AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,XXX
COM(2023) 280
2023/0169(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas agus forfheidhmiú beart agus comhar in ábhair a bhaineann le cosaint daoine fásta
{SWD(2023) 154-156}
{SEC(2023) 208}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá sé d’aidhm ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú, a choinneáil ar bun agus a fhorbairt ina n‑áirithítear saorghluaiseacht daoine, rochtain ar an gceartas agus lánurraim do chearta bunúsacha.
Tá méadú leanúnach ag teacht san Aontas ar líon na ndaoine fásta nach bhfuil in ann a leasanna féin a chosaint (dá ngairtear ‘daoine fásta’ anseo feasta) mar gheall ar lagú nó neamhdhóthanacht a gcumas pearsanta. Is é is cúis leis sin aosú an daonra agus líon na dtinneas a bhaineann le haois ina dhiaidh sin, chomh maith leis an méadú atá ag teacht ar líon na ndaoine faoi mhíchumas. Ag brath ar reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu, féadfaidh siad a bheith faoi bheart cosanta arna dhéanamh ag cúirt nó ag údarás riaracháin, nó féadfaidh tríú páirtí a d’ainmnigh siad roimh ré (trí chumhachtaí ionadaíochta) tacú leo chun a leasanna a bhainistiú.
Leis an méadú atá ag teacht ar an líon daoine fásta sin a dteastaíonn tacaíocht uathu le cinntí a dhéanamh chomh maith leis an méadú ar shoghluaisteacht daoine san Aontas, fágann sé go mbíonn daoine fásta i staideanna trasteorann ag tabhairt aghaidh ar neart saincheisteanna. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar dhaoine fásta a sócmhainní nó a réadmhaoin atá lonnaithe i dtír eile a bhainistiú, dul faoi chúram leighis éigeandála nó pleanáilte thar lear, nó athlonnú chuig tír eile ar chúiseanna éagsúla. In éagmais staidrimh, meastar gur idir 145 000 agus 780 000 líon na ndaoine fásta a chuireann údarás breithiúnach nó riaracháin faoi bheart cosanta i staideanna trasteorann san Aontas.
Sna staideanna trasteorann sin, bíonn ar dhaoine fásta aghaidh a thabhairt ar rialacha agus dlíthe príobháideacha idirnáisiúnta casta na mBallstát a bhíonn ag teacht salach ar a chéile uaireanta. Leis na rialacha sin, cinntear cén chúirt nó cén t-údarás eile atá inniúil ar bhearta cosanta a dhéanamh (dá ngairtear ‘údarás’ anseo feasta) a bhfuil dlínse acu, cén dlí a bhfuil feidhm aici maidir lena gcás, agus maidir le cinneadh a rinneadh nó cumhachtaí ionadaíochta arna mbunú thar lear, conas iad a aithint nó éifeacht a thabhairt dóibh. Mar thoradh air sin, bíonn éiginnteacht dhlíthiúil shuntasach ann do dhaoine fásta, dá dteaghlaigh agus dá n-ionadaithe i ndáil leis na rialacha a mbeidh feidhm acu maidir lena gcás agus i ndáil le toradh na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí is gá dóibh a dhéanamh. Chun a áirithiú go leanfaidh a gcosaint thar theorainneacha nó go mbeidh rochtain acu ar a gcearta thar lear, is minic a bhíonn orthu dul trí imeachtaí fada costasacha. I gcásanna áirithe, ní aithnítear an chosaint a thugtar dóibh ná na cumhachtaí a thugtar dá n-ionadaí sa deireadh, ní ag cúirteanna eachtracha ná ag gníomhaithe neamhbhreithiúnacha cur i gcás bainc, baill foirne leighis nó gníomhaire eastáit.
Faoi choimirce Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach (HCCH), glacadh Coinbhinsiún an 13 Eanáir 2000 maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Daoine Fásta (Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta) lena dtugtar aghaidh ar chuid de na deacrachtaí sin. Foráiltear leis an gCoinbhinsiún maidir le comhlacht cuimsitheach rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forfheidhmiú beart cosantach, chomh maith le forálacha maidir le cumhachtaí ionadaíochta. Leagtar amach ann freisin sásraí le haghaidh comhair idir údaráis agus Údaráis Lárnacha na dtíortha a dhaingnigh an Coinbhinsiún (Páirtithe Conarthacha). Meastar d’aon toil gur ionstraim dlí idirnáisiúnta phríobháidigh atá éifeachtúil é an Coinbhinsiún sin atá oiriúnach dá fheidhm ar an leibhéal domhanda.
Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit agus stáit níos faide i gcéin Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta a dhaingniú chun go bhfeidhmeoidh sé go héifeachtach. Mar sin féin, níl ach 12 Bhallstát ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún sin faoi láthair.
Is cuspóir seanbhunaithe de chuid an Aontais é daingniú Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta ag na Ballstáit uile (nó aontachas na mBallstáit uile leis). Ó 2008 i leith, rinne Comhairle an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta a fhormhuiniú go sainráite. Thacaigh Parlaimint na hEorpa go gníomhach ní hamháin le daingniú an Choinbhinsiúin ag na Ballstáit go léir ach le tionscnamh reachtach de chuid an Aontais féideartha i réimse chosaint na ndaoine fásta chun an Coinbhinsiún a fhorlíonadh.
Ar leibhéal an Aontais, glacadh níos mó ná 20 rialachán de chuid an Aontais chun rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a chomhchuibhiú, agus mar thoradh air sin baineadh go leor bacainní ar chomhar breithiúnach i measc na mBallstát bunaithe ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí. Níl aon ionstraim ann, áfach, lena rialaítear comhar breithiúnach i réimse chosaint daoine fásta idir na Ballstáit.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo mar chuid de phacáiste ina bhfuil togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear do 14 Bhallstát nach Páirtithe Conarthacha iad sa Choinbhinsiún a bheith ina bpáirtithe, chun leas an Aontais Eorpaigh, i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta.
Leagfar síos leis sin rialacha comhchoiteanna maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach san Aontas arna gcur i bhfeidhm ag údaráis na mBallstát le tíortha nach bhfuil san Aontas agus atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún. Cothóidh sé sin cearta daoine fásta lasmuigh de theorainneacha an Aontais.
Maidir leis an gcaidreamh idir na Ballstáit, beidh tosaíocht ag an togra seo le haghaidh Rialacháin ar na rialacha a leagtar amach i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta maidir le dlínse agus an dlí is infheidhme trí thagairt dhíreach a dhéanamh d’fhorálacha comhfhreagracha an Choinbhinsiúin. I réimsí eile, cuireann an togra le haghaidh Rialacháin leis an gCoinbhinsiún chun a rialacha a shimpliú tuilleadh agus chun éifeachtúlacht i gcomhar idir na Ballstáit a fheabhsú. Éascaítear tuilleadh simplithe agus comhar feabhsaithe san Aontas freisin trí uirlisí digitithe agus Deimhniú Eorpach Ionadaíochta a thabhairt isteach sa Rialachán.
Dá bhrí sin, is é breisluach an Rialacháin atá beartaithe na rialacha a áirítear sa Choinbhinsiún maidir le cúinsí an Aontais a shimpliú agus a nuachóiriú agus an chomhair i measc na mBallstát i réimse chosaint na ndaoine fásta a neartú. Cé go bhfuil na rialacha sa Choinbhinsiún dírithe go ginearálta ar chur i bhfeidhm domhanda ag tíortha a bhfuil córais dlí éagsúla acu agus go sonrach ar chosaint daoine fásta, bheadh an Rialachán in ann rialacha níos cuíchóirithe agus comhar níos dlúithe a bhunú bunaithe ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí i measc na mBallstát agus leas á bhaint as an taithí a fuarthas maidir le réimsí eile den cheartas sibhialta trasteorann san Aontas a chomhchuibhiú.
Fágann sé sin go mbeadh feidhm ag an Rialachán atá beartaithe sna Ballstáit, agus bheadh feidhm ag an gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta i dtaca le Stáit nach bhfuil san Aontas ach atá ina Stáit Chonarthacha sa Choinbhinsiún. D’fhéadfadh ceangal a bheith ag daoine fásta san Aontas le Ballstáit agus le tíortha nach bhfuil san Aontas (mar shampla maoin a bheith acu ann nó naisc phearsanta a bheith acu leo). Dá bhrí sin, tá creat comhleanúnach dlí idirnáisiúnta phríobháidigh atá infheidhme maidir le cosaint daoine fásta san Aontas agus i ndáil le tíortha nach bhfuil san Aontas ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún araon, is rud é atá ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar daoine fásta a chosaint i staideanna idirnáisiúnta.
Tá an dá thogra le haghaidh Rialacháin agus Cinneadh ón gComhairle comhlántach lena chéile agus ar an gcúis sin cuirtear i láthair le chéile iad.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), ar coinbhinsiún é atá, ó glacadh é in 2006, mar bhunchloch idirnáisiúnta do chearta daoine faoi mhíchumas.
Aithníodh roinnt uaireanta comhsheasmhacht agus idirghníomhú dearfach na rialacha a leagtar síos i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta leis na cearta atá cumhdaithe in UNCRPD. Mar shampla, i staidéar dlíthiúil arna choimisiúnú ag Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus sa ráiteas comhpháirteach gaolmhar ón Rapóirtéir Speisialta maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus an saineolaí neamhspleách ar theachtadh chearta uile an duine ag daoine scothaosta, rinneadh an tsaincheist a shoiléiriú trína chinneadh a dhéanamh go bhfágann an Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta dóthain spáis le haghaidh léirmhíniú agus feabhsuithe praiticiúla agus gur féidir forbairt a dhéanamh air chun nuachóiriú na ndlíthe náisiúnta a léiriú.
Thairis sin, i mí an Mhárta 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030. Leis an straitéis sin, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún feabhas a chur ar shaol daoine faoi mhíchumas san Eoraip agus ar fud an domhain. Tugann sé sin aghaidh go háirithe ar an tsaincheist maidir le ‘Feabhas a chur ar an rochtain ar cheartas, cosaint dhlíthiúil, saoirse agus slándáil’ do dhaoine faoi mhíchumas. Tá cur chun feidhme Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta ar aon dul le UNCRPD ar cheann de chuspóirí na straitéise. Chun na críche sin, rinneadh staidéar dlíthiúil in 2021 agus thángthas ar an gconclúid i dtaca le tionscnamh de chuid an Aontais maidir le cosaint trasteorann do dhaoine fásta, go gcosnódh sé cearta daoine faoi mhíchumas a dteastaíonn tacaíocht uathu chun a leasanna a chosaint. Thángthas ar an gconclúid sa staidéar dlíthiúil go gcuirfeadh rialachán de chuid an Aontais lena bhfeabhsaítear agus lena simplítear an comhar breithiúnach san Aontas, chomh maith le daingniú Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta, go gcuirfeadh siad feabhas suntasach ar chearta daoine fásta.
Is céim shuntasach chun cinn é an togra seo maidir le hurramú an chirt chun neamhspleáchais a chumhdaítear in UNCRPD toisc go n-éascóidh sé cúrsaíocht na gcumhachtaí ionadaíochta arna ndeonú roimh ré ag duine fásta ar feadh tréimhse nuair nach mbeidh an duine fásta in ann a leasanna a chosaint. Go háirithe, déantar foráil sa togra seo maidir le glacadh le hionstraimí barántúla chun a n-éifeacht fhianaiseach san Aontas a aithint go tapa agus chruthaíonn an togra Deimhniú Eorpach Ionadaíochta ionas gur féidir le hionadaithe cineál agus réim a gcumhachtaí thar theorainneacha a chruthú go héasca.
Ar deireadh, cuireann an togra seo freisin leis na tionscnaimh ón gCoimisiún a bhí ann roimhe seo maidir le digiteáil an chomhair bhreithiúnaigh. Ina Theachtaireacht an 2 Nollaig 2020, gheall an Coimisiún go mbeadh na bealaí digiteacha ina rogha réamhshocraithe i gcomhar trasteorann an Aontais. An 1 Nollaig 2021, chuir an Coimisiún togra maidir le digiteáil an chomhair bhreithiúnaigh i láthair chun digiteáil iomlán a dhéanamh ar na hionstraimí reachtacha atá ann cheana in ábhair shibhialta agus choiriúla. Chun réimse na cosanta do dhaoine fásta a dhigiteáil, cuireann an togra seo le haghaidh Rialacháin leis an togra maidir leis an digiteáil.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 81(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí le hinniúlacht an Aontais Eorpaigh i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála, agus dá bhrí sin is é atá i mbunús dlí an togra seo le haghaidh Rialacháin.
Os a choinne sin, níl feidhm ag Airteagal 81(3) CFAE maidir le dlí teaghlaigh a bhfuil impleachtaí trasteorann aige toisc nach ábhar dlí teaghlaigh í cosaint trasteorann daoine fásta.
Ní mór an téarma ‘dlí teaghlaigh’ de réir bhrí Airteagal 81(3) CFAE a léirmhíniú go huathrialach gan beann ar an sainmhíniú dá bhforáiltear i reachtaíocht náisiúnta na mBallstát. Go dtí seo, rinne reachtóir an Aontais an coincheap a léirmhíniú go docht agus rinneadh é a theorannú do na rialacha lena rialaítear caidrimh theaghlaigh, amhail cúrsaí pósta, freagrachtaí tuismitheoirí nó oibleagáidí maidir le coinneáil ar bun. Níor measadh gur ábhar dlí teaghlaigh é Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 maidir le hábhair chomharbais, mar shampla, agus glacadh é bunaithe ar Airteagal 81(2) CFAE.
Is minic go mbaineann daoine fásta soghonta tairbhe as cosaint a chuireann baill teaghlaigh ar fáil. I roinnt Ballstát, leagtar na cúraimí maidir le cosaint dhlíthiúil do dhaoine fásta soghonta, mar ábhar dlí, ar an gcéile nó ar bhaill teaghlaigh. Mar sin féin, níl teaghlach an duine fásta ach ar cheann de na gnéithe atá le breithniú chun an chosaint a áirithiú, agus é sin sa chás go bhfuil teaghlach ag an duine fásta sin. Ní gné riachtanach í go mbeidh baint ag baill theaghlaigh leis an scéal, ná ní gné í a rialaítear le rialacha faoin dlí idirnáisiúnta príobháideach. Ina ionad sin, is é an t-ábhar imní ríthábhachtach maidir le cosaint do dhaoine fásta an tacaíocht a chuirtear ar fáil agus cearta an duine fásta chun dínite, chun neamhspleáchais aonair, chun neamh-idirdhealaithe agus chun cuimsiú sóisialta a chaomhnú, beag beann ar na naisc theaghlaigh atá acu.
Ar deireadh, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon tagairt sa togra seo ná sa Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta do ghaolta teaghlaigh (amhail ‘tuismitheoir’, ‘leanaí’ nó ‘céile’), rud atá contrártha le Rialacháin an Aontais a chumhdaíonn ábhair a bhaineann le dlí an teaghlaigh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Is fearr is féidir an cuspóir beartais, is é sin sraith éifeachtúil agus comhchuibhithe rialacha maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach a bhfuil feidhm acu maidir le gach Ballstát i gcásanna trasteorann maidir le cosaint do dhaoine fásta, a bhaint amach trí thionscnamh de chuid an Aontais.
Tá gné bhunúsach an Aontais ag baint leis na fadhbanna reatha atá ag daoine fásta i staideanna trasteorann toisc gur de chineál trasteorann iad agus toisc go ndéanann siad difear do chearta bunúsacha daoine fásta agus dá gceart chun saorghluaiseachta. Tá feidhm ag na rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta, leis an dlí is infheidhme agus le haitheantas i gcomhthéacs trasteorann agus, dá bhrí sin, éilítear rannpháirtíocht dhá thír ar a laghad. Is iomaí saincheist a chruthaíonn Ballstáit atá ag teacht salach ar rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh nó atá éagsúil óna chéile i réimse na cosanta do dhaoine fásta i staideanna trasteorann san Aontas, amhail cosaint scortha do dhaoine fásta, neamhaitheantas beart eachtrach, imeachtaí breithiúnacha breise, nó easpa aitheantais na n-uachtanna agus na bhfabhar arna gcur in iúl ag duine fásta. Ní fhéadfadh na Ballstáit, agus iad ag gníomhú ina n-aonar, dul i ngleic go sásúil leis na fadhbanna sin.
Ar an gcaoi chéanna, chun an comhar breithiúnach a nuachóiriú agus a dhigiteáil, ní mór rialacha comhchuibhithe a chur i bhfeidhm (mar shampla, foirmeacha aonfhoirmeacha chun nósanna imeachta trasteorann a chuíchóiriú), agus úsáid uirlisí idir-inoibritheacha (foirmeacha, bogearraí, cláir etc.), nach féidir a fhorbairt ach ar leibhéal an Aontais.
•Comhréireacht
Is iad cuspóirí an togra seo cearta bunúsacha daoine fásta a chosaint, éifeachtacht agus luas na n-imeachtaí trasteorann a bhaineann le daoine fásta a chosaint a fheabhsú, agus deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht i ndéileálacha trasteorann a neartú. Chuige sin, déanann an togra rialacha na mBallstát maidir le dlínse idirnáisiúnta, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú beart cosanta agus glacadh le hionstraimí barántúla a chomhchuibhiú. Leagtar amach ann freisin rialacha lena dtugtar éifeacht do chumhachtaí ionadaíochta i ngach Ballstát. Ar deireadh, déantar foráil ann maidir le huirlisí a fhorbairt chun an comhar idir na Ballstáit sa réimse sin a fheabhsú agus a bhrostú.
Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a ghnóthú.
Mar shampla, ní chuireann sé isteach ar rialacha náisiúnta lena rialaítear an tacaíocht a thugtar do dhaoine fásta a bhfuil cumais laghdaithe acu; níl feidhm aige ach amháin maidir le heasaontacht dlínse, easaontacht dlíthe nó aitheantas beart eachtrach nó doiciméad i staideanna trasteorann.
Ina theannta sin, tá an Deimhniú Eorpach Ionadaíochta a thugtar isteach sa togra seo roghnach agus ní ghlacfaidh sé ionad doiciméid náisiúnta choibhéiseacha a chuireann fianaise ionadaíochta ar fáil.
Leis an togra ceanglaítear ar na Ballstáit clár beart agus cumhachtaí ionadaíochta a chruthú agus é a idirnascadh le cláir na mBallstát eile. Déantar sin chun a áirithiú go ndéanfar daoine fásta a chosaint i gcásanna trasteorann, agus go n-urramófar a gceart chun neamhspleáchais aonair, lena n-áirítear an tsaoirse chun a roghanna féin a dhéanamh maidir lena bpearsa agus/nó socruithe a dhéanfar amach anseo nuair a ghluaiseann siad laistigh den Aontas. Mar sin féin, an tacar sonraí atá le clárú agus le comhroinnt trí idirnascadh na gclár faoin togra seo, tá an tacar sonraí sin thar a bheith teoranta agus níl ann ach faisnéis maidir leis an gcosaint atá ag duine fásta cheana féin. Thairis sin, leanfaidh na Ballstáit de bheith freagrach as na húdaráis náisiúnta a ainmniú ar féidir leo rochtain a fháil ar chóras idirnasctha na gclár.
Urramaítear prionsabal na comhréireachta leis an togra dá bhrí sin.
•An rogha ionstraime
Rialacha comhchoiteanna maidir le dlínse idirnáisiúnta a ghlacadh, bearta cosanta a aithint, glacadh le hionstraimí barántúla, agus an dlí is infheidhme maidir le bearta cosanta agus cumhachtaí ionadaíochta i staideanna trasteorann, ní féidir na nithe sin a bhaint amach ach amháin trí shraith choiteann rialacha a bhfuil feidhm acu san Aontas.
Ina theannta sin, comhar iomlán idir na húdaráis agus deireadh a chur le bacainní do dhaoine fásta agus dá n-ionadaithe, is fearr is féidir na nithe sin a bhaint amach ar bhonn phrionsabal na muiníne frithpháirtí. Is i rialachán amháin is féidir an Deimhniú Eorpach Ionadaíochta, digiteáil na cumarsáide trasteorann agus bacainní teanga a leagan síos. Ar deireadh, is le rialachán amháin a áirithítear léirmhíniú agus cur i bhfeidhm iomlán comhsheasmhach rialacha san Aontas. I gcomhréir le hionstraimí an Aontais roimhe seo maidir leis an dlí príobháideach idirnáisiúnta, is amhlaidh dá bhrí arb é rialachán an rogha ionstraime dlí.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní bhaineann le hábhar
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinneadh comhairliúcháin fairsinge forleathana roimh an togra seo agus roimh an togra comhthreomhar le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an ábhar céanna.
Rinneadh an comhairliúchán poiblí oscailte agus an glao ar fhianaise go luath in 2022. An chuid is mó de na bhfreagróirí, lena n-áirítear na Ballstáit agus eagraíochtaí gairmiúla a dhéanann ionadaíocht ar dhlíodóirí agus nótairí, thacaigh siad le tionscnamh de chuid an Aontais lena gcuirfí d’oibleagáid ar na Ballstáit Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta a dhaingniú agus d’iarr siad ionstraim de chuid an Aontais chun an Coinbhinsiún a fhorlíonadh. Chuir roinnt freagróirí (ENRanna chun cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint) in iúl go raibh imní orthu maidir le cearta bunúsacha daoine fásta, dá mbeadh ionstraim AE i bhfabhar cúrsaíocht cinntí a d’fhéadfadh cearta bunúsacha daoine fásta a shárú.
Mar chuid den straitéis chomhairliúcháin an Choimisiúin, eagraíodh cruinniú ar líne le páirtithe leasmhara an 29 Meán Fómhair 2022. Thairis sin, an 27 Deireadh Fómhair 2022, d’eagraigh an Coimisiún cruinniú ar líne le saineolaithe ó na Ballstáit chun faisnéis a chur ar fáil faoin tionscnamh maidir le cosaint daoine fásta agus chun na chéad tuairimí a mhalartú. Spreag na Ballstáit atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún cheana féin na Ballstáit eile chun é a dhaingniú. I measc na gcúiseanna a thug na Ballstáit gan an Coinbhinsiún a dhaingniú bhí athrú ar an rialtas, plé inmheánach leanúnach, agus líon íseal na gcásanna trasteorann a tuairiscíodh, ach níor cáineadh an Coinbhinsiún féin.
Ar deireadh, le linn an chruinnithe a tionóladh an 7 agus an 8 Samhain 2022, chuathas i gcomhairle leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus tráchtála (EJN-civil) maidir leis an ról a d’fhéadfadh a bheith aige i dtionscnamh amach anseo.
Mar chonclúid, léirigh gníomhaíochtaí comhairliúcháin uile an Choimisiúin tacaíocht láidir agus aiseolas dearfach ar an iomlán maidir le Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta. Ina theannta sin, léiríodh sna comhairliúcháin gur mheas formhór na bpáirtithe leasmhara go raibh gá praiticiúil le bearta breise ar leibhéal an Aontais agus gur thacaigh siad leo.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Rinneadh staidéar dlíthiúil in 2021. Tháinig údair an staidéir ar na conclúidí seo a leanas: (i) go bhfuil bearnaí agus neamhréireachtaí suntasacha ann i gcosaint trasteorann daoine fásta (rialacha maidir le dlínse, cumhachtaí ionadaíochta a aithint, easpa deimhneachta dlíthiúla agus fadhbanna praiticiúla do na húdaráis); (ii) le daingniú ginearálta Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta san Aontas Eorpach, thabharfaí aghaidh go díreach ar roinnt de na fadhbanna idir na Ballstáit agus le Stáit nach bhfuil san Aontas; agus (iii) le hionstraim de chuid an Aontais, neartófaí tuilleadh an chosaint a thugtar do dhaoine fásta agus d’éascódh sí a saol agus obair na n-údarás inniúil.
Cuireadh staidéar breise a thacaíonn le hullmhú measúnaithe tionchair i gcrích in 2022 agus soláthraíodh tuilleadh fianaise agus anailíse ar na fadhbanna atá ann cheana agus ar an tionchar a bhí ag roghanna beartais éagsúla. I gcomhthéacs an staidéir sin, rinneadh tuilleadh comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara.
Le misean aimsithe fíoras Ghréasán Eorpach na Seirbhísí Cigireachta Breithiúnaí (RESIJ) leagadh béim ar an gcosaint neamhleor a thugtar do dhaoine fásta i gcásanna trasteorann agus rinneadh na moltaí seo a leanas: (i) feabhas a chur ar oiliúint na n-údarás maidir leis na hionstraimí atá ar fáil; (ii) an téarmaíocht a chomhchuibhiú; (iii) Deimhniú Eorpach Ionadaíochta a chruthú; (iv) cláir náisiúnta idir-inoibritheacha a bhunú maidir le cosaint daoine fásta; agus (v) sraith choiteann rialacha an Aontais a ghlacadh.
Bailíodh saineolas breise maidir le cosaint trasteorann daoine fásta ó fhoinsí eile, amhail staidéar Pharlaimint na hEorpaa ghabhann lena Tuarascáil Tionscnaimh Reachtaigh (2016) agus Tuarascáil na hInstitiúide Eorpaí um Dhlí (2020).
•Measúnú tionchair
Bunaithe ar Threoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil níos Fearr agus ar chonclúidí an mheasúnaithe tionchair tosaigh, d’ullmhaigh an Coimisiún measúnú tionchair tosaigh ar an togra seo. Sa mheasúnú tionchair, rinneadh iniúchadh ar na roghanna beartais seo a leanas: (i) an cás bunlíne; (ii) cinneadh ón gComhairle lena gcuirtear d’oibleagáid ar Bhallstáit a bheith ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta laistigh de thréimhse ama áirithe; (iii) rialachán lena dtrasuitear roinnt rialacha den Choinbhinsiún agus lena leagtar síos rialacha breise chun neamhspleáchas páirtithe a chothú, rialacha a shimpliú maidir le cinntí eachtracha a aithint agus forfheidhmiú, glacadh le hionstraimí barántúla, Deimhniú Eorpach Ionadaíochta a chruthú, cúnamh dlíthiúil a sholáthar, cláir a idirnascadh agus cumarsáid mhear agus éifeachtúil a chur ar bun; agus (iv) meascán de phointí (ii) agus (iii), arb éard atá ann cinneadh ón gComhairle lena rialaítear cásanna a bhaineann le tíortha nach bhfuil san Aontas agus rialachán, lena gcuirtear le rialacha an Choinbhinsiúin agus lena bhfeabhsaítear a fheidhmiú i measc na mBallstát.
Rinneadh tuarascáil an mheasúnaithe tionchair iniúchadh ar gach ceann de na roghanna sin, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann, ar an éifeachtacht, an éifeachtúlacht agus comhleanúnachas le creat dlíthiúil agus beartais an Aontais. Bunaithe ar an measúnú sin, roghnaíodh an rogha ‘pacáiste’ arb é atá ann togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta a dhaingniú agus le haghaidh rialachán chun comhar breithiúnach idir na Ballstáit a fheabhsú.
Baineadh de thátal as an measúnú tionchair go gcuirfeadh an rogha a roghnaíodh, trí chreat dlíthiúil comhsheasmhach, feabhas suntasach ar chosaint daoine fásta trí dheimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, trí imeachtaí dlíthiúla fada a laghdú agus a sheachaint, agus ar deireadh trí aitheantas do chosaint daoine fásta i gcásanna trasteorann a éascú, laistigh agus lasmuigh de theorainneacha an Aontais.
Ba é an beartas a roghnófar an ceann ab éifeachtaí freisin le haghaidh a thabhairt ar fhadhbanna maidir le cosaint daoine fásta óir ba shuntasach i bhfad iad na tionchair dhearfacha dhlíthiúla, shóisialta agus shíceolaíochta a bhainfidh leis. Bheadh tionchar dearfach soiléir ag an rogha a roghnófar ar chearta daoine fásta a chosaint, lena n-áirítear cearta bunúsacha, amhail a gceart chun maoine, rochtain ar cheartas, uathriail aonair, agus saorghluaiseacht. Bheadh tionchar dearfach sóisialta agus síceolaíoch aige freisin mar d’fhágfadh sé go mbeadh níos mó deimhneachta dlíthiúla ann, bheadh buntáistí ann dá leas agus dá gcuimsiú sóisialta, agus dhéanfadh sé anacair mhothúchánach a mhaolú. Laghdódh sé na costais atá ar dhaoine fásta faoi láthair i staideanna trasteorann agus ar na Ballstáit. Ní bheadh tionchair eile suntasacha ann. Bheadh an rogha beartais sin i gcomhréir leis an bprionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ ós rud é go ndéanfaí na nósanna imeachta trasteorann chun daoine fásta a chosaint a dhigiteáil faoin Rialachán.
Trí rialacha comhchoiteanna an Aontais a ghlacadh, chuirfeadh an rogha a roghnófar deireadh le formhór na gcostas agus an ualaigh riaracháin a bhaineann le himeachtaí breithiúnacha, le haistriúcháin, agus le nósanna imeachta eile le gníomhaithe neamhbhreithiúnacha. Meastar go sábhálfadh an duine fásta nó an t-ionadaí ar an meán idir EUR 40 agus EUR 9 000 i gcás trasteorann.
An 20 Eanáir 2023 thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar
•Cearta bunúsacha
Cothaítear leis an Rialachán seo an ceart chun neamhspleáchais agus saoirse chun a roghanna féin a dhéanamh ag an duine trí chúrsaíocht na gcumhachtaí ionadaíochta arna dtarraingt suas ag daoine fásta a éascú. Áirithítear é sin go háirithe trí Dheimhniú Eorpach Ionadaíochta a chruthú, rud a chuirfidh ar chumas ionadaithe arna gceapadh ag duine fásta cineál agus méid a gcumhachtaí thar lear a chruthú go héasca. Déanfar é sin a ráthú freisin leis na rialacha maidir le hionstraimí barántúla a ghlacadh, lena n-áiritheofar go n-aithneofar éifeachtaí fianaiseacha na ndoiciméad sin san Aontas. Thairis sin, áiritheofar le hidirnascadh na gclár nach ndéanfaidh údarás inniúil i mBallstát eile neamhaird ar na cumhachtaí ionadaíochta sin atá cláraithe i mBallstát amháin mar gheall ar an easpa faisnéise faoina bhfuil siad ann agus go n-urramófar, dá bhrí sin, toil agus roghanna an duine fásta.
Ina theannta sin, áiritheofar leis an togra seo, i gcásanna trasteorann, go ndéanfar rialacha comhchoiteanna maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach i ndáil le cosaint daoine fásta a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú i gcomhréir le UNCRPD. Leis an Rialachán seo, éascófar comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit tráth a chur chun feidhme, tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach (EJN-civil), tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas agus trí ghníomhaíochtaí oiliúna.
Ar deireadh, seasann an togra le cearta eile daoine fásta atá faoi bhagairt faoi láthair nó a bhíonn á sárú go rialta go hidirnáisiúnta, amhail na cearta chun comhionannais os comhair an dlí, an ceart chun maoine, an ceart chun rochtain ar cheartas agus chun saorghluaiseachta.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
D’fhéadfadh costais aonuaire a bheith ag Ballstáit chun dul in oiriúint do na rialacha a bhaineann leis an Rialachán, go sonrach na costais a eascraíonn as Údaráis Lárnacha a chur ar bun, nó as oiliúint a thabhairt do bhreithiúna agus údaráis inniúla eile maidir leis na rialacha nua. D’fhéadfadh mionchostais athfhillteacha a bheith i gceist, mar shampla, maidir le hoiliúint leanúnach na n-údarás nó faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin. Níl coinne leis go mbeidh aon cheann de na costais sin ina gcostais shuntasacha, agus d’fhéadfaí iad a fhritháireamh leis na gnóthachain éifeachtúlachta agus an coigilteas costais a thiocfadh de bharr an Rialacháin.
D’fhéadfadh roinnt costas a bheith ar na Ballstáit freisin, costais a bhaineann le pointí rochtana an chórais TF dhíláraithe a shuiteáil agus a choinneáil ar bun ar a gcríoch agus lena gcórais TF náisiúnta a choigeartú le go mbeidís idir‑inoibritheach leis na pointí rochtana. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit úsáid a bhaint as bogearraí cur chun feidhme tagartha arna bhforbairt ag an gCoimisiún, a bhféadfadh roinnt costas a bheith i gceist leo freisin. Tá gá leis na costais sin chun gur féidir cumarsáid leictreonach a dhéanamh idir na húdaráis inniúla trí chóras TF díláraithe, sa bhreis ar an gcumarsáid idir daoine agus údaráis inniúla tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach a bunaíodh ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas. Mar sin féin, ní bheadh na costais sin ag teastáil don togra seo amháin ós rud é go mbainfí úsáid as an córas TF díláraithe le haghaidh ionstraimí uile an Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála. Ina theannta sin, bheadh na Ballstáit in ann iarratas a dhéanamh ar dheontais chun na costais sin a mhaoiniú faoi chláir airgeadais iomchuí an Aontais.
Beidh costais shonracha aonuaire ag na Ballstáit, a bhaineann le clár digitithe amháin nó níos mó a bhunú agus iad a nascadh le cláir eile de chuid na mBallstát, chomh maith le costais athfhillteacha a bhaineann lena gcoinneáil ar bun ina dhiaidh sin.
Den chuid is mó, ba mhó an coigilteas foriomlán ar chostais nós imeachta a dhéanfadh daoine fásta agus a n-ionadaithe ná na costais sin.
Bheadh costais bhreise ar an gCoimisiún freisin mar thoradh ar dhigiteáil na cumarsáide idir údaráis agus idir daoine nádúrtha agus údaráis, agus ar idirnascadh na gclár. Cuirfidh an Coimisiún bogearraí cur chun feidhme tagartha coiteanna ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát, déanfaidh sé modúl nua den Phointe Rochtana Leictreonach Eorpach a tugadh isteach sa togra maidir le digiteáil a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, agus déanfaidh sé bogearraí um idirnascadh a fhorbairt agus a choinneáil ar bun do na cláir. Cuirtear sonraí na gcostas sin ar fáil sa ráiteas airgeadais agus sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá rialachán infheidhme go díreach i ngach Ballstát agus, dá bhrí sin, ní gá é a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta.
Tá oibleagáidí iomchuí monatóireachta, meastóireachta agus tuairiscithe á mbeartú sa togra. Ar an gcéad dul síos, dhéanfaí faireachán ar chur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin trí chruinnithe tráthrialta an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh (EJN-civil) ina dtugtar le chéile saineolaithe ó na Ballstáit. Ina theannta sin, dhéanfadh an Coimisiún meastóireacht iomlán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Ba ar bhonn ionchuir, i measc nithe eile, a dhéanfaí an mheastóireacht, ionchur a fuarthas ó údaráis na mBallstát, saineolaithe seachtracha agus páirtithe leasmhara.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
•I gCaibidil I leagtar amach raon feidhme an Rialacháin a bhfuil feidhm aige maidir le hábhair shibhialta a bhaineann le cosaint daoine fásta (Airteagal 1) trí fhoráil a dhéanamh maidir le liosta neamh-uileghabhálach d’ábhair a chumhdaítear faoin Rialachán agus liosta uileghabhálach de na hábhair a eisiatar ón Rialachán. Léirítear ann freisin ábhar an Rialacháin (Airteagal 2) agus sainmhínithe na dtéarmaí a úsáidtear sa Rialachán (Airteagal 3).
•I gCaibidil II leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le dlínse idirnáisiúnta ina ndéantar tagairt dhíreach do na rialacha dá bhforáiltear i gCaibidil II de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta. Le hAirteagail 6 agus 7 den Rialachán foráiltear maidir le foras breise neamheisiach dlínse is infheidhme san Aontas i gcás ina bhfuil rogha dlínse déanta ag duine fásta. Ba cheart an rogha sin a leanúint faoi thrí choinníoll charnacha a liostaítear in Airteagal 6, agus é d’oibleagáid Údarás Lárnach an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine fásta a chur ar an eolas.
•I gCaibidil III leagtar síos na rialacha maidir leis an dlí is infheidhme ina ndéantar tagairt dhíreach do Chaibidil III de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta.
•I Roinn 1 de Chaibidil IV déantar foráil maidir le haitheantas uathoibríoch a thabhairt do bhearta arna ndéanamh ag údaráis na mBallstát, chun éifeacht a thabhairt do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, prionsabal atá bunaithe ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí san Aontas. Coinnítear an foras le haghaidh neamhaitheantais don íosmhéid is gá, agus is é is aidhm dó, go háirithe, cearta bunúsacha daoine fásta a choimirciú fiú i staideanna trasteorann. Mar shampla, beag beann ar na nósanna imeachta náisiúnta agus ar an reachtaíocht náisiúnta, d’fhéadfaí nach n-aithneofaí beart a rinneadh gan deis éisteachta a thabhairt don duine fásta. Is in imthosca eisceachtúla amháin is féidir dul i muinín na heisceachta maidir le beartas poiblí, go háirithe i gcás sáruithe follasacha ar chearta bunúsacha daoine fásta. I Roinn 2 den Chaibidil sin cuirtear deireadh le exequatur (nósanna imeachta chun a dhearbhú go bhfuil beart arna dhéanamh i mBallstát amháin infhorghníomhaithe i mBallstát eile) le haghaidh bearta arna ndéanamh ag údaráis Bhallstáit. I Roinn 3 leagtar síos na rialacha nós imeachta is infheidhme nuair a dhéantar beart a agairt, a chonspóid nó a lorg, nó nuair atá forfheidhmiú birt á lorg os comhair údaráis Ballstáit.
•I gCaibidil V leagtar amach na rialacha maidir le glacadh le hionstraimí barántúla i mBallstát amháin arna dtarraingt suas ag údaráis inniúla i mBallstát eile, rud a éascaíonn a gcúrsaíocht san Aontas. Áirithítear le glacadh ionstraimí barántúla go mbeidh an éifeacht fianaiseach iomlán chéanna acu i mBallstáit eile agus a bhíonn acu sa Bhallstát tionscnaimh. Áirítear leis sin inneachar na n-ionstraimí taifeadta agus na fíorais atá ann araon. Tá an toimhde bharántúlachta agus in-fhorfheidhmitheachta céanna ag ionstraimí barántúla agus atá acu sa Bhallstát tionscnaimh.
•I Roinn 1 de Chaibidil VI maidir le comhar bunaítear Údaráis Lárnacha chun cuidiú le feidhmiú an Rialacháin agus chun cosaint daoine fásta a fheabhsú i gcásanna trasteorann a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin. Leagtar amach sa togra nósanna imeachta sonracha maidir leis an méid seo a leanas: (i) duine fásta nó duine ar dóigh dó tacaíocht a sholáthar don duine fásta a aimsiú; (ii) toiliú an Údaráis Lárnaigh a fháil sula gcuirtear duine fásta i mBallstát eile; agus (iii) údarás poiblí nó duine a bheidh ag gníomhú thar ceann údaráis phoiblí nó faoi mhaoirseacht údaráis phoiblí a cheapadh mar ionadaí don duine fásta thar lear. I Roinn 2 leagtar amach rialacha maidir le comhar díreach agus cumarsáid idir údaráis, trí na hÚdaráis Lárnacha más gá, chun cuidiú le beart a chur chun feidhme nó i gcásanna contúirte tromchúisí. Déantar foráil in Airteagal 27 maidir le bunús dlí le haghaidh cumarsáid dhíreach idir údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin. I Roinn 3 leagtar amach rialacha ginearálta maidir le comhar idir Údaráis Lárnacha nó údaráis inniúla Ballstát éagsúil. Leagtar síos leis freisin rialacha maidir leis an gceart chun cúnaimh dhlíthiúil d’iarratasóirí a bhaineann tairbhe as cúnamh dlíthiúil ina mBallstát tionscnaimh. Áirithítear leis sin rochtain an iarratasóra ar cheartas in imeachtaí maidir le beart a aithint orfheidhmiúnó gan é a aithint, nó doiciméad a sheirbheáil i mBallstát eile.
•I gCaibidil VII bunaítear Deimhniú Eorpach Ionadaíochta a chuirfidh ar chumas ionadaithe daoine fásta a gcumhachtaí a thaispeáint go héasca agus go héifeachtúil i mBallstát eile. Ba cheart do na Ballstáit údarás a cheapadh chun an deimhniú a eisiúint. Ba cheart eolas leordhóthanach a bheith ag an údarás sin ar an gcás lena mbaineann an deimhniú agus ba cheart rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis ábhartha chun an deimhniú a eisiúint go tapa arna iarraidh sin dó. Ní thagann an deimhniú seo in ionad deimhnithe eile a úsáidtear i mBallstáit áirithe. Tá fianuithe ag gabháil le haon bheart cosanta nó le haon ionstraim bharántúil dá n-aithint, dá bhforfheidhmiú, nó dá nglacadh ag údaráis inniúla Ballstát eile. Mar sin féin, ba cheart an deimhniú atá beartaithe a úsáid mar dhoiciméad neamhspleách chun cumhachtaí an ionadaí a thaispeáint, go háirithe nuair is gá dóibh déileáil le gníomhaithe neamhbhreithiúnacha thar ceann an duine fásta nó chun tacú leis.
•I gCaibidil VIII féachtar le feabhas a chur ar sholáthar faisnéise maidir le duine fásta a chosaint d’údaráis inniúla san Aontas. Áirithítear leis sin go n-urramófar ar fud an Aontais na bearta a dhéantar i mBallstát eile nó cumhachtaí ionadaíochta arna ndeonú ag an duine fásta i mBallstát eile. Dá bhrí sin, cuireann sé d’oibleagáid ar na Ballstáit clár amháin nó níos mó de bhearta arna ndéanamh ag a n-údaráis a chur ar bun. Ina theannta sin, nuair a fhoráiltear leis an dlí náisiúnta maidir le cumhachtaí ionadaíochta arna ndeimhniú ag údarás inniúil, ní mór do na Ballstáit clár de na cumhachtaí dearbhaithe ionadaíochta sin a bhunú. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh na cláir sin, chomh maith maidir le haon chlár cumhachtaí ionadaíochta eile a bhunófar faoin dlí náisiúnta, go mbeidh na cláir sin nasctha le chéile trí chóras um idirnascadh arna fhorbairt ag an gCoimisiún. Tá tacar íosta sonraí le taifeadadh sa chlár chun faisnéis leordhóthanach a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát eile maidir le beart nó cumhachtaí ionadaíochta a bheith ann i ndáil le duine fásta ar leith.
•I gCaibidil IX déantar foráil i maidir le húsáid éigeantach na cumarsáide digití idir údaráis inniúla nó Údaráis Lárnacha, agus maidir le húsáid roghnach na cumarsáide digití idir daoine nádúrtha agus údaráis inniúla.
•Sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, tá sraith foirmeacha sa togra lenar cheart an gá le haistriúcháin a laghdú agus an chumarsáid agus an t-aistriú faisnéise i gcásanna trasteorann san Aontas a éascú.
•Is é is aidhm d’Iarscríbhinní I agus II aithint agus forfheidhmiú na mbeart arna ndéanamh ag údaráis Ballstáit agus glacadh ionstraimí barántúla arna dtarraingt suas ag údaráis Ballstáit a éascú.
•Is foirmeacha caighdeánacha iad Iarscríbhinní IV go X arb é is aidhm dóibh an chumarsáid idir daoine nádúrtha agus údaráis inniúla nó idir údaráis inniúla nó Údaráis Lárnacha de chuid Ballstát éagsúil a éascú.
•Ar deireadh, tá foirm sa togra atá le húsáid ag na húdaráis inniúla chun an Deimhniú Eorpach Ionadaíochta (Iarscríbhinn III) a eisiúint.
2023/0169 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas agus forfheidhmiú beart agus comhar in ábhair a bhaineann le cosaint daoine fásta
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é is cuspóir leis an Rialachán seo rialacha a leagan síos maidir le cosaint daoine fásta, i gcásanna trasteorann, ar daoine fásta iad nach bhfuil in ann a leasanna a chosaint mar gheall ar lagú nó neamhdhóthanacht a gcumas pearsanta. Go háirithe, leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas agus forfheidhmiú beart, glacadh le hionstraimí barántúla agus comhar idir údaráis inniúla na mBallstát agus Údaráis Lárnacha.
(2)Tá sé curtha roimhe ag an Aontas mar chuspóir dó féin an tAontas a chruthú, a chaomhnú agus a fhorbairt mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha ina n‐áirithítear saorghluaiseacht daoine. D’fhonn limistéar den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas, i measc nithe eile, chun bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta, go háirithe nuair is gá le haghaidh fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.
(3)I gcomhréir le hAirteagal 81(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), féadfar a áireamh ar na bearta sin na bearta arb é is aidhm dóibh comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme sna Ballstáit a áirithiú maidir le heasaontacht dlíthe agus dlínse agus maidir le haitheantas agus forfheidhmiú frithpháirteach breithiúnas agus cinntí idir na Ballstáit i gcásanna seachbhreithiúnacha.
(4)Tá roinnt gníomhartha reachtacha glactha ag an Aontas i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Cé is moite de riail maidir le hinniúlacht daoine nádúrtha i gcomhthéacs oibleagáidí conarthacha trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ní rialaítear le haon cheann de na gníomhartha reachtacha sin de chuid an Aontais na gnéithe trasteorann a bhaineann le hinniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha. Ar an gcaoi chéanna, ní rialaítear le haon ghníomh dlí de chuid an Aontais gnéithe sibhialta de chosaint thrasteorann daoine fásta nach bhfuil in ann a leasanna a chosaint, de bharr bacainní a bhíonn roimh an idirghníomhaíocht idir lagú nó neamhdhóthanacht a gcumas pearsanta agus réimse tosca pearsanta agus tosca a bhaineann lena dtimpeallacht mhaireachtála, nó a bhféadfadh gá a bheith acu go leanfar ar fud an Aontais leis an tacaíocht agus leis na coimircí i bhfeidhmiú a n-inniúlacht dhlíthiúil a chuirtear ar fáil dóibh i mBallstát amháin.
(5)In éagmais rialacha comhchoiteanna den sórt sin, d’fhéadfadh deacrachtaí éagsúla teacht chun cinn do na daoine fásta nach bhfuil in ann a leasanna a chosaint i staideanna trasteorann, lena n-áirítear i gcás ina n-aistríonn na daoine fásta sin go Ballstát eile nó i gcás ina bhfuil maoin réadach nó sócmhainní eile acu i mBallstát eile. D’fhéadfadh deacrachtaí a theacht chun cinn, mar shampla, i gcás inar gá bearta a rinneadh i mBallstát amháin d’fhonn na daoine fásta a chosaint, lena n-áirítear bearta tacaíochta a chuirtear ar fáil chun a n-inniúlacht dhlíthiúil a fheidhmiú, a agairt i mBallstáit eile, nó, maidir le cumhachtaí ionadaíochta arna ndeonú ag na daoine fásta atá le feidhmiú ag a n-ionadaithe nuair nach bhfuil na daoine fásta in ann a leasanna a chosaint, i gcás inar gá na cumhachtaí sin a agairt níos déanaí thar lear. D’fhéadfadh iarmhairtí díobhálacha tromchúiseacha a bheith ag na deacrachtaí sin ar an deimhneacht dhlíthiúil i ndéileálacha trasteorann agus ar chearta agus ar fholláine na ndaoine fásta agus ar an meas ar a ndínit. Go háirithe, d’fhéadfaí difear diúltach a dhéanamh do chearta bunúsacha na ndaoine fásta, amhail rochtain ar cheartas, an ceart chun neamhspleáchais, agus an ceart chun maoine agus chun saorghluaiseachta.
(6)Dá bhrí sin, tá gá le rialacha maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach lena rialaítear staideanna trasteorann chun feabhas a chur ar chosaint chearta bunúsacha daoine fásta a bhfuil a gcumais phearsanta lagaithe nó neamhdhóthanach. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, déantar foráil i gCoinbhinsiún an 13 Eanáir 2000 maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Daoine Fásta (‘Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta’) i ndáil le rialacha maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas agus forfheidhmiú beart chun na daoine fásta sin a chosaint, i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le cumhachtaí ionadaíochta agus rialacha maidir le comhar i measc údarás inniúla nó Údarás Lárnacha a bPáirtithe conarthacha.
(7)Ní chuireann Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta cosc ar a Pháirtithe conarthacha a gcomhar a chur chun cinn i réimse chosaint na ndaoine fásta thar fhorálacha an Choinbhinsiúin féin ná fiú imeacht óna rialacha ina gcaidreamh frithpháirteach. I gcomhréir le hAirteagal 49(2) agus (3) de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta, bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún sin i leith daoine fásta a bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát. Maidir leis na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo, níor cheart dóibh difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta sin sa chaidreamh idir na Ballstáit agus tríú Stáit atá ina bPáirtithe conarthacha sa Choinbhinsiún sin.
(8)Ba cheart roinnt rialacha ó Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta a chuimsiú sa Rialachán seo, go háirithe maidir le dlínse idirnáisiúnta agus an dlí is infheidhme, agus na rialacha sin a dhéanamh infheidhme go díreach sa chaidreamh idir na Ballstáit. Is iomchuí, áfach, sa chaidreamh idir na Ballstáit, go gcuirfidh an tAontas tuilleadh feabhais ar chosaint daoine fásta i staideanna trasteorann laistigh den Aontas, agus é ag cur le prionsabal na muiníne frithpháirtí idir na Ballstáit agus leis an taithí a fuarthas ó réimsí eile den chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta a chomhlánú leis an Rialachán seo trí rialacha a leagan síos arb é is aidhm dóibh na nósanna imeachta agus an comhar idir údaráis inniúla na mBallstát a shimpliú, a chuíchóiriú agus a nuachóiriú. Go háirithe, maidir leis an gceart chun neamhspleáchais atá ag daoine fásta agus a gceart chun a n-inniúlacht dhlíthiúil a fheidhmiú ar bhonn comhionann le daoine eile, ba cheart a bheith in ann na cearta sin a chothú, trí úsáid cumhachtaí ionadaíochta a éascú, i gcomhthéacs trasteorann, ar cumhachtaí iad trína ndearna daoine fásta a gcosaint a eagrú roimh ré i gcomhair an ama nach mbeidh siad in ann aire a thabhairt dá leas féin, agus trí éifeacht iomlán láithreach a thabhairt do roghanna arna ndéanamh ag na daoine fásta.
(9)I bhfianaise chomhlántacht an Rialacháin seo agus Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta, chomh maith leis an ngá atá ann cosaint leanúnach daoine fásta a áirithiú i staideanna trasteorann a bhfuil baint ag na Ballstáit agus tríú tíortha leo, ba cheart léirmhíniú na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus léirmhíniú na rialacha a áirítear i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta a bheith ailínithe, i gcás inar féidir.
(10)Ina theannta sin, ba cheart léirmhíniú na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith faoi threoir a chuspóirí arb iad cosaint ceart agus saoirsí bunúsacha agus ceart eile daoine fásta a fheabhsú i staideanna trasteorann, lena n-áirítear a gceart chun neamhspleáchais, rochtain ar cheartas, a gceart chun maoine, a gceart chun éisteacht a fháil, a gceart chun saorghluaiseachta agus chun comhionannais. I ndáil leis an méid sin, cuireann an Rialachán seo le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine sa réimse sin. Go háirithe, is daoine faoi mhíchumas iad cuid shuntasach de na daoine fásta a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Ráthaítear a gcearta, lena n-áirítear an ceart chun comhionannais os comhair an dlí, iomláine, rochtain ar cheartas agus meas ar a ndínit bhunúsach agus ar a neamhspleáchas aonair, le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (‘UNCRPD’), ar páirtithe ann an tAontas agus a Bhallstáit araon. Tá na cearta a chosnaítear in UNCRPD le cosaint i gcásanna náisiúnta agus trasteorann araon, agus i gcás ina ndéantar bearta maidir le daoine faoi mhíchumas, tá na bearta sin le bheith i gcomhréir le UNCRPD. An Rialachán seo, lena leagtar síos rialacha maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach le haghaidh cásanna trasteorann, ba cheart é a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach leis na hoibleagáidí maidir le cearta an duine faoi UNCRPD, go háirithe le hAirteagail 3, 9, 12 agus 19 de. Ina gcáil mar Pháirtithe conarthacha in UNCRPD, tá na Ballstáit le háirithiú go mbeidh a ndlíthe substainteacha náisiúnta agus a ndlíthe nós imeachta náisiúnta maidir leis an gcaoi a gcaitear le daoine fásta comhsheasmhach leis na hoibleagáidí maidir le cearta an duine dá bhforáiltear le UNCRPD. Go háirithe, tá urraim le bheith ag na Ballstáit do chomhionannas daoine fásta os comhair an dlí agus dá gceart chun tairbhiú d’inniúlacht dhlíthiúil ar bhonn comhionann le daoine eile i ngach gné den saol, leis an tacaíocht a bhféadfadh gá a bheith acu léi, chomh maith le neamhspleáchas agus iomláine na ndaoine fásta i gcomhréir le hAirteagal 12 de UNCRPD.
(11)Sa bhreis ar chearta agus saoirsí bunúsacha agus cearta eile daoine fásta a chosaint i staideanna trasteorann, lena n-áirítear meas ar a dtoil agus a roghanna, tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo freisin éifeachtacht agus luas imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin a bhaineann le cosaint daoine fásta a fheabhsú trí na sásraí le haghaidh comhar in imeachtaí trasteorann a shimpliú agus a chuíchóiriú. Tá sé d’aidhm aige freisin deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht dhlíthiúil a neartú i ndéileálacha trasteorann, do dhaoine fásta agus dá n-ionadaithe agus do pháirtithe eile araon, bídís ina n-eintitis phoiblí nó phríobháideacha. Trí dheimhneacht dhlíthiúil níos fearr agus nósanna imeachta níos simplí, cuíchóirithe agus digitithe a chur ar fáil, ba cheart daoine a spreagadh chun a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú.
(12)Ba cheart ábhair shibhialta a bhaineann le cosaint daoine fásta a chumhdach leis an Rialachán seo, go háirithe ábhair a bhaineann le bearta, ionstraimí barántúla agus cumhachtaí ionadaíochta, ar ábhair iad atá dírithe ar dhuine fásta a chosaint. Tá an chosaint riachtanach mar gheall ar lagú nó neamhdhóthanacht chumais phearsanta an duine fhásta, rud a d’fhéadfadh a bheith buan nó sealadach agus, i measc nithe eile, de chineál fisiceach nó síceasóisialta, nó i dtaca le galar a bhaineann le haois, amhail galar Alzheimer, nó mar thoradh ar riocht sláinte, amhail cóma. Tá gá leis an gcosaint go háirithe i gcás ina gcuireann bacainní ar an idirghníomhú le réimse tosca comhshaoil agus pearsanta bac ar rannpháirtíocht daoine fásta sa tsochaí ar bhonn comhionann le daoine eile, go háirithe i gcás ina gcuireann neamhdhóthanacht nó lagú chumais phearsanta an duine fhásta cosc ar an duine fásta sin aire a thabhairt dá leasanna féin, amhail leasanna maoine agus leasanna pearsanta nó sláinte. D’fhéadfadh faillí thromchúiseach ar leasanna pearsanta nó maoine na ngaolta a bhfuil an duine fásta freagrach astu lagú nó neamhdhóthanacht chumais phearsanta an duine fhásta a thabhairt chun solais freisin.
(13)I gcás ina ndearnadh bearta chun leanbh a chosaint, agus ina bhfuil na bearta sin le fanacht i bhfeidhm nó ina mbeidh éifeacht leo tar éis don leanbh sin lánaois a shlánú, ba cheart dóibh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo a luaithe a bheidh 18 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh.
(14)Tá difríochtaí i gcórais dlí gach Ballstáit maidir leis an téarmaíocht a úsáidtear le haghaidh bearta cosanta agus níor cheart go ndéanfadh na difríochtaí téarmaíochta sin difear d’aitheantas na mbeart cosanta sin i mBallstáit eile.
(15)Gan bheann ar an téarmaíocht dhlíthiúil a úsáidtear i ngach Ballstát, ba cheart bearta atá dírithe ar chosaint daoine fásta agus a dhéantar i gcomhréir le cearta bunúsacha na ndaoine fásta lena mbaineann a bheith i gcúrsaíocht gan bhacainní san Aontas. Chuige sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú i gcomhréir leis an gCairt agus le UNCRPD. Chun an ceart chun neamhspleáchais a chosaint, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le coimircí lena mbeifí in ann aitheantas a dhiúltú do bhearta a dhéantar gan deis a thabhairt don duine fásta éisteacht a fháil, ach amháin in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le práinn an cháis, nó atá contrártha go follasach leis an mbeartas poiblí. Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil beart arna dhéanamh ag údaráis Ballstáit eile contrártha go follasach don bheartas poiblí, ba cheart d’údaráis an Bhallstáit ina n-iarrtar an t-aitheantas measúnú a dhéanamh an áirithítear leis an mbeart sin cearta bunúsacha an duine fhásta, i bhfianaise Airteagail 3, 9, 12 agus 19 de UNCRPD.
(16)Chun léirmhíniú aonfhoirmeach ar an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart a shainmhíniú go háirithe leis an Rialachán seo coincheapa daoine fásta, ionadaithe agus údarás, ar coincheapa iad a bhféadfadh bríonna éagsúla a bheith leo i gcórais dlí na mBallstát. Chun críocha an Rialacháin seo, is duine fásta é duine a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige. De réir an chomhthéacs, ba cheart tagairt a dhéanamh leis sin, mar shampla, do dhaoine fásta nach bhfuil in ann a leasanna a chosaint mar gheall ar lagú nó neamhdhóthanacht a gcumas pearsanta, nó do dhaoine fásta a dheonaigh cumhachtaí ionadaíochta atá le feidhmiú nuair nach bhfuil na daoine fásta sin in ann a leasanna a chosaint.
(17)Ba cheart tagairtí do ‘ionadaí’ sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí d’ionadaí amháin nó níos mó, de réir mar is iomchuí.
(18)Chun críocha an Rialacháin seo, agus i gcomhréir leis an téarmaíocht a úsáidtear i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta, ba cheart an coincheap ‘údarás’ a léirmhíniú mar thagairt do na húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin a dhéanann bearta atá dírithe ar an duine fásta a chosaint. Ar bhonn níos leithne, ba cheart ‘údarás inniúil’ a léirmhíniú mar thagairt d’údarás poiblí Ballstáit a bhfuil freagrachtaí air maidir le hábhair a bhaineann le cosaint daoine fásta. Áirítear leis sin údaráis a dhéanann bearta, údaráis a tharraingíonn suas gníomhartha barántúla agus údaráis a eisíonn fianuithe, foirmeacha nó an Deimhniú Eorpach Ionadaíochta. Áirítear leis freisin údaráis eile, nó eintitis atá ag gníomhú i gcáil oifigiúil in ábhair a bhaineann le cosaint daoine fásta, amhail na húdaráis nó na heintitis atá freagrach as bearta a mhaoirsiú nó a chur chun feidhme.
(19)Na rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta agus maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le cosaint daoine fásta, ba cheart gurb iad sin na rialacha a leagtar amach i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta, chun neamhréireachtaí a sheachaint agus chun a áirithiú, a mhéid is féidir, go mbeidh feidhm ag na rialacha céanna maidir le cás a bhaineann le Ballstáit agus tríú tíortha atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún sin. D’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt Ballstát ina bPáirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta tráth a mbeidh an Rialachán seo infheidhme. Chun gach cás a chur san áireamh, ba cheart Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta a chur i gceangal leis an Rialachán seo.
(20)Is iomchuí forlíonadh a dhéanamh ar an gcóras dlínse idirnáisiúnta a bunaíodh le Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta chun béim chuí a chur ar an rogha dlínse a dhéanann daoine fásta san Aontas. Chun cosaint níos fearr a thabhairt do cheart na ndaoine fásta chun neamhspleáchais, ba cheart an rogha dlínse a dhéanann daoine fásta agus iad ag déanamh socruithe dá n-ionadaíocht amach anseo a urramú gan gá a bheith le himeachtaí breise, go háirithe maidir le formheas ó údaráis na mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar na ndaoine fásta. Mar sin féin, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh athruithe in imthosca pearsanta nó airgeadais duine fásta a theacht chun cinn idir an tráth a roghnaítear an dlínse agus an tráth a bhfuil gá le cosaint ag an duine fásta, ba cheart an deis a bheith ag na cúirteanna a roghnaítear measúnú a dhéanamh an bhfuil an rogha a rinne an duine fásta fós ar mhaithe leis an duine fásta sin an tráth a thugtar na himeachtaí os a gcomhair. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh go príomha maidir le tuairimí an duine fhásta sin, agus tábhacht na n-athruithe ar a dhálaí maireachtála agus ar a shócmhainní ón tráth a roghnaíodh an dlínse.
(21)Má bhunaítear forais bhreise dlínse ar bhonn rogha an duine fhásta, níor cheart go gcuirfeadh sé sin isteach ar an sásra a bunaíodh le Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta, ná níor cheart dó difear a dhéanamh d’éifeachtacht na cumarsáide idir na húdaráis, agus ba cheart coinbhleachtaí dlínse dearfacha agus diúltacha a sheachaint leis. Maidir leis na sásraí a bunaíodh le hAirteagail 7, 9, 10 agus 11 de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta agus lena dtugtar tosaíocht d’fhorais áirithe dlínse, lena dteorannaítear na héifeachtaí atá ag bearta áirithe, agus lena gcuirtear malartú faisnéise ar bun idir na húdaráis sa dlínse ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine fásta agus na húdaráis a bhfuil dlínse choimhdeach nó chomhthráthach acu, ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith acu san Aontas freisin maidir le húdaráis a fheidhmíonn a ndlínse i gcomhréir leis an rogha atá déanta ag an duine fásta. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir leis na húdaráis arna roghnú ag duine fásta ar an gcaoi chéanna a bhfuil feidhm acu maidir le húdaráis na dlínse ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine fásta.
(22)Na húdaráis atá ag beartú a ndlínse a fheidhmiú de réir rogha an duine fhásta, níor cheart dóibh a ndlínse a fheidhmiú i gcás inar fheidhmigh na húdaráis san áit a bhfuil gnáthchónaí ar an duine fásta a ndlínse cheana féin, go háirithe i gcás ina bhfuil beart déanta ag na húdaráis sin, nó ina bhfuil cinneadh déanta acu nár cheart aon bheart a dhéanamh, nó i gcás ina bhfuil imeachtaí ar feitheamh os a gcomhair.
(23)Na rialacha maidir leis an dlí is infheidhme a leagtar síos le Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta, ba cheart iad a chuimsiú go hiomlán sa Rialachán seo. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an tagairt do Chaibidil III de Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta i ndáil leis an dlí is infheidhme a léamh mar thagairt don chaibidil iomlán, lena n-áirítear na rialacha a leagtar síos le hAirteagal 16 den Choinbhinsiún maidir le cumhachtaí ionadaíochta a mhodhnú nó a fhoirceannadh.
(24)Tugann muinín fhrithpháirteach i riaradh an cheartais san Aontas údar maith don phrionsabal gur cheart bearta atá dírithe ar chosaint daoine a thugtar i mBallstát a aithint i ngach Ballstát gan gá a bheith le haon nós imeachta sonrach. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar aon duine leasmhar cinneadh a iarraidh cé acu atá forais ann nó nach bhfuil chun aitheantas a dhiúltú. Ba cheart é a bheith faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina ndéantar iarratas den sórt sin cinneadh a dhéanamh cé a d’fhéadfaí a mheas mar dhuine leasmhar a bheadh i dteideal iarratas den sórt sin a dhéanamh. Chun cosaint a thabhairt do cheart na ndaoine fásta rochtain a fháil ar an gceartas agus leigheasanna leordhóthanacha a chur ar fáil dóibh, agus gan beann ar chineál agus ar fhairsinge an bhirt, ba cheart an ceart a bheith ag daoine fásta cinneadh a iarraidh cé acu atá forais ann nó nach bhfuil chun diúltú nó nach bhfuil.
(25)Ba cheart aitheantas agus forfheidhmiú beart a bheith bunaithe ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí. Dá bhrí sin, ba cheart na forais le haghaidh neamhaitheantais a laghdú a oiread is féidir i bhfianaise bhunaidhm an Rialacháin seo, is é sin aitheantas agus forfheidhmiú beart agus éascú a dhéanamh ar chumhachtaí ionadaíochta a chur i gcúrsaíocht agus cearta na ndaoine fásta a chosaint go héifeachtach. Go háirithe, níor cheart athbhreithniú a dhéanamh ar dhlínse údaráis an Bhallstáit tionscnaimh.
(26)Níor cheart é a bheith indéanta aitheantas birt a dhiúltú ach amháin más ann do cheann amháin nó níos mó de na forais chun aitheantas a dhiúltú. Chun seasamh le prionsabal na muiníne frithpháirtí, ba cheart liosta na bhforas chun aitheantas a dhiúltú sa Rialachán seo a bheith uileghabhálach. D’fhéadfadh bearta atá dírithe ar chosaint daoine fásta a bheith ina mbearta fadtéarmacha agus d’fhéadfaí coigeartuithe a dhéanamh i ndiaidh a chéile ar na bearta sin. Ba cheart na hathruithe sin a dhéanfar le himeacht ama a chur san áireamh sna rialacha is infheidhme maidir le haitheantas a dhiúltú. Dá bhrí sin, maidir le beart a dhéanfaí níos déanaí i dtríú tír a mbeadh dlínse aici faoi rialacha an Rialacháin seo, ba cheart an beart sin a chur in ionad birt a rinneadh níos luaithe sa mhéid go bhfuil siad ar neamhréir le chéile. Ionas nach ndéanfar bearta neamh-chomhoiriúnacha sna Ballstáit, ba cheart an córas dlínse iata agus an sásra um fhaisnéis fhrithpháirteach idir údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha a bhunú leis an Rialachán seo.
(27)Mar bhunphrionsabal, ba cheart na tuairimí a chuireann duine fásta in iúl a bheith ina dtreoir le haghaidh imeachtaí atá dírithe ar chosaint an duine fhásta. Dá bhrí sin, ba cheart fíordheis éifeachtach a thabhairt do dhaoine fásta a dtuairimí a chur in iúl gan bhac i gcomhréir le hAirteagail 20, 25, 26 agus 47 den Chairt agus le hAirteagail 3, 9, 12, 13 agus 19 de UNCRPD. Ba cheart an deis a thabhairt don duine fásta a thuairimí a chur in iúl, ach amháin i gcásanna práinne, lena n-áirítear cásanna nach bhfuil an duine fásta in ann a thuairimí a chur in iúl ar dhóigh ná ar dhóigh eile. Ní fhéadfar aitheantas a thabhairt do bheart a rinneadh gan deis a bheith ag an duine fásta éisteacht a fháil, seachas in imthosca eisceachtúla práinne agus in imthosca gur léiríodh nach raibh sé an inniúlacht ag an duine fásta é féin a chur in iúl. Ba cheart measúnú aonfhoirmeach a dhéanamh san Aontas ar an deis a bhí ag an duine fásta éisteacht a fháil, agus níor cheart measúnú a dhéanamh air sin de réir bhunphrionsabail nós imeachta an Bhallstáit ina n-iarrtar aitheantas. Sampla de chás práinne is ea cás inar gá don duine fásta dul faoi scian ar bhonn práinneach agus nach bhfuil sé, mar gheall ar a riocht sláinte, in ann a thuairimí a chur in iúl.
(28)Ba cheart ceist an nós imeachta agus modh éisteachta an duine fhásta a fhágáil faoin dlí náisiúnta, agus urraim chuí á tabhairt do chearta daoine fásta maidir le hinrochtaineacht. I gcás ina mbeidh gá le héisteacht i gcomhthéacs trasteorann, ba cheart d’údaráis na mBallstát úsáid a bhaint as ionstraimí sonracha an chomhair bhreithiúnaigh idirnáisiúnta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na hionstraimí dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2020/1783.
(29)Chun na córais éagsúla chun déileáil le cosaint daoine fásta sna Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart glacadh i ngach Ballstát le hionstraimí barántúla atá dírithe ar chosaint daoine fásta agus a leasanna. Maidir le hionstraim bharántúil a bheidh dírithe ar chosaint duine fhásta nó a leasanna, arna tarraingt suas ag údarás Ballstáit, féadfaidh sí a chur ar taifead, go háirithe, cumhachtaí ionadaíochta arna ndeonú ag duine fásta i gcomhair tráth nach mbeidh an duine fásta sin in ann a leasanna a chosaint, nó réamhthreoracha lena gcuirtear mianta agus roghanna an duine fhásta ar taifead nó lena dtugtar treoracha díreacha in ábhair áirithe lena n-áirítear a shláinte, a leas nó ceapachán ionadaí ag údarás. Ba cheart na héifeachtaí fianaiseacha céanna a bheith ag na hionstraimí barántúla sin i mBallstát eile agus atá acu sa Bhallstát tionscnaimh nó na héifeachtaí is inchomparáidí a bheith acu. Nuair atá na héifeachtaí fianaiseacha atá ag ionstraim bharántúil ar leith i mBallstát eile nó na héifeachtaí is inchomparáidí á gcinneadh, ba cheart tagairt a dhéanamh do chineál agus do raon feidhme na n-éifeachtaí fianaiseacha atá ag an ionstraim bharántúil sa Bhallstát tionscnaimh.
(30)Chun éascú a dhéanamh ar bhearta agus ionstraimí barántúla a chur i gcúrsaíocht san Aontas, is gá foráil a dhéanamh maidir le fianuithe a bheith ag gabháil leo i gcás inar gá iad a aithint, a fhorfheidhmiú, nó, de réir mar a bheidh, a bheith glactha thar lear. Ba cheart go bhfágfaí faoin dlí náisiúnta na nósanna imeachta chun fianuithe a cheartú, a tharraingt siar agus a chonspóid, ar fianuithe iad a úsáidtear chun bearta a aithint agus a fhorfheidhmiú agus chun ionstraimí barántúla a ghlacadh. I bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais, feidhmíonn na húdaráis feidhmeanna breithiúnacha agus na fianuithe á n-eisiúint acu agus bíonn an eisiúint sin mar chuid de leanúnachas na n-imeachtaí breithiúnacha roimhe seo. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit leigheasanna leordhóthanacha agus éifeachtacha a chur ar fáil i gcomhthéacs na heisiúna sin.
(31)Ba cheart Údaráis Lárnacha a ainmniú i ngach Ballstát. Ba cheart d’Údaráis Lárnacha, go háirithe, cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla in imeachtaí trasteorann, agus comhoibriú in ábhair ginearálta agus i gcásanna sonracha araon. I gcásanna aonair, níor cheart gan a bheith i gceist leis an gcomhar ach cuid shonrach den nós imeachta breithiúnach nó riaracháin, agus ba cheart an comhar a thionscnamh agus a choinneáil ar bun i gcás ina bhfuil gné thrasteorann ann agus ina bhfuil gá le comhar.
(32)Chun idirghabhálaithe nach bhfuil gá leo a sheachaint agus chun cumarsáid éascaithe a chothú, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann faisnéis nó cúnamh a iarraidh go díreach ar Údarás Lárnach an Bhallstáit iarrtha, ach ba cheart an deis a bheith acu freisin, i gcás inarb iomchuí, a n-iarraidh a sheoladh trí Údarás Lárnach a mBallstáit.
(33)De réir Airteagal 19 de UNCRPD, beidh an deis ag daoine faoi mhíchumas a n-áit chónaithe agus an áit agus an duine nó na daoine a mbeidh siad ina gcónaí leo a roghnú, ar bhonn comhionann le daoine eile, agus gan oibleagáid a bheith orthu cónaí faoi shocrú maireachtála ar leith. Chun críocha an Rialacháin seo, d’fhéadfadh cásanna teacht chun cinn inar gá d’údaráis Bhallstáit beart a dhéanamh maidir le háit chónaithe nó socrúchán sealadach duine fhásta. Samplaí de chásanna den sórt sin is ea cásanna ina dtugann údaráis cúnamh don duine fásta cinneadh a dhéanamh maidir lena áit chónaithe nó i gcás nach bhfuil duine fásta in ann a thuairimí a chur in iúl agus nár dheonaigh sé cumhachtaí d’ionadaí cinneadh a dhéanamh maidir lena áit chónaithe, agus inar gá an duine a chur isteach i saoráid chúraim. I gcás ina mbeidh socrúchán den sórt sin le cur chun feidhme i mBallstát eile, ba cheart nós imeachta comhairliúcháin a chur i gcrích sula ndéanfar an beart sin, ar nós imeachta comhairliúcháin é chun toiliú a fháil ó Údarás Lárnach Bhallstát an chur chun feidhme. Maidir leis na cúiseanna leis an mbeart atá beartaithe, agus na tuairimí arna gcur in iúl ag an duine fásta lena mbaineann i gcás inar féidir, i bhfianaise Airteagal 19 de UNCRPD, ba cheart iad a chur san áireamh in iarraidh an toilithe arna déanamh ag an údarás tionscnaimh. Ba cheart d’Údarás Lárnach Bhallstát an chur chun feidhme a bheith in ann cinneadh a dhéanamh go pras an ndeonóidh sé an toiliú nó an ndiúltóidh sé é. Mura bhfaighfear freagra laistigh de 6 seachtaine, níor cheart é a thuiscint gur toiliú é agus mura dtabharfar toiliú, níor cheart an beart a chur chun feidhme. Níor cheart an comhairliúchán a chur i gcrích nuair is le duine aonair atá an socrúchán agus nuair nach gá d’aon údarás poiblí de Bhallstát an chur chun feidhme maoirseacht a dhéanamh air.
(34)I gcásanna ina bhfuil naisc shubstainteacha ag an duine fásta le Ballstát seachas an Ballstát a bhfuil dlínse ag a údaráis faoin Rialachán seo, mar shampla naisc atá bunaithe ar a láithreacht rialta, nó ar shócmhainní casta airgeadais sa Stát sin, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ionadaí a cheapadh sa Bhallstát eile sin. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le gaireacht gheografach an ionadaí agus le heolas maith ar an reachtaíocht chun a áirithiú go leanfar de chosaint an duine fhásta. I gcásanna inar cheart an t-ionadaí sin i mBallstát eile a cheapadh ó údarás inniúil, ba cheart go bhféadfaí ainmniú an ionadaí sin a iarraidh ar údaráis an Bhallstáit eile sin ar ina leith atá naisc shubstaintiúla ag an duine fásta agus ba cheart go bhféadfaí na speansais a thabhaítear a ghnóthú.
(35)Maidir le hionadaithe daoine fásta nach bhfuil in ann a leasanna a chosaint mar gheall ar lagú nó neamhdhóthanacht a gcumas pearsanta, ba cheart dóibh a bheith in ann a gcumhachtaí a agairt chun ionadaíocht a dhéanamh ar na daoine fásta sin agus chun leasanna na ndaoine fásta sin a chosaint gan bacainní laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart d’ionadaithe a bheith in ann a stádas agus a gcumhachtaí a léiriú go héasca i mBallstát eile, i mBallstát ina bhfuil maoin réadach nó sócmhainní eile an duine fhásta lonnaithe, cuir i gcás. Ionas go mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh, ba cheart Deimhniú Eorpach Ionadaíochta (‘an Deimhniú’) a chruthú. Ba cheart an Deimhniú sin a bheith ina dheimhniú aonfhoirmeach a eiseofar lena úsáid i mBallstát eile. Chun go ndéanfar prionsabal na coimhdeachta a urramú, níor cheart go nglacfadh an Deimhniú ionad na ndoiciméad inmheánach a d’fhéadfadh a bheith ann chun críoch comhchosúil sna Ballstáit.
(36)Féadfaidh ionadaí an duine fhásta an Deimhniú a iarraidh ar bhonn beart atá ann cheana nó ar bhonn cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe (an ‘beart foinseach’ agus ‘na cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe foinseacha’). Níor cheart, dá bhrí sin, é a eisiúint ach amháin i gcásanna nach bhfuil duine fásta in ann a leasanna a chosaint ar dhóigh ar bith agus go bhfuil an t-ionadaí i dteideal ionadaíocht ghníomhach a dhéanamh ar an duine fásta sin in ábhar sonrach amháin nó níos mó. Ba cheart go n-áireofaí sa Deimhniú faisnéis maidir le fairsinge na gcumhachtaí atá an t-ionadaí i dteideal a fheidhmiú thar ceann duine fhásta agus, i gcás inarb ábhartha, maidir leis na hábhair nach bhfuil an t-ionadaí i dteideal gníomhú ina leith nó ina bhfuil sé nó sí i dteideal gníomhú faoi choinníollacha áirithe.
(37)Níor cheart go mbeadh úsáid an Deimhnithe éigeantach. Ciallaíonn sé sin nár cheart aon oibleagáid a bheith ar ionadaí duine fhásta atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú déanamh amhlaidh ach gur cheart saoirse a bheith aige chun doiciméid náisiúnta nó ionstraimí eile atá ar fáil faoin Rialachán seo a úsáid (beart nó ionstraim bharántúil) agus é ag agairt a chumhachtaí i mBallstát eile. Níor cheart a cheangal ar dhaoine atá ag gníomhú ar a son féin Deimhniú a thabhairt, mar sin níor cheart an Deimhniú a eisiúint ach amháin d’ionadaithe ar gá dóibh a gcumhachtaí tacaíocht a thabhairt do dhuine fásta nó gníomhú thar a cheann a léiriú.
(38)Chun eisiúint an Deimhnithe a bhrostú agus chun a áirithiú go bhfuil dóthain faisnéise ag an údarás inniúil a eisíonn an Deimhniú faoin gcás atá idir lámha, ba cheart an inniúlacht chun an Deimhniú a eisiúint a dhílsiú don údarás inniúil, ar údarás é a rinne an beart nó a dheimhnigh na cumhachtaí ionadaíochta, nó d’údarás inniúil eile a bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis faoin mbeart foinseach nó faoi na cumhachtaí ionadaíochta ag an bhfoinse (‘an t-údarás eisiúna’). Ba cheart é a bheith faoi gach Ballstát a údaráis eisiúna féin a ainmniú agus a chinneadh an bhféadfaidh comhlachtaí inniúla eile a bheith rannpháirteach sa phróiseas eisiúna. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha faoi na húdaráis eisiúna a chumhachtaítear Deimhniú a eisiúint a chur in iúl don Choimisiún ionas go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
(39)Chun a áirithiú go mbeidh próiseas eisiúna an Deimhnithe aonfhoirmeach ar fud an Aontais, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le rialacha i ndáil leis an Deimhniú a eisiúint. Ba cheart don údarás eisiúna an Deimhniú a eisiúint nuair a iarrtar é agus tar éis dó na heilimintí atá le deimhniú a fhíorú. Ba cheart an próiseas chun iarratas a dhéanamh ar an Deimhniú agus chun é a eisiúint a bheith simplithe ós rud é go bhfuil rochtain ag an údarás a eisíonn an Deimhniú ar an mbeart foinseach nó ar na cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe foinseacha agus go bhfuil eolas aige maidir lena mbailíocht leanúnach agus maidir leis an bhfaisnéis atá iontu. Nuair is indéanta, ba cheart don údarás eisiúna córas um idirnascadh na gclár um chosaint arna bhunú leis an Rialachán seo a cheadú sula n-eiseofar an Deimhniú chun a fhíorú an ann do bheart contrártha nó do chumhachtaí ionadaíochta i mBallstát eile. I gcás ina sonróidh an t-iarratasóir san iarratas ar Dheimhniú gur cheart don Deimhniú a chumhachtaí a léiriú chun críche sonraí nó i gcomhthéacs sonrach, ba cheart don údarás eisiúna, a mhéid is féidir, faisnéis atá mionsonraithe go leor a áireamh sa Deimhniú, ar faisnéis í lena léirítear an cuspóir nó an comhthéacs sin. Ba cheart go bhfanfadh bunchóip an Deimhnithe leis an údarás eisiúna, ar cheart dó cóip dheimhnithe amháin nó níos mó den Deimhniú a eisiúint don iarratasóir. Ba cheart an Deimhniú a eisiúint i bhfoirm éigeantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun costais aistriúcháin a laghdú nuair a thíolactar an Deimhniú i mBallstát eile, ba cheart an fhoirm don Deimhniú a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a bheith ar fáil i dteangacha uile an Aontais.
(40)Chun a áirithiú go bhfuil an Deimhniú agus a chóipeanna deimhnithe fós cothrom le dáta agus bunaithe ar bheart foinseach bailí de chumhachtaí ionadaíochta deimhnithe foinseacha, ba cheart teorainn ama a chur le bailíocht an Deimhnithe agus a chóipeanna deimhnithe. Ar dhul in éag don Deimhniú, féadfaidh an t-údarás eisiúna Deimhniú nua a eisiúint má fhíoraítear na heilimintí go léir chun an Deimhniú a eisiúint. Is é is cuspóir don bhailíocht theoranta a áirithiú go bhfíoraíonn an t-údarás eisiúna go rialta nár tháinig aon athrú ar staid dhlíthiúil an duine fhásta, cuir i gcás ar bhonn beart maidir leis an duine fásta a dhéanfar níos déanaí nó ar bhonn chúlghairm chumhachtaí an ionadaí. Ba cheart, i bprionsabal, nach mbeadh an Deimhniú bailí ach go ceann aon bhliain amháin. Mar sin féin, féadfaidh an t-údarás eisiúna tréimhse bhailíochta an Deimhnithe a chinneadh go difriúil ar bhonn cás ar chás, agus aird á tabhairt go háirithe ar thoimhde bhailíocht an Deimhnithe agus ar na héifeachtaí a bhaineann leis an Deimhniú a eisíodh, go háirithe cosaint tríú páirtithe a dhéanann idirbheart leis an ionadaí. Ba cheart don údarás eisiúna breithniú a dhéanamh go háirithe ar chineál agus ar fhad ionchasach na cosanta, ar bhailíocht an bhirt fhoinsigh, ar aon socrú a rinne an duine fásta sna cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe foinseacha, chomh maith leis an gcuspóir gur cheart a léiriú sa Deimhniú staid dhlíthiúil an duine fhásta go cruinn le linn thréimhse bhailíochta an Deimhnithe. I bhfianaise an mhéid sin, féadfaidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú a eisiúint ar feadh tréimhse is giorra ná bliain, mar shampla i gcás ina mairfidh an beart foinseach níos lú ná bliain amháin, nó é a eisiúint ar feadh tréimhse is faide ná bliain, mar shampla i gcás ina mairfidh an beart foinseach ar feadh roinnt blianta agus i gcás inar fíorbheag an dóchúlacht go n-athróidh imthosca a bhaineann leis an duine fásta. Ba cheart go bhfreagródh tréimhse bhailíochta na gcóipeanna deimhnithe den Deimhniú do thréimhse bhailíochta an Deimhnithe.
(41)Ba cheart na héifeachtaí céanna a bheith ag an Deimhniú sna Ballstáit uile. Níor cheart gur teideal in-fhorfheidhmithe ann féin é ach ba cheart éifeacht fhianaiseach a bheith aige agus ba cheart a thoimhdiú go léiríonn sé go cruinn eilimintí a áirítear sa Deimhniú a bunaíodh faoin dlí is infheidhme maidir le cosaint duine fhásta ar leith nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir le heilimintí sonracha. Neartaítear toimhde an chruinnis toisc gur cheart don údarás eisiúna a fhíorú, sula n-eiseoidh sé an Deimhniú, lena n-áirítear tríd an gcóras um idirnascadh, go bhfuil an beart foinseach nó na cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe foinseacha fós bailí agus nár cuireadh beart níos déanaí ná cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe ina n-ionad. Mar sin féin, níor cheart go gcuimseofaí éifeachtaí fianaiseacha an Deimhnithe eilimintí nach bhfuil á rialú faoin Rialachán seo, amhail an cheist ar leis an duine sócmhainn ar leith nó nár leis.
(42)Aon duine a bhíonn ag déileáil le hionadaí a luaitear i nDeimhniú bailí mar ionadaí atá i dteideal ionadaíocht a dhéanamh ar dhuine fásta in ábhar sonrach, ba cheart ráthaíochtaí iomchuí a thabhairt dó más rud é gur ghníomhaigh sé de mheon macánta agus é ag brath ar chruinneas na faisnéise a dheimhnítear sa Deimhniú. Ba cheart an ráthaíocht chéanna a thabhairt d’aon duine, agus é ag brath ar an bhfaisnéis atá deimhnithe i ndeimhniú bailí, a thugann rochtain d’ionadaí an duine fhásta ar mhaoin réadach nó ar shócmhainní eile an duine fhásta, a dhéanann íocaíochtaí leis an ionadaí, nó a cheannaíonn nó a fhaigheann maoin ón ionadaí sin, i gcás ina sonraítear ionadaí i nDeimhniú bailí mar ionadaí atá i dteideal gníomhú thar ceann an duine fhásta sna hábhair sin. Ba cheart go n-áiritheofaí an chosaint más rud é go dtíolactar cóipeanna deimhnithe atá bailí i gcónaí.
(43)Chun rochtain ar an gceartas a áirithiú agus chun iontaofacht an Deimhnithe a fheabhsú, is gá foráil a dhéanamh maidir le sásamh in aghaidh cinntí ón údarás eisiúna maidir le Deimhniú a eisiúint nó é a dhiúltú nó cinneadh Deimhniú a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar. Nuair a dhéantar an Deimhniú a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar, ba cheart don údarás eisiúna é sin a chur in iúl do na daoine ar chucu a eisíodh na cóipeanna deimhnithe chun úsáid éagórach na gcóipeanna sin a sheachaint.
(44)Chun cosaint leanúnach daoine fásta i staideanna trasteorann san Aontas a áirithiú, ba cheart rochtain a bheith ag údaráis inniúla agus ag Údaráis Lárnacha ar fhaisnéis ábhartha maidir le bearta a bheith ann a rinne údaráis eile, lena n-áirítear na bearta sin a rinneadh i mBallstát eile. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach, chun an ceart chun neamhspleáchais agus saoirse a chosaint chun a roghanna féin a dhéanamh, go n-urramófar toil duine fhásta i gcumhachtaí ionadaíochta, fiú i gcásanna inar dheonaigh an duine fásta na cumhachtaí ionadaíochta sin i mBallstát eile nó inar dheimhnigh údaráis inniúla Ballstáit eile iad. Chun soláthar faisnéise d’údaráis inniúla agus d’Údaráis Lárnacha ábhartha a fheabhsú agus chun cosc a chur ar imeachtaí comhthreomhara nó ar mhainneachtain cumhachtaí ionadaíochta a chur san áireamh, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit clár amháin nó níos mó a chur ar bun agus a choinneáil ar bun ina dtaifeadtar sonraí a bhaineann le cosaint daoine fásta. Ba cheart do chláir um chosaint faisnéis éigeantach a thaifeadadh maidir le bearta arna ndéanamh ag a n-údaráis agus, i gcás ina ndéantar foráil ina ndlí náisiúnta maidir le deimhniú cumhachtaí ionadaíochta ag údarás inniúil, faisnéis éigeantach a bhaineann leis na cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe sin. Chun idir-inoibritheacht agus infhaighteacht faisnéise a bhaineann le cosaint daoine fásta san Aontas a áirithiú, maidir leis na Ballstáit sin a bhunaigh, sular glacadh an Rialachán seo, cláir de bhearta cosanta, de chumhachtaí ionadaíochta deimhnithe, nó de chineálacha eile cumhachtaí ionadaíochta atá cláraithe faoina ndlí náisiúnta, ba cheart dóibh an fhaisnéis éigeantach chéanna a chur ar fáil sna cláir sin.
(45)Chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil tríd an gcóras um idirnascadh ábhartha, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit faisnéis bhreise a chur ar fáil tríd an gcóras um idirnascadh seachas an fhaisnéis éigeantach. Go háirithe, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil tríd an gcóras um idirnascadh i ndáil le cineál an bhirt, ainm an ionadaí, nó sonraí stairiúla a bhaineann le bearta agus cumhachtaí ionadaíochta arna dtaifeadadh roimh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(46)Chun rochtain ar an bhfaisnéis a thaifeadtar i gcláir um chosaint nó i gcláir de chumhachtaí ionadaíochta eile a éascú d’údaráis inniúla agus d’Údaráis Lárnacha a bhfuil leas dlisteanach acu agus atá lonnaithe i mBallstáit eile, ba cheart na cláir sin de bhearta, de chumhachtaí ionadaíochta deimhnithe, nó de chineálacha eile de chumhachtaí ionadaíochta a idirnascadh. Ba cheart go soláthrófaí leis an Rialachán seo bunús dlí don idirnascadh sin.
(47)Is cuid bhunriachtanach den sásra comhair é idirnascadh chláir na mBallstát chun cearta daoine fásta a chosaint i gcásanna trasteorann agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a stóráiltear ina gcláir cothrom le dáta. Ba cheart d’údaráis Ballstáit, agus beart a rinneadh i mBallstát eile á leasú nó á fhoirceannadh acu, a áirithiú go gcuirfear faisnéis iomchuí ar fáil d’údaráis an Bhallstáit eile sin, go háirithe ionas gur féidir leis an mBallstát eile a chlár cosanta nó a chláir um chosaint a thabhairt cothrom le dáta.
(48)Ba cheart modhanna cumarsáide idir údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát a áirithiú, is iad sin modhanna cumarsáide i scríbhinn atá nua-aimseartha agus éifeachtúil ó thaobh ama de. I gcás na n-imeachtaí faoin Rialachán seo, ba cheart cumarsáid i scríbhinn idir údaráis inniúla na mBallstát agus Údaráis Lárnacha a dhéanamh, de ghnáth, trí mheán leictreonach, trí chóras TF díláraithe atá slán agus iontaofa. Ba cheart go mbeadh sa chóras TF díláraithe córais chúil na mBallstát agus pointí rochtana idir‑inoibritheacha, lena n‑áirítear an pointe rochtana leictreonaí Eorpach, pointe trínar cheart idirnascadh a dhéanamh eatarthu. Ba cheart go mbeadh pointí rochtana an chórais TF dhíláraithe bunaithe ar an gcóras e‑CODEX a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(49)D’fhéadfadh sé a bheith dodhéanta an tarchur tríd an gcóras TF díláraithe a dhéanamh mar gheall ar chur isteach ar an gcóras nó i gcás ina bhfuil sé dodhéanta an tarchur a dhéanamh ar mhodhanna digiteacha, amhail fianaise fhisiciúil/ábhartha a tharchur. I gcás nach n-úsáidtear an córas TF díláraithe, ba cheart an chumarsáid a dhéanamh trí na modhanna malartacha is iomchuí. Ba cheart a bheith i gceist leis na modhanna malartacha den sórt sin, inter alia, an tarchur a bheith á dhéanamh chomh tapa agus is féidir agus ar bhealach slán trí mhodhanna leictreonacha slána eile nó tríd an tseirbhís phoist.
(50)Chun solúbthacht nósanna imeachta trasteorann áirithe chun daoine fásta a chosaint a áirithiú, d’fhéadfadh modhanna eile cumarsáide a bheith níos iomchuí. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh cumarsáid tríd an gcóras TF díláraithe éigeantach le haghaidh cumarsáid dhíreach idir na húdaráis, go háirithe i gcás ina bhfuil cumarsáid phearsanta dhíreach de dhíth ar na húdaráis. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfaí modhanna cumarsáide nach bhfuil chomh foirmiúil céanna a úsáid, amhail ríomhphost. Ós rud é go mbíonn na húdaráis ag déileáil le sonraí íogaire, ba cheart slándáil agus iontaofacht an mhalartaithe faisnéise a chur san áireamh i gcónaí agus na modhanna iomchuí cumarsáide á roghnú.
(51)Is gá foráil a dhéanamh maidir le modh nua‑aimseartha rochtana ar cheartas chun go bhféadfaidh daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha agus údaráis inniúla na mBallstát cumarsáid a dhéanamh go leictreonach tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach arna bhunú ar an Tairseach Eorpach don r‑Cheartas le Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le Digiteáil].
(52)Leis an bpointe rochtana leictreonach Eorpach, ba cheart daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go leictreonach le húdaráis inniúla na mBallstát i gcomhthéacs na n-imeachtaí maidir le cinneadh i ndáil le beart a aithint orfheidhmiúnó gan é a aithint, i gcomhthéacs eisiúint fianuithe, agus i gcomhthéacs nósanna imeachta um eisiúint, ceartú, modhnú, tarraingt siar, fionraí nó sásamh i ndáil leis an Deimhniú Eorpach Ionadaíochta. Níor cheart d’údaráis inniúla na mBallstát cumarsáid a dhéanamh tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach ach amháin i gcás ina bhfuil toiliú sainráite tugtha roimh ré ag an duine aonair nó ag an eintiteas príobháideach lena mbaineann le húsáid an mhodha cumarsáide sin.
(53)Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán seo ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach ann, gan difear a dhéanamh do thuilleadh próiseála chun críoch cartlannaithe ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) agus Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679.
(54)Go ginearálta, sonraí pearsanta atá le próiseáil faoin Rialachán seo, ba cheart a bheith i gceist leo go háirithe sonraí atá sna doiciméid a láimhseálann údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát maidir le daoine fásta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a n-ionadaithe. Ba cheart a bheith i gceist leis na sonraí pearsanta sin go háirithe an fhaisnéis is gá chun beart a dhéanamh maidir le daoine fásta faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus chun a gcosaint leanúnach a áirithiú i staideanna trasteorann. Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, láimhseálfaidh údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát na sonraí pearsanta sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún na sonraí sin a phróiseáil chun na modhanna digiteacha cumarsáide a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Leis an Rialachán seo níor cheart teorainn a chur le tréimhse stórála na faisnéise agus na sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát, ós rud é gur minic is gá cosaint daoine fásta a áirithiú go fadtéarmach agus go leanann na bearta agus na hionstraimí barántúla de bheith ábhartha ar feadh tréimhse fhadaithe.
(55)Chomh maith leis an bpróiseáil sonraí thuasluaite, ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán seo freisin chun an córas a bhunú chun cláir um chosaint agus cláir eile de chumhachtaí ionadaíochta a idirnascadh agus chun coinneáil ar bun agus feidhmiú cuí an chórais sin a áirithiú. Tá údar leis an bpróiseáil bhreise sin toisc gur gá d’údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát a bhfuil leas dlisteanach acu rochtain a fháil ar fhaisnéis i dtaobh an bhfuil duine fásta ar leith á chosaint i mBallstát eile, d’fhonn a áirithiú go leanfar den duine fásta sin a chosaint i staideanna trasteorann agus d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a mhéadú. Ba cheart na Ballstáit a bheith freagrach as bainistiú teicniúil, coinneáil ar bun agus slándáil a gclár agus, a mhéid a fhoráiltear ina ndlí náisiúnta, ba cheart iad a bheith freagrach as cruinneas agus iontaofacht na sonraí a áirítear iontu. Ba cheart sonraí a bhaineann le hábhair sonraí a stóráil go príomha sna cláir a choinníonn na Ballstáit ar bun. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún sonraí a phróiseáil chun an córas um idirnascadh a fhorbairt agus a choinneáil ar bun agus chun sonraí a bhfaightear rochtain orthu tríd an gcóras um idirnascadh a stóráil go sealadach.
(56)Ba cheart d’údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir leis an mbunús dlí don phróiseáil a dhéanann údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát ar shonraí pearsanta de bhun Airteagal 6(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo freisin maidir leis an mbunús dlí don phróiseáil a dhéanann an Coimisiún ar shonraí pearsanta de bhun Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1725.
(57)Ina theannta sin, féadfar a áireamh sna sonaí a bhaineann le daoine fásta a phróiseáiltear faoin Rialachán seo sonraí pearsanta sláinte na ndaoine fásta sin. Féadfar na sonraí pearsanta sláinte sin a áireamh go sainráite sna doiciméid a phróiseáiltear faoin Rialachán seo nó féadfar iad a oibriú amach go hindíreach toisc nach bhfuil duine fásta in ann a leasanna a chosaint mar gheall ar lagú nó neamhdhóthanacht a chumas pearsanta. De bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart déileáil le sonraí pearsanta sláinte mar chatagóir speisialta sonraí pearsanta. Ba cheart coinníollacha agus coimircí a bheith sa Rialachán seo i ndáil le próiseáil na gcatagóirí speisialta sonraí pearsanta sin ag údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2016/679. Ag gníomhú dóibh ina gcáil bhreithiúnach, déanfaidh údaráis na mBallstát sonraí a phróiseáil i gcomhréir le pointe (f) den Airteagal sin, nó beidh gá leis an bpróiseáil, i gcomhréir le pointe (g) den Airteagal sin, ar chúiseanna a bhaineann le leas mór an phobail ar bhonn an Rialacháin seo, arb é is aidhm dó cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha agus ceart eile daoine fásta i staideanna trasteorann a fheabhsú, éifeachtacht agus luas imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin a bhaineann le cosaint daoine fásta a fheabhsú agus deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht i ndéileálacha trasteorann a neartú. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart coinníollacha agus coimircí a bheith sa Rialachán seo i ndáil le próiseáil na gcatagóirí speisialta sonraí pearsanta sin ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2018/1725. Beidh gá leis an bpróiseáil sonraí sin chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint i gcomhréir le pointe (f) den Airteagal sin, nó beidh gá leis an bpróiseáil ar chúiseanna a bhaineann le leas mór an phobail ar bhonn an Rialacháin seo, i gcomhréir le pointe (g) den Airteagal sin.
(58)Ba cheart coimircí iomchuí a bheith ann le haghaidh próiseáil den sórt sin ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta agus níor cheart sonraí den sórt sin a phróiseáil faoin Rialachán seo ach amháin i gcás inar gá sin chun cuspóirí na próiseála a shainaithnítear faoin Rialachán seo a bhaint amach agus i gcás ina bhfuil an phróiseáil sin comhréireach leo. Mar shampla, ba cheart roinnt coimircí a thabhairt isteach agus an córas um idirnascadh á bhunú. Ba cheart na sonraí a phróiseáiltear tríd an gcóras um idirnascadh a theorannú don mhéid is gá chun rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi na bearta agus na cumhachtaí ionadaíochta a bhaineann le duine fásta ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí a phróiseáiltear tríd an gcóras um idirnascadh a theorannú do na sonraí pearsanta a áirítear san fhaisnéis shainordaitheach a shainítear sa Rialachán seo, ach amháin má thugann na Ballstáit rochtain tríd an gcóras um idirnascadh ar shonraí breise, amhail sonraí ar chumhachtaí ionadaíochta cláraithe, nó ar ainm ionadaí agus ar mhéid na hionadaíochta. Níor cheart sonraí pearsanta ar bith a stóráil sa chóras um idirnascadh ach amháin i gcás stóráil shealadach a bhfuil gá léi chun rochtain orthu a áirithiú. Níor cheart rochtain phoiblí a bheith ar shonraí tríd an gcóras um idirnascadh. Níor cheart rochtain a bheith ar an gcóras um idirnascadh ach ag na húdaráis inniúla agus na hÚdaráis Lárnacha a bhfuil cead acu, faoina ndlí náisiúnta, rochtain a fháil ar na cláir náisiúnta, ar choinníoll go bhfuil leas dlisteanach acu freisin i rochtain a fháil ar shonraí áirithe. Le gníomhartha cur chun feidhme, ba cheart coimircí breise cosanta sonraí a sholáthar maidir leis an gcumarsáid dhigiteach agus le hidirnascadh na gclár.
(59)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim uaidh an [dáta].
(60)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann leis an gcóras TF díláraithe agus an córas díláraithe um idirnascadh dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhunú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(61)Ba cheart rochtain a bheith ar na foirmeacha agus ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil don phobal, agus ar an gcumarsáid idir údaráis inniúla agus daoine nádúrtha de bhun an Rialacháin seo, i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart an ceanglas inrochtaineachta a mheasúnú agus a chur chun feidhme agus cineál agus éifeachtaí dlíthiúla na faisnéise nó na cumarsáide á gcur san áireamh. Go háirithe, ba cheart a léiriú go cruinn agus go mion sna fianuithe agus sa Deimhniú Eorpach Ionadaíochta ábhar an bhirt arna dhéanamh nó na cumhachtaí ionadaíochta arna ndeonú agus níor cheart iad a shimpliú.
(62)Chun a áirithiú go gcoimeádtar cothrom le dáta na fianuithe dá bhforáiltear in Airteagail 15 agus 17 agus an Deimhniú Eorpach Ionadaíochta dá bhforáiltear i gCaibidil VII den Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinní I go X a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(63)I gcomhréir le prionsabal na hiontaoibhe frithpháirtí agus chun nósanna imeachta trasteorann a éascú, ba cheart foirmiúlachtaí riaracháin a bhaineann le cúrsaíocht doiciméad poiblí a shimpliú in ábhair a bhaineann le cosaint daoine fásta. Dá bhrí sin, ba cheart doiciméid phoiblí arna dtíolacadh chun críocha an Rialacháin seo a dhíolmhú ó dhlisteanú nó ó fhoirmiúlacht chomhchosúil, amhail apastail. Ba cheart a chumhdach leis an díolúine sin na doiciméid phoiblí a eisíonn údarás poiblí Ballstáit agus a chuirtear faoi bhráid údaráis phoiblí Ballstáit eile. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin go háirithe i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo nó i nósanna imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo, agus ba cheart a chumhdach léi doiciméid phoiblí a bhaineann go díreach le cosaint daoine fásta agus doiciméid tacaíochta eile
(64)Sa chaidreamh idir na Ballstáit, ba cheart tosaíocht a bheith ag an Rialachán seo ar Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta. Mar sin féin, chun a áirithiú go gcuirfear Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta i bhfeidhm i ndáil le tríú tíortha ar páirtithe conarthacha sa Choinbhinsiún sin iad agus nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, in imthosca sonracha áirithe, i gcás ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine fásta san Aontas agus ina mbaineann gné thrasteorann an cháis leis an tríú tír sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo. Ina theannta sin, maidir leis an gcomhar idir údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha Ballstáit agus iad siúd de chuid Páirtí chonarthaigh i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta, ba cheart é a rialú le forálacha ábhartha an Choinbhinsiúin.
(65)Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois fiú i gcásanna ina bhfuil inniúlacht faighte acu roimh an aois sin. Ba cheart go seachnófaí leis sin forluí le raon feidhme Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle agus Choinbhinsiún HCCH an 19 Deireadh Fómhair 1996 maidir le Dlínse, an Dlí is Infheidhme, Aitheantas, Forghníomhú agus Comhar i dtaca le Freagracht Tuismitheoirí agus le Bearta chun Leanaí a Chosaint. Ba cheart go gcoiscfeadh sé sin freisin nach gcumhdaítear daoine áirithe leis an Rialachán seo ná leis an dá ionstraim sin.
(66)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(67)[I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.] NÓ
(68)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn [i litir dar dáta …,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.]
(69)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is iad sin cosaint ceart daoine fásta i staideanna trasteorann san Aontas a fheabhsú, éifeachtacht agus luas imeachtaí trasteorann a bhaineann le cosaint daoine fásta a fheabhsú agus deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht sna staideanna sin a mhéadú, a ghnóthú go leordhóthanach ach, mar gheall ar infheidhmeacht dhíreach agus cineál ceangailteach an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I
RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Leagann an Rialachán seo síos na rialacha lena ndéantar:
(a)cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát a bhfuil dlínse ag a údaráis bearta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh an duine fásta nó maoin an duine fhásta a chosaint;
(b)cinneadh a dhéanamh maidir leis an dlí a chuirfidh na húdaráis sin chun feidhme agus a ndlínse á feidhmiú acu;
(c)cinneadh a dhéanamh maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hionadaíocht an duine fhásta;
(d)foráil a dhéanamh maidir le haitheantas agus forfheidhmiúchán beart cosanta den sórt sin i ngach Stát Conarthach;
(e)foráil maidir le glacadh ionstraimí barántúla sna Ballstáit uile;
(f)comhar a bhunú idir údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach;
(g)digiteáil ar an gcumarsáid idir údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha, agus modhanna digiteacha a sholáthar don chumarsáid idir daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha agus údaráis inniúla;
(h)Deimhniú Eorpach Ionadaíochta a chruthú;
(i)córas um idirnascadh idir cláir um chosaint na mBallstát a bhunú.
Airteagal 2
Raon Feidhme
1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo in ábhair shibhialta maidir le daoine fásta a chosaint i staideanna trasteorann nach bhfuil in ann, mar gheall ar a gcuid cumais phearsanta a bheith lagaithe nó neamhdhóthanach, a leasanna a chosaint.
2.Beidh feidhm ag an Rialachán freisin maidir le bearta i leith duine fásta nach raibh 18 mbliana d’aois slánaithe aige tráth a rinneadh na bearta.
3.Féadfaidh na hábhair dá dtagraítear i mír (1) déileáil, go háirithe, leis na nithe seo a leanas:
(a)a chinneadh an bhfuil an duine fásta faoi éagumas agus córas cosantach a chur ar bun;
(b)an duine fásta a chur faoi chosaint údaráis bhreithiúnaigh nó riaracháin;
(c)caomhnóireacht, coimircíocht agus institiúidí den chineál céanna;
(d)ainmniú agus feidhmeanna duine ar bith nó comhlacht ar bith a mbeidh an duine fásta féin nó maoin an duine fhásta faoina cheannas, agus a dhéanfaidh ionadaíocht ar an duine fásta nó a chabhróidh leis;
(e)cinntí maidir leis an duine fásta a chur i mbunaíocht nó in áit eile inar féidir cosaint a sholáthar;
(f)maoin an duine fhásta a riar, a chaomhnú nó a dhiúscairt;
(g)idirghabháil shonrach a údarú chun an duine fásta nó maoin an duine fhásta a chosaint.
4.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)oibleagáidí cothabhála;
(b)pósadh nó aon ghaol comhchosúil, chomh maith le hidirscaradh dlíthiúil, a fhoirmiú, a neamhniú agus a scaoileadh;
(c)córais mhaoine i ndáil le pósadh nó aon ghaol dá samhail;
(d)iontaobhais nó comharbas;
(e)slándáil shóisialta;
(f)bearta poiblí de chineál ginearálta i gcúrsaí sláinte;
(g)bearta a dhéantar i leith duine mar thoradh ar chionta pionósacha a rinne an duine sin;
(h)cinntí maidir leis an gceart chun tearmainn agus maidir le hinimirce;
(i)bearta atá dírithe ar shábháilteacht an phobail amháin.
5.Ní dhéanann mír 4 difear, i leith na nithe dá dtagraítear inti, do theideal duine chun gníomhú mar ionadaí an duine fhásta.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘duine fásta’ duine a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige;
(2)ciallaíonn ‘beart’ aon bheart a dhéanann údarás Ballstáit, cibé ainm a thugtar air, atá dírithe ar dhuine fásta a chosaint;
(3)ciallaíonn ‘cumhachtaí ionadaíochta’ cumhachtaí a dheonaíonn duine fásta, faoi chomhaontú nó le gníomh aontaobhach, atá le feidhmiú nuair nach bhfuil an duine fásta sin in ann a leasanna a chosaint;
(4)ciallaíonn ‘Ballstát tionscnaimh’ an Ballstát ina ndearnadh an beart nó inar tarraingíodh suas an ionstraim bharántúil go foirmiúil;
(5)ciallaíonn ‘ionstraim bharántúil’ doiciméad in ábhar a bhaineann le cosaint duine fásta a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh go foirmiúil mar ionstraim bharántúil i mBallstát agus:
(a)a mbaineann a barántúlacht le síniú na hionstraime barántúla agus lena bhfuil inti; agus
(b)a bhfuil a barántúlacht bunaithe ag údarás poiblí nó ag údarás eile arna chumhachtú chun na críche sin ag an mBallstát tionscnaimh;
(6)ciallaíonn ‘údarás’ aon údarás breithiúnach nó riaracháin de chuid Ballstáit atá inniúil ar bhearta a dhéanamh atá dírithe ar dhuine fásta nó ar mhaoin duine fásta a chosaint;
(7)ciallaíonn ‘údarás tionscnaimh’ an t-údarás a rinne an beart nó a tharraing suas an ionstraim bharántúil go foirmiúil;
(8)ciallaíonn ‘cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe’ cumhachtaí ionadaíochta a bhfuil sé deimhnithe ag údarás inniúil ina leith gur féidir leis an ionadaí a bhfuil na cumhachtaí sin dílsithe dó iad a fheidhmiú;
(9)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás poiblí Ballstáit a bhfuil freagrachtaí air in ábhair a bhaineann le daoine fásta a chosaint;
(10)ciallaíonn ‘córas um idirnascadh’ córas chun cláir um chosaint agus cláir de chumhachtaí ionadaíochta eile a idirnascadh;
(11)ciallaíonn ‘córas TF díláraithe’ líonra córas TF, pointí rochtana idir-inoibritheacha a oibríonn faoi fhreagracht agus bainistiú aonair gach Ballstáit, agus an pointe rochtana leictreonach Eorpach, lenar féidir faisnéis a mhalartú ar bhonn trasteorann ar bhealach slán iontaofa;
(12)ciallaíonn ‘clár um chosaint’ clár inar cláraíodh bearta atá dírithe ar dhuine fásta a chosaint nó ar chumhachtaí ionadaíochta deimhnithe.
(13)ciallaíonn ‘pointe rochtana leictreonach Eorpach’ pointe rochtana idir‑inoibritheach mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Rialachán [...] [an Rialachán maidir le Digiteáil];
Airteagal 4
Tagairtí do Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta
Sna cásanna ina dtagraítear dó sa Rialachán seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Coinbhinsiún HCCH an 13 Eanáir 2000 maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Daoine Fásta (‘Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta’), atá ag gabháil leis an Rialachán seo.
Caibidil II
DLÍNSE
Airteagal 5
Dlínse ghinearálta
Faoi réir Airteagal 6 den Rialachán seo, cinnfear dlínse i gcomhréir le Caibidil II de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta.
Airteagal 6
Rogha dlínse
1.D’ainneoin Airteagal 5, beidh dlínse ag údaráis Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine fásta i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)roghnaigh an duine fásta údaráis an Bhallstáit sin, nuair a bhí sé fós in ann a leas a chosaint;
(b)is chun leasa an duine fhásta é an dlínse a fheidhmiú;
(c)níor fheidhmigh údaráis Ballstáit a bhfuil dlínse acu faoi Airteagail 5 go 8 de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta a ndlínse.
2.Agus a ndlínse á feidhmiú acu i gcomhréir le mír (1), tabharfaidh údaráis Ballstáit fógra d’Údarás Lárnach an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine fásta, arna ainmniú de bhun Airteagal 18, agus úsáid á baint acu as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
3.Beidh an rogha dlínse dá dtagraítear i mír (1) sainráite i scríbhinn agus dátaithe agus sínithe ag an duine fásta. Measfar go bhfuil aon chumarsáid ar mhodh leictreonach lena dtabharfar taifead buan ar an rogha comhionann le scríbhinn.
4.Na tagairtí d’Airteagal 5 de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta atá in Airteagal 7(1), (2), agus (3), in Airteagail 9 agus 10, agus in Airteagal 11(1) agus (2) den Choinbhinsiún sin, tuigfear go n-áirítear leo freisin tagairt don Airteagal seo. Déanfar an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 10(4) den Choinbhinsiún sin a sholáthar freisin, i gcás inarb infheidhme, don údarás a d’fheidhmigh a dhlínse de réir mhír (1).
Airteagal 7
Dlínse neamheisiach
An dlínse a thugtar do na húdaráis arna roghnú ag an duine fásta de bhun Airteagal 6 den Rialachán seo, ní eisiach a bheidh sí agus go háirithe ní chuirfidh sí cosc ar na húdaráis a bhfuil dlínse acu faoi Airteagail 5 agus 6 de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta a ndlínse a fheidhmiú, i gcás nach bhfuil a ndlínse feidhmithe ag na húdaráis a roghnaigh an duine fásta nó i gcás inar tharscaoil siad dlínse den sórt sin .
Caibidil III
AN DLÍ IS INFHEIDHME
Airteagal 8
Cinneadh an dlí is infheidhme
Déanfar an dlí is infheidhme maidir le cosaint trasteorann daoine fásta a chinneadh i gcomhréir le Caibidil III de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta.
Caibidil IV
BEARTA A AITHINT AGUS A FHORFHEIDHMIÚ
Roinn 1
Bearta a aithint
Airteagal 9
Beart a aithint
1.Déanfar beart a ghlacfaidh údaráis Bhallstáit a aithint sna Ballstáit eile gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta.
2.Féadfaidh aon duine leasmhar, lena n-áirítear an duine fásta lena mbaineann an beart, a iarraidh ar údaráis Ballstáit go ndéanfaidh siad cinneadh maidir le beart arna dhéanamh i mBallstát eile a aithint nó gan é a aithint.
3.Má bhraitheann toradh imeachtaí atá os comhair údarás Ballstáit ar chinneadh maidir le ceist theagmhasach a bhaineann le haitheantas a dhiúltú nó gan é a dhiúltú, beidh dlínse ag an údarás sin ar an gceist sin.
Airteagal 10
Foras le haitheantas a dhiúltú
Féadfar diúltú do bheart a rinneadh i mBallstát eile a aithint sna cásanna seo a leanas:
(a)más rud é go ndearnadh an beart, ach amháin i gcás práinne, i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin, gan an deis a bheith tugtha don duine fásta éisteacht a fháil;
(b)más léir go bhfuil an aithint sin contrártha go follasach le beartas poiblí an Bhallstáit ina n-iarrtar an aithint;
(c)más rud é go bhfuil an beart ar neamhréir le beart a glacadh níos déanaí i dtríú tír a mbeadh dlínse aici faoi Airteagail 5 nó 6, i gcás ina gcomhlíonann an beart sin a glacadh níos déanaí na ceanglais le haghaidh aitheantais sa Bhallstát iarrtha;
(d)mura gcomhlíontar an nós imeachta a fhoráiltear in Airteagal 14.
Roinn 2
Infhorfheidhmitheacht agus forfheidhmiú beart
Airteagal 11
Infhorfheidhmitheacht (díothú exequatur)
Beart a dhéanfaidh údaráis Bhallstáit agus atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát sin, beidh sé in-fhorfheidhmithe i mBallstát eile gan gá a bheith le dearbhú infhorfheidhmitheachta.
Airteagal 12
Forfheidhmiú
1.Faoi réir Roinn 3, rialófar an nós imeachta maidir le forfheidhmiú beart arna ndéanamh i mBallstát eile le dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe. Beart a dhéantar i mBallstát agus atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát iarrtha, déanfar é a fhorfheidhmiú sa Bhallstát sin faoi na coinníollacha céanna le beart a rinneadh sa Bhallstát iarrtha.
2.D’ainneoin mhír (1), beidh feidhm ag na forais chun forfheidhmiú a dhiúltú nó a chur ar fionraí faoi dhlí an Bhallstáit iarrtha a mhéid nach bhfuil siad ar neamhréir leis na forais dá dtagraítear in Airteagal 10.
Roinn 3
Forálacha coiteanna
Airteagal 13
Gan athbhreithniú a dhéanamh maidir leis an tsubstaint
Ní fhéadfar i gcás ar bith beart arna dhéanamh ag údaráis Ballstáit a athbhreithniú maidir lena shubstaint.
Airteagal 14
Nós imeachta
1.Duine a bhfuil aitheantas á lorg nó á chonspóid aige, a bhfuil forfheidhmiú birt arna dhéanamh i mBallstát á lorg aige nó atá ag agairt an bhirt sin os comhair údaráis Ballstáit eile, tabharfaidh sé na nithe seo ar aird:
(a)cóip den bheart a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuíomh;
(b)fianú arna eisiúint de bhun Airteagal 15.
2.An t-údarás a ndéantar beart a rinneadh i mBallstát eile a agairt os a chomhair nó a ndéantar aithint nó forfheidhmiú birt arna dhéanamh i mBallstát eile a lorg nó a chonspóid os a chomhair, féadfaidh sé, i gcás inar gá, a cheangal ar an iarratasóir aistriúchán nó traslitriú ar inneachar an fhianaithe dá dtagraítear i mír (1), pointe (b), a sholáthar.
Airteagal 15
Fianú
Eiseoidh an t-údarás tionscnaimh, arna iarraidh sin d’aon duine leasmhar, fianú agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ina léireofar ábhar an bhirt.
Caibidil V
IONSTRAIMÍ BARÁNTÚLA
Airteagal 16
Ionstraimí barántúla a ghlacadh
1.Beidh na héifeachtaí fianaiseacha céanna i mBallstát eile ag ionstraim bharántúil a bhunófar i mBallstát agus a bheidh aici sa Bhallstát tionscnaimh nó beidh na héifeachtaí is inchomparáidí aici, ar choinníoll nach mbeidh sé sin contrártha go follasach don bheartas poiblí sa Bhallstát lena mbaineann.
2.Comhlíonfaidh an ionstraim bharántúil a thabharfar ar aird na coinníollacha is gá chun a barántúlacht sa Bhallstát tionscnaimh a shuíomh.
Airteagal 17
Fianú
Duine ar mian leis ionstraim bharántúil a úsáid i mBallstát eile, féadfaidh sé iarraidh ar an údarás inniúil a tharraing suas an ionstraim bharántúil go foirmiúil nó a chláraigh an ionstraim bharántúil go foirmiúil sa Bhallstát tionscnaimh an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II a líonadh isteach ina dtugtar tuairisc ar na héifeachtaí fianaiseacha atá ag an ionstraim bharántúil sa Bhallstát tionscnaimh.
Caibidil VI
COMHAR
Roinn 1
Údaráis Lárnacha
Airteagal 18
Ainmniú Údaráis Lárnaigh
1.Déanfaidh gach Ballstát Údarás Lárnach amháin nó níos mó a ainmniú chun cúnamh a thabhairt le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus sonróidh sé inniúlacht gheografach agus fheidhmiúil gach ceann díobh.
2.I gcás inar ainmnigh Ballstát níos mó ná Údarás Lárnach amháin, seolfar cumarsáidí go díreach chuig an Údarás Lárnach ábhartha a bhfuil inniúlacht aige. I gcás ina seolfar cumarsáid chuig Údarás Lárnach nach bhfuil inniúlacht aige, cuirfidh an tÚdarás Lárnach ar aghaidh í chuig an Údarás Lárnach a bhfuil inniúlacht aige agus cuirfidh sé an seoltóir ar an eolas dá réir sin.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh áiseanna leordhóthanacha agus iomchuí ag na hÚdaráis Lárnacha ó thaobh foirne, acmhainní agus modhanna cumarsáide nua-aimseartha de chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go leormhaith.
Airteagal 19
Cúraimí na nÚdarás Lárnach
1.Oibreoidh na hÚdaráis Lárnacha i gcomhar le chéile agus cuirfidh siad comhar chun cinn i measc na n-údarás inniúil ina mBallstáit maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2.Cuirfidh na hÚdaráis Lárnacha faisnéis in iúl maidir le dlíthe, nósanna imeachta agus seirbhísí náisiúnta in ábhair a bhaineann le cosaint daoine fásta, agus déanfaidh siad na bearta a mheasann siad a bheith iomchuí chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fheabhsú.
3.Éascóidh na hÚdaráis Lárnacha cumarsáid idir na húdaráis inniúla ar gach modh.
Airteagal 20
Suíomh duine fásta nó duine ar dócha go gcuirfidh sé tacaíocht ar fáil
Déanfaidh Údarás Lárnach Ballstáit, go díreach nó trí údaráis inniúla, cúnamh a sholáthar, arna iarraidh sin d’údarás de chuid Ballstáit eile, chun fáil amach cá bhfuil na daoine seo a leanas:
(a)duine fásta i gcás ina ndealraíonn sé go bhféadfadh an duine fásta a bheith laistigh de chríoch an Bhallstáit iarrtha agus go bhfuil cosaint de dhíth air laistigh den chríoch sin;
(b)duine ar dócha go dtabharfaidh sé tacaíocht don duine fásta, i gcomhréir leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an duine fásta nó ag údarás inniúil eile, i gcás ina ndealraíonn sé go bhféadfadh an duine sin a bheith laistigh de chríoch an Bhallstáit iarrtha.
Airteagal 21
Socrúchán
1.Má bheartaíonn údarás Ballstáit an duine fásta a chur i mBallstát eile i mbunaíocht nó in institiúid eile inar féidir cosaint a chur ar fáil, gheobhaidh sé toiliú Údarás Lárnach an Bhallstáit eile sin ar dtús. Chuige sin, tarchuirfidh sé tuarascáil ar an duine fásta chuig Údarás Lárnach an Bhallstáit iarrtha mar aon leis na cúiseanna atá leis an mbeart atá beartaithe, agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
2.Ní bheidh feidhm ag mír (1) i gcás ina mbeartófar an socrúchán le duine príobháideach.
3.Ach amháin i gcás ina bhfágann imthosca eisceachtúla nach féidir é sin a dhéanamh, déanfar an cinneadh lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear toiliú a tharchur chuig an údarás iarrthach tráth nach déanaí ná 6 seachtaine tar éis an iarraidh a fháil.
4.Ní chuirfidh míreanna (1), (2) agus (3) bac ar Údaráis Lárnacha nó ar údaráis inniúla comhaontuithe nó socruithe atá ann cheana a dhéanamh nó a choinneáil ar bun le hÚdaráis Lárnacha nó le húdaráis inniúla Ballstáit amháin eile nó níos mó lena simplítear an nós imeachta comhairliúcháin chun toiliú a fháil ina gcaidreamh frithpháirteach.
Airteagal 22
Ionadaí thar lear a ainmniú
1.I gcás ina mbeartóidh údarás Ballstáit údarás inniúil i mBallstát eile a ainmniú mar ionadaí duine fásta chun tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme birt, tarchuirfidh sé a iarraidh chuig Údarás Lárnach an Stáit iarrtha agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
2.Má éilíonn an tÚdarás Lárnach iarrtha amhlaidh, áiritheoidh an t-údarás iarrthach go ndéanfar na nithe seo a leanas a aisíoc gan mhoill:
(a)na táillí a íoctar leis an ionadaí; agus
(b)na costais a eascraíonn as cur chun feidhme an bhirt sa Bhallstát eile sin.
3.Sula bhforghníomhóidh an tÚdarás Lárnach iarrtha an iarraidh, féadfaidh sé éarlais leordhóthanach nó réamhíocaíocht leordhóthanach i leith na gcostas arna n-iarraidh a iarraidh ar an údarás iarrthach.
4.Is le dlí Bhallstát an údaráis iarrthaigh a rialófar an dualgas atá ar na páirtithe na táillí agus na costais a íoc de bhun mhír (2), nó an éarlais nó an réamhíocaíocht a dhéanamh de bhun mhír (3).
Airteagal 23
Cruinnithe na nÚdarás Lárnach
1.D’fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, beidh cruinnithe rialta ag na hÚdaráis Lárnacha.
2.Is é an Coimisiún, go háirithe, a thionólfaidh cruinniú na nÚdarás Lárnach faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála i gcomhréir le Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle.
Roinn 2
Údaráis inniúla
Airteagal 24
Na bearta a chur chun feidhme
Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a iarraidh ar údaráis inniúla Ballstáit eile cabhrú le bearta a chur chun feidhme.
Airteagal 25
Malartú faisnéise idir údaráis
1.I gcás ina mbeartófar beart a dhéanamh, féadfaidh údaráis Ballstáit, má éilítear le staid an duine fhásta é, a iarraidh ar aon údarás de chuid Ballstáit eile ag a bhfuil faisnéis iomchuí maidir le cosaint an duine fhásta an fhaisnéis sin a thabhairt.
2.Déanfar an iarraidh dá dtagraítear i mír (1) a tharchur go díreach nó trí Údarás Lárnach an Bhallstáit iarrtha.
Airteagal 26
Baol tromchúiseach
1.I gcás ina mbeidh an duine fásta i mbaol tromchúiseach, údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndearnadh bearta chun an duine fásta a chosaint nó ina bhfuil siad á mbreithniú, más rud é go gcuirtear in iúl dóibh gur aistríodh áit chónaithe an duine fhásta go dtí Ballstát eile, nó go bhfuil an duine fásta i mBallstát eile, déanfaidh siad an baol a bheidh i gceist a chur in iúl d’údaráis an Bhallstáit eile sin agus déanfaidh siad na bearta a rinneadh nó atá á mbreithniú a chur in iúl dóibh chomh maith.
2.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír (1) a tharchur go díreach nó trí Údarás Lárnach an Bhallstáit iarrtha.
Airteagal 27
Cumarsáid agus comhar díreach idir údaráis
1.Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh údaráis na mBallstát comhar agus cumarsáid dhíreach a dhéanamh le chéile, nó faisnéis a iarraidh ar a chéile go díreach, ar choinníoll go ndéantar cearta nós imeachta na bpáirtithe sna himeachtaí agus rúndacht na faisnéise a urramú leis an gcumarsáid sin.
2.Féadfar an comhar dá dtagraítear i mír (1) a chur chun feidhme ar aon mhodh is cuí leis an údarás, agus féadfaidh baint a bheith aige go háirithe leis an gcumarsáid chun críocha na nithe seo a leanas:
(a)Airteagal 5;
(b)an Chaibidil seo.
3.Chun críocha na cumarsáide de bhun Airteagal 8 de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta, féadfaidh údaráis na mBallstát an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid.
4.Chun údaráis Ballstáit eile a chur ar an eolas de bhun Airteagail 7, 10 agus 11 de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta, féadfaidh údaráis na mBallstát an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid.
Roinn 3
Forálacha ginearálta
Airteagal 28
Idirghabháil agus réiteach malartach díospóidí
Spreagfaidh Údaráis Lárnacha agus údaráis inniúla na mBallstát, go díreach nó trí chomhlachtaí eile, úsáid idirghabhála nó modhanna eile um réiteach malartach díospóidí, chun réitigh chomhaontaithe a bhaint amach ar mhaithe le duine fásta é féin nó maoin duine fásta a chosaint i gcásanna a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.
Airteagal 29
Neamhnochtadh faisnéise
Ní dhéanfaidh Údaráis Lárnacha agus údaráis inniúla na mBallstát faisnéis arna bailiú nó arna tarchur chun críocha an Rialacháin seo a nochtadh ná a dheimhniú má chinneann siad go bhféadfadh an méid seo a leanas tarlú dá bharr sin:
(a)sláinte, sábháilteacht nó saoirse an duine fhásta nó duine eile a chur i gcontúirt;
(b)maoin an duine fhásta a chur i mbaol.
Airteagal 30
Costais na nÚdarás Lárnach agus na n-údarás inniúil
1.Beidh an cúnamh a chuirfidh na hÚdaráis Lárnacha agus na húdaráis inniúla ar fáil de bhun an Rialacháin seo saor in aisce.
2.Gan dochar d’Airteagal 37(2), íocfaidh gach Údarás Lárnach agus gach údarás inniúil a chostais féin agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.
Airteagal 31
Teangacha
1.Déanfar na hiarrataí nó na hiarratais a dhéanfar faoin gcaibidil seo i dteanga oifigiúil an Bhallstáit iarrtha nó, má tá roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla áit an Údaráis Lárnaigh nó an údaráis inniúil lena mbaineann, nó in aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais ar chuir an Ballstát sin in iúl gur féidir leis glacadh léi, mura ndéanfaidh an tÚdarás Lárnach nó údarás inniúil an Bhallstáit sin an t-aistriúchán a ligean ar ceal.
2.Ní dhéanfar na doiciméid a ghabhann leis an iarraidh nó leis an bhfoirm iarratais a aistriú go dtí an teanga a chinnfear i gcomhréir le mír (1) mura rud é go bhfuil gá le haistriúchán chun an cúnamh a iarradh a chur ar fáil.
Airteagal 32
Foirmeacha
Féadfaidh údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha úsáid a bhaint as na foirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus X a ghabhann leis an Rialachán seo chun iarraidh faoin gCaibidil seo a sheoladh agus cur in iúl go bhfuarthas é.
Airteagal 33
Cúnamh dlíthiúil
Iarratasóir ar tugadh dó go hiomlán nó go páirteach, sa Bhallstát tionscnaimh, cúnamh dlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó speansais, beidh sé i dteideal tairbhiú den chúnamh dlíthiúil is fabhraí nó den díolúine is fairsinge ó chostais nó ó speansais dá bhforáiltear i ndlí Bhallstát iarrtha:
(a)in aon imeacht chun beart a aithint nó a fhorfheidhmiú;
(b)agus doiciméad breithiúnach nó seachbhreithiúnach á sheirbheáil i mBallstát eile;
(c)in imeachtaí arna mbunú de bhun na Caibidle seo.
Caibidil VII
DEIMHNIÚ EORPACH IONADAÍOCHTA
Airteagal 34
Deimhniú Eorpach Ionadaíochta a chruthú
1.Cruthaítear leis an Rialachán seo Deimhniú Eorpach Ionadaíochta (‘an Deimhniú’) a eiseofar lena úsáid i mBallstát eile agus beidh na héifeachtaí aige a liostaítear in Airteagal 40.
2.Ní bheidh úsáid an Deimhnithe éigeantach.
3.Ní ghlacfaidh an Deimhniú ionad na ndoiciméad inmheánach a úsáidtear chun críoch comhchosúil sna Ballstáit. A luaithe a eiseofar an Deimhniú lena úsáid i mBallstát eile, áfach, beidh na héifeachtaí a liostaítear in Airteagal 40 freisin aige sa Bhallstát arb iad a údaráis inniúla a d’eisigh é i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
Airteagal 35
Cuspóir an Deimhnithe
1.Déanfar an Deimhniú a eisiúint lena úsáid ag ionadaithe, ar gá dóibh, i mBallstát eile, a gcumhachtaí a agairt chun ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine fásta nach bhfuil in ann a leasanna a chosaint mar gheall ar lagú nó neamhdhóthanacht a gcumas pearsanta.
2.Féadfar an Deimhniú a úsáid chun a léiriú go bhfuil an t-ionadaí údaraithe, ar bhonn birt nó ar bhonn cumhacht ionadaíochta dheimhnithe, chun ionadaíocht a dhéanamh ar an duine fásta go háirithe i gceann amháin nó níos mó de na hábhair seo a leanas:
(a)maoin réadach nó sócmhainní eile an duine fhásta a rialú, a bhainistiú agus a dhiúscairt;
(b)maoin réadach nó sócmhainní eile a fháil in ainm an duine fhásta nó thar ceann an duine fhásta;
(c)conradh a dhéanfaidh an duine fásta a chur i gcrích;
(d)aon trádáil nó gnó a sheoladh thar ceann an duine fhásta;
(e)freagrachtaí agus oibleagáidí dlíthiúla an duine fhásta a chomhlíonadh;
(f)seoladh imeachtaí dlíthiúla in ainm an duine fhásta nó thar ceann an duine fhásta;
(g)cinntí leighis, lena n-áirítear toiliú a thabhairt agus a dhiúltú maidir le cóir leighis a chur i gcrích;
(h)cinntí maidir le leas pearsanta agus áit chónaithe an duine fhásta.
Airteagal 36
Inniúlacht chun an Deimhniú a eisiúint
1.Eiseofar an Deimhniú sa Bhallstát ina ndearnadh beart nó inar deimhníodh cumhachtaí ionadaíochta maidir le duine fásta.
2.Is é údarás eisiúna an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1:
(a)an t-údarás inniúil a rinne beart nó a dheimhnigh na cumhachtaí ionadaíochta a bhaineann leis an duine fásta;
(b)údarás inniúil eile, arna ainmniú ag an mBallstát, ag a bhfuil rochtain ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an mbeart a rinneadh nó leis na cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe.
Airteagal 37
Iarratas ar Dheimhniú
1.Eiseofar an Deimhniú ar iarratas ó ionadaí atá údaraithe, trí bhíthin beart arna dhéanamh nó trí chumhachtaí ionadaíochta arna ndeimhniú i mBallstát, chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an duine fhásta (dá ngairtear anseo feasta: ‘an t-iarratasóir’).
2.Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an táille chun an Deimhniú a fháil, más ann di, thar chostas táirgthe an Deimhnithe.
Airteagal 38
An Deimhniú a eisiúint
1.Ar an iarratas ar Dheimhniú a fháil, fíoróidh an t-údarás eisiúna an méid seo a leanas:
(a)tá an t-iarratasóir i dteideal an Deimhniú a iarraidh i gcomhréir leis na cumhachtaí a tugadh don iarratasóir sa bheart a rinneadh nó sna cumhachtaí ionadaíochta arna ndeimhniú i mBallstát an údaráis eisiúna (‘an beart foinseach’ nó ‘na cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe foinseacha’);
(b)go bhfuil na heilimintí atá le deimhniú i gcomhréir leis an mbeart foinseach sin nó leis na cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe foinseacha sin;
(c)tá an beart foinseach sin nó na cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe foinseacha sin fós bailí agus níor cuireadh beart a glacadh níos déanaí ná cumhachtaí ionadaíochta ina n-ionad.
2.Fíoróidh an t-údarás eisiúna na heilimintí go léir a liostaítear i mír (1), go háirithe trí thagairt a dhéanamh don fhaisnéis agus do na doiciméid atá ar fáil dó. Féadfaidh sé tuilleadh fiosruithe a dhéanamh freisin a bhfuil gá leo chun na heilimintí sin a fhíorú. I ndáil leis sin, féadfaidh sé a iarraidh ar an iarratasóir nó ar údaráis inniúla Ballstáit eile nó ar an dá cheann acu an fhaisnéis nó na doiciméid a mheasann sé a bheith riachtanach chun na heilimintí atá le deimhniú a fhíorú.
3.Chun na heilimintí a liostaítear i mír (1) a fhíorú, déanfaidh an t-údarás eisiúna, i gcás inarb indéanta, an córas um idirnascadh arna bhunú i gCaibidil VIII a cheadú freisin.
4.Déanfaidh an t-iarratasóir, arna iarraidh sin air, na doiciméid nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír (1) a sholáthar don údarás eisiúna. Ar an gcaoi chéanna, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát eile, arna iarraidh sin air, na doiciméid nó an fhaisnéis sin atá ina seilbh a sholáthar don údarás eisiúna, i gcás ina mbeadh údarás ag na húdaráis inniúla sin, faoin dlí náisiúnta, an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údarás náisiúnta eile.
5.Eiseoidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú gan mhoill a luaithe a fhíorófar go rathúil na heilimintí uile a liostaítear i mír (1). Eiseoidh sé an Deimhniú fiú má tá gnáthchónaí an duine fásta athraithe go Ballstát eile nó go tríú tír. Ní eiseoidh sé an Deimhniú más rud é go ndearnadh agóid i gcoinne an bhirt fhoinsigh nó na gcumhachtaí ionadaíochta deimhnithe foinseacha nó eilimintí atá le deimhniú, mura rud é go bhfuil siad infheidhme go sealadach.
6.Cuirfear an fhaisnéis ar fáil agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
7.Déanfar an Deimhniú a chomhlánú agus a eisiúint i dteanga Bhallstát an údaráis eisiúna. Féadfar an Deimhniú a eisiúint freisin i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais a iarrann an t-iarratasóir. Leis sin, ní chuirfear de cheangal ar an údarás eisiúna a eisíonn an Deimhniú aistriúchán nó traslitriú ar ábhar inaistrithe na réimsí téacs shaoir a sholáthar.
8.Déanfaidh an t-údarás eisiúna gach beart is gá chun an duine fásta agus aon duine a bhfuil leas dlisteanach aige a chur ar an eolas faoi eisiúint Deimhnithe.
9.Beidh an Deimhniú bailí ar feadh tréimhse bliana. I gcás ina mbeidh údar leis, féadfaidh an t-údarás eisiúna a chinneadh an tréimhse bhailíochta a dhéanamh níos faide nó níos giorra, go háirithe i gcás ina mbeidh ré níos faide nó níos giorra ná bliain ag an mbeart foinseach.
Airteagal 39
Ábhar an Deimhnithe
1.Sonrófar sa Deimhniú cad iad na cumhachtaí atá ag ionadaí duine fhásta nó, de réir mar is iomchuí, ar bhealach diúltach, cad iad na cumhachtaí nach bhfuil ag an ionadaí. I gcás inarb infheidhme, sonrófar sa Deimhniú freisin aon teorainn ar na cumhachtaí sin nó na coinníollacha a ghabhann leis na cumhachtaí sin.
Airteagal 40
Éifeachtaí an Deimhnithe
1.Beidh éifeachtaí ag an Deimhniú sna Ballstáit uile gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chuige sin.
2.Toimhdeofar go léireoidh an Deimhniú go cruinn eilimintí a bunaíodh faoin dlí is infheidhme maidir leis an mbeart foinseach nó leis na cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe foinseacha nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir lena n-eilimintí sonracha. Toimhdeofar go mbeidh na cumhachtaí a luaitear sa Deimhniú ag an duine a luafar sa Deimhniú mar ionadaí ar dhuine fásta agus nach mbeidh aon choinníoll ná srian ag gabháil leis na cumhachtaí sin seachas na coinníollacha agus na srianta a bheidh luaite sa Deimhniú. Ní chuimseoidh an toimhde, áfach, eilimintí nach bhfuil á rialú ag an Rialachán seo.
3.Aon duine a dhéileálann, ag gníomhú dó ar bhonn na faisnéise atá deimhnithe i nDeimhniú bailí, le duine a luaitear sa Deimhniú mar ionadaí an duine fhásta maidir le hábhar áirithe, measfar gur dhéileáil sé le duine a bhfuil údarás aige ionadaíocht a dhéanamh ar an duine fásta san ábhar sin, ach amháin má tá a fhios ag an duine nach bhfuil ábhar an Deimhnithe cruinn nó bailí nó nach bhfuil sé ar an eolas faoi mhíchruinneas nó neamhbhailíocht den sórt sin mar gheall ar mhórfhaillí.
Airteagal 41
Cóipeanna deimhnithe den Deimhniú
1.Coimeádfaidh an t‑údarás eisiúna bunchóip an Deimhnithe agus eiseoidh sé cóip dheimhnithe amháin nó níos mó ná cóip dheimhnithe amháin don iarratasóir.
2.Chun críocha Airteagal 42(3) agus Airteagal 44(2), coimeádfaidh an t-údarás eisiúna liosta de chóipeanna deimhnithe a eisíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.
3.Beidh deireadh bailíochta cóipe deimhnithe ag comhfhreagairt do dheireadh bhailíocht an Deimhnithe de bhun Airteagal 38(9), rud a léireofar sa chóip dheimhnithe le dáta éaga. A luaithe a bheidh an tréimhse sin caite, iarrfaidh aon duine a bhfuil cóip dheimhnithe ina sheilbh aige go n-eiseoidh an t-údarás eisiúna Deimhniú nua chun go mbeidh sé in ann an Deimhniú a úsáid chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 35.
Airteagal 42
An Deimhniú a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar
1.Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin do dhuine ar bith a bhfuil leas dlisteanach aige nó as a stuaim féin, an Deimhniú a cheartú i gcás earráide cléireachais.
2.Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin do dhuine ar bith a bhfuil leas dlisteanach aige, nó, i gcás inarb indéanta sin faoin dlí náisiúnta, as a stuaim féin, an Deimhniú a mhodhnú nó a tharraingt siar i gcás ina suífear nach bhfuil an Deimhniú nó eilimintí aonair de cruinn ná bailí.
3.Déanfaidh an t-údarás eisiúna gach duine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe den Deimhniú chuige de bhun Airteagal 41(1) a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon cheartú, aon mhodhnú nó aon tarraingt siar ar an Deimhniú.
Airteagal 43
Nósanna imeachta sásaimh
1.Féadfaidh aon duine a bhfuil leas dlisteanach aige agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí arna ndéanamh ag an údarás eisiúna de bhun Airteagal 38 maidir le Deimhniú a eisiúint nó maidir le diúltú Deimhniú a eisiúint.
Féadfaidh aon duine a bhfuil leas dlisteanach aige agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí arna ndéanamh ag an údarás eisiúna de bhun Airteagal 42 agus de bhun Airteagal 44(1), pointe (a).
Déanfar an agóid a thaisceadh le húdarás breithiúnach i mBallstát an údaráis eisiúna i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.
2.Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na húdaráis bhreithiúnacha atá inniúil chun déileáil leis na nósanna imeachta sásaimh de bhun mhír (1).
3.Más rud é, mar thoradh ar an agóid dá dtagraítear i mír 1, go suífear nach bhfuil an Deimhniú a eisíodh cruinn ná bailí, déanfaidh an t-údarás breithiúnach inniúil an Deimhniú a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó áiritheoidh sé go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna é a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar.
Más rud é, mar thoradh ar an agóid dá dtagraítear i mír 1, go suífear nach raibh údar maith leis an diúltú Deimhniú a eisiúint, déanfaidh an t-údarás breithiúnach inniúil an Deimhniú a eisiúint nó áiritheoidh sé go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna an cás a athmheasúnú agus go ndéanfaidh sé cinneadh nua.
Airteagal 44
Fionraí ar éifeachtaí an Deimhnithe
1.Féadfaidh ceann de na húdaráis inniúla seo a leanas éifeachtaí an Deimhnithe a chur ar fionraí:
(a)an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin do dhuine ar bith a bhfuil leas dlisteanach aige, go dtí go ndéanfar an Deimhniú a mhodhnú nó a tharraingt siar de bhun Airteagal 42;
(b)an t-údarás breithiúnach dá dtagraítear in Airteagal 43, arna iarraidh sin do dhuine ar bith atá i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne an t-údarás eisiúna, go dtí go ndéanfar agóid den sórt sin.
2.Déanfaidh an t-údarás eisiúna nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás breithiúnach gach duine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe den Deimhniú chuige de bhun Airteagal 41(1) a chur ar an eolas gan mhoill má dhéantar aon fhionraí ar éifeachtaí an Deimhnithe.
Le linn an fhionraí ar éifeachtaí an Deimhnithe, ní fhéadfar cóipeanna deimhnithe breise den Deimhniú a eisiúint.
Caibidil VIII
CLÁIR UM CHOSAINT A BHUNÚ AGUS A IDIRNASCADH
Airteagal 45
Cláir um chosaint a bhunú
1.Faoi [dhá bhliain tar éis dháta thús an chur i bhfeidhm] ar a dhéanaí, bunóidh na Ballstáit ar a gcríoch clár amháin nó níos mó, agus coinneoidh siad ar bun iad, cláir ina dtaifeadfar faisnéis maidir le bearta cosanta agus, i gcás ina bhforáiltear ina ndlí náisiúnta do dhaingniú cumhachtaí ionadaíochta ag údarás inniúil, maidir leis na cumhachtaí ionadaíochta sin (‘cláir um chosaint’).
2.Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a thaifeadfar sna cláir dá dtagraítear i mír (1) (‘faisnéis shainordaitheach’):
(a)léiriú go ndearnadh beart nó, i gcás inarb infheidhme, gur deonaíodh nó gur deimhníodh cumhachtaí ionadaíochta;
(b)dáta an chéad bhirt chomh maith le dáta na mbeart a rinneadh ina dhiaidh sin, nó, i gcás inarb infheidhme, an dáta ar dheonaigh duine fásta na cumhachtaí ionadaíochta nó ar dheimhnigh údarás inniúil iad;
(c)i gcás ina mbeidh beart nó cinneadh maidir leis na cumhachtaí ionadaíochta infheidhme go sealadach, an dáta a rachaidh an teorainn ama chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhirt nó an chinnidh maidir le cumhachtaí ionadaíochta in éag;
(d)dáta éaga nó athbhreithnithe na mbeart nó na gcumhachtaí ionadaíochta, más ann dó;
(e)an t-údarás inniúil a rinne an beart, a mhodhnaigh é nó a fhoirceann é nó a rinne na cumhachtaí ionadaíochta a chlárú, a dhaingniú, a mhodhnú nó a fhoirceannadh;
(f)ainm, áit agus dáta breithe an duine fhásta agus, i gcás inarb infheidhme, a uimhir chéannachta náisiúnta.
3.Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír (1) sna cláir um chosaint a luaithe is féidir tar éis na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)beidh an méid seo a leanas déanta ag údaráis an Bhallstáit:
(i)beidh beart déanta, modhnaithe nó foirceanta acu; nó
(ii)beidh cumhachtaí ionadaíochta arna ndeonú ag duine fásta deimhnithe, modhnaithe nó foirceanta acu;
(b)beidh an teorainn ama chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an bhirt nó an chinnidh maidir le cumhachtaí ionadaíochta imithe in éag, ach amháin má bhíonn an beart nó na cumhachtaí ionadaíochta infheidhme go sealadach.
4.Le mír (1) ní chuirfear bac ar na Ballstáit doiciméid bhreise nó faisnéis bhreise a áireamh ina gcláir um chosaint, amhail ainm an ionadaí nó cineál agus méid na hionadaíochta.
Airteagal 46
Idir-inoibritheacht na gclár de chumhachtaí ionadaíochta eile
Faoi [dhá bhliain tar éis dháta tosaigh an chur i bhfeidhm] ar a dhéanaí, na Ballstáit ina ndéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir le cláir leictreonacha ina dtaifeadtar faisnéis a bhaineann le cumhachtaí ionadaíochta eile atá cláraithe ag údarás inniúil, agus i gcás nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta do dhaingniú na gcumhachtaí ionadaíochta sin, áiritheoidh siad go ndéanfar an fhaisnéis éigeantach dá dtagraítear in Airteagal 45(2) a thaifeadadh sna cláir sin.
Airteagal 47
Idirnascadh na gclár
1.Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bunóidh an Coimisiún córas díláraithe don idirnascadh (‘córas um idirnascadh’) arb é a bheidh ann:
(a)Cláir um chosaint na mBallstát de bhearta dá dtagraítear in Airteagal 45 agus, i gcás inarb infheidhme, cláir um chosaint na mBallstát maidir le cumhachtaí ionadaíochta deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 45 agus cláir na mBallstát de chumhachtaí ionadaíochta eile in Airteagal 46;
(b)lárphointe rochtana leictreonach ar an bhfaisnéis sa chóras.
2.Leis an gcóras um idirnascadh, soláthrófar seirbhís chuardaigh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais chun an méid seo a leanas a chur ar fáil:
(a)an fhaisnéis éigeantach a leagtar amach in Airteagal 45(2);
(b)aon doiciméad nó faisnéis eile a áirítear sna cláir um chosaint nó i gcláir eile de chumhachtaí ionadaíochta, a roghnaíonn na Ballstáit a chur ar fáil tríd an gcóras um idirnascadh.
Airteagal 48
Coinníollach maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis tríd an gcóras um idirnascadh
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 47(2) ar fáil saor in aisce tríd an gcóras um idirnascadh.
2.Ní bheidh an fhaisnéis a bheidh ar fáil tríd an gcóras um idirnascadh ar fáil ach amháin do na húdaráis inniúla nó na hÚdaráis Lárnacha Ballstáit sin a bhfuil:
(a)rochtain acu ar an bhfaisnéis éigeantach faoina ndlí náisiúnta;
(b)leas dlisteanach acu rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin.
3.Chun críocha mhír (2), pointe (a), soláthróidh na Ballstáit na hacmhainní chun na húdaráis inniúla nó na hÚdaráis Lárnacha sin a údarú chun rochtain a fháil ar an gcóras um idirnascadh.
4.Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla sin nó do na hÚdaráis Lárnacha sin, cuirfidh an córas um idirnascadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 47(2) ar fáil dóibh go huathoibríoch.
Caibidil IX
CUMARSÁID DHIGITEACH
Airteagal 49
Modhanna cumarsáide idir údaráis inniúla nó Údaráis Lárnacha
1.Déanfar cumarsáid i scríbhinn idir údaráis inniúla nó Údaráis Lárnacha, lena n-áirítear malartú na bhfoirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I go X, trí chóras TF díláraithe atá slán agus iontaofa.
2.D’fhéadfadh sé nach mbeadh úsáid an chórais TF dhíláraithe iomchuí le haghaidh cumarsáid dhíreach idir údaráis arna déanamh de bhun Airteagal 27(1), agus féadfar aon mhodh cumarsáide eile a úsáid ina ionad.
3.I gcás nach féidir cumarsáid leictreonach a dhéanamh i gcomhréir le mír (1) mar gheall ar chur isteach ar an gcóras TF díláraithe, cineál an ábhair tharchurtha nó imthosca eisceachtúla, déanfar an tarchur ar an modh malartach is tapúla agus is iomchuí, agus an gá le malartú slán agus iontaofa faisnéise a áirithiú á chur san áireamh.
Airteagal 50
Cumarsáid tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach
1.An pointe rochtana leictreonach Eorpach atá bunaithe ar an Tairseach Eorpach don r‑Cheartas de bhun Airteagal 4 de Rialachán [AE] [an Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach], féadfar é a úsáid le haghaidh cumarsáid leictreonach idir daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha agus údaráis inniúla agus údaráis eisiúna na mBallstát i dtaobh na nithe a leanas:
(a)imeachtaí i ndáil le cinneadh maidir le haitheantas nó neamh‑aitheantas birt arna dhéanamh i mBallstát de bhun Airteagal 10;
(b)iarratas ar eisiúint an fhianaithe de bhun Airteagail 15 agus 17;
(c)iarratas ar Dheimhniú Eorpach Ionadaíochta a eisiúint, a choigeartú, a mhodhnú, a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó ar nósanna imeachta um shásamh ina leith, de bhun Chaibidil VII.
2.Beidh feidhm ag Airteagail 4(3), 5(2) agus (3) agus 6 de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] maidir le cumarsáid leictreonach de bhun mhír (1).
Airteagal 51
Ríomhshínithe agus ríomhshéalaí
1.An creat ginearálta le haghaidh úsáid seirbhísí iontaoibhe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh feidhm aige maidir leis an gcumarsáid leictreonach faoin Rialachán seo.
2.I gcás ina bhfuil gá le séala nó síniú lámhscríofa le haghaidh doiciméid a tharchuirtear mar chuid den chumarsáid leictreonach faoi Airteagal 49(1), nó i gcás ina bhfuil séala nó síniú lámhscríofa ina chuid den doiciméad sin, féadfar ríomhshéalaí cáilithe nó ríomhshínithe cáilithe, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, a úsáid ina ionad.
3.I gcás ina bhfuil gá le séala nó síniú lámhscríofa le haghaidh doiciméid a tharchuirtear mar chuid den chumarsáid leictreonach faoi Airteagal 50, nó i gcás ina bhfuil séala nó síniú lámhscríofa ina chuid den doiciméad sin, féadfar ríomhshéalaí cáilithe nó ríomhshínithe cáilithe, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, a úsáid ina ionad.
Airteagal 52
Éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad
Ní shéanfar éifeacht dhlíthiúil ar dhoiciméid a tharchuirfear mar chuid de chumarsáid leictreonach agus ní mheasfar iad a bheith neamh-inghlactha i gcomhthéacs nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann faoin Rialachán seo ar an bhforas gur i bhfoirm leictreonach atá siad agus ar an bhforas sin amháin.
Caibidil X
COSAINT SONRAÍ
Airteagal 53
Foráil ghinearálta maidir le cosaint sonraí
1.Déanfaidh údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát na sonraí pearsanta is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a phróiseáil chun nósanna imeachta trasteorann agus comhar idir na Ballstáit a chuíchóiriú i dtaca le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus, ar an gcaoi sin, chun cosaint daoine fásta i gcásanna idirnáisiúnta a fheabhsú. Go háirithe, déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán seo chun na gcríoch seo a leanas:
(a)na Ballstáit a bhfuil dlínse ag a n-údaráis faoi Chaibidil II a chinneadh;
(b)an dlí is infheidhme maidir le bearta agus cumhachtaí ionadaíochta faoi Chaibidil III a chinneadh;
(c)imeachtaí trasteorann a éascú maidir le haitheantas agus forfheidhmiú beart faoi Chaibidil IV, lena n-áirítear cinneadh a fháil maidir le haitheantas nó neamh‑aitheantas birt de bhun Airteagal 10 agus cur i láthair doiciméad chun an beart a agairt nó a fhorghníomhú de bhun Airteagal 14;
(d)glacadh ionstraimí barántúla a éascú sna Ballstáit uile faoi Chaibidil V;
(e)comhar idir údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát faoi Chaibidil VI agus maidir lena gcumarsáid dhigiteach de bhun Airteagal 49;
(f)cumarsáid leictreonach a fhéadfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a dhéanamh
le húdaráis inniúla na mBallstát i dtaca le himeachtaí agus iarratais shonracha faoin Rialachán seo;
(g)eisiúint na bhfianuithe de bhun Airteagail 15 agus 17, eisiúint na bhfoirmeacha lena simplítear comhar trasteorann a leagtar amach sna hIarscríbhinní, agus eisiúint Deimhnithe Eorpaigh Ionadaíochta de bhun Chaibidil VII.
2.Is iad na sonraí pearsanta atá le próiseáil de bhun an Rialacháin seo na sonraí atá sna doiciméid a láimhseálfaidh údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha na mBallstát, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír (1). Cuirfear teorainn le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo ionas nach mbeidh i gceist ach an méid a bhfuil gá leis chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1, gan difear a dhéanamh do thuilleadh próiseála chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (b) agus Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679.
3.Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur rialaitheoirí de réir bhrí Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 iad na húdaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha arna gcumhachtú ag na Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh rialtóirí slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a phróiseáiltear chun na gcríoch a leagtar amach thuas i mír (1).
4.D’ainneoin mhír (3), measfar gur rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2018/1725 é an Coimisiún i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag an bpointe rochtana leictreonach Eorpach de bhun Airteagal 50. Déanfar an phróiseáil sin chun go mbeidh modhanna cumarsáide leictreonaí ann a fhéadfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a úsáid le haghaidh cumarsáid a dhéanamh le húdaráis inniúla na mBallstát i dtaca le himeachtaí agus iarratais shonracha faoin Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme na bearta teicniúla is gá chun slándáil na sonraí pearsanta a tharchuirtear a áirithiú, go háirithe rúndacht agus sláine aon tarchuir.
Airteagal 54
Sonraí a bhfuarthas rochtain orthu tríd an gcóras um idirnascadh
1.D’ainneoin Airteagal 53, is le míreanna 2 go 5 den Airteagal seo a rialófar próiseáil sonraí pearsanta faoi Chaibidil VIII maidir le cláir um chosaint a bhunú agus le hidirnascadh clár.
2.Beidh próiseáil sonraí pearsanta faoi Chaibidil VIII teoranta don mhéid is gá chun soláthar trasteorann faisnéise a éascú maidir le beart nó cumhachtaí ionadaíochta a bhaineann le duine fásta ar leith. Gan difear a dhéanamh d’Airteagal 47(2), pointe (b), beidh an phróiseáil teoranta do na sonraí pearsanta a áirítear san fhaisnéis shainordaitheach a leagtar amach in Airteagal 45(2).
3.Stórálfar sonraí pearsanta i gcláir um chosaint na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 45(1) nó i gcláir de chumhachtaí ionadaíochta eile dá dtagraítear in Airteagal 46. Beidh tréimhse choinneála na sonraí sa chóras um idirnascadh teoranta don mhéid is gá chun na cláir sin a idirnascadh agus chun aisghabháil na sonraí agus rochtain orthu a chumasú.
4.Beidh na Ballstáit freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679, as sonraí a bhailiú agus a stóráil i gcláir dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 46 agus as cinntí a dhéanfar chun na sonraí sin a chur ar fáil sa chóras um idirnascadh dá dtagraítear in Airteagal 47.
5.Maidir leis an gcóras um idirnascadh dá dtagraítear in Airteagal 47, measfar gur rialaitheoir é an Coimisiún de réir bhrí Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2018/1725. Glacfaidh sé réitigh theicniúla is gá chun a fhreagrachtaí a chomhlíonadh laistigh de raon feidhme na feidhme sin. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, bearta teicniúla a chur chun feidhme a bhfuil gá leo chun slándáil sonraí pearsanta a áirithiú agus iad faoi bhealach, go háirithe a rúndacht agus a sláine.
Caibidil XI
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE
Airteagal 55
Tarmligean cumhachtaí
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 maidir le hIarscríbhinní I go X a leasú chun na hIarscríbhinní sin a thabhairt cothrom le dáta nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh ar na hIarscríbhinní sin.
Airteagal 56
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 55 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 55 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 55 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Caibidil XII
FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 57
Dlisteanú nó foirmiúlacht chomhchosúil eile
Ní bheidh gá le dlisteanú ná foirmiúlacht chomhchosúil eile i gcomhthéacs an Rialacháin seo.
Airteagal 58
Gaolta le hionstraimí eile
1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ina pháirtí nó ina bpáirtithe iontu an tráth a ghlacfar an Rialachán seo, agus a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
2.D’ainneoin mhír 1, beidh tosaíocht ag an Rialachán seo, idir Ballstáit, ar choinbhinsiúin a tugadh i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó a mhéid a bhaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.
Airteagal 59
Gaol le Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Daoine Fásta
1.A mhéid a bhaineann leis an ngaol le Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)faoi réir mhír (2), i gcás ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine fásta lena mbaineann i gcríoch Bhallstáit;
(b)fiú má tá gnáthchónaí ar an duine fásta lena mbaineann i gcríoch Stáit, ar Páirtí é sa Choinbhinsiún sin, agus nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ann, a mhéid a bhaineann le haitheantas agus forfheidmiú birt a rinneadh, nó glacadh le hionstraim bharántúil arna tarraingt suas ag údarás inniúil Ballstáit i gcríoch Ballstáit eile.
2.D’ainneoin mhír 1,
(a)maidir le duine fásta ar náisiúnach é de Pháirtí i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ann, beidh feidhm ag Airteagal 7 den Choinbhinsiún sin;
(b)a mhéid a bhaineann le haistriú dlínse idir údarás Ballstáit agus údarás de chuid Páirtí i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ann, beidh feidhm ag Airteagal 8 den Choinbhinsiún sin;
(c)a mhéid a bhaineann le comhar idir údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha, beidh feidhm ag Caibidil V de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta idir Ballstát agus Páirtí sa Choinbhinsiún sin nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ann.
Airteagal 60
An Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh
1.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear córas díláraithe le haghaidh idirnascadh na gclár dá dtagraítear in Airteagal 47 (‘córas um idirnascadh’) ina leagtar amach an méid seo a leanas:
(a)an tsonraíocht theicniúil lena sainítear na modhanna leictreonacha cumarsáide agus malartaithe faisnéis ar bhonn na sonraíochta comhéadain seanbhunaithe don chóras um idirnascadh;
(b)na bearta teicniúla lena n-áirithítear na híoschaighdeáin slándála i dteicneolaíocht na faisnéise a bhaineann le faisnéis a chur in iúl agus a dháileadh laistigh den chóras um idirnascadh;
(c)íoschritéir don tseirbhís cuardaigh a sholáthraítear leis an gcóras um idirnascadh, bunaithe ar an bhfaisnéis a leagtar amach in Airteagal 45;
(d)íoschritéir maidir le cur i láthair thorthaí na gcuardach sa chóras um idirnascadh, bunaithe ar an bhfaisnéis a leagtar amach in Airteagal 45;
(e)na bealaí agus na dálaí teicniúla a bhaineann le hinfhaighteacht seirbhísí a sholáthraítear faoin gcóras um idirnascadh;
(f)gluais shéimeantach theicniúil ina bhfuil míniú bunúsach ar bhearta cosanta na mBallstát nó ar chumhachtaí ionadaíochta;
(g)sonrú na gcatagóirí sonraí a bhféadfar rochtain a fháil orthu, lena n-áirítear de bhun Airteagal 47(2), pointe (b); agus
(h)coimircí cosanta sonraí.
2.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an córas TF díláraithe dá dtagraítear i gCaibidil IX, lena leagtar amach na nithe seo a leanas:
(a)na sonraíochtaí teicniúla lena sainítear na modhanna cumarsáide trí mheáin leictreonacha chun críocha an chórais TF dhíláraithe;
(b)na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh prótacail chumarsáide;
(c)na cuspóirí slándála faisnéise agus na bearta teicniúla ábhartha lena n-áirithítear íoschaighdeáin slándála faisnéise agus ardleibhéal cibearshlándála maidir le próiseáil agus cumarsáid faisnéise laistigh den chóras TF díláraithe; agus
(d)na híoschuspóirí infhaighteachta agus na ceanglais theicniúla ghaolmhara fhéideartha i ndáil leis na seirbhísí a sholáthraíonn an córas TF díláraithe;
(e)coimircí cosanta sonraí.
3.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 64.
4.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an córas um idirnascadh de bhun mhír 1 faoi [3 bliana tar éis an teacht i bhfeidhm].
5.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an córas TF díláraithe de bhun mhír 2 faoi [2 bhliain tar éis an teacht i bhfeidhm].
Airteagal 61
Bogearraí cur chun feidhme tagartha
1.D’fhonn an córas TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 50 a bhunú, beidh an Coimisiún freagrach as bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, bogearraí a fhéadfaidh na Ballstáit a roghnú iad a chur i bhfeidhm mar chóras cúil seachas mar chóras TF náisiúnta chun críocha na cumarsáide idir údaráis inniúla agus Údaráis Lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 49 agus idir daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus údaráis inniúla agus údaráis eisiúna dá dtagraítear in Airteagal 50.
2.Déanfar cruthú, coinneáil ar bun agus forbairt na mbogearraí cur chun feidhme tagartha a mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais.
3.Déanfaidh an Coimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a sholáthar, a choinneáil ar bun agus a thacú ar bhonn saor in aisce.
Airteagal 62
Na costais a bhaineann le cláir um chosaint a bhunú agus cláir na mBallstát a idirnascadh
1.Is ó bhuiséad ginearálta an Aontais a mhaoineofar bunú, coinneáil ar bun agus forbairt an chórais um idirnascadh arna bhunú faoi Chaibidil VIII.
2.Seasfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena gcláir dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 46 a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis an gcóras díláraithe um idirnascadh na gclár, mar aon leis na costais a bhaineann leis na cláir sin a riar, a oibriú agus a choinneáil ar bun. Ní dhéanfaidh sé sin difear don deis iarratas a dhéanamh ar dheontais chun tacú le gníomhaíochtaí den sórt sin faoi chláir airgeadais an Aontais.
Airteagal 63
Costais an chórais TF dhíláraithe, an phointe rochtana leictreonaí Eorpaigh agus na dtairseach TF náisiúnta
1.A mhéid a bhaineann leis an gcóras TF díláraithe arna bhunú de bhun Chaibidil IX, seasfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann le suiteáil, oibriú agus coinneáil ar bun phointí rochtana an chórais TF dhíláraithe atá lonnaithe ar a gcríoch.
2.Seasfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena gcórais TF náisiúnta a bhunú agus a choigeartú chun iad a dhéanamh idir‑inoibritheach leis na pointí rochtana, agus seasfaidh siad na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a oibriú agus a choinneáil ar bun.
3.Ní chuirfear cosc ar Bhallstáit iarratas a dhéanamh ar dheontais chun tacú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faoi chláir airgeadais ábhartha an Aontais.
4.Seasfaidh an Coimisiún na costais go léir a bhaineann leis an bpointe rochtana leictreonach Eorpach.
Airteagal 64
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 65
Forálacha idirthréimhseacha
1.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le bearta arna ndéanamh, maidir le hionstraim bharántúil a chláraítear nó a tharraingítear suas go foirmiúil, agus maidir le cumhachtaí ionadaíochta arna ndeimhniú tar éis [an dáta cur i bhfeidhm].
2.D’ainneoin mhír (1), beidh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón [dáta cur i bhfeidhm] maidir le cumhachtaí ionadaíochta a dheonaigh duine fásta roimhe sin faoi choinníollacha a fhreagraíonn dóibh siúd a leagtar amach in Airteagal 15 de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Daoine Fásta.
3.Caibidil VI a bhaineann le comhar idir Údaráis Lárnacha, beidh feidhm ag an gCaibidil sin maidir le hiarrataí agus iarratas a gheobhaidh na hÚdaráis Lárnacha amhail ón [dáta cur i bhfeidhm].
4.Caibidil VII a bhaineann leis an Deimhniú Eorpach Ionadaíochta, beidh feidhm ag an gCaibidil sin maidir le hiarratais ar an Deimhniú a gheobhaidh an t-údarás eisiúna amhail ón [dáta cur i bhfeidhm].
5.Bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 49(1) maidir le nósanna imeachta arna dtionscnamh ón gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse dhá bhliain tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 60(5).
6.Caibidil VIII a bhaineann le cláir um chosaint agus cláir de chumhachtaí ionadaíochta eile a bhunú agus a idirnascadh, beidh feidhm ag an gCaibidil sin maidir leis na bearta a dhéanfar agus na cumhachtaí ionadaíochta a dheimhneofar nó a chlárófar ón gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 2 bhliain tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 60(4).
Airteagal 66
Faireachán agus meastóireacht
1.Faoi [10 mbliana tar an teacht i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil maidir leis an meastóireacht ar an Rialachán seo, agus faisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit agus a bhailíonn an Coimisiún, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle [agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa]. I gcás inar gá, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.
2.Amhail ó [3 bliana tar éis an teacht i bhfeidhm], soláthróidh na Ballstáit an méid seo a leanas don Choimisiún, ar bhonn bliantúil, faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh maidir le hábhair shibhialta agus tráchtála:
(a)an líon cumarsáidí isteach a fuair a n-údaráis faoi Airteagal 7 de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Daoine Fásta, ar cumarsáidí iad a sheol údaráis Ballstáit eile;
(b)an líon iarrataí isteach a fuair a n-údaráis faoi Airteagal 8 de Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Daoine Fásta, ar iarrataí iad a sheol údaráis Ballstáit eile;
(c)an líon Deimhnithe Eorpacha Ionadaíochta arna n-eisiúint ag a n-údaráis inniúla, chomh maith leis an líon iarrataí ar cheartú, ar mhodhnú nó ar aistarraingtí maidir le Deimhnithe Eorpacha Ionadaíochta a eisíodh roimhe sin, agus, i gcás inar féidir, an deighilt idir Deimhnithe a eisíodh ar bhonn beart foinseach agus na cinn a eisíodh ar bhonn cumhachtaí deimhnithe ionadaíochta foinseacha;
(d)an líon iarrataí isteach a fhaigheann na hÚdaráis Lárnacha ó Údaráis Lárnacha Ballstát eile, agus, i gcás inar féidir, cineál na n-iarrataí sin;
(e)an líon iarrataí isteach a fhaigheann a n-údaráis nó a nÚdaráis Lárnacha ó údaráis agus údaráis inniúla Ballstát eile, agus, i gcás inar féidir, cineál na n-iarrataí sin;
(f)meánfhad na gcásanna a láimhseálann na hÚdaráis Lárnacha faoin Rialachán seo, bunaithe ar an líon cásanna a dúnadh le linn na bliana ábhartha. Ríomhtar fad cáis ón lá a chláraíonn an tÚdarás Lárnach é go dtí an lá a dhúntar an comhad go buan.
Airteagal 67
Faisnéis a chuirtear ar fáil don phobal
1.D’fhonn an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh maidir le hábhair shibhialta agus tráchtála, déanfaidh na Ballstáit bileoga eolais a sholáthar ina mbeidh achoimre ghearr ar a reachtaíocht náisiúnta, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
(a)liosta táscach de bheart atá dírithe ar dhaoine fásta a chosaint;
(b)liosta táscach de chumhachtaí ionadaíochta atá dírithe ar dhaoine fásta a chosaint;
(c)na cumhachtaí ionadaíochta a bheith ann agus na nósanna imeachta chun na cumhachtaí sin a dheimhniú;
(d)na húdaráis a bhfuil inniúlacht acu maidir le daoine fásta a chosaint, a róil agus a sonraí teagmhála i gcás inar féidir;
(e)na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme maidir le bearta agus/nó cumhachtaí ionadaíochta a bhunú, a chlárú, a dheimhniú, a mhodhnú agus a fhoirceannadh.
2.Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí.
Airteagal 68
Inrochtaineacht
Faisnéis a chuirfear ar fáil don phobal agus foirmeacha agus iarratais a chuirfear ar fáil dó faoin Rialachán seo, cuirfear ar fáil don phobal iad i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882.
Airteagal 69
Faisnéis atá le cur in iúl don Choimisiún
1.Cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas in iúl don Choimisiún:
(a)na húdaráis atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le haitheantas nó neamh‑aitheantas birt arna dhéanamh i mBallstát eile dá dtagraítear in Airteagal 9(2);
(b)na húdaráis atá inniúil chun an fianú dá dtagraítear in Airteagal 15 a eisiúint;
(c)forálacha ábhartha a ndlí náisiúnta maidir le héifeachtaí fianaiseacha na n-ionstraimí barántúla atá dírithe ar dhaoine fásta a chosaint;
(d)na coinníollacha a bhaineann le barántúlacht ionstraime barántúla a shuíomh faoina ndlí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 16(2);
(e)na húdaráis atá inniúil chun an fianú dá dtagraítear in Airteagal 17 a eisiúint;
(f)ainmneacha, seoltaí agus modhanna cumarsáide le haghaidh na n-údarás lárnach a ainmnítear de bhun Airteagal 18;
(g)i gcás inarb infheidhme, ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n-údarás agus na gcomhlachtaí eile atá inniúil chun idirghabháil nó modhanna eile réitigh díospóidí mhalartaigh a bhunú, dá dtagraítear in Airteagal 28;
(h)na teangacha a nglactar leo le haghaidh na n-aistriúchán de bhun Airteagal 31;
(i)na húdaráis atá inniúil chun an Deimhniú Eorpach Ionadaíochta a eisiúint, dá dtagraítear in Airteagal 36(2);
(j)na húdaráis atá inniúil chun déileáil leis na nósanna imeachta sásaimh, dá dtagraítear in Airteagal 43;
(k)táillí, más ann dóibh, a ghearrann na Ballstáit as an Deimhniú Eorpach Ionadaíochta a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 37(2);
(l)na húdaráis bhreithiúnacha atá inniúil chun déileáil leis an nós imeachta sásaimh de bhun Airteagal 43 agus leis na hiarrataí ar éifeachtaí an Deimhnithe a chur ar fionraí de bhun Airteagal 44;
(m)údaráis dá dtagraítear in Airteagal 48(2), pointe (a), a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis tríd an gcóras um idirnascadh na gclár.
2.Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (l) in iúl faoin gcéad lá den mhí tar éis tréimhse 15 mhí tar éis thús an chur i bhfeidhm ar a dhéanaí, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (m), faoin gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 60(4).
3.Cuirfidh na Ballstáit aon athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún.
4.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go poiblí trí mhodhanna iomchuí, lena n‑áirítear tríd an Tairseach Eorpach r‑Cheartas.
Airteagal 70
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Beidh feidhm aige ón [gcéad lá den mhí tar éis tréimhse 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.Beidh feidhm ag Airteagal 49 agus 50 ón gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 2 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 60(2).
4.Beidh feidhm ag Airteagail 45 agus 46 ón [2 bhliain tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
5.Beidh feidhm ag Airteagal 47 ón gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 2 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 60(1).
6.Beidh feidhm ag Airteagal 38(3) ón gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 2 bhliain tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 60(4).
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.5.2023
COM(2023) 280 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas agus forfheidhmiú beart agus comhar in ábhair a bhaineann le cosaint daoine fásta
{SEC(2023) 208 final} - {SWD(2023) 154 final} - {SWD(2023) 155 final} - {SWD(2023) 156 final}
IARSCRÍBHINN 11
AN COINBHINSIÚN MAIDIR LE COSAINT IDIRNÁISIÚNTA
DAOINE FÁSTA
(Arna thabhairt i gcrích an 13 Eanáir 2000)
Tá na Stáit a shínigh an Coinbhinsiún seo,
De bhrí gur gá go ndéantar foráil maidir le daoine fásta a chosaint i staideanna idirnáisiúnta nach bhfuil in ann, mar gheall ar a gcuid cumais phearsanta a bheith lagaithe nó neamhdhóthanach, a leasanna a chosaint,
Ós mian leo coinbhleachtaí a sheachaint idir a gcórais dlí i ndáil le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas agus forfheidhmiú beart chun daoine fásta a chosaint,
Ag meabhrú dóibh a thábhachtaí atá comhar idirnáisiúnta chun daoine fásta a chosaint,
Ag dearbhú dóibh gur ceart tús áite a thabhairt do leasanna an duine fhásta agus don urraim dá dhínit agus dá neamhspleáchas,
Tar éis comhaontú ar na forálacha seo a leanas –
caibidil i – raon feidhme an choinbhinsiúin
Airteagal 1
(1)
Tá feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le daoine fásta a chosaint i staideanna idirnáisiúnta nach bhfuil in ann, mar gheall ar a gcuid cumais phearsanta a bheith lagaithe nó neamhdhóthanach, a leasanna a chosaint.
(2)
Is é is cuspóir don Choinbhinsiún –
a)
cinneadh a dhéanamh maidir leis an Stát a bhfuil dlínse ag a údaráis bearta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh an duine fásta nó maoin an duine fhásta a chosaint;
b)
cinneadh a dhéanamh maidir leis an dlí a chuirfidh na húdaráis sin chun feidhme agus a ndlínse á bhfeidhmiú acu;
c)
cinneadh a dhéanamh maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hionadaíocht an duine fhásta;
d)
foráil a dhéanamh maidir le haitheantas agus forfheidhmiú beart cosanta den sórt sin i ngach Stát Conarthach;
e)
cibé comhoibriú a bhunú idir údaráis na Stát Conarthach is gá chun cuspóirí an Choinbhinsiúin seo a bhaint amach.
Airteagal 2
(1)
Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, is duine fásta é duine a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige.
(2)
Tá feidhm ag an gCoinbhinsiún freisin maidir le bearta i leith duine fásta nach raibh 18 mbliana d’aois slánaithe aige tráth a rinneadh na bearta.
Airteagal 3
Na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1, féadfaidh siad déileáil go háirithe leis na nithe seo a leanas –
a)
a chinneadh an bhfuil an duine fásta faoi éagumas agus córas cosantach a chur ar bun;
b)
an duine fásta a chur faoi chosaint údaráis bhreithiúnaigh nó riaracháin;
c)
caomhnóireacht, coimircíocht agus institiúidí den chineál céanna;
d)
ainmniú agus feidhmeanna duine ar bith nó comhlacht ar bith a mbeidh an duine fásta féin nó maoin an duine fhásta faoina cheannas, agus a dhéanfaidh ionadaíocht ar an duine fásta nó a chabhróidh leis;
e)
an duine fásta a chur i mbunaíocht nó in áit eile inar féidir cosaint a sholáthar;
f)
maoin an duine fhásta a riar, a chaomhnú nó a dhiúscairt;
g)
idirghabháil shonrach a údarú chun an duine fásta nó maoin an duine fhásta a chosaint.
Airteagal 4
(1)
Níl feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis na nithe seo a leanas –
a) oibleagáidí cothabhála;
b)
pósadh nó aon ghaol comhchosúil, chomh maith le hidirscaradh dlíthiúil, a fhoirmiú, a neamhniú agus a scaoileadh;
c)
córais mhaoine i ndáil le pósadh nó aon ghaol dá samhail;
d)
iontaobhais nó comharbas;
e)
slándáil shóisialta;
f)
bearta poiblí de chineál ginearálta i gcúrsaí sláinte;
g)
bearta a dhéantar i leith duine mar thoradh ar chionta pionósacha a rinne an duine sin;
h)
cinntí maidir leis an gceart chun tearmainn agus maidir le hinimirce;
i)
bearta atá dírithe ar shábháilteacht an phobail amháin.
(2)
Ní dhéanann mír 1 difear, i leith na nithe dá dtagraítear inti, do theideal duine chun gníomhú mar ionadaí an duine fhásta.
caibidil ii – dlínse
Airteagal 5
(1)
Tá dlínse ag údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine fásta bearta a dhéanamh a bheidh dírithe ar chosaint an duine fhásta féin nó ar chosaint mhaoin an duine fhásta.
(2)
I gcás ina n‑aistreoidh an duine fásta a áit ghnáthchónaithe go Stát Conarthach eile, tá dlínse ag údaráis an Stáit ina mbeidh gnáthchónaí ar an duine sin.
Airteagal 6
(1)
I gcás daoine fásta ar dídeanaithe iad agus i gcás daoine fásta atá easáitithe i dtír eile de dheasca suaitheadh ina dtír féin, is ag údaráis an Stáit Chonarthaigh atá an dlínse dá bhforáiltear in Airteagal 5, mír 1, an stát a bhfuil na daoine fásta sin ar a chríoch mar gheall ar a n‑easáitiú.
(2)
Tá feidhm ag forálacha na míre roimhe seo freisin maidir le daoine fásta nach féidir gnáthchónaí a shuí.
Airteagal 7
(1)
Ach amháin i gcás daoine fásta ar dídeanaithe iad nó atá, de dheasca suaitheadh i Stát a náisiúntachta, easáitithe i dtír eile, is ag údaráis an Stáit Chonarthaigh ar náisiúnach de an duine fásta atá an dlínse bearta a dhéanamh chun duine nó maoin an duine fhásta a chosaint má mheasann na húdaráis gur fearr is féidir leo leasanna an duine fhásta a mheasúnú, agus tar éis comhairle a chur ar na húdaráis a bhfuil dlínse acu faoi Airteagail 5 nó 6, mír 2.
(2)
Ní fheidhmeofar an dlínse sin más rud é go bhfuil na húdaráis a bhfuil dlínse acu faoi Airteagal 5, Airteagal 6, mír 2, nó Airteagal 8 tar éis údaráis an Stáit ar náisiúnach de an duine fásta a chur ar an eolas go bhfuil na bearta is gá de réir na staide déanta acu nó más rud é gur chinn siad nár cheart aon bheart a dhéanamh nó go bhfuil imeachtaí ar feitheamh.
(3)
Rachaidh na bearta a dhéanfar faoi mhír 1 in éag a luaithe a bheidh na bearta is gá de réir na staide déanta ag na húdaráis a bhfuil dlínse acu faoi Airteagal 5, Airteagal 6, mír 2, nó Airteagal 8 nó a luaithe a chinnfidh siad nach ndéanfar aon bheart. Dá réir sin, cuirfidh na húdaráis sin na húdaráis sin a rinne bearta ar an eolas i gcomhréir le mír 1.
Airteagal 8
(1)
Údaráis Stáit Chonarthaigh a bhfuil dlínse acu faoi Airteagail 5 nó 6, más rud é go measann siad gur chun leasa an duine fhásta é, féadfaidh siad, uathu féin nó ar iarratas ó údarás Stáit Chonarthaigh eile, a iarraidh ar údaráis cheann de na Stáit a luaitear i mír 2 bearta a dhéanamh chun an duine nó maoin an duine fhásta a chosaint. D’fhéadfadh baint a bheith ag an iarraidh le gach gné den chosaint sin nó le roinnt gnéithe di.
(2)
Is iad na Stáit Chonarthacha a bhféadfar dul i dteagmháil lena n‑údaráis mar a fhoráiltear sa mhír sin roimhe seo –
a)
Stát ar náisiúnach de an duine fásta;
b)
an Stát ina raibh gnáthchónaí ar an duine fásta roimhe sin;
c)
Stát ina bhfuil maoin an duine fhásta suite;
d)
an Stát ar roghnaigh an duine fásta a údaráis i scríbhinn chun bearta a dhéanamh a bheidh dírithe ar a chosaint;
e)
an Stát ina bhfuil gnáthchónaí ar dhuine atá gar don duine fásta agus atá toilteanach a chosaint a ghabháil de láimh;
f)
an Stát ar ar a chríoch atá an duine fásta, maidir le cosaint an duine fhásta.
(3)
I gcás nach nglacfaidh an t‑údarás arna ainmniú de bhun na míreanna roimhe seo lena dhlínse, coinneoidh údaráis an Stáit Chonarthaigh a bhfuil dlínse acu faoi Airteagail 5 nó 6 an dlínse.
Airteagal 9
Tá dlínse ag údaráis Stáit Chonarthaigh ina bhfuil maoin an duine fhásta chun bearta cosanta a dhéanamh maidir leis an maoin sin, a mhéid a bheidh na bearta sin ag luí leis na bearta a bheidh glactha ag na húdaráis a bhfuil dlínse acu faoi Airteagail 5 go 8.
Airteagal 10
(1)
I ngach cás práinne, tá dlínse ag údaráis aon Stáit Chonarthaigh ar ar a chríoch atá an duine fásta nó maoin de chuid an duine fhásta aon bheart cosanta is gá a dhéanamh.
(2)
I gcás na mbeart a dhéanfar faoin mír roimhe seo maidir le duine fásta a bhfuil gnáthchónaí air i Stát Conarthach, rachaidh siad in éag a luaithe a bheidh na bearta is gá de réir na staide déanta ag na húdaráis a bhfuil dlínse acu faoi Airteagail 5 go 9.
(3)
I gcás na mbeart a dhéanfar faoi mhír 1 maidir le duine fásta a bhfuil gnáthchónaí air i Stát nach Stát conarthach é, rachaidh siad in éag i ngach Stát Conarthach a luaithe a aithneofar na bearta is gá de réir na staide agus a bheidh déanta ag údaráis Stáit eile sa Stát Conarthach a bheidh i gceist.
(4)
Cuirfidh na húdaráis a rinne bearta faoi mhír 1, más féidir, údaráis an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine fásta ar an eolas faoi na bearta a rinneadh.
Airteagal 11
(1)
Ar bhonn eisceachta, tá dlínse ag údaráis Stáit Chonarthaigh ar ar a chríoch atá an duine fásta bearta de chineál sealadach a dhéanamh chun an duine fásta a chosaint, ar bearta iad a bhfuil éifeacht chríochach acu atá teoranta don Stát i gceist, a mhéid atá na bearta sin ag luí leis na bearta atá déanta cheana féin ag na húdaráis a bhfuil dlínse acu faoi Airteagail 5 go 8, agus tar éis comhairle a thabhairt do na húdaráis a bhfuil dlínse acu faoi Airteagal 5.
(2)
I gcás na mbeart a dhéanfar faoin mír roimhe seo maidir le duine fásta a bhfuil gnáthchónaí air i Stát Conarthach, rachaidh siad in éag a luaithe a dhéanfaidh na húdaráis a bhfuil dlínse acu faoi Airteagail 5 go 8 cinneadh i leith na mbeart cosanta a d’fhéadfadh gá a bheith leo de réir na staide.
Airteagal 12
Faoi réir Airteagal 7, mír 3, beidh na bearta a rinneadh i gcur i bhfeidhm Airteagail 5 go 9 fós i bhfeidhm de réir a dtéarmaí, fiú más rud é gur chuir athrú ar na himthosca deireadh leis an mbunús ar a raibh an dlínse bunaithe, a fhad agus nach ndearna údaráis a bhfuil dlínse acu faoin gCoinbhinsiún na bearta sin a mhodhnú, bearta eile a chur in ionad na mbeart sin ná na bearta sin a fhoirceannadh.
caibidil iii - an dlí is infheidhme
Airteagal 13
(1)
I bhfeidhmiú a ndlínse faoi fhorálacha Chaibidil II, cuirfidh údaráis na Stát Conarthach a ndlí féin chun feidhme.
(2)
A mhéid is gá chun an duine fásta nó maoin an duine fhásta a chosaint, áfach, féadfaidh siad dlí Stáit eile a bhfuil nasc substaintiúil ag an staid leis a chur i bhfeidhm nó a chur san áireamh go heisceachtúil.
Airteagal 14
I gcás beart a rinneadh i Stát Conarthach amháin a bheith á chur chun feidhme i Stát Conarthach eile, beidh coinníollacha a chur chun feidhme faoi rialú ag dlí an Stáit eile sin.
Airteagal 15
(1)
Maidir le cumhachtaí ionadaíochta arna ndeonú ag duine fásta, faoi chomhaontú nó trí ghníomh aontaobhach, a bheith ann, le raon na gcumhachtaí sin, lena modhnú agus le deireadh a chur leo, ar cumhachtaí iad atá le feidhmiú nuair nach bhfuil an duine fásta sin in ann a leasanna a chosaint, beidh siad faoi rialú ag dlí an Stáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine fásta tráth an chomhaontaithe nó an ghnímh, mura rud é gur ainmníodh go sainráite i scríbhinn ceann de na dlíthe a luaitear i mír 2.
(2)
Is iad seo a leanas na Stáit a bhféadfar a ndlíthe a ainmniú –
a)
Stát ar náisiúnach de an duine fásta;
b)
an Stát ina raibh gnáthchónaí ar an duine fásta roimhe sin;
c)
Stát ina bhfuil maoin an duine fhásta suite, i ndáil leis an maoin sin.
(3)
Tá an modh a bhfeidhmeofar na cumhachtaí ionadaíochta sin faoi rialú dhlí an Stáit ina bhfeidhmeofar iad.
Airteagal 16
I gcás nach ndéantar na cumhachtaí ionadaíochta dá dtagraítear in Airteagal 15 a fheidhmiú ar shlí atá leordhóthanach chun cosaint an duine fhásta nó mhaoin an duine fhásta a ráthú, féadfar iad a tharraingt siar nó a mhodhnú le bearta arna ndéanamh ag údarás a bhfuil dlínse aige faoin gCoinbhinsiún. I gcás ina ndéantar cumhachtaí ionadaíochta den sórt sin a tharraingt siar nó a mhodhnú, ba cheart an dlí dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur san áireamh a mhéid is féidir.
Airteagal 17
(1)
Ní féidir cur i gcoinne bailíocht idirbhirt a rinneadh idir tríú páirtí agus duine eile a bheadh i dteideal gníomhú mar ionadaí an duine fhásta faoi dhlí an Stáit inar tugadh an t‑idirbheart i gcrích, agus ní féidir an tríú páirtí a chur faoi dhliteanas, ar an aon fhoras amháin nach raibh an duine eile i dteideal gníomhú mar ionadaí an duine fhásta faoin dlí a ainmnítear le forálacha na Caibidle seo, mura rud é go raibh a fhios ag an tríú páirtí go raibh an acmhainn sin á rialú ag an dlí réamhluaite, nó gur cheart gurbh eol dó é sin.
(2)
Ní bheidh feidhm ag an mír sin roimhe seo ach amháin i gcás ina ndearnadh an t‑idirbheart idir daoine a bhí ar chríoch an Stáit chéanna.
Airteagal 18
Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo fiú más é an dlí a ainmnítear leis na forálacha é an dlí de chuid Stát nach Stát conarthach é.
Airteagal 19
Sa Chaibidil seo, ciallaíonn an téarma ‘dlí’ an dlí atá i bhfeidhm i Stát seachas a rogha rialacha dlí.
Airteagal 20
Ní chuireann an Chaibidil seo cosc ar chur i bhfeidhm na bhforálacha sin de dhlí an Stáit ina bhfuil an duine fásta le cosaint i gcás ina bhfuil cur i bhfeidhm na bhforálacha sin sainordaitheach cibé dlí a bheadh infheidhme murach sin.
Airteagal 21
Ní féidir cur i bhfeidhm an dlí a ainmnítear le forálacha na Caibidle seo a dhiúltú ach amháin más léir go mbeadh an t‑iarratas sin contrártha go follasach leis an mbeartas poiblí.
caibidil iv – aitheantas agus forfheidhmiú
Airteagal 22
(1)
Déanfar na bearta a dhéanfaidh údaráis Stáit Chonarthaigh a aithint trí oibriú dlí i ngach Stát Conarthach eile.
(2)
Féadfar aitheantas a dhiúltú, áfach –
a)
más beart é a rinne údarás nach raibh a dhlínse bunaithe ar cheann de na forais dá bhforáiltear i bhforálacha Chaibidil II, nó nach raibh sí i gcomhréir leis;
b)
más rud é go ndearnadh an beart, ach amháin i gcás práinne, i gcomhthéacs imeacht breithiúnach nó riaracháin, gan an deis a bheith tugtha don duine fásta éisteacht a fháil, de shárú ar phrionsabail bhunúsacha nós imeachta an Stáit iarrtha;
c)
más léir go bhfuil an t‑aitheantas sin contrártha go follasach le beartas poiblí an Stáit iarrtha, nó más rud é go bhfuil sé ar neamhréir le foráil de dhlí an Stáit sin atá sainordaitheach, is cuma cén dlí a bheadh infheidhme murach sin;
d)
más rud é go bhfuil an beart ar neamhréir le beart a glacadh níos déanaí i Stát nach Stát conarthach é a mbeadh dlínse aige faoi Airteagail 5 go 9, i gcás ina gcomhlíonann an beart a glacadh níos déanaí na ceanglais le haghaidh aitheantais sa Stát iarrtha;
e)
mura gcomhlíontar an nós imeachta a fhoráiltear in Airteagal 33.
Airteagal 23
Gan dochar d’Airteagal 22, mír 1, féadfaidh aon duine leasmhar a iarraidh ar údaráis inniúla Stáit Chonarthaigh a chinnfidh beart a rinneadh i Stát Conarthach eile a aithint nó gan é a aithint. Tá an nós imeachta á rialú ag dlí an Stáit iarrtha.
Airteagal 24
Tá údarás an Stáit iarrtha faoi cheangal ag na cinntí fíorais ar ar a mbonn a bhunaigh údarás an Stáit ina ndearnadh an beart a dhlínse.
Airteagal 25
(1)
I gcás go ndéanfar bearta i Stát Conarthach amháin agus go mbeidh siad infhorfheidhmithe ann, bearta nach foláir iad a fhorfheidhmiú i Stát Conarthach eile, dearbhófar, arna iarraidh sin do pháirtí leasmhar, iad a bheith infhorfheidhmithe nó cláraithe chun críche forfheidhmiúcháin sa Stát eile sin de réir an nós imeachta dá bhforáiltear i ndlí an Stáit eile sin.
(2)
Déanfaidh gach Stát Conarthach nós imeachta simplí gasta a chur i bhfeidhm ar an dearbhú infhorfheidhmitheachta nó ar an dearbhú clárúcháin.
(3)
Ní fhéadfar an dearbhú infhorfheidhmitheachta nó an dearbhú clárúcháin a dhiúltú ach amháin ar cheann de na cúiseanna a leagtar amach in Airteagal 22, mír 2.
Airteagal 26
Gan dochar d’athbhreithniú den sórt sin mar is gá i gcur i bhfeidhm na nAirteagal roimhe seo, ní dhéanfar aon athbhreithniú ar thuillteanais an bhirt a rinneadh.
Airteagal 27
Déanfar bearta a rinneadh i Stát Conarthach amháin agus a dhearbhaítear a bheith infhorfheidhmithe, nó a cláraíodh chun críche forfheidhmiúcháin, i Stát Conarthach eile a fhorfheidhmiú sa Stát sin amhail is dá mba iad údaráis an Stáit sin a rinne iad. Déantar forfheidhmiú i gcomhréir le dlí an Stáit iarrtha a mhéid a fhoráiltear leis an dlí sin.
caibidil v – comhar
Airteagal 28
(1)
Déanfaidh gach Stát Conarthach Údarás Lárnach a ainmniú chun na dualgais a fhorchuirtear ar údaráis den sórt sin leis an gCoinbhinsiún seo a chomhlíonadh.
(2)
I gcás Stáit chónaidhme, Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu nó Stáit ina bhfuil aonaid chríochacha fhéinrialaithe, beidh an tsaoirse acu níos mó ná Údarás Lárnach amháin a cheapadh agus fairsinge chríochach nó phearsanta a gcuid feidhmeanna a shonrú. I gcás ina bhfuil níos mó ná Údarás Lárnach amháin ceaptha ag Stát, ainmneoidh sé an tÚdarás Lárnach a bhféadfar aon chumarsáid a sheoladh chuige, cumarsáid le tarchur chuig an Údarás Lárnach iomchuí laistigh den Stát sin.
Airteagal 29
(1)
Comhoibreoidh Údaráis Lárnacha le chéile agus cuirfidh siad comhar chun cinn i measc na n‑údarás inniúil ina Stáit chun cuspóirí an Choinbhinsiúin a bhaint amach.
(2)
Déanfaidh siad, i dtaca le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin, bearta iomchuí chun faisnéis a chur ar fáil maidir le dlíthe a Stát, agus maidir le seirbhísí atá ar fáil sna Stáit sin, a bhaineann le daoine fásta a chosaint.
Airteagal 30
Déanfaidh Údarás Lárnach Stáit Chonarthaigh, go díreach nó trí údaráis phoiblí nó trí chomhlachtaí eile, gach beart iomchuí chun an méid seo a leanas a dhéanamh –
a)
cumarsáid a éascú, ar gach modh, idir na húdaráis inniúla i gcásanna a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leo;
b)
cúnamh a thabhairt, ar iarraidh ó údarás inniúil de chuid Stáit Chonarthaigh eile, chun a fháil amach cá bhfuil duine fásta i gcás ina ndealraíonn sé go bhféadfadh an duine fásta a bheith laistigh de chríoch an Stáit iarrtha agus go bhfuil cosaint de dhíth air laistigh den chríoch sin.
Airteagal 31
Féadfaidh údaráis inniúla Stáit Chonarthaigh spreagadh a thabhairt, go díreach nó trí chomhlachtaí eile, i ndáil le hidirghabháil, idir-réiteach nó modhanna dá samhail a úsáid chun réitigh chomhaontaithe a bhaint amach ar mhaithe leis an duine fásta féin nó maoin an duine fhásta a chosaint i gcásanna a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leo.
Airteagal 32
(1)
I gcás ina mbeartófar beart cosanta a dhéanamh, féadfaidh na húdaráis inniúla faoin gCoinbhinsiún, má éilítear le staid an duine fhásta é, a iarraidh ar aon údarás de chuid Stáit Chonarthaigh eile ag a bhfuil faisnéis iomchuí maidir le cosaint an duine fhásta an fhaisnéis sin a thabhairt.
(2)
Féadfaidh Stát Conarthach a dhearbhú gur trína Údarás Lárnach amháin a chuirfear iarrataí faoi mhír 1 in iúl dá údaráis.
(3)
Féadfaidh údaráis inniúla Stáit Chonarthaigh a iarraidh ar údaráis Stáit Chonarthaigh eile cabhrú le bearta cosanta arna ndéanamh faoin gCoinbhinsiún seo a chur chun feidhme.
Airteagal 33
(1)
Má bheartaíonn údarás a bhfuil dlínse aige faoi Airteagail 5 go 8 an duine fásta a chur i mbunaíocht nó in áit eile inar féidir cosaint a chur ar fáil, agus más rud é go suífear an duine fásta i Stát Conarthach eile, rachaidh an t‑údarás i gcomhairle leis an Údarás Lárnach ar dtús nó le húdarás inniúil eile an Stáit réamhluaite. Chuige sin, tarchuirfidh sé tuarascáil ar an duine fásta mar aon leis na cúiseanna atá leis an socrúchán atá beartaithe.
(2)
Ní fhéadfar an cinneadh maidir leis an socrúchán a dhéanamh sa Stát iarrtha más rud é go léiríonn an tÚdarás Lárnach nó údarás inniúil eile de chuid an Stáit iarrtha go bhfuil sé ag cur ina choinne laistigh de thréimhse réasúnach ama.
Airteagal 34
In aon chás ina mbeidh an duine fásta i mbaol tromchúiseach, déanfaidh údaráis inniúla an Stáit Chonarthaigh ina ndearnadh bearta chun an duine fásta a chosaint nó ina bhfuil siad á mbreithniú, más rud é go gcuirtear in iúl dóibh gur aistríodh áit chónaithe an duine fhásta go dtí Stát eile, nó go bhfuil an duine fásta i Stát eile, an baol a bheidh i gceist a chur in iúl d’údaráis an Stáit eile sin agus na bearta a rinneadh nó atá á mbreithniú a chur in iúl dóibh chomh maith.
Airteagal 35
Ní iarrfaidh údarás aon fhaisnéis faoin gCaibidil seo ná ní tharchuirfidh aon fhaisnéis den sórt sin más rud é, dá ndéanfaí amhlaidh, gur dóigh leis, ina thuairim, go gcuirfeadh sé an duine fásta nó maoin an duine fhásta i mbaol, nó gur bagairt thromchúiseach é ar shaoirse nó ar shaol duine de theaghlach an duine fhásta.
Airteagal 36
(1)
Gan dochar don fhéidearthacht muirir réasúnacha a fhorchur as seirbhísí a sholáthar, is iad na hÚdaráis Lárnacha agus na húdaráis phoiblí eile de chuid Stát Conarthach a íocfaidh a gcostais féin agus forálacha na Caibidle seo á gcur i bhfeidhm.
(2)
Féadfaidh aon Stát Conarthach comhaontuithe a dhéanamh le Stát Conarthach amháin eile nó níos mó maidir le muirir a leithdháileadh.
Airteagal 37
Féadfaidh aon Stát Conarthach comhaontuithe a dhéanamh le Stát Conarthach amháin eile nó níos mó d’fhonn cur i bhfeidhm na Caibidle seo ina gcaidreamh frithpháirteach a fheabhsú. Cuirfidh na Stáit a mbeidh comhaontú den sórt sin tugtha i gcrích acu cóip chuig taiscí an Choinbhinsiúin.
caibidil vi – forálacha ginearálta
Airteagal 38
(1)
Féadfaidh údaráis an Stáit Chonarthaigh ina ndearnadh beart cosanta nó ina ndaingnítear cumhacht ionadaíochta deimhniú a sheachadadh ar an duine a bhfuil cosaint an duine fhásta féin nó cosaint mhaoin an duine fhásta curtha de chúram air, arna iarraidh sin orthu, ar deimhniú é ina léireofar an cháil ina bhfuil an duine sin i dteideal gníomhú agus na cumhachtaí a tugadh.
(2)
Toimhdeofar an cháil agus na cumhachtaí a luaitear sa deimhniú a bheith dílsithe don duine sin ó dháta an deimhnithe, in éagmais cruthúnas ar a mhalairt.
(3)
Ainmneoidh gach Stát Conarthach na húdaráis a bheidh inniúil chun an deimhniú a dhréachtú.
Airteagal 39
Ní úsáidfear sonraí pearsanta a bhailítear nó a tharchuirtear faoin gCoinbhinsiún ach amháin chun na gcríoch sin ar bailíodh nó ar tarchuireadh iad.
Airteagal 40
Déanfaidh na húdaráis a dtarchuirfear faisnéis chucu a rúndacht a áirithiú, de réir dhlí a Stáit.
Airteagal 41
Beidh gach doiciméad a chuirfear ar aghaidh nó a sheachadfar faoin gCoinbhinsiún seo díolmhaithe ó dhlisteanú nó ó aon fhoirmiúlacht den chineál céanna.
Airteagal 42
Féadfaidh gach Stát Conarthach na húdaráis a ainmniú a mbeidh iarrataí faoi Airteagal 8 agus Airteagal 33 le seoladh chucu.
Airteagal 43
(1)
Cuirfear na hainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 42 in iúl do Bhiúró Buan Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach tráth nach déanaí ná an dáta a thaiscfear ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasa an Choinbhinsiúin nó aontachas leis. Cuirfear aon mhodhnú air sin in iúl don Bhiúró Buan freisin.
(2)
Is le taiscí an Choinbhinsiúin a chuirfear an dearbhú dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 32.
Airteagal 44
I gcás Stát Conarthach ina bhfuil feidhm ag córais dlí éagsúla nó ag tacair éagsúla rialacha dlí maidir le cosaint an duine fhásta nó cosaint mhaoin an duine fhásta, ní bheidh de cheangal air rialacha an Choinbhinsiúin a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí idir na córais éagsúla sin nó na tacair éagsúla rialacha dlí, agus maidir leo sin amháin.
Airteagal 45
I ndáil le Stát ina bhfuil feidhm in aonaid chríochacha éagsúla ag dhá chóras dlí nó níos mó nó ag dhá shraith rialacha dlí nó níos mó maidir le haon ní a ndéileáiltear leis sa Choinbhinsiún seo –
a)
déanfar aon tagairt do ghnáthchónaí sa Stát sin a fhorléiriú mar thagairt do ghnáthchónaí in aonad críochach;
b)
déanfar aon tagairt don duine fásta a bheith sa Stát sin a fhorléiriú mar thagairt do láithreacht in aonad críochach;
c)
déanfar aon tagairt do shuíomh mhaoin an duine fhásta sa Stát sin a fhorléiriú mar thagairt do shuíomh mhaoin an duine fhásta in aonad críochach;
d)
déanfar aon tagairt don Stát ar náisiúnach de an duine fásta a fhorléiriú mar thagairt don aonad críche arna ainmniú ag dlí an Stáit sin nó, in éagmais rialacha iomchuí, don aonad críochach a bhfuil an nasc is dlúithe ag an duine fásta leis;
e)
déanfar aon tagairt don Stát ar roghnaigh an duine fásta a údaráis a fhorléiriú
–
mar thagairt don aonad críochach más rud é gur roghnaigh an duine fásta údaráis an aonaid chríochaigh sin;
–
mar thagairt don aonad críochach a bhfuil an nasc is dlúithe ag an duine fásta leis más rud é gur roghnaigh an duine fásta údaráis an Stáit gan aonad críochach ar leith laistigh den Stát a shonrú;
f)
déanfar aon tagairt do dhlí Stáit a bhfuil nasc substaintiúil ag an staid leis a fhorléiriú mar thagairt do dhlí aonaid chríochaigh a bhfuil nasc substaintiúil ag an staid leis;
g)
déanfar aon tagairt do dhlí nó do nós imeachta nó d’údarás an Stáit ina ndearnadh beart a fhorléiriú mar thagairt don dlí nó don nós imeachta atá i bhfeidhm san aonad críochach sin nó san údarás sin de chuid an aonaid chríochaigh ina ndearnadh an beart sin;
h)
déanfar aon tagairt do dhlí nó do nós imeachta nó d’údarás an Stáit iarrtha a fhorléiriú mar thagairt don dlí nó don nós imeachta atá i bhfeidhm san aonad críochach sin nó san údarás sin de chuid an aonaid chríochaigh ina n‑iarrtar an t‑aitheantas nó an forfheidhmiú;
i)
déanfar aon tagairt don Stát ina bhfuil beart cosanta le cur chun feidhme a fhorléiriú mar thagairt don aonad críochach ina bhfuil an beart le cur chun feidhme;
j)
déanfar aon tagairt do chomhlachtaí nó d’údaráis an Stáit sin, seachas Údaráis Lárnacha, a fhorléiriú mar thagairt do na húdaráis sin atá údaraithe chun gníomhú san aonad críochach ábhartha.
Airteagal 46
Chun an dlí is infheidhme faoi Chaibidil III a aithint, i ndáil le Stát ina bhfuil dhá aonad chríochacha nó níos mó a bhfuil a chóras dlí féin nó a thacar rialacha dlí féin ag gach aonad díobh maidir le hábhair a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas –
a)
más rud é go bhfuil rialacha i bhfeidhm i Stát den sórt sin ina sainaithnítear cé acu dlí aonaid chríochaigh is infheidhme, beidh feidhm ag dlí an aonaid sin;
b)
in éagmais rialacha den sórt sin, beidh feidhm ag dlí an aonaid chríochaigh ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 45 é.
Airteagal 47
Chun an dlí is infheidhme faoi Chaibidil III a aithint, i ndáil le Stát a bhfuil dhá chóras dlí féin nó níos mó aige nó tacair rialacha dlí is infheidhme maidir le catagóirí éagsúla daoine maidir le hábhair a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas –
a)
más rud é go bhfuil rialacha i bhfeidhm i Stát den sórt sin ina sainaithnítear cé acu dlí is infheidhme, beidh feidhm ag an dlí sin;
b)
in éagmais rialacha den sórt sin, tá feidhm ag dlí an chórais nó an tacar rialacha dlí lena bhfuil an nasc is dlúithe ag an duine fásta.
Airteagal 48
Sa chaidreamh idir na Stáit Chonarthacha, gabhann an Coinbhinsiún seo ionad Convention concernant l'interdiction et les mesures de protection analogues, a síníodh sa Háig 17 Iúil 1905.
Airteagal 49
(1)
Ní dhéanann an Coinbhinsiún difear d’aon ionstraim idirnáisiúnta eile ina bhfuil Stáit Chonarthacha ina bPáirtithe agus ina bhfuil forálacha maidir le hábhair a rialaítear leis an gCoinbhinsiún seo, mura ndéanfaidh na Stáit is Páirtithe san ionstraim sin dearbhú dá mhalairt.
(2)
Ní dhéanann an Coinbhinsiún seo difear don fhéidearthacht atá ag Stát Conarthach amháin nó níos mó comhaontuithe a thabhairt i gcrích ina bhfuil, maidir le daoine fásta a bhfuil gnáthchónaí orthu in aon cheann de na Stáit is Páirtithe sna comhaontuithe sin, forálacha maidir le hábhair a rialaítear leis an gCoinbhinsiún seo.
(3)
Ní dhéanfaidh comhaontuithe atá le tabhairt i gcrích ag Stát Conarthach amháin nó níos mó maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo difear, sa chaidreamh idir na Stáit sin agus Stáit Chonarthacha eile, do chur i bhfeidhm fhorálacha an Choinbhinsiúin seo.
(4)
Baineann na míreanna roimhe seo freisin le dlíthe comhionanna atá bunaithe ar cheangail speisialta de chineál réigiúnach nó de chineál eile idir na Stáit lena mbaineann.
Airteagal 50
(1)
Ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir le bearta ach amháin más i Stát a dhéantar iad tar éis don Choinbhinsiún teacht i bhfeidhm maidir leis an Stát sin.
(2)
Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir le haitheantas agus forfheidhmiú beart a dhéanfar tar éis dó teacht i bhfeidhm idir an Stát ina ndearnadh na bearta agus an Stát iarrtha.
(3)
Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún ón tráth a thiocfaidh sé i bhfeidhm i Stát Conarthach maidir le cumhachtaí ionadaíochta a deonaíodh roimhe sin faoi choinníollacha a chomhfhreagraíonn dóibh sin a leagtar amach in Airteagal 15.
Airteagal 51
(1)
Is sa teanga bhunaidh a bheidh aon chumarsáid a chuirfear chuig an Údarás Lárnach nó chuig údarás eile de chuid Stáit Chonarthaigh, agus beidh aistriúchán go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla an Stáit eile nó, i gcás nach indéanta sin, aistriúchán go Fraincis nó go Béarla, ag gabháil léi.
(2)
Féadfaidh Stát Conarthach, áfach, trí fhorchoimeádas a dhéanamh de réir Airteagal 56, agóid a dhéanamh i gcoinne úsáid Fraincise nó Béarla, ach ní fhéadfaidh sé an dá rud a dhéanamh.
Airteagal 52
Déanfaidh Ard‑Rúnaí Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach Coimisiún Speisialta a thionóil go tráthrialta chun athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú praiticiúil an Choinbhinsiúin.
caibidil vii – clásail chríochnaitheacha
Airteagal 53
(1)
Beidh an Coinbhinsiún ar oscailt lena shíniú ag na Stáit a bhí ina gComhaltaí de Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach an 2 Deireadh Fómhair 1999.
(2)
Déanfar é a dhaingniú, a ghlacadh nó a fhormheas agus taiscfear na hionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta le hAireacht Gnóthaí Eachtracha Ríocht na hÍsiltíre, taiscí an Choinbhinsiúin.
Airteagal 54
(1)
Féadfaidh aon Stát eile aontú don Choinbhinsiún tar éis dó teacht i bhfeidhm de réir Airteagal 57, mír 1.
(2)
Déanfar an ionstraim aontachais a thaisceadh leis an taiscí.
(3)
Ní bheidh éifeacht leis an aontachas sin ach amháin a mhéid a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Stát aontachais agus na Stáit Chonarthacha sin nach mbeidh agóid déanta acu in aghaidh a aontachais sna sé mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bhfomhír b) d’Airteagal 59 a fháil. Féadfaidh Stáit agóid den sórt sin a dhéanamh freisin nuair a dhaingneoidh siad an Coinbhinsiún, nuair a ghlacfaidh siad leis nó nuair a fhormheasfaidh siad é tar éis aontachais. Tabharfar fógra don taiscí maidir le haon agóid den sórt sin.
Airteagal 55
(1)
Má tá dhá aonad chríochacha nó níos mó ag Stát ina bhfuil córais dlí éagsúla is infheidhme maidir le hábhair a ndéileáiltear leo sa Choinbhinsiún sin, féadfaidh sé, an tráth sínithe, daingnithe, glactha, formheasta nó aontachais, a dhearbhú go bhfuil an Coinbhinsiún le leathnú chuig a n‑aonaid chríochacha ar fad nó chuig ceann amháin nó níos mó díobh amháin, agus féadfaidh sé an dearbhú sin a mhodhnú trí dhearbhú eile a chur isteach tráth ar bith.
(2)
Beidh fógra le tabhairt faoi aon dearbhú den sórt sin don taiscí agus sonróidh an fógra sin go sainráite na haonaid chríochacha a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún sin maidir leo.
(3)
Mura ndéanfaidh Stát aon dearbhú faoin Airteagal seo, beidh aonaid chríochacha uile an Stáit sin faoi réim an Choinbhinsiúin sin.
Airteagal 56
(1)
Féadfaidh aon Stát, tráth nach déanaí ná tráth an daingnithe, glactha, formheasa nó aontachais, nó tráth dearbhú a dhéanamh i dtéarmaí Airteagal 55, an forchoimeádas dá bhforáiltear in Airteagal 51, mír 2 a dhéanamh. Ní cheadófar aon fhorchoimeádas eile.
(2)
Féadfaidh aon Stát an forchoimeádas a rinne sé a tharraingt siar tráth ar bith. Tabharfar fógra don taiscí maidir leis an tarraingt siar.
(3)
Scoirfidh an forchoimeádas d’éifeacht a bheith aige ar an gcéad lá den tríú mí féilire tar éis an fhógra dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.
Airteagal 57
(1)
Tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh 3 mhí a bheith caite tar éis an tríú hionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó formheasa dá dtagraítear in Airteagal 53 a thaisceadh.
(2)
Ina dhiaidh sin tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm —
a)
maidir le gach Stát a dhaingneoidh, a ghlacfaidh nó a fhormheasfaidh é dá éis sin, an chéad lá den mhí i ndiaidh 3 mhí a bheith caite tar éis a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, formheasa nó aontachais a thaisceadh;
b)
maidir le gach Stáit a aontóidh dó, an chéad lá den mhí i ndiaidh 3 mhí a bheith caite tar éis an tréimhse 6 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 54, mír 3 a bheith caite;
c)
maidir le haonad críochach a bhfuil an Coinbhinsiún leathnaithe chuige i gcomhréir le hAirteagal 55, an chéad lá den mhí tar éis 3 mhí a bheith caite tar éis an fógra dá dtagraítear san Airteagal sin a thabhairt.
Airteagal 58
(1)
Féadfaidh Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún é a shéanadh trí fhógra i scríbhinn a dhíreofar chuig an taiscí. Féadfar an séanadh a theorannú d’aonaid chríochacha áirithe lena mbaineann an Coinbhinsiún.
(2)
Tiocfaidh an séanadh i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis 12 mhí a bheith caite tar éis don taiscí an fógra a fháil. I gcás ina sonrófar san fhógra tréimhse níos faide chun go ngabhfaidh éifeacht leis an séanadh, beidh éifeacht leis an séanadh ar dhul in éag don tréimhse níos faide sin.
Airteagal 59
Tabharfaidh an taiscí fógra do na Stáit is Comhaltaí de Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach agus do na Stáit a d’aontaigh dó i gcomhréir le hAirteagal 54 i dtaca leis an méid seo a leanas –
a)
na sínithe, na daingniúcháin, glacadh leis agus an formheas dá dtagraítear in Airteagal 53;
b)
an t‑aontachas agus na hagóidí a dhéantar i gcoinne an aontachais dá dtagraítear in Airteagal 54;
c)
an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 57;
d)
na dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 32, mír 2, agus Airteagal 55;
e)
na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 37;
f)
an forchoimeádas dá dtagraítear in Airteagal 51, mír 2, agus an tarraingt siar dá dtagraítear in Airteagal 56, mír 2;
g)
an séanadh dá dtagraítear in Airteagal 58.
Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos‑sínithe, ar iad a bheith údaraithe go cuí chuige sin, a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.
Arna dhéanamh sa Háig, an 13 Eanáir 2000, i mBéarla agus i bhFraincis, agus comhúdarás ag an dá théacs, in aon chóip amháin a thaiscfear i gcartlann Rialtas Ríocht na hÍsiltíre, agus a seolfar cóip dheimhnithe di, trí chainéil taidhleoireachta, chuig gach ceann de na Stáit is Comhaltaí de Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.