An Bhruiséil,11.5.2023

COM(2023) 244 final

2023/0143(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tháinig Treoir (AE) 2016/680 1 (An Treoir Maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí – LED) i bhfeidhm an 6 Bealtaine 2016 agus bhí go dtí an 6 Bealtaine 2018 ag na Ballstáit chun í a thrasuí sa dlí náisiúnta. Leis an treoir, ar uirlis chosanta sonraí pearsanta níos cuimsithí atá inti, rinneadh Cinneadh Réime 2008/977/CGB 2 ón gComhairle a aisghairm agus cuireadh í ina ionad. Go háirithe, baineann an treoir sin le próiseáil sonraí pearsanta baile agus trasteorann ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear cosaint ar bhagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí ar an tslándáil sin a chosc (Airteagal 1(1)).

Ceanglaítear le hAirteagal 62(6) LED go ndéanfaidh an Coimisiún, faoin 6 Bealtaine 2019, athbhreithniú ar ghníomhartha dlí eile an Aontais lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta údarás inniúil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá lena n‑ailíniú le LED agus, i gcás inarb iomchuí, chun tograí a dhéanamh lena leasú chun go n‑áireofar comhsheasmhacht i gcosaint sonraí pearsanta laistigh de raon feidhme LED.

Leag an Coimisiún amach torthaí a athbhreithnithe i dTeachtaireacht maidir le Bealach chun cinn maidir le acquis an tríú colún mar a bhíodh a ailíniú le rialacha cosanta sonraí (24 Meitheamh 2020) 3 , ina sonraítear deich ngníomh dlí ba cheart a ailíniú le LED. Ar áireamh ar an liosta tá Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críoch custam 4 .

Is é is aidhm don togra na rialacha cosanta sonraí i gCinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle a ailíniú leis na prionsabail agus na rialacha a leagtar síos i LED, chun creat láidir comhtháite cosanta sonraí pearsanta a chur ar fáil san Aontas.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Córas faisnéise uathoibrithe chun críoch custam is ea an Córas Faisnéise Custaim a bhunaítear faoi Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle, arb é is aidhm dó cabhrú le sáruithe tromchúiseacha ar dhlíthe náisiúnta a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí fhaisnéis a chur ar fáil ar bhealach níos tapúla agus éifeachtacht na riarachán custaim a mhéadú. Is é is aidhm don togra na rialacha cosanta sonraí i gCinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle a ailíniú leis na prionsabail agus na rialacha a leagtar síos i LED, chun creat láidir comhtháite cosanta sonraí pearsanta a chur ar fáil san Aontas.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

neamhbhainteach

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leagtar síos mar cheart bunúsach in Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘Cairt’) go ndéantar daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta.

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 16(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arb é an bunús dlí is iomchuí é ós rud é go bhfuil cuspóir agus substaint araon an leasaithe atá beartaithe teoranta go soiléir do chosaint sonraí pearsanta.

Le hAirteagal 16(2) CFAE ceadaítear rialacha a ghlacadh maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit le linn dóibh gníomhaíochtaí a dhéanamh chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais a fhorghníomhú. Ina theannta sin, ceadaítear leis rialacha a ghlacadh maidir le saorghluaiseacht sonraí pearsanta, lena n‑áirítear i gcomhair malartuithe sonraí pearsanta ag údaráis inniúla laistigh den Aontas.

De réir Airteagal 2a de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg faoi cheangal ag na rialacha a leagadh síos ar bhonn Airteagal 16 CFAE a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta nuair a bhíonn gníomhaíochtaí á ndéanamh aici a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí de CFAE. Dá bhrí sin, ní bheidh an Danmhairg faoi cheangal ag an Rialachán atá beartaithe anois agus leanfaidh sí den Chinneadh ón gComhairle a chur i bhfeidhm mar atá sé inniu, is é sin, gan na leasuithe atá beartaithe anois.

Tugann sin le tuiscint, inter alia, nach leanfaidh an Comhúdarás Maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 25 den Chinneadh ón gComhairle de bheith ar marthain go foirmiúil ach amháin i leith na Danmhairge. An tráth céanna, mar gheall ar scriosadh beartaithe an airteagail sin agus mar gheall ar an leasú atá beartaithe ar Airteagal 26 lena dtugtar isteach an modh maoirseachta comhordaithe a leagtar síos in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725, níl aon éifeachtaí ag an marthain sin i leith Ballstáit eile ná i leith an Chórais Faisnéise Custaim ann féin. Ós rud é go bhfuil an togra seo teoranta don Chinneadh ón gComhairle a ailíniú le LED, is iarmhairt dhosheachanta é an toradh seo ar an gcleachtadh ailínithe a cheanglaítear faoi LED agus ar na srianta atá ann mar thoradh ar Phrótacal Uimh. 22. Amach anseo nuair a bheidh údar maith ann le measúnú níos leithne a dhéanamh ar an gCinneadh ón gComhairle, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an tsaincheist seo.

De réir Airteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, níl Éire faoi cheangal ag rialacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 CFAE, i gcás nach bhfuil Éire faoi cheangal ag na rialacha lena rialaítear na cineálacha comhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla ná na cineálacha comhair póilíneachta lena gceanglaítear na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 a chomhlíonadh. Ós rud é go bhfuil Éire rannpháirteach i gCinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle, beidh sí rannpháirteach freisin, dá bhrí sin, i nglacadh an togra seo.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann ábhar an Rialacháin seo faoi réimse inniúlachta eisiaiche an Aontais, ó tharla gurb é an tAontas amháin atá in ann rialacha a ghlacadh lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis inniúla chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Is é an tAontas amháin atá in ann gníomhartha AE a ailíniú leis na rialacha a leagtar síos i LED. Dá bhrí sin, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh gníomh reachtach lena leasaítear Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle a ghlacadh.

Comhréireacht

Tá an togra teoranta dá bhfuil riachtanach chun Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle a ailíniú le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta (LED) gan athrú a dhéanamh ar raon feidhme an Chinnidh ón gComhairle ar shlí ar bith. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

An rogha ionstraime

Tá sé d’aidhm ag an togra Cinneadh ón gComhairle a leasú, ar Cinneadh é a glacadh roimh theacht i 
bhfeidhm Chonradh Liospóin in 2009. Na forálacha ábhartha de Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle lena mbunaítear an Córas Faisnéise Custaim agus lena leagtar amach na rialacha maidir le hoibriú agus úsáid an chórais, tá siad infheidhme go díreach.

Dá bhrí sin, Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle is ea an ionstraim is iomchuí chun an Cinneadh seo ón gComhairle a leasú faoi Airteagal 16(2) CFAE.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tá an togra ag teacht le torthaí athbhreithniú an Choimisiúin faoi Airteagal 62(6) de LED, de réir mar a cuireadh i láthair iad i dTeachtaireacht 2020 maidir le Bealach chun cinn maidir le acquis an tríú colún mar a bhíodh a ailíniú le rialacha cosanta sonraí. Sa Teachtaireacht sin liostaítear sé phointe shonracha ar a gceanglaítear Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle a ailíniú le LED, mar atá:

I ndáil leis na ‘sáruithe tromchúiseacha’ lena mbaineann an Cinneadh ón gComhairle;

Soiléiriú a thabhairt ar na coinníollacha maidir le bailiú agus taifeadadh sonraí pearsanta agus a cheangal nach ceadmhach na sonraí pearsanta a iontráil sa Chóras Faisnéise Custaim ach amháin má tá forais réasúnacha ann, go háirithe ar bhonn gníomhaíochtaí mídhleathacha roimhe sin, go ndearna an duine lena mbaineann cion coiriúil, go bhfuil cion coiriúil á dhéanamh aige nó go ndéanfaidh sé cion coiriúil;

Foráil a dhéanamh maidir le ceanglais bhreise a bhaineann le slándáil na próiseála chun liosta na mbeart slándála is gá a ailíniú le hAirteagal 29 de LED, i.e. trí cheanglais a chur isteach maidir le hathshlánú, iontaofacht agus sláine an chórais;

Srian a chur leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta tar éis iad a thaifeadadh sa Córas Faisnéise Custaim, ar próiseáil í a dhéantar chun críocha eile seachas na críocha chuig ar bailíodh iad, ionas nach féidir le próiseáil den sórt sin tarlú ach amháin faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in LED;

Próiseáil sonraí pearsanta faoi Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle a chur faoi réir an mhodha maoirseachta comhordaithe a leagtar síos in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725 5 . Is é an Cinneadh ón gComhairle an taon ghníomh dlí atá fágtha ar dá réir a dhéanann an Comhchomhlacht Maoirseachta, atá tar éis dul i léig, maoirseacht ar phróiseáil sonraí pearsanta;

Nuashonrú a dhéanamh ar an tagairt ghinearálta do Chinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle le tagairt d’infheidhmeacht LED. Maidir le haon fhoráil atá ag forluí le LED (amhail sainmhínithe nó na forálacha maidir le cearta na nábhar sonraí nó maidir le hinfhaighteacht leighis bhreithiúnaigh agus dliteanais), ba cheart í a scriosadh mar fhoráil atá as dáta agus imithe i léig. Ba cheart nuashonrú a dhéanamh ar thagairtí d’fhorálacha sonracha de Chinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle le tagairtí comhfhreagracha sonracha do LED.

Tá an togra teoranta dá bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na pointí thuas.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

Ina athbhreithniú faoi Airteagal 62(6) de LED, chuir an Coimisiún staidéar san áireamh a rinneadh mar chuid de thionscadal píolótach maidir le ‘hathbhreithniú um chearta bunúsacha ar chláir agus ionstraimí bailithe sonraí an Aontais’ 6 . Sa staidéar rinneadh mapáil ar ghníomhartha an Aontais a cumhdaítear in Airteagal 62(6) de LED agus sainaithníodh forálacha maidir le cosaint sonraí ar ina leith a bhféadfadh sé gur gá ailíniú a dhéanamh.

Measúnú tionchair

Tá tionchar an togra seo teoranta don phróiseáil a dhéanann údaráis inniúla ar shonraí pearsanta sna cásanna sonracha atá á rialú ag Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle. Rinneadh tionchar na n‑oibleagáidí nua a eascraíonn as LED a mheas i gcomhthéacs na hoibre ullmhúcháin i gcomhair LED. Fágann sin nach bhfuil gá le measúnú tionchair faoi leith i ndáil leis an togra seo.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní thagann an togra faoin gclár um oiriúnacht rialála (REFIT).

Cearta bunúsacha

Leagtar síos an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint in Airteagal 8 den Chairt agus in Airteagal 16 de CFAE. Mar atá curtha i dtábhacht ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 7 , ní ceart absalóideach é an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, ach ní mór é a mheas i bhfianaise na feidhme atá aige sa tsochaí 8 . Tá dlúthcheangal idir cosaint sonraí pearsanta agus meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, arna chosaint faoi Airteagal 7 den Chairt.

Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle, áirítear leis an tionscadal seo go ndéanfar í faoi réir prionsabail ‘chothrománacha’ agus rialacha maidir le reachtaíocht an Aontais um chosaint sonraí pearsanta, rud a chuirfear chun feidhme a thuilleadh Airteagal 8 den Chairt. Is é is aidhm don reachtaíocht sin ardleibhéal cosanta ar shonraí pearsanta a áirithiú. Ach é a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag rialacha LED, chomh maith le sonrú a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhfuil feidhm acu, maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin gCinneadh ón gComhairle, imreofar tionchar dearfach a mhéid a bhaineann leis na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus chun cosaint sonraí pearsanta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

neamhbhainteach

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1 sainaithnítear na forálacha ábhartha de Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle nach mór a leasú ar bhonn an athbhreithnithe a rinne an Coimisiún faoi Airteagal 62(6) de LED agus a tíolacadh i dTeachtaireacht 2020 uaidh. Is mar a leanas na forálacha sin:

·Airteagal 1 – Leasaítear mír 2 chun an tagairt i dtaobh ‘cionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta’ a chur in ionad an choincheapa maidir le ‘sáruithe tromchúiseacha ar dhlíthe náisiúnta’, chun an tsoiléireacht a mhéadú agus ailíniú á dhéanamh le LED.

·Airteagal 2 – Scriostar pointe 2 maidir leis an sainmhíniú ar ‘sonraí pearsanta’ ó tharla go bhfuil feidhm ag an sainmhíniú ar shonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 3 de LED.

·Airteagal 3 – Leasaítear mír 2 chun soiléiriú a dhéanamh ar róil an Choimisiúin agus na mBallstát faoi seach maidir leis na sonraí pearsanta. Tugtar isteach aithris freisin chun na críche sin.

·Airteagal 4 – Nuashonraítear mír 5 chun ionadú a dhéanamh ar an tagairt don liosta de chatagóirí áirithe sonraí pearsanta nach féidir a iontráil sa chóras faoi Chinneadh Réime 2008/977/CGB le tagairt don liosta comhfhreagrach faoi LED.

·Airteagal 5 – Nuashonraítear mír 2 chun soiléiriú a thabhairt ar na coinníollacha maidir le bailiú agus taifeadadh sonraí pearsanta agus chun a cheangal nach ceadmhach na sonraí pearsanta a iontráil sa Chóras Faisnéise Custaim ach amháin má tá forais réasúnacha ann, go háirithe ar bhonn gníomhaíochtaí mídhleathacha roimhe sin, go ndearna an duine lena mbaineann ceann de na cionta coiriúla faoi na dlíthe náisiúnta a chumhdaítear, go bhfuil ceann de na cionta coiriúla sin á dhéanamh aige nó go ndéanfaidh sé ceann de na cionta coiriúla sin.

·Airteagal 7 – Nuashonraítear mír 3 chun soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha faoinar féidir rochtain d’eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha ar an gCóras Faisnéise Custaim a cheadú faoi LED.

·Airteagal 8 – Nuashonraítear mír 1 chun srian a chur leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta tar éis iad a thaifeadadh sa Córas Faisnéise Custaim, i gcomhréir le prionsabal an teorannaithe cuspóra mar a rialaítear faoi LED. Déantar soiléiriú breise ann ar na coinníollacha faoinar féidir sonraí neamhphearsanta a phróiseáil chun críoch eile. Déantar athdhréachtú ar mhír 4 chun soiléiriú a thabhairt maidir leis na coinníollacha faoinar féidir tarchuir agus aistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta a dhéanamh.

·Déantar nuashonrú ar Airteagal 14 maidir le coinneáil sonraí pearsanta chun uastréimhse choinneála a thabhairt isteach i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(e) de LED agus chun an nós imeachta roimhe sin a shimpliú. Tugtar aithris isteach freisin chun réasúnaíocht an nuashonraithe sin a mhíniú a thuilleadh.

·Airteagal 15 – Ionadaítear mír 3 chun an coincheap maidir le ‘sáruithe tromchúiseacha ar dhlíthe náisiúnta’ a ailíniú leis an tagairt do ‘chionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta’, mar a tugadh isteach leis an Mír 2 nua d’Airteagal 1.

·Airteagal 20 – Ionadaítear an tairteagal seo chun an tagairt ghinearálta do Chinneadh Réime 2008/977/CGB a ailíniú leis an tagairt do LED.

·Déantar Airteagal 22 maidir le cearta rochtana, ceartúcháin, léirscriosta agus srianta a scriosadh mar go bhfuil sé as dáta agus imithe i léig.

·Déantar Airteagal 23 maidir le cearta na nábhar sonraí ar an leibhéal náisiúnta a scriosadh mar go bhfuil sé as dáta agus imithe i léig.

·Déantar Airteagal 24 maidir le hainmniú údaráis nó údarás maoirseachta náisiúnta a scriosadh mar go bhfuil sé as dáta agus imithe i léig.

·Déantar Airteagal 25 maidir le bunú an Chomhchomhlachta Maoirseachta a scriosadh mar go bhfuil sé as dáta agus imithe i léig.

·Airteagal 26 – Nuashonraítear an tairteagal seo chun próiseáil sonraí pearsanta a chur faoi réir an mhodha maoirseachta comhordaithe a leagtar síos in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

·Airteagal 28 – Leasaítear mír 2 chun foráil a dhéanamh maidir le ceanglais bhreise a bhaineann le slándáil na próiseála chun liosta na mbeart slándála is gá a ailíniú le hAirteagal 29 de LED, i.e. trí cheanglais a chur isteach maidir le hathshlánú, iontaofacht agus sláine an chórais.

·Airteagal 30 — Scriostar mír 1 mar go bhfuil sí as dáta agus imithe i léig.

In Airteagal 2 socraítear an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

2023/0143 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 déantar foráil maidir le rialacha comhchuibhithe i ndáil le cosaint agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc. Leis an Treoir sin ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena nailíniú leis an Treoir sin agus ceanglaítear air na tograí a dhéanamh, i gcás inar gá, chun na gníomhartha sin a leasú chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú i leith cosaint sonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin.

(2)Le Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle 10 maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críoch custam bunaítear an Córas Faisnéise Custaim chun cabhrú le sáruithe tromchúiseacha ar dhlíthe náisiúnta a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí fhaisnéis a chur ar fáil ar bhealach níos tapúla agus éifeachtacht na riarachán custaim a mhéadú. Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú i leith na cosanta sonraí pearsanta san Aontas, ba cheart an Cinneadh sin a leasú chun é a ailíniú le Treoir (AE) 2016/680. Go háirithe, ba cheart do na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta prionsabal an tsonraithe cuspóra a urramú, a bheith teoranta do chatagóirí sonraithe ábhar sonraí agus do chatagóirí sonraithe sonraí pearsanta, ceanglais maidir le slándáil sonraí a urramú, cosaint bhreise i gcomhair catagóirí speisialta sonraí pearsanta a bheith ar áireamh iontu, agus na coinníollacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta i ndiaidh a dtaifeadta a urramú. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an modh maoirseachta comhordaithe mar a tugadh isteach le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725 11 .

(3)Go háirithe, chun cur chuige soiléir agus comhsheasmhach a áirithiú lena náiritheofar cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta, ba cheart an téarma ‘cionta coiriúla’ a chur in ionad an téarma ‘sáruithe tromchúiseacha’, agus é á chur san áireamh go dtugtar le tuiscint go mbaineann méid áirithe tromchúise leis an sárú más rud é go bhfuil toirmeasc ar chineál áirithe iompair faoin dlí coiriúil de chuid Ballstáit. Thairis sin, ba cheart cuspóir an Chórais Faisnéise Custaim a fhágáil teoranta do cúnamh a thabhairt i ndáil le cionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta mar a shainmhínítear i gCinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, is é sin le rá, dlíthe náisiúnta ar ina leith atá riaracháin chustaim náisiúnta inniúil agus dá bhrí sin atá an-ábhartha i gcomhthéacs na gcustam. Dá bhrí sin, cé gur ceanglas riachtanach é go gcáilíonn an tiompar mar chion coiriúil, níor cheart a mheas go gcumhdaítear gach cion coiriúil. Mar shampla, áirítear sna cionta coiriúla a chumhdaítear gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil aindleathach ar airm agus sciúradh airgid. Anuas air sin, seachas an téarma ‘cionta coiriúla’ a thabhairt isteach, níor cheart an leasú seo a thuiscint mar ní lena ndéantar difear do na ceanglais shonracha a leagtar amach sa Chinneadh sin ón gComhairle maidir le bunú agus seoladh liosta de chionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta a chomhlíonann coinníollacha áirithe, arb iad na ceanglais iad nach mbaineann ach amháin le cuspóir sonrach an bhunachair sonraí um shainaithint comhad custaim.

(4)Is gá soiléiriú a dhéanamh ar róil an Choimisiúin agus na mBallstát faoi seach maidir leis na sonraí pearsanta. Meastar gurb é an Coimisiún an próiseálaí ag gníomhú dó thar ceann na núdarás náisiúnta arna nainmniú ag gach Ballstát, a mheastar a bheith ina rialaitheoirí ar na sonraí pearsanta.

(5)Chun caomhnú optamach na sonraí a áirithiú agus, san am céanna, laghdú á chur ar an ualach riaracháin atá ar na húdaráis inniúla, ba cheart simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta lena rialaítear coinneáil na sonraí pearsanta sa Chóras Faisnéise Custaim trí dheireadh a chur leis an oibleagáid chun sonraí a athbhreithniú go bliantúil agus trí uastréimhse choinneála 5 bliana a shocrú, ar tréimhse í is féidir a fhadú, faoi réir údar cuí a thabhairt, trí thréimhse bhreise 2 bhliain a chur léi. Tá an tréimhse choinneála sin riachtanach agus comhréireach i bhfianaise fhad an ama a mhaireann imeachtaí coiriúla go hiondúil agus i bhfianaise an ghá atá leis na sonraí chun oibríochtaí agus imscrúduithe comhpháirteacha custaim a dhéanamh.

(6)I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, tá Éire faoi cheangal ag Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo.

(7)I gcomhréir le hAirteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 2a de Phrótacal Uimh. 22 maidir le Seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an XX/XX/202X.

(9)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle mar a leanas:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d’Airteagal 1:

‘2. Is é is aidhm don Chóras Faisnéise Custaim cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla sna Ballstáit cionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh trí fhaisnéis a chur ar fáil níos tapúla, agus dá réir sin éifeachtacht nósanna imeachta comhair agus rialúcháin údaráis chustaim na mBallstát a fheabhsú.’

(2)Scriostar pointe 2 d’Airteagal 2 leis seo.

(3)Tar éis na chéad abairte de mhír 2 d’Airteagal 3, cuirtear abairt nua isteach mar a leanas:

‘I ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sa Chóras Faisnéise Custaim, measfar gurb é an Coimisiún an próiseálaí, de réir bhrí phointe (12) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725, ag gníomhú dó thar ceann na n‑údarás náisiúnta arna n‑ainmniú ag gach Ballstát, a mheasfar a bheith ina rialaitheoirí ar na sonraí pearsanta.’

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 d’Airteagal 4:

‘5. Ní dhéanfar sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 a iontráil in aon chás sa Chóras Faisnéise Custaim.’

(5)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d’Airteagal 5:

‘2. Chun críche na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, ní iontrálfar sonraí pearsanta as aon cheann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) sa Chóras Faisnéise Custaim ach amháin má tá forais réasúnacha ann, go háirithe ar bhonn gníomhaíochtaí mídhleathacha roimhe sin, go ndearna an duine lena mbaineann cionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta, go bhfuil cionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta á ndéanamh aige nó go ndéanfaidh sé cionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta.’

(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 d’Airteagal 7:

‘3. D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh an Chomhairle ar bhonn eisceachtúil, trí chinneadh d’aon toil agus tar éis dul i gcomhairle leis an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, a cheadú d’eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha rochtain a fháil ar an gCóras Faisnéise Custaim, ar choinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)comhlíonann an rochtain na prionsabail ghinearálta maidir le haistrithe sonraí pearsanta a leagtar amach in Airteagal 35 nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 39 de Threoir (AE) 2016/680;

(b)tá an rochtain bunaithe ar chinneadh leordhóthanachta arna ghlacadh faoi Airteagal 36 den Treoir sin nó tá an rochtain faoi réir coimircí iomchuí faoi Airteagal 37 den Treoir sin.’

(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d’Airteagal 8:

‘1. Ní fhéadfaidh na Ballstáit, Europol agus Eurojust sonraí pearsanta a fhaightear ón gCóras Faisnéise Custaim a phróiseáil ach amháin chun an aidhm a shonraítear in Airteagal 1(2) a bhaint amach, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais maidir le próiseáil sonraí pearsanta.

Féadfaidh na Ballstáit, Europol agus Eurojust sonraí neamhphearsanta a fhaightear ón gCóras Faisnéise Custaim a phróiseáil chun an aidhm a shonraítear in Airteagal 1(2) a bhaint amach nó chun críoch eile, lena n‑áirítear críocha riaracháin, i gcomhréir le haon choinníollacha arna bhforchur ag an mBallstát a rinne na sonraí neamhphearsanta sin a iontráil sa chóras sin.’

(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 d’Airteagal 8:

‘4. Maidir le sonraí pearsanta a fhaightear ón gCóras Faisnéise Custaim, féadfar, le réamhúdarú ón mBallstát a rinne na sonraí neamhphearsanta sin a iontráil sa chóras sin, agus faoi réir aon choinníollacha arna bhforchur ag an mBallstát sin a chomhlíonadh:

(a)iad a tharchur chuig údaráis náisiúnta seachas na húdaráis sin arna nainmniú faoi mhír 2, agus féadfaidh na húdaráis náisiúnta sin iad a phróiseáil a thuilleadh, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais maidir le próiseáil sonraí pearsanta; nó

(b)iad a tharchur chuig údaráis inniúla tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha, agus féadfaidh na húdaráis náisiúnta sin iad a phróiseáil a thuilleadh, i gcomhréir le Caibidil V de Threoir (AE) 2016/680 agus, i gcás inarb ábhartha, le Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725.

Féadfar sonraí neamhphearsanta a fhaightear ón gCóras Faisnéise Custaim a tharchur chuig údaráis náisiúnta seachas na húdaráis sin arna n‑ainmniú faoi mhír 2, tríú tíortha, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha, agus féadfaidh siad sin iad a phróiseáil a thuilleadh, i gcomhréir le haon choinníollacha arna bhforchur ag an mBallstát a rinne na sonraí neamhphearsanta sin a iontráil sa chóras sin.’

(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Ní choinneofar sonraí pearsanta a iontráiltear sa Chóras Faisnéise Custaim ach ar feadh na tréimhse ama is gá chun an aidhm a shonraítear in Airteagal 1(2) a bhaint amach agus ní fhéadfar iad a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. Mar sin féin, féadfar na sonraí sin a choinneáil ar feadh thréimhse bhreise 2 bhliain ar a mhéad, ar bhonn eisceachtúil, i gcás ina mbunaítear, agus a mhéid a bhunaítear, i gcás aonair, go bhfuil géarghá leis sin a dhéanamh chun an aidhm sin a bhaint amach.

(10)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 d’Airteagal 15:

‘3. Chun críocha an bhunachair sonraí um shainaithint comhad custaim, seolfaidh gach Ballstát liosta de na cionta coiriúla faoina dhlíthe náisiúnta chuig na Ballstáit eile, chuig Europol, chuig Eurojust agus chuig an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 27.

Ní bheidh sa liosta sin ach cionta coiriúla is inphionóis leis na nithe seo a leanas:

(a)cailleadh saoirse nó ordú coinneála ar feadh uastréimhse nach lú ná 12 mhí; nó

(b)fíneáil EUR 15 000 ar a laghad.’

(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

‘Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin gCinneadh seo.’

(12)Scriostar Airteagail 22, 23, 24 agus 25 leis seo.

(13)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

‘I gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725 áiritheofar maoirseacht chomhordaithe idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.’

(14)I mír 2 d’Airteagal 28, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘(i)    a áirithiú go bhféadfar córais shuiteáilte a aischur i gcás ina dtarlóidh briseadh;

(j)    a áirithiú go bhfeidhmeoidh feidhmeanna an chórais, go dtuairisceofar fabhtanna i bhfeidhmeanna nuair a thiocfaidh siad chun solais agus nach féidir sonraí pearsanta atá stóráilte a thruailliú trí bhíthin mhífheidhmiú an chórais.’

(15)Scriostar mír 1 d’Airteagal 30 leis seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(2)    Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le sonraí pearsanta a chosaint i gcreat an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (IO L 350, 30.12.2008, lch. 60).
(3)    COM(2020) 262 final.
(4)    IO L 323, 10.12.2009, lch. 20.
(5)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39-98).
(6)    Ba é Parlaimint na hEorpa a d’iarr an tionscadal píolótach, ba é an Coimisiún a rinne bainistiú air agus ba chonraitheoir a chuir i gcrích é (grúpa saineolaithe neamhspleácha). Roghnaigh an Coimisiún conraitheoir ar bhonn na gcritéar arna gcinneadh ag an bParlaimint. Ní léirítear le táirgí insoláthartha an tionscadail ach dearcthaí agus tuairimí an chonraitheora agus ní féidir freagracht a chur ar an gCoimisiún as aon úsáid a fhéadfar a bhaint as an bhfaisnéis atá ann. Foilsítear na torthaí ag an seoladh seo a leanas http://www.fondazionebrodolini.it/en/projects/pilot-project-fundamental-rights-review-eu-data-collectioninstruments-and-programmes  
(7)    CBAE, 9 Samhain 2010, Volker und Markus Schecke agus Eifert, Cásanna Uamtha C-92/09 agus C-93/09 (ECLI:EU:C:2009:284, mír 48).
(8)    I gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, féadfar an ceart maidir le cosaint sonraí a fhorghníomhú faoi réir teorannacha dá bhforáiltear sa dlí, teorannacha a urramóidh inneachar an chirt agus saoirsí, agus (faoi réir phrionsabal na comhréireachta) teorannacha a mbeidh gá leo agus a fhreagróidh iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.
(9)    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(10)    Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custam, (IO L 323, 10.12.2009, lch. 20).
(11)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).