An Bhruiséil,1.6.2023

COM(2023) 272 final

2023/0172(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2009/21/CE maidir le ceanglais Stát brataí a chomhlíonadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 210 final} - {SWD(2023) 165 final} - {SWD(2023) 166 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.    COMHTHÉACS AN TOGRA

•    Cúiseanna agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo le modhnú ar Threoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le ceanglais Stát brataí a chomhlíonadh 1 .

Mar gheall ar a stair agus a chineál idirnáisiúnta, tá struchtúr rialála sonrach forbartha ag an iompar muirí. Is faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS), a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, a rialaítear an tsábháilteacht mhuirí agus cosaint na muirthimpeallachta 2 . Is é an Coinbhinsiún, lena sonraítear freisin freagrachtaí Stáit mar Stát brataí, an bonn chun rialacha agus caighdeáin idirnáisiúnta mhionsonraithe a cheapadh maidir le dearadh, trealamh, oibriú, bainistiú, cothabháil, cáilíocht agus foirniú agus diúscairt long. Déanann an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) é sin ar leibhéal idirnáisiúnta 3 . 

Le Treoir 2009/21/CE (dá ngairtear an Treoir anseo feasta) rialaítear forfheidhmiú na rialacha is infheidhme maidir le Stát brataí ar leibhéal an Aontais. Is ar an Stát ina bhfuil an long cláraithe agus a bhfuil a náisiúntacht ag an long, eadhon an Stát brataí, atá an fhreagracht as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh long maidir le coinbhinsiúin faoi leith de chuid IMO 4 . Tá dhá phríomhchuspóir leis an Treoir, mar atá, rialacha sábháilteachta a fhorfheidhmiú agus truailliú a chosc, chomh maith lena áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit a n‑oibleagáidí mar Stáit bhrataí. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an Treoir a áirithiú go gcomhlíonfaidh na longa a bhfuil bratacha Bhallstáit an Aontais ar foluain acu na ceanglais go léir maidir le sábháilteacht 5 agus maidir le cosc an truaillithe agus go bhfuil siad oiriúnach le haghaidh seirbhíse 6 . Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an Treoir a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag Ballstáit an Aontais lena gcuid oibleagáidí mar Stáit bhrataí a chomhlíonadh i gceart, go héifeachtach agus go comhsheasmhach 7 . Is é sin an chéad bheart cosanta i réimse na sábháilteachta muirí.

Mar sin féin, toisc nach bhfuil feidhm ag rialacha an Stáit brataí ach maidir le soithí a bhfuil an bhratach sin ar foluain acu agus toisc nach bhfuil roinnt Stáit bratach sásta nó ábalta na rialacha is infheidhme a fhorfheidhmiú i leith a gcabhlach, déantar foráil le rialú Stát an chalafoirt maidir le cigireachtaí ar longa eachtracha nuair a bhíonn siad i gcalafoirt. Is éard atá ann sin córas cigireachta ar longa coigríche i gcalafoirt stát seachas an stát brataí a dhéanann oifigigh RSC lena fhíorú go gcomhlíonann inniúlacht an mháistir, na n‑oifigeach agus an chriú ar bord, bail na loinge, agus a trealaimh ceanglais na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta agus, san Aontas Eorpach, dlí an Aontais is infheidhme. Is é sin an dara beart cosanta.

D’ainneoin an dá shraith choisctheacha sin, is féidir le timpistí tarlú fós, agus ba cheart a gcúiseanna a imscrúdú chun foráil a dhéanamh le haghaidh feabhsú leanúnach agus chun nach dtarlóidh timpistí den chineál céanna arís. Dá bhrí sin, is í Treoir 2009/18/CE 8 maidir le himscrúdú ar thionóiscí muiriompair an tríú beart cosanta.

Cuimsítear sa Treoir rialacha lena ndírítear ar chomhchuibhiú áirithe i gcásanna ina n‑athraíonn long a bratach agus ina gcuirtear long (faoi bhratach Ballstáit) faoi choinneáil i ndiaidh cigireacht rialaithe ag Stát an chalafoirt. Leagtar síos ann freisin an ceanglas atá ar gach Ballstát AE dul faoin iniúchadh IMO. Téitear thar a bhfuil riachtanach ar leibhéal idirnáisiúnta leis an Treoir freisin trí cheangal a chur ar na Ballstáit córas bainistíochta cáilíochta atá deimhnithe go hidirnáisiúnta (QMS) a bheith acu agus a choinneáil ar bun dá ngníomhaíochtaí Stáit brataí. Ina theannta sin, tá naisc ann le tomhas feidhmíochta an chabhlaigh faoi bhratach faoi Mheabhrán Comhthuisceana Pháras maidir le rialú Stáit an chalafoirt.

Is faoi gach Ballstát AE atá sé, mar Stát brataí, gach beart is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear cigireachta agus/nó suirbhé ar bord, chun a dhearbhú go gcomhlíonann an long na rialacha agus na rialacháin idirnáisiúnta go léir, chomh maith le rialacha agus rialacháin réigiúnacha agus/nó náisiúnta de réir mar is infheidhme, sula n‑eiseoidh sé na deimhnithe loinge ábhartha, nó sula n‑eiseofar iad thar a gceann, mar chruthúnas ar shábháilteacht na loinge agus go bhfuil an long oiriúnach le dul ar muir. Dá bhrí sin, tagraítear do na suirbhéanna agus do na deimhnithe sin mar shuirbhéanna reachtúla 9 . Is faoin úinéir na loinge atá sé an long a chur ar fáil le haghaidh gach suirbhé agus cigireachta, agus, trí gach uasghrádú agus deisiúchán is gá a dhéanamh, gach deimhniú reachtúil a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta a bhfuil ina réamhriachtanas le go mbeidh an long in ann seoladh 10 .

Leis an gcóras idirnáisiúnta, mar a chuirtear i bhfeidhm é in acquis sábháilteachta muirí an Aontais freisin, is féidir le Stát brataí an obair theicniúil a tharmligean chuig cumainn aicmiúcháin (eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhunaíonn caighdeáin theicniúla maidir le tógáil agus oibriú long agus a choinníonn ar bun iad) chun na suirbhéanna reachtúla sin atá riachtanach lena fhíorú go bhfuil an long oiriúnach don fheidhm a dhéanamh, thar a cheann. Nuair a ghníomhaíonn cumann aicmiúcháin ar an mbealach sin, is Eagraíocht Aitheanta (RO) é le haghaidh an Stáit brataí sin. Féadfaidh an Stát brataí cead a thabhairt freisin don eagraíocht aitheanta deimhnithe a eisiúint thar a cheann.    
Mar sin féin, ní féidir an fhreagracht atá ar an Stát brataí a tharmligean. Níl aon oibleagáid ann eagraíochtaí aitheanta a úsáid; is rogha é a dhéanann aon Stát brataí de réir mhéid agus chineál a chabhlaigh agus a acmhainní féin. Tá sé roghnaithe faoi láthair ag beagnach gach Ballstát de chuid an Aontais, mar Stáit bhrataí, úsáid a bhaint as Eagraíochtaí Aitheanta le haghaidh obair theicniúil éagsúil. Ceadaítear agus rialaítear é sin faoi dhlí an Aontais
11 agus tá na cumainn aicmiúcháin 12 is féidir leis na Ballstáit a roghnú liostaithe ag an gCoimisiún.

Ós rud é nach féidir freagrachtaí an Stáit brataí a tharmligean, is gá ar bhonn de jure agus de facto, do Stáit bhrataí leanúint le cigireacht a dhéanamh ar na soithí faoina mbratach agus faireachán a dhéanamh ar an obair reachtúil a dhéanann eagraíochtaí aitheanta thar a gceann. Déanann na Ballstáit amhlaidh ach ní dhéanann siad é ach go méid éagsúil agus tá discréid acu freisin maidir le raon feidhme na gcigireachtaí Stáit brataí. Go bunúsach, déantar dhá phríomhchineál rialaithe Stáit brataí ar bhord long faoi bhratach: (1) suirbhé reachtúil as a n‑eisítear deimhniú reachtúil na loinge agus, (2) iniúchadh Stáit brataí, ar a dtugtar cigireachtaí forlíontacha, nach bhfaightear deimhniú na loinge astu. Is iad an Stát brataí amháin a dhéanfaidh cigireachtaí Stáit brataí. Is é sin an fáth a bhfuil cigireachtaí an Stáit brataí ina gcuid bhunúsach den chomhlíonadh a áirithiú agus d'fhaireachán a dhéanamh ar ghnéithe sábháilteachta. Teastaíonn acmhainní teicniúla ina leith a bhfuil saineolas leordhóthanach ar fáil dóibh, agus is cuid lárnach iad d'aon riarachán muirí. Is é an toimhde bhunúsach idirnáisiúnta go bhfuil acmhainní ag gach Stát brataí agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a chuirtear orthu. Déantar é sin lena áirithiú go gcuirfidh Stáit bhrataí ar fud an domhain a n‑oibleagáidí idirnáisiúnta chun feidhme i gceart agus, dá bhrí sin, go soláthrófar cothroime iomaíochta. Ní mar sin a bhíonn i gcónaí, áfach.

Chun cur ina choinne seo, rinne IMO, ó glacadh an Treoir, 'Cód Cur Chun Feidhme Ionstraimí IMO' (Cód III) agus iniúchadh IMO éigeantach amhail 13 ó 2016 do gach Stát brataí ar domhan, lena n -áirítear Ballstáit an Aontais. Is e is aidhm do Chód III agus don iniúchadh IMO a áirithiú go nglacfaidh Stáit gach beart is gá chun na Coinbhinsiúin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm i gceart agus go mbeidh na hacmhainní agus na cumhachtaí acu is gá mar Stát brataí lena n‑oibleagáidí idirnáisiúnta a ghlacadh chucu féin agus comhlíontacht a long faoi bhratach maidir leis na rialacha sin a áirithiú. Ceanglaítear le scéim iniúchóireachta IMO ar pháirtithe IMO dul faoi iniúchadh gach 7 mbliana. Le linn na n‑iniúchtaí sin, fíoraítear go gcuireann gach Stát de chuid IMO a bhfuil clár bratach acu Cód III agus na coinbhinsiúin ábhartha chun feidhme. Mar sin féin, níl aon chumhachtaí forfheidhmiúcháin ag IMO. Le reachtaíocht sábháilteachta muirí an Aontais, laistigh den bheartas sábháilteachta muirí ó 1992, cuirtear chun feidhme na rialacha agus an rialachán arna gcomhaontú ag Stáit brataí IMO, lena n‑áirítear gach Ballstát AE ag a bhfuil cabhlach faoi bhratach, chun infhorfheidhmitheacht a áirithiú agus ionas gur féidir seiceálacha ar chomhlíonadh a dhéanamh. I gcodarsnacht leis an IMO, ar leibhéal an Aontais tarlaíonn rud éigin, mar atá, téitear i muinín nósanna imeachta um shárú, nuair a sháraíonn Stát mar Stát brataí na rialacha.

Dá bhrí sin, is gá an Treoir a athbhreithniú agus na codanna de Chód III atá ábhartha don Stát brataí a ionchorprú i reachtaíocht an Aontais, chun go mbeidh sí infhorfheidhmithe faoi dhlíchóras an Aontais.

Mar aitheantas ar thábhacht an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, atá lasmuigh de raon feidhme na n‑iniúchtaí arna ndéanamh ag IMO, faoi shainchúram agus faoi rialú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, comhlánaíodh an Treoir in 2013 le Treoir ar leith chun foráil a dhéanamh maidir le forfheidhmiú an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006 (MLC, 2006) 14 .

Ina theannta sin, ó glacadh an Treoir in 2009, rinneadh dul chun cinn teicneolaíochta, maidir leis an digitiú go háirithe, amhail tuairisciú leictreonach ar dheimhnithe a bhaineann le longa agus tuairisciú leictreonach i ndiaidh cigireachtaí long. Rinneadh roinnt tionscnamh chun faisnéis den sórt sin a mhalartú idir Ballstáit an Aontais agus le córais ábhartha, lena n‑áirítear Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí 15 a óstáiltear sa Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), maidir le ríomhthuarascálacha a roinnt i ndiaidh cigireachtaí a dhéanamh ar longa paisinéirí rolladh ann‑rolladh as i seirbhís rialta 16 , agus maidir le roinnt sonraí faoi dheimhnithe reachtúla nuair a eisíonn eagraíocht aitheanta iad. Ba cheart iad sin a ghabháil agus tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu sa treoir maidir le Stáit bhrataí le haghaidh gach suirbhéireachta, cigireachta agus iniúchta ar longa faoi bhratach. Is anseo freisin is féidir gnóthachain éifeachtúlachta a dhéanamh agus an t‑ualach riaracháin a laghdú, ós rud é go n‑éascaítear le comhroinnt faisnéise den sórt sin laistigh de chóras amháin, arna óstáil in EMSA, ullmhú agus spriocdhíriú níos fearr ar an long ar a ndéanfar cigireacht agus níos mó fócais le linn cigireachtaí, rud a fhágann go mbeidh siad níos éifeachtaí. Is anseo freisin a leagtar síos na sineirgí leis an Treoir maidir le rialú Stáit an chalafoirt.

Bhí an Treoir faoi réir meastóireacht ex post agus Seiceáil Oiriúnachta Iompair Mhuirí (in éineacht le píosaí eile de reachtaíocht an Aontais), a tugadh i gcrích in 2018. Bhí an Treoir faoi réir faireachán leanúnach ag an gCoimisiún freisin agus le linn na tréimhse sin sainaithníodh roinnt saincheisteanna mar shaincheisteanna fadhbacha. Baineann siad sin (1) leis an éiginnteacht dhlíthiúil maidir le rialacha idirnáisiúnta nua a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus (2) leis an easpa cur chuige comhchuibhithe maidir le cigireachtaí, rialú, faireachán agus comhroinnt faisnéise ar chabhlaigh faoi bhratach. Leis an meastóireacht agus leis an tseiceáil oiriúnachta leagadh béim freisin gur cheart go mbeadh na hacmhainní agus na cumhachtaí riachtanacha ag na húdaráis náisiúnta lena n‑oibleagáidí idirnáisiúnta mar Stáit bhrataí a ghlacadh chucu féin agus comhlíonadh a longa brataí a áirithiú.

I bhfianaise an méid sin, ullmhaíodh togra chun Treoir 2009/21/CE a leasú. Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an athbhreithnithe:

–Nuashonrú na Treorach agus ailíniú na Treorach leis na rialacha idirnáisiúnta chun comhsheasmhacht agus soiléireacht dhlíthiúil níos fearr a sholáthar, go háirithe maidir le Cód III.

–Iniúchtaí leordhóthanacha ar longa faoi bhratach a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar mhaoirseacht na n‑eagraíochtaí aitheanta a oibríonn thar ceann an Stáit brataí. Áirítear leis sin leibhéil chigireachta níos comhchuibhithe a áirithiú agus maoirseacht chomhsheasmhach a dhéanamh ar na heagraíochtaí aitheanta a bhaineann le gach Ballstát i scéim um maoirseacht uile-Aontais;

–A áirithiú go nglacfar níos mó le réitigh dhigiteacha. Go sonrach, a áirithiú go ndéanfar deimhnithe leictreonacha a thuairisciú, a úsáid agus a roinnt, ar deimhnithe iad atá idir-inoibritheach le bunachair sonraí arna n‑óstáil ag EMSA, agus go n‑aistreofar ó chórais anásta deimhnithe páipéarbhunaithe i dtreo éifeachtúlacht níos airde do lucht riaracháin agus do longa araon;

–Cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le feidhmíocht chabhlach agus dhualgas na Stát brataí a thuiscint, a thuairisciú agus a thomhas. Is éard atá i gceist leis sin comhar feabhsaithe idir na húdaráis náisiúnta ábhartha i bhfóram sonrach, chomh maith le fothú acmhainneachta agus oiliúint Stáit brataí. Ina theannta sin, tá gá le nuashonrú agus nuachóiriú ar an scéim um thomhas feidhmíochta le haghaidh feabhas leanúnach níos éifeachtaí.

•    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra i gcomhréir go hiomlán le Treoir 2009/16/CE 17 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt agus le Treoir 2009/18/CE 18 maidir le himscrúdú ar thionóiscí. Ní foláir go mbeidh na trí Threoir - a bhfuil siad ar fad á leasú ag an am céanna - ag teacht le chéile agus caithfidh aon athrú atá beartaithe ar Threoir amháin an dá Threoir eile agus an timpeallacht rialála idirnáisiúnta i gcoitinne a chur san áireamh.

•    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra mar chuid de chlár REFIT an Choimisiúin agus cuireann sé a chlár oibre maidir le Rialáil Níos Fearr i gcrích trína áirithiú go bhfuil an reachtaíocht atá ann cheana simplí agus soiléir, nach gcruthaíonn sí ualach nach bhfuil gá leis agus go gcoinnítear bord leis na forbairtí polaitiúla, sochaíocha agus teicneolaíocha atá ag teacht chun cinn, go háirithe an digitiú. Is féidir simpliú trí ríomhdheimhnithe agus ríomhthuairisciú Stát brataí a úsáid chun an t‑ualach riaracháin a laghdú. Le comhroinnt faisnéise den sórt sin laistigh de chóras amháin, arna óstáil in EMSA, éascaítear freisin ullmhú agus spriocdhíriú níos fearr ar an long ar a ndéanfar cigireacht agus níos mó fócais le linn cigireachtaí, rud a fhágann go mbeidh siad níos éifeachtaí. D'fhéadfadh sé sin an t‑am a chaitear ar bord a laghdú agus dá bhrí sin an t‑am a chaitheann an long gan bheith ag seoladh a laghdú (seal fuirigh feabhsaithe) chun leasa oibreoirí cáilíochta. Tá an togra seo le haghaidh leasú chomh maith leis na cinn le haghaidh na dTreoracha eile maidir le sábháilteacht mhuirí ina gcuid den acquis ginearálta um shábháilteacht mhuirí agus tá idirghníomhaíocht shuntasach acu leis, acquis lena n‑áirítear eilimintí amhail reachtaíocht an Aontais a bhaineann le hEagraíochtaí Aitheanta 19 , córas faireacháin agus faisnéise um thrácht árthach an Aontais (SafeSeaNet) 20 , Rialachán bunaidh EMSA 21 agus an Treoir maidir le Longa Paisinéirí Rolladh ann‑Rolladh as 22 .

2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•    Bunús dlí

Is é Airteagal 100(2) CFAE bunús dlí na Treorach Leasaithí, lena bhforáiltear do bhearta chun sábháilteacht iompair a fheabhsú agus d’fhorálacha sonracha maidir le hiompar ar muir.

•    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ós rud é gur inniúlacht eisiach de chuid an Aontais de bhun Airteagal 3(2) CFAE iad na hionstraimí idirnáisiúnta sa réimse a bhaineann le comhlíonadh na Stát brataí san earnáil iompair mhuirí, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir leis na hionstraimí sin ná maidir le rialacha an Aontais lena gcuirtear na comhaontuithe sin chun feidhme.

•    Comhréireacht

Ullmhaíodh an togra i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus thorthaí na gcleachtaí REFIT a luadh roimhe seo. Rinne an Coimisiún measúnú tionchair freisin chun bearta malartacha a shainaithint, a mheasúnú agus a mheas chun na cuspóirí céanna a bhaint amach.

Is é is cuspóir don leasú atá beartaithe feabhas a chur ar an tsábháilteacht mhuirí trí chóras um chomhlíonadh agus um fhaireacháin Stáit brataí a bheidh cothrom le dáta, comhleanúnach agus comhchuibhithe a bheith ann, lena n‑áirítear trí chigireachtaí Stáit brataí agus trí mhaoirseacht eagraíochta aitheanta ar fud an Aontais. Tá sé siad aontaithe den chuid is mó ag na Ballstáit cheana agus iniúchadh 23 éigeantach Chód III agus IMO a tháinig i bhfeidhm in 2016 á ghlacadh acu. Leis an mbeart atá beartaithe, ba cheart tuileadh feabhais a chur ar shábháilteacht agus ar fheidhmíocht chomhshaoil soithí faoi bhratach Bhallstáit an Aontais agus freagrachtaí i leith na Stát brataí a athchothromú, rud a d'fhéadfadh an t‑ualach ar rialú Stáit ar chalafoirt a laghdú.    
Cruthófar costais leis an aistriú i dtreo an digitithe agus úsáid r-dheimhnithe ach beidh na costais sin teoranta agus cúiteofar iad leis na tairbhí dearfacha sábháilteachta agus éifeachtúlachta is féidir leo a bhaint amach.

•    An rogha ionstraime

Ós rud é nach gá ach roinnt leasuithe a dhéanamh i ndáil le Treoir 2009/21/CE, is é Treoir leasaitheach an ionstraim dlí is iomchuí.

3.    TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Thángthas ar an gconclúid le meastóireacht ex post 2018 24 agus leis an tSeiceáil Oiriúnachta Iompair Mhuirí 25 go bhfaightear breisluach ghníomhaíocht AE i gcur chun feidhme agus forfheidhmiú comhchuibhithe rialacha idirnáisiúnta isteach i reachtaíocht an Aontais agus faoi reachtaíocht an Aontais, chomh maith le comhar idir na Ballstáit a éileamh agus a spreagadh. Cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht an méid a chuir an Treoir maidir le Stáit bhrataí le leibhéal ard aonfhoirmeach sábháilteachta agus cothroime iomaíochta a sholáthar idir na Ballstáit, rud a chuir le hiompar muirí atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe a bhaint amach.

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún obair leantach go gníomhach ar chásanna inar thit feidhmíocht na mBallstát mar Stáit bhrataí faoi bhun na gceanglas a leagadh síos faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais. Sna cásanna sin, d'iarr an Coimisiún ar na Ballstáit lena mbaineann anailís mhionsonraithe ar an mbunchúis a dhéanamh ar na fadhbanna agus plean gníomhaíochta a ghlacadh chun iad a cheartú. Spreag sé sin go leor Stáit bhrataí chun aird níos mó a thabhairt ar chaighdeán a gcabhlaigh.

Cuireadh i dtábhacht sa tseiceáil oiriúnachta, áfach, an gá atá le hathchothromú níos leithne a dhéanamh ar bheartas sábháilteachta muirí an Aontais. Ciallaíonn sé sin thar aon ní eile leibhéal an Aontais don 'chéad bheart cosanta' a threisiú, beart um chomhlíonadh agus um chosc a bhaineann do Stáit bhrataí. Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht go ndírítear beartais reatha ar Bhallstáit mar Stáit an chalafoirt agus Stáit chósta, agus nach ndírítear a oiread sin ar Stáit bhrataí iad. Thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta gurb iad na codanna ábhartha a bhaineann leis an Stát brataí de Chód III éigeantach an méid atá in easnamh laistigh den FSD. Cuireadh i dtábhacht ag an am céanna an tábhacht a bhaineann le hiniúchadh IMO a choinneáil ar bun. Ag an am céanna, sainaithníodh roinnt réimsí sa tseiceáil oiriúnachta ina bhféadfaí comhlíonadh na Stát brataí a fheabhsú.

•    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Áiríodh iad seo a leanas ar na príomhghníomhaíochtaí comhairliúcháin:

–Tionóladh ceithre agallamh scóipe idir mí an Mhárta agus mí Aibreáin 2021 le hionadaithe príomhpháirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais, go háirithe chun tacú le sainiú agus beachtú foriomlán na faidhbe agus na roghanna beartais féideartha.

–Rinne an sainchomhairleoir a bhí i gceannas ar an staidéar tacaíochta seachtraí a ghabhann leis an Measúnú Tionchair idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2021 trí agallamh spriocdhírithe is fiche, leis na catagóirí páirtithe leasmhara seo a leanas: údaráis náisiúnta (19), ionadaithe tionscail (3), saineolaithe (1).

–D'eagraigh an sainchomhairleoir a bhí i gceannas ar an staidéar tacaíochta seachtraí a ghabhann leis an Measúnú Tionchair, a bhí ar siúl idir mí na Nollag 2021 agus mí Feabhra 2022, suirbhé spriocdhírithe inar tugadh aghaidh ar na catagóirí riaracháin náisiúnta agus ar na catagóirí páirtithe leasmhara tionscail. Rinneadh iarraidh bhreise spriocdhírithe ar shonraí agus ar staidreamh, go háirithe maidir le cigirí Stáit brataí agus líon na gcigireachtaí i mí Mheán Fómhair 2022.

–Reáchtáladh Ceardlann thiomnaithe an 21 Deireadh Fómhair 2021 le riaracháin Stáit Brataí (17) agus ionadaithe na hearnála (8) – úinéirí loinge, cumainn aicmiúcháin, eagraíochtaí calafoirt, ionadaithe oibrithe, inar clúdaíodh athruithe féideartha ar fheidhmíocht na Stát brataí a thomhas (an t‑aistriú paraidíme in PTFanna ón gcabhlach go rialachas).

–Eagraíodh ceardlann deiridh an 20 Eanáir 2022. Bhí an t‑imeacht sin ar siúl in dhá sheisiún le grúpaí páirtithe leasmhara éagsúla – ceann amháin le húdaráis Stáit brataí i mBallstáit an Aontais (rinneadh ionadaíocht do 23 Bhallstát) agus ceann eile le páirtithe leasmhara tionscail mhuirí. Dhírigh an cheardlann go sonrach ar thuairimí a bhailiú maidir leis an leagan deiridh de bhearta beartais, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar na tionchair éagsúla. D'eagraigh Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair agus an sainchomhairleoir a bhí i gceannas ar an staidéar tacaíochta seachtraí leis an Measúnú Tionchair gníomhaíochtaí comhairliúcháin breise chun dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na príomhpháirtithe leasmhara trína dtuairimí a sholáthar maidir leis na bearta beartais éagsúla ach freisin chun na torthaí a bhí ag teacht chun cinn agus na torthaí deiridh ón staidéir tacaíochta a ghabhann leis an Measúnú Tionchair a bhailíochtú i gcomhthéacs chainníochtú na dtionchar. Rinneadh na gníomhaíochtaí sin i gcomhthéacs cruinniú neamhfhoirmiúil Stiúrthóirí Iompair Mhuirí an Aontais/LEE (an 30 Samhain 2021) agus i gcomhthéacs chruinnithe Choiste an Aontais um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (an 17 Bealtaine 2021, an 11 Samhain 2021 agus an 31 Bealtaine 2022). Dhearbhaigh siad go léir gur gá iad a ailíniú le rialacha IMO (Cód III).

–Plé déthaobhach leis na Ballstáit agus leis an lucht Tionscail araon i bhfómhar 2022 (Lúnasa-Deireadh Fómhair), arna iarraidh sin dóibh. Léirigh siad tacaíocht fhoriomlán, ag díriú den chuid ba mhó ar na gnéithe digitithe agus ar an ngá leis sin a áireamh sa rogha beartais ab fhearr; chuir cuid acu imní in iúl maidir leis an gcur chuige i leith suirbhéanna reachtúla a aistriú ar ais chuig Stáit bhrataí (i dtéarmaí tionchar sábháilteachta).

–Bhí an fhaisnéis a bailíodh ó pháirtithe leasmhara ríthábhachtach chun go bhféadfadh an Coimisiún dearadh na roghanna beartais a bheachtú chomh maith lena dtionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a mheasúnú, iad a chur i gcomparáid lena chéile agus a chinneadh cén rogha beartais ar dóigh di an cóimheas idir tairbhí agus costais don tsochaí a uasmhéadú agus cur go hiomlán le rialú Stáit ar chalafoirt atá dea-thomhaiste ach níos éifeachtaí agus níos éifeachtaí lena n‑áiritheofar comhlíonadh a bhaint amach. Thacaigh na comhairliúcháin freisin leis an gCoimisiún maidir leis an dóigh le cur chuige dea-thomhaiste a mheas lena ndéanfaí an tsábháilteacht a uasmhéadú ach lena laghdófaí an riosca go gcuirfí bratacha Bhallstáit an Aontais faoi mhíbhuntáiste iomaíoch lena mbeadh an baol go ndéanfaí bratacha a aistriú ó Bhallstáit an Aontais go bratacha tríú tír. Comhlánaíodh le torthaí na bpróiseas sin an taighde deisce a rinneadh i gcomhthéacs an staidéir tacaíochta seachtraí.

- Tá gach riarachán Stáit brataí agus gach páirtí leasmhar tionscail i bhfabhar creat dlíthiúil soiléir, comhleanúnach agus ailínithe ina n‑ionchorpraítear na rialacha idirnáisiúnta: Iniúchadh Chód III agus IMO. Tá na riaracháin náisiúnta i bhfabhar na rogha beartais ab fhearr toisc go n‑áirithítear léi leibhéal ard comhleanúnachais inmheánaigh agus sheachtraigh. Meastar go bhfuil an rogha sin dea-thomhaiste agus comhréireach maidir leis an éagsúlacht mhór idir méid agus cineál an chabhlaigh i mBallstáit an Aontais. Tacaíonn na riaracháin Stáit brataí le digitiú a úsáid e.g. ríomhthuarascálacha cigireachta agus deimhnithe leictreonacha na Stát brataí agus chun iad sin a roinnt le Ballstáit eile an Aontais agus le rialú Stáit ar chalafoirt. Measann páirtithe leasmhara tionscail go bhfuil digitiú den sórt sin ina bhuntáiste. Tugann Ballstáit an Aontais tacaíocht iomlán do chigireachtaí agus do mhaoirseacht eagraíochta aitheanta a chomhchuibhiú tuilleadh mar aon le fothú acmhainneachta agus oiliúint. Tacaíonn na Ballstáit ag a bhfuil na cabhlaigh is mó (i dtéarmaí líon na long) leis an gcur chuige dea-thomhaiste sa rogha beartais ab fhearr thar an gceann eile toisc go meastar nach bhfuil sí chomh suaiteach agus go n‑áiritheofar léi iomaíochas chabhlach faoi bhratach na mBallstát agus mar sin a spleáchas agus a athléimneacht.

•    Bailiú agus úsáid saineolais

Tógann an t‑athbhreithniú seo go príomha ar na sonraí a bailíodh le linn mheastóireacht ex post 2018 agus cleachtaí na Seiceála Oiriúnachta Iompair Mhuirí dá dtagraítear roimhe seo.

I dteannta na sonraí a bailíodh agus an chomhairliúcháin a rinneadh faoi chuimsiú an chreata sin, le hullmhú an togra seo, ba ghá ionchur a fháil ó shaineolaithe teicniúla agus dlíthiúla maidir le sainmhínithe teicniúla a cheapadh go nithiúil agus maidir le dréachtú soiléir dlíthiúil. Bailíodh an saineolas sin laistigh den Choimisiún agus den Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA). Tá tuairisc air sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra.

•    Measúnú tionchair

Tá an togra bunaithe ar thorthaí ó mheasúnú tionchair a raibh staidéar tacaíochta a rinne comhairleoir seachtrach a bhfuil eolas sonrach aige sa réimse sin mar bhonn eolais faoi.

Scrúdaíodh sa mheasúnú tionchair ceithre rogha beartais dhifriúla chun an Treoir a leasú, arna bhunú ar na treoirphrionsabail seo a leanas:

(1)An gá atá le hionchorprú na rialacha agus na nósanna imeachta idirnáisiúnta a forbraíodh i ndiaidh ghlacadh na Treorach in 2009 agus a chomhaontaigh Ballstáit an Aontas agus an gá ailíniú leis na rialacha agus na nósanna imeachta sin.

(2)Comhar, feabhsú leanúnach agus feidhmíocht a áirithiú trí mhachnamh a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn chur chun feidhme na Treorach.

(3)An digitiú a mhéadú chun cigireachtaí Stáit brataí feabhsaithe agus fócasaithe agus faireachán na n‑eagraíochtaí aitheanta a éascú. Ba cheart úsáid deimhnithe leictreonacha a éascú leis an Treoir freisin;

(4)Cur chuige éifeachtúil agus comhchuibhithe a áirithiú maidir le fothú acmhainneachta, cigireachtaí agus faireachán ar chabhlaigh faoi bhratach, agus é mar aidhm cumas teicniúil agus oibríochtúil a áirithiú i riaracháin bhrataí an Aontais chun na hoibleagáidí atá de chúram orthu a chomhlíonadh.

Moltar sna roghanna uile réitigh ar na fadhbanna a sainaithníodh, ach tá difríocht eatarthu i gcomhthéacs leibhéal agus uaillmhian an chomhchuibhithe agus an rialaithe maidir le comhlíonadh a áirithiú, agus tugtar lánrogha éigin don Bhallstát maidir le cigireacht agus faireachán a dhéanamh ar an gcabhlach faoi bhratach. I ngach rogha beartais foráiltear do leasuithe ar an Treoir trí chodanna Stát brataí de Chód III atá éigeantach anois a ionchorprú agus Iniúchadh éigeantach IMO a choinneáil ar bun.

Sa bhreis air sin, mholfaí i Rogha 1 bearta lena gcuirfí cosc ar fhoireann theicniúil neamheisiach aon chineál oibre a dhéanamh do na riaracháin Stáit brataí. Bheadh ar lucht riaracháin acmhainní a fháil chun baill foirne theicniúla ábhartha a earcú, a fhostú agus a choinneáil chun cigireachtaí Stáit brataí agus faireachán na n‑eagraíochtaí aitheanta a dhéanamh.

Ní chuirfí cosc le Rogha 2 ar fhoireann theicniúil neamheisiach a úsáid ach chuirfí 'imfhálú' i bhfeidhm maidir le cá huair a cheadófaí pearsanra neamheisiach den sórt sin agus cén cineál suirbhéanna a gceadófaí an pearsanta sin ina leith agus cad iad na cúinsí eisceachtúla faoina gceadófaí an pearsanra sin. Tugtar isteach leis an rogha sin ceanglais shonracha maidir le cigireachtaí atá i gcomhréir le méid agus cineál an chabhlaigh lena áirithiú go gcoinneoidh gach riarachán brataí de chuid an Aontais croífhoireann theicniúil laistigh den riarachán. Bhunófaí sainghrúpa Stáit brataí. Thabharfaí isteach ceanglais maidir le digitiú maidir le malartú faisnéise a bhaineann le long amhail tuarascálacha leictreonacha cigireachta Stáit brataí agus ríomhdheimhnithe. Ar deireadh, rachaidh i ngleic léi leis an tsaincheist maidir le fothú comhchoiteann acmhainneachta agus oiliúint chomhchuibhithe (iarcháilíochta) do chigirí Stáit brataí.

Chuirfí cosc le Rogha 3 freisin ar fhoireann theicniúil neamh-uileghabhálach a úsáid agus, ina theannta sin, cheanglófaí ar riaracháin bhrataí na mBallstát an cumas a bheith acu an obair reachtúil a dhéanamh agus na deimhnithe reachtúla a bhaineann leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta a eisiúint. D'fhéadfadh eagraíochtaí aitheanta aon iniúchtaí ina dhiaidh sin a dhéanamh ansin. Ar deireadh, cheanglófaí le Rogha 4 freisin ar bhratacha na mBallstát an cumas a bheith acu an obair suirbhéireachta reachtúil a dhéanamh agus na deimhnithe reachtúla gaolmhara maidir le longa 'ardriosca' a eisiúint, sula gceadófaí dóibh oibriú faoi bhratach Ballstáit. Chuirfí cosc léi freisin ar fhoireann theicniúil neamheisiach a úsáid.

Ní mór aon bhearta ar leibhéal an Aontais a chothromú leis an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ar chabhlach faoi bratach Ballstáit de chuid an Aontais agus dá bhrí sin athléimneacht straitéiseach agus tionchair ar thrádáil chuig/ón Aontas ina iomláine (agus aistriú bratach chuig bratacha neamh-AE á sheachaint). Thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair gurb é rogha 2 an rogha beartais ab fhearr.

Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála lena fhormheas i mí Eanáir 2023.. D’eisigh an Bord tuairim dhearfach maille le hagúis. Tugadh aghaidh ar na barúlacha sin sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra reachtach seo.

•    Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá gné REFIT ag baint leis an tionscnamh i gcomhthéacs an reachtaíocht sábháilteachta a ailíniú agus a shimpliú, agus cuidiú le húdaráis na mBallstát a n‑oibleagáidí cigireachta agus tuairiscithe a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr.

Ina theannta sin, áirítear gnéithe den simpliú sa rogha beartais ab fhearr, toisc go soiléireofaí inti eisiúint, úsáid agus malartú doiciméad leictreonach a bhaineann - mar shampla – le cigireachtaí Stáit brataí a rinneadh agus ríomhdheimhnithe a bhaineann leis an long. Éascófaí leis sin ullmhú agus díriú níos éifeachtaí maidir le cigireachtaí Stáit brataí (chomh maith le cigireachtaí rialaithe Stáit ar chalafoirt) agus bheifí ábalta faireachán níos fearr a dhéanamh ar an long agus ar aon obair a dhéantar thar ceann an Stáit brataí. Tacaíonn sé le rialú ar chomhlíonadh na long atá faoi bhratach i gcónaí. Le cúnamh arna sholáthar ag EMSA d'údaráis náisiúnta Stáit brataí le fothú acmhainneachta agus oiliúint maidir le conas cigireachtaí Stáit brataí a dhéanamh, agus le soláthar bunachair sonraí cigireachta thiomnaithe chun cigireachtaí a thuairisciú méadófar comhchuibhiú agus caighdeánú ar fud an Aontais.

•    Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Baineann EUR 7 go EUR 8.1 milliún leis an nglanchostas reatha do Bhuiséad an Aontais thar an tréimhse 2025-2050 leis an togra. Tá tuairisc níos mionsonraithe ar thionchar buiséid an togra tugtha sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an togra seo le haghaidh faisnéise. Tá tionchar buiséadach an togra san áireamh cheana féin sa Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002.

Is forléargas táscach é an tionchar ar an mbuiséad i ndiaidh an CAI reatha, gan dochar do Chomhaontú CAI amach anseo.

5.    EILIMINTÍ EILE

•    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá plean cur chun feidhme ag gabháil leis an togra ina liostaítear na gníomhaíochtaí atá ag teastáil chun na bearta a chur chun feidhme agus ina sainaithnítear na príomhdhúshláin theicniúla, dhlíthiúla agus ama a bhaineann leis an gcur chun feidhme.

Sainaithníodh socruithe leormhaithe faireacháin agus tuairiscithe. Beidh ról tábhachtach ag EMSA sa phróiseas sin, toisc go bhfuil an Ghníomhaireacht i gceannas ar chórais sonraí leictreonacha a fhorbairt agus a oibriú le haghaidh iompar muirí, go háirithe an bunachar sonraí tuairiscithe um chigireacht.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an gcur chun feidhme, le cúnamh ó EMSA. Ina theannta sin, tugann EMSA faoi thimthriallta cuairteanna ar na Ballstáit chun oibríochtaí ar an talamh a fhíorú mar chuid de ról tacaíochta EMSA don Choimisiún 26 . Beidh ar na Ballstáit córas bainistíochta cáilíochta a bheith acu i gcónaí lena dheimhniú gur iomchuí a n‑eagraíocht, a mbeartais, a bpróisis, a n‑ acmhainní agus a ndoiciméid chun a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh. Ní mór é sin a dheimhniú agus beidh sé faoi réir iniúchadh tréimhsiúil ina dhiaidh sin. Beidh ar na Ballstáit torthaí na n‑iniúchtaí arna ndéanamh ag IMO agus ag comhlacht creidiúnaithe a roinnt leis an gCoimisiún agus/nó le EMSA ionas gur féidir leis na húdaráis náisiúnta Stáit brataí a ndeimhniú um chóras bainistíochta cáilíochta a choinneáil. Leis an scéim athbhreithnithe feidhmíochta, mar aon leis na tuarascálacha cigireachta agus na ríomhdheimhnithe a uaslódálfar ar an mbunachar sonraí, beifear ábalta faireachán fiúntach a dhéanamh.

•    Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Níl gá le doiciméid mhíniúcháin óir go bhfuil sé mar aidhm leis an togra an córas atá ann cheana a shimpliú agus a shoiléiriú.

•    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é Airteagal 1 den dréacht‑Treoir leasaitheach an phríomhchuid de agus tá leasuithe ar roinnt mhaith forálacha i dTreoir 2009/21/CE ann. 

Ábhar, raon feidhme, agus sainmhíniú

I bpointe 1, leasaítear Airteagal 3 chun roinnt tagairtí d'ionstraimí IMO a nuashonrú sna sainmhínithe atá ann cheana agus chun sainmhínithe breise atá ábhartha don Treoir a áireamh, go háirithe Cód III.

Coinníollacha maidir le seoladh loinge a cheadú

I bPointe 2, leasaítear Airteagal 4 chun úsáid an bhunachair sonraí chun bail na loinge a fhíorú a thabhairt isteach (aistriú isteach, de réir mar a bheidh) sula gceadófar an long a oibriú.

Le Pointe 3 cuirtear isteach Airteagal 4a – 4c.    
Ceanglaítear le hAirteagal 4a nua ar an mBallstát mar Stát brataí cloí le Cód III agus leis an gceanglas maidir le cigireachtaí forlíontacha Stáit brataí a dhéanamh chun sábháilteacht long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu a áirithiú.
   
Tugtar isteach le hAirteagal 4b nua an ceanglas ar riaracháin na hacmhainní iomchuí a bheith acu, a bheidh i gcomhréir le méid agus cineál an chabhlaigh (longa atá cláraithe faoin mbratach) chun an oibleagáid maidir le cigireacht fhorlíontach agus na ceanglais maidir le maoirseacht agus faireachán eagraíochtaí aitheanta an Aontais a chomhlíonadh. Leagfar síos trí bheart cur chun feidhme mionsonraí beachta na
n‑ acmhainní sin maidir le cigireachtaí a dhéanamh ar chabhlach faoi bhratach agus ar fhaireachán eagraíochtaí aitheanta.
Le hAirteagal 4c nua leagtar síos freagrachtaí agus fothú comhchoiteann acmhainneachta phearsanra an Stáit brataí. Áirítear leis sin forbairt leanúnach ar scéimeanna oiliúna agus ar ábhar lena léirítear nuashonruithe i gCoinbhinsiúin idirnáisiúnta IMO chomh maith le ceanglais fhéideartha nua mar thoradh ar bhreithnithe comhshaoil go háirithe maidir le teicneolaíochtaí nua (e.g. tiomáint, cineálacha nua breosla etc).

Gníomhaíochtaí i ndáil le faireachán a dhéanamh ar longa faoi bhratach nó i ndiaidh faireachán a dhéanamh orthu

I bpointe 4, leasaítear Airteagal 5 lena cheangal ar na Ballstáit mar Stáit bhrataí Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (SafeSeaNet) a úsáid chun longa faoina mbratach a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu agus lena sheiceáil, e.g. an bhfuil siad á gcoinneáil faoi rialú Stáit an chalafoirt. Leis an leasú sin, tugtar aghaidh freisin ar an easpa solúbthachta i gcóras na Stát brataí i gcásanna géarchéime nó teagmhais gan choinne, amhail paindéim COVID-19.

Bunachar sonraí leictreonach faisnéise agus cigireachta

I bPointe 5, leasaítear Airteagal 6 chun ríomhdhoiciméid a thabhairt isteach a bheidh le taifeadadh, le coimeád, le tuairisciú agus le comhroinnt trí chlárlann náisiúnta ríomhdheimhnithe atá comhoiriúnach leis an mbunachar sonraí cigireachtaí in Airteagal 6a nua. Baineann ríomhdhoiciméid le ríomhthuarascálacha cigireachta agus ríomhdheimhnithe i measc cinn eile.

Le Pointe 6 tugtar isteach Airteagal 6a nua agus bunaítear bunachar sonraí cigireachta a óstálfaidh an Coimisiún. Tá sé bunaithe ar an mbunachar sonraí cigireachta atá i bhfeidhm cheana le haghaidh tuairisciú RSC agus cigireacht long paisinéirí agus úsáidfidh sé na gnéithe teicniúla céanna. Maidir le tarchur leictreonach ríomhdheimhnithe, bainfear úsáid leo sin as na réitigh theicniúla chéanna a bhunaítear leis an Treoir RSC, bunaithe ar an réiteach teicniúil atá i bhfeidhm cheana féin maidir le heagraíochtaí aitheanta chun na ceanglais maidir le comhroinnt ríomhdheimhnithe a chomhlíonadh, mar a shonraítear i reachtaíocht an Aontais maidir le heagraíochtaí aitheanta.

Baineann an cur chuige le tógáil ar na córais atá ann cheana, sineirgí breise a chruthú, dúbailt a sheachaint agus faisnéis a athúsáid a mhéid is féidir, de réir córas idir-inoibritheach amháin.

Faireachán ar chomhlíonadh agus ar fheidhmíocht

I bpointe 7, leasaítear Airteagal 7 chun an fhaisnéis a fhoilseofar i ndiaidh Iniúchadh IMO a shoiléiriú. Tugtar isteach leis freisin an ceanglas go gceadóidh an Ballstát mar iniúchóir don Choimisiún, le cúnamh ó EMSA, iniúchtaí IMO den sórt sin a bhreithniú. Is é is aidhm dó trédhearcacht a áirithiú agus sineirgí idir Iniúchtaí IMO agus cuairteanna EMSA a éascú.

Bainistiú Cáilíochta agus Feidhmíocht na Stát brataí

I bPointe 8, leasaítear Airteagal 8 agus déantar raon feidhme agus cumhdach an Chórais Bainistíochta Cáilíochta a shoiléiriú chun na clárlanna uile a chumhdach, bíodh siad ina gcláir thraidisiúnta (na chéad chláir mar a thugtar orthu), ina gcláir idirnáisiúnta nó ina gcláir thar lear nó ina gcláir chomhchosúla (ar a dtugtar na dara cláir) faoi údarás an Stáit brataí agus a bhfuil bratach an Stáit sin ar foluain acu chomh maith le cumhdach na ngníomhaíochtaí uile Stáit brataí.

Tugtar isteach leis freisin na coinníollacha maidir le rialú má tá, nó má bheidh, cigirí neamheisiacha á n‑úsáid ag an Stát brataí, agus tugtar isteach leis an gceanglas ar gach duine lena mbaineann a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

Ar deireadh, ba cheart an tomhas feidhmíochta reatha a athbhreithniú agus a nuachóiriú, trí ghníomh cur chun feidhme, agus roinnt critéir bhreise á gcur san áireamh chomh maith le scéim chomhchosúil feidhmíochta le haghaidh eagraíochtaí aitheanta. Tugtar isteach na ceanglais atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir lena measúnú féin ar fheidhmíocht chomh maith leis an gceanglas atá ar an gCoimisiún torthaí foriomlána a chur ar fáil go poiblí.

I bpointe 9, scriostar Airteagal 9.

Comhar agus malartú faisnéise

Tugtar isteach Airteagail 9a agus 9b le pointe 10.    
Airteagal 9 nua agus bunaítear leis grúpa ardleibhéil maidir le cúrsaí Stáit brataí, atá comhdhéanta d'údaráis Stáit Brataí na mBallstát agus saineolaithe chun gach saincheist a bhaineann leis an Stát brataí agus gach saincheist ábhartha a phlé.

Bunaítear le hAirteagal 9b nua uirlis tuairiscithe leictreonach dhinimiciúil chun faisnéis agus staidreamh a bhailiú.

Nós Imeachta Coiste

I bpointe 11, déantar Airteagal 10 a nuashonrú leis an téacs is déanaí maidir le nósanna imeachta coiste le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme.

Gníomhartha tarmligthe

Foráiltear le pointe 12 go gcumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta agus go mbeidh aon nuashonruithe ar an Iarscríbhinn faoi réir an chlásail chaighdeánaigh neamhchúlchéimnithe. Ciallaíonn sé sin, má thagann athruithe ar an leibhéal idirnáisiúnta, go gcoinneofar na caighdeáin in ionstraim an Aontais ar an leibhéal reatha ar a laghad.

An tarmligean a fheidhmiú

I bpointe 13 leagtar amach an téacs caighdeánach maidir le feidhmiú an tarmligin.

Iarscríbhinní

Leagtar amach i bPointe 14 Iarscríbhinn nua amháin le codanna Stáit brataí 1 agus 2 de Rún A.1070 (28) de Chód Cur Chun Feidhme Ionstraimí IMO (CÓD III).



2023/0172 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2009/21/CE maidir le ceanglais Stát brataí a chomhlíonadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 27 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 28 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ba cheart sábháilteacht loingseoireacht an Aontais agus na saoránach a úsáideann í agus cosaint an chomhshaoil a áirithiú i gcónaí.

(2)Faoi fhorálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982 (UNCLOS) agus na gCoinbhinsiún arb é an IMO ina stór ina leith, tá na Stáit atá ina bpáirtithe sna hionstraimí sin freagrach as dlíthe agus rialacháin a fhógairt agus as gach beart eile a dhéanamh a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun lanéifeacht iomlán a thabhairt do na hionstraimí sin lena áirithiú, ó thaobh shábháilteacht daoine ar muir agus chosaint na muirthimpeallachta de go bhfuil long oiriúnach don tseirbhís dá bhfuil sí ceaptha.

(3)Chun éifeachtacht Choinbhinsiúin IMO san Aontas a áirithiú, ós rud é nach mór do na Ballstáit uile a bheith ina bpáirtithe i gCoinbhinsiúin IMO agus nach mór dóibh na hoibleagáidí a leagtar síos sna Coinbhinsiúin sin a chomhlíonadh i ndáil le longa a bhfuil a mbratach ar foluain acu, ba cheart forálacha éigeantacha na gCoinbhinsiún sin a ionchorprú i reachtaíocht an Aontais. Chuige sin, ní mór do na Ballstáit a gcuid oibleagáidí mar Stáit bhrataí a chomhlíonadh go héifeachtach agus go comhsheasmhach i gcomhréir le Rún IMO A.1070(28) (arna ghlacadh an 4 Nollaig 2013) maidir le Cód Cur Chun Feidhme Ionstraimí IMO (CÓD III), ina bhfuil na forálacha éigeantacha atá le cur chun feidhme ag Stáit bhrataí.

(4)Ós rud é gur cúlghaireadh Rún A. 948 (23) ón le Rún IMO A. 1156(32), ba cheart do na Ballstáit ceanglais chomhchuibhithe a chur i bhfeidhm, maidir leis na longa a bhfuil a mbratach ar foluain acu, maidir le deimhniú agus suirbhéir a dhéanann an Stát brataí mar a leagtar síos sna nósanna imeachta agus treoirlínte ábhartha atá i gceangal le rún A. 1156(32) ó Thionól IMO maidir le treoirlínte suirbhé faoin gcóras comhchuibhithe suirbhéanna agus deimhniúcháin.

(5)Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá an fheidhm maidir le timpistí muirí a imscrúdú ina cuid de fhreagrachtaí na Stát brataí, agus ar leibhéal an Aontais déantar neamhspleách í ar Threoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus rialaítear leis an Treoir sin í 29 . Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do Threoir 2009/18/CE.

(6)Ba cheart go gcuirfí san áireamh gníomhartha cur chun feidhme áirithe a glacadh i ndiaidh theacht i bhfeidhm Threoir 2009/21/CE, ina bhfuil gnéithe a bhaineann le tarmligean údaráis chuig eagraíochtaí aitheanta curtha chun feidhme go páirteach cheana féin.

(7)Ba cheart riaracháin mhuirí na mBallstát a bheith ábalta brath ar acmhainní leordhóthanacha, lena n‑áirítear cumas cinnteoireachta teicniúla, chun a n‑oibleagáidí Stáit brataí a chur chun feidhme, i gcomhréir le méid agus cineál a gcabhlaigh agus bunaithe ar cheanglais ábhartha IMO. Chun feabhas a chur ar fheidhmíocht cháilíochtúil fhoriomlán long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu, is gá freisin faireachán dian cuimsitheach na n‑eagraíochtaí aitheanta a dhéanann dualgais Stáit brataí thar ceann na mBallstát a chomhchuibhiú, lena n‑áirítear rialacha a fhorbairt agus athbhreithniú a dhéanamh ar an dearadh.

(8)Ba cheart íoschritéir agus spriocanna cigireachta a bhaineann leis na hacmhainní sin a bhunú ar bhonn thaithí phraiticiúil na mBallstát, lena n‑áirítear úsáid cigirí neamh-eisiacha, trí bhearta cur chun feidhme.

(9)Le comhlíonadh scéime comhchuibhithe fothaithe acmhainneachta iarcháilíochta ag suirbhéirí agus cigirí Stáit brataí , ba cheart go n‑áiritheofaí cothroime iomaíochta idir riaracháin mhuirí agus go gcuirfí le feidhmíocht cháilíochtúil long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu.

(10)Ba cheart do na Ballstáit Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (SafeSeaNet) agus seirbhísí arna leagan síos le Treoir 2002/59/CE 30 a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar longa faoi bhratach, faireachas muirí agus feasacht ar dhálaí ar muir.

(11)Le bunú agus forbairt bunachair sonraí lena soláthraítear faisnéis bhunriachtanach, i bhformáid leictreonach ar longa a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu, ba cheart go gcuirfí le malartú feabhsaithe faisnéise, go gcuirfí feabhas breise ar thrédhearcacht feidhmíochta cabhlaigh ardcháilíochta agus go mbeifí ábalta faireachán feabhsaithe a dhéanamh ar oibleagáidí Stáit brataí chun cothroime iomaíochta idir riaracháin mhuirí a áirithiú.

(12)Ba cheart faisnéis fhíor-riachtanach, lena n‑áirítear tuarascálacha leictreonacha agus deimhnithe loinge i ndiaidh cigireachtaí Stáit brataí, a bheith ar fáil do gach údarás lena mbaineann agus don Choimisiún, chun críocha faireacháin agus chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht maidir le haon chineál cigireachta a dhéanamh.

(13)Leanann Scéim éigeantach Iniúchóireachta Ballstát IMO an cur chuige caighdeánach bainistithe cáilíochta, lena chinneadh a mhéid a bhfuil oibleagáidí agus freagrachtaí Stáit brataí atá i gcoinbhinsiúin éigeantacha IMO a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu á gcur chun feidhme agus á bhforfheidhmiú ag na Ballstáit agus dá bhrí sin, cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach ionstraimí IMO is infheidhme a áirithiú agus chun cuidiú le Ballstáit a gcumais a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit leanúint ag léiriú go bhfuil ionstraimí éigeantacha IMO á gcomhlíonadh acu, mar a cheanglaítear le Rún A 1067(28) maidir leis an gcreat agus na nósanna imeachta le haghaidh Scéim Iniúchóireachta Ballstát IMO, a ghlac Tionól IMO an 4 Nollaig 2013.

(14)Ba cheart go dtabharfadh an Ballstát is iniúchóir cuireadh don Choimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 , agus go mbeadh páirt ag an gCoimisiún mar bhreathnóir chun críche comhsheasmhacht a áirithiú idir iniúchadh IMO agus measúnuithe an Choimisiúin, arna bhforghníomhú ag EMSA chun cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais um shábháilteacht mhuirí a sheiceáil trína scéim cuairteanna agus cigireachta, thar ceann an Choimisiúin.

(15)Chun tuilleadh feabhais a chur ar cháilíocht na long faoi bhratach agus cothroime iomaíochta idir riaracháin mhuirí a áirithiú, ba cheart deimhniúchán cáilíochta um nósanna imeachta riaracháin, a áirítear sa chóras bainistithe cáilíochta i gcomhréir le ISO nó caighdeáin choibhéiseacha, a shoiléiriú chun na cláir uile a chumhdach, bíodh siad ina gcláir náisiúnta (na chéad chláir) nó ina gcláir idirnáisiúnta (na dara cláir nó cláir thar lear), atá faoi fhreagracht an Bhallstáit mar Stát brataí. Thairis sin, ba cheart na gníomhaíochtaí gaolmhara uile a shoiléiriú, lena n‑áirítear freagrachtaí, údarás, idirchaidreamh agus modhanna tuairiscithe agus cumarsáide gach pearsanra Stáit brataí a dhéanann suirbhéanna nó cigireachtaí nó a bhfuil baint acu le suirbhéanna nó cigireachtaí, mar aon le pearsanra eile a chabhraíonn le feidhmiú na gcigireachtaí, nach bhfuil i bhfostaíocht eisiach údarás inniúil an Bhallstáit, agus a fhéadfaidh cigireachtaí áirithe, seachas cigireachtaí reachtacha, a dhéanamh. D'fhonn neamhspleáchas a áirithiú, ba cheart neamhláithreacht aon choinbhleachta leasa pearsanra lena mbaineann a dhoiciméadú.

(16)Le meastóireacht agus athbhreithniú ar an scéim feidhmíochta le haghaidh na Stát brataí, bunaithe ar phríomhchritéir chomhchoiteanna thrédhearcacha iontaofa oibiachtúla agus ag tógáil ar scéimeanna comhchosúla reatha den sórt sin, ba cheart go dtacófaí leis na Ballstáit uile maidir lena gcomhlíonadh agus lena bhfeabhsú leanúnach.

(17)Chun cúrsaí Stáit brataí a phlé, lena n‑áirítear saincheisteanna teicniúla, agus chun malartú saineolais agus faisnéise a éascú, ba cheart grúpa ardleibhéil a bhunú maidir le cúrsaí Stáit brataí a bheidh comhdhéanta d'údaráis náisiúnta na mBallstát, de shaineolaithe Stáit brataí agus de chigirí, chomh maith le saineolaithe ón earnáil phríobháideach, de réir mar is iomchuí.

(18)Ba cheart uirlis tuairiscithe leictreonach a bhunú chun bailiú comhsheasmhach staidrimh ábhartha agus sonraí muirí agus faisnéise ó na Ballstáit a fheabhsú tuilleadh.

(19)Chun cur i bhfeidhm cothrom le dáta fhorálacha na Treorach seo a éascú chun go bhféadfaidh na Ballstáit a n‑oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Treoir, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos san Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 32 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(20)Ba cheart na bearta is gá a ghlacadh chun an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 . Chun go n‑áiritheofar coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/21/CE maidir le bearta aonfhoirmeacha chun na híoscheanglais le haghaidh acmhainní iomchuí a chinneadh, i gcomhréir le méid agus cineál a chabhlaigh agus le haghaidh comhscéim chomhchuibhithe chun feidhmíocht an Stáit brataí a thomhas, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(21)Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) an tacaíocht is gá a sholáthar chun cur chun feidhme Threoir 2009/21/CE a áirithiú.

(22)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(23)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/21/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/21/CE

Leasaítear Treoir 2009/21/CE mar a leanas:

(1)leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

'(e) ciallaíonn 'iniúchadh IMO' iniúchadh a dhéantar i gcomhréir le forálacha Rún A 1067(28) ('Creat agus Nósanna Imeachta maidir le hIniúchadh Ballstát IMO'), ina leagan cothrom le dáta, arna ghlacadh ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO );'

(b)cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

'(f)ciallaíonn ‘Coinbhinsiúin’ na Coinbhinsiúin, mar aon leis na Prótacail a ghabhann leo agus na leasuithe a rinneadh orthu, agus cóid ghaolmhara stádais éigeantaigh, ina leagan cothrom le dáta, mar a shainítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 , cé is moite den Choinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006 (MLC 2006);

(g)ciallaíonn 'Cód III' codanna 1 agus 2 de Rún A.1070 (28) ('Cód Cur Chun Feidhme Ionstraimí IMO'), arna ghlacadh ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), cé is moite de mhíreanna 16.1, 18.1, 19, 29, 30, 31 agus 32 de chuid 2;

(h)ciallaíonn 'suirbhéir Stáit brataí' fostaí de chuid na hearnála poiblí, a bhfuil údarú cuí aige nó aici ó údarás inniúil Ballstáit, agus a oibríonn go heisiach dó, chun suirbhéanna agus iniúchtaí a dhéanamh a bhaineann leis na deimhnithe reachtúla agus a chomhlíonann an ceanglas maidir le neamhspleáchas a shonraítear in Airteagal 8(1);

(i)ciallaíonn 'cigire Stáit brataí' fostaí de chuid na hearnála poiblí, a oibríonn go heisiach d'údarás inniúil de chuid Ballstáit agus a bhfuil údarú cuí aige nó aici chun cigireachtaí forlíontacha Stáit brataí a dhéanamh, agus a chomhlíonann an ceanglas maidir le neamhspleáchas a shonraítear in Airteagal 8(1), agus na critéir íosta a shonraítear in Iarscríbhinn XI de Threoir 2009/16/CE;

(j)ciallaíonn 'pearsanra eile a chuidíonn le cigireachtaí a dhéanamh’ duine nach bhfuil fostaithe go heisiach ag údarás inniúil an Bhallstáit, ach atá i staid chonarthach leis, agus atá údaraithe go cuí ag údarás inniúil an Bhallstáit a fhéadfaidh cigireachtaí áirithe a dhéanamh, seachas suirbhéanna reachtúla, arna sonrú ag an údarás inniúil, agus a chomhlíonann na critéir maidir le cumarsáid, cáilíocht agus neamhspleáchas a shonraítear in Airteagal 8(1);

(k)ciallaíonn 'cigireacht fhorlíontach Stáit brataí' cigireacht ar bord nach mbeidh deimhniúchán mar thoradh uirthi;

(j) ciallaíonn ‘HSSC’ Rún A. 1156(32) ('Treoirlínte Suirbhé faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe (HSSC), 2021, ina leagan cothrom le dáta, arna ghlacadh ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO );'

(2)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1. Sula gceadófar long a oibriú, ar deonaíodh an ceart di a bratach a chur ar foluain, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go gcomhlíonfaidh an long i dtrácht na rialacha agus na rialacháin idirnáisiúnta is infheidhme. Go sonrach, déanfaidh sé taifid sábháilteachta na loinge a fhíorú trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha cigireachta agus na deimhnithe atá sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 6a. Rachaidh sé i gcomhairle, más gá, leis an Stát brataí caillteach d'fhonn a shuí an bhfuil aon easnaimh nó saincheisteanna sábháilteachta arna sainaithint ag an Stát sin fós gan réiteach.'

(3)Cuirtear isteach na hAirteagail 4a go 4c seo a leanas:

'Airteagal 4a

Sábháilteacht long faoi bhratach Ballstáit

1.    Maidir le loingseoireacht idirnáisiúnta, cuirfidh na Ballstáit na forálacha éigeantacha a bhaineann leis an Stát brataí a leagtar síos i gCoinbhinsiúin IMO i bhfeidhm ina n‑iomláine i gcomhréir leis na coinníollacha agus maidir leis na longa dá dtagraítear iontu agus cuirfidh siad Cód III i bhfeidhm in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, cé is moite de mhíreanna 16.1, 18.1, 19, 29, 30, 31 agus 32 de chuid 2.

2.    Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá lena áirithiú go gcomhlíonfaidh longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain rialacha agus caighdeáin idirnáisiúnta. Áireofar ar na bearta sin an méid seo a leanas:

(a)cosc a chur ar sheoladh na loinge go dtí go bhféadfaidh na longa sin dul ar muir i gcomhréir le ceanglais rialacha agus caighdeán idirnáisiúnta;

(b)a áirithiú go ndearnadh suirbhéireacht ar longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain i gcomhréir leis na treoirlínte suirbhé faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe (HSSC); agus,

(c)cigireachtaí forlíontacha Stáit brataí ar longa chun bail iarbhír na loinge a fhíorú i gcomhréir leis na deimhnithe a iompraítear orthu.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go gceartófar aon easnaimh a dhearbhaítear nó a nochtar trí chigireacht arna déanamh i gcomhréir le mír 2(c).

4.I ndiaidh aon chigireacht a dhéantar a chríochnú, déanfaidh an cigire brataí tuarascáil a tharraingt suas ar bhonn Iarscríbhinn IX de Threoir 2009/16/CE.

'Airteagal 4b

Ceanglais maidir le sábháilteacht agus truailliú a chosc

1. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a riarachán ag brath ar acmhainní iomchuí, i gcomhréir le méid agus cineál a chabhlaigh, go háirithe chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 4a agus i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

2. Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar maoirseacht ar ghníomhaíochtaí suirbhéirí Stáit brataí, cigirí stáit brataí agus eagraíochtaí aitheanta agus glacfaidh sé páirt i scéim um maoirseacht na hEagraíochta Aitheanta de chuid an Aontais arna sonrú ag an ngrúpa ardleibhéil maidir le cúrsaí Stáit brataí dá dtagraítear in Airteagal 9a(1).

3. Déanfaidh gach Ballstát athbhreithniú dearaidh agus cumas cinnteoireachta teicniúla a fhorbairt nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le méid agus cineál a chabhlaigh.

‑4. Chun comhchuibhiú na gcigireachtaí forlíontacha Stáit brataí dá dtagraítear in Airteagal 4a(2)(c) a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an ngrúpa ardleibhéil maidir le cúrsaí Stáit brataí dá dtagraítear in Airteagal 9a(1), gníomhartha cur chun feidhme chun na bearta aonfhoirmeacha a shainiú chun na híoscheanglais maidir le cur chun feidhme na noibleagáidí dá bhforáiltear i mír 1 a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).'

'Airteagal 4c

Fothú comhchoiteann acmhainneachta phearsanra an Stáit brataí.

1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an pearsanra atá freagrach as suirbhéanna, cigireachtaí agus iniúchtaí a dhéanamh ar longa agus ar chuideachtaí faoin scéim chomhchuibhithe a shonraítear i mír 2.

2. Déanfaidh an Coimisiún, agus comhairle á hiarraidh aige ón ngrúpa ardleibhéil maidir le cúrsaí Stáit brataí dá dtagraítear in Airteagal 9a(1), comhscéim fothaithe acmhainneachta (iarcháilíochta ar an leibhéal náisiúnta) a fhorbairt agus coinneoidh sé cothrom le dáta í, i bhfianaise teicneolaíochtaí nua agus i ndáil le hoibleagáidí nua nó breise a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha, do shuirbhéirí agus cigirí Stáit brataí na mBallstát.

(4)leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)uimhrítear an t‑aon mhír amháin mar mhír 1.

(b)cuirtear an mhír 2 seo a leanas isteach:

35 '2. Déanfaidh na Ballstáit clár iomchuí rialaithe agus faireacháin a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus úsáid á baint acu, de réir mar is iomchuí, as Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí ('SafeSeaNet') dá dtagraítear in Airteagal 22a(3) de Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus in Iarscríbhinn III a ghabhann léi, chun freagairt thráthúil a thabhairt ar chásanna i mír 1 den Airteagal seo chomh maith le teagmhais sábháilteachta agus truailliú líomhnaithe.'

(5)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

'Airteagal 6

Faisnéis leictreonach agus malartú leictreonach

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir le longa a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus go gcuirfear ar fáil í i bhformáid leictreonach a bheidh comhoiriúnach do bhunachair sonraí sábháilteachta muirí an Aontais agus a bheidh idir-inoibritheach leo:

(a)sonraí na loinge (ainm, uimhir IMO, etc.);

(b)deimhnithe reachtúla (iomlán, eatramhach nó sealadach) lena n‑áirítear dátaí suirbhéanna, suirbhéanna breise agus forlíontacha, más ann dóibh, agus iniúchtaí;

(c)sainaithint na n‑eagraíochtaí aitheanta a bhfuil baint acu le deimhniú agus le haicmiú na loinge;

(d)sainaithint an údaráis inniúil a rinne cigireacht ar an long faoi fhorálacha rialaithe Stát an chalafoirt agus dátaí na gcigireachtaí;

(e)toradh na gcigireachtaí ar rialú Stáit ar chalafoirt (easnaimh: tá nó níl; coinneáil: tá nó níl);

(f)sainaithint long a scoir de bhratach an Bhallstáit lena mbaineann a bheith ar foluain acu le linn an 12 mhí roimhe sin;

(g)tuarascáil (tuarascálacha) i ndiaidh suirbhé nó cigireacht Stáit brataí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4a(2) mír (b) nó (c).

2. Cuirfear an fhaisnéis chuig an mbunachar sonraí cigireachta dá bhforáiltear in Airteagal 6a. Tabharfar cóip den tuarascáil don mháistir freisin.'

(6)Cuirtear isteach an tAirteagal 6a seo a leanas:

'Airteagal 6a

Bunachar sonraí cigireachta

1. Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí cigireachta a fhorbairt, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta ina mbeidh an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 6. Beidh na Ballstáit uile nasctha leis an mbunachar sonraí sin. Is ar an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 24 de Threoir 2009/16/CE a bheidh an bunachar sonraí cigireachta sin bunaithe agus beidh feidhmiúlachtaí aige atá comhchosúil le feidhmiúlachtaí an bhunachair sonraí úd.

‑2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a bhaineann le cigireachtaí a dhéantar i gcomhréir leis an Treoir seo, lena náirítear faisnéis a bhaineann le heasnaimh, a aistriú gan mhoill chuig an mbunachar sonraí cigireachta a luaithe a chríochnófar an tuarascáil nó na tuarascálacha i gcomhréir le hAirteagal 4a(4).

3. Áiritheoidh an Coimisiún leis an mbunachar sonraí cigireachta go gcuirfear ar chumas daoine aon sonraí ábhartha maidir le cur chun feidhme na Treorach seo a aisghabháil ar bhonn na sonraí cigireachta a sholáthraíonn na Ballstáit.

36 4. Beidh rochtain ag na Ballstáit ar an bhfaisnéis uile arna taifeadadh sa bhunachar sonraí cigireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus ar chóras cigireachta dá bhforáiltear i dTreoir 2009/16/CE. Ní choiscfear cosc le haon ní sa Treoir seo faisnéis den sórt sin a roinnt idir na húdaráis inniúla ábhartha laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit, leis an gCoimisiún nó leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar deimhnithe reachtúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) mír b a tharchur go leictreonach chuig an mbunachar sonraí cigireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag baint úsáid as na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla le haghaidh comhéadan comhchuibhithe tuairiscithe leictreonaigh dá bhforáiltear in Airteagal 24a de Threoir 2009/16/CE.';

(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

'Airteagal 7

Faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh ag na Ballstáit agus ar a bhfeidhmíocht

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun iniúchadh IMO a dhéanamh ar a riarachán uair amháin gach seacht mbliana ar a laghad, agus foilseoidh siad toradh an iniúchta chomh maith le haon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha i mbunachar sonraí an Chórais Chomhtháite Dhomhanda le haghaidh Faisnéis i dtaca leis an Loingseoireacht (GISIS) arna chur ar bun ag an IMO. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis chéanna ar fáil don phobal freisin, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha maidir le rúndacht.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar don Choimisiún, le cúnamh ó EMSA, páirt a ghlacadh mar bhreathnóir i bpróiseas iniúchóireachta IMO agus go gcuirfear aon tuarascáil Iniúchóireachta agus an fhaisnéis faoi ghníomhaíocht ina dhiaidh sin ar fáil láithreach don Choimisiún.

37 3. Lena áirithiú go gcuirfear an Treoir seo chun feidhme go héifeachtach agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú foriomlán chomhlíonadh na Stát brataí agus ar scéim um maoirseacht Eagraíochtaí Aitheanta an Aontais, baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá agus tabharfaidh sé cuairteanna ar na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal xx de Rialachán (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachán EMSA atá le glacadh],'

(8)leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

Déanfaidh gach Ballstát córas bainistithe cáilíochta a chur chun feidhme agus a chothabháil lena gcumhdófar gach clár faoina údarás do ghníomhaíochtaí uile a riaracháin a bhaineann le Stát brataí. Deimhneofar an córas bainistíochta cáilíochta sin i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta idirnáisiúnta is infheidhme.

‑Áireofar sa chóras bainistithe cáilíochta freagrachtaí sainithe, údarás agus idirchaidreamh gach pearsanra Stáit brataí, lena náirítear pearsanra eile a thugann cúnamh le cigireachtaí a dhéanamh agus a bhainistíonn, a chomhlíonann agus a fhíoraíonn obair a bhaineann le sábháilteacht agus cosc truaillithe agus a théann i gcion ar shábháilteacht agus ar chosc truaillithe. Déanfar freagrachtaí den sórt sin a dhoiciméadú, agus sonrófar cineál agus raon na hoibre cigireachta a fhéadfaidh pearsanra eile a dhéanamh a thugann cúnamh le cigireachtaí a dhéanamh, agus sonrófar freisin an dóigh a ndéanfaidh pearsanra den sórt sin cumarsáid agus tuairisciú.

Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh ag pearsanra eile a thugann cúnamh le cigireachtaí a dhéanamh oideachas, oiliúint agus maoirseacht atá comhréireach leis na cúraimí a údaraítear dóibh a chomhlíonadh.

Gach pearsanra a dhéanfaidh suirbhé nó cigireacht, síneoidh siad dearbhú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann lena bhfianófar a neamhspleáchas i ndáil leis an obair atá le déanamh, dearbhú a choinneoidh údarás freagrach an Bhallstáit.'

(b)cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

'2a. Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht bhliantúil ar a bhfeidhmíocht agus sainaithneoidh siad réimsí ina bhféadfaidh feabhas a dhéanamh, bunaithe ar thorthaí na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú an chórais bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus ar fheidhmíocht an Stáit brataí dá dtagraítear i mír 2b den Airteagal seo, chomh maith le hAirteagal 7.

2b. Chun comhscéim chomhchuibhithe feidhmíochta a áirithiú chun críocha mhír 2a, glacfaidh an Coimisiún, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an ngrúpa ardleibhéil maidir le cúrsaí Stáit brataí dá dtagraítear in Airteagal 9a(1), gníomhartha cur chun feidhme chun na mionsonraí maidir le scéim athbhreithnithe feidhmíochta i mír 2 den Airteagal seo a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir le hAirteagal 10.2.

Cuirfear san áireamh le bearta chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Stáit brataí, inter alia, torthaí cigireachta Stáit brataí, rátaí coinneála rialaithe Stáit an chalafoirt, staidreamh maidir le taismigh, próisis chumarsáide agus faisnéise, staidreamh bliantúil maidir le caillteanas (gan lánchaillteanais inchiallaithe a áireamh) agus táscairí feidhmíochta eile de réir mar is iomchuí, lena chinneadh an leor an soláthar foirne, na hacmhainní agus na nósanna imeachta riaracháin chun oibleagáidí an Stáit brataí a chomhlíonadh.

2c. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil agus coinneoidh sé an fhaisnéis sin ar shuíomh gréasáin poiblí faoi fheidhmíocht na Stát brataí.';

(9)Scriostar Airteagal 9.

(10)Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

'Airteagal 9a

Grúpa ardleibhéil maidir le cúrsaí Stáit brataí

‑1. Bunóidh an Coimisiún grúpa ardleibhéil maidir le cúrsaí Stáit brataí chun saincheisteanna Stáit brataí a phlé agus éascóidh sé malartuithe taithí idir údaráis náisiúnta na mBallstát, saineolaithe agus cigirí Stáit brataí, lena náirítear, de réir mar is iomchuí, iad siúd ón earnáil phríobháideach.

Beidh an grúpa ardleibhéil maidir le cúrsaí Stát brataí comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, le cúnamh ó EMSA.

Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta.

2. Beidh na cúraimí seo a leanas ar an ngrúpa ardleibhéil maidir le cúrsaí Stát brataí, inter alia:

(a)moltaí a dhéanamh maidir le cur chuige coiteann i leith cigireachtaí Stáit brataí; nósanna imeachta agus treoirlínte maidir le rialú long;

(b)cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun formáid chomhchoiteann tuairiscithe a fhorbairt, lena n‑áirítear uainiú do chigireachtaí Stáit brataí/d'fhaireachán Eagraíochtaí Aitheanta;

(c)cuidiú leis an gCoimisiún an modh teicniúil a fhorbairt maidir le cad is acmhainní iomchuí ann, i gcomhréir le méid agus cineál an chabhlaigh, dá dtagraítear in Airteagal 4b;

(d)cuidiú leis an gCoimisiún bearta a shainaithint a d'fhéadfaí a fhorbairt chun feabhas a chur ar bhfothú acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 4c, go háirithe maidir le heolas cothrom le dáta a choinneáil faoi athruithe i gcoinbhinsiúin agus athruithe atá ag teacht chun cinn de bharr teicneolaíochtaí nua;

(e)scéim um maoirseacht agus um fhaireachán eagraíochtaí aitheanta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7 a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(f)treoir a sholáthar maidir le conas úsáid a bhaint as an bhfaisnéis i mbunachair sonraí mhuirí ábhartha an Aontais chun cigireachtaí Stáit brataí/faireachán eagraíochtaí aitheanta a ullmhú, d'fhonn éifeachtúlacht a mhéadú maidir le húsáid/comhthiomsú acmhainní le haghaidh faireachán eagraíochtaí aitheanta e.g. de réir réimsí fócais;

(g)cuidiú leis an gCoimisiún na critéir feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(2b) a fhorbairt go teicniúil;

(h)cuidiú leis an gCoimisiún treoir, teimpléid agus mar sin de a fhorbairt maidir leis na hoibleagáidí tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 9b;

(i)cuidiú le hanailís a dhéanamh ar fheidhmíocht an Stáit brataí, iniúchtaí um chóras bainistíochta cáilíochta agus, Iniúchtaí IMO lena ndéantar comparáid idir torthaí agus gníomhaíocht leantach, d'fhonn dea-chleachtais a shainaithint;

(j)cuidiú leis an gCoimisiún bearta a shainaithint a d'fhéadfaí a fhorbairt chun an méid seo a leanas a bhunú:

(i)nósanna imeachta comhchuibhithe chun díolúintí agus coibhéisí a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Coinbhinsiúin IMO a chur i bhfeidhm;

(ii)léirmhínithe comhchuibhithe ar shaincheisteanna a fhágtar faoi na riaracháin sna Coinbhinsiúin;

(iii)léirmhínithe aontaithe a chur i bhfeidhm maidir le forálacha a leagtar síos sna Coinbhinsiúin.

'Airteagal 9b

Faisnéis agus sonraí

Bunóidh an Coimisiún uirlis tuairiscithe leictreonach chun faisnéis agus sonraí a bhailiú ó na Ballstáit i ndáil leis an Treoir seo. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go tréimhsiúil, agus uair sa bhliain ar a laghad, faoin méid seo a leanas:

(a)Ceanglais maidir le sábháilteacht agus cosc truaillithe a riar

(i) méid agus aois an chabhlaigh faoi bhratach i dtéarmaí líon agus olltonnáiste na ngnáthlong; 

(ii)líon na gcigirí/suirbhéirí/iniúchóirí Stáit brataí agus pearsanra eile a thugann cúnamh le cigireachtaí a dhéanamh; 

(iii)líon na suirbhéanna, na gcigireachtaí agus na n‑iniúchtaí Stáit brataí arna ndéanamh mar Stáit bhrataí;

(iv)líon na long a aistríonn a mbratach isteach agus amach de réir cineál loinge agus de réir tír tionscnaimh nó tír cinn scríbe;

(b)bainistíocht agus iniúchtaí cáilíochta

(i)dátaí beartaithe nó deimhnithe le haghaidh Iniúchadh IMO; 

(ii)dátaí beartaithe nó deimhnithe le haghaidh iniúchadh um Chóras Bainistíochta Cáilíochta chomh maith le déileáil le deimhniú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta

(c)údarás a tharmligean

(i)Eagraíochtaí aitheanta atá údaraithe, feidhmeanna arna dtarmligean agus deimhnithe arna n‑eisiúint thar ceann an Bhallstáit

(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

'Airteagal 10

An nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002, cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.'

(12)Cuirtear isteach an tAirteagal 10a seo a leanas:

'Airteagal 10a

Gníomhartha Tarmligthe

Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10b, maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn 1, chun forálacha agus gealltanais nua a bhaineann leis na Stáit bhrataí agus a forbraíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe, in IMO, a chur san áireamh.

Féadfar na leasuithe ar Choinbhinsiúin IMO agus ar Chód Cur Chun Feidhme Ionstraimí IMO (CÓD III) a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 .'

(13)Cuirtear isteach an tAirteagal 10b seo a leanas:

'Airteagal 10b

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10a a don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana [xx] 202X. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10a a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh cuirfear deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.'

(14)Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo isteach mar Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/21/CE.

Airteagal 2

Trasuí

1.Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a ghlacadh agus a fhoilsiú, faoin [OF: Cuir isteach dáta: bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an dóigh chun tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs na bpríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘GNÍOMHAIREACHTAÍ'

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/21/CE maidir le ceanglais Stát brataí a chomhlíonadh 

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

Soghluaisteacht agus Iompar – Sábháilteacht Mhuirí

1.3.Baineann an togra le 

◻ beart nua

◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 38  

☑ síneadh ar bheart atá ann cheana ◻ cumas birt amháin nó níos mó​ i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta 

Is iad seo a leanas na cuspóirí ginearálta le Treoir leasaitheach 2009/21/CE: (1) cothroime iomaíochta a choinneáil ar bun agus saobhadh margaidh a sheachaint; (2) ardleibhéil sábháilteachta muirí a áirithiú; agus (3) cosc ar thruailliú muirí mar gheall ar thaismigh mhuirí a áirithiú. Leis an athbhreithniú seo dá bhrí sin ba cheart go gcuirfí freisin le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) 3 ('Beatha shláintiúil a áirithiú agus dea-bhail a chur cinn do chách ag gach aois') agus SFI 14 ('Na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid ar shlí inbhuanaithe ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe').

1.4.2.Cuspóir(í) sonrach(a) 

Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha na Treorach:

An Treoir maidir le Stáit bhrataí a ailíniú le rialacha idirnáisiúnta nua.

Cigireachtaí leordhóthanacha agus faireachán/maoirseacht a áirithiú.

A áirithiú go nglacfar níos mó le réitigh dhigiteacha.

Cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le feidhmíocht chabhlach agus dhualgais an Stáit brataí a thuiscint, a thuairisciú agus a thomhas.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar ba cheart a bheith ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Leis an togra, meastar go ndéanfar ardleibhéil sábháilteachta maidir le rialú stáit brataí a chomhchuibhiú ar fud an Aontais agus go dtabharfar isteach réitigh dhigitithe chun tacú le héifeachtúlacht maidir le faireachán a dhéanamh ar longa, aon chigireacht ar longa maidir le rialú Stáit brataí a dhéanamh agus maidir le faisnéis ábhartha a chomhroinnt. Táthar ag súil freisin go bhfeabhsófar leis feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí shoiléireacht a mhéadú agus trí aon débhríocht d'údaráis Stáit brataí a bhaint.

Meastar freisin go mbeidh laghdú ar líon na ndaoine a chailltear agus na gortuithe a tharlaíonn mar thoradh ar an togra, chomh maith leis an ola umair a chailltear ar muir.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta 

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar an méid atá bainte amach.

Cinnfear éifeachtacht na Treorach atá beartaithe, i ndáil le cuspóir sonrach Uimh. 1, bunaithe ar Iniúchtaí IMO, a ndéantar faireachán orthu trí GISIS IMO, agus ar chuairteanna EMSA ar na Ballstáit chun cur chun feidhme na Treorach a fhíorú, thar ceann an Choimisiúin.

Cinnfear éifeachtacht na Treorach atá beartaithe, i ndáil le cuspóir sonrach Uimh. 2, bunaithe ar líon na dtuarascálacha cigireachta Stáit brataí a roinnfear, ar úsáid na dtorthaí, ar an obair leantach leis na hEagraíochtaí Aitheanta, ar aon mholtaí sábháilteachta a eisítear le haghaidh riaracháin brataí, ar líon na soithí a nglactar leo ar chláir na mBratach agus ar líon na soithí a cuireadh ar fionraí nó a baineadh de chláir na mBratach a ndearnadh faireachán orthu trí chóras THETIS agus, ar thuarascálacha riaracháin an Stáit Brataí. Déanfar í a chinneadh freisin bunaithe ar líon na mball foirne teicniúla agus na gcigireachtaí, ar sciar na gcigireachtaí do chabhlach faoi bhratach na mBallstát agus ar líon na gcigirí Stáit brataí in aghaidh na loinge a thuairiscítear sa chóras uirlisí tuairiscithe tiomnaithe.

Cinnfear éifeachtacht na Treorach atá beartaithe, i ndáil le cuspóir sonrach Uimh. 3, bunaithe ar líon na ríomhdheimhnithe agus na ríomhthuarascálacha Stáit Brataí a chuirfear isteach sa mhodúl tuairiscithe (THETIS).

Cinnfear éifeachtacht na Treorach atá beartaithe, i ndáil le cuspóir sonrach Uimh. 4, bunaithe ar na táscairí tomhais feidhmíochta sa chóras tomhais feidhmíochta.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Ceanglófar ar EMSA réitigh theicniúla a chur i bhfeidhm maidir le clár ríomhdheimhnithe, tuairisciú ar ríomhdheimhnithe agus ríomhthuarascálacha cigireachta Stáit Brataí, chomh maith le huirlisí le haghaidh bailíochtú, agus modúil nua a fhorbairt. Ceanglófar ar EMSA freisin sásra agus teimpléad a fhorbairt chun faisnéis agus staidreamh a thuairisciú agus fothú comhchoiteann acmhainneachta agus oiliúint chomhchuibhithe (iarcháilíochta) a thabhairt isteach do chigirí Stáit Brataí agus/nó suirbhéirí agus/nó iniúchóirí, trí churaclaim chomhchoiteanna a fhorbairt do chigirí Stáit Brataí agus oiliúint a chur ar chigirí Stáit brataí ar theicneolaíochtaí nua, lena n‑áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, breoslaí inathnuaite agus ísealcharbóin, atá an‑ábhartha i bhfianaise an phacáiste 'Oiriúnach do 55', agus uathoibriú.

Faoi 2025, beidh gá le 1 FTE breise chun an modúl nua a fhorbairt le haghaidh na ríomhdheimhnithe agus 1 FTE breise chun sainscileanna TF agus eolas muirí a sholáthar sna Seirbhísí Tacaíochta Muirí.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn 'breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais' an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Cheal gníomhaíocht AE, bheadh an neamhchinnteacht dhlíthiúil reatha fós ann agus dhéanfadh Ballstáit an Aontais oibleagáidí idirnáisiúnta a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta ar bhealach neamh-chomhordaithe. I ndeireadh na dála, d'fhágfadh sé sin go mbeadh níos lú cosanta ann do shaoránaigh an Aontais, don tsábháilteacht mhuirí agus don chomhshaol. Le hionchorprú na rialacha idirnáisiúnta laistigh de dhlí an Aontais déantar foráil freisin maidir leis an tacaíocht riachtanach a thairgeann EMSA do na Ballstáit maidir le torthaí cigireachta agus oiliúint a dhíriú, a thaifeadadh agus a roinnt do na cigireachtaí Stáit brataí a dhéanann siad. Is féidir a dhearbhú do thaistealaithe agus do shaoránaigh go ginearálta go bhfuil caighdeán sábháilteachta comhchosúil ar fud an Aontais agus go roinntear na torthaí cigireachta agus go ndéantar faireachán orthu (Stáit bhrataí agus Stáit an chalafoirt araon) ionas nach mbeidh aon lúb ar lár i gcomhthéacs na sábháilteachta muirí.

An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)

Ba cheart cur chun feidhme éifeachtach na rialacha idirnáisiúnta, go háirithe Cód III IMO, a áirithiú tríd an Treoir. Leis na hoibleagáidí dlíthiúla agus leis an bhforfheidhmiú a thugtar leis an Treoir maidir le Stáit bhrataí, éascaítear comhchuibhiú, comhsheasmhacht agus comhleanúnachas níos mó idir na Ballstáit agus a bhfreagrachtaí.

Áirithítear leis an Treoir cur chuige comhchuibhithe agus comhleanúnach i leith longa atá faoi bhratach Ballstát den Aontais, trí rialacha idirnáisiúnta éigeantacha a ionchorprú agus a chomhdhlúthú, agus trí dheimhneacht dhlíthiúil faoi dhlíchóras an Aontais a thabhairt.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Áirithítear leis an Treoir maidir le Stáit Bhrataí cur chun feidhme agus forfheidhmiú comhchuibhithe rialacha idirnáisiúnta isteach i reachtaíocht an Aontais agus faoi reachtaíocht an Aontais, chomh maith le comhar idir na Ballstáit a éileamh agus a spreagadh. Léiríodh sa mheastóireacht ar an Treoir, áfach, go bhfuil gá le hathchothromú níos leithne a dhéanamh ar bheartas sábháilteachta muirí an Aontais. Ciallaíonn sé sin leibhéal an Aontais don 'chéad bheart cosanta' a threisiú, beart um chomhlíonadh agus um chosc a bhaineann do Stáit bhrataí. Dírítear beartais reatha ar Bhallstáit mar Stáit an chalafoirt agus Stáit chósta, agus ní dhírítear a oiread ar Stáit bhrataí iad. Dá bhrí sin, tá na codanna ábhartha a bhaineann leis an Stát brataí de Chód III éigeantach in easnamh.

Léirítear torthaí na meastóireachta ex post sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an tionscnamh seo (achoimrithe in Iarscríbhinn 7 léi).

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Is príomhsprioc insoláthartha é an t‑athbhreithniú atá beartaithe den Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, ina leagtar amach fís an Aontais don chóras iompair amach anseo. Fógraíodh leis an straitéis go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú mór a thionscnamh ar an reachtaíocht atá ann cheana maidir le freagrachtaí Stát brataí, rialú stáit ar chalafoirt agus imscrúdú ar thimpistí in 2021 (faoi Shuaitheantas 10 - Sábháilteacht agus slándáil iompair a fheabhsú).

Cruthófar leis an athbhreithniú atá beartaithe sineirgí le píosaí eile de chreat rialála an Aontais, go háirithe Treoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt agus Treoir 2009/18/CE maidir le himscrúdú ar thionóiscí.

Tá an togra comhoiriúnach leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha, cé go mbeidh gá le hathchlárú a dhéanamh faoi Cheannteideal 1 a mhéid a bhaineann leis an ranníocaíocht bhliantúil le EMSA (fritháireamh buiséadach trí laghdú cúiteach ar chaiteachas cláraithe faoi Iompar CEF (02 03 01)). Tá tionchar buiséadach an togra reatha san áireamh cheana féin sa bhuiséad don Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002.

Is forléargas táscach é an tionchar ar an mbuiséad i ndiaidh CAI reatha, gan dochar do Chomhaontú CAI amach anseo.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athdháileadh a dhéanamh

Ciallaíonn tionchar buiséadach an tionscnaimh seo na hacmhainní breise is gá le haghaidh ról EMSA atá ag méadú chun oibleagáidí an Stáit Brataí a éascú (i.e. i ndáil leis na ríomhdheimhnithe, modúl tuairiscithe (THETIS) a fhorbairt agus a chothabháil chun deimhnithe leictreonacha a úsáid ar fud na Stát brataí agus na nEagraíochtaí Aitheanta, chomh maith le huirlisí le haghaidh bailíochtaithe agus cigireachta, chomh maith le modúl le haghaidh ríomhthuarascálacha cigireachta Stáit brataí, i ndáil le staidreamh tuairiscithe, uirlisí tuairiscithe/geata a fhorbairt tuilleadh chun tacú leis na hiarratais, agus i ndáil leis an bhfothú acmhainneachta, curaclaim chomhchoiteanna a fhorbairt do chigirí Stáit brataí agus oiliúint a sholáthar sna teicneolaíochtaí nua, lena n‑áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, breoslaí inathnuaite agus ísealcharbóin, agus uathoibriú) faoin Treoir atá beartaithe.

Ní féidir freastal ar an ngá breise atá le hacmhainní daonna trí ath-imlonnú, agus comhlíonfar na riachtanais bhuiséadacha bhreise trí fhritháireamh a dhéanamh ar chláir atá ann cheana arna mbainistiú ag Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

Déanfar an méadú ar leithreasuithe le haghaidh EMSA a fhritháireamh le laghdú cúiteach ar chaiteachas cláraithe faoi Iompar CEF (02 03 01). Tá tionchar buiséadach an togra reatha san áireamh cheana féin sa bhuiséad don Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002.

Is forléargas táscach é an tionchar ar an mbuiséad i ndiaidh an CAI reatha, gan dochar don Chomhaontú CAI amach anseo.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

◻ tréimhse theoranta

–◻    Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

–◻    Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

☑ tréimhse neamhtheoranta

–Cur chun feidhme lena mbaineann tréimhse thosaigh ó BBBB go BBBB, [n.b.]

–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 39   

◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí

–◻    gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

◻ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

☑ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71;

◻ comhlachtaí dlí phoiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú leis an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

◻ comhlachtaí arna rialú le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Barúlacha

Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí de réir mar is iomchuí, an Treoir atá beartaithe a bhainistiú ar an iomlán.

Ceanglófar ar na Ballstáit forálacha na Treorach a thrasuí faoin spriocdháta faoi seach.

 

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Beidh an Coimisiún freagrach ar an iomlán as an Treoir atá beartaithe a chur chun feidhme.

Ina theannta sin, tugann EMSA, thar ceann an Choimisiúin, cuairteanna ar na Ballstáit chun oibríochtaí ar an talamh a fhíorú. Sainaithneofar sna tuarascálacha um chuairteanna faoi seach aon easnaimh agus réimsí le feabhsú.

Beidh an Coimisiún agus/nó EMSA rannpháirteach mar bhreathnóirí in Iniúchadh na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, a chomhlánaíonn cuairteanna agus cigireachtaí EMSA thar ceann an Choimisiúin. Déanfaidh EMSA anailís chothrománach freisin, lena léireofar an dóigh a bhfuil an reachtaíocht ag feidhmiú agus lena sainaithneofar bearnaí agus cad is féidir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt orthu, agus tuairisceoidh sé don Choimisiún agus do na Ballstáit, agus is dóigh go pléifear na torthaí ó na ceardlanna.

Bunóidh an Coimisiún sainghrúpa na Stát brataí freisin chun an comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún a chur chun cinn.

2.2.Córas/córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Beidh an Coimisiún freagrach ar an iomlán as an Treoir atá beartaithe a chur chun feidhme. Tabharfaidh EMSA cúnamh don Choimisiún de réir mar is iomchuí maidir leis na seirbhísí TF a sholáthar agus na huirlisí TF is gá chun forálacha tuairiscithe, faireacháin agus fíoraithe na Treorach atá beartaithe a fhorbairt, chomh maith le hoiliúint a eagrú. Ceanglófar ar na Ballstáit trasuí na Treorach ar a reachtaíocht náisiúnta a dhéanamh faoin spriocdháta a luaitear sa Treoir. Déanfar gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin mar chuid de na rialuithe atá ann cheana, go háirithe le linn Rialú Stáit brataí agus tríd an scéim feidhmíochta brataí.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Cé go mbeidh an Coimisiún freagrach ar an iomlán as an Treoir atá beartaithe a chur chun feidhme, beidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí freagrach as feidhmiú a hoibríochta agus as cur chun feidhme a creata rialaithe inmheánaigh. Ceanglófar air uirlisí agus modúil TF a fhorbairt, chomh maith le hoiliúint a sholáthar d'oifigigh um Rialú Stáit Brataí, agus ceanglófar ar na Ballstáit forfheidhmiú a dhéanamh.

Is é ESMA is fearr atá ábalta tuairisciú agus measúnú a dhéanamh ar chúraimí um chomhlíonadh, toisc gur obair theicniúil a bheidh i gceist leis sin, rud a éileoidh saineolas láidir i mbainistiú sonraí, chomh maith le tuiscint chuimsitheach ar ábhair theicniúla chasta a bhaineann le deimhnithe leictreonacha agus le hoiliúint.

Is iad na Ballstáit is fearr atá ábalta, faoin dlí idirnáisiúnta freisin, forfheidhmiú na Treorach atá beartaithe a chur i gcrích, go háirithe trí leanúint de rialú Stáit Brataí a fhorfheidhmiú ar bhealach comhchuibhithe.

Cuirfidh Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair na rialuithe riachtanacha i bhfeidhm i gcomhréir leis an straitéis um mhaoirseacht a glacadh in 2017 maidir le caidreamh na hArd-Stiúrthóireachta le gníomhaireachtaí díláraithe agus le Comhghnóthais. Faoin straitéis, déanann Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair faireachán ar tháscairí feidhmíochta maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, na moltaí iniúchóireachta agus cúrsaí riaracháin. Cuireann an Ghníomhaireacht tuarascáil ar fáil ar bhonn débhliantúil. Tá na rialuithe a dhéantar ar mhaoirseacht na Gníomhaireachta agus ar an mbainistiú airgeadais agus buiséadach gaolmhar i gcomhréir le Straitéis Rialaithe Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair, arna nuashonrú in 2022.

Cumhdófar na hacmhainní breise a chuirfear ar fáil do EMSA le córas rialaithe inmheánaigh agus bainistíochta riosca EMSA atá ailínithe leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus lena n‑áirítear rialuithe sonracha chun coinbhleacht leasa a chosc agus lena áirithiú go gcosnófar sceithirí.

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas 'costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú') agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Faoin athbhreithniú atá beartaithe, soláthrófar maoiniú breise do EMSA, a bheidh ag forbairt uirlisí agus modúil TF, chomh maith le hoiliúint a sholáthar d'oifigigh um Rialú Stáit Brataí, agus don Choimisiún.

Tá freagracht iomlán ar ESMA as a mbuiséad a chur chun feidhme, agus tá Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair freagrach as na ranníocaíochtaí arna mbunú ag an Údarás Buiséadach a íoc go rialta. Is ionann an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis ar íocaíocht agus ar dhúnadh agus an leibhéal a ghabhann leis na fóirdheontais bhuiséid a sholáthraítear don Ghníomhaireacht.

Na cúraimí breise a eascraíonn as an Treoir atá beartaithe, ní mheastar go gcruthófar rialuithe sonracha breise leo. Dá bhrí sin, táthar ag súil go mbeidh an costas rialaithe le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (arna thomhas i gcomparáid le luach na gcistí a bhainistítear) cobhsaí i gcónaí.



2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá roinnt forálacha san athbhreithniú atá beartaithe a dhírítear go sonrach ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí a chosc. Beidh ar na Ballstáit Córas Bainistíochta Cáilíochta a bheith acu lena dheimhniú gur iomchuí a n‑eagraíocht, a mbeartais, a bpróisis, a n‑ acmhainní agus a ndoiciméid chun a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh. Ní mór é sin a dheimhniú agus beidh sé faoi réir iniúchadh tréimhsiúil ina dhiaidh sin. Beidh ar na Ballstáit torthaí na n‑iniúchtaí arna ndéanamh ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus ag comhlacht creidiúnaithe a roinnt leis an gCoimisiún agus/nó le EMSA ionas gur féidir leis na húdaráis náisiúnta Stáit brataí a ndeimhniú um chóras bainistíochta cáilíochta a choinneáil.

Cuireann ESMA prionsabail frithchalaoise na nGníomhaireachtaí AE díláraithe i bhfeidhm, i gcomhréir le cur chuige an Choimisiúin. I mí an Mhárta 2021, ghlac an Ghníomhaireacht Straitéis nuashonraithe Frith-Chalaoise, bunaithe ar an modheolaíocht agus ar an treoir maidir le straitéis frith-chalaoise a chuir OLAF i láthair chomh maith le Straitéis Frith-Chalaoise Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair. Soláthraítear léi creat lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le cosc, brath agus coinníollacha le haghaidh imscrúduithe calaoise ar leibhéal na Gníomhaireachta. Déanann EMSA a bheartais agus a ghníomhaíochtaí a oiriúnú agus a fheabhsú ar bhonn leanúnach chun an leibhéal is airde sláine d'fhoireann EMSA a chur chun cinn, chun tacú le riosca calaoise a chosc agus a bhrath go héifeachtach agus chun na nósanna imeachta iomchuí a bhunú chun cásanna calaoise féideartha agus a dtoradh a thuairisciú agus a láimhseáil. Ina theannta sin, ghlac EMSA a bheartas um Choinbhleacht Leasa don Bhord Bainistíochta in 2015.

Comhoibríonn EMSA le seirbhísí an Choimisiúin maidir le hábhair a bhaineann le calaois agus neamhrialtacht a chosc. Áiritheoidh an Coimisiún go leanfar leis an gcomhar sin agus go neartófar é.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteideal nó ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Líon  

Difreáilte/neamhdhifreáilte 40 .

ó thíortha de chuid CSTE 41

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 42

Ó thríú tíortha eile

ioncam eile atá sannta

1

02 10 02

Neamhdhifreáilte

IS EA

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid a iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas 
caiteachais

Ranníocaíocht

Líon  

Difreáilte/neamhdhifreáilte

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam eile atá sannta

[XX.BB.BB.BB]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar an gcaiteachas 

EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil 

1

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Bliain 
2028-2034

IOMLÁN

Teideal 1:

Gealltanais

(1)

0.171

0.342

0.342

2.394

3.249

Íocaíochtaí

(2)

0.171

0.342

0.342

2.394

3.249

Teideal 2:

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Teideal 3:

Gealltanais

(3a)

0.368

1.041

1.266

4.412

7.087

Íocaíochtaí

(3b)

0.368

1.041

1.266

4.412

7.087

IOMLÁN leithreasuithe 
do EMSA

Gealltanais

=1+1a +3a

0.539

1.383

1.608

6.806

10.336

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

0.539

1.383

1.608

6.806

10.336

 
Is forléargas táscach é an tionchar ar an mbuiséad i ndiaidh CAI reatha, gan dochar do Chomhaontú CAI amach anseo.  





Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil 

7

'Caiteachas riaracháin'

EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

DG: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

Iomlán <…….>

Leithreasuithe AS

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Bliain 
2028-2034

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0.539

1.383

1.608

6.806

10.336

Íocaíochtaí

0.539

1.383

1.608

6.806

10.336

Is forléargas táscach é an tionchar ar an mbuiséad i ndiaidh CAI reatha, gan dochar do Chomhaontú CAI amach anseo.

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe ESMA 

–☑    Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

–◻    Éilítear leis togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Méideanna in EUR milliúin (go dtí an trí ionad de dheachúlacha)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

⇩

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 43

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 44 ...

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán le haghaidh chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán le haghaidh chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

Nuair is infheidhme, léirítear leis na figiúir suim ranníocaíocht an Aontais leis an ngníomhaireacht agus ioncam eile na gníomhaireachta (táillí agus muirir).

3.2.3.An tionchar measta ar acmhainní daonna ESMA 

3.2.3.1.Achoimre

–◻    Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

–☑    Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

Méideanna in EUR milliúin (go dtí 3 ionad de dheachúlacha) Nuair is infheidhme, léirítear leis na figiúir suim ranníocaíocht an Aontais leis an ngníomhaireacht agus ioncam eile na gníomhaireachta (táillí agus muirir).

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Bliain 
2028-2034

IOMLÁN

Baill foirne shealadacha (Gráid AD)

0.171

0.342

0.342

2.394

3.249

Baill foirne shealadacha (gráid AST)

Baill foirne ar conradh

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

0.171

0.342

0.342

2.394

3.249

Is forléargas táscach é an tionchar ar an mbuiséad i ndiaidh CAI reatha, gan dochar do Chomhaontú CAI amach anseo.

Riachtanais foirne (FTE):

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Bliain 
2028-2034

IOMLÁN

Baill foirne shealadacha (Gráid AD)

2

2

2

2

2

Baill foirne shealadacha (gráid AST)

Baill foirne ar conradh

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

2

2

2

2

2

Is forléargas táscach é an tionchar ar an mbuiséad i ndiaidh CAI reatha, gan dochar do Chomhaontú CAI amach anseo.

‑Tosóidh EMSA ag ullmhú na earcaíochta a luaithe a ghlacfar an togra. Meastar na costais bunaithe ar an toimhde go nearcófar an 2 FTE amhail an 1 Iúil 2025. Mar sin ní theastaíonn ach 50 % de na costais AD don chéad bhliain.

3.2.3.2.Na riachtanais acmhainní daonna a mheastar a bheidh ag an máthair-Ard-Stiúrthóireacht

–☑    Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

–◻    Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí 1 aonad de dheachúlacha ar a mhéad)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 agus 20 01 02 02 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 45

20 02 01 (AC, END, INT ón 'imchlúdach iomlánaíoch')

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

Líne bhuiséid/línte buiséid (sonraigh)  46

- sa Cheanncheathrú 47  

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (CA, INT, SNE – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ath-úsáideadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach

Pearsanra seachtrach

Ba cheart tuairisc ar ríomh an chostais i gcomhair FTE (coibhéis lánaimseartha) a bheith ar áireamh i roinn 3 d'Iarscríbhinn V.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

–☑    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

–☑    Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Éileofar leis cúraimí a leithdháilfear ar EMSA athchlárú na líne buiséid don ranníocaíocht bhliantúil leis an nGníomhaireacht (02 10 02) faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha. Déanfar an méadú ar leithreasuithe le haghaidh EMSA a fhritháireamh le laghdú cúiteach ar chaiteachas cláraithe faoi Iompar CEF (02 03 01) faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha. Is forléargas táscach é an tionchar ar an mbuiséad i ndiaidh CAI reatha, gan dochar do Chomhaontú CAI amach anseo.

–◻    Teastaíonn ón togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 48 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

–Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

–☑    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

–◻    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam eile

 má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Líne bhuiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Teideal an togra/tionscnaimh 49

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a ndéanfar difear dóibh.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1)    IO L 131, 28.5.2009, lgh. 132-135
(2)    Síníodh UNCLOS in 1982. Dhaingnigh an tAontas Eorpach é in 1984. https://www.un.org/Depts/los/convention_agreements/texts/unclos/UNCLOS-TOC.htm
(3)    Cé go bhfuil an dlínse ag an mbratach náisiúnta agus gurb í a dhéanann an forfheidhmiú ar bord, déanann an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (www.imo.org) na rialacha agus na rialacháin a fhorbairt ar leibhéal idirnáisiúnta. Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe é IMO; tá gach Ballstát de chuid an Aontais ina bhall de IMO. Ní comhalta é an tAontas Eorpach ach tá stádas breathnóra ag an gCoimisiún mar Eagraíocht Idir-Rialtasach (EIR) i measc a lán dreamanna eile dá leithéid.
(4)    I measc na rialacha idirnáisiúnta tá, mar shampla, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS 74), an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (MARPOL 73/78), Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire (STCW), an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Ualachlínte, 1966, an Coinbhinsiún ar na Rialacháin Idirnáisiúnta chun Imbhualadh ar Muir a Chosc, 1972 (COLREG 72) etc. Déanann gníomhaireacht eile de chuid na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), rialacha a bhaineann le dálaí oibre agus maireachtála ar bord long a fhógairt.
(5)    Nuair a thagraítear don ‘tsábháilteacht’, cuimsítear leis sin an tsábháilteacht, an tslándáil agus cosc an truaillithe go ginearálta.
(6)    Na deimhnithe ábhartha go léir arna n‑eisiúint ag an Stát brataí le haghaidh chineálacha na long a bheith ag long sula n‑oibreofar í.
(7)    Is é is ‘Stát brataí’ do shoitheach an dlínse a bhfuil an soitheach cláraithe faoina dlíthe, eadhon is é sin náisiúntacht an tsoithigh. Sonraítear in UNCLOS nach féidir le long ach bratach amháin de chuid Stáit a chur ar foluain agus go bhfuil sí faoi réir dhlínse eisiach an Stáit brataí sin a bhfuil an fhreagracht aige as a hiompar agus as comhlíonadh na gceanglas sábháilteachta agus cosanta comhshaoil aici.
(8)    IO L 131, 28.5.2009, lch. 114
(9)    Mar a cheanglaítear leis an gCóras Comhchuibhithe um Shuirbhéireacht agus Deimhniú (HSSC, Rún IMOA.1140 (31), 2019)
(10)    Is le deimhnithe sábháilteachta reachtúla den sórt sin amháin is féidir árachas a fháil don long; gan árachas ní bhíonn an long in ann seoladh de ghnáth.
(11)    Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 agus Treoir 2009/15/CE
(12)    IO C 466, 7.12.2022, lch. 24–24
(13)    Mar sin féin, níl aon chumhachtaí forfheidhmiúcháin ag IMO.
(14)    Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe na Stát brataí maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006 (IO L 329, 10.12.2013, lch. 1–4)
(15)    Arna bhunú le Treoir 2002/59/CE
(16)    Treoir (AE) 2017/2110 an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017).
(17)    IO L 131, 28.5.2009, lch 57
(18)    IO L 131, 28.5.2009, lch 114
(19)    Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11) agus Treoir 2009/15/CE maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 47)
(20)    Treoir 2002/59/CE lena mbunaítear córas Comhphobail faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10)
(21)    IO L 208, 5.8.2002, lch 1
(22)    Treoir (AE) 2017/2110 maidir le córas cigireachtaí d'oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta (IO L 315, 30.11.2017, lch. 61).
(23)    Is inniúlacht eisiach go foirmiúil agus go dlíthiúil de chuid an Aontais é an t‑ábhar mar a aithnítear i gCinneadh 2013/268/AE ón gComhairle, ina leagtar amach seasamh an Aontais a raibh na Ballstáit in IMO le cloí leis tráth (in 2013) a comhaontaíodh iniúchadh Chód III agus IMO.
(24)    SWD (2018) 232 final
(25)    SWD (2018) 228 final
(26)    Tugann EMSA cuairteanna den sórt sin faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí mar chuid dá phríomhchúraimí; dá bhrí sin, ní mheastar go dtiocfaidh aon chostais bhreise chun cinn.
(27)    IO C , , p. .
(28)    IO C , , p. .
(29)    Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na prionsabail bhunúsacha a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí san earnáil iompair mhuirí agus lena leasaítear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle agus Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 28.5.2009, lch. 114).
(30)    Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas Comhphobail faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002. 10).
(31)    Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).
(32)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(33)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lgh. 13).
(34)    Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú stáit ar chalafoirt (athmhúnlú) (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).
(35)    Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas Comhphobail faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002. 10).
(36)    Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).
(37)    Rialachán (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … [Rialachán EMSA]
(38)    Mar a thagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(39)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget‑implementation/Pages/implementation‑methods.aspx
(40)    Difreáilte = Leithreasuithe difreáilte / Neamhdhifreáilte = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(41)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(42)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha ó na Balcáin Thiar.
(43)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(44)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(45)    Baill foirne ar conradh AL = Ball Foirne Áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(46)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(47)    Le haghaidh Chistí Bheartas Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Mhuirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) go príomha.
(48)    Féach Airteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2093/2020 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027.
(49)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,1.6.2023

COM(2023) 272 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Treoir 2009/21/CE maidir le ceanglais Stát brataí a chomhlíonadh

{SEC(2023) 210 final} - {SWD(2023) 165 final} - {SWD(2023) 166 final}


IARSCRÍBHINN

'IARSCRÍBHINN

Rún A.1070(28)

(arna ghlacadh an 4 Nollaig 2013)

CÓD CUR CHUN FEIDHME IONSTRAIMÍ IMO (CÓD III)

CUID 1 – LIMISTÉIR CHOMHCHOITEANNA

Cuspóir

1.Is é is cuspóir don Chód seo feabhas a chur ar an tsábháilteacht mhuirí dhomhanda agus ar chosaint
na muirthimpeallachta ar fud an domhain agus cúnamh a thabhairt do Stáit maidir le hionstraimí na hEagraíochta a chur chun feidhme.

2.Féachfaidh Stáit éagsúla ar an gCód seo de réir a gcúinsí féin agus níor cheart go mbeadh siad
faoi cheangal ach maidir leis na hionstraimí sin a chur chun feidhme ina bhfuil siad
ina Rialtais nó ina bPáirtithe Conarthacha. De bhua na tíreolaíochta agus na himthosca, d'fhéadfadh ról níos mó a bheith ag roinnt Stát
Stát brataí ná mar atá acu mar Stát an chalafoirt nó mar Stát cósta, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh
ról níos mó ag cinn eile mar Stát cósta nó mar Stát an chalafoirt ná mar atá acu mar Stát brataí.

Straitéis

3.    Chun cuspóir an Chóid seo a bhaint amach, moltar do Stát:

.1 straitéis fhoriomlán a fhorbairt lena áiritheofar go gcomhlíonfar a chuid oibleagáidí agus freagrachtaí idirnáisiúnta mar Stát brataí, mar Stát an chalafoirt agus mar Stát cósta;

.2 trí modheolaíocht a bhunú chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chinntí na straitéise, áiritheofar go ndéanfar ionstraimí idirnáisiúnta éigeantacha ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach; agus

.3 athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an straitéis chun feidhmíocht agus cumas foriomlán na heagraíochta mar Stát brataí, mar Stát an chalafoirt agus mar Stát cósta a bhaint amach, a choinneáil ar bun agus a fheabhsú.

Faisnéis Ghinearálta

4.Faoi fhorálacha ginearálta dhlí na gconarthaí agus choinbhinsiúin IMO, ba cheart go mbeadh Stáit
freagrach as dlíthe agus rialacháin a fhógairt agus as gach beart eile a dhéanamh a d'fhéadfadh
a bheith riachtanach chun éifeacht iomlán iomlán a thabhairt do na hionstraimí sin chun sábháilteacht daoine ar muir
agus cosaint na muirthimpeallachta a áirithiú.

5.Agus bearta á nglacadh acu maidir le truailliú na muirthimpeallachta a chosc, a laghdú agus a rialú,
ba cheart do Stáit beart a dhéanamh ionas nach n‑aistreofar, go díreach nó go hindíreach, damáiste ná guaiseacha
ó limistéar amháin go limistéar eile nó cineál amháin truaillithe a athrú go ceann eile truaillithe.

Raon feidhme

6.Féachtear leis an gCód le dul i ngleic leis na gnéithe sin is gá a bheith ag Rialtas nó Páirtí Conarthach
chun éifeacht iomlán a thabhairt d'fhorálacha na n‑ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme
a bhfuil sé ina Rialtas nó ina Pháirtí Conarthach iontu, a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

1. sábháilteacht daoine ar muir;

.2 truailliú ó longa a chosc;

.3 caighdeáin oiliúna, deimhniúchán agus faire do mharaithe;

.4 ualachlínte;

.5 tonnáiste long a thomhas; agus

.6 na rialacháin chun imbhualadh ar muir a chosc.

7.Ba cheart na réimsí seo a leanas a mheas agus aghaidh a thabhairt orthu i bhforbairt
beartas, reachtaíochta, rialacha agus rialachán gaolmhara agus nósanna imeachta riaracháin chun
go ndéanfaidh an Stát na hoibleagáidí agus na freagrachtaí sin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú:

.1 dlínse;

.2 eagraíocht agus údarás;

.3 reachtaíocht, rialacha agus rialacháin;

‑
.4 fógairt na nionstraimí, rialacha agus rialacháin idirnáisiúnta éigeantacha is infheidhme;

.5 socruithe forfheidhmiúcháin;

.6 feidhmeanna rialaithe, suirbhé, cigireachta, iniúchta, fíoraithe, formheasta agus deimhnithe ;

.7 roghnú, aitheantas, údarú, cumhachtú agus faireachán eagraíochtaí aitheanta, de réir mar is iomchuí, agus suirbhéirí ainmnithe;

.8 na himscrúduithe is gá a thuairisciú don Eagraíocht; agus

9. tuairisciú don Eagraíocht agus do Riaracháin eile.

Gníomhaíochtaí tosaigh

8.Nuair a thagann ionstraim nua nó leasaithe de chuid na hEagraíochta i bhfeidhm
do Stát, ba cheart do Rialtas an Stáit sin a bheith ábalta a fhorálacha a chur chun feidhme agus
a fhorfheidhmiú trí reachtaíocht náisiúnta iomchuí agus chun an an struchtúr
cur chun feidhme agus bonneagair is gá a sholáthar. Ciallaíonn sé sin gur cheart go mbeadh an méid seo a leanas
ag Rialtas an Stáit sin:




.1 an cumas chun dlíthe a fhógairt, a cheadaíonn dlínse agus rialú éifeachtach i gcúrsaí riaracháin, teicniúla agus sóisialta maidir le longa a bhfuil a bhratach ar foluain acu, agus go háirithe, an bunús dlí a sholáthar do cheanglais ghinearálta le haghaidh clárlann, cigireacht long, dlíthe sábháilteachta agus coiscthe truaillithe a bhfuil feidhm acu maidir le longa den sórt sin agus rialacháin ghaolmhara a dhéanamh;

.2 bunús dlí chun a dhlíthe agus a rialacháin náisiúnta a fhorfheidhmiú
lena
n‑áirítear na próisis imscrúdaitheacha agus na próisis le haghaidh pionós; agus

.3 pearsanra leordhóthanach a bhfuil saineolas muirí acu a bheith ar fáil chun cuidiú leis
na dlíthe náisiúnta riachtanacha a fhógairt agus freagrachtaí uile an Stáit a chomlíonadh,

lena
n‑áirítear tuairisciú de réir mar a éilíonn na
coinbhinsiúin faoi seach.

Faisnéis a chur in iúl

9.Ba cheart don Stát a straitéis, dá dtagraítear i mír 3, a chur in iúl, lena n‑áirítear
faisnéis ar a reachtaíocht náisiúnta do gach duine lena mbaineann.

Taifid

10.Ba chóir taifid, de réir mar is cuí, a bhunú agus a choinneáil chun fianaise a sholáthar
maidir le comhréireacht leis na ceanglais agus maidir le hoibriú éifeachtach an Stáit. Ba chóir go mbeadh taifid
inléite, inaitheanta go héasca agus in‑aisghabhála i gcónaí. Ba cheart nós imeachta doiciméadaithe a leagan síos
chun na rialuithe is gá a shainiú maidir le sainaithint, stóráil, cosaint, aisghabháil,
am coinneála agus diúscairt na dtaifead.

Ba cheart feabhas

11.Ba cheart do na Ballstáit feabhas leanúnach a chur ar leordhóthanacht na mbeart a dhéantar chun
éifeacht a thabhairt do na coinbhinsiúin agus na prótacail sin ar ghlac siad leo. Ba cheart feabhas
a dhéanamh trí chur i bhfeidhm agus forfheidhmiú dian agus éifeachtach na
reachtaíochta náisiúnta, i gcás inarb iomchuí, agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh.

12.Ba cheart don Stát cultúr a spreagadh ina dtugtar deiseanna le haghaidh feabhais
ar fheidhmíocht i ngníomhaíochtaí sábháilteachta muirí agus i ngníomhaíochtaí cosanta comhshaoil, lena n‑áirítear, inter alia:

.1 cláir oiliúna leanúnacha a bhaineann le sábháilteacht agus cosc truaillithe;

.2 druileanna réigiúnacha agus náisiúnta ar shábháilteacht agus ar chosc ar thruailliú, agus speictream leathan eagraíochtaí, cuideachtaí agus maraithe náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí muirí páirteach iontu; agus

.3 sásraí luach saothair agus dreasachta a úsáid do chuideachtaí loingseoireachta agus do mharaithe maidir le sábháilteacht agus cosc truaillithe a fheabhsú.

13.Ina theannta sin, ba cheart don Stát beart a dhéanamh chun cúis aon cheann de na
neamhchomhréireachtaí a shainaithint agus a dhíchur chun atarlú a chosc, lena n‑áirítear:

.1 athbhreithniú agus anailís a dhéanamh ar neamhchomhréireachtaí;

.2 an beart ceartaitheach is gá a chur chun feidhme; agus

.3 athbhreithniú ar an mbeart ceartaitheach a rinneadh.

14.Ba cheart don Stát cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta is gá a chun na cúiseanna le
neamhchomhréireachtaí féidir a dhíchur chun nach dtarlódh siad.

CUID 2 - STÁIT BHRATAÍ

15.Ionas go mbeidh siad ábalta a bhfreagrachtaí agus a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart do na stáit bhrataí an méid seo a leanas a dhéanamh:

.1 beartais a chur chun feidhme trí reachtaíocht agus treoir náisiúnta a eisiúint, a chuideoidh le cur chun feidhme agus forfheidhmiú cheanglais na gcoinbhinsiún agus na bprótacal uile um chosc ar shábháilteacht agus ar thruailliú a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu; agus

.2 freagrachtaí a shannadh laistigh dá Riaracháin chun aon bheartais ábhartha a glacadh a nuashonrú agus a athbhreithniú, de réir mar is gá.

16.Ba cheart do Stát brataí acmhainní agus próisis a bhunú lena mbeifear ábalta clár sábháilteachta agus cosanta comhshaoil a riar, agus ba cheart an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheith i gceist leis an gclár sin:

‑‑.1 treoracha riaracháin chun na rialacha agus na rialacháin idirnáisiúnta is infheidhme a chur chun feidhme chomh maith le haon rialacháin náisiúnta léirmhínitheacha a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil a fhorbairt agus a scaipeadh, lena náirítear deimhnithe arna neisiúint ag cumann aicmiúcháin a aithníonn an Stát brataí i gcomhréir le forálacha Rialachán solas XI -1/1, agus ar deimhniú é a cheanglaíonn an Stát brataí lena thaispeáint go gcomhlíontar ceanglais struchtúracha, mheicniúla, leictreacha agus/nó eile de chuid coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil an Stát brataí ina pháirtí ann nó go gcomhlíontar ceanglas rialacháin náisiúnta an Stáit brataí;

‑.2 comhlíonadh cheanglais na nionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme, agus úsáid á baint as clár iniúchóireachta agus cigireachta, neamhspleách ar aon chomhlachtaí riaracháin a eisíonn na deimhnithe riachtanacha agus ar aon doiciméadacht ábhartha agus/nó ar aon eintiteas atá tarmligthe ag an Stát chun na deimhnithe riachtanacha agus na doiciméid ábhartha a eisiúint;

.3 comhlíonadh na gceanglas a bhaineann le caighdeáin idirnáisiúnta oiliúna, deimhniúchán agus faire do mharaithe. Áirítear leis sin, inter alia, na nithe seo a leanas:

.1 oiliúint, measúnú inniúlachta agus deimhniú maraithe;

.2 deimhnithe agus formhuinithe ar a léirítear go cruinn inniúlachtaí na maraithe, ag baint úsáid as an téarmaíocht iomchuí chomh maith le téarmaí atá comhionann leis na cinn a úsáidtear in aon doiciméad um fhoirniú sábháilte a eisítear don long;

3. imscrúdú neamhchlaonta a dhéanfar ar aon teip arna tuairisciú, cibé acu trí ghníomh nó neamhghníomh a d'fhéadfadh a bheith ina bhagairt dhíreach ar shábháilteacht daoine nó maoine ar muir nó ar an muirthimpeallacht a dhéanann sealbhóirí deimhnithe nó formhuinithe arna n‑eisiúint ag an Stát;

.4 socruithe chun deimhnithe nó formhuinithe arna n‑eisiúint ag an Stát a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal nuair atá údar leis sin agus nuair is gá sin chun calaois a chosc; agus

.5 socruithe riaracháin, lena n‑áirítear na socruithe sin a bhaineann le gníomhaíochtaí oiliúna, measúnaithe agus deimhniúcháin a dhéantar faoi réim Stáit eile, ar socruithe iad a fhágann go nglacann an Stát brataí a fhreagracht as inniúlacht máistrí, oifigeach agus maraithe eile atá ag obair ar longa atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain a áirithiú;

.4 seoladh imscrúduithe ar thaismigh agus láimhseáil leormhaith agus thráthúil cásanna a bhaineann le longa ag a bhfuil easnaimh shainaitheanta; agus

.5 forbairt, doiciméadú agus soláthar treorach maidir leis na ceanglais sin a fhaightear sna hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha a bheidh chun sástacht an Riaracháin.

17.    Ba cheart do Stát brataí a áirithiú go bhfuil foireann leordhóthanach agus éifeachtúil ag longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain, agus bearta ábhartha agus bearta atá ann cheana á gcur san áireamh, amhail na Prionsabail maidir le Foirniú Sábháilte arna nglacadh ag an Eagraíocht.

Údarás a tharmligean

18.Maidir le longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain agus maidir leo sin amháin, ba cheart do Stát brataí a thugann an t‑údarú d'eagraíocht aitheanta gníomhú thar a cheann, agus na suirbhéanna, na cigireachtaí agus na hiniúchtaí á ndéanamh, deimhnithe agus doiciméid a eisiúint, longa a mharcáil agus obair reachtúil eile a dhéanamh a cheanglaítear faoi choinbhinsiúin na hEagraíochta nó faoina reachtaíocht náisiúnta, an t‑údarú/na húdaruithe sin a rialáil i gcomhréir le ceanglais infheidhme na n‑ionstraimí idirnáisiúnta éigeantacha:

.1 a chinneadh go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an eagraíocht aitheanta i gcomhthéacs cumais theicniúla, bhainistíochta agus taighde chun na cúraimí atá á sannadh di a chur i gcrích, i gcomhréir leis na caighdeáin is gá d'eagraíochtaí aitheanta atá ag gníomhú thar ceann an lucht riaracháin agus atá leagtha amach in ionstraimí ábhartha na hEagraíochta;

.2 comhaontú foirmiúil i scríbhinn a bheith mar bhonn leis idir an Riarachán agus an eagraíocht aitheanta lena n‑áirítear, ar a laghad, na heilimintí a leagthar amach in ionstraimí ábhartha na hEagraíochta, nó i socruithe dlíthiúla coibhéiseacha, agus a d'fhéadfadh a bheith bunaithe ar an gcomhaontú samplach maidir le húdarú eagraíochtaí aitheanta a ghníomhaíonn thar ceann an Riaracháin;

.3 treoracha sonracha a eisiúint ina sonrófar na gníomhaíochtaí a bheidh le leanúint i gcás ina bhfaighfear go bhfuil long mí-oiriúnach chun dul ar muir gan damáiste a dhéanamh don long nó do na daoine, nó ina bhfaightear go bhfuil baol míréasúnta ann go ndéanfar díobháil don mhuirthimpeallacht;

.4 na hionstraimí dlí náisiúnta go léir is iomchuí agus na léirmhínithe orthu lena dtugtar éifeacht d'fhorálacha na gcoinbhinsiún a sholáthar don eagraíocht aitheanta agus a shonrú, maidir lena gcur i bhfeidm ar longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain amháin, an dtéann aon chaighdeáin bhreise de chuid an Riaracháin thar cheanglais an choinbhinsiúin ar bhealach ar bith; agus

.5 a cheangal go gcoimeádfaidh an eagraíocht aitheanta taifid ina soláthrófar sonraí don Riarachán chun cuidiú leis na ceanglais atá sna hionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme a léirmhíniú.

19.Níor cheart d'aon Stát brataí sainordú a thabhairt dá eagraíochtaí aitheanta aon cheanglas a bhaineann lena rialacha maidir le haicmiú, lena gceanglais, lena nósanna imeachta nó le feidhmiú próiseas deimhniúcháin reachtúil eile, a chur i bhfeidhm ar longa, seachas na longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain, thar cheanglais an choinbhinsiúin agus thar ionstraimí éigeantacha na hEagraíochta.

20.Ba cheart don Stát brataí clár maoirseachta a bhunú nó páirt a ghlacadh ann le hacmhainní leordhóthanacha chun faireachán a dhéanamh ar a eagraíocht nó a eagraíochtaí aitheanta nó cumarsáid a dhéanamh leo lena áirithiú go gcomhlíonfar a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta go hiomlán, trí:

.1 a údarás a fheidhmiú maidir le suirbhéanna forlíontacha a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfaidh longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain ceanglais na n‑ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme go héifeachtach;

.2 suirbhéanna forlíontacha a dhéanamh de réir mar is iomchuí leis lena áirithiú go gcomhlíonfaidh longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain na ceanglais náisiúnta, lena bhforlíontar na ceanglais idirnáisiúnta éigeantacha; agus

Foireann a sholáthar a bhfuil eolas maith acu ar rialacha agus ar rialacháin an Stáit brataí agus ar rialacha agus rialacháin na n‑eagraíochtaí aitheanta agus atá ar fáil chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na heagraíochtaí aitheanta.

21.Ba cheart do shuirbhéir(í) atá ainmnithe ag Stát brataí chun suirbhéanna, iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh thar a cheann na hainmniúcháin sin a rialáil, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis an treoir dá bhforáiltear i mír 18, go háirithe fomhíreanna .3 agus .4.

Forfheidhmiú

22.Ba cheart do Stát brataí gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfaidh longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain agus eintitis agus daoine atá faoina dhlínse rialacha agus caighdeáin idirnáisiúnta ionas go n‑áiritheofar go gcomhlíonfar a oibleagáidí idirnáisiúnta. Ba cheart, inter alia, an méid seo a leanas a áireamh ar bhearta den sórt sin:

.1 cosc a chur sheoladh na loinge atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain go dtí go bhféadfaidh na longa sin dul ar muir i gcomhréir le ceanglais rialacha agus caighdeán idirnáisiúnta;

.2 an chigireacht thréimhsiúil ar longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain lena fhíorú bail iarbhír na loinge agus a foireann i gcomhréir leis na deimhnithe a iompraítear uirthi;

.3. áiritheoidh an suirbhéir, le linn na cigireachta tréimhsiúla dá dtagraítear i bhfomhír 2, go mbeidh eolas ag na maraithe a shanntar do na longa ar na nithe seo a leanas:

.1 a ndualgais shonracha; agus

.2 socruithe, suiteálacha, trealamh agus nósanna imeachta loinge;

4. a áirithiú gur féidir le líon foirne na loinge, ina iomláine, gníomhaíochtaí a chomhordú go héifeachtach i gcás éigeandála agus i gcomhlíonadh feidhmeanna atá ríthábhachtach don tsábháilteacht nó chun truailliú a chosc nó a mhaolú;

.5 foráil a dhéanamh i ndlíthe agus i rialacháin náisiúnta maidir le pionóis a bhfuil déine leordhóthanach ag baint leo chun sárú ar rialacha agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta a dhéanann longa atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain a dhíspreagadh;

.6 imeachtaí a thionscnamh, i ndiaidh imscrúdú a sheoladh, i gcoinne longa atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain, a rinne sárú ar rialacha agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta, gan beann ar an áit ar tharla an sárú;

.7 foráil a dhéanamh i ndlíthe agus i rialacháin náisiúnta maidir le pionóis a bhfuil déine leordhóthanach ag baint leo chun sáruithe ar rialacha agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta a dhéanann daoine aonair chuig a n‑eisítear deimhnithe nó formhuinithe faoina údarás a dhíspreagadh; agus

.8 imeachtaí a thionscnamh, i ndiaidh imscrúdú a sheoladh, i gcoinne daoine aonair a bhfuil deimhnithe nó formhuinithe acu a rinne sárú ar rialacha agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta, gan beann ar an áit ar tharla an sárú.

23.Ba cheart do Stát brataí clár rialaithe agus faireacháin a fhorbairt agus a chur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

.1 foráil a dhéanamh maidir le himscrúduithe prasa cuimsitheacha ar thaismigh, agus tuairisciú don Eagraíocht de réir mar is cuí;

.2 foráil a dhéanamh maidir le sonraí staidrimh a bhailiú, ionas gur féidir anailísí treochta a dhéanamh chun réimsí lena mbaineann fadhbanna a shainaithint; agus

.3 foráil a dhéanamh maidir le freagairt thráthúil ar easnaimh agus ar theagmhais líomhnaithe truaillithe arna dtuairisciú ag calafoirt nó ag Stáit chósta.

24.Chomh maith leis sin, ba cheart don Stát brataí:

.1 a áirithiú go gcomhlíonfar na hionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme tríd an reachtaíocht náisiúnta;

.2 líon iomchuí pearsanra cáilithe a sholáthar chun an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear i bhfomhír 15.1 a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear pearsanra chun imscrúduithe agus suirbhéanna a dhéanamh;

.3 a dhóthain pearsanra cáilithe de chuid an Stáit brataí a sholáthar chun imscrúdú a dhéanamh ar theagmhais i gcás ina bhfuil longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain faoi choinneáil ag Stáit an chalafoirt;

.4 a dhóthain pearsanra cáilithe de chuid an Stáit brataí a sholáthar chun imscrúdú a dhéanamh ar theagmhais i gcás ina gceistíonn Stáit an chalafoirt bailíocht deimhnithe nó formhuinithe nó inniúlachta daoine aonair a bhfuil deimhnithe nó formhuinithe acu a eisíodh faoina údarás; agus

.5 oiliúint agus maoirseacht ar ghníomhaíochtaí suirbhéirí agus imscrúdaitheoirí an Stáit brataí a áirithiú.

25.Nuair a chuirtear in iúl do Stát brataí gur chuir Stát an chalafoirt long atá i dteideal a bratach a chur ar foluain faoi choinneáil, ba cheart don Stát brataí a mhaoirsiú go ndéanfar bearta ceartaitheacha iomchuí chun an long atá i gceist a chur i gcomhréir leis na hionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme láithreach bonn.

26.Níor cheart do Stát brataí, nó d'eagraíocht aitheanta a ghníomhaíonn thar a cheann, deimhniú idirnáisiúnta a eisiúint nó a fhormhuiniú ar long go dtí go gcinnfidh sé go gcomhlíonann an long na ceanglais uile is infheidhme.

27.Níor cheart do Stát brataí deimhniú idirnáisiúnta inniúlachta nó formhuinithe a eisiúint do dhuine go dtí go gcinnfidh sé go gcomhlíonann an duine na ceanglais uile is infheidhme.

Suirbhéirí Stáit brataí

28.Ba cheart don Stát brataí freagrachtaí, údarás agus idirchaidreamh gach pearsanra a bhainistíonn, a dhéanann agus a fhíoraíonn obair a bhaineann le sábháilteacht agus cosc truaillithe agus a dhéanann difear dóibh a shainiú agus a dhoiciméadú.

29.Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith ag pearsanra atá freagrach as suirbhéanna, cigireachtaí agus iniúchtaí a dhéanamh ar longa agus ar chuideachtaí a chumhdaítear leis na hionstraimí idirnáisiúnta éigeantacha ábhartha:

.1 cáilíochtaí iomchuí ó institiúid mhuirí agus taithí mharaíochta ábhartha mar oifigeach loinge deimhnithe ag a bhfuil nó ag a raibh deimhniú inniúlachta ar leibhéal bainistíochta bailí agus a bhfuil a n‑eolas teicniúil ar longa agus ar a n‑oibriú fós acu ó fuair siad a ndeimhniú inniúlachta; nó

.2 céim nó a coibhéis ó fhoras treasach laistigh de réimse ábhartha innealtóireachta nó eolaíochta atá aitheanta ag an Stát brataí; nó

.3 creidiúnú mar shuirbhéir trí chlár oiliúna foirmiúil as a ngnóthaítear an caighdeán céanna taithí agus inniúlachta suirbhéara agus a cheanglaítear i míreanna 29.1, 29.2 agus 32.

30.Ba cheart gur oibrigh pearsanra atá cáilithe faoi mhír 29.1 ar feadh tréimhse nach lú ná trí bliana ar muir mar oifigeach i roinn na deice nó an innill.

31.Ba cheart gur oibrigh pearsanra atá cáilithe faoi mhír 29.2 i gcáil ábhartha ar feadh trí bliana ar a laghad.

32.Sa bhreis air sin, ba cheart eolas praiticiúil agus teoiriciúil iomchuí a bheith ag an bpearsanra sin faoi longa, faoi oibriú long agus faoi fhorálacha na n‑ionstraimí ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta is gá chun a ndualgais mar shuirbhéirí Stáit brataí arna bhfail trí chláir oiliúna dhoiciméadaithe a chomhlíonadh.

33.Ba cheart go mbeadh oideachas, oiliúint agus maoirseacht atá comhréireach leis na cúraimí a údaraítear dóibh a chomhlíonadh ag pearsanra eile a chuidíonn le hobair den sórt sin a dhéanamh.

34.Moltar taithí ábhartha roimh ré i réimse an tsaineolais a chur san áireamh mar bhuntáiste; i gcás nach bhfuil aon taithí roimh ré acu, ba cheart don Riarachán oiliúint allamuigh iomchuí a sholáthar.

35.Ba cheart don Stát brataí córas doiciméadaithe a chur chun feidhme maidir le pearsanra a cháiliú agus maidir leis an eolas atá acu a nuashonrú ar bhonn leanúnach de réir mar is iomchuí maidir leis na cúraimí a údaraítear dóibh a dhéanamh.

36.Ag brath ar an bhfeidhm nó ar na feidhmeanna atá le comhlíonadh, ba cheart go gcuimseofaí leis na cáilíochtaí:

.1 eolas ar rialacha agus rialacháin is infheidhme, idirnáisiúnta agus náisiúnta araon, maidir le longa, a gcuideachtaí, a gcriú, a lasta agus a n‑oibriú;

.2 eolas ar na nósanna imeachta a chuirfear i bhfeidhm maidir le feidhmeanna suirbhéireachta, deimhniúcháin, rialaithe, imscrúdaitheacha agus maoirseachta;

.3 tuiscint ar spriocanna agus ar chuspóirí na n‑ionstraimí idirnáisiúnta agus náisiúnta lena ndéileáiltear le sábháilteacht mhuirí agus cosaint na muirthimpeallachta, agus ar chuspóirí na gclár gaolmhar;

.4 tuiscint ar na próisis ar bord agus ar tír araon, na cinn inmheánacha chomh maith leis na cinn sheachtracha;

(a) an inniúlacht ghairmiúil is gá chun na cúraimí sin a chur i gcrích go héifeachtach agus go héifeachtúil;

.6 feasacht sábháilteachta iomlán i ngach cás, chomh maith le sábháilteacht an duine féin; agus

7. oiliúint nó taithí ar na cúraimí éagsúla a bheidh le déanamh agus ar na feidhmeanna a bheidh le measúnú más féidir.

37.Ba cheart don Stát brataí doiciméad aitheantais a eisiúint chuig an suirbhéir chun é a iompar agus a thascanna á gcomhlíonadh aige.

Imscrúduithe Stáit brataí

38.Ba cheart d'imscrúdaitheoirí neamhchlaonta agus oibiachtúla imscrúduithe sábháilteachta muirí a dhéanamh agus ba cheart go mbeadh na cáilíochtaí cuí acu agus go mbeadh siad eolach faoi ábhair a bhaineann leis an taismeach. Faoi réir aon chomhaontaithe ar a mbeidh an Stát nó na Stáit ina Stát nó ina Stáit imscrúdaithe sábháilteachta muirí, ba cheart don Stát brataí imscrúdaitheoirí cáilithe a sholáthar chun na críche sin, gan beann ar shuíomh an taismigh nó an teagmhais.

39.Moltar don Stát brataí a áirithiú go bhfuil eolas oibre agus taithí phraiticiúil ag imscrúdaitheoirí aonair sna réimsí ábhair sin a bhaineann lena ngnáthdhualgais. Chomh maith leis sin, chun cuidiú le himscrúdaitheoirí aonair dualgais a chomhlíonadh lasmuigh dá ngnáth-thascanna, moltar don Stát brataí a áirithiú go mbeidh ar shaineolas sna réimsí seo a leanas, de réir mar is gá:

.1 loingseoireacht agus na Rialacháin maidir le hImbhualadh;

.2 rialacháin na Stát brataí maidir le deimhnithe inniúlachta;

.3 cúiseanna an truaillithe mhuirí;

.4 modhanna agallaimh;

.5 fianaise a bhailiú; agus

.6 meastóireacht ar éifeachtaí na heiliminte daonna.

40.Moltar go ndéanfar imscrúdú ar aon timpiste a bhaineann le díobháil phearsanta lena dteastaíonn bheith as láthair ó dhualgas ar feadh trí lá nó níos mó agus ar aon bhásanna de dheasca timpistí agus taismigh cheirde do longa de chuid an Bhratstáit, agus torthaí na n‑imscrúduithe sin a chur ar fáil go poiblí.

41.Ba cheart taismigh loinge a imscrúdú agus a thuairisciú de réir na n‑ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha, agus an Cód um Imscrúdú Taismí, de réir arna leasú, agus treoirlínte arna bhforbairt ag an Eagraíocht á gcur san áireamh. Ba cheart an tuairisc ar an imscrúdú a chur ar aghaidh chuig an Eagraíocht mar aon le barúlacha an Stáit brataí, de réir na dtreoirlínte dá dtagraítear thuas.

Meastóireacht agus athbhreithniú

42.Ba cheart do Stát brataí, ar bhonn tréimhsiúil, meastóireacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht i ndáil le cur chun feidhme na bpróiseas riaracháin, na nósanna imeachta riaracháin agus na n‑acmhainní riaracháin is gá chun a oibleagáidí a chomhlíonadh de réir mar a cheanglaítear leis na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil sé ina pháirtí iontu.

43.Ba cheart a áireamh ar bhearta chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht Stáit brataí, inter alia, rátaí coinneála rialaithe Stáit an chalafoirt, torthaí cigireachta Stát brataí, staidreamh maidir le taismigh, próisis chumarsáide agus faisnéise, staidreamh bliantúil maidir le caillteanas (gan lánchaillteanais inchiallaithe (CTLanna) a áireamh) agus táscairí feidhmíochta eile de réir mar is iomchuí, lena chinneadh an leor an soláthar foirne, na hacmhainní agus na nósanna imeachta riaracháin chun a oibleagáidí Stáit brataí a chomhlíonadh.

44.Féadfar an méid seo a leanas, inter alia, a áireamh ar na réimsí a mholtar le haghaidh athbhreithniú rialta:

.1 caillteanas cabhlaigh agus cóimheasa timpistí chun treochtaí a shainaithint thar thréimhsí ama roghnaithe;

.2 líon na gcásanna fíoraithe long atá faoi choinneáil i ndáil le méid an chabhlaigh;

.3 líon na gcásanna fíoraithe neamhinniúlachta nó éagóra ag daoine aonair ag a bhfuil deimhnithe nó formhuinithe a eisíodh faoi údarás an Stáit brataí;

.4 freagairtí ar thuarascálacha nó idirghabhálacha easnaimh Stát an chalafoirt;

.5 imscrúduithe ar thaismigh an‑tromchúiseach agus thromchúiseacha agus ceachtanna a foghlaimíodh uathu;

.6 acmhainní teicniúla agus acmhainní eile a gealladh;

torthaí cigireachtaí, suirbhéanna agus rialuithe ar na longa sa chabhlach;

.8 timpistí ceirde a imscrúdú;

líon na dteagmhas agus na sáruithe a tharlaíonn faoi na rialacháin idirnáisiúnta is infheidhme maidir le truailliú muirí a chosc; agus

.10 líon na ndeimhnithe, na bhformhuinithe, na bhformheasanna nó na ndeimhnithe comhchosúla arna gcur ar fionraí nó arna n‑aistarraingt.'

·