An Bhruiséil,23.5.2023

COM(2023) 263 final

2023/0159(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2283 lena n‑osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá gá le taraif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí nach leor a dtáirgeacht san Aontas chun freastal ar riachtanais thionscal an úsáideora san Aontas ar feadh tréimhse chuóta áirithe. Ba cheart taraif-chuótaí an Aontais a oscailt ag rátaí nialasacha dleachta nó ag rátaí laghdaithe dleachta le haghaidh méideanna iomchuí, gan na margaí le haghaidh táirgí den sórt sin a shuaitheadh.

An 20 Nollaig 2021 ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Rialachán (AE) 2021/2283 1 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena ndéantar foráil maidir leis an mbainistiú sin chun go bhféadfaí freastal ar éileamh an Aontais le haghaidh na dtáirgí i gceist faoi na coinníollacha is fabhraí.

Déantar an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta gach sé mhí chun freastal ar riachtanais thionscal an Aontais.

Tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún, le cúnamh ó Ghrúpa na gCeisteanna Taraife Eacnamaíocha, ar gach iarraidh ó na Ballstáit ar dhleachtanna ar tharaif-chuótaí uathrialaitheacha.

Tar éis an athbhreithnithe sin, measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt le taraif-chuótaí uathrialaitheacha a oscailt i gcás táirgí nua áirithe, ar táirgí iad nach liostaítear faoi láthair san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2283 ón gComhairle. Táirgí a bhfuil taraif-chuóta ag gabháil leo nach bhfuil chun leas eacnamaíoch an Aontais a thuilleadh, ba cheart iad a aistarraingt.

Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, moltar leagan comhdhlúite den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2283 ón gComhairle a fhoilsiú, iarscríbhinn a chuirfear in ionad na hIarscríbhinne roimhe sin ina hiomláine.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Níl tionchar ag an togra seo ar thíortha a bhfuil comhaontú um thrádáil fhabhrach acu leis an Aontas ná ar thíortha is iarrthóirí nó ar iarrthóirí ionchasacha i ndáil le comhaontuithe fabhracha leis an Aontas (e.g. Córas Ginearálaithe um Fhabhair; córas trádála an Ghrúpa de Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin; Comhaontuithe Saorthrádála).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra i gcomhréir le beartais an Aontais maidir leis an talmhaíocht, an trádáil, an fhiontraíocht, an fhorbairt, an comhshaol agus an caidreamh seachtrach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 31 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. Mar a shonraítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le fionraíochtaí taraife uathrialaitheacha agus taraif-chuótaí uathrialaitheacha, tá na bearta atá beartaithe i gcomhréir leis na prionsabail maidir le nósanna imeachta a shimpliú le haghaidh oibreoirí atá i mbun trádáil eachtrach 2 . Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a shaothraítear a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

An rogha ionstraime

De bhua Airteagal 31 de CFAE, ‘Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, dleachtanna na Comhtharaife Custaim a shocrú’. Dá bhrí sin, Rialachán ón gComhairle an ionstraim iomchuí sa chás seo.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Bhí an scéim um tharaif-chuótaí uathrialaitheacha ina cuid de staidéar meastóireachta maidir le fionraíochtaí taraife uathrialaitheacha 3 a rinneadh in 2013.

Is amhlaidh atá toisc go bhfuil an dá bheart comhchosúil le chéile, ach amháin go gcuirtear teorainn le méideanna allmhairí mar gheall ar tharaif-chuótaí uathrialaitheacha, agus go gceadaítear le fionraíochtaí taraife uathrialaitheacha tarscaoileadh iomlán nó páirteach na ngnáthdhleachtanna is infheidhme maidir le hearraí áirithe a allmhairítear isteach san Aontas ar chainníocht neamhtheoranta. Ba é ba chonclúid don mheastóireacht go bhfuil an bhunréasúnaíocht atá ann i leith na scéime fós bailí. An coigilteas costais le haghaidh ghnólachtaí an Aontais a allmhairíonn earraí faoin scéim, d’fhéadfadh sé a bheith mór. Ar an mbonn céanna, d’fhéadfadh tairbhí níos ginearálta a bheith leis na coigiltis sin, de réir an táirge, na cuideachta agus na hearnála, amhail borradh a chur faoin iomaíochas, modhanna táirgthe a dhéanamh níos éifeachtúla agus poist a chruthú nó a choimeád san Aontas. Is féidir teacht ar na mionsonraí maidir le coigiltis an rialacháin seo i bpointe 4 agus sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis seo.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Grúpa na gCeisteanna Taraife Eacnamaíocha, grúpa atá comhdhéanta de thoscaireachtaí ó gach Ballstát agus ón Tuirc, thug sé cúnamh don Choimisiún chun an togra seo a ullmhú.

Rinne Grúpa na gCeisteanna Taraife Eacnamaíocha measúnú cúramach ar gach iarraidh (iarraidh nua nó iarraidh le haghaidh leasaithe). Rinne sé scrúdú faoi leith ar gach cás chun a áirithiú nach raibh aon dochar á dhéanamh do tháirgeoirí an Aontais agus go raibh iomaíochas táirgthe an Aontais á neartú agus á dhaingniú mar gheall air. Is trí bhíthin plé a rinne baill Ghrúpa na gCeisteanna Taraife Eacnamaíocha an measúnú, agus chuaigh na Ballstáit i gcomhairle leis na tionscail, leis na comhlachais, leis na comhlachais tráchtála agus leis na páirtithe leasmhara rannpháirteacha eile lena mbaineann.

Na taraif-chuótaí uile a liostaítear, socraíodh iad ar bhonn comhaontuithe nó comhréitithe a baineadh amach le linn plé a rinneadh ag Grúpa na gCeisteanna Taraife Eacnamaíocha. Níor sainaithníodh aon riosca tromchúiseach a d’fhéadfadh a bheith ann a mbeadh iarmhairtí do-athraithe aige.

Measúnú tionchair

Is leasú de chineál teicniúil amháin é an leasú atá beartaithe, agus ní bhaineann sé ach le cumhdach na dtaraif-chuótaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2021/2283. Ní dhearnadh measúnú tionchair toisc nach bhfuil coinne leis go mbeidh tionchar suntasach ag na hathruithe atá beartaithe a dhéanamh ar an liosta táirgí a thairbheodh de chuótaí uathrialaitheacha na ndleachtanna Comhtharaife Custaim.

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt ag an togra ar chearta bhunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra seo ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam. Is fiú thart ar EUR 2 726 000 in aghaidh na bliana na dleachtanna custaim neamhbhailithe. Is fiú EUR 2 004 500 in aghaidh na bliana an éifeacht ar acmhainní dílse traidisiúnta an bhuiséid (i.e. 75 % den iomlán). Leis an ráiteas airgeadais reachtach, leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe impleachtaí buiséadacha an togra.

Is trí bhíthin Ollioncam Náisiúnta (OIN) na mBallstát, agus é bunaithe ar ranníocaíochtaí acmhainní dílse, a chúiteofar caillteanas ioncaim in acmhainní dílse traidisiúnta.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Na bearta atá beartaithe, tá siad á mbainistiú laistigh de chreat Tharaif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh ‘TARIC’ (tá siad comhtháite in TARIC agus á mbainistiú ag bunachar sonraí QUOTA) agus tá siad á gcur i bhfeidhm ag riaracháin chustaim na mBallstát.

2023/0159 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2283 lena n‑osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chun soláthar leordhóthanach gan bhriseadh a áirithiú i gcás táirgí áirithe talmhaíochta agus tionsclaíocha nach dtáirgtear cainníocht leordhóthanach díobh san Aontas agus, dá bhrí sin, chun aon suaitheadh sa mhargadh le haghaidh na dtáirgí sin a sheachaint, osclaíodh taraif-chuótaí uathrialaitheacha le Rialachán (AE) 2021/2283 ón gComhairle 4 . Laistigh de na taraif-chuótaí sin, féadfar táirgí a allmhairiú isteach san Aontas ag rátaí laghdaithe dleachta nó ag rátaí nialasacha dleachta.

(2)Ó tharla gur chun leas an Aontais é soláthar leordhóthanach táirgí tionsclaíocha áirithe a áirithiú agus ós rud é nach ndéantar cainníochtaí leordhóthanacha de tháirgí comhionanna, coibhéiseacha ná ionadacha a tháirgeadh laistigh den Aontas, is gá taraif-chuótaí uathrialaitheacha nua a oscailt agus na huimhreacha ordaithe 09.2561, 09.2562 agus 09.2857 acu ag rátaí nialasacha dleachta le haghaidh cainníochtaí iomchuí na dtáirgí sin.

(3)Ós rud é nach chun leas an Aontais a thuilleadh na taraif-chuótaí a bhfuil na sraithuimhreacha 09.2581 agus 09.2672 ag gabháil leo a choinneáil ar bun, ba cheart iad a dhúnadh.

(4)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/2283 a leasú dá réir.

(5)Chun nach gcuirfear isteach ar chur i bhfeidhm scéim na dtaraif-chuótaí, agus chun na treoirlínte sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2011 maidir le fionraíochtaí agus cuótaí taraifí uathrialaitheacha 5 a chomhlíonadh, ba cheart na hathruithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le taraif-chuótaí le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2023. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2283.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.AINM AN TOGRA:

Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2021/2283 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

2.LÍNTE BUISÉID:

Caibidil agus Airteagal: Caibidil 12, Airteagal 120

An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana 2023: 21 590 300 000

3.TIONCHAR AIRGEADAIS

   Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra

X Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag togra seo ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam – is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:

(EUR milliúin go dtí an chéad ionad deachúlach)

Líne bhuiséid

Ioncam

Tréimhse 6 mhí dar tús ll/mm/bbbb

[Bliain: an dara leath de 2023]

Airteagal 120

Tionchar ar acmhainní dílse

01/07/2023

-2

Tá táirge nua amháin san iarscríbhinn. Na dleachtanna neamhbhailithe a chomhfhreagraíonn do na taraif-chuótaí sin, arna ríomh ar bhonn réamh-mheastacháin an Bhallstáit iarrthaigh le haghaidh 2023, is fiú EUR 2 726 000 in aghaidh na bliana iad.

Ar bhonn a bhfuil thuas, meastar gurb é EUR 2 726 000 (an t-ollmhéid, lena n‑áirítear costais bhailithe) x 0,75 = EUR 2 004 500 in aghaidh na bliana (glanmhéid) an tionchar diúltach a bheidh ar ioncam le haghaidh bhuiséad an Aontais a eascróidh as an Rialachán seo.

4.BEARTA FRITHCHALAOISE

Déanfar seiceálacha ar úsáid deiridh roinnt de na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Thairis sin, déanfaidh na Ballstáit aon rialú custaim a mheasann siad a bheith iomchuí de réir a gcuid bainistíochta riosca, dá bhforáiltear le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh.°952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais.

(1)    IO L 458, 22.12.2021, lch. 33
(2)    IO C 363, 13.12.2011, lch. 6
(3)    https://taxation-customs.ec.europa.eu/system/files/2016-09/evaluation_suspensions_duties.pdf
(4)    Rialachán (AE) 2021/2283 ón gComhairle an 20 Nollaig 2021 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 (IO L 458, 22.12.2021, lch. 33).
(5)    IO C 363, 13.12.2011, lch. 6.

An Bhruiséil,23.5.2023

COM(2023) 263 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2283 lena n osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin














IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN

Sraithuimhir

Cód AC

TARIC

Tuairisc

Tréimhse an chuóta

Méid an chuóta

Dleacht an chuóta (%)

09.2849

ex 0710 80 69

10

Beacáin den speiceas Auricularia polytricha (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalbhruith nó trína mbruith), iad reoite, le haghaidh monarú béilí réamhullmhaithe

(1)(2)

1.1.-31.12.

700 t

0 %

09.2664

ex 2008 60 39

30

Silíní milse a bhfuil biotáille bhreise curtha leo, ina bhfuil cion siúcra is mó ná 9 % de réir meáchain, nach bhfuil níos mó ná 19,9 mm ar trastomhas, ina bhfuil an chloch, agus a bhfuiltear lena n-úsáid i dtáirgí seacláide

(1)

1.1.-31.12.

1 000 t

10 %

09.2925

ex 2309 90 31

ex 2309 90 31

ex 2309 90 96

ex 2309 90 96

41

49

41

49

Breiseán beathaithe, arb é atá ann ar bhonn meáchan tirim:

cion 68 % nó níos mó, ach nach mó ná 80 %, de shulfáit L-lísín, agus

cion nach mó ná 32 % de chomhpháirteanna eile amhail carbaihiodráití agus aimínaigéid eile

1.1.-31.12.

100 000 t

0 %

09.2913

ex 2401 10 35

ex 2401 10 70

ex 2401 10 95

ex 2401 10 95

ex 2401 10 95

ex 2401 20 35

ex 2401 20 70

ex 2401 20 95

ex 2401 20 95

ex 2401 20 95

91

10

11

21

91

91

10

11

21

91

Tobac nádúrtha neamh-mhonaraithe, bíodh sé gearrtha de réir gnáthmhéide nó ná bíodh, ag a bhfuil luach custaim nach lú ná EUR 450 in aghaidh an 100 kg de ghlanmheáchan, a bhfuiltear lena úsáid mar cheanglóir nó mar chumhdach i monarú táirgí atá faoi fho-cheannteideal 2402 10 00

(1)

1.1.-31.12.

3 000 t

0 %

09.2828

2712 20 90

Céir phairifín ina bhfuil cion is lú ná 0,75 % d’ola de réir meáchain

1.1.-31.12.

140 000 t

0 %

09.2600

ex 2712 90 39

10

Céir ola (CAS RN 64742-61-6)

1.1.-31.12.

100 000 t

0 %

09.2578

ex 2811 19 80

50

Aigéad sulfaimídeach (CAS RN 5329-14-6) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó, de réir meáchain, bíodh méid nach mó ná 5 % den oibreán frithstolptha dé-ocsaíd sileacain (CAS RN 112926-00-8) curtha leis nó ná bíodh

1.1.-31.12.

27 000 t

0 %

09.2928

ex 2811 22 00

40

Líonach silice i bhfoirm gráinníní ag a bhfuil íonacht dé-ocsaíde sileacain 97 % nó níos mó, de réir meáchain

1.1.-31.12.

1 700 t

0 %

09.2806

ex 2825 90 40

30

Trí-ocsaíd tungstain, lena n-áirítear ocsaíd ghorm tungstain (CAS RN 1314-35-8 nó CAS RN 39318-18-8)

1.1.-31.12.

12 000 t

0 %

09.2819

ex 2833 25 00

30

Sulfáit hiodrocsaíde chopair (Cu4(OH)6(SO4)), hiodráit (CAS RN 12527-76-3) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

1.1.-31.12.

240 000 kg

0 %

09.2872

ex 2833 29 80

40

Sulfáit chaeisiam (CAS RN 10294-54-9) i bhfoirm sholadach nó ina tuaslagán uiscí ina bhfuil cion 48 % nó níos mó ach nach mó ná 52 % de shulfáit chaeisiam

1.1.-31.12.

400 t

0 %

09.2567

ex 2903 22 00

10

Tríchlóireitiléin (CAS RN 79-01-6) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

1.1.-31.12.

11 885 000 kg

0 %

09.2837

ex 2903 79 30

20

Brómaclóraimeatán (CAS RN 74-97-5)

1.1.-31.12.

600 t

0 %

09.2933

ex 2903 99 80

30

1,3-Déchlóraibeinséin (CAS RN 541-73-1)

1.1.-31.12.

2 600 t

0 %

09.2700

ex 2905 12 00

10

Própán-1-ól (alcól próipile) (CAS RN 71-23-8)

1.1.-31.12.

15 000 t

0 %

09.2830

ex 2906 19 00

40

Cioglapróipilmeatanól (CAS RN 2516-33-8)

1.1.-31.12.

20 t

0 %

09.2851

ex 2907 12 00

10

O-créasól (CAS RN 95-48-7) ag a bhfuil íonacht nach lú ná 98,5 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

20 000 t

0 %

09.2704

ex 2909 49 80

20

2,2,2',2'-Teitricis(hiodrocsaimeitiol)-3,3'-ocsaidhéphrópán-1-ól (CAS RN 126-58-9)

1.1.-31.12.

500 t

0 %

09.2565

ex 2914 19 90

70

Aicéitiolaicéatónáit chailciam (CAS RN 19372-44-2) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain

1.1.-31.12.

400 t

0 %

09.2852

ex 2914 29 00

60

Céatón meitile cioglapróipile (CAS RN 765-43-5)

1.1.-31.12.

300 t

0 %

09.2638

ex 2915 21 00

10

Aigéad aicéiteach (CAS RN 64-19-7) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó, de réir meáchain

1.1.-31.12.

1 000 000 t

0 %

09.2679

2915 32 00

Aicéatáit vinile (CAS RN 108-05-4)

1.1.-31.12.

450 000 t

0 %

09.2728

ex 2915 90 70

85

Trífhluaraicéatáit eitile (CAS RN 383-63-1)

1.1.-31.12.

400 t

0 %

09.2665

ex 2916 19 95

30

(E,E)-heicsi-2,4-dé-eanóáit photaisiam (CAS RN 24634-61-5)

1.1.-31.12.

8 250 t

0 %

09.2684

ex 2916 39 90

28

Clóiríd 2,5-démheitilfeiniolaicéitile (CAS RN 55312-97-5)

1.1.-31.12.

700 t

0 %

09.2599

ex 2917 11 00

40

Ocsaláit dé-eitile (CAS RN 95-92-1)

1.1.-31.12.

500 t

0 %

09.2769

ex 2917 13 90

10

Seabacáit dé-mheitile (CAS RN 106-79-6)

1.1.-31.12.

1 000 t

0 %

09.2634

ex 2917 19 80

40

Aigéad dóideacáindé-óch (CAS RN 693-23-2) ar mó ná 98,5 % a íonacht de réir meáchain

1.1.-31.12.

8 000 t

0 %

09.2808

ex 2918 22 00

10

Aigéad O-aicéitiolsalaicileach (CAS RN 50-78-2)

1.1.-31.12.

120 t

0 %

09.2646

ex 2918 29 00

75

3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit ochtaideicile (CAS RN 2082-79-3):

ar mó ná 99 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 500 μm leithead an mhogaill ann, agus

a bhfuil a leáphointe 49 °C nó níos mó, ach nach mó ná 54 °C,

a bhfuiltear lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC

(1)

1.1.-31.12.

380 t

0 %

09.2647

ex 2918 29 00

80

Teitricis(3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit) peinteiritríotóil (CAS RN 6683-19-8):

ar mó ná 75 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 250 μm leithead an mhogaill ann, agus ar mó ná 99 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 500 μm leithead an mhogaill ann, agus

ag a bhfuil a leáphointe 110 °C nó níos mó, ach nach mó ná 125 °C,

a bhfuiltear lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC

(1)

1.1.-31.12.

140 t

0 %

09.2975

ex 2918 30 00

10

Dé-ainhidríd bheinseafeanóin-3,3’,4,4’-teitreacarbocsaileach (CAS RN 2421-28-5)

1.1.-31.12.

1 000 t

0 %

09.2598

ex 2921 19 99

75

Ochtaideiciolaimín (CAS RN 124-30-1)

1.1.-31.12.

400 t

0 %

09.2649

ex 2921 29 00

60

Bios(2-démheitiolaimíneitil)(meitiol)aimín (CAS RN 3030-47-5)

1.1.-31.12.

1 700 t

0 %

09.2682

ex 2921 41 00

10

Anailín (CAS RN 62-53-3) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó, de réir meáchain

1.1.-31.12.

220 000 t

0 %

09.2617

ex 2921 42 00

89

4-Fluara-N-(1-meitileitil)beinséanaimín (CAS RN 70441-63-3)

1.1.-31.12.

500 t

0 %

09.2602

ex 2921 51 19

10

O-feiniléindé-aimín (CAS RN 95-54-5)

1.1.-31.12.

1 800 t

0 %

09.2921

ex 2922 19 00

22

Aicrioláit 2-(démheitiolaimínea)eitile (CAS RN 2439-35-2) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

1.1.-31.12.

14 000 t

0 %

09.2563

ex 2922 41 00

20

Hidreaclóiríd L-lisín (CAS RN 657-27-2) nó tuaslagán uiscí L-lisín (CAS RN 56-87-1), ina bhfuil cion L-lisín 50 % nó níos mó de réir meáchain

1.1.-31.12.

300 000 t

0 %

09.2575

ex 2923 90 00

87

Clóiríd 3-clóra-2-hiodrocsapróipil)trímheitiolamóiniam (CAS RN 3327-22-8), i bhfoirm tuaslagáin uiscí ina bhfuil cion 65 % nó níos mó ach nach mó ná 71 % de chlóiríd 3-clóra-2-hiodrocsapróipil)trímheitiolamóiniam de réir meáchain

1.1.-31.12.

12 000 t

0 %

09.2922

ex 2923 90 00

88

Tuaslagán uiscí ina bhfuil, de réir meáchain, cion 78 % nó níos mó ach nach mó ná 82 % de chlóiríd [2-(aicriolóilocsa)eitile]trímheitiolamóiniam (CAS RN 44992-01-0)

1.1.-31.12.

10 000 t

0 %

09.2854

ex 2924 19 00

85

Búitiolcarbamáit 3-iadapróp-2-in-1-ile (CAS RN 55406-53-6)

1.1.-31.12.

450 t

0 %

09.2874

ex 2924 29 70

87

Paraicéiteamól (ANI) (CAS RN 103-90-2)

1.1.-31.12.

20 000 t

0 %

09.2742

ex 2926 10 00

10

Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), a bhfuiltear lena húsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 55 agus faoi cheannteideal 6815

(1)

1.1.-31.12.

60 000 t

0 %

09.2583

ex 2926 10 00

30

Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), a bhfuiltear lena húsáid i monarú earraí atá faoi cheannteidil 2921, 2924, 3903, 3906, 3908, 3911 agus 4002

(1)

1.1.-31.12.

40 000 t

0 %

09.2856

ex 2926 90 70

84

2-Nítri-4-(trífhluaraimeitil)beinsinítríl (CAS RN 778-94-9)

1.1.-31.12.

900 t

0 %

09.2685

ex 2929 90 00

30

Nítreaguainidín (CAS RN 556-88-7)

1.1.-31.12.

6 500 t

0 %

09.2597

ex 2930 90 98

94

Bis[3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]déshuilfíd (CAS RN 56706-10-6)

1.1.-31.12.

6 000 t

0 %

09.2596

ex 2930 90 98

96

Aigéad beansóch 2-clóra-4-(meitiolsulfóinil)-3-((2,2,2-trífhluarafluaireatocsa)meitile) (CAS RN 120100-77-8)

1.1.-31.12.

300 t

0 %

09.2580

ex 2931 90 00

75

Heicsideiciltrímheatocsaisiolán (CAS RN 16415-12-6) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain a bhfuiltear lena úsáid i monarú poileitiléine

(1)

1.1.-31.12.

165 t

0 %

09.2842

2932 12 00

2-Fúraildéad (fúrfúraildéad)

1.1.-31.12.

10 000 t

0 %

09.2696

ex 2932 20 90

25

Deacán-5-óilíd (CAS RN 705-86-2)

1.1.-31.12.

6 000 kg

0 %

09.2697

ex 2932 20 90

30

Dóideacán-5-óilíd (CAS RN 713-95-1)

1.1.-31.12.

6 000 kg

0 %

09.2812

ex 2932 20 90

77

Heacsán-6-óilíd (CAS RN 502-44-3)

1.1.-31.12.

4 000 t

0 %

09.2858

2932 93 00

Pipearóinil (CAS RN 120-57-0)

1.1.-31.12.

220 t

0 %

09.2839

ex 2933 39 99

09

2-(2-piridil)eatánól (CAS RN 103-74-2) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

1.1.-31.12.

700 t

0 %

09.2860

ex 2933 69 80

30

1,3,5-Tris[3-(démheitiolaimínea)próipil]heicsihidrea-1,3,5-trí-aisín (CAS RN 15875-13-5)

1.1.-31.12.

600 t

0 %

09.2566

ex 2933 99 80

05

1,4,7,10-Teatrasaiciogladóideacán (CAS RN 294-90-6) ag a bhfuil íonacht 96 % nó níos mó de réir meáchain

1.1.-31.12.

60 t

0 %

09.2658

ex 2933 99 80

73

5-(Aicéataicéitiolaimínea)beinsimíodasólón (CAS RN 26576-46-5)

1.1.-31.12.

400 t

0 %

09.2593

ex 2934 99 90

67

Aigéad 5-clóraitiaiféin-2-carbocsaileach (CAS RN 24065-33-6)

1.1.-31.12.

45 000 kg

0 %

09.2675

ex 2935 90 90

79

Clóiríd 4-[[(2-meatocsaibeansóil)aimínea]sulfóinil]beansóile (CAS RN 816431-72-8)

1.1.-31.12.

1 000 t

0 %

09.2945

ex 2940 00 00

20

D-Xiolós (CAS RN 58-86-6)

1.1.-31.12.

400 t

0 %

09.2686

ex 3204 11 00

75

Dathán C.I. Disperse Yellow 54 (CAS RN 7576-65-0) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ina bhfuil cion 99 % nó níos mó den dathán C.I. Disperse Yellow 54 de réir meáchain

1.1.-31.12.

250 t

0 %

09.2676

ex 3204 17 00

14

Ullmhóidí atá bunaithe ar an Dathán C.I. Pigment Red 48:2 (CAS RN 7023-61-2) ina bhfuil cion 60 % nó níos mó ach nach mó ná 85 % den dathán sin de réir meáchain

1.1.-31.12.

50 t

0 %

09.2698

ex 3204 17 00

30

Dathán C.I. Pigment Red 4 (CAS RN 2814-77-9) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ag a bhfuil cion 60 % nó níos mó den dathán C.I. Pigment Red 4 de réir meáchain

1.1.-31.12.

150 t

0 %

09.2659

ex 3802 90 00

19

Cré ionfúsórach arna cailcíniú le flosc sóide

1.1.-31.12.

35 000 t

0 %

09.2908

ex 3804 00 00

10

Ligneasulfáit sóidiam (CAS RN 8061-51-6)

1.1.-31.12.

40 000 t

0 %

09.2889

3805 10 90

Tuirpintín sulfáite

1.1.-31.12.

25 000 t

0 %

09.2935

ex 3806 10 00

10

Roisín agus aigéid róisín ó olaroisíní úra

1.1.-31.12.

280 000 t

0 %

09.2832

ex 3808 92 90

40

Ullmhóid ina bhfuil cion since piritióin (ANI) (CAS RN 13463-41-7) 38 % nó níos mó ach nach mó ná 50 %, de réir meáchain, ina heasrán uiscí

1.1.-31.12.

500 t

0 %

09.2923

ex 3808 94 20

40

Tuaslagán uiscí ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 10,0 % nó níos mó ach nach mó ná 11,3 % de 5-clóra-2-meitil-2H-isitiasóilín-3-ón,

cion 3,0 % nó níos mó ach nach mó ná 4,1 % de 2-meitil-2H-isitiasóilín-3-ón,

tiúchán comhcheangailte isitiasólón (CAS RN 55965-84-9) 13,0 % nó níos mó ach nach mó ná 15,4 %,

cion 18 % nó níos mó, ach nach mó ná 22 %, de níotráití, arna ríomh mar níotráit sóidiam, agus

cion 5 % nó níos mó, ach nach mó ná 8 %, de chlóirídí, arna ríomh mar chlóiríd sóidiam

1.1.-31.12.

3 000 t

0 %

09.2926

ex 3811 21 00

31

Breiseán arb é atá ann go bunúsach:

Aigéad déthiafosfaraidétióáite, eistir mheasctha O,O-bis (iseabúitil agus peintil), salainn since (CAS RN 68457-79-4),

cion 8 % nó níos mó ach nach mó ná 15 % d’ola mhianrach, de réir meáchain,

a bhfuiltear lena úsáid i monarú cumasc de bhreiseáin le haghaidh olaí bealaithe

(1)

1.1.-31.12.

700 t

0 %

09.2876

ex 3811 29 00

57

Breiseáin arb é atá iontu táirgí imoibriúcháin défheiniolaimín agus nóinéiní brainseacha ina bhfuil, de réir meáchain:

cion is mó ná 20 % ach nach mó ná 50 % de 4-monanaoinildéfheiniolaimín, agus

cion is mó ná 50 % ach nach mó ná 80 % de 4,4’-dénaoinildéfheiniolaimín,

céatadán iomlán 2,4-dénaoinildéfheiniolaimín agus 2,4’-dénaoinildéfheiniolaimín nach mó ná 15 % de réir meáchain,

a bhfuiltear lena úsáid i monarú olaí bealaithe

(1)

1.1.-31.12.

900 t

0 %

09.2927

ex 3811 29 00

80

Breiseáin ina bhfuil:

cion is mó ná 70 % de 2,5-bis(treas-naoinildéthia)-[1,3,4]-tiadhé-asól (CAS RN 89347-09-1), de réir meáchain, agus

cion is mó ná 15 % de 5-(treas-naoinildéthia)- 1,3,4-tiadhé-asól-2(3H)-tión (CAS RN 97503-12-3), de réir meáchain,

a bhfuiltear lena n-úsáid chun olaí bealaithe a mhonarú

(1)

1.1.-31.12.

500 t

0 %

09.2814

ex 3815 90 90

76

Catalaíoch arb é atá ann dé-ocsaíd tíotáiniam agus trí-ocsaíd tungstain

1.1.-31.12.

3 000 t

0 %

09.2644

ex 3824 99 92

77

Ullmhóid ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 55 % nó níos mó ach nach mó ná 78 % de ghlútaráit démheitile (CAS RN 1119-40-0),

cion 10 % nó níos mó ach nach mó ná 30 % d’adapáit démheitile (CAS RN 627-93-0), agus

cion nach mó ná 35 % de shucsanáit démheitile (CAS RN 106-65-0)

1.1.-31.12.

10 000 t

0 %

09.2681

ex 3824 99 92

85

Meascán de bhios[3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]suilfídí (CAS RN 211519-85-6)

1.1.-31.12.

9 000 t

0 %

09.2907

ex 3824 99 93

67

Meascán d’fhítistéaróil, i bhfoirm púdair, ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 75 % nó níos mó de stéaróil,

cion nach mó ná 25 % de stanóil,

a bhfuiltear lena úsáid chun stanóil/stéaróil nó eistir stanóil/stéaróil a mhonarú

(1)

1.1.-31.12.

2 500 t

0 %

09.2568

ex 3824 99 96

91

Meascán, i bhfoirm millíní, ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 49 % nó níos mó ach nach mó ná 50 % de pholasuilfídí bios[3-(trí-eatocsaisilil)próipil] (CAS RN 211519-85-6), agus

cion 50 % nó níos mó ach nach mó ná 51 % de dhubh carbóin (CAS RN 1333-86-4),

a rachaidh cion 75 % nó níos mó de, de réir meáchain, trí chriathar ina bhfuil cróite 0,60 mm, ach nach mó ná 10 % an cion de a rachaidh trí chriathar ina bhfuil cróite 0,25 mm (arna chinneadh de réir mhodh ASTM D1511)

1.1.-31.12.

1 500 t

0 %

09.2820

ex 3827 90 00

10

Meascáin ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 60 % nó níos mó ach nach mó ná 90 % de 2-clórapróipéin (CAS RN 557-98-2),

cion 8 % nó níos mó ach nach mó ná 14 % de (Z)-1-clórapróipéin (CAS RN 16136-84-8),

cion 5 % nó níos mó ach nach mó ná 23 % de 2-clóraprópán (CAS RN 75-29-6),

cion nach mó ná 6 % de 3-clórapróipéin (CAS RN 107-05-1), agus

cion nach mó ná 1 % de chlóiríd eitile (CAS RN 75-00-3)

1.1.-31.12.

6 000 t

0 %

09.2671

ex 3905 99 90

81

Pola(bútaral vinile) (CAS RN 63148-65-2):

ina bhfuil cion 17,5 % nó níos mó ach nach mó ná 20 % de ghrúpaí hiodrocsaile, de réir meáchain, agus

ar mó ná 0,6 mm méid airmheánach na gcáithníní (D50) ann

1.1.-31.12.

12 500 t

0 %

09.2846

ex 3907 40 00

25

Cumasc polaiméireach de pholacarbónáit agus polai(meataicrioláit mheitile) ina bhfuil cion polacarbónáite nach lú ná 98,5 % de réir meáchain, i bhfoirm millíní nó gráinníní, agus tarchuras solais nach lú ná 88,5 % arna thomhas le sampla tástála dar tiús 4 mm ag tonnfhad λ = 400 nm (de réir ISO 13468-2)

1.1.-31.12.

2 000 t

0 %

09.2585

ex 3907 99 80

70

Comhpholaiméir de phola(teireataláit eitiléine) agus démheatánól cigliheacsáin, ina bhfuil cion is mó ná 10 % de dhémheatánól cigliheacsáin de réir meáchain

1.1.-31.12.

60 000 t

2 %

09.2855

ex 3910 00 00

10

Pola(meitilhidrisiolocsán) leachtach ag a bhfuil grúpaí trímheitilsilile teirminéalacha (CAS RN 63148-57-2) ag a bhfuil íonacht 99,9 % nó níos mó de réir meáchain

1.1.-31.12.

500 t

0 %

09.2931

ex 3911 90 11

10

Pola(ocsa-1,4-feiniléinsulfóinil-1,4-feiniléinocsa-1,4-feiniléiniseapróipiléin-1,4-feiniléin) (CAS RN 25135-51-7 agus CAS RN 25154-01-2), i gceann de na foirmeacha a luaitear i nóta 6(b) a ghabhann leis an gcaibidil seo ina bhfuil cion nach mó ná 20 % de bhreiseáin, de réir meáchain

1.1.-31.12.

6 300 t

0 %

09.2723

ex 3911 90 19

35

Pola(ocsa-1,4-feiniléansulfóinil-1,4-feiniléanocsa-4,4’-défheiniléin) (CAS RN 25608-64-4 agus 25839-81-0) ina bhfuil cion nach mó ná 20 % de bhreiseáin, de réir meáchain

1.1.-31.12.

5 000 t

0 %

09.2816

ex 3912 11 00

20

Calóga aicéatáite ceallalóis

1.1.-31.12.

75 000 t

0 %

09.2561

ex 3912 39 85

60

Hiprimeallós (ANI) (CAS RN 9004-65-3), a bhfuiltear lena úsáid chun forbhianna agus earraí cógaisíochta a mhonarú

(1)

1.7.-31.12.

1 500 t

0 %

09.2573

ex 3913 10 00

20

Ailgionáit sóidiam a úscadh as feamainn rua (CAS RN 9005-38-3), ag a bhfuil

caillteanas ar thriomú di nach mó ná 15 % de réir meáchain (4 uair an chloig ag 105 °C),

codán dothuaslagtha in uisce nach mó ná 2 % de réir meáchain, agus é sin arna thomhas de réir an mheáchain thirim

1.1.-31.12.

2 000 t

0 %

09.2641

ex 3913 90 00

87

Hialúrónáit sóidiam neamhsteiriúil:

nach mó ná 900 000 meánmheáchan a meáchain mhóilínigh (Mw),

nach mó ná 0,008 aonad Iontocsaine (EU)/mg an leibhéal iontocsainí atá inti,

nach mó ná 1 % an cion eatánóil atá inti, de réir meáchain,

nach mó ná 0,5 % an cion iseaprópánóil atá inti, de réir meáchain

1.1.-31.12.

300 kg

0 %

09.2661

ex 3920 51 00

50

Leatháin de pholaimeitilmeataicrioláit atá i gcomhréir leis na caighdeáin:

EN 4364 (MIL-P-5425E) agus DTD5592A, nó

EN 4365 (MIL-P-8184) agus DTD5592A

1.1.-31.12.

100 t

0 %

09.2645

ex 3921 14 00

20

Bloc ceallach de cheallalós athghinte atá tuilithe le huisce ina bhfuil clóiríd mhaignéisiam agus comhdhúile amóiniam cheathartha dar toise 100 cm (± 10 cm) x 100 cm (± 10 cm) x 40 cm (± 5 cm)

1.1.-31.12.

1 700 t

0 %

09.2572

ex 5205 26 00

ex 5205 27 00

10

10

Abhras singil de chádas geal neamhchóirithe

de shnáithíní cíortha,

arb é 36,5 mm nó níos mó meánfhad na snáithíní ann,

a táirgeadh trí phróiseas an tsníomhacháin fáinne le fuineadh, agus le comhbhrú neomatach,

ag a bhfuil láidreacht stróicthe 26,5 cN/tex nó níos mó (de réir ISO 2062:2009, ag luas 5,000 mm/nóiméad)

1.1.-31.12.

50 000 t

0 %

09.2848

ex 5505 10 10

10

Dramhaíl as snáithíní sintéiseacha (lena n-áirítear scothanna, dramhaíl as snáth, agus stoc gairnéadaithe) de níolón nó polaimídí eile (PA6 agus PA66)

1.1.-31.12.

10 000 t

0 %

09.2721

ex 5906 99 90

20

Fabraic theicstíle rubaraithe atá fite lannaithe agus na saintréithe seo a leanas ag baint léi:

trí shraith inti,

fabraic aicrileach atá i sraith sheachtrach amháin,

fabraic phoileistir atá sa tsraith sheachtrach eile,

rubar clórabúitile atá sa tsraith láir,

meáchan 452 g/m2 nó níos mó ach nach mó ná 569 g/m2 sa tsraith láir,

meáchan iomlán 952 g/m2 nó níos mó ach nach mó ná 1159 g/m2 inti, agus

tiús iomlán 0,8 mm nó níos mó ach nach mó ná 4 mm inti,

a bhfuiltear lena húsáid le haghaidh díonta inardaithe mótarfheithiclí a mhonarú

(1)

1.1.-31.12.

375 000 m²

0 %

09.2628

ex 7019 66 00

10

Mogall gloine, fite as snáithín gloine, atá cumhdaithe le plaisteach, arb é 120 g/m2(± 10 g/m2) an meáchan atá ann, de chineál a úsáidtear i sciatha feithidí inchorntha le frámaí seasta

1.1.-31.12.

3 000 000 m²

0 %

09.2652

ex 7409 11 00

ex 7410 11 00

30

40

Scragall agus bandaí copair mhínghlanta arna monarú go leictrealaíoch, dar tiús 0,015 mm nó níos mó

1.1.-31.12.

1 020 t

0 %

09.2662

ex 7410 21 00

55

Plátaí:

arb é atá iontu sraith amháin ar a laghad d’fhabraic snáithín gloine atá tuilithe le roisín eapocsaíde,

atá cumhdaithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh le scragall copair nach bhfuil níos mó ná 0,15 mm ar tiús,

ag a bhfuil tairiseach tréleictreach (DK) is lú ná 5,4 ag 1 MHz arna thomhas de réir IPC-TM-650 2.5.5.2,

ag a bhfuil tadhlaí caillteanais is lú ná 0,035 ag 1 MHz, arna thomhas de réir IPC-TM-650 2.5.5.2,

ag a bhfuil innéacs rianaithe comparáideach 600 nó níos mó

1.1.-31.12.

80 000 m²

0 %

09.2835

ex 7604 29 10

30

Slata cóimhiotail alúmanaim atá 300,1 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 533,4 mm, ar trastomhas

1.1.-31.12.

1 000 t

0 %

09.2736

ex 7607 11 90

ex 7607 11 90

ex 7607 11 90

ex 7607 11 90

75

77

78

79

Stiall nó scragall de chóimhiotal alúmanaim agus maignéisiam:

de chóimhiotal atá i gcomhréir leis na caighdeáin 5182-H19 nó 5052-H19,

ina rollaí ina bhfuil trastomhas seachtrach 1 250 mm ar a laghad agus 1 350 mm ar a mhéad,

atá 0,15 mm, 0,16 mm, 0,18 mm nó 0,20 mm ar tiús (lamháltas - 0,006 mm),

atá 12,5 mm, 15,0 mm, 16,0 mm, 25,0 mm, 35,0 mm, 50,0 mm nó 356 mm ar leithead (lamháltas ± 0,3 mm), 

nach mó ná 0,4 mm/750 mm a lamháltas droinne,

ag a bhfuil tomhas plánachta: aonad I: ± 4,

ar mó ná (5182-H19) 365 MPa nó (5052-H19) 320 MPa an neart teanntachta atá iontu, agus

ar mó nó (5182-H19) 3 % nó (5052-H19) 2,5 % a bhfadú A50,

a bhfuiltear lena úsáid i monarú lataí le haghaidh dallóg

(1)

1.1.-31.12.

600 t

0 %

09.2722

8104 11 00

Maignéisiam neamhshaoirsithe ina bhfuil cion 99,8 % ar a laghad de mhaignéisiam de réir meáchain

1.1.-31.12.

120 000 t

0 %

09.2840

ex 8104 30 00

20

Púdar maignéisiam:

nach lú ná 98 %, ach nach mó ná 99,5 %, a íonacht de réir meáchain, agus

a bhfuil a cháithníní 0,2 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 0,8 mm

1.1.-31.12.

2 000 t

0 %

09.2629

ex 8302 49 00

91

Hanla teileascópach alúmanaim a bhfuiltear lena úsáid chun iompráin bagáiste a mhonarú

(1)

1.1.-31.12.

1 500 000 píosa

0 %

09.2720

ex 8413 91 00

50

Ceann caidéil le haghaidh caidéal ardbhrú dhá shorcóir atá déanta as cruach ghaibhnithe ina bhfuil:

feistithe snáithithe foirbthe atá 10 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 36,8 mm, ar trastomhas, agus

cainéil dhruileáilte bhreosla atá 3,5 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 10 mm, ar trastomhas,

de chineál a úsáidtear i gcórais insteallta díosail

1.1.-31.12.

65 000 píosa

0 %

09.2569

ex 8414 90 00

80

Feireadh rotha turbaluchtaire as cóimhiotal alúmanaim theilgthe nó as iarann teilgthe:

ag a bhfuil teasfhriotaíocht suas go 400 °C,

ina bhfuil poll nach lú ná 30 mm ach nach mó ná 300 mm chun an roth comhbhrúite a chur isteach,

a bhfuiltear lena úsáid sa tionscal mótarfheithiclí

(1)

1.1.-31.12.

4 000 000 píosa

0 %

09.2570

ex 8482 91 90

10

Rollóirí, faoi phróifíl logartamach, atá 25 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 70 mm, ar trastomhas nó meallta atá 30 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 100 mm, ar trastomhas,

déanta as cruach 100Cr6 nó cruach 100CrMnSi6-4 (ISO 3290),

ag a bhfuil diallas 0,5 mm nó níos lú arna chinneadh de réir mhodh FBH

a bhfuiltear lena n-úsáid sa tionscal tuirbíní gaoithe

(1)

1.1.-31.12.

600 000 píosa

0 %

09.2562

ex 8482 99 00

30

Cásanna práis:

ar a bhfuil múnlú leanúnach nó lártheifeach déanta,

ar a bhfuil deileadh déanta,

ina bhfuil cion since 35 % nó níos mó ach nach mó ná 38 %, de réir meáchain,

ina bhfuil cion luaidhe 0,75 % nó níos mó ach nach mó ná 1,25 %, de réir meáchain,

ina bhfuil cion alúmanaim 1,0 % nó níos mó ach nach mó ná 1,4 %, de réir meáchain, agus

ina bhfuil neart teanntachta 415 Pa nó níos mó,

de chineál a úsáidtear chun grán iompair a mhonarú

1.7.-31.12.

275 000 píosa

0 %

09.2857

ex 8482 99 00

60

Fáinní istigh agus fáinní amuigh, iad déanta as cruach, iad gan chruachan agus gan líomhadh, an fáinne amuigh agus rásbhealach inmheánach ann, an fáinne istigh agus rásbhealach taobh amuigh ann, a bhfuil a dtrastomhas seachtrach:

14 mm nó níos mó, ach gan é níos mó ná 77 mm, i gcás an fháinne istigh,

26 mm nó níos mó, ach gan é níos mó ná 101 mm, i gcás an fháinne amuigh,

a bhfuiltear lena n-úsáid chun imthacaí a mhonarú

(1)

1.7.-31.12.

9 700 000 kg

0 %

09.2924

ex 8501 31 00

80

Gníomhróir leictreonach arb é atá ann:

mótar SD ag a bhfuil cumhacht is lú ná 600 W,

lena úsáid le voltas soláthair 12 V go 48 V,

ina bhfuil nasc mótair (ceangal a phlugáiltear isteach),

ina bhfuil braiteoir suímh gan tadhall,

atá ionsuite i bhfeireadh dronuilleogach atá níos lú ná 100 mm ar leithead agus níos lú ná 150 mm ar fad, agus ina bhfuil giar laghdaithe agus luamhán ceangailte de sheafta tiomána an mhótair nó

atá ionsuite i bhfeireadh sorcóireach atá níos lú ná 150 mm ar fad agus ar lú ná 100 mm a thrastomhas, agus a bhfuil ann snáitheanna atá comhtháite i rótar an mhótair le haghaidh gluaiseacht líneach na slaite rialaithe comhtháite

1.1.-31.12.

650 000 píosa

0 %

09.2763

ex 8501 40 20

ex 8501 40 80

65

60

Mótar leictreach SA, aon phas amháin, bíodh cómhalartán ann nó ná bíodh

ag a bhfuil cumhacht aschuir 180 W nó níos mó,

ag a bhfuil cumhacht ionchuir 150 W nó níos mó ach nach mó ná 2 700 W,

arb é 120 mm (± 0,2 mm), ach nach mó ná 135 mm (± 0,2 mm), a thrastomhas seachtrach,

ag a bhfuil luas rátaithe 10 000 isn nó níos mó ach nach mó ná 50 000 isn,

bíodh aerthóir aer-ionduchtúcháin feistithe ann nó ná bíodh,

bíodh gaireas meicniúil (pinniún, scriúnna, nasc giair etc.) ar an seafta nó ná bíodh,

a bhfuiltear lena úsáid chun fearais tí a mhonarú

(1)

1.1.-31.12.

2 000 000 píosa

0 %

09.2574

ex 8537 10 91

73

Gaireas ilfheidhmeach (painéal ionstraimí) ina bhfuil / ar a bhfuil:

taispeáint chuar TFT LCD (dar ga 750 mm) faoi dhromchlaí tadhall-íogaire,

micreaphróiseálaithe agus sliseanna cuimhne,

modúl fuaime agus callaire,

nascóirí le haghaidh CAN, bus LIN x 3, LVDS agus Ethernet,

chun feidhmeanna éagsúla a oibriú (e.g. fonnadh, solas) agus

chun sonraí a thaispeáint a bhaineann le staid na feithicle agus leis an loingseoireacht (e.g. an luas, an t-odaiméadar, leibhéal luchta an bhataire tiomána),

a bhfuiltear lena úsáid chun gluaisteáin paisinéirí faoi chumhachtú mótair leictrigh, agus faoin gcumhachtú sin amháin, atá faoi fho-cheannteideal CC 8703 80 a mhonarú

(1)

1.1.-31.12.

66 900 píosa

0 %

09.2910

ex 8708 99 97

75

Brac taca cóimhiotail alúmanaim ar a bhfuil poill feistiúcháin, bíodh cnónna teannta air nó ná bídís, chun an giarbhosca a cheangal go hindíreach le cabhail an chairr lena úsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 87

(1)

1.1.-31.12.

200 000 píosa

0 %

09.2668

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

21

31

75

Fráma rothair, déanta de shnáithíní carbóin agus roisín saorga, a bhfuiltear lena úsáid chun rothair a mhonarú (lena n-áirítear rothair leictreacha)

(1)

1.1.-31.12.

600 000 píosa

0 %

09.2564

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

25

35

77

Fráma, déanta as alúmanam nó as snáithíní alúmanaim agus carbóin agus roisín saorga, a bhfuiltear lena úsáid i monarú rothar (lena n-áirítear rothair leictreacha)

(1)

1.1.-31.12.

9 600 000 p/st

0 %

09.2579

ex 9029 20 31

ex 9029 90 00

40

40

Painéal ionstraimí braislithe ar a bhfuil / ina bhfuil:

mótair chéimniúcháin,

snáthaidí analóige agus diaileanna,

bíodh clár rialúcháin micreaphróiseálaí ann nó ná bíodh,

bíodh táscairí LED nó taispeáint LCD ann nó ná bíodh,

a thaispeánann an méid seo a leanas, ar a laghad:

an luas,

ráta imrothlaithe an innill,

teocht an innill,

leibhéal an bhreosla,

a dhéanann cumarsáid trí phrótacail CAN-BUS agus/nó K-LINE,

a bhfuiltear lena úsáid chun na hearraí atá faoi Chaibidil 87 a mhonarú

(1)

1.1.-31.12.

160 000 píosa

0 %

(1)

Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

(2)

Maidir le dleachtanna taraife a chur ar fionraí, áfach, níl sin infheidhme i gcás inar gnóthais mhiondíola nó lónadóireachta a dhéanann an phróiseáil.’