An Bhruiséil,17.5.2023

COM(2023) 259 final

2023/0157(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a mhéid a bhaineann le cóireáil taraife shimplithe a thabhairt isteach le haghaidh ciandíolacháin earraí agus Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 a mhéid a bhaineann leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chustaim a dhíchur


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An tionscnamh seo, in éineacht leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais, Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh agus Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 952/2013 (‘athbhreithniú CCA’) 1 agus an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (‘togra CBL’) 2 , is é atá ann cuid d’athchóiriú leathan cuimsitheach ar an Aontas Custaim a ghlac an Coimisiún inniu.

Tá an tAontas Custaim ar cheann de na nithe is luaithe atá bainte amach ag an Aontas agus tá sé bunriachtanach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair. Tá sé bunaithe ar Chomhtharaif Chustaim lena leagtar síos na rátaí dleachtanna custaim atá le cur i bhfeidhm ar allmhairí earraí ó lasmuigh den Aontas agus nósanna imeachta coiteanna d’earraí atá á dtabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó á nglacadh amach aisti. Eascraíonn dleachtanna custaim as beartais tráchtála agus trádála. In éineacht le dleachtanna eile i ndáil le trádáil le tríú tíortha, tagraítear dóibh mar Acmhainní Dílse Traidisiúnta (ADT) arb é atá iontu 11 % de bhuiséad an Aontais le haghaidh 2022. Tá na Ballstáit freagrach as dleachtanna custaim a bhailiú, i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú leis an Rialachán ón gComhairle lena gcuirtear an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse chun feidhme 3 .

Le blianta beaga anuas, tá an tathrú ar phatrúin trádála agus an méadú atá tagtha ar an ríomhthráchtáil ina dhúshlán mór faoi údaráis chustaim. Sa lá atá inniu ann, baineann an ríomhthráchtáil le níos mó ná dhá oiread líon na nidirbheart trádála traidisiúnta le haghaidh díreach 0.5 % den luach 4 . Mar gheall ar an líon ard idirbheart sin ar luach íseal, is deacair d’údaráis chustaim maoirseacht chuí a dhéanamh ar na sreafaí trádála ar líne, agus is deacair ar oibreoirí oibleagáidí tuairiscithe iolracha in aghaidh an bheartáin a chomhlíonadh.

Maidir le beartáin dar luach suas le EUR 150 ar beartáin iad a sheoltar go díreach ó thríú tír chuig coinsíní san Aontas, baintear na dleachtanna custaim díobh 5 . Achtaíodh an díolúine ó dhleacht chustaim d’earraí íseal-luacha in 1983 agus méadaíodh í in 1991 agus in 2008. Go dtí an 1 Iúil 2021, bhí díolúine CBL ann freisin ar earraí allmhairithe ar luach diomaibhseach (ar lú ná EUR 22 an luach atá orthu). Bhí údar leis an dá dhíolúint mar gheall ar an ualach riaracháin díréireach a bhain le dearbhuithe custaim a láimhseáil chun dleachtanna custaim ísle agus CBL a ghearradh ar earraí íseal-luacha.

Mar sin féin, in 2017, nuair a glacadh an pacáiste maidir le CBL le haghaidh ríomhthráchtála, chomhaontaigh na Ballstáit deireadh a chur leis an díolúine CBL d’earraí allmhairithe íseal-luacha chun ioncam cánach na mBallstát a chosaint, chun cothrom iomaíochta a chruthú do na gnólachtaí lena mbaineann agus chun an tualach orthu a íoslaghdú 6 . Foráiltear leis an Treoir freisin d’Ionad Ilfhreastail (IOSS) le haghaidh idirghabhálaithe ríomhthráchtála a dhíolann earraí ó thríú tíortha le tomhaltóirí Eorpacha, rud a fhágann gur féidir leo CBL ar allmhairí a bhailiú tráth an díola seachas é a bhailiú nuair a thagann na hearraí isteach i margadh an Aontais. Chun a sheiceáil ar gearradh CBL tráth an díola nó ar gá é a bhailiú ag an teorainn, ní mór gach beartán a dhearbhú do lucht custaim ar theacht isteach san Aontas dóibh. Dá réir sin, ó bhí mí Iúil 2021 ann, tá gach earra allmhairithe faoi réir CBL agus cumhdaithe ag dearbhú custaim digiteach, lena náirítear le haghaidh earraí a bhfuil luach suas le EUR 150 orthu agus nach bhfuil aon dleachtanna custaim dlite ina leith. De réir na meastóireachta a rinne an Coimisiún 7 ar na rialacha CBL, d’éirigh go maith le deireadh a chur leis an díolúine ó CBL d’allmhairí íseal-luacha. Sna chéad 6 mhí, bhailigh na Ballstáit EUR 1.9 billiún in CBL agus tá sonraí maidir le hidirbhearta ríomhthráchtála ag na húdaráis chánach agus chustaim araon.

Mar gheall ar an difríocht idir cóireáil CBL agus cóireáil custaim earraí ríomhthráchtála, áfach, fágtar go mbíonn an-chastacht sa chóras do na páirtithe lena mbaineann. Mar seo a leanas atá an staid faoi láthair: Tá CBL infheidhme maidir le gach earra, agus tá dleachtanna custaim infheidhme maidir le hearraí ar mó a luach ná EUR 150; Bailítear agus dearbhaítear CBL tráth an díolacháin ag ardáin ar líne ach déantar é a sheiceáil nuair a dhearbhaíonn oibreoirí poist agus mearsheirbhíse na hearraí don lucht custaim.

Thairis sin, in ainneoin go dtuairiscítear gach beartán do lucht custaim ó bhí mí Iúil 2021 ann, is dúshlán fós d’údaráis chustaim é comhlíonadh na gceanglas airgeadais a sheiceáil. Go háirithe, tríd an díolúine ó dhleacht chustaim le haghaidh earraí suas le EUR 150 a choinneáil ar bun, bhí an deis ann mí-úsáid chórasach a bhaint as an tairseach sin trí bhíthin tearcluacháil agus scoilteadh coinsíneachtaí. Tá fianaise ann go bhfuil mí-úsáid den sórt sin ann maidir leis an tairseach EUR 150 trí thearcluacháil agus scoilteadh coinsíneachtaí. Measadh i staidéar a rinne ‘Copenhagen Economics’ in 2016 go ndéantar tearcluacháil ar thart ar 65 % de na coinsíneachtaí ríomhthráchtála i dtéarmaí dleachtanna custaim 8 . Thairis sin, ina tuarascáil speisialta ar nósanna imeachta allmhairiúcháin 9 , tháinig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) ar an gconclúid nach bhfuil na córais imréitigh TF custaim atá ann faoi láthair in ann cosc a chur ar allmhairiú earraí nach bhfuil incháilithe don fhaoiseamh ó dhleacht chustaim, agus nach ndéantar é sin a chúiteamh le rialuithe ex post agus le pleananna imscrúdaithe 10 .

Dá bhrí sin, déantar an iomaíocht a shaobhadh. Tá an díolúine ó dhleacht i bhfabhar oibreoirí ríomhthráchtála tríú tíortha thar an trádáil thraidisiúnta agus miondíoltóirí an Aontais, a chaithfidh dleachtanna custaim a íoc agus iad ag iompórtáil i mbulc, agus spreagann sí bunú ionad dáileacháin ríomhthráchtála lasmuigh den Aontas.

Cuireann an togra seo leis an tuarascáil ón nGrúpa Saoithe maidir leis na Dúshláin atá roimh an Aontas Custaim 11 . Mhol an Grúpa Saoithe, inter alia, deireadh a chur leis an tairseach chustaim EUR 150 le haghaidh ríomhthráchtála toisc, trí bhrú a chur ar onnmhaireoirí chuig an Aontas coinsíneachtaí a roinnt ina bpacáistí níos lú, go soláthraítear leis an tairseach sin na dreasachtaí míchearta i dtéarmaí trádála (iomaíocht éagórach) agus inbhuanaitheacht chomhshaoil (lorg astaíochtaí níos airde).

Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sonrach a bhaineann le hearraí ríomhthráchtála, comhlánaíonn an togra seo an togra maidir le hathbhreithniú CCA a ghlac an Coimisiún inniu trí: 1) deireadh a chur leis an bhfaoiseamh ó dhleacht le haghaidh allmhairiú earraí nach mó a luach ná EUR 150; agus 2) cóireáil taraife shimplithe a thabhairt isteach d’earraí a allmhairítear faoi idirbheart gnólacht le tomhaltóir a cháilíonn mar chiandíolacháin chun críocha CBL. Leis an togra maidir leis an athbhreithniú ar Chód Custaim an Aontais, déantar foráil maidir le a thuilleadh simplithe i ndáil le rangú taraife, luach custaim agus tionscnamh chun an dleacht chustaim le haghaidh earraí a allmhairítear faoi chiandíolacháin a chinneadh. Tá an chóireáil taraife shimplithe le cur i bhfeidhm ar bhonn deonach ag an allmhaireoir (measta). Dá bhrí sin, más mian leis an allmhaireoir (measta) tairbhe a bhaint as rátaí taraife fabhracha trí stádas tionscnaimh na n‑earraí a chruthú nó ó rátaí dleachta uathrialacha traidisiúnta nó is infheidhme, is féidir leis an duine sin é sin a dhéanamh trí na nósanna imeachta caighdeánacha a chur i bhfeidhm.

Tá coinne leis go ndéanfaidh an t‑éascú atá beartaithe i ríomh na dleachta custaim an tionchar a bheadh ag baint na tairsí faoisimh ó dhleacht ar ualach riaracháin na n‑údarás custaim agus na ngnólachtaí a fhritháireamh agus go simpleoidh sé próisis agus nósanna imeachta d’oibreoirí.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tionscnamh seo comhsheasmhach le Plean Gníomhaíochta Custaim 2022 12 agus déanann sé obair leantach air sna cásanna inar shainaithin an Coimisiún roinnt gníomhaíochtaí chun an tAontas Custaim a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile. Dhírigh na gníomhaíochtaí ar cheithre phríomhréimse idirghabhála: bainistiú riosca, ríomhthráchtáil, comhlíonadh, agus an tAontas Custaim ag gníomhú dóibh in éindí. Go háirithe, faoi ghníomh 9, d’fhéach an Coimisiún le scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí na ríomhthráchtála ar bhailiú dleachtanna custaim agus ar chothrom iomaíochta d’oibreoirí an Aontais, lena náirítear socruithe a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bailiú dleachtanna custaim atá ag teacht leis an gcur chuige nua bailithe CBL faoin Ionad Ilfhreastail Allmhairiúcháin (‘IOSS’).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an tionscnamh seo comhsheasmhach leis an togra CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA) 13 , togra a ghlac an Coimisiún an 8 Nollaig 2022 agus atá á phlé faoi láthair sa Chomhairle. Is é is aidhm do thogra ViDA córas CBL an Aontais a nuachóiriú agus a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Is pacáiste fairsing ilghnéitheach athchóirithe é a bhfuil trí phríomhaidhm phríomha aige, agus is é ceann de na príomhaidhmeanna sin feabhas a chur ar an gcoincheap maidir le clárú aonair CBL (SVR) san Aontas. Is é is aidhm don choincheap maidir le clárú aonair CBL (SVR) san Aontas bearta a thabhairt isteach chun na cásanna ina gcaithfidh duine inchánach clárú le haghaidh CBL i níos mó ná Ballstát amháin a laghdú a thuilleadh.

Sa bhreis ar an togra ViDA, is é an tríú gné de phacáiste athchóirithe an Aontais Custaim togra chun an Treoir CBL 14 a leasú d’fhonn deireadh a chur leis an tairseach EUR 150 chun críche dliteanas na ndaoine inchánach lena néascaítear ciandíolacháin earraí agus cur i bhfeidhm na scéime speisialta le haghaidh ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha agus socruithe speisialta maidir le CBL ar allmhairí a dhearbhú agus a íoc. Trí dheireadh a chur leis an tairseach EUR 150 le haghaidh díolúine ó dhleachtanna custaim i gcomhar le baint na tairsí EUR 150 le haghaidh úsáid IOSS, ba cheart go gcuideofaí le cásanna tearcluacháilcháin a mhaolú, agus ioncam na mBallstát a chosaint ar an gcaoi sin.

Tacaíonn an tionscnamh le straitéis fáis inbhuanaithe an Aontais 15 ina dtagraítear do bhailiú cánach níos fearr, laghdú ar chalaois, seachaint agus imghabháil cánach agus don laghdú ar chostais chomhlíontachta do ghnó, do dhaoine aonair, agus do riaracháin chánach. Cuid de chlár oibre inbhuanaitheachta iomaíoch an Aontais freisin is ea córais chánach a fheabhsú ionas go mbeidh gníomhaíocht eacnamaíoch níos inbhuanaithe agus níos cothroime ann.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leasaítear leis an Rialachán seo Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail d’fhaoisimh ó dhleacht chustaim agus Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim.

Tá an dá leasú bunaithe ar Airteagal 31 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Foráiltear leis an Airteagal sin gurb í an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, a shocróidh dleachtanna na Comhtharaife Custaim.

Comhréireacht

Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a chomhlíonadh, go háirithe feidhmiú rianúil an aontais custaim agus an mhargaidh aonair.

Áirithítear comhréireacht ós rud é go gcuireann an tionscnamh seo deireadh leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chun coinsíneachtaí íseal-luacha a allmhairiú isteach san Aontas agus go gcuireann sé cur chuige níos éifeachtaí agus níos simplí chun cinn maidir le dleachtanna custaim a bhailiú i ndáil le hearraí a allmhairítear faoi chiandíolacháin.

An rogha ionstraime

Ceanglaítear leis an togra seo leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail d’fhaoisimh ó dhleacht chustaim (an ‘Rialachán um Fhaoiseamh ar Dhleacht’) agus Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (an ‘Chomhtharaif Chustaim’).

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní dhearna an Coimisiún meastóireacht ex-post ar Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle ná ar Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle.

Mar sin féin, tá torthaí na meastóireachta ex post ar an bpacáiste maidir le CBL le haghaidh ríomhthráchtála ábhartha don togra seo toisc go dtugann siad forléargas ar mhéideanna agus ar luach na n‑allmhairí coinsíneachta íseal-luacha isteach san Aontas. Bhí na sonraí sin go hiomlán dofheicthe ar leibhéal an Aontais sular tháinig an pacáiste maidir le CBL le haghaidh ríomhthráchtála i bhfeidhm an 1 Iúil 2021, toisc gur scaoileadh formhór na mbeartán ar mhargadh an Aontais gan foirmiúlachtaí custaim. Mar sin féin, ós rud é gur chuir an pacáiste maidir le CBL le haghaidh ríomhthráchtála deireadh leis an díolúine ó CBL ar allmhairí le haghaidh na n‑earraí ar lú ná EUR 22 an luach atá orthu, bhí gá leis an gceanglas maidir le dearbhú foirmiúil custaim a thabhairt isteach maidir le gach earra allmhairithe ón dáta sin ar aghaidh chun comhlíonadh oibleagáidí íocaíochta CBL a áirithiú.

Rinne an Coimisiún meastóireacht ex‑post ar na chéad 6 mhí de chur i bhfeidhm an phacáiste maidir le CBL le haghaidh ríomhthráchtála. Tá na torthaí tosaigh an‑dearfach agus is léir leo go bhfuil ag éirí go maith leis na bearta nua. Ó thaobh na n‑allmhairí de, léirítear sna chéad torthaí gur bailíodh thart ar EUR 2 bhilliún de CBL sna chéad 6 mhí go sonrach i ndáil le hallmhairí de choinsíneachtaí íseal-luacha nár mhó ná EUR 150 a luach intreach. As an EUR 2 bhilliún de CBL a bailíodh i ndáil le hallmhairí d’earraí ar luach íseal sna chéad 6 mhí, bailíodh beagnach EUR 1.1 billiún tríd an Ionad Ilfhreastail Allmhairiúcháin.

Cuidíodh freisin le calaois CBL a chomhrac nuair a cuireadh an pacáiste chun feidhme. Léirítear in anailís ar shonraí custaim gur tháinig thart ar 91 % de na hidirbhearta uile a dearbhaíodh le haghaidh allmhairithe isteach san Aontas trí IOSS ó na 8 dtrádálaí is mó a bhí cláraithe le IOSS. Is staidreamh an-spreagúil é seo mar go léiríonn sé an tionchar a bhí ag an bhforáil ‘measa’ nua le haghaidh margaí i dtaca le comhlíonadh, sa mhéid gur leordhóthanach an obair leantach agus an t‑iniúchadh a rinneadh ar an líon an-teoranta sin daoine inchánach chun a áirithiú go mbaileofar CBL ar an gcineál sin idirbhirt.

I bhfianaise rath an phacáiste maidir le CBL le haghaidh ríomhthráchtála, tugtar isteach leis an togra le haghaidh Athchóiriú an Aontais Custaim dliteanais shoiléire d’idirghabhálaithe ríomhthráchtála mar ‘allmhaireoirí measta’ maidir leis na táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha agus a dhíolann siad le tomhaltóirí san Aontas. Beidh allmhaireoirí measta den sórt sin faoi dhliteanas as dleachtanna allmhairithe ar na hearraí sin a bhailiú agus a íoc de réir phrionsabail an Ionaid Ilfhreastail Allmhairithe CBL. Mar thoradh air sin, beidh an iarracht chomhlíonta dírithe níos mó fós ar líon i bhfad níos lú gníomhaithe móra sa mhargadh, arb atá iontu formhór na gciandíolachán earraí allmhairithe isteach san Aontas.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Lorgaíodh ionchur ó pháirtithe leasmhara maidir le hábhar an tionscnaimh seo i gcomhthéacs an staidéir ar ‘Athchóiriú comhtháite agus nuálach ar rialacha an Aontais lena rialaítear idirbhearta ríomhthráchtála ó thríú tíortha ó thaobh custaim agus cánachais de’ a chuir conraitheoir seachtrach ar fáil 16 . Bhí an comhairliúchán ar siúl ón 16 Nollaig 2021 go dtí an 10 Márta 2021 agus bailíodh 69 bhfreagra san iomlán 17 . Chuir oibreoirí eacnamaíocha (gnólachtaí agus eagraíochtaí gnó in éineacht le chéile) an chuid is mó den ionchur ar fáil (33 fhreagra) agus tomhaltóirí (ar an iomlán 26 fhreagra agus ionchur breise ó chomhlachas cosanta tomhaltóirí). Ina theannta sin, thug 19 mBallstát freagra ar an gceistneoir spriocdhírithe.

Léiríodh sa toradh go dtacódh thart ar 65 % de fhreagróirí gnó (lena n‑áirítear ardáin ríomhthráchtála) le baint na tairsí custaim de minimis ar bhonn teoranta ar a laghad, cé nach léiríonn tuairim údaráis chustaim na mBallstát tosaíocht shoiléir idir an tairseach EUR 150 a bhaint nó a mhéadú ina bhfreagraí ar an gceistneoir (agus 44 % de na freagróirí ag tacú le baint na tairsí go méid teoranta, ar a laghad, agus gurbh fhearr le 43 % an méadú ar an tairseach ar bhealach teoranta ar a laghad). Níor smaoinigh siad, áfach, ar an tairseach a ísliú mar rogha inmharthana (57 % de na freagraí a thug le fios nár cheart é a mheas ar chor ar bith mar rogha).

Chomh maith leis an aiseolas thuas faoin gcomhairliúchán poiblí, eagraíodh réimse gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe le linn na hoibre ar an measúnú tionchair ar athchóiriú an Aontais Custaim chun tuairimí páirtithe leasmhara saineolaithe a bhailiú. Áiríodh leis sin plé i gcomhthéacs na Meithle Machnaimh, atá comhdhéanta d’ardstiúrthóirí riaracháin custaim na mBallstát agus faoi stiúir an Choimisiúin agus Ghrúpa Teagmhála na Trádála, arb é an príomhfhóram é chun dul i gcomhairle le gnólachtaí ar leibhéal an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann le custaim a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus maidir le forbairtí i mbeartas custaim.

·Bailiú agus úsáid saineolais

Agus an tionscnamh seo á ullmhú, chuir an Coimisiún san áireamh an anailís a rinneadh sa staidéar thuasluaite a rinne conraitheoir seachtrach. Tá sé seo nasctha le gníomhaíocht 9 den Phlean Gníomhaíochta Custaim inar fhéach an Coimisiún le scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí na ríomhthráchtála ar bhailiú dleachtanna custaim agus ar chothrom iomaíochta d’oibreoirí an Aontais, lena n‑áirítear socruithe a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bailiú dleachtanna custaim atá ag teacht leis an gcur chuige nua bailithe CBL faoin Ionad Ilfhreastail Allmhairiúcháin (‘IOSS’). Rinneadh measúnú sa staidéar ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an tairseach faoisimh dleachta EUR 150 a athrú trí scrúdú a dhéanamh ar thrí rogha éagsúla agus iad a chur i gcomparáid le chéile: 1) deireadh a chur leis an tairseach faoisimh ó dhleacht; 2) an tairseach sin a mhéadú go EUR 1,000; 3) an tairseach sin a laghdú go EUR 22. Thángthas ar an gconclúid sa staidéar go mbeadh an méadú ioncaim is mó ann dá mbainfí an tairseach EUR 150 sin, agus go mbeadh cothrom iomaíochta ann a mhéid is féidir idir díoltóirí eachtracha agus an margadh intíre dá bharr. Chuirfeadh sé deireadh freisin le calaois nó imghabháil íocaíochta dleachta custaim mar thoradh ar dheighilt na gcoinsíneachtaí agus laghdófaí an dreasacht chun tearcluacháil a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba é an chonclúid ar thángthas uirthi gurb as an tairseach custaim de minimis a bhaint a thiocfadh an líon is mó buntáistí.

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún leis an anailís a rinne conraitheoir seachtrach eile don staidéar ‘CBL sa Ré Dhigiteach’. Leis an staidéar sin cuireadh ionchur ar fáil freisin i leith an togra chun Treoir 2006/112/CE a leasú chun riail an tsoláthróra mheasta, IOSS agus socruithe speisialta a leathnú chun allmhairí ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu agus atá mar chuid den phacáiste reatha maidir le hathchóiriú an Aontais Chustaim a chumhdach.

Bhí sé d’aidhm ag an staidéar meastóireacht a dhéanamh ar dtús ar an staid reatha i dtaca leis na ceanglais maidir le tuairisciú digiteach, cóireáil CBL an gheilleagair ardáin, agus clárú aonair CBL agus Ionad Ilfhreastail Allmhairiúcháin. Ar an dara dul síos, measúnú a dhéanamh ar thionchair roinnt tionscnamh beartas féideartha sna réimsí sin. Rinneadh scrúdú sonrach sa staidéar sin ar an rogha deireadh a chur leis an tairseach EUR 150 a bhfuil feidhm aici maidir le IOSS. Tugadh faoi deara sa staidéar go mbaineann ciandíolacháin earraí allmhairithe ar mó ná EUR 150 an luach atá orthu agus ciandíolacháin earraí atá faoi réir dleachtanna máil le thart ar 10-20 % de luach iomlán na n‑allmhairí ciandíola ríomhthráchtála isteach san Aontas.

Measúnú tionchair

Scrúdaíodh an tathchóiriú ar na rialacha custaim maidir le ríomhthráchtáil i gcomhthéacs an mheasúnaithe tionchair ar athchóiriú an Aontais Chustaim, a bhfuil an togra seo ina chuid de 18 . Tar éis tuairim dhiúltach a eisíodh an 28 Deireadh Fómhair 2022, d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach maidir leis an measúnú tionchair a thacaíonn le pacáiste athchóirithe an Aontais Custaim an 27 Eanáir 2023. Mhol an Bord go gcuirfí níos mó sonraí leis, i measc nithe eile, maidir leis an gcaoi ar sainaithníodh na roghanna maidir le ríomhthráchtáil, go háirithe maidir leis an réasúnaíocht chun an díolúine EUR 150 a bhaint agus maidir le ‘hallmhaireoirí measta’ a dhéanamh de na hardáin leictreonacha agus míniú níos mó a thabhairt ar ‘córas buicéadaithe’ a thabhairt isteach chun dleachtanna a ríomh, go háirithe maidir leis an raon roghanna beartais atá ar fáil don Choimisiún. Leasaíodh an measúnú tionchair dá réir sin.

Sainaithníodh sa mheasúnú tionchair cúig phríomhréimse fadhbanna as ar eascair easnaimh agus leochaileachtaí i bhfeidhmiú an aontais chustaim agus rinneadh anailís ar roinnt roghanna beartais chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin.

Ceann díobh sin is ea an méadú atá tagtha ar an ríomhthráchtáil agus na hathruithe gaolmhara ar phatrúin trádála (idir earraí a thugtar isteach san Aontas go traidisiúnta trí lastas agus na milliúin coinsíneachtaí beaga a sheoltar go díreach chuig tomhaltóirí aonair), rud a thug dúshláin nua do lucht custaim. Níl na húdaráis custaim sásta déileáil leis an méadú ar mhéideanna na n‑earraí agus na ndearbhuithe. D’ainneoin na n‑athruithe a tugadh isteach leis an bpacáiste maidir le CBL le haghaidh ríomhthráchtála agus a bhí infheidhme ó bhí an 1 Iúil 2021 ann, agus arbh é ab aidhm dóibh dul i ngleic le calaois CBL is gné dhílis de mhí-úsáid na díolúine ó CBL ag staid an allmhairithe, tá roinnt fadhbanna fós ann, agus mar sin tá tearcluacháil i gceist, go háirithe trí choinsíneachtaí a dheighilt chun íocaíocht dleachta allmhairiúcháin a sheachaint.

Dá bhrí sin, agus anailís á déanamh ar a mhéid is gá na próisis ríomhthráchtála a mhodhnú, cuireadh i leataobh na roghanna chun an díolúine ó dhleacht chustaim EUR 150 a laghdú nó a mhéadú. Ba é an chúis a bhí leis sin nach bhfuil aon cheann de na fadhbanna a sainaithníodh (saobhadh iomaíochta, castacht, éiginnteacht, deacracht maidir le rialú agus calaois) nasctha leis an méid atá díolmhaithe ach leis an díolúine a bheith ann sa chéad dul síos. Cuireadh i leataobh freisin an fhéidearthacht go ndéanfadh tomhaltóirí na hearraí a cheannaíonn siad ar líne a dhearbhú do lucht custaim, toisc go meastar go bhfuil sé ródhian dóibh agus gurb iad na hidirghabhálaithe ríomhthráchtála a chuireann na hearraí earraí ar mhargadh an Aontais, ní na tomhaltóirí.

De réir an mheasúnaithe tionchair, meastar go gcosnaíonn dleachtanna custaim breise ar thrácht ríomhthráchtála thart ar EUR 13 bhilliún thar 15 bliana. Leis an bhfaisnéis fheabhsaithe ó oibreoirí eacnamaíocha faoi na próisis nua, lárú na sonraí i Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh agus ról oibríochtúil Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, d’fhéadfaí cosc suntasach a chur ar ioncaim chaillte a eascraíonn as cleachtais chalaoiseacha amhail tearcluacháil nó mí-aicmiú na n‑earraí (‘bearna custaim a dhúnadh’).

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is cuid den athchóiriú ar an Aontas Custaim é an togra seo, arb é a tá ann tionscnamh REFIT chun próisis custaim a shimpliú trí idirghníomhaíocht níos fearr idir oibreoirí custaim agus oibreoirí eacnamaíocha trí dhíriú ar oibreoirí agus ar shlabhraí soláthair in ionad idirbhearta aonair nach mór dóibh foirmiúlachtaí éagsúla a chomhlíonadh mar atá sa lá atá inniu ann. Gnólachtaí (lena n‑áirítear ardáin ríomhthráchtála) a thairgeann infheictheacht chustaim thar a slabhraí soláthair, beidh nósanna imeachta níos simplí agus níos tapúla acu, trí rochtain a thabhairt do lucht custaim ar a sonraí tráchtála. Táthar ag súil go laghdófar an rómhaorlathas agus go simpleofar próisis agus nósanna imeachta d’oibreoirí mar thoradh ar shimpliú agus lárú feidhmeanna ar leibhéil éagsúla.

Meastar go ndéanfar an méadú féideartha ar an ualach riaracháin a bhaineann le deireadh a chur leis an tairseach faoisimh ó dhleacht atá beartaithe a fhritháireamh leis an gcóireáil taraife shimplithe tríd an gcóras buicéadaithe cúig leibhéal. Mar sin féin, ba cheart an méadú sin a theorannú, mar, ón 1 Iúil 2021, tá dearbhú custaim leictreonach ag teastáil cheana féin le haghaidh na n‑earraí uile a allmhairítear isteach san Aontas. Dá bhrí sin, leis an gcóireáil taraife shimplithe arna comhlánú le héascú breise ar luacháil agus ar thionscnamh custaim a mholtar mar chuid den athbhreithniú CCA, simpleofar cinneadh na dleachta custaim le haghaidh earraí ríomhthráchtála agus laghdófar an t‑ualach riaracháin ar údaráis custaim agus ar oibreoirí eacnamaíocha araon.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Meastar go méadóidh an togra seo ioncam ó dhleacht chustaim ag thart ar EUR 13 bhilliún i gceann 15 bliana do bhuiséid an Aontais agus do bhuiséid náisiúnta na mBallstát toisc go gcuirfidh sé deireadh leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chustaim chun coinsíneachtaí íseal-luacha a allmhairiú. Ina theannta sin, meastar go laghdóidh sé an dreasacht chun tearcluacháil a dhéanamh agus go ndíothófar an dreasacht coinsíneachtaí a dheighilt go saorga ionas go mbainfidh siad tairbhe mhíchuí as an bhfaoiseamh ó dhleacht. Le tabhairt isteach an mhodha shimplithe bailithe dleachtanna custaim, maolófar an t‑ualach riaracháin ar údaráis chustaim agus ar oibreoirí ríomhthráchtála. Ag tógáil ar phrionsabail agus ar shásraí an Ionad Ilfhreastail Allmhairiúcháin CBL, siopaí gréasáin ríomhthráchtála agus ardáin, beidh siad in ann dleachtanna custaim a bhailiú de bhreis ar CBL. Méadóidh sé sin trédhearcacht na bpraghsanna toisc go gcumhdóidh an praghas díolacháin deiridh ag staid na híocaíochta na costais bhreise uile suas go dtí an ceann scríbe do na tomhaltóirí.

Earraí atá faoi réir dhleachtanna comhchuibhithe máil an Aontais, eisiatar iad ón gcóireáil taraife shimplithe. Earraí atá faoi réir bearta beartais tráchtála, amhail an fhrithdhumpáil, dleachtanna frith-fhóirdheontais nó bearta cosanta, ní mór iad sin a eisiamh freisin.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Pléifidh an Coiste um an gCód Custaim (‘CCC’) agus an Sainghrúpa Custaim (‘CEG’), comhlachtaí comhairleacha maidir le saincheisteanna custaim a bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit uile rannpháirteach iontu agus a bhfuil oifigigh an Choimisiúin ó Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim (AS an Chánachais agus an Aontais Chustaim) ina gcathaoirleach orthu, déanfaidh siad saincheisteanna léirmhínithe a d’fhéadfadh a bheith ann idir na Ballstáit maidir leis an reachtaíocht nua a phlé agus a shoiléiriú.

Ina theannta sin, déanfar faireachán agus meastóireacht ar na rialacha custaim nua maidir leis an ríomhthráchtáil i gcomhthéacs an chreata faireacháin agus meastóireachta níos leithne dá bhforáiltear sa togra maidir le hathbhreithniú CCA ón gCoimisiún.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh i réimse na n‑earraí ríomhthráchtála a thagann ó thríú tíortha, tá dhá phríomhghné sa togra seo. Is é an chéad ghné an faoiseamh ó dhleacht chustaim le haghaidh earraí a bhaint suas le luach EUR 150. Bhainfí an méid sin amach trí Chaibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 a scriosadh.

Is modh ríofa dleachta simplithe é an dara gné atá bunaithe ar chúig bhuicéad éagsúla (gach ceann acu a bhfuil ráta dleachta difriúil aige) arb é is aidhm dó an t‑ualach riaracháin a eascraíonn as ríomh na rátaí dleachta is infheidhme maidir le hearraí ríomhthráchtála do chustaim agus do ghnólachtaí araon a laghdú.

Tá coincheap an chórais ráta dleachta simplithe, an ‘córas buicéadaithe dleachta’ mar a thugtar air, bunaithe ar shamhail Cheanada atá i bhfeidhm ó bhí 2012 ann maidir le hearraí atá ceaptha don úsáid phríobháideach (earraí gnólacht le tomhaltóir nó tomhaltóir le tomhaltóir) lena ngabhann luach suas le CAD 500 (thart ar EUR 340)( 19 ) . De réir an chur chuige, tá líon teoranta ‘buicéid dualgais’ ann agus áirítear i ngach ceann acu catagóirí earraí a bhfuil ráta dleachta seasta acu atá sonraithe go soiléir. Laistigh den chóras buicéadaithe, d’fhéadfadh na rátaí dleachta is infheidhme maidir le táirgí aonair a bheith beagán níos airde i gcomparáid leis an ráta is infheidhme bunaithe ar an gcód tráchtearraí iomlán.

Déantar foráil sa togra maidir le cúig bhuicéad lena ngabhann rátaí dleachta ad valorem 0 % faoi seach (e.g. i gcás leabhar, ábhar clóite, saothar ealaíne) 5 % (e.g. i gcás bréagán, uirlisí ceoil, sceanra miotail), 8 % (e.g. le haghaidh táirgí síoda agus cadáis, táirgí ceirmeacha, earraí fótagrafacha), 12 % (e.g. le haghaidh earraí leathair, málaí taistil) agus 17 % (e.g. le haghaidh coisbhirt, earraí gloine) agus tagraíonn sé d’earraí a shainaithnítear bunaithe ar Chaibidlí an Chórais Chomhchuibhithe. Mar sin féin, beidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha códuimhir 6 dhigit an Chórais Chomhchuibhithe a chur in iúl, uimhir atá fós ina ceanglas sa réamhfhaisnéise lasta faoin togra reachtach maidir le hathbhreithniú CCA. Earraí lena ngabhann ráta dleachta 0 % erga omnes faoi láthair, leanfaidh rátaí nialasacha de bheith i bhfeidhm ina leith.

Earraí atá faoi réir dleachtanna máil comhchuibhithe chomh maith le hearraí atá faoi réir bearta frithdhumpála, frith-fhóirdheontais nó cosanta, eisiatar iad ón gcur chuige simplithe maidir le bailiú dleachtanna.

Na rátaí dleachta coinbhinsiúnach atá ann cheana, tá siad mar thagairt sa chóras buicéadaithe agus ní chuirtear stádas tionscnaimh na n‑earraí san áireamh. Más mian leis an oibreoir eacnamaíoch tairbhe a bhaint as rátaí taraife fabhracha trí stádas tionscnaimh na n‑earraí a chruthú, is féidir leis an duine sin é sin a dhéanamh trí na nósanna imeachta caighdeánacha a chur i bhfeidhm. Ar an gcaoi chéanna, más mian leis an oibreoir eacnamaíoch leas a bhaint as rátaí dleachta uathrialacha traidisiúnta nó infheidhme, is féidir leis an allmhaireoir sin é sin a dhéanamh trí na nósanna imeachta caighdeánacha a chur i bhfeidhm. An faoiseamh ó dhleacht i leith allmhairiú earraí lena ngabhann luach iomlán suas le EUR 150 in aghaidh na coinsíneachta, déanfar an faoiseamh a dhíchur ón 1 Márta 2028 ar aghaidh. Ón dáta sin ar aghaidh, féadfaidh allmhaireoirí a roghnú go n‑úsáidfear an chóireáil taraife shimplithe chun an dleacht chustaim atá dlite ar na hearraí ríomhthráchtála allmhairiúcháin a ríomh agus tosóidh allmhaireoirí measta ag soláthar faisnéise do Mhol Sonraí Custaim an Aontais maidir le hidirbhearta a bhaineann le hearraí a dhíoltar le tomhaltóirí san Aontas agus a sheoltar ó thríú críoch nó ó thríú tír.

2023/0157 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a mhéid a bhaineann le cóireáil taraife shimplithe a thabhairt isteach le haghaidh ciandíolacháin earraí agus Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 a mhéid a bhaineann leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chustaim a dhíchur

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Déantar foráil i gCaibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle 20 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin ar earraí a sheoltar go díreach ó thríú tír chuig coinsíní san Aontas i gcoinsíneachtaí nach mó ná EUR 150 an luach intreach iomlán atá orthu. Go dtí an 1 Iúil 2021, bhí an CBL ar allmhairí díolmhaithe freisin maidir le hearraí a allmhairiú nár mhó a luach ná EUR 22. Mar gheall ar an méadú ar mhéid na nallmhairí ar luach íseal tar éis fhás pléascach na ríomhthráchtála agus na néascuithe a bhaineann léi, ba dhúshlán do na húdaráis custaim comhlíonadh ceanglas fioscach agus neamhfhioscach a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin, le Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle 21 cuireadh deireadh leis an díolúine ó CBL ar allmhairí le haghaidh na nearraí íseal-luacha sin chun ioncam cánach na mBallstát a chosaint, chun cothrom iomaíochta a chruthú do na gnólachtaí lena mbaineann agus chun an tualach atá orthu a íoslaghdú.

(2)An tráth céanna, coinníodh ar bun an faoiseamh ó dhleacht chustaim le haghaidh earraí ar lú ná EUR 150 an luach atá orthu, rud a d’fhág go raibh an deis ann mí-úsáid chórasach a bhaint as an tairseach sin trí choinsíneachtaí a thearcluacháil agus scoilteadh go saorga.

(3)I dtimpeallacht chustaim dhigitithe ina bhfuil sonraí leictreonacha ar fáil le haghaidh na nearraí allmhairithe uile gan beann ar a luach, níl údar a thuilleadh le faoiseamh ó dhleacht a choimeád ar faoiseamh é a tugadh isteach chun an tualach riaracháin díréireach ar údaráis chustaim, ar ghnólachtaí ná ar dhaoine príobháideacha a chosc. Mar sin féin, i bhfianaise mhéideanna suntasacha na nallmhairí íseal-luacha, tá sé riachtanach anois leasanna airgeadais an Aontais agus a Bhallstát a chosaint.

(4)Is gá, dá bhrí sin, an tairseach a scriosadh ó Chaibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009, faoina ndíolmhaítear earraí ar luach diomaibhseach nach mó ná EUR 150 in aghaidh na coinsíneachta iad ó dhleachtanna custaim tráth an allmhairithe.

(5)Mar sin féin, is cúram casta é an dleacht is infheidhme a ríomh bunaithe ar aicmiú taraife, ar luach custaim agus ar thionscnamh na nearraí. Is minic a bheadh ualach riaracháin díréireach ar chustaim agus ar ghnólachtaí mar thoradh ar an modh sin a chur i bhfeidhm sa ríomhthráchtáil. Chun é sin a sheachaint, is gá an deis a thabhairt d’idirghabhálaithe ríomhthráchtála cóireáil taraife shimplithe a chur i bhfeidhm bunaithe ar chóras buicéadaithe cúig leibheál, i gcás ina mbaineann gach ceann de na buicéid le ráta dleachta difriúil i ndáil le hearraí a dhíoltar leis an tomhaltóir deiridh. Maidir le hearraí lena ngabhann ráta dleachta 0 % erga omnes faoi láthair, leanfar de thairbhe a bhaint as dleachtanna nialasacha ina leith.

(6)Ba cheart na rátaí dleachta coinbhinsiúnta atá ann cheana a bheith mar thagairt sa chóras buicéadaithe agus níor cheart stádas tionscnaimh na nearraí a chur san áireamh. Mar sin féin, más mian leis na hallmhaireoirí na rátaí dleachta uathrialaitheacha coinbhinsiúnta nó níos ísle is infheidhme a chur i bhfeidhm nó má bhaineann siad tairbhe as rátaí fabhracha taraife trí stádas tionscnaimh na nearraí a chruthú, is féidir leo é sin a dhéanamh trí na nósanna imeachta caighdeánacha a chur i bhfeidhm, ós rud é go bhfuil úsáid na cóireála taraife simplithe roghnach.

(7)Earraí atá faoi réir dleachtanna máil comhchuibhithe agus earraí atá faoi réir bearta frithdhumpála, frith-fhóirdheontais agus cosanta, ba cheart iad a eisiamh ón gcóireáil taraife shimplithe le haghaidh ciandíolacháin earraí allmhairithe ó thríú tíortha. Thairis sin, eisiatar earraí atá i gCaibidlí 73, 98 agus 99 den Ainmníocht Chomhcheangailte freisin toisc, maidir le hallmhairiú na nearraí sin (táirgí iarainn agus cruach, ghléasraí iomlána tionsclaíocha agus earraí arna nallmhairiú nó arna nonnmhairiú faoi chúinsí speisialta faoi seach), nár cheart go mbainfeadh siad tairbhe as aon simpliú mar gheall ar a gcineál. 

(8)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a chomhlíonadh, go háirithe feidhmiú rianúil an aontais custaim agus an mhargaidh aonair. Áirithítear comhréireacht ós rud é go gcuireann an tionscnamh seo deireadh leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chun coinsíneachtaí íseal-luacha a allmhairiú isteach san Aontas agus go gcuireann sé cur chuige níos éifeachtaí agus níos simplí chun cinn maidir le dleachtanna custaim a bhailiú i ndáil le hearraí a allmhairítear faoi chiandíolacháin.

(9)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 agus Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle mar a leanas:

(1) in Airteagal 1, cuirtear isteach na míreanna 4 agus 5 seo a leanas:

‘4. De mhaolú ar mhír 3, arna iarraidh sin don allmhaireoir, muirearófar dleacht chustaim ar allmhairiú earraí a gcáilíonn a soláthar mar chiandíolachán earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha de réir bhrí Airteagal 14(4), pointe (2), de Threoir 2006/112/CE, i gcomhréir leis an gcóireáil taraife shimplithe le haghaidh ciandíolacháin a leagtar amach sa tábla i gCuid a hAon, Roinn II, pointe G d’Iarscríbhinn I.

5. Ní bheidh feidhm ag an gcóireáil taraife shimplithe le haghaidh ciandíolacháin dá dtagraítear i mír 4 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) earraí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle 22 ;

(b) earraí ar forchuireadh bearta ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1036 23 , nó Rialachán (AE) 2016/1037 24 , nó Rialachán (AE) 2015/478 25 nó Rialachán (AE) 2015/755 26 , gan beann ar a dtionscnamh; agus

(c) aon earra a áirítear i gCaibidlí 73, 98 agus 99.

(2) Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Scriostar Caibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO C , , lch. .
(2)    IO C , , lch. .
(3)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta CBL agus acmhainní bunaithe ar an ollioncam náisiúnta a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh (Athmhúnlú) (IO L 168, 7.6.2014, lch. 39).
(4)    Idir an 1 Eanáir 2022 agus an 31 Nollaig 2022, chomhdaigh ‘trádálaithe traidisiúnta’ breis agus 405 mhilliún dearbhú allmhairiúcháin ar luach EUR 2.907 billiún. I gcomparáid leis sin, taifeadadh 1.1 billiún dearbhú custaim sárlaghdaithe (ar leibhéal na n-ítimí) le haghaidh earraí dar luach suas le EUR 150, arbh é EUR 12.3 billiún a luach dearbhaithe iomlán.. Is é sin meánluach ítime dhearbhaithe atá thart ar EUR 11.00.
(5)    Airteagal 23 den Rialachán um Fhaoiseamh ar Dhleacht (Rialachán 1186/2009 ón gComhairle (IO L 324, 10/12/2009, lch. 1).
(6)    Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí cánach breisluacha áirithe maidir le soláthairtí seirbhísí agus ciandíolachán earraí (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7).
(7)    Féach an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach ( SWD(2022) 393 final ).
(8)    Copenhagen Economics (2016), Allmhairí ríomhthráchtála chuig an Eoraip: Cóireáil CBL agus Custaim.
(9)     Tuarascáil Speisialta CIE Uimh. 19/2017 Nósanna Imeachta Allmhairiúcháin: bíonn tionchar ag easnaimh sa chreat dlíthiúil agus ag cur chun feidhme neamhéifeachtach ar leasanna airgeadais an Aontais
(10)    Tuarascáil Speisialta CIE 12/2019, pointí 81-88.
(11)    Bhí an  Grúpa Saoithe maidir leis na Dúshláin atá roimh an Aontas Custaim comhdhéanta de 12 chomhalta ardphróifíle a bhfuil taithí acu, san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach, ar chúrsaí custaim, ar ríomhthráchtáil, ar bhainistiú riosca, ar an slabhra soláthair idirnáisiúnta, ar reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh TF agus anailísíochta sonraí agus ar an dlí trádála idirnáisiúnta. Reáchtáil an grúpa, faoi stiúir Arancha González Laya, iar-Aire Gnóthaí Eachtracha, an tAontas Eorpach agus Comhar na Spáinne, éisteachtaí le 48 n-idirghabhálaí agus  comhairliúchán oscailte . Foilsíodh an tuarascáil an 30 Márta 2022.
(12)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council and the European Economic and Social Committee -Taking the Customs Union to the Next Level [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An tAontas Custaim á Thabhairt go dtí an Chéad Leibhéal eile]: Plean i gcomhair Gníomhaíochta an Bhruiséil 28.9.2020, ( customs-action-plan-2020_en.pdf (europa.eu) ).
(13)    COM(2022) 701, 703, 704.
(14)    Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann leis na forálacha maidir le cáin bhreisluacha a bhaineann le daoine inchánach a éascaíonn ciandíolacháin earraí allmhairithe agus cur i bhfeidhm na scéime speisialta le haghaidh ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha agus socruithe speisialta maidir le CBL ar allmhairí a dhearbhú agus a íoc
(15)    Samhlaítear tacar leathan athchóirithe le pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát arb é is aidhm dóibh an timpeallacht ghnó a fheabhsú agus díriú ar theicneolaíochtaí digiteacha agus glasa a ghlacadh. Comhlánaítear na hathchóirithe sin le hiarrachtaí tábhachtacha chun riaracháin chánach a dhigitiú mar earnáil straitéiseach den riarachán poiblí. (An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2022 (COM(2021) 740 final)).
(16)    Tá an mheastóireacht ar an dara leagan den tuarascáil deiridh fós ar siúl tráth an togra.
(17)    B’éigean neamhaird a thabhairt ar 5 fhreagra san iomlán (as 69 bhfreagra) ó thaobh anailís a dhéanamh ar an gceistneoir. Chuir údarás custaim Ballstáit ceann amháin ar fáil agus cuireadh an freagra sin san áireamh sa mheasúnú ar shuirbhé na n-údarás náisiúnta. Cuireadh 4 fhreagra eile ar fáil gan aon ábhar fíorasach agus, dá bhrí sin, níor breithníodh iad le haghaidh na hanailíse.
(18)    Doiciméad Inmheánach Oibre (2023)140.
(19)     Beartas Cheanada um Loingsithe Íseal-luacha maidir le Cur i bhFeidhm Dleachtanna Custaim, Meitheal EDT um Micrifhiontair, Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Meán Fómhair 2021.
(20)    Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear Córas Comhphobail d’fhaoisimh ó dhleacht chustaim (IO L 324, 10.12.2009, lch. 23).
(21)    Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí cánach breisluacha áirithe maidir le soláthairtí seirbhísí agus ciandíolachán earraí (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7).
(22)    Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 058, 27.2.2020, lch. 4).
(23)    Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lgh. 21–54)
(24)    Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lgh. 55–91)
(25)    Rialachán (AE) 2015/478 an 11 Márta 2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha d’allmhairí a fhorchuirtear nó a d’fhéadfaí a fhorchur tar éis imscrúdú oscailte (IO L 83, 27.3.2015, lgh. 16–33)
(26)    Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 33–49)

An Bhruiséil,17.5.2023

COM(2023) 259 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a mhéid a bhaineann le cóireáil taraife shimplithe a thabhairt isteach le haghaidh ciandíolacháin earraí agus Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 a mhéid a bhaineann leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chustaim a dhíchur



IARSCRÍBHINN

(a)In Iarscríbhinn I [a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle], cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘G. CÓIREÁIL TARAIFE SHIMPLITHE LE HAGHAIDH CIANDÍOLACHÁN’

(b)    In Iarscríbhinn I [a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle], Cuid a hAon, Roinn II, cuirtear an pointe G seo a leanas isteach:

‘G. Cóireáil taraife shimplithe le haghaidh ciandíolachán

Tá an chóireáil taraife shimplithe le haghaidh ciandíolachán bunaithe ar chóras buicéadaithee cúig leibhéal. Áirítear i ngach buicéad ráta dleachta agus tagairt do na caibidlí ábhartha d’Iarscríbhinn 1, Cuid a Dó [a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle] a mbeidh feidhm ag an ráta dleachta lena mbaineann maidir leo.’

Buicéad A: 0 % ad valorem

Caibidil

Tuairisc

14

Ábhair thrilsithe phlandúla; Táirgí plandúla nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile

26

Mianta, slaig agus luaith

47

Laíon adhmaid nó laíon ábhair eile as ceallalós snáithíneach; Páipéar slánaithe nó cairtchlár slánaithe (atá déanta as dramhaíl agus fuíoll)

48

Páipéar agus cairtchlár; Earraí páipéir, laín páipéir nó cairtchláir

49

Leabhair chlóbhuailte, nuachtáin, pictiúir agus táirgí eile de chuid thionscal na priontála; Lámhscríbhinní, clóscríbhinní agus pleananna

80

Stán agus earraí atá déanta as

97

Saothair ealaíne, earraí bailitheoirí agus seandachtaí

Buicéad B: 5 % ad valorem

Caibidil

Tuairisc

05

Táirgí de thionscnamh ainmhíoch, nach sonraítear ná nach n‑áirítear in áit eile

25

Salann; Sulfar; Ithreacha agus clocha; Ábhair phlástrála, aol agus stroighin

27

Breoslaí mianracha, olaí mianracha agus táirgí de thoradh a ndriogtha; Substaintí biotúmanacha; Céaracha mianracha

34

Gallúnach, oibreáin dhromchlaghníomhacha orgánacha, ullmhóidí níocháin, ullmhóidí bealaithe, céaracha saorga, céaracha sainullmhaithe, ullmhóidí snasúcháin nó sciúracháin, coinnle agus earraí comhchosúla, taos múnlóireachta, ‘déadchéaracha’ agus ullmhóidí déidliachta de bhunús plástair

43

Seithí fionnaidh agus fionnadh saorga; Earraí atá monaraithe astu

45

Corc agus earraí coirc

46

Déantáin de chochán, d’easpartó nó d’ábhair dualaithe eile; cis-earraí agus earraí caolaigh

66

Scáthanna Fearthainne, Scáthanna Gréine, Bataí Siúil, Bataí Suíocháin, Fuipeanna, Fuipeanna Marcaíochta agus páirteanna díobh

67

Cleití agus clúmh ullmhaithe agus earraí atá déanta as cleití nó as clúmh; Bláthanna saorga; Earraí déanta de ghruaig dhaonna

68

Earraí cloiche, plástair, stroighne, aispeiste, míoca nó ábhar comhchosúil

71

Péarlaí nádúrtha nó saothraithe, clocha lómhara nó leathlómhara, miotail lómhara, miotail cumhdaithe le miotal lómhar, agus earraí díobh; Seodra bréige; Boinn

73

Earraí iarainn nó cruach

75

Nicil agus earraí déanta as nicil

78

Luaidhe agus earraí déanta as luaidhe

79

Sinc agus earraí déanta as sinc

82

Uirlisí, acraí, sceanra, spúnóga agus foirc, déanta de tháirmhiotal; Páirteanna díobh, iad déanta as táirmhiotal

83

Earraí ilghnéitheacha táirmhiotail

84

Coirí, meaisíní agus fearais mheicniúla eile; páirteanna díobh

85

Innealra agus trealamh leictreach agus páirteanna de; taifeadáin agus atáirgeoirí fuaime, taifeadáin agus atáirgeoirí íomhánna agus fuaime teilifíse, agus páirteanna d’earraí den sórt sin agus gabhálais díobh

86

Innill iarnróid nó trambhealaigh, rothstoc agus páirteanna díobh; Daingneáin riain iarnróid nó trambhealaigh agus feistis agus páirteanna díobh; Trealamh meicniúil (lena n‑áirítear leictrimeicniúil) comharthaíochta tráchta de gach cineál

89

Longa, báid agus déanmhais snámhacha

90

Ionstraimí agus gairis optúla, fhótagrafacha, chineamatagrafacha, tomhais, seiceála, bheacht-tomhais, leighis agus mháinliachta; Páirteanna agus gabhálais díobh

91

Cloig agus uaireadóirí agus páirteanna díobh

92

Uirlisí ceoil; Páirteanna agus gabhálais d’earraí den sórt sin

94

Troscán; cóir leapa, tochtanna, tacaí tochta, cúisíní agus feistis líonta chomhchosúla; Aonaid soilsithe agus feistithe soilsithe, nach bhfuil sonraithe ná curtha san áireamh aon áit eile; Comharthaí soilsithe, ainmchláir shoilsithe agus a leithéidí; Foirgnimh réamhdhéanta

95

Bréagáin, cluichí agus gairis spóirt; Páirteanna agus gabhálais díobh

 

Buicéad C: 8 %
ad valorem

Caibidil

Tuairisc

28

Ceimiceáin neamhorgánacha; Comhdhúile orgánacha nó neamhorgánacha de mhiotail lómhara, de mhiotail tearc-chré, de dhúile radaighníomhacha nó d’iseatóip

29

Ceimiceáin orgánacha

30

Táirgí cógaisíochta

31

Leasacháin

32

Eastóscáin súdaireachta nó ruaimneoireachta; Tainniní agus a ndíorthaigh; Ruaimeanna, líocha agus ábhair dhathúcháin eile; Péinteanna agus vearnaisí; Puití agus maisteoga eile; Dúigh 

33

Blátholaí agus roisíneoidí; Ullmhóidí cumhradóireachta, cosmaideacha nó maisíochta

36

Pléascáin; Táirgí piriteicniúla; Lasáin ; Cóimhiotail phireafóracha; Ullmhóidí indóite áirithe

37

Earraí fótagrafacha nó cineamatagrafacha

38

Táirgí ceimiceacha ilghnéitheacha

39

Plaistigh agus earraí atá déanta as plaistigh

40

Rubar agus earraí déanta as rubar

41

Seithí agus craicne amha (seachas craicne fionnaidh) agus leathar

44

Adhmad agus earraí adhmaid; Fioghual

50

Síoda

51

Olann, fionnadh ainmhithe mín nó garbh; Snáth róin agus fabraic fhite

52

Cadás

53

Snáithíní teicstíle plandúla eile; Snáth páipéir agus fabraicí fite as snáth páipéir

54

Filiméid de dhéantús an duine; Stiallacha agus a leithéidí nó ábhair theicstíle de dhéantús an duine

55

Snáithíní stáplacha de dhéantús an duine

56

Flocas, feilt agus ábhair neamhfhite; Snáth speisialta; Sreangán, téadra, rópaí agus cáblaí agus earraí déanta astu

57

Cairpéid agus clúdaigh urláir theicstíle eile 

58

Fabraicí fite speisialta; Fabraicí teicstíle stothacha; Lása; Taipéisí; Ciumhsóga; Earraí bróidnéireachta

59

Fabraicí teicstíle atá tuilte, brataithe, clúdaithe nó lannaithe; Earraí teicstíle de chineál atá oiriúnach le haghaidh úsáid thionsclaíoch 

60

Fabraicí cniotáilte nó cróiseáilte

65

Ceannbhearta agus páirteanna díobh

69

Táirgí Ceirmeacha 

72

Iarann agus cruach

74

Copar agus earraí déanta as copar

76

Alúmanam agus earraí déanta as alúmanam

81

Táirmhiotail eile; Ceirméid; Earraí déanta astu

88

Aerárthaí, spásárthaí, agus páirteanna díobh

96

Earraí monaraithe ilghnéitheacha

Buicéad D: 12 % ad valorem

Caibidil

Tuairisc

6

Crainn bheo agus plandaí eile; Bleibíní, fréamhacha agus a leithéidí; Bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach

12

Olashíolta agus torthaí olúla; Gráinní, síolta agus torthaí ilghnéitheacha; Plandaí tionsclaíocha nó íocshláinte; Cochán agus farae

18

Cócó agus ullmhóidí cócó

35

Substaintí albaimionóideacha; Stáirsí modhnaithe; Gliúnna; Einsímí 

42

Earraí déanta as leathar; Diallatra agus úmacha; Earraí taistil, málaí láimhe agus coimeádáin dá samhail; Earraí déanta as inne ainmhithe (seachas inne seiriceán)

61

Baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, iad cniotáilte nó cróiseáilte

62

Baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, gan chniotáil ná cróiseáil

63

Earraí rédhéanta teicstíle eile; i dtacair; Éadaí caite agus earraí teicstíle caite; Ceirteacha

87

Feithiclí seachas rothstoc iarnróid nó trambhealaigh, agus páirteanna agus gabhálais díobh

Buicéad E: 17 % ad valorem

Caibidil

Tuairisc

1

Ainmhithe beo

2

Feoil agus scairteach feola inite

3

Éisc agus crustaigh, moilisc agus inveirteabraigh uisceacha eile

4

Táirgí déiríochta; Uibheacha éan; Mil nádúrtha; Táirgí de thionscnamh ainmhíoch, nach sonraítear ná nach n‑áirítear in áit eile

7

Glasraí agus fréamhacha agus tiúbair áirithe atá inite

8

Torthaí agus cnónna inite; Craiceann torthaí citris nó mealbhacán

9

Caife, tae, maité agus spíosraí

10

Gránaigh

11

Táirgí an tionscail muilleoireachta; Braich; Stáirsí; Ionúilin; Glútan cruithneachta

13

Leaic; Gumaí, roisíní agus súnna plandúla agus úisc phlandúla eile

15

Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha agus a dtáirgí scoilte; Saillte inite ullmhaithe; Céaracha ainmhíocha nó plandúla

16

Ullmhóidí ó fheoil, ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisce eile, nó ó fheithidí

17

Siúcraí agus milseogra siúcra

19

Ullmhóidí gránach, plúir, stáirse nó bainne; Táirgí taosráin

20

Ullmhóidí glasraí, torthaí, cnónna nó codanna eile de phlandaí

21

Ullmhóidí inite ilghnéitheacha 

22

Deochanna, biotáillí agus fínéagar

23

Iarmhair agus dramhaíl ó na tionscail bhia; Farae ullmhaithe d’ainmhithe

24

Tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe; Táirgí, bíodh nicitín iontu nó ná bíodh, atá ceaptha lena n‑ionanálú gan dóchán; táirgí eile a bhfuil nicitín iontu atá ceaptha le nicitín a iontógáil i gcorp an duine

64

Coisbhearta, loirgneáin agus a leithéidí; Páirteanna de na hearraí sin

70

Gloine agus earraí gloine