘oibriú’ fiontar a sheoladh, a bhainistiú, a chothabháil, a úsáid, tairbhiú dó, nó é a dhíol nó cineál eile diúscartha fiontair; agus
(o)
ciallaíonn ‘foilsiú’ rud a chur ar fáil i bhfoilseachán oifigiúil amhail iris oifigiúil, nó ar shuíomh gréasáin.
AIRTEAGAL 4
Cóir an náisiúin barrfhabhair
1.
Déanfaidh gach Páirtí cóir a thabhairt láithreach agus gan choinníoll d’infheisteoirí de chuid an Pháirtí eile agus dá n-infheistíochtaí, ar cóir í nach lú fabhar ná an chóir a thugann sé, i gcúinsí den chineál céanna, d’infheisteoirí de chuid aon tíre eile agus dá n-infheistíochtaí, maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo ina chríoch.
2.
Ní fhorléireofar mír 1 mar mhír a chuireann d’oibleagáid ar Pháirtí cóir a thabhairt d’infheisteoirí de chuid an Pháirtí eile ná dá n-infheistíochtaí ar cóir í a eascraíonn as:
(a)
bearta lena bhforáiltear d’aitheantas, lena n-áirítear aitheantas a thabhairt do na caighdeáin nó critéir maidir le duine nádúrtha nó fiontar a údarú, a cheadúnú nó a dheimhniú chun gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh, agus aitheantas a thabhairt do bhearta stuamachta dá dtagraítear i mír 3 d’Iarscríbhinn maidir le Seirbhísí Airgeadais a ghabhann leis an gComhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn 1B a ghabhann le Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, arna dhéanamh ag Marrakech an 15 Aibreán 1994; nó
(b)
aon chomhaontú déthaobhach, réigiúnach nó iltaobhach lena n-áirítear gealltanais chun gach bacainn ar infheistíocht i measc na bpáirtithe a dhíothú go substaintiúil nó lena gceanglaítear comhfhogasú reachtaíocht de chuid na bpáirtithe in earnáil eacnamaíoch amháin nó níos mó.
3.
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní hé gur ‘cóir’ dá dtagraítear i mír 1 atá sna forálacha a áirítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta eile arna dtabhairt i gcrích ag Páirtí agus dá bhrí sin, ní féidir na forálacha a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar shárú an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 5
Bearta in aghaidh an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile
1.Aithníonn na páirtithe an tionchar diúltach atá ag an éilliú, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, calaois chánach agus imghabháil cánach ar gheilleagair agus sochaithe, lena n-áirítear trí bhac a chur ar an bhforbairt inbhuanaithe agus an infheistíocht a dhíspreagadh.
2.Deimhníonn gach Páirtí a thiomantas bearta leormhaith a ghlacadh chun an t-éilliú, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, calaois chánach agus imghabháil cánach a chosc agus a chomhrac maidir le hábhair a chumhdaítear sa Chomhaontú seo i gcomhréir le caighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a d’fhormhuinigh an Páirtí sin nó a dtacaíonn an Páirtí sin leo, amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2003, agus Treoirlínte 2011 na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (dá ngairtear ‘ECFE’ anseo feasta) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, chomh maith leis na caighdeáin atá ann faoi láthair in réimse an chánachais idirnáisiúnta.
CAIBIDIL II
INTUARTHACHT AGUS TRÉDHEARCACHT
AIRTEAGAL 6
Bearta a bhfuil feidhm ghinearálta acu a riar
Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar gach beart a bhfuil feidhme ghinearálta aige agus a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo a riar ar bhealach réasúnta, oibiachtúil agus neamhchlaonta.
AIRTEAGAL 7
Ceanglais maidir le foilsiú
Na bearta ábhartha uile a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo, déanfaidh gach Páirtí iad a fhoilsiú go pras nó cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad i scríbhinn ar bhealach a fhágfaidh go bhféadfar na hinfheisteoirí a chur ar an eolas fúthu agus, seachas i gcás éigeandála, déanfaidh siad sin tráth a dteacht i bhfeidhm ar a dhéanaí.
AIRTEAGAL 8
Foilseacháin roimh ré agus deis barúlacha a chur in iúl
1.
A mhéid is indéanta agus ar bhealach atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, foilseoidh gach Páirtí an méid seo a leanas roimh ré:
(a)
na tograí le haghaidh dlíthe agus rialachán a bhfuil feidhm ghinearálta acu atá le glacadh i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo; nó
(b)
doiciméid inar leor na sonraí a thugtar maidir leis na tograí dá dtagraítear i bpointe (a) chun deis a thabhairt d’infheisteoirí agus do dhaoine leasmhara eile a mheas an bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh dá leasanna agus conas a dhéanfaí difear suntasach dóibh.
2.
A mhéid is indéanta agus ar bhealach atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, moltar do gach Páirtí mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta agus rialuithe riaracháin a bhfuil feidhm ghinearálta acu, nósanna imeachta agus rialacha riaracháin a bheartaíonn sé a ghlacadh i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo.
3.
A mhéid is indéanta agus ar bhealach atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, tabharfaidh gach Páirtí deis réasúnta d’infheisteoirí agus do dhaoine leasmhara eile, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, a mbarúlacha a thabhairt maidir leis na bearta nó na doiciméid sin atá beartaithe a fhoilseofar faoi mhír 1 nó faoi mhír 2.
4.
A mhéid is indéanta agus ar bhealach atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, breithneoidh gach Páirtí na barúlacha a fuarthas de bhun mhír 3.
5.
Agus dlí nó rialachán a bhfuil feidhm ghinearálta aige dá dtagraítear i mír 1 á fhoilsiú aige, nó roimh an bhfoilsiú sin, a mhéid is indéanta agus ar bhealach atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, féachfaidh gach Páirtí le cuspóir agus réasúnaíocht an dlí nó an rialacháin sin a mhíniú.
6.
A mhéid is indéanta, féachfaidh gach Páirtí le tréimhse ama réasúnta a cheadú idir foilsiú dlí nó rialacháin dá dtagraítear i mír 1 agus dáta a chur i bhfeidhm ar infheisteoirí.
AIRTEAGAL 9
Trédhearcacht an chreata infheistíochta
1.
Cuirfidh gach Páirtí an méid seo leanas ar fáil trí mheán leictreonach, amhail trí shuíomh gréasáin a bheidh inrochtana trí thairseach aonair i gcás inarb indéanta, agus déanfaidh sé an méid seo a leanas a thabhairt cothrom le dáta a mhéid is féidir agus de réir mar is iomchuí:
(a)
dlíthe agus rialacháin a bhaineann go sonrach leis an infheistíocht;
(b)
srianta agus coinníollacha a bhaineann leis an infheistíocht; agus
(c)
sonraí teagmhála na n-údarás inniúil ábhartha chun infheistíocht a údarú.
2.
Cuirfidh gach Páirtí ar fáil, i gcás inarb indéanta trí mheán leictreonach amhail suíomh gréasáin a bheidh inrochtana tríd an tairseach aonair dá dtagraítear i mír 1, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta a mhéid is féidir agus de réir mar is iomchuí, tuairisc a chuirfidh infheisteoirí agus daoine leasmhara eile ar an eolas faoi na céimeanna praiticiúla is gá chun infheistíocht a dhéanamh ina chríoch, lena n-áirítear na ceanglais agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a)
cuideachta a bhunú agus gnólacht a chlárú;
(b)
bonneagar riachtanach a nascadh, amhail leictreachas agus soláthar uisce;
(c)
maoin a fháil agus a chlárú, amhail cearta úinéireachta talún;
(d)
ceadanna tógála;
(e)
dócmhainneacht a réiteach;
(f)
aistrithe caipitil agus íocaíochtaí;
(g)
inmhalartacht airgeadra;
(h)
cánacha a íoc; agus
(i)
rochtain ar mhaoiniú, go háirithe le haghaidh MFBManna.
3.
Ní ghearrfar táille ar aon infheisteoir i gcríoch Pháirtí as rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil faoin Airteagal seo ná faoi Airteagal 7.
AIRTEAGAL 10
Trédhearcacht dreasachtaí infheistíochta
1.
Cuirfidh gach páirtí faisnéis maidir le dreasachtaí infheistíochta ar fáil trí mheán leictreonach, amhail trí shuíomh gréasáin a bheidh inrochtana trí thairseach aonair i gcás inarb indéanta, agus déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta a mhéid is féidir agus de réir mar is iomchuí.
2.
Leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cumhdófar na dreasachtaí uile atá ar fáil d’infheisteoirí, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais, dreasachtaí cánacha chomh maith le haistrithe comhchineáil, lena n-áirítear dreasachtaí neamhairgeadais.
3.
Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 na heilimintí seo a leanas:
(a)
bunús dlí na dreasachta;
(b)
foirm na dreasachta;
(c)
ceanglais incháilitheachta na dreasachta;
(d)
próiseas iarratais don dreasacht, lena n-áirítear na foirm agus doiciméid is gá; agus
(e)
sonraí teagmhála an údaráis inniúil ábhartha.
AIRTEAGAL 11
Naisc leis an ngeilleagar óstach
Moltar do gach Páirtí faisnéis maidir le soláthróirí intíre a chur ar fáil d’infheisteoirí agus do dhaoine atá ag féachaint le hinfheistíocht a dhéanamh d’fhonn naisc leis an ngeilleagar áitiúil a neartú, iomaíochas idir soláthróirí intíre a mhéadú agus rannchuidiú na hinfheistíochta le forbairt inbhuanaithe a fheabhsú.
AIRTEAGAL 12
Faisnéis faoi rún a nochtadh
Ní cheanglófar ar Pháirtí le haon ní sa Chomhaontú seo faisnéis rúnda a sholáthar a gcuirfeadh a nochtadh bac ar fhorfheidhmiú an dlí nó a bheadh contrártha do leas an phobail ar bhealach eile, nó a dhéanfadh dochar do leasanna tráchtála dlisteanacha fiontar áirithe, idir phoiblí agus phríobháideach.
CAIBIDIL III
NÓSANNA IMEACHTA ÚDARAITHE A CHUÍCHÓIRIÚ
AIRTEAGAL 13
Raon feidhme
Tá feidhm ag an gCaibidil seo ar bhearta de chuid na bPáirtithe a bhaineann le hinfheistíocht a údarú.
AIRTEAGAL 14
Iarratais a chur isteach
Seachnóidh gach Páirtí, a mhéid is indéanta, a cheangal ar iarratasóir dul i dteagmháil le níos mó ná údarás inniúil amháin i dtaca le gach iarratas ar údarú. I gcás ina bhfuil gníomhaíocht a n-iarrtar údarú ina leith laistigh de dhlínse an iliomad údarás inniúil, féadtar go n‑éileofar iarratais iomadúla.
AIRTEAGAL 15
Amchláir na n-iarratas
Má tá údarú de dhíth ar Pháirtí, áiritheoidh sé go gceadóidh a údaráis inniúla, a mhéid is indéanta, go gcuirfear iarratas isteach tráth ar bith i rith na bliana. Más ann do thréimhse shonrach ama chun iarratas a dhéanamh ar údarú, áiritheoidh an Páirtí go gceadóidh na húdaráis inniúla tréimhse ama réasúnta chun iarratas a chur isteach.
AIRTEAGAL 16
Iarratais leictreonacha agus glacadh le cóipeanna
Má tá údarú de dhíth ar Pháirtí, áiritheoidh sé go ndéanfaidh a údaráis inniúla an méid a leanas:
(a)
a mhéid is indéanta, glacadh le hiarratais i bhformáid leictreonach; agus
(b)
glacadh le cóipeanna de dhoiciméid, atá fíordheimhnithe de réir dhlí an Pháirtí, in ionad doiciméad bunaidh, mura rud é go gceanglaíonn na húdaráis inniúla doiciméid bhunaidh chun sláine an phróisis údarúcháin a chosaint.
AIRTEAGAL 17
Próiseáil iarratas
1.
Má tá údarú de dhíth ar Pháirtí, áiritheoidh sé go ndéanfaidh a údaráis inniúla an méid a leanas:
(a)
a mhéid is indéanta, clár ama táscach a sholáthar le haghaidh phróiseáil an iarratais;
(b)
arna iarraidh sin don iarratasóir, faisnéis maidir le stádas an iarratais a sholáthar gan moill mhíchuí;
(c)
a mhéid is indéanta, iomláine an iarratais ar phróiseáil faoi dhlíthe agus rialacháin an Pháirtí a chinneadh gan moill mhíchuí;
(d)
má mheasann siad go bhfuil iarratas iomlán chun críocha próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin an Pháirtí, laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:
(i)
go ndéanfar próiseáil an iarratais a chur i gcrích; agus
(ii)
go gcuirfear an cinneadh maidir leis an iarratas in iúl don iarratasóir, a mhéid is indéanta i scríbhinn;
(e)
má mheasann siad go bhfuil iarratas neamhiomlán chun críoch próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin an Pháirtí, a mhéid is indéanta, laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:
(i)
cuirfidh sé in iúl don iarratasóir go bhfuil an t‑iarratas neamhiomlán;
(ii)
arna iarraidh sin don iarratasóir, sainaithneoidh sé an fhaisnéis bhreise is gá chun an t‑iarratas a chomhlánú nó soláthróidh sé ar bhealach eile treoraíocht maidir leis an gcúis a meastar an t‑iarratas a bheith neamhiomlán; agus
(iii)
deis a thabhairt don iarratasóir an fhaisnéis bhreise is gá a sholáthar chun an t-iarratas a chur i gcrích;
mura bhfuil aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii) indéanta, agus má dhiúltaítear don iarratas mar gheall ar neamhiomláine, áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh siad an t-iarratasóir ar an eolas laistigh de thréimhse ama réasúnta; agus
(f)
má dhiúltaítear d’iarratas, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin don iarratasóir, cuirfidh siad in iúl don iarratasóir na cúiseanna leis an diúltú agus an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin agus, más infheidhme, na nósanna imeachta chun iarratas a chur isteach an athuair; ní chuirfear cosc ar iarratasóir iarratas eile a thíolacadh ar an mbonn gur diúltaíodh iarratais roimhe sin agus ar an mbonn sin amháin.
2.
Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfaidh a údaráis inniúla údarú a luaithe a shuífear, i bhfianaise scrúdú iomchuí, go bhfuil na coinníollacha chun údarú a fháil á gcomhlíonadh ag an iarratasóir.
3.
Áiritheoidh gach Páirtí go dtiocfaidh an t-údarú i bhfeidhm, a luaithe a dheonófar é, gan moill mhíchuí, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha is infheidhme..
AIRTEAGAL 18
Táillí
1.
Maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch, seachas seirbhís airgeadais, áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh na táillí údarúcháin a ghearrfaidh a údaráis inniúla réasúnta agus trédhearcach agus nach gcuirfear srian ar an infheistíocht mar thoradh orthu féin.
2.
Maidir le seirbhísí airgeadais, áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a údaráis inniúil, i ndáil le táillí údaraithe a ghearrann siad, sceideal táillí nó faisnéise a chur ar fáil d’iarratasóirí i dtaobh conas a chinntear méideanna na dtáillí, agus nach n-úsáidfidh siad na táillí mar mhodh chun gealltanais nó oibleagáidí an Pháirtí a sheachaint.
3.
Ní áirítear le táillí údarúcháin táillí i gcomhair úsáid acmhainní nádúrtha, íocaíochtaí as ceant, tairiscintí ná modhanna neamh-idirdhealaitheacha eile chun lamháltais a dhámhachtain, ná ranníocaíochtaí sainordaithe chun seirbhís uilíoch a sholáthar.
4.
Ach amháin in imthosca práinne, ceadóidh gach Páirtí tréimhse ama leordhóthanach idir foilsiú agus teacht i bhfeidhm táillí agus caiteachas nua nó leasaithe a bhaineann leis an nósanna imeachta údaraithe infheistíochta nó le faisnéis lena gcuirfear ar chumas infheisteoirí ríomh na dtáillí agus na gcaiteachas sin a thuiscint. Ní chuirfear na táillí agus caiteachais sin i bhfeidhm go dtí go bhfoilseofar an fhaisnéis sin.
5.
A mhéid is indéanta, déanfaidh gach Páirtí nósanna imeachta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena gceadófar an rogha íocaíocht leictreonach a dhéanamh ar tháillí agus caiteachais arna mbailiú ag údaráis inniúla ábhartha chun infheistíochtaí a údarú.
AIRTEAGAL 19
Oibiachtúlacht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas
Má ghlacann nó má choinníonn Páirtí ar bun beart a bhaineann le húdarú, áiritheoidh sé, maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann iarratas, go bpróiseálfaidh sé an t-iarratas, go dtiocfaidh sé ar a chinntí agus go riarfaidh sé a chinntí go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta ar bhealach atá neamhspleách ar thionchar míchuí aon duine a dhéanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil údarú ag teastáil ina leith.
AIRTEAGAL 20
Foilsiú agus faisnéis atá ar fáil
1.
Má theastaíonn údarú ó Pháirtí, foilseoidh sé go pras an fhaisnéis is gá d’infheisteoirí agus do dhaoine atá ag féachaint le hinfheistíocht a dhéanamh chun go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais, na caighdeáin theicniúla agus na nósanna imeachta maidir leis an údarú sin a fháil, a choinneáil ar bun, a leasú agus a athnuachan. Áireofar san fhaisnéis sin, a mhéid is ann di:
(a)
na ceanglais agus na nósanna imeachta ceadúnúcháin agus cáilíochta;
(b)
sonraí teagmhála na n‑údarás inniúil ábhartha;
(c)
táillí údarúcháin;
(d)
caighdeáin theicniúla is infheidhme;
(e)
nósanna imeachta maidir le hachomharc nó athbhreithniú ar bhreitheanna a bhaineann le hiarratais;
(f)
nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh théarmaí agus choinníollacha na gceadúnas nó na gcáilíochtaí nó chun an comhlíonadh sin a fhorfheidhmiú;
(g)
deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht an phobail, amhail trí éisteachtaí nó barúlacha; agus
(h)
cláir ama táscacha le haghaidh iarratas a phróiseáil.
2.
Moltar do gach Páirtí foilseacháin leictreonacha a chomhdhlúthú in aon tairseach amháin.
AIRTEAGAL 21
Forbairt beart
Má ghlacann nó má choinníonn Páirtí ar bun bearta a bhaineann le húdarú, áiritheoidh sé:
(a)
go mbeidh na bearta sin bunaithe ar chritéir shoiléire oibiachtúla thrédhearcacha a bhféadfadh a bheith ar áireamh iontu an inniúlacht agus an cumas an ghníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais rialála Páirtí, amhail ceanglais sláinte agus comhshaoil, agus é á thuiscint go bhféadfaidh údaráis inniúla an t-ualú atá le tabhairt do gach critéar a mheasúnú;
(b)
go bhfuil na nósanna imeachta neamhchlaonta, go bhfuil rochtain éasca ag na hiarratasóirí uile orthu agus go bhfuil siad leordhóthanach chun a chur ar chumas do na hiarratasóirí a léiriú go gcomhlíonann siad na ceanglais; agus
(c)
nach gcuireann na nósanna imeachta iontu féin cosc dochosanta ar chomhlíonadh na gceanglas.
CAIBIDIL IV
POINTÍ FÓCASACHA AGUS RÓL A THABHAIRT DO PHÁIRTITHE LEASMHARA
AIRTEAGAL 22
Pointe fócasach maidir le hinfheistíocht a éascú
1.
Ar bhealach atá i gcomhréir lena chóras dlí, déanfaidh gach Páirtí pointí fócasacha iomchuí maidir le hinfheistíocht a éascú a choinneáil ar bun nó a bhunú, ar pointí fócasacha iad a fheidhmeoidh mar chéad phointí teagmhála d’infheisteoirí maidir le bearta a dhéanann difear d’infheistíocht.
2.
Áiritheoidh gach Páirtí go bhfreagróidh pointí fócasacha maidir le hinfheistíocht a éascú d’fhiosrúcháin ó infheisteoirí agus ó phointí fócasacha maidir le hinfheistíocht a éascú arna mbunú ag an bPáirtí eile faoin Airteagal seo chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm éifeachtach an Chomhaontaithe seo.
3.
Mura féidir le pointe fócasach maidir le hinfheistíocht a éascú freagra a thabhairt ar fhiosrúchán faoi mhír 2, féachfaidh sé leis an gcúnamh is gá a chur ar fáil don fhiosraitheoir chun an fhaisnéis ábhartha a fháil.
4.
Áiritheoidh gach Páirtí gur féidir fiosrúcháin agus faisnéis faoin Airteagal seo a chur isteach trí mheán leictreonach.
5.
Faisnéis a sholáthraítear faoin Airteagal seo, beidh sí gan dochar do cibé acu atá nó nach bhfuil an beart comhsheasmhach leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 23
Sásraí réitigh fadhbanna
1.Féachfaidh gach Páirtí le sásraí iomchuí a bhunú nó a choinneáil ar bun chun fadhbanna a réiteach d’infheisteoirí nó do dhaoine atá ag iarraidh infheistíocht a dhéanamh, fadhbanna a d’fhéadfadh eascairt as cur i bhfeidhm aon bhirt a bhfuil feidhm ghinearálta aige a chumhdaítear leis an gComhaontú seo.
2.Beidh na sásraí dá dtagraítear i mír 1 inrochtana go héasca, lena n-áirítear do MFBManna, faoi cheangal ama agus trédhearcach. Beidh siad gan dochar d’aon nós imeachta achomhairc nó athbhreithnithe a bhunóidh na Páirtithe nó a choinneoidh siad ar bun. Beidh siad gan dochar don sásra réitigh díospóidí faoin gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 24
Comhordú idir gníomhaireachtaí intíre
1.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le dlúthchomhar intíre na n-údarás agus na ngníomhaireachtaí atá freagrach as bearta agus nósanna imeachta a bhaineann le hinfheistíocht a rialáil agus a chur chun feidhme mar bhealach chun infheistíocht a éascú, a mhealladh, a choinneáil agus a leathnú.
2.
Féachfaidh gach Páirtí le sásraí a bhunú nó a choinneáil ar bun chun gníomhaíochtaí a chomhordú d’fhonn:
(a)
infheistíocht a éascú;
(b)
comhleanúnachas rialála agus intuarthacht beart agus nósanna imeachta rialtais a spreagadh; agus
(c)
comhleanúnachas beart agus nósanna imeachta infheistíochta lárnacha, réigiúnacha agus áitiúla a chur chun cinn.
3.
Moltar do gach Páirtí príomhghníomhaireacht a ainmniú, ar bhealach atá i gcomhréir lena chóras dlí, chun an comhordú a éascú.
AIRTEAGAL 25
Comhleanúnachas rialála agus measúnuithe tionchair
1.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le creat rialála le haghaidh infheistíochta atá éifeachtach, comhsheasmhach, trédhearcach agus intuartha.
2.
Moltar do gach Páirtí measúnú tionchair a dhéanamh ar mhórbhearta a bhfuil feidhm ghinearálta acu atá á n-ullmhú aige agus a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo, i gcomhréir lena rialacha agus lena nósanna imeachta faoi seach.
3.
Aithníonn na Páirtithe, agus na measúnuithe tionchair dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh acu, gur cheart an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta atá beartaithe ar MFBManna agus ar fhorbairt inbhuanaithe a chur san áireamh.
AIRTEAGAL 26
Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus athbhreithnithe tréimhsiúla
1.
Moltar do gach Páirtí athbhreithniú a dhéanamh, ag eatraimh a mheasann sé a bheith iomchuí, ar a bhearta a bhfuil feidhm ghinearálta acu a chumhdaítear leis an gComhaontú seo agus a dhéanann difear d’infheistíocht chun a chinneadh ar cheart bearta sonracha atá curtha chun feidhme aige a mhodhnú, a chuíchóiriú, a leathnú nó a aisghairm, ionas go mbeidh creat infheistíochta an Pháirtí níos éifeachtaí ó thaobh a chuspóirí beartais a bhaint amach agus ó thaobh aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha FBManna.
2.
Moltar do gach Páirtí athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a tháillí agus caiteachais údaraithe d’fhonn a líon agus a n-éagsúlacht a laghdú.
3.
Moltar do gach Páirtí, ina chuid cleachtaí athbhreithnithe, aiseolas ó pháirtithe leasmhara a bhreithniú agus leas a bhaint as táscairí feidhmíochta idirnáisiúnta ábhartha.
4.
Iarrtar ar na Páirtithe a dtaithí a roinnt sa Choiste um Infheistíocht a éascú dá dtagraítear in Airteagal 43 maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil agus moltaí beartais a eascraíonn as sin a dhéanamh.
AIRTEAGAL 27
Díospóidí a réiteach
Ní bheidh feidhm ag Caibidil VI maidir le hAirteagail 24, 25 agus 26.
CAIBIDIL V
INFHEISTÍOCHT AGUS FORBAIRT INBHUANAITHE
AIRTEAGAL 28
Cuspóirí
1.
Aithníonn na Páirtithe gurb é a chuimsítear leis an bhforbairt inbhuanaithe forbairt eacnamaíoch, forbairt shóisialta agus cosaint an chomhshaoil, go bhfuil na trí nithe spleách ar a chéile agus go dtreisíonn siad a chéile agus athdhearbhaíonn siad a dtiomantas infheistíocht a éascú ar bhealach lena gcuidítear le cuspóir na forbartha inbhuanaithe.
2.
Is é cuspóir na Caibidle seo comhtháthú na forbartha inbhuanaithe a fheabhsú, go háirithe na gnéithe saothair agus comhshaoil di, i gcaidreamh infheistíochta na bPáirtithe ar bhealach lena gcuidítear le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
AIRTEAGAL 29
An ceart chun rialáil agus leibhéil chosanta
1.
Aithníonn na Páirtithe an ceart atá ag gach Páirtí a bheartais agus a thosaíochtaí forbartha inbhuanaithe a chinneadh, na leibhéil cosanta intíre don chomhshaol agus don lucht saothair a mheasann sé a bheith iomchuí a bhunú agus a dhlíthe agus a bheartais ábhartha a ghlacadh nó a mhodhnú. Ní mór leibhéil, dlíthe agus beartais cosanta den sórt sin a bheith i gcomhréir le gealltanais gach Páirtí do na caighdeáin agus na comhaontuithe a aithnítear go hidirnáisiúnta dá dtagraítear sa Chaibidil seo.
2.
Déanfaidh gach Páirtí a dhícheall a áirithiú go ndéanfar foráil ina dhlíthe agus ina bheartais ábhartha do leibhéil arda chosanta comhshaoil agus saothair, agus spreagfaidh sé a leithéid, agus déanfaidh sé gach iarracht feabhas a chur ar na leibhéil, na dlíthe agus na beartais sin.
3.
Ní dhéanfaidh Páirtí na leibhéil chosanta a thugtar ina dhlíthe comhshaoil nó saothair a lagú nó a laghdú chun infheistíocht a spreagadh.
4.
Ní dhéanfaidh Páirtí a dhlíthe comhshaoil nó saothair a tharscaoileadh ná maolú uaidh ar bhealach eile, ná ní dhéanfaidh sé a leithéid a thairiscint, chun infheistíocht a spreagadh.
5.
Ní mhainneoidh Páirtí, trí ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht leanúnach nó athfhillteach, a dhlíthe comhshaoil nó saothair a fhorfheidhmiú go héifeachtach chun infheistíocht a spreagadh.
6.
Ní úsáidfidh na Páirtithe a ndlíthe comhshaoil nó saothair faoi seach ar bhealach a d’fhágfadh go bhféadfaí idirdhealú treallach nó dochosanta a dhéanamh nó srian faoi cheilt a dhéanamh ar infheistíocht idirnáisiúnta.
AIRTEAGAL 30
Caighdeáin agus comhaontuithe iltaobhacha saothair
1.
Dearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas forbairt na hinfheistíochta a chur chun cinn ar bhealach lena gcuideofar le hobair chuibhiúil do chách, mar a cuireadh in iúl i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (dá ngairtear “EIS” anseo feasta) maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 10 Meitheamh 2008 ag an gComhdháil Idirnáisiúnta Saothair (dá ngairtear “Dearbhú EIS 2008 maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom” anseo feasta).
2.
I gcomhréir le Bunreacht EIS agus le Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha agus a leanann é, arna nglacadh ag an gComhdháil Idirnáisiúnta Saothair sa Ghinéiv an 18 Meitheamh 1998, déanfaidh gach Páirtí coinbhinsiúin EIS a urramú, a chur chun cinn agus a chur chun feidhme go héifeachtach ar fud a chríche, lena n-áirítear i ‘gcriosanna próiseála onnmhairiúcháin’ agus i ‘gcriosanna eacnamaíocha speisialta’ eile, na croíchaighdeáin saothair a aithnítear go hidirnáisiúnta mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiúin bhunúsacha EIS iad, agus déanfaidh sé Coinbhinsiúin EIS breise atá daingnithe ag Ballstáit an Aontais agus Angóla faoi seach a chur chun feidhme go héifeachtach.
3.
I gcomhréir lena dtiomantas feabhas a chur ar rannchuidiú na hinfheistíochta le sprioc na forbartha inbhuanaithe, lena n-áirítear a ghnéithe saothair, cuirfidh gach Páirtí beartais infheistíochta chun cinn lena gcuirtear cuspóirí an Chláir Oibre um Obair Chuibhiúil chun cinn, i gcomhréir le Dearbhú 2008 EIS maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom, agus le Dearbhú Céad Bliain EIS maidir le Todhchaí na hOibre, a ghlac an Chomhdháil Idirnáisiúnta Saothair sa Ghinéiv an 21 Meitheamh 2019.
4.
Bunóidh gach Páirtí, mura bhfuil sin déanta aige go fóill, agus coinneoidh sé ar bun córas cigireachta saothair éifeachtach do gach earnáil eacnamaíoch, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta agus mianadóireachta.
5.
Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun a gcomhar a neartú maidir le gnéithe de bheartais agus de bhearta a bhaineann le hinfheistíocht, go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear in EIS.
AIRTEAGAL 31
Rialachas agus comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha
1.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (dá ngairtear “UNEA” anseo feasta) de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (dá ngairtear “UNEP” anseo feasta) agus rialachas agus comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil mar fhreagairt ón gcomhphobal idirnáisiúnta ar dhúshláin chomhshaoil dhomhanda nó réigiúnacha agus leagann siad béim ar an ngá atá ann an chomhthacaíocht fhrithpháirteach idir beartais infheistíochta agus beartais chomhshaoil a fheabhsú.
2.
Déanfaidh gach Páirtí na comhaontuithe, na prótacail agus na leasuithe iltaobhacha comhshaoil atá daingnithe aige (dá ngairtear “MEAnna” anseo feasta) a chur chun feidhme go héifeachtach. Dearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas forbairt na hinfheistíochta a chur chun cinn ar bhealach a gcuideoidh le hardleibhéal cosanta don chomhshaol.
3.
Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun a gcomhar a neartú maidir le gnéithe de bheartais agus de bhearta comhshaoil a bhaineann le hinfheistíocht, go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, lena n‑áirítear i bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, UNEP, UNEA, nó san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (dá ngairtear ‘EDT’ anseo feasta)
AIRTEAGAL 32
Infheistíocht agus athrú aeráide
1.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le gníomhú go práinneach chun an t-athrú aeráide agus a thionchair a chomhrac, agus aithníonn siad ról na hinfheistíochta chun an cuspóir sin a shaothrú, i gcomhréir le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 9 Bealtaine 1992 (dá ngairtear ‘UNFCCC’ anseo feasta), cuspóirí agus spriocanna Chomhaontú Pháras faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, arna dhéanamh i bPáras an 12 Nollaig 2015 (dá ngairtear ‘Comhaontú Pháras’ anseo feasta), agus le MEAnna agus ionstraimí iltaobhacha eile i réimse an athraithe aeráide.
2.
Déanfaidh gach Páirtí:
(a)
UNFCCC agus Comhaontú Pháras a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear a ghealltanais i ndáil lena Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta; agus
(b)
tacaíocht fhrithpháirteach a chur chun cinn i gcás beartais agus bearta infheistíochta agus aeráide agus, ar an gcaoi sin, cur leis an aistriú i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa, i dtreo geilleagar atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus i dtreo forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.
3.
Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun an comhar eatarthu a neartú maidir le gnéithe de bheartais agus de bhearta don athrú aeráide a bhaineann le hinfheistíocht go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear in UNFCCC, san EDT, i bPrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin, arna dhéanamh ag Montréal an 16 Meán Fómhair 1987, agus san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.
AIRTEAGAL 33
Rannchuidiú na hinfheistíochta le forbairt inbhuanaithe
1.
I gcomhréir lena dtiomantas rannchuidiú na hinfheistíochta le sprioc na forbartha inbhuanaithe a fheabhsú, déanfaidh na Páirtithe infheistíocht i dtáirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe agus in earraí agus seirbhísí comhshaoil a éascú agus a spreagadh, chomh maith le hinfheistíocht atá ábhartha maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide.
2.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe agus ról na hinfheistíochta chun na cuspóirí sin a shaothrú, i gcomhréir le Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, arna dhéanamh ag Rio de Janeiro an 5 Meitheamh 1992 (dá ngairtear ‘an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht’ anseo feasta) agus na prótacail a ghabhann leis, agus an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol, arna dhéanamh ag Washington D.C. an 3 Márta 1973 (dá ngairtear ‘CITES’ anseo feasta), agus na cinntí arna nglacadh faoi na Coinbhinsiúin sin.
3.
Déanfaidh gach Páirtí infheistíocht a éascú le haghaidh úsáid inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha agus caomhnú na bithéagsúlachta, agus déanfaidh sé bearta chun an éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú nuair a bheidh sí faoi réir brúnna a bhaineann le hinfheistíocht.
4.
Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun a gcomhar a neartú maidir le gnéithe de bhearta agus beartais bithéagsúlachta a bhaineann le hinfheistíocht, go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, lena n‑áirítear sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht agus in CITES.
5.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus le ról na hinfheistíochta chun an cuspóir sin a shaothrú. Dá réir sin, déanfaidh gach Páirtí infheistíocht a éascú ar bhealach atá comhsheasmhach le caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí.
6.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le hacmhainní bitheolaíocha na mara agus éiceachórais mhuirí a chaomhnú agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus leis an ról na hinfheistíocht chun na cuspóirí sin a shaothrú. Dá réir sin, éascóidh gach Páirtí infheistíocht ar bhealach atá comhsheasmhach le caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara agus éiceachórais muirí.
AIRTEAGAL 34
Freagracht shóisialta chorparáideach agus iompar gnó freagrach
1.
Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé go gcuirfeadh infheisteoirí dícheall cuí chun feidhme chun drochthionchair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, amhail drochthionchair ar an gcomhshaol agus ar dhálaí saothair, ina n-oibríochtaí, ina slabhraí soláthair agus ina gcaidrimh ghnó eile. Déanfaidh na Páirtithe glacadh le freagracht shóisialta chorparáideach agus le cleachtais ghnó fhreagracha ag fiontair agus ag infheisteoirí a chur chun cinn d’fhonn rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe agus le hinfheistíocht fhreagrach.
2.
Tacóidh na Páirtithe le scaipeadh agus le húsáid ionstraimí ábhartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a d’fhormhuinigh siad nó a dtacaíonn siad leo, amhail Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe, Dearbhú Tríthaobhach Prionsabal EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta agus Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta 2011 agus treoir ghaolmhar maidir le dícheall cuí.
3.
Malartóidh na Páirtithe faisnéis chomh maith le dea-chleachtais maidir le saincheisteanna a chumhdaítear leis an Airteagal seo, lena n-áirítear maidir le bealaí a d’fhéadfaí glacadh freagracht shóisialta chorparáideach, cleachtais agus tuairisciú fhreagracha ag fiontair agus infheisteoirí a éascú sa Choiste um Infheistíocht a éascú. Chuige sin, leanfaidh an Coiste de dhlúth-theagmháil a bheith aige le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha atá gníomhach i réimse na freagrachta sóisialta corparáidí nó an iompair fhreagraigh gnó.
AIRTEAGAL 35
Infheistíocht agus comhionannas inscne
1.
Aithníonn na Páirtithe gur féidir le beartais infheistíochta chuimsitheacha rannchuidiú le cumhachtú eacnamaíoch na mban agus comhionannas inscne a chur chun cinn, i gcomhréir le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe. Aithníonn siad go gcuireann mná go mór leis an bhfás eacnamaíoch trína rannpháirtíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch, lena n-áirítear infheistíocht. Cuireann na Páirtithe i dtábhacht a rún chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme ar bhealach a gcothaítear agus a bhfeabhsaítear comhionannas inscne.
2.
Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun a gcomhar a neartú maidir le gnéithe de bhearta agus beartais comhionannais inscne a bhaineann le hinfheistíocht, lena n-áirítear gníomhaíochtaí arna gceapadh chun feabhas a chur ar acmhainneacht agus coinníollacha na mban, lena n-áirítear oibrithe, mná gnó agus fiontraithe, chun rochtain a fháil ar na deiseanna a chruthaítear leis an gComhaontú seo agus chun tairbhe a bhaint astu.
CAIBIDIL VI
AGÓID A SHEACHAINT AGUS A RÉITEACH
AIRTEAGAL 36
Comhairliúcháin
1.
Féachfaidh na Páirtithe le réiteach a fháil ar aon díospóid eatarthu maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, trí dhul i mbun comhairliúcháin de mheon macánta d’fhonn teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach.
2.
Lorgóidh Páirtí comhairliúcháin trí iarraidh i scríbhinn a sheachadfar chuig an bPáirtí eile ina sainaithneofar na bearta atá i gceist agus na hoibleagáidí faoin gComhaontú seo a mheasann sé gur mhainnigh an Páirtí eile iad a chomhlíonadh.
3.
An Páirtí a ndéanfar an iarraidh ar chomhairliúcháin chuige, freagróidh sé an iarraidh laistigh de 10 lá tar éis dháta a seachadta. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, tionólfar comhairliúcháin tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata agus reáchtálfar iad i gcríoch an Pháirtí a ndéantar an iarraidh chuige.
4.
Le linn comhairliúchán, soláthróidh gach Páirtí faisnéis fhíorasach leordhóthanach chun gur féidir scrúdú iomlán a dhéanamh ar an mbealach lena a bhféadfadh an beart atá i gceist na hoibleagáidí ábhartha faoin gComhaontú seo a shárú. Féachfaidh gach Páirtí le rannpháirtíocht phearsanra a údarás rialtais inniúil, ag a bhfuil saineolas ar an ábhar is ábhar do na comhairliúcháin, a áirithiú.
5.
Mar chuid de chomhairliúcháin maidir le hábhair a bhaineann leis na comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil nó saothair nó leis na hionstraimí iltaobhacha comhshaoil nó saothair dá dtagraítear sa Chomhaontú seo, cuirfidh na Páirtithe san áireamh faisnéis ó EIS nó ó chomhlachtaí nó eagraíochtaí ábhartha arna mbunú faoi chomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha chun comhleanúnachas a chur chun cinn idir obair na bPáirtithe agus obair na gcomhlachtaí nó na n-eagraíochtaí sin. I gcás inarb ábhartha, iarrfaidh na Páirtithe comhairle ó na comhlachtaí nó ó na eagraíochtaí sin, nó ó aon saineolaí nó aon chomhlacht eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí.
6.
Féadfaidh gach Páirtí dearcadh na sochaí sibhialta dá dtagraítear faoi Airteagal 46 a lorg, más iomchuí.
7.
Is faoi rún a bheidh comhairliúcháin, agus go háirithe an fhaisnéis uile a nochtfaidh na Páirtithe agus na seasaimh uile a ghlacfaidh na Páirtithe le linn na gcomhairliúchán.
AIRTEAGAL 37
Réitigh arna gcomhaontú go frithpháirteach
1.
Féadfaidh na Páirtithe teacht ar réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach, tráth ar bith, i ndáil le haon díospóid dá dtagraítear in Airteagal 36.
2.
Glacfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun an réiteach a chomhaontófar go frithpháirteach a chur chun feidhme. Mura féidir é a chur chun feidhme láithreach, tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le tréimhse ama réasúnta lena chur chun feidhme.
3.
Tráth nach déanaí ná dul in éag na tréimhse ama a comhaontaíodh dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an Páirtí cur chun feidhme an Páirtí eile ar an eolas i scríbhinn faoi aon bheart a ghlac sé chun an réiteach a comhaontaíodh go frithpháirteach a chur chun feidhme.
4.
Mura mbeidh na Páirtithe in ann teacht ar réiteach a chomhaontófar go frithpháirteach laistigh de 120 lá ó dháta na hiarrata ar chomhairliúcháin, nó i gcás nach gcuirfear an réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach chun feidhme laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Páirtí a d’iarr comhairliúcháin faoi Airteagal 36 a iarraidh dul i muinín eadrána ó Stát go Stát chun an díospóid a réiteach. Glacfaidh an Páirtí a ndéanfar an iarraidh ar eadráin chuige leis an iarraidh sin nó diúltóidh sé di laistigh de 30 lá ó dháta na hiarrata. In éagmais freagra, measfar gur diúltaíodh don iarraidh.
AIRTEAGAL 38
Eadráin
1.
Féachfaidh na Páirtithe le teacht ar chomhaontú maidir le comhdhéanamh an phainéil eadrána. Mura dtiocfar ar chomhaontú den sórt sin laistigh de 30 lá tar éis glacadh leis an iarraidh ar eadráin de bhun Airteagal 37(4), ceapfaidh gach Páirtí eadránaí laistigh de 30 lá eile. Déanfaidh na headránaithe arna gceapadh ag na Páirtithe cathaoirleach an phainéil a cheapadh go comhpháirteach, agus ní bheidh náisiúntacht ceachtar Páirtí aige.
2.
Déanfaidh an painéal eadrána measúnú oibiachtúil ar an ábhar os a chomhair. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, cinnfidh an painéal eadrána na rialacha nós imeachta is infheidhme.
3.
Má chinneann an painéal eadrána nach bhfuil an beart atá i gceist i gcomhréir le forálacha na Caibidle seo, déanfaidh an Páirtí a ndearnadh an gearán ina choinne aon bheart is gá chun é féin a thabhairt i gcomhréir go pras.
4.
I gcás inar dhiúltaigh an Páirtí ar ina leith a rinneadh an iarraidh ar eadráin don iarraidh ar eadráin, nó i gcás neamhchomhlíonadh na tuarascála ón bpainéal, féadfaidh an Páirtí a d’iarr an eadráin bearta a ghlacadh laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo atá comhréireach leis an mainneachtain na hoibleagáidí sonracha a chomhlíonadh.
AIRTEAGAL 39
Trédhearcacht
Cuirfidh gach Páirtí an méid seo a leanas ar fáil go poiblí go pras:
(a)
iarraidh ar chomhairliúcháin de bhun Airteagal 36;
(b)
réiteach a chomhaontófar go frithpháirteach de bhun Airteagal 37; agus
(c)
beartais de bhun Airteagal 38.
AIRTEAGAL 40
Tréimhsí ama
1.
Déantar na tréimhsí uile a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhaireamh i laethanta féilire ón lá tar éis an ghnímh dá dtagraíonn siad, mura sonraítear a mhalairt.
2.
Aon tréimhse a leagtar amach sa Chaibidil seo, féadfar í a mhodhnú le comhaontú frithpháirteach na bPáirtithe.
AIRTEAGAL 41
Nós imeachta idirghabhála
1.
Féadfaidh Páirtí a iarraidh tráth ar bith dul i mbun nós imeachta idirghabhála i ndáil le haon bheart a dhéanann Páirtí a líomhnaítear go ndéanann sé dochar d’infheistíocht idir na Páirtithe.
2.
Ní fhéadfar an nós imeachta idirghabhála a thionscnamh ach amháin le comhaontú frithpháirteach na bPáirtithe chun réitigh arna gcomhaontú go frithpháirteach a fhiosrú agus aon chomhairle agus réiteach molta ag an idirghabhálaí arna gceapadh ag na Páirtithe a mheas.
3.
Féachfaidh na Páirtithe le teacht ar réiteach a comhaontófar ar bhealach frithpháirteach laistigh de 60 lá tar éis cheapachán an idirghabhálaí.
4.
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, is rúnda atá na céimeanna uile den nós imeachta idirghabhála, lena n‑áirítear aon chomhairle nó réiteach molta. Féadfaidh gach Páirtí a nochtadh don phobal gurb amhlaidh atá idirghabháil ar bun.
5.
Tá an nós imeachta idirghabhála gan dochar do chearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoi Airteagail 36 agus 38 nó faoi nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoi aon chomhaontú eile.
CAIBIDIL VII
COMHAR AGUS FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA
AIRTEAGAL 42
Cúnamh teicniúil agus forbairt inniúlachta chun infheistíocht a éascú
1.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le cúnamh teicniúil agus forbairt acmhainní agus geallann siad go n-oibreoidh siad i gcomhar chun an timpeallacht infheistíochta in Angóla a neartú agus chun tacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.
2.
Cuirfear na gníomhaíochtaí sin i gcrích faoi chuimsiú rialacha agus nósanna imeachta ábhartha chomhar agus ionstraimí an Aontais Eorpaigh um fhorbairt.
3.
Ba cheart iarrataí ar chúnamh a bheith bunaithe ar riachtanais arna sainaithint agus i gcomhréir le hathchóirithe maidir le hinfheistíocht intíre a éascú. Beidh cúnamh faoi réir téarmaí agus coinníollacha arna gcomhaontú go frithpháirteach.
4.
Déanfaidh na Páirtithe faoi chuimsiú an Choiste um Infheistíocht a éascú:
(a)
faisnéis a mhalartú agus dul chun cinn maidir le cúnamh teicniúil agus tacaíocht d’fhothú acmhainneachta maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a athbhreithniú; agus
(b)
riachtanais le haghaidh cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta a shainaithint.
AIRTEAGAL 43
Coiste um Infheistíocht a éascú
1.
Chun a áirithiú go n-oibreoidh an Comhaontú seo go cuí agus go héifeachtach, bunóidh na Páirtithe leis seo Coiste um Infheistíocht a éascú ar a mbeidh ionadaithe ón dá Pháirtí.
2.
Tionólfaidh an Coiste um Éascú Infheistíochta a chéad chruinniú tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Ina dhiaidh sin, tiocfaidh an Coiste um Infheistíocht a éascú le chéile ar bhonn bliantúil, mura gcomhaontaíonn ionadaithe na bPáirtithe a mhalairt, nó gan moill mhíchuí arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí.
3.
Tionólfar cruinnithe an Choiste um Éascú Infheistíochta san Aontas nó in Angóla gach re seach, mura gcomhaontóidh ionadaithe na bPáirtithe a mhalairt. Féadfaidh an Coiste um Infheistíocht a éascú teacht le chéile duine le duine nó trí mhodh cumarsáide iomchuí eile, mar a chomhaontaíonn ionadaithe na bPáirtithe.
4.
Beidh Angóla, an tAire Geilleagair agus Pleanála agus an tAire Tionscail agus Trádála, agus, i gcás an Aontais, Comhalta an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as Trádáil, nó a n-ainmnithe faoi seach, ina gcomhchathaoirligh ar an gCoiste um Éascú Infheistíochta.
AIRTEAGAL 44
Feidhmeanna an Choiste um Infheistíocht a éascú
1.
Déanfaidh an Coiste um Infheistíocht a éascú:
(a)
bealaí chun feabhas breise a chur ar an gcaidreamh infheistíochta idir na Páirtithe a bhreithniú;
(b)
cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a mhaoirsiú agus a éascú agus a aidhmeanna ginearálta a chur chun cinn;
(c)
bealaí agus modhanna oiriúnacha a lorg chun fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn i réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a sheachaint nó chun díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a réiteach;
(d)
aon ábhar leasa a bhaineann le réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a bhreithniú, mar a chomhaontaíonn ionadaithe na bPáirtithe;
(e)
fiosrúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22 atá ar siúl agus iarrataí ar chúnamh riaracháin a bhreithniú;
(f)
feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gComhaontú seo a phlé, go háirithe i bhfianaise na taithí agus na bhforbairtí i bhfóraim idirnáisiúnta eile agus faoi chomhaontuithe eile arna dtabhairt i gcrích ag na Páirtithe; agus
(g)
a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh ag a chéad chruinniú.
AIRTEAGAL 45
Cinntí agus moltaí an Choiste um Infheistíocht a éascú
1.
Chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach, beidh an chumhacht ag an gCoiste um Infheistíocht a éascú cinntí a dhéanamh i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Chomhaontú seo. Beidh na cinntí a dhéanfaidh an Coiste um Infheistíocht a éascú faoin gComhaontú seo ina gceangal ar na Páirtithe. Glacfaidh na Páirtithe bearta a bhfuil gá leo chun na cinntí sin a chur chun feidhme.
2.
Chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach, féadfaidh an Coiste um Infheistíocht a éascú moltaí iomchuí a dhéanamh i leith gach ábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo.
3.
Is de chomhthoil a ghlacfaidh an Coiste um Infheistíocht a éascú a chinntí agus a dhéanfaidh sé a mholtaí.
AIRTEAGAL 46
Comhphlé leis an tsochaí shibhialta
1.
Eagróidh na Páirtithe comhphlé leis an tsochaí shibhialta (an ‘comhphlé’) chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a phlé.
2.
Déanfaidh na Páirtithe ionadaíocht chothrom ar pháirtithe leasmhara ábhartha a chur chun cinn san idirphlé, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn, atá gníomhach ar chúrsaí eacnamaíocha, forbartha inbhuanaithe, sóisialta, comhshaoil agus eile.
3.
Cuirfear an comhphlé ar siúl go bliantúil, i gcomhar le cruinniú an Choiste um Infheistíocht a éascú, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
4.
Chun críocha an comhphlé, cuirfidh na Páirtithe faisnéis ar fáil maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo. Féadfar na tuairimí agus na barúlacha a chuirfear in iúl le linn an chomhphlé a chur faoi bhráid an Choiste um Infheistíocht a éascú agus féadfar iad a chur ar fáil go poiblí.
5.
Féadfaidh na Páirtithe a roghnú an t-idirphlé a eagrú trí shásraí atá ann cheana arna mbunú ag na Páirtithe maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, de réir mar is iomchuí.
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
AIRTEAGAL 47
Eisceachtaí ginearálta
Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a chuirfidh cosc ar na Páirtithe bearta a ghlacadh nó a forfheidhmiú:
(a)
bearta is gá chun slándáil an phobail nó moráltacht an phobail a chosaint nó an t-ord poiblí a choinneáil;
(b)
bearta is gá chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint;
(c)
bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlíthe nó rialacháin nach bhfuil ar neamhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le:
(i)
cleachtais mhealltacha agus cleachtais chalaoiseacha a chosc nó déileáil le héifeachtaí mainneachtana ar chonarthaí;
(ii)
príobháideachas daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil agus scaipeadh sonraí pearsanta agus rúndacht taifead agus cuntas aonair a chosaint;
(iii)
sábháilteacht.
AIRTEAGAL 48
Eisceachtaí slándála
Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní:
(a)
lena gceanglaítear ar Pháirtí aon fhaisnéis a thabhairt, ar faisnéis í a mheasann sé go mbeadh a nochtadh in aghaidh a leasanna bunúsacha slándála; nó
(b)
chun Páirtí a chosc ar aon ghníomh a dhéanamh a mheasann sé a bhfuil gá leis chun a leasanna bunúsacha slándála a chosaint:
(i)
atá nasctha le hairm, armlón agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a gháinneáil agus leis an ngáinneáil agus na hidirbhearta sin in earraí agus ábhair, seirbhísí agus teicneolaíocht eile, agus le gníomhaíochtaí eacnamaíocha, arna ndéanamh go díreach nó go hindíreach chun bunaíocht mhíleata a sholáthar;
(ii)
a bhaineann le hábhair ineamhnaithe agus in‑chomhleáite nó na hábhair óna bhfaightear iad; nó
(iii)
arna dhéanamh le linn cogaidh nó le linn éigeandáil eile sa chaidreamh idirnáisiúnta; nó
(c)
chun Páirtí a chosc ó aon ghníomh a dhéanamh de bhun a oibleagáidí faoi Chairt na Náisiún Aontaithe chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choinneáil ar bun.
AIRTEAGAL 49
Caidreamh le Comhaontú Cotonou
Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a chuirfidh cosc ar na Páirtithe bearta iomchuí a ghlacadh de bhun Chomhaontú Cotonou.
AIRTEAGAL 50
Fad ama
Tugtar an Comhaontú i gcríoch le haghaidh tréimhse 20 bliain, agus is féidir é a athnuachan go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhionanna agus comhleanúnacha.
AIRTEAGAL 51
Foirceannadh
1.
Féadfaidh Páirtí fógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile de chuid an Chomhaontaithe seo faoin rún atá aige an Comhaontú seo a fhoirceannadh.
2.
Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 6 mhí tar éis don Pháirtí eile an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil.
AIRTEAGAL 52
Cur i bhfeidhm críochach
1.
Beidh feidhm ag an gComhaontú seo
(a)
maidir leis an Aontas Eorpach, na críocha a gcuirtear an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm maidir leo agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus
(b)
maidir le hAngóla, na críocha ina bhfeidhmíonn Angóla ceannasacht nó cearta ceannasacha i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus lena dhlí intíre, lena n-áirítear críoch talún, uiscí inmheánacha, farraigí teorann agus aerspás os a gcionn, chomh maith le limistéir mhuirí atá cóngarach don fharraige theorann, lena n-áirítear grinneall na farraige, an scairbh ilchríochach agus an fho-ithir chomhfhreagrach.
2.
Tuigfear tagairtí do ‘chríoch’ sa Chomhaontú seo sa chiall dá dtagraítear i mír 1.
3.
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, sna tagairtí don dlí idirnáisiúnta san Airteagal seo, áirítear go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, arna dhéanamh in Montego Bay an 10 Nollaig 1982. I gcás neamhréireacht idir an dlí náisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta, is ag an dlí idirnáisiúnta a bheidh forlámhas.
AIRTEAGAL 53
Leasuithe
Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú, i scríbhinn, an Comhaontú seo a leasú. Tiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 57.
AIRTEAGAL 54
Aontachas Ballstát nua leis an Aontas Eorpach
1.
Cuirfidh an tAontas Angóla ar an eolas faoi aon iarraidh ar aontachas tríú tír le bheith ina Ballstát den Aontas.
2.
Tabharfaidh an tAontas fógra do Angóla faoi theacht i bhfeidhm aon Chonradh i dtaobh aontachas tríú tír leis an Aontas.
AIRTEAGAL 55
Cearta agus oibleagáidí faoin gComhaontú seo
Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a thugann cearta do dhaoine nó a fhorchuireann oibleagáidí ar dhaoine seachas iad siúd arna gcruthú idir na Páirtithe faoi dhlí idirnáisiúnta poiblí, ná mar ní a cheadaíonn an Comhaontú seo a agairt go díreach i gcórais dlí intíre na bPáirtithe.
AIRTEAGAL 56
Tagairtí do dhlíthe agus do Chomhaontuithe eile
1.
Mura sonraítear a mhalairt, i gcás ina ndéantar tagairt do dhlíthe agus do rialacháin Páirtí, tuigfear go mbeidh leasuithe ar na dlíthe agus na rialacháin sin san áireamh leo.
2.
I gcás ina dtagraítear do chomhaontuithe idirnáisiúnta sa Chomhaontú seo nó ina ndéantar iad a ionchorprú sa Chomhaontú seo, go hiomlán nó go páirteach, tuigfear go mbeidh san áireamh leo leasuithe orthu nó a gcomhaontuithe comharba a thiocfaidh i bhfeidhm don dá Pháirtí ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo nó ina dhiaidh sin. Má thagann aon ábhar chun cinn maidir le cur chun feidhme nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo mar thoradh ar leasuithe nó comhaontuithe comharba den sórt sin, féadfaidh na Páirtithe, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, dul i gcomhairle le chéile d’fhonn teacht ar réiteach atá sásúil don dá thaobh.
AIRTEAGAL 57
Teacht i bhfeidhm
1.
Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta a bheidh fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile faoi thabhairt i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach chun na críche sin.
2.
Seolfar fógraí a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo, i gcás an Aontais, chuig Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus, i gcás Angóla, chuig an Aireacht Gnóthaí Eachtracha, chuig an Stiúrthóir Náisiúnta um Chomhar Idirnáisiúnta.
AIRTEAGAL 58
Teangacha agus téacsanna barántúla
Dréachtaíodh an Comhaontú seo i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.
DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú
Arna dhéanamh i/sa ……, an …… lá de …… sa bhliain ……
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann Phoblacht Angóla