AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.4.2023
COM(2023) 240 final
2023/0138(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is cuid de phacáiste é an togra seo agus is é is aidhm dó teacht in ionad Rialachán Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (an ghné choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis). Tá togra ag gabháil leis chun Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 a leasú maidir le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach a bhrostú agus a shoiléiriú (an ghné cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis), chomh maith le togra chun Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 a leasú maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát. Tá sé mar aidhm ag an bpacáiste dá bhrí sin creat fioscach an Aontais a athchóiriú.
In 2011, chun ceachtanna na géarchéime airgeadais domhanda agus ghéarchéim fiachais cheannasaigh an limistéir euro a chur san áireamh, agus mar chuid den phacáiste ar a dtugtar an ‘Sé‑phaca’, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 le Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 le Rialachán (AE) Uimh. 1177/2011, agus glacadh Treoir 2011/85/AE.
Áirítear le hAirteagal 12a de Rialachán Uimh. 1466/97 clásal athbhreithnithe lena gceanglaítear ar an gCoimisiún, gach 5 bliana, tuarascáil a fhoilsiú maidir le chur i bhfeidhm an Rialacháin, chun meastóireacht a dhéanamh ar: (i) éifeachtacht an Rialacháin; (ii) an dul chun cinn chun comhordú níos dlúithe ar bheartas eacnamaíocha na mBallstát agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE, in éineacht le, i gcás inarb iomchuí, togra maidir le leasuithe ar an Rialachán. Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán mar chuid den athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, a seoladh i mí Feabhra 2020.
Bhí athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais bunaithe ar chomhairliúchán fairsing le réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear institiúidí an Aontais, saoránaigh, rialtais agus parlaimintí náisiúnta, comhpháirtithe sóisialta, institiúidí neamhrialtasacha agus lucht acadúil. Tugadh le fios leis roinnt láidreachtaí, ach sraith easnamh maidir leis an gcreat freisin, go háirithe castacht mhéadaithe, an gá le bheith níos éifeachtaí maidir le fiachas a laghdú i gcás ina bhfuil sé ard agus maolánacha a thógáil in aghaidh suaití amach anseo, agus an gá le roinnt ionstraimí agus nósanna imeachta a thabhairt cothrom le dáta chun na ceachtanna a foghlaimíodh ó na freagairtí beartais ar shuaití eacnamaíocha a chomhtháthú, lena n‑áirítear an idirghníomhaíocht idir athchóirithe agus infheistíocht faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Is é is aidhm don phacáiste atá beartaithe lena n‑áirítear an togra seo aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin agus na ceachtanna sin a chomhtháthú.
Ina Theachtaireacht an 9 Samhain 2022 chuir an Coimisiún ar aghaidh a threoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais arb é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht fiachais agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn i ngach Ballstát. Leis na treoirlínte beartaíodh úinéireacht náisiúnta níos láidre, creat simplithe agus aistriú i dtreo fócas níos meántéarmaí, comhcheangailte le forfheidhmiú níos láidre agus níos comhleanúnaí. Leis na treoirlínte sin léiríodh freisin barúlacha a tháinig chun cinn ón gcomhairliúchán poiblí a seoladh i nDeireadh Fómhair 2021, lenar tugadh cuireadh d’institiúidí eile de chuid an Aontais agus do na príomhpháirtithe leasmhara uile dul i mbun plé ar an ábhar.
Bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe ar rialachas eacnamaíoch agus an chomhairliúcháin phoiblí a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus ar bhonn na dtreoirlínte a cuireadh ar aghaidh i dTeachtaireacht an 9 Samhain 2022, tá sé mar aidhm ag an bpacáiste reachtach creat rialachais an Aontais a dhéanamh níos simplí (trí úsáid a bhaint as táscaire oibriúcháin aonair i bhfoirm conair ghlanchaiteachais agus trí cheanglais tuairiscithe a shimpliú go háirithe trí phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach iomlánaíoch, aonair, comhtháite a thabhairt isteach), níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí, le húinéireacht náisiúnta mhéadaithe agus forfheidhmiú níos fearr, rud a cheadaíonn athchóiriú agus infheistíocht agus, an tráth céanna, a laghdaíonn cóimheasa arda fiachais phoiblí ar bhealach réalaíoch, de réir a chéile agus marthanach. Ar an mbealach seo, i gcomhthéacs Seimeastar Eorpach níos láidre agus níos éifeachtaí, ba cheart an creat leasaithe a bheith ina chuidiú le geilleagar Eorpach glas, digiteach agus athléimneach na todhchaí a thógáil, agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a áirithiú sna Ballstáit uile. Tá na tograí athchóirithe múnlaithe mar sin ag na leibhéil fiachais phoiblí níos airde agus níos éagsúla a breathnaíodh le roinnt blianta anuas agus an gá atá le leibhéil arda infheistíochta a chothú le haghaidh na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, an gá atá le slándáil fuinnimh agus uathriail straitéiseach oscailte a áirithiú, chomh maith le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, agus compás straitéiseach le haghaidh slándála agus cosanta a chur chun feidhme.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
I bhfianaise mhéid na n‑athruithe is gá chun treoirlínte an Choimisiúin an 9 Samhain 2022 maidir le hathchóiriú ar chreat rialachais an Aontais a chur chun feidhme, beartaítear an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhordú éifeachtach beartas eacnamaíoch agus faireachais bhuiséadaigh iltaobhaigh a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1466/97.
Tá sé mar aidhm ag na trí phíosa reachtaíochta seo creat athchóirithe a bhunú a bhraitheann ar threoirlíne mheántéarmach agus ar úinéireacht náisiúnta arb é is aidhm dó laghdú inchreidte agus substaintiúil ar leibhéil arda fiachais a bhaint amach agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn. Coinníonn an creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe, dá bhrí sin cuspóirí bunúsacha maidir le smacht buiséadach agus fás a spreagadh de Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) agus a fhorálacha bunaidh sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
An tráth céanna, agus airgeadas poiblí atá fónta agus inbhuanaithe mar aidhm aige chomh maith le fás a spreagadh, leis an gcreat athchóirithe comhlíontar freisin príomhchuspóirí an Chomhshocraithe Fhioscaigh arb é Teideal III é den Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (TSCG). Ina theannta sin, le heilimintí eile den reachtaíocht atá beartaithe coinnítear substaint an Chomhaontaithe Fhioscaigh. Le treoirlíne mheántéarmach bunaithe ar dhúshláin fiachais thírshonracha, léiríonn an Rialachán seo go páirteach an ceanglas atá ar an gComhshocrú Fioscach maidir le cóineasú le riochtaí meántéarmacha atá le moladh agus dúshláin fiachais phoiblí thírshonracha á gcur san áireamh (Airteagal 3(1), pointe b, de TSCG). Agus béim á leagan ar an gcomhardú struchtúrtha, ceanglaítear leis an gComhshocrú Fioscach freisin anailís ar chaiteachas glan ar bhearta ioncaim lán‑roghnaigh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar chomhlíontacht (Airteagal 3(1) pointe b de TSCG), agus tacaítear leis an anailís sin sa Rialachán seo. Ní cheadaíonn an Comhshocrú Fioscach dialltaí sealadacha ón gcuspóir meántéarmach nó ón gconair choigeartaithe chuige ach amháin in imthosca eisceachtúla (Airteagal 3(1), pointe c de TSCG), mar a shamhlaítear sa Rialachán seo. Sonraítear sa Chomhshocrú Fioscach, i gcás ina mbíonn dialltaí suntasacha breathnaithe ón gcuspóir meántéarmach nó ón gconair coigeartaithe ina threo, nach mór bearta a chur chun feidhme chun na dialltaí a choigeartú thar thréimhse ama shainithe (Airteagal 3(1), pointe (e), de TSCG). Ar an mbealach céanna, leis an gcreat athchóirithe ceanglaítear ceartúcháin a dhéanamh ar dhialltaí ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle. Thairis sin, nuair a bhíonn easnamh sa bhreis ar 3 % de OTI, is féidir go gcuirfear an Ballstát faoin nós imeachta um easnamh iomarcach. I gcás Ballstát ag a bhfuil fiachas os cionn 60 % de OTI, neartófaí an EDP fiachasbhunaithe: dhíreodh sé ar imeachtaí ón gconair ghlanchaiteachais, lena ndéanfaí an tagarmharc um laghdú fiachais atá ann faoi láthair a ionadú (an ‘riail 1/20ú’ mar a thugtar air), rud a chuir iarracht fhioscach ró‑éilitheach i bhfeidhm. Sanntar leis an gComhshocrú Fioscach ról faireacháin ar an gcomhlíontacht lena chuid rialacha d’institiúidí fioscacha neamhspleácha náisiúnta, agus tá na forálacha maidir le ról agus neamhspleáchas na n‑institiúidí faireacháin sin, ar ghá iad a mhionsonrú i bprionsabail choiteanna arna moladh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de TSCG, comhtháite go hiomlán anois sa togra lena leasaítear Treoir 2011/85. Foráiltear leis an gComhshocrú Fioscach go mbíonn ról ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle sa phróiseas forfheidhmithe (Airteagal 5 de TSCG), mar a luaitear sa togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle.
Comóntachtaí idir an Comhshocrú Fioscach agus an creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe, eascraíonn siad freisin as cur chun feidhme an Chomhshocraithe Fhioscaigh sna dlíchórais náisiúnta. Rinne an chuid is mó de na Páirtithe Conarthacha na forálacha TSCG a thrasuí isteach i ndlíthe náisiúnta ag cur isteach nasc díreach le dlíthe comhfhreagracha an Aontais. Tá feidhm aige sin maidir leis an gcuspóir meántéarmach agus leis an gconair chóineasaithe agus leis an measúnú ar dhiall suntasach chomh maith leis sin nó forálacha lena gceanglaítear na moltaí arna nglacadh ag an gComhairle a leanúint (agus iad uile tarraingthe ó Rialachán (CE) Uimh. 1466/97).
I bhfianaise na gcomóntachtaí sin, is féidir a mheas maidir leis an gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe go ndéantar substaint fhorálacha fioscacha TSCG a chorprú leis i gcreat dlíthiúil an Aontais, de réir Airteagal 16 de TSCG.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra mar chuid de phacáiste a bhfuil mar aidhm aige bogadh chuig creat faireacháin riosca-bhunaithe comhchoiteann an Aontais lena ndéantar idirdhealú idir na Ballstáit trína ndúshláin fiachais phoiblí a chur san áireamh. Déanann sé athbhreithniú ar chreat fioscach an Aontais trí chuspóirí fioscacha, athchóirithe agus infheistíochta a chomhtháthú in aon phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach iomlánaíoch amháin a bheidh mar bhunchloch an chreata nua. Áireofar sa phlean na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta uile a ghlac Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, lena n‑áirítear na moltaí tírshonracha. D’fhéadfadh sraith de na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta sin síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh ar choinníoll go gcomhlíonann siad, ina n‑iomláine, critéir áirithe amhail fás a fheabhsú (áirítear le samplaí d’athchóirithe den sórt sin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aosaithe an daonra, feidhmiú mhargadh an tsaothair a fheabhsú agus soláthar an tsaothair a mhéadú, nuálaíocht a spreagadh agus scileanna a neartú, an timpeallacht ghnó a fheabhsú, deireadh a chur le bacainní ar an Margadh Aonair agus aghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha), tacú le hinbhuanaitheacht fhioscach (áirítear le samplaí d’athchóirithe den sórt sin athchóirithe pinsean, athchóirithe a fheabhsaíonn cost‑éifeachtacht an chaiteachais phoiblí, nó athchóirithe a mhéadaíonn bailiú cánach) agus a bheith i gcomhréir le comh-thosaíochtaí an Aontais mar a shainítear iad in Iarscríbhinn VI den Rialachán atá beartaithe.
Idirghníomhaíonn an Rialachán atá beartaithe le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú sa mhéid is go bhféadfaidh an Chomhairle moladh a ghlacadh lena mbunófar go bhfuil míchothromaíocht iomarcach ann i gcás ina dteipeann ar Bhallstát na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá san áireamh ina phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha atá ábhartha don Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha. Thairis sin, má tá Ballstát faoi Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Iomarcacha, caithfidh sé plean fioscach struchtúrtha meántéarmach athbhreithnithe a chur isteach faoin Rialachán atá beartaithe a fheidhmeoidh mar an plean gníomhaíochta ceartaithí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.
Idirghníomhaíonn an togra atá beartaithe le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais. Beidh Ballstáit sa limistéar euro faoi chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch faoi Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 díolmhaithe ó phleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta agus tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a chur isteach faoin Rialachán atá beartaithe ar feadh ré an chláir. Thairis sin, beidh ar Bhallstáit an limistéir euro atá faoi fhaireachas feabhsaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 na moltaí a dtug an Chomhairle aghaidh orthu i gcomhréir le hAirteagal 121(4) CFAE a chur san áireamh i gcás diall ón gconair ghlanchaiteachais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 121(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) is bunús dlí don ionstraim seo.
Ceadaíonn an fhoráil seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le faireachas iltaobhach ar na Ballstáit, lena n‑áirítear nós imeachta iltaobhach a bhunú ar dá réir a ndéantar measúnú ar bheartais na mBallstát. Is é an príomhchuspóir atá taobh thiar d’Airteagal 121 CFAE beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú i bhfianaise na n‑idirspleáchas atá eatarthu.
Baineadh úsáid as Airteagal 121(6) CFAE mar bhunús dlí le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, a gcuirfí an togra reatha ina ionad. Tá cuspóir an togra seo fós cosúil le cuspóir Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, is é sin comhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus a bhfaireachas buiséadach iltaobhach a áirithiú d’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na prionsabail threoracha maidir le praghsanna cobhsaí, airgeadas fónta poiblí agus coinníollacha airgeadaíochta fónta agus comhardú inbhuanaithe na n‑íocaíochtaí.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá sé mar aidhm ag an togra bogadh chuig creat faireachais AE atá bunaithe ar riosca a dhéanann idirdhealú idir na Ballstáit trí na dúshláin fiachais phoiblí atá acu a chur san áireamh. Is bunchloch den chreat atá beartaithe iad na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta. Dhéanfaidís cuspóirí fioscacha, athchóirithe agus infheistíochta a chomhtháthú, lena n‑áirítear cuspóirí chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha i gcás inar gá, agus chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, i bplean meántéarmach iomlánaíoch amháin, rud a chruthódh próiseas comhleanúnach agus cuíchóirithe. Bheadh níos mó saoirse ag na Ballstáit ó thaobh a gconair ghlanchaiteachais fhioscaigh a shocrú, rud a neartódh úinéireacht náisiúnta a gcuid conairí fioscacha. An tráth céanna, tá sé ríthábhachtach go mbeidh na pleananna sin bunaithe ar chreat comhchoiteann de chuid an Aontais i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh chun faireachas iltaobhach ar na Ballstáit a áirithiú i bhfianaise na n‑iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i measc comhaltaí aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Áirithítear leis sin freisin cóir chomhionann idir na Ballstáit agus comhsheasmhacht le comh-thosaíochtaí an Aontais.
Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ní féidir leis na Ballstáit a chuspóir, is é sin comhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus a bhfaireachas buiséadach iltaobhach a cheanglaítear le CFAE a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach agus is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.
•Comhréireacht
Urramaítear leis an togra prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a lorgaítear leis an ionstraim a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
In Airteagal 121(6) CFAE déantar foráil maidir le rialacháin.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Foilsíodh measúnaithe siarbhreathnaitheacha maidir le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais i mí Feabhra 2020 agus i mí Dheireadh Fómhair 2021.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tharla comhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara. Is é a bhí ann:
·Comhairliúchán ar líne chun tuairimí páirtithe leasmhara, na sochaí sibhialta agus saoránach a bhailiú. Foilsíodh tuarascáil achomair maidir le toradh an chomhairliúcháin sin i mí an Mhárta 2022.
·Bhí pléití doimhne de réir téamaí leis na Ballstáit sa Chomhairle (ECOFIN), sa Ghrúpa Euro, sa Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus sa Choiste um Beartas Eacnamaíoch.
Tugadh na torthaí san áireamh i dTeachtaireacht an 9 Samhain 2022 ón gCoimisiún maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, agus sa togra atá ann faoi láthair.
Tar éis ghlacadh na Teachtaireachta an 9 Samhain 2022, tá ábhar breise curtha ar fáil ag an gCoimisiún do na Ballstáit maidir le tionchar an athchóirithe atá beartaithe agus bhí tuilleadh pléití ar siúl leis na Ballstáit sa Chomhairle agus le Parlaimint na hEorpa, a cuireadh san áireamh sa togra seo:
·Ghlac Parlaimint na hEorpa a tuarascálacha bliantúla maidir leis an Seimeastar Eorpach an 15 Márta 2023 a bhí dírithe freisin ar athchóiriú chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus ar thodhchaí an tSeimeastair Eorpaigh.
·Ghlac an Chomhairle (ECOFIN) Conclúidí maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais 14 Márta 2023, a d’fhormhuinigh Comhairle na hEorpa an 23-24 Márta 2023.
•Measúnú tionchair
Deonaíodh maolú ó mheasúnú tionchair don togra ar fhoras (i) easpa roghanna mar go leagtar síos teorainneacha an athbhreithnithe le creat fioscach an Aontais agus (ii) díriú ar athruithe spriocdhírithe (iii) nach mbíonn méadú ar cheanglais tuairiscithe do Bhallstáit mar thoradh orthu agus (iv) a mbíonn gníomhaíochtaí bailithe fianaise a rinneadh le déanaí, arna bhfoilsiú mar dhoiciméid inmheánach oibre agus Teachtaireachtaí ón gCoimisiún a dréachtaíodh idir 2020 agus 2022, mar bhonn leo.
•Cearta bunúsacha
Níl iarmhairtí ag an togra ar chearta.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní cheanglaítear leis an Rialachán atá beartaithe bearta chun a chur chun feidhme a éascú. Ní thugann ábhar na gníomhaíochta reachtaí seo dúshláin cur chun feidhme do na Ballstáit.
Leis an Rialachán atá beartaithe déantar ceanglais tuairiscithe a shimpliú do na Ballstáit trí úsáid a bhaint as táscaire oibriúcháin aonair i bhfoirm conair ghlanchaiteachais agus trí phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta iomlánaíoch, aonair, comhtháite a thabhairt isteach a chuirfear in ionad na gClár Cobhsaíochta nó Cóineasaithe agus Chláir Náisiúnta Athchóirithe na mBallstát.
Tá clásal athbhreithnithe sa Rialachán atá beartaithe faoi Airteagal 36 faoina bhfoilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo gach 5 bliana. Déanfaidh an tuarascáil athbhreithniú ar: (i) éifeachtacht an Rialacháin, go háirithe cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na forálacha lena rialaítear cinnteoireacht láidir a dhóthain chun conair anuas a áirithiú don fhiachas poiblí nó chun é a choinneáil ar leibhéal stuama; (ii) an dul chun cinn chun comhordú níos dlúithe ar bheartas eacnamaíocha na mBallstát agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE.
Chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit creat rialachais athbhreithnithe an Aontais chun feidhme, beidh méadú ar úinéireacht náisiúnta ina phríomheilimint den athchóiriú. Déanfar é sin trí cheanglais chreat chomhchoiteann an Aontais a chomhtháthú ar bhealach níos fearr sna díospóireachtaí náisiúnta beartais agus trí ról na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha a leathnú trína n‑áireamh san fhaireachán ar chur chun feidhme a bpleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta ag na Ballstáit. Ina theannta sin, scrúdóidh an Coimisiún conas ról an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh a neartú, agus an ról faireachais a thugtar don Choimisiún le Conarthaí an Aontais á chaomhnú aige. Faoi láthair, tá sé de chúram ar an mBord Fioscach Eorpach meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme chreat fioscach an Aontais, go háirithe a chomhsheasmhacht chothrománach, cásanna féideartha neamhchomhlíontachta tromchúiseacha agus oiriúnacht an tseasaimh fhioscaigh. Cuireann sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis na saincheisteanna sin agus luann sé na roghanna beartais atá ar fáil faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis má shainaithníonn sé rioscaí do dhea‑fheidhmiú AEA. Téann sé i gcomhar freisin le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha náisiúnta chun dea‑chleachtas a mhalartú agus chun comhthuiscint a éascú. D’fhéadfaí go n‑áireofaí ar chúraimí nua don Bhord Fioscach Eorpach eolas a thabhairt don mheastóireacht thréimhsiúil ar an gcreat athchóirithe agus measúnuithe a sholáthar ar chur chun feidhme eilimintí lárnacha an chórais rialachais athchóirithe. D’fhéadfadh an Bord tuairim a sholáthar freisin chun bonn eolais a chur faoin gcinneadh ón gComhairle maidir leis an gclásal ginearálta éalaithe a ghníomhachtú (nó a shíneadh).
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Cuirtear i láthair i gCaibidil 1 (Airteagail 1 agus 2) den Rialachán atá beartaithe cuspóir an Rialacháin arb é atá ann go háirithe rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le hinneachar pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta, agus maidir le cur isteach, measúnú agus faireachán a dhéanamh orthu. Sainítear ann freisin na príomhthéarmaí a úsáidtear sa Rialachán.
I gCaibidil 2 (Airteagail 3 agus 4) den Rialachán atá beartaithe tá na rialacha lena rialaítear an Seimeastar Eorpach. Tugann siad creat fioscach an Aontais isteach i dtimthriall faireachais an tSeimeastair Eorpaigh. Foráiltear leo freisin nach mór do na Ballstáit an treoraíocht a thugann an Chomhairle a chur san áireamh, agus na hionstraimí dlí a bhféadfadh mainneachtain ag Ballstáit déanamh amhlaidh a bheith mar thoradh orthu a liostú.
Díríonn Caibidil 3 (Airteagail 5 go 8) den Rialachán atá beartaithe ar an gconair theicniúil atá le heisiúint ag an gCoimisiún do Bhallstáit a bhfuil fiachas poiblí acu os cionn 60 % den OTI nó easnamh rialtais os cionn 3 % den OTI.
Leagtar amach i gCaibidil 4 (Airteagail 9 go 19) den Rialachán atá beartaithe an próiseas le haghaidh na bpleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha. Bunaítear leo an oibleagáid atá ar gach Ballstát plean fioscach struchtúrtha meántéarmach a chur isteach, cuspóirí an idirphlé theicniúil idir an Coimisiún agus an Ballstát sula gcuirtear na pleananna isteach, inneachar agus ceanglais na bpleananna, na coinníollacha agus critéir maidir le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartaithe, próiseas measúnaithe an phlean ag an gCoimisiún agus an próiseas formhuinithe ag an gComhairle. Leagtar amach iontu freisin na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar Bhallstát plean athbhreithnithe a chur isteach agus faoina bhféadfaidh an Chomhairle athbhreithniú a mholadh ar an gconair ghlanchaiteachais a fhormhuiníonn an Chomhairle i gcás ina mainneoidh an Ballstát na coinníollacha is gá a chomhlíonadh maidir le plean athbhreithnithe a chur isteach nó na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a chur chun feidhme ar cuireadh síneadh leis an tréimhse choigeartaithe mar thoradh orthu.
Bunaítear i gCaibidil 5 (Airteagail 20 go 25) den Rialachán atá beartaithe an próiseas faireacháin do na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta agus cad a tharlóidh i gcás riosca mór diallta ón gconair ghlanchaiteachais. Ní mór do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a chur isteach agus déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na gconairí glanchaiteachais lena n‑áirítear trí chuntas rialaithe a chur ar bun. Bunaítear leis na hAirteagail freisin ról na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha náisiúnta sa phróiseas faireacháin agus cuirtear i bhfeidhm leo na coinníollacha faoinar féidir clásal éalaithe ginearálta nó clásal éalaithe tírshonrach a ghníomhachtú.
Leagtar síos i gCaibidil 6 (Airteagail 26 go 29) den Rialachán atá beartaithe na coinníollacha faoina dtarlóidh an t‑idirphlé eacnamaíoch idir na hinstitiúidí agus na Ballstáit, lena n‑áirítear an gá Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin, an riail ‘comhlíonadh nó míniú’, agus an fhéidearthacht do Pharlaimint na hEorpa tuairimí a mhalartú le Ballstát ina bhfuil baol nach beag ann go n‑imeoidh sé ón gconair ghlanchaiteachais.
Bunaítear le Caibidil 7 (Airteagal 30) den Rialachán atá beartaithe an idirghníomhaíocht le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 lena gceanglaítear go ndéanfar breithniú ar sheoladh an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Iomarcacha i gcás nach gcuirfidh na Ballstáit na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta chun feidhme atá ábhartha don Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha atá ar áireamh ina phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach. Forálann sé freisin, nuair a sheolfar an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Iomarcacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, go mbeidh ar an mBallstát plean fioscach struchtúrtha meántéarmach athbhreithnithe a chur isteach a fheidhmeoidh mar an plean gníomhaíochta ceartaithí faoin Rialachán deiridh.
I gCaibidil 8 (Airteagal 31) den Rialachán atá beartaithe leagtar amach an idirghníomhaíocht le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013. Díolmhaítear leis Ballstáit sa limistéar euro atá faoi réir clár coigeartaithe maicreacnamaíoch ó phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach agus tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn a chur isteach agus ceanglaítear leis go ndéanfaidh Ballstáit an limistéir euro atá faoi fhaireachas feabhsaithe moltaí a dtug an Chomhairle aghaidh orthu a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 121(4) CFAE i gcás diall ón gconair ghlanchaiteachais.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún i gCaibidil 9 (Airteagail 32 agus 33) den Rialachán atá beartaithe athruithe a dhéanamh ar na hiarscríbhinní (ach amháin Iarscríbhinn I) trí ghníomhartha tarmligthe agus leagtar amach inti na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Coimisiún an tarmligean sin a fheidhmiú.
Bunaítear le Caibidil 10 (Airteagail 34 go 38) den Rialachán atá beartaithe na forálacha coiteanna a bhfuil feidhm leo maidir leis an Rialachán atá beartaithe maidir le hidirphlé leis na Ballstáit agus misin chuig na Ballstáit, an clásal athbhreithnithe, aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 agus an teacht i bhfeidhm.
Tá na heilimintí seo a leanas in Iarscríbhinní I go VII den Rialachán atá beartaithe: na critéir chun an chonair theicniúil mheántéarmach a shocrú do Bhallstáit a bhfuil fiachas poiblí acu os cionn 60 % den OTI nó easnamh rialtais os cionn 3 % den OTI acu; an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha; an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit sna tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn; feidhmiú an chuntais rialaithe; an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht an Choimisiúin; liosta de comh-thosaíochtaí an Aontais; agus an creat measúnaithe don tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh thréimhse an choigeartaithe fhioscaigh.
2023/0138 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (fonóta)
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Béarfaidh comhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát laistigh den Aontas, mar a fhoráiltear dó leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), comhlíonadh na dtreoirphrionsabal arb iad praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta agus dálaí airgeadaíochta fónta, agus comhardú inbhuanaithe na n‑íocaíochtaí.
(2)Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), ina raibh Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 agus an Rún ón gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 1997 maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta agus inbhuanaithe mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás inbhuanaithe láidir a bhfuil cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca leis, agus ar an gcaoi sin tacú le cuspóirí an Aontais maidir le fás agus fostaíocht atá inbhuanaithe agus cuimsitheach a ghnóthú.
(3)Is cuid den Seimeastar Eorpach é an creat rialachais fhioscaigh, atá ina ábhar den Rialachán seo, a chuimsíonn freisin comhordú agus faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta níos leithne na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 121 agus le hAirteagal 148 CFAE.
(4)Tá rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile sa Seimeastar Eorpach ríthábhachtach chun úinéireacht agus ceapadh beartais atá trédhearcach agus cuimsitheach a áirithiú.
(5)Ba cheart creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a oiriúnú chun ilchineálacht mhéadaithe na riochtaí fioscacha, na ndúshlán fiachais phoiblí agus leochaileachtaí eile ar fud na mBallstát a chur san áireamh níos fearr. Bhí an fhreagairt láidir bheartais ar an bpaindéim COVID-19 an-éifeachtach maidir le dochar eacnamaíoch agus sóisialta na géarchéime a mhaolú, ach tháinig méadú suntasach ar chóimheasa fiachais sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí mar thoradh ar an ngéarchéim, rud a léirigh an tábhacht a bhaineann le cóimheasa fiachais a laghdú go dtí leibhéil stuama ar bhealach marthanach lena gcothófaí an fás de réir a chéile agus aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus aird chuí á tabhairt ar chuspóirí fostaíochta agus sóisialta. An tráth céanna, ba cheart creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a oiriúnú chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha atá roimh an Aontas, lena n‑áirítear aistriú cothrom digiteach agus glas a bhaint amach, an Dlí Aeráide san áireamh, slándáil fuinnimh a áirithiú, neamhspleáchas straitéiseach oscailte, aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach, athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a neartú, agus an compás straitéiseach um shlándáil agus cosaint a chur chun feidhme, a bhfuil gá ag gach ceann acu le hathchóirithe agus ardleibhéil seasmhacha infheistíochta sna blianta amach romhainn.
(6)I gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais ba cheart inbhuanaitheacht fiachais agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur ag a lár agus dá bhrí sin idirdhealú a dhéanamh idir Ballstáit trína ndúshláin fiachais phoiblí a chur san áireamh agus conairí fioscacha tírshonracha a cheadú.
(7)Leis an nós imeachta faireachais iltaobhaigh a leagtar amach in Airteagal 121(2), (3) agus (4) agus in Airteagal 148(4) CFAE ba cheart faireachán a dhéanamh i gcomhréir le rialacha níos mionsonraithe ar raon iomlán na bhforbairtí eacnamaíocha agus fostaíochta i ngach ceann de na Ballstáit agus san Aontas. Áirítear leis sin míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath agus míchothromaíochtaí iomarcacha a chosc agus a cheartú mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 agus (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fostaíochta den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a chur isteach i bhfoirm pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha.
(8)Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le hinneachar, cur isteach, measúnú agus faireachán na bpleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta, chun inbhuanaitheacht fiachais agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit agus cosc a chur ar easnaimh rialtais iomarcacha trí phleanáil mheántéarmach.
(9)Sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta ba cheart na hathchóirithe fioscacha agus struchtúrtha agus na gealltanais infheistíochta atá ag gach Ballstát a thabhairt le chéile agus ba cheart na pleananna sin a bheith ina mbunchloch le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Ba cheart do gach Ballstát plean meántéarmach a chur isteach ina leagtar amach a chonair fhioscach chomh maith le gealltanais infheistíochta phoiblí agus athchóirithe tosaíochta lena n‑áirithítear le chéile laghdú marthanach de réir a chéile ar fhiach agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena seachnaítear beartas fioscach comh-thimthriallach, chomh maith le gealltanais athchóirithe agus infheistíochta níos leithne, lena n‑áirítear i ndáil leis na haistrithe glasa agus digiteacha, athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch agus cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Le linn shaolré na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, ba cheart na gealltanais a rinneadh sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta náisiúnta a chur san áireamh go cuí.
(10)Déantar cistí beartais chomhtháthaithe a shioncrónú freisin le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Mar bheartas infheistíochta fadtéarmach bhuiséad an Aontais, ba cheart infheistíochtaí agus athchóirithe sa bheartas comhtháthaithe a chur san áireamh go cuí freisin agus na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta á dtarraingt suas. Ba cheart do gach Ballstát a mhíniú freisin conas a áiritheoidh a phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta comhsheasmhacht leis an gcaiteachas ar chláir de chuid an Aontais arna mheaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais agus leis an gcómhaoiniú náisiúnta ábhartha.
(11) Sula gcuirtear isteach an plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta, ba cheart idirphlé teicniúil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun comhlíontacht fhorálacha an Rialacháin seo a áirithiú. Ar bhonn moladh ón gCoimisiún, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais a shocrú agus na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a fhormhuiniú, lena n‑áirítear na gealltanais a glacadh chun an tréimhse choigeartaithe a fhadú, de réir mar is iomchuí.
(12)D’fhonn creat fioscach an Aontais a shimpliú agus trédhearcacht a mhéadú, ba cheart táscaire oibriúcháin aonair a bheadh bunaithe ar inbhuanaitheacht fiachais a bheith mar bhonn leis an gconair fhioscach a leagan amach agus le faireachas fioscach bliantúil a dhéanamh do gach Ballstát. Ba cheart an táscaire oibriúcháin aonair sin a bheith bunaithe ar phríomhchaiteachas glan maoinithe go náisiúnta, is é sin le rá caiteachas glan ar bhearta ioncaim lán‑roghnaigh agus gan caiteachas úis chomh maith le caiteachas dífhostaíochta timthriallaí agus caiteachas ar chláir an Aontais meaitseáilte go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais. Cumasaítear leis an táscaire seo cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch toisc nach ndéantar difear dó le cobhsaitheoirí uathoibríocha a oibriú, lena n‑áirítear luaineachtaí ioncaim agus caiteachais nach bhfuil faoi rialú díreach an rialtais.
(13)Chun treoraíocht a thabhairt do na Ballstáit agus iad ag dréachtú a bplean fhioscaigh struchtúrtha meántéarmach, ba cheart don Choimisiún conair theicniúil a chur ar aghaidh a bheidh bunaithe ar an gcoigeartú fioscach íosta a thugann conair fiachais an Bhallstáit anuas ar bhealach inchreidte nó a choinníonn fiacha ar leibhéal stuama. Ba cheart dó a áirithiú freisin go laghdófar an cóimheas fiachais phoiblí ag deireadh na tréimhse pleanála faoi bhun a leibhéil sa bhliain roimh thús na conaire teicniúla. Ba cheart inbhuanaitheacht an laghdaithe fiachais sin a bheith mar thoradh ar bheartais fhioscacha iomchuí.
(14)Leis an gconair theicniúil a chuir an Coimisiún ar aghaidh ba cheart a áirithiú freisin go dtabharfar agus go gcoinnítear an t‑easnamh rialtais faoi bhun 3 % de luach tagartha an olltáirgeachta intíre (OTI).
(15)Chun a mheasúnú an bhfuil gá le tuilleadh coigeartuithe i dtreo dheireadh na tréimhse ceithre bliana cur chun feidhme den phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta, ba cheart don Choimisiún an scéal a athmheasúnú má tá fiachas poiblí an Bhallstáit fós os cionn 60 % de luach tagartha OTI nó má tá a easnamh rialtais níos airde ná 3 % de luach tagartha OTI.
(16)Ba cheart do gach plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta a stádas a lua i gcomhthéacs nósanna imeachta náisiúnta, go háirithe cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh an plean faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta agus ar fhormheas nó nár fhormheas an pharlaimint an plean. Sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta ba cheart a léiriú freisin cé acu an raibh nó nach raibh deis ag an bparlaimint náisiúnta an moladh ón gComhairle maidir leis an bplean roimhe sin agus, más ábhartha, aon mholadh nó cinneadh eile ón gComhairle, nó aon rabhadh ón gCoimisiún a phlé.
(17)Nuair a úsáideann na Ballstáit toimhdí ina bplean fioscach struchtúrtha meántéarmach atá éagsúil le creat caighdeánach réamh‑mheastacháin fiachais meántéarmach an Choimisiúin, ba cheart dóibh na difríochtaí a mhíniú agus údar cuí a thabhairt leo ar bhealach trédhearcach agus bunaithe ar argóintí eacnamaíocha fónta.
(18)Ós rud é go bhféadfadh costais bhreise a bheith ar na Ballstáit ag deireadh a bplean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh amhail costais aosaithe nó difreálach neamhfhabhrach maidir le fás úis, ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh comhardú ceannlíne ag deireadh na tréimhse coigeartaithe leordhóthanach chun a áirithiú go bhfanfaidh an t‑easnamh go buan faoi bhun an 3 % de luach tagartha OTI.
(19)Chun idirghníomhú cuí a cheadú idir creat comhchoiteann an Aontais agus na creataí buiséadacha náisiúnta, níor cheart don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ach ar fhorbairtí ar ghlanchaiteachas príomhúil arna maoiniú go náisiúnta. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a gcuspóirí buiséadacha náisiúnta a shocrú i dtéarmaí táscaire difriúil, amhail an comhardú struchtúrtha má cheanglaíonn a gcreat buiséadach náisiúnta é sin.
(20)I measúnú an Choimisiúin ar na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta ba cheart scrúdú a dhéanamh ar inchreidteacht na dtoimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha go háirithe, a mhéid a imíonn siad uathu siúd is bun leis an gconair theicniúil. Go háirithe, ba cheart na réamh‑mheastacháin fiachais a bhaineann le beartas gan athrú atá le cur san áireamh sa phlean a bheith comhsheasmhach agus inchomparáide le réamh‑mheastacháin an Choimisiúin.
(21)Chun cur chun feidhme na bpleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha a áirithiú, ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle faireachán a dhéanamh ar na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a dhéantar sna pleananna sin faoin Seimeastar Eorpach, bunaithe ar na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a chuir na Ballstáit isteach, agus i gcomhréir le forálacha Airteagail 121 agus 148 CFAE. Chuige sin, ba cheart dóibh dul i mbun idirphlé i leith an tSeimeastair Eorpaigh le Parlaimint na hEorpa.
(22)Chun laghdú fiachais de réir a chéile a áirithiú, féadfar an tréimhse choigeartaithe a fhadú 3 bliana ar a mhéad má chuireann an Ballstát bonn taca faoina phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach le sraith athchóirithe agus infheistíochtaí infhíoraithe agus faoi cheangal ama a dhéanann na nithe seo a leanas nuair a chuirtear le chéile iad: a chuireann leis an bhfás, a thacaíonn le hinbhuanaitheacht fhioscach, a thugann aghaidh ar chomh-thosaíochtaí an Aontais, a thugann aghaidh ar mholtaí tírshonracha a dhírítear chuig an mBallstát faoin Seimeastar Eorpach, agus a thugann aghaidh ar na tosaíochtaí infheistíochta tírshonracha gan ciorruithe ar infheistíocht phoiblí eile arna maoiniú go náisiúnta a bheith mar thoradh air thar an tréimhse choigeartaithe chun tionchar maicreacnamaíoch na n‑infheistíochtaí a áirithiú agus chun plódú tosaíochtaí infheistíochta eile a sheachaint.
(23)D’fhonn próiseas cothrom agus trédhearcach a áirithiú, ba cheart na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a mheasúnú trí úsáid a bhaint as creat comhchoiteann de chuid an Aontais. Le linn shaolré na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, is féidir na gealltanais a tugadh sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta náisiúnta a mheas sa mheasúnú ar an iarraidh ar an tréimhse choigeartaithe a mhéadú, i gcás inarb infheidhme. Ba cheart na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh thréimhse an bhealaigh fhioscaigh a bheith ar cóimhéid le méid na ndúshlán a bhaineann don fhiachas poiblí mar a suíodh sa Mhonatóir Inbhuanaitheacht Fiachais ba dhéanaí a tugadh cothrom le dáta agus ar cóimhéid leis na dúshláin a bhaineann don fhás meántéarmach sa Bhallstát. Maidir leis na Ballstáit ina bhfuil dúshláin a bhaineann don fhiachas poiblí nasctha le dúshláin mhóra atá roimh fhás meántéarmach, tá coinne leis go dtabharfar aghaidh, leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí, ar na bacainní ar fhás meántéarmach freisin.
(24)Ba cheart na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a cuireadh ar aghaidh sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta a ailíniú le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Ba cheart na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta sin a bheith comhsheasmhach le cur chun feidhme na straitéisí náisiúnta a chuir an Ballstát lena mbaineann ar aghaidh freisin chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí ábhartha an Aontais. Le linn shaolré na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, i gcás inarb ábhartha, ba cheart crostagairtí a dhéanamh do na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta chun comhsheasmhacht le beartais a áirithiú.
(25)I gcás nach gcomhlíontar na gealltanais infhíoraithe athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoin mbealach glanchaiteachais níos grádaithe laistigh den sprioc-am sonraithe, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, a mholadh go ndéanfaí an coigeartú sin a ghéarú, is é sin le rá trí shíneadh na conaire glanchaiteachais a ghiorrú.
(26)Chun bonn a chur faoi ghníomhaíochtaí forfheidhmithe, go háirithe faoi thuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE, ba cheart don Choimisiún cuntas rialaithe a bhunú do gach Ballstát chun rian a choinneáil ar dhialltaí bliantúla an ghlanchaiteachais a thugtar faoi deara sa Bhallstát, ar dialltaí ón gconair ghlanchaiteachais iad arna leagan síos ag an gComhairle, chun na dialltaí sin a shuimeáil le himeacht ama.
(27)Is léir an inniúlacht atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha smacht fioscach a chothú agus creidiúnacht airgeadas poiblí na mBallstát a neartú. D’fhonn úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, ba cheart an ról atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha, ar tugadh sainordú dóibh go traidisiúnta faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an gcreat náisiúnta, a leathnú chuig creat rialachais eacnamaíoch an Aontais.
(28)Agus tuairim á tabhairt uaidh ag an gCoimisiún maidir leis na dréacht-phleananna buiséadacha arna gcur i láthair de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil na dréacht-phleananna buiséadacha i gcomhréir leis na conairí glanchaiteachais de bhun an Rialacháin sin.
(29)Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na rioscaí suntasacha a bhaineann le dialltaí ag seasaimh bhuiséadacha ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle. Dá bhrí sin is iomchuí an nós imeachta faireachais iltaobhaigh a leagtar amach in Airteagal 121(3) agus (4) CFAE a chomhlánú le córas réamhrabhaidh trína gcuireann an Coimisiún Ballstát ar an eolas go luath de bhun Airteagal 121(4) CFAE go bhfuil gá leis an ngníomhaíocht bhuiséadach cheartaitheach a dhéanamh atá riachtanach chun bac a chur ar easnamh a rialtais féin a bheith iomarcach. Thairis sin, sa chás gur ann do thitim siar dhianseasmhach sa bhuiséad, ba cheart don Chomhairle an moladh dá cuid a atreisiú agus é a chur faoi bhráid an phobail.
(30)I gcás mór‑shuaite don limistéar euro nó don Aontas ina iomláine, is gá clásal éalaithe ginearálta a bheith ann chun go mbeifear in ann plé le géar‑shleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine trí ligean do dhiall ón gconair ghlanchaiteachais ar choinníoll nach gcuirtear inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma dá bharr sin.
(31)Ba cheart clásal éalaithe tírshonrach a bheith ann chun go mbeifear in ann diall ón gconair ghlanchaiteachais ar choinníoll nach gcuirfí inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma i gcás imthosca eisceachtúla, amhail teagmhais eisginiúla dothuartha nárbh fhéidir a chosc agus a mbeadh gá le bearta fioscacha frith-thimthriallacha ina n‑aghaidh, nach mbeadh smacht ag an mBallstát orthu, a mbeadh tionchar nach beag orthu ar airgeadas poiblí an Bhallstáit. Ba cheart méid an tsuaite fhoriomláin a tharlaíonn de thoradh an tionchair mhóir sin a bheith níos mó ná an raon ‘is gnách’: ba cheart, mar shampla, na costais a bhaineann le tubaistí nádúrtha a chur san áireamh i bpleanáil bhuiséadach laistigh de raon áirithe. Tá spreagadh agus síneadh na gclásal éalaithe ginearálta agus tírshonrach faoi réir moladh ón gComhairle.
(32)Is cuid de phacáiste é an Rialachán seo, in éineacht le Treoir [XXX ón gComhairle lena leasaítear 2011/85/AE] agus Rialachán [XXX ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle]. Le chéile, bunaítear leo creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais a ionchorpraíonn i ndlí an Aontais substaint Theideal III ‘Comhshocrú Fioscach’ den Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (TSCG) san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 16 de. Trí thógáil ar an taithí le cur chun feidhme an TSCG ag na Ballstáit, coinnítear leis an bpacáiste treoirlíne mheántéarmach an Chomhshocraithe Fhioscaigh mar uirlis chun smacht buiséadach agus fás a spreagadh a bhaint amach. Áirítear gné neartaithe thírshonrach sa phacáiste a bhfuil mar aidhm aige úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin ról níos láidre le haghaidh Institiúidí Fioscacha Neamhspleácha, rud a tharraingíonn go bunúsach ar phrionsabail choiteanna an Chomhshocraithe Fhioscaigh arna mbeartú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de TSCG. Leagtar amach sa Rialachán seo an anailís ar chaiteachas atá glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha don mheasúnú foriomlán ar chomhlíontacht a cheanglaítear leis an gComhshocrú Fioscach. Sa Rialachán seo, mar atá i gcás an Chomhshocraithe Fhioscaigh, ní cheadaítear dialltaí sealadacha ón bplean meántéarmach ach in imthosca eisceachtúla. Mar atá sa Chomhshocrú Fioscach, i gcás dialltaí suntasacha ón bplean meántéarmach, ba cheart bearta a chur chun feidhme chun na dialltaí a cheartú ar feadh tréimhse ama shainithe. Déantar leis an bpacáiste faireachas fioscach agus nósanna imeachta forfheidhmithe a neartú chun an gealltanas a chur i gcrích maidir le hairgeadas poiblí atá fónta agus inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn. Coinnítear leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch dá réir sin, na cuspóirí bunúsacha smachta bhuiséadaigh agus inbhuanaitheachta fiachais leagtha amach sa TSCG.
(33)Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú agus faireachán iomchuí air a áirithiú freisin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an méid seo a leanas: an fhaisnéis a bheidh le soláthar ag na Ballstáit ina bpleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha, an fhaisnéis a bheidh le soláthar ag na Ballstáit ina dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn, maidir le feidhmiú an chuntais rialaithe, le modheolaíocht an Choimisiúin i leith measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht, le tarraingt suas liosta de thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais agus leis an gcreat measúnaithe le haghaidh na ngealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(34)Ba cheart an faireachas iltaobhach a bheith bunaithe ar staidreamh ardcháilíochta agus neamhspleách arna dtáirgeadh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘moladh tírshonrach’ an treoraíocht bhliantúil a thugann an Chomhairle do Bhallstát maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúrtha i gcomhréir le hAirteagail 121 agus 148 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
(2)ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas ag rialtas, atá glan ar chaiteachas úis, caiteachas atá glan ar bhearta ioncaim lán‑roghnaigh agus athróga buiséadacha eile nach bhfuil smacht ag an rialtas orthu, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, pointe (a);
(3)ciallaíonn ‘conair theicniúil’ an chonair ghlanchaiteachais arna cur ar aghaidh ag an gCoimisiún chun treoraíocht a sholáthar do na Ballstáit a bhfuil fiachas poiblí os cionn 60 % de luach tagartha na holltáirgeachta intíre (OTI) acu nó easnamh rialtais os cionn an 3 % de luach tagartha OTI tráth a mbíonn a bpleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta á dtarraingt suas acu;
(4)ciallaíonn ‘conair ghlanchaiteachais’ an treo ilbhliantúil do ghlanchaiteachas an Bhallstáit a shocraíonn an Chomhairle;
(5)ciallaíonn ‘pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta’ an doiciméad ina bhfuil gealltanais fhioscacha, athchóirithe agus infheistíochta Ballstáit;
(6)ciallaíonn ‘tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn’ doiciméad de chuid an Bhallstáit ina dtuairiscítear ar chur chun feidhme na conaire glanchaiteachais, agus ar chur chun feidhme na ngealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá mar chuid dá phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta;
(7)ciallaíonn ‘tréimhse choigeartaithe’ an tréimhse ama a dtarlaíonn coigeartú fioscach an Bhallstáit lena linn, a gcumhdaítear léi tréimhse choigeartaithe íosta 4 bliana den phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta agus d’aon síneadh a d’fhéadfadh a bheith curtha leis;
(8)ciallaíonn ‘cuntas rialaithe’ taifead ar dhialltaí carntha glanchaiteachais iarbhír i mBallstát ón gconair ghlanchaiteachais;
(9)ciallaíonn ‘comhardú struchtúrtha’ comhardú ginearálta an rialtais arna choigeartú ar bhonn timthriallach agus glan ar bhearta sealadacha;
(10)ciallaíonn ‘comhardú príomha struchtúrtha’ comhardú ginearálta an rialtais arna choigeartú ar bhonn timthriallach glan ar bhearta sealadacha agus glan ar chaiteachas úis.
CAIBIDIL II
AN SEIMEASTAR EORPACH
Airteagal 3
An Seimeastar Eorpach
Chun comhordú níos dlúithe i leith beartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch agus sóisialta na mBallstát a áirithiú, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach laistigh den Seimeastar Eorpach i gcomhréir leis na cuspóirí agus ceanglais a leagtar amach i CFAE. Beidh an faireachas iltaobhach bunaithe ar staidreamh ardcháilíochta agus neamhspleách, arna dtáirgeadh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Áirítear an méid seo a leanas sa an Seimeastar Eorpach:
(a)foirmiú chur chun feidhme na mór‑threoirlínte le haghaidh bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais, agus an faireachas a dhéantar ar an gcur chun feidhme sin, i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE, foirmiú chur chun feidhme na moltaí tírshonracha agus an mholta maidir le beartas eacnamaíoch limistéar an euro agus an faireachas a dhéantar ar an gcur chun feidhme sin;
(b)foirmiú chur chun feidhme na dtreoirlínte fostaíochta atá le cur san áireamh ag na Ballstáit, agus an faireachas a dhéantar ar an gcur chun feidhme sin, i gcomhréir le hAirteagal 148(2) CFAE, lena n‑áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus foirmiú chur chun feidhme na moltaí gaolmhara tírshonracha agus an faireachas a dhéantar ar an gcur chun feidhme sin;
(c)cur isteach, measúnú agus formhuiniú phleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha na mBallstát, chomh maith leis an bhfaireachán a dhéantar orthu trí na tuarascálacha ilbhliantúla ar dhul chun cinn;
(d)faireachas chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú de bhun Rialachán (AE) Uimh 1176/2011;
(e)nósanna imeachta faireachais iltaobhaigh eile arna mbunú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle de bhun Airteagal 121(6) CFAE.
Airteagal 4
An Seimeastar Eorpach a Chur Chun Feidhme
1.I gcás inar ghá sin a dhéanamh, agus tar éis don mheasúnú a bheith déanta de bhun an Rialacháin seo ar na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha, ar na tuarascálacha ilbhliantúla ar dhul chun cinn agus ar staideanna socheacnamaíocha na mBallstát lena mbaineann, cuirfidh an Chomhairle, ar bhonn moltaí ón gCoimisiún, moltaí faoi bhráid na mBallstát sin agus an leas is fearr is féidir á bhaint aici as na hionstraimí dlí a sholáthraítear in Airteagail 121 agus 148 CFAE agus as an reachtaíocht thánaisteach ghaolmhar.
2.Cuirfidh na Ballstáit san áireamh go cuí na mór‑threoirlínte le haghaidh beartais eacnamaíocha na mBallstát, na treoirlínte fostaíochta agus na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 3, an dara mír, pointí (a) agus (b) sula ndéanfaidh siad aon phríomh‑chinntí i ndáil le forbairt a mbeartas eacnamaíoch, fostaíochta agus buiséadach. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn.
3.Má mhainníonn Ballstát gníomhú de réir na treorach arna fáil, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith mar thoradh air sin:
(a)breis moltaí tírshonracha;
(b)rabhadh ón gCoimisiún nó moladh ón gComhairle de bhun Airteagal 121(4) CFAE;
(c)bearta faoin Rialachán seo, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.
CAIBIDIL III
AN CHONAIR THEICNIÚIL
Airteagal 5
An chonair theicniúil
Maidir le gach Ballstát a bhfuil fiachas poiblí aige atá os cionn 60 % de luach tagartha OTI nó easnamh rialtais atá os cionn 3 % de luach tagartha OTI, cuirfidh an Coimisiún conair theicniúil i leith glanchaiteachais ar aghaidh i dtuarascáil chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus cumhdófar inti tréimhse choigeartaithe íosta 4 bliana den phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta agus aon síneadh d’uasmhéid 3 bliana a d’fhéadfadh a bheith curtha leis de bhun Airteagal 13. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin a phoibliú.
Airteagal 6
Ceanglais maidir leis an gconair theicniúil
Áiritheofar sa chonair theicniúil go ndéanfar an méid seo a leanas:
(a) cuirfear an cóimheas fiachais phoiblí ar threo síos atá inchreidte nó a bheidh inchreidte i gcónaí, nó a fhanfaidh ar leibhéil stuama;
(b) cuirfear easnamh an rialtais faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI agus coinneofar ansin é;
(c) beidh an iarracht fhioscach le linn thréimhse an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta ar a laghad comhréireach leis an iarracht iomlán arna déanamh thar an tréimhse choigeartaithe fhoriomlán;
(d) beidh an cóimheas fiachais phoiblí ag deireadh na tréimhse pleanála faoi bhun an chóimheasa fiachais phoiblí sa bhliain roimh thús na conaire teicniúla; agus
(e) fanfaidh fás an ghlanchaiteachais náisiúnta faoi bhun an fháis aschuir mheántéarmaigh, ar an meán, agus os cionn thréimhse ama an phlean de ghnáth.
Ní mar a chéile a bheidh na conairí teicniúla i gcás na mBallstát aonair. Leagfar amach in Iarscríbhinn I na critéir le haghaidh shocrú na gconairí teicniúla.
Airteagal 7
Treoraíocht a dhéanfaidh an Coimisiún roimh ré
1.Faoin [1 Márta] sa bhliain [xxxx] a mbeidh ar na Ballstáit a bpleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha a chur isteach den chéad uair lena linn, nó, de réir mar is iomchuí, laistigh de 3 sheachtainí tar éis don Bhallstát iarraidh a chur isteach ar phlean nua a chur faoina bhráid, foilseoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
(a)an creat réamh‑mheastacháin foluiteach meántéarmach maidir leis an bhfiachas poiblí agus na torthaí ina leith;
(b)an réamhfhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus na toimhdí a ghabhann leis;
(c)an chonair theicniúil, má cheanglaítear sin faoi Airteagal 5, agus an comhardú príomha struchtúrtha comhfhreagrach.
2.Maidir leis na Ballstáit a bhfuil easnamh rialtais faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI agus fiachas poiblí faoi bhun 60 % de luach tagartha OTI acu, soláthróidh an Coimisiún faisnéis theicniúil a bhaineann leis an gcomhardú struchtúrtha príomha a bhfuil gá léi chun a áirithiú go gcoinneofar an t‑easnamh príomha faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI gan aon bhearta breise beartais le linn tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta.
3.Tabharfaidh an Coimisiún na conairí teicniúla agus an treoraíocht chainníochtúil cothrom le dáta uair amháin gach 4 bliana ar a laghad agus déanfaidh sé sin go tráthúil roimh chur isteach na chéad timthrialla eile de na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha.
Airteagal 8
Measúnú ar inchreidteacht
Chun measúnú a dhéanamh ar cibé an féidir a thabhairt le fios go bhfuil cóimheas fhiachas phoiblí réamh‑mheasta an Bhallstáit lena mbaineann ar threo síos nó an bhfuil sé ar leibhéal stuama i gcónaí, bainfidh an Coimisiún leas as an modheolaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn V. Cuirfidh an Coimisiún a anailís a dhéanann sé agus na sonraí foluiteacha ar fáil go poiblí.
CAIBIDIL IV
NA PLEANANNA FIOSCACHA STRUCHTÚRTHA MEÁNTÉARMACHA NÁISIÚNTA
Airteagal 9
Na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta a chur isteach
Cuirfidh gach Ballstát plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle roimh dheireadh mhí Aibreáin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún teacht ar chomhaontú i dtaca le síneadh a chur leis an sprioc-am sin ar feadh tréimhse réasúnta más gá.
Cuirfidh an Ballstát a phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta ar fáil go poiblí.
Airteagal 10
Idirphlé teicniúil
Sula gcuirfidh sé isteach a phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta, beidh idirphlé teicniúil ag an mBallstát lena mbaineann leis an gCoimisiún, agus beidh sé de chuspóir leis sin a áirithiú go gcomhlíonfaidh an plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta Airteagail 11, 12 agus 14.
Airteagal 11
Ábhar an phlean fhioscaigh struchtúraigh mheántéarmaigh náisiúnta
1.Soláthrófar sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn II. Léireofar ann go háirithe conair ghlanchaiteachais lena gcumhdaítear tréimhse 4 bliana ar a laghad, chomh maith leis na toimhdí maicreacnamaíocha foluiteacha agus na bearta fioscacha struchtúrtha atá beartaithe chun comhlíontacht le ceanglais Airteagal 12 a thaispeáint.
Tabharfar tuairisc freisin sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta ar na gníomhaíochtaí a rinne an Ballstát lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha, lena n‑áirítear na moltaí is ábhartha maidir leis an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha, agus na rabhaidh ón gCoimisiún, i gcás inarb infheidhme, nó na moltaí ón gComhairle, i gcás inarb infheidhme, arna ndéanamh de bhun Airteagal 121(4) CFAE.
2.I gcás ina bhfuil conaire ghlanchaiteachais níos airde sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta ná mar atá sa chonaire theicniúil arna heisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 5, soláthróidh an Ballstát argóintí eacnamaíocha ina phlean, beidh siad fónta agus infhíoraithe agus míneofar an difríocht leo.
Airteagal 12
Ceanglais
Leis an bplean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta:
(a)áiritheofar go ndéanfar an coigeartú fioscach a bhfuil gá leis chun fiachas poiblí a chur nó a choimeád ar threo síos inchreidte faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe ar a dhéanaí, nó go gcoinneofar ar leibhéil stuama é, agus chun an fiachas poiblí a thabhairt go dtí 3 % de luach tagartha OTI agus a choinneáil ansin sa mheántéarma;
(b)míneofar an chaoi a n‑áiritheofar soláthar infheistíochta agus athchóirithe, ag freagairt do na príomhdhúshláin arna sainaithint laistigh den Seimeastar Eorpach, sna moltaí tírshonracha, ceartófar na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha faoin Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha más infheidhme, agus tabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI den Rialachán seo, lena n‑áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Deacáid Dhigiteach, agus beidh ann do chomhsheasmhacht leis na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide nuashonraithe agus leis na Treochláir don Deacáid Dhigiteach;
(c)míneofar, más infheidhme, an chaoi a n‑áiritheofar go soláthrófar sraith ábhartha d’athchóirithe agus infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 13, agus cuirfear bonn taca faoi shíneadh 3 bliana, ar a mhéad, le haghaidh thréimhse choigeartaithe an Bhallstáit;
(d)míneofar an chaoi a áiritheofar comhsheasmhacht le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta an Bhallstáit lena mbaineann le linn thréimhse infhaighteacht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2021/241.
Airteagal 13
Na coinníollacha i ndáil le síneadh na tréimhse coigeartaithe
1.I gcás ina dtugann Ballstát gealltanas i leith sraith áirithe d’athchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2, féadtar an tréimhse choigeartaithe a shíneadh 3 bliana ar a mhéad.
2.An tsraith de ghealltanais i leith athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe, beidh sí ar cóimhéid le méid na ndúshlán a bhainfidh don fhiachas poiblí agus na ndúshlán a bhainfidh don fhás meántéarmach sa Bhallstát lena mbaineann.
Comhlíonfaidh an tacar gealltanas i leith athchóirithe agus infheistíocht le chéile na critéir seo a leanas:
(i)spreagfar fás leo;
(ii)tacófar leo le hinbhuanaitheacht fhioscach;
(iii)tabharfar aghaidh leo ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI;
(iv)tabharfar aghaidh leo ar mholtaí ábhartha tírshonracha a cuireadh faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, moltaí arna n‑eisiúint faoin Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha;
(v)áiritheofar leo go mbeidh leibhéal foriomlán na hinfheistíochta poiblí arna maoiniú ar bhonn náisiúnta le linn shaolré an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta níos airde ná an leibhéal meántéarmach arb ann dó roimh thréimhse an phlean sin.
3.Mionsonrófar go leordhóthanach gach ceann de na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe, agus beidh siad tús‑ualaithe, faoi cheangal ama agus infhíoraithe go leordhóthanach.
4.Le linn shaolré na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2021/241, is féidir gealltanais a airíodh sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta formheasta de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh le haghaidh shíneadh na tréimhse coigeartaithe.
5.Is i gcomhréir leis an gcreat measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a dhéanfar an measúnú ar cibé an gcomhlíonann an tsraith de ghealltanais athchóirithe agus infheistíochta na critéir a leagtar amach i mír 2 agus ar cibé an gcomhlíonann gach ceann de na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta na coinníollacha a leagtar amach i mír 3.
Airteagal 14
Plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe
1.Feadfaidh Ballstát a iarraidh plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin roimh dheireadh a thréimhse choigeartaithe más ann do chúinsí oibiachtúla lena gcuirtear bac ar chur chun feidhme an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta nó má iarrann rialtas nua go gcuirfear isteach plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta nua.
2.Sula gcuirfear isteach an plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe, cuirfidh an Coimisiún conaire theicniúil nua ar aghaidh i dtuarascáil chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.
3.Ag cur san áireamh cibé an ndearna an Ballstát lena mbaineann coigeartú roimhe sin nó nach ndearna, ní cheadófar leis an gconaire theicniúil nua go ndéanfar an iarracht ar choigeartú fioscach a choinneáil siar agus ní bheidh an iarracht ar choigeartú fioscach níos ísle mar thoradh air sin.
4.I gcás ina gcuirtear isteach plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe isteach, beidh feidhm ag Airteagal 12 agus ag Airteagail 15 go 19.
5.Déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe, más infheidhme, ar cibé an mbeidh feidhm leantach ag aon síneadh ar an tréimhse choigeartaithe faoin bplean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe, agus cuirfidh sé san áireamh cur chun feidhme na ngealltanas i leith na sraithe athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoin síneadh faoin bplean bunaidh agus na hathruithe i dtéarmaí na ndúshlán in aghaidh an fhiachais phoiblí faoin bplean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe.
Airteagal 15
Measúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar phleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta
1.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar gach aon phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta laistigh de 2 mhí tar éis a chur isteach. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún teacht ar chomhaontú síneadh réasúnta a chur le tréimhse an mheasúnaithe más gá.
2.
I gcás na mBallstát uile agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an bplean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta scrúdóidh sé:
(a) an áirithítear leis an bplean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta go gcuirfear an fiachas poiblí ar threo síos atá inchreidte nó go gcoinnítear ansin é faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe, ar a dhéanaí, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama;
(b) an gcoinnítear easnamh an rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % OTI le linn thréimhse an phlean nó cibé an dtéann easnamh an rialtais ar ais go pras faoi luach tagartha 3 % OTI ar a dhéanaí faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe nuair a bhíonn an t‑easnamh os cionn an luacha tagartha sin tráth a chuirtear isteach an plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta;
(c) an gcoinnítear fiachas an rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % OTI in éagmais bearta eile buiséadacha thar thréimhse ama 10 mbliana;
(d) an bhfuil an iarracht ar choigeartú fioscach thar thréimhse an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta ar a laghad comhréireach leis an iarracht iomlán thar an tréimhse choigeartaithe iomlán;
(e) an bhfuil an coigeartú fioscach i gcomhréir leis an tagarmharc dá dtagraítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air arna leasú le Rialachán [X] do na blianta lena bhfuil coinne go mbeidh easnamh os cionn 3 % de luach tagartha OTI ag an mBallstát lena mbaineann, agus nach bhfuil an farasbarr caol agus sealadach; agus
(f) an bhfuil cóimheas an fhiachais phoiblí ag deireadh na tréimhse pleanála faoi bhun chóimheas an fhiachais phoiblí sa bhliain roimh thús na conaire teicniúla.
3.
Ina theannta sin, maidir leis an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an méid seo a leanas:
(a) an gcomhlíonann an tsraith de ghealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13;
(b) an gcomhlíonann na gealltanais eile athchóirithe agus infheistíochta atá sa phlean na ceanglais atá in Airteagal 12(b).
Airteagal 16
An plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta á fhormhuiniú ag an gComhairle
Glacfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, más infheidhme, déanfaidh sí an tsraith de ghealltanais athchóirithe agus infheistíochta a fhormhuiniú atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe a áirítear ina phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta laistigh de 4 sheachtaine tar éis ghlacadh an mholadh ón gCoimisiún mar riail.
I gcás ina bhfeidhmíonn an plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta mar an bplean gníomhaíochta ceartaithí a cheanglaítear i ndáil le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a cheartú, mar a bhforáiltear dó sin in Airteagal 30, déanfaidh an Chomhairle na hathchóirithe agus an infheistíocht is gá chun na míchothromaíochtaí a cheartú a fhormhuiniú freisin sa mholadh sin.
Airteagal 17
Moladh ón gComhairle le haghaidh plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe
I gcás ina measann an Chomhairle nach gcomhlíonann an plean na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 15 (2) agus (3) pointe (a), molfaidh sí, ar mholadh ón gCoimisiún, go gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe isteach.
Airteagal 18
Moladh ón gComhairle i gcás go dteipeann ar an mBallstát
Ar mholadh ón gCoimisiún, molfaidh an Chomhairle don Bhallstát lena mbaineann gurb í an chonaire theicniúil a d’eisigh an Coimisiún a bheidh mar chonair ghlanchaiteachais an Bhallstáit i gcás:
(a)ina dteipeann ar an mBallstát lena mbaineann plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe a chur isteach laistigh de 1 mhí amháin ó rinne an Chomhairle an moladh;
(b)ina measann an Chomhairle nach gcomhlíonann an plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 15(2) agus (3), pointe (a);
(c)ina dteipeann ar an mBallstát plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta nua a chur isteach ag deireadh na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta a bhí ann roimhe sin.
Airteagal 19
Teipeann ar Bhallstát a ghealltanais atá mar bhonn taca faoi shíneadh ar a thréimhse choigeartaithe a chomhlíonadh go sásúil
I gcás inar deonaíodh síneadh a thréimhse coigeartaithe do Bhallstát ach go dteipeann air a shraith de ghealltanais athchóirithe agus infheistíochta lena gcuirtear bonn taca faoin síneadh dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a chomhlíonadh go sásúil, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, conair ghlanchaiteachais athbhreithnithe a mholadh a ngabhfaidh tréimhse choigeartaithe níos giorra leis.
CAIBIDIL V
CUR CHUN FEIDHME NA bPLEANANNA FIOSCACHA STRUCHTÚRTHA MEÁNTÉARMACHA NÁISIÚNTA
Airteagal 20
Tuarascáil ar dhul chun cinn
1.Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme a phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta faoin 15 Aibreán gach aon bhliain ar a dhéanaí.
2.Sa tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1 beidh faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais go háirithe, faoi chur chun feidhme gealltanas athchóirithe agus infheistíochta níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, más infheidhme, i gcur chun feidhme na sraithe de ghealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe.
3.Sa tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1 beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III freisin.
4.Cuirfidh gach Ballstát a thuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn ar fáil go poiblí.
Airteagal 21
Faireachán an Choimisiúin
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta, agus ar an gconair ghlanchaiteachais go háirithe.
Cuirfidh an Coimisiún cuntas rialaithe ar bun, a fheidhmeoidh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, agus coinneofar rian ar dhialltaí carntha suas agus síos i leith glanchaiteachas iarbhír ón gconair ghlanchaiteachais.
Airteagal 22
Ról na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha
Déanfaidh na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha uile dá dtagraítear in Airteagal 8 den Treoir ón gComhairle [...] [maidir leis na creataí buiséadacha náisiúnta], tuairim a sholáthar maidir le comhlíontacht na sonraí táirgeachta buiséadacha arna dtuairisciú sa tuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 20 leis an gconair ghlanchaiteachais. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh gach institiúid fioscach neamhspleách náisiúnta anailís freisin ar na tosca atá taobh thiar de dhiall ón gconair ghlanchaiteachais.
Airteagal 23
Rabhadh ón gCoimisiún agus moltaí ón gComhairle maidir le bearta beartais
1.I gcás inarb ann do riosca suntasach i ndáil le dialltaí ón gconair ghlanchaiteachais nó riosca go mbeidh easnamh an rialtais os cionn luach tagartha 3 % OTI, féadfaidh an Coimisiún rabhadh a chur faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 121(4) CFAE.
2.Ar bhonn moladh ón gCoimisiún, déanfaidh an Chomhairle, laistigh de 1 mhí amháin tar éis don Choimisiún rabhadh a thabhairt dá dtagraítear i mír 1, moladh a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann maidir leis na bearta beartais a bhfuil gá leo, i gcomhréir le hAirteagal 121(4) CFAE.
Airteagal 24
Mór‑shleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine
Ar mholadh ón gCoimisiún, is féidir leis an gComhairle moladh a ghlacadh lena gceadófar do Bhallstáit imeacht ón gconair ghlanchaiteachais, i gcás mór‑shleabhcadh eacnamaíoch i limistéar an euro nó san Aontas ina iomláine, ar choinníoll nach gcuireann sin inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma. Sonróidh an Chomhairle teorainn ama le haghaidh imeacht den sórt sin.
A fhad agus a mhaireann an mór‑shleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine, leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais agus áiritheoidh sé go mbeidh ann do chomhordú beartais agus do mheascán comhsheasmhach beartas ina gcuirfear san áireamh gné limistéar an euro agus an Aontais.
Is féidir leis an gComhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, síneadh a chur leis an tréimhse arbh fhéidir leis na Ballstáit imeacht ón gconair ghlanchaiteachais lena linn, ar choinníoll go maireann an mór‑shleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine i gcónaí. Is féidir síneadh a dheonú níos mó ná uair amháin. Is tréimhse bhreise 1 bhliain amháin ar a mhéad a bheidh i gceist, áfach.
Airteagal 25
Imthosca eisceachtúla nach bhfuil neart ag an mBallstát orthu agus tionchar mór aige ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann
Is féidir leis an gComhairle, tar éis moladh ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh lena gceadófar do Bhallstát imeacht óna chonair ghlanchaiteachais i gcás imthosca eisceachtúla i limistéar an euro nó san Aontas ina iomláine, nach bhfuil neart ag an rialtas orthu agus tionchar mór acu ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann, ar choinníoll nach gcuireann sin inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma. Sonróidh an Chomhairle teorainn ama le haghaidh imeacht den sórt sin.
Is féidir leis an gComhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, síneadh a chur leis an tréimhse arbh fhéidir leis an mBallstát imeacht ón gconair ghlanchaiteachais lena linn, ar choinníoll go maireann na himthosca eisceachtúla i gcónaí. Is féidir síneadh a dheonú níos mó ná uair amháin. Is tréimhse bhreise 1 bhliain amháin ar a mhéad a bheidh i gceist, áfach.
CAIBIDIL VI
AN tIDIRPHLÉ EACNAMAÍOCH
Airteagal 26
Idirphlé ar an Seimeastar Eorpach
Beidh Parlaimint na hEorpa páirteach go cuí sa Seimeastar Eorpach chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar úinéireacht na gcinntí a ghlactar, agus ar chuntasacht i leith na gcinntí sin, go háirithe trí bhíthin idirphlé eacnamaíoch. Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, leis an gCoiste um Beartas Eacnamaíoch, leis an gCoiste Fostaíochta agus leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh i gcás inarb iomchuí sin. Beidh na páirtithe leasmhara ábhartha, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, rannpháirteach, faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, maidir leis na príomh-shaincheisteanna beartais i gcás inarb iomchuí sin, i gcomhréir le forálacha an CFAE agus le socruithe dlíthiúla agus polaitiúla náisiúnta.
Chun an t‑idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle, ar an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí nó ar Uachtarán an Ghrúpa Euro láithriú os a comhair chun idirphlé a dhéanamh ar an treoraíocht bheartais arna heisiúint ag an gCoimisiún do na Ballstáit, ar na conclúidí ar ar tháinig an Chomhairle Eorpach agus ar thorthaí an fhaireachais iltaobhaigh a rinneadh faoin Rialachán seo.
I gcomhréir le hAirteagal 121 CFAE, déanfaidh Uachtarán na Comhairle, an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, Uachtarán an Ghrúpa Euro, tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle Eorpach gach bliain faoi thorthaí an fhaireachais iltaobhaigh.
Airteagal 27
An riail a chomhlíonadh nó a mhíniú
Mar riail ghinearálta, táthar ag súil go ndéanfaidh an Chomhairle de réir na moltaí agus na dtograí ón gCoimisiún nó go ndéanfaidh sí a seasamh a mhíniú go poiblí.
Airteagal 28
Idirphlé le Ballstát
I gcás ina dtugann an Chomhairle aghaidh ar mholadh do Bhallstát de bhun Airteagal 23(2) sa chás gur ann do riosca suntasach i ndáil le himeacht ón gconair ghlanchaiteachais, féadfaidh Parlaimint na hEorpa deis a thabhairt don Bhallstát sin a bheith rannpháirteach i malartú barúlacha.
Airteagal 29
Faisnéis a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa go tráthrialta
1.Cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2.Cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún san áireamh ina dtuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa torthaí an fhaireachais iltaobhaigh a rinneadh de bhun an Rialacháin seo.
CAIBIDIL VII
IDIRGHNÍOMHAÍOCHT LE RIALACHÁN (AE) Uimh. 1176/2011
Airteagal 30
Idirghníomhaíocht leis an Nós Imeachta um Míchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch
1. I gcás ina dteipeann ar Bhallstát na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a áirítear ina phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha a chur chun feidhme ar ábhartha iad maidir leis an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíochta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, agus i gcás ina mheasann an Coimisiún go ndéantar difear le míchothromaíochtaí iomarcacha don Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.
2. Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát a n‑osclaítear nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ar a shon i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 plean athbhreithnithe isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo. Beidh an plean athbhreithnithe i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011. Beidh cur isteach an phlean athbhreithnithe faoi réir formhuiniú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagail 16 go 19 den Rialachán seo. Déanfar an plean athbhreithnithe a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo.
3. I gcás ina gcuireann Ballstát plean fioscach struchtúrtha meántéarmach athbhreithnithe isteach de bhun mhír 2, beidh an plean gníomhaíochta ceartaithí sin mar an plean gníomhaíochta ceartaithe a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 agus leagfar amach ann na gníomhaíochtaí beartais sonracha atá curtha chun feidhme ag an mBallstát lena mbaineann nó a bhfuil beartaithe aige a chur chun feidhme agus áireofar amchlár i leith na ngníomhaíochtaí sin ann.
Sa chás sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascáil ón gCoimisiún, measúnú ar an bplean athbhreithnithe laistigh de 2 mhí tar éis chur isteach an phlean sin. Déanfar faireachán agus measúnú chur chun feidhme an phlean athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo agus le hAirteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.
CAIBIDIL VIII
IDIRGHNÍOMHAÍOCHT LE RIALACHÁN (AE) Uimh. 472/2013
Airteagal 31
Idirghníomhaíocht leis an nós imeachta um faireachas feabhsaithe
Cuirfidh Ballstát atá faoi réir faireachas feabhsaithe faoi Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle aon mholtaí san áireamh a gcuirtear faoina bhráid iad faoi Airteagal 23 den Rialachán seo tráth a ghlacann sé bearta a bhfuil se d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar fhoinsí nó foinsí ionchasacha deacrachtaí de bhun Airteagal 3(1) den Rialachán sin.
I gcás ina bhfuil Ballstát faoi réir clár míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus faoi réir na n‑athruithe a rinneadh air i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, ceanglófar air plean fioscach struchtúrtha meántéarmach a chur isteach de bhun Airteagal 9 den Rialachán seo agus tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo.
CAIBIDIL IX
CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE
Airteagal 32
Na hIarscríbhinní a leasú
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun Iarscríbhinní II go II go VII a oiriúnú chun forbairtí breise nó riachtanais bhreise a chur san áireamh a bhaineann leis an bhfaisnéis sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta (Iarscríbhinn II) nó sna tuarascálacha ilbhliantúla ar dhul chun cinn (Iarscríbhinn III), maidir le feidhmiú an chuntais rialaithe (Iarscríbhinn IV), maidir leis an modheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe ar inchreidteacht (Iarscríbhinn V), maidir le comh-thosaíochtaí an Aontais (Iarscríbhinn VI) nó maidir leis an gcreat measúnaithe (Iarscríbhinn VII).
Airteagal 33
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 32 a thabhairt le haghaidh tréimhse neamhchinntithe ama ó XXX.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 32 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá i ndiaidh fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 32 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse míosa amháin tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 1 mhí amháin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
CAIBIDIL X
FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 34
Idirphlé leis na Ballstáit
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh idirphlé buan ann leis na Ballstáit, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo. Chun na críche sin, go háirithe cuirfidh an Coimisiún misin i gcrích d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an staid shocheacnamaíoch iarbhír sa Bhallstát agus d’fhonn aon riosca nó aon deacracht i dtaca le comhlíonadh chuspóirí an Rialacháin seo a aithint.
Airteagal 35
Misin faireachais dhoimhne
1.Féadfaidh an Coimisiún tabhairt faoi mhisin faireachais dhoimhne i mBallstáit atá faoi réir moltaí arna n‑eisiúint de bhun Airteagal 23 ar mhaithe le faireachán ar an láthair.
2.Nuair is Ballstát a bhfuil an euro aige mar airgeadra an Ballstát lena mbaineann nó nuair is Ballstát é a ghlacann páirt in ERM2, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ionadaithe de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh, más iomchuí, páirt a ghlacadh i misin faireachais.
Airteagal 36
Tuarascáil
1.Faoin [31 Nollaig 2030] agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh, nuair is iomchuí, togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin a phoibliú.
2.Déanfar athbhreithniú sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar an méid seo a leanas:
(a)éifeachtacht an Rialacháin seo, go háirithe cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na forálacha lena rialaítear cinnteoireacht láidir a dhóthain chun conair anuas a áirithiú do na cóimheasa fiachais phoiblí nó chun iad a choinneáil ar leibhéil stuama i gcomhréir leis na moltaí ábhartha ón gComhairle;
(b)an dul chun cinn atá déanta chun comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíochta eacnamaíocha na mBallstát a áirithiú.
3.Cuirfear an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Airteagal 37
Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 a aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97.
Airteagal 38
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.4.2023
COM(2023) 240 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann le
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle
IARSCRÍBHINN I
Critéir chun an conair theicniúil a shocrú do Bhallstáit a bhfuil fiachas poiblí acu os cionn 60 % de luach tagartha OTI nó easnamh rialtais os cionn 3 % de luach tagartha OTI
I gcás Ballstát a bhfuil fiachas poiblí acu os cionn 60 % de luach tagartha OTI nó easnamh rialtais os cionn 3 % de luach tagartha OTI, áiritheoidh an conair theicniúil:
(a)go dtiocfaidh laghdú ar bhealach inchreidte ar an gconair fiachais 10 mbliana in éagmais bearta buiséadacha breise faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe, ar a dhéanaí, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéal stuama;
(b)go dtabharfar agus go gcoinneofar easnamh an rialtais faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI in éagmais bearta buiséadacha breise thar an tréimhse 10 mbliana chéanna;
(c)go bhfuil an conair theicniúil i gcomhréir freisin leis an tagarmharc dá dtagraítear faoi Airteagal 3 den Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle maidir le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach arna leasú le Rialachán [X] a bhrostú agus a shoiléiriú do na blianta lena bhfuil coinne go mbeidh easnamh os cionn 3 % de luach tagartha OTI ag an mBallstát lena mbaineann, agus nach bhfuil an farasbarr caol agus sealadach;
(d)ní chuirtear an iarracht choigeartaithe siar go dtí bhlianta deiridh na tréimhse coigeartaithe, is é sin le rá go bhfuil an iarracht choigeartaithe fhioscaigh le linn thréimhse an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta comhréireach ar a laghad leis an iarracht iomlán ar feadh na tréimhse coigeartaithe iomláine;
(e)tá an cóimheas fiachais phoiblí ag deireadh na tréimhse pleanála faoi bhun an chóimheas fiachais phoiblí sa bhliain roimh thús na conaire teicniúla; agus
(f)tá fás glanchaiteachais náisiúnta fós faoi bhun an fháis aschuir mheántéarmaigh, ar an meán, mar riail thar thréimhse an phlean.
IARSCRÍBHINN II
Faisnéis atá le soláthar sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta
Beidh an fhaisnéis seo a leanas i plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta:
(a)An chonair náisiúnta ghlanchaiteachais dá dtagraítear in Airteagal 11. Is éard atá sna hathróga buiséadacha eile atá lasmuigh de rialú an rialtais agus atá mar chuid den sainmhíniú ar ghlanchaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 2 ná caiteachas ar chláir de chuid an Aontais arna mheaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais agus le heilimintí timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta.
(b)An chonair fáis réamh‑mheasta ar ioncam an rialtais a bhaineann le beartas gan athrú.
(c)Conair réamh‑mheasta an chóimheas fiachais phoiblí.
(d)Faisnéis faoi dhliteanais intuigthe a bhaineann le haosú, agus faoi dhliteanais theagmhasacha a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar bhuiséid an rialtais, lena n‑áirítear ráthaíochtaí rialtais, iasachtaí neamhthuillmheacha, agus dliteanais a eascraíonn as oibriú corparáidí poiblí, lena n‑áirítear a mhéid, agus na costais ionchasacha agus oibleagáidí a eascraíonn as cásanna cúirte agus, a mhéid is féidir, faisnéis faoi dhliteanais theagmhasacha ó thubaiste agus aeráide.
(e)Na príomhthoimhdí faoi fhorbairtí eacnamaíocha lena bhfuil coinne agus na príomh‑athróga eacnamaíocha atá ábhartha chun comhsheasmhacht le cóineasú fiachais phoiblí i dtreo leibhéil stuama a áirithiú agus chun easnamh an rialtais a choinneáil faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI.
(f)I gcás ina n‑úsáideann an Ballstát toimhdí dá dtagraítear faoi phointe (e) atá éagsúil le toimhdí an Choimisiúin thar thréimhse coigeartaithe an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta agus na tréimhse 10 mbliana ina dhiaidh sin in éagmais tuilleadh beart buiséadach, mínithe cuí agus fírinnithe bunaithe ar argóintí eacnamaíocha fónta ar na difríochtaí sin.
(g)Anailís ar an gcaoi a ndéanfadh athruithe ar na príomhthoimhdí eacnamaíocha difear do riocht buiséadach agus fiachais an Bhallstáit.
(h)Más infheidhme, na cúiseanna cuí‑réasúnaithe (le hargóintí eacnamaíocha fónta agus infhíoraithe ábhartha) le himeacht ón gconair theicniúil a chuir an Coimisiún ar aghaidh.
(i)Tosaíochtaí athchóirithe agus infheistíochta chun freagairt do na príomhdhúshláin mar a shainaithnítear iad sna moltaí tírshonracha, agus an staid mar atá i gcur chun feidhme na moltaí tírshonracha sin á cur san áireamh.
(j)Caiteachas iomlán infheistíochta poiblí, chomh maith le hathchóirithe agus caiteachas infheistíochta poiblí a thugann aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI.
(k)Más infheidhme, faisnéis faoi ghealltanais athchóirithe agus infheistíochta shonracha, faoi cheangal ama agus infhíoraithe atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe de bhun Airteagal 13, amlíne dá chur chun feidhme, chomh maith le hargóintí eacnamaíocha fónta go gcomhlíonann na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta sin na critéir faoi Airteagal 13 agus na critéir mheasúnaithe in Iarscríbhinn VII á gcur san áireamh.
(l)Cainníochtú, a oiread agus is féidir, maidir leis na tionchair lena bhfuil coinne i leith na n‑athchóirithe agus na hinfheistíochta dá dtagraítear faoi phointe (k) ar inbhuanaitheacht fhioscach, ar fhás agus ar fhostaíocht, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le modheolaíochtaí a comhaontaíodh go coitianta.
(m)Tionchar meántéarmach buiséadach agus meántéarmach fáis ionchasach na ngealltanas athchóirithe agus infheistíochta sin dá dtagraítear faoi phointe (k) nuair is féidir.
(n)Más infheidhme, athchóirithe agus infheistíocht chun na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a sainaithníodh faoin Nós Imeachta um Míchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch a cheartú.
(o)An leibhéal foriomlán pleanáilte d’infheistíocht phoiblí arna maoiniú go náisiúnta a chumhdaíonn tréimhse an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta.
(p)I gcás na mBallstát a bhfuil dúshláin fiachais phoiblí ísle acu ach a bhfuil dliteanais mhóra intuigthe acu mar gheall ar aosú an daonra, sa chonair ghlanchaiteachais náisiúnta agus sna hathchóirithe sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta ba cheart aird chuí a thabhairt ar dhúshláin maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.
(q)Faisnéis ar chomhairliúcháin na gcomhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile d’fhonn an plean a ullmhú.
IARSCRÍBHINN III
Faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit sna Tuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn
Ina dtuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas isteach:
(a)Comparáid idir an glanchaiteachas atá beartaithe bunaithe ar an gconair ghlanchaiteachais a leag an Chomhairle síos agus an glanchaiteachas bunaithe ar shonraí olltoraidh.
(b)Comparáid ó thús an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta idir na réamh‑mheastacháin ar na príomh‑athróga eacnamaíocha a cuireadh isteach sa phlean sin agus na sonraí olltoraidh le haghaidh na n‑athróg sin, chomh maith leis na himpleachtaí maidir le comhlíontacht na conaire glanchaiteachais a leag an Chomhairle síos agus na himpleachtaí ar chonair réamh‑mheasta an chóimheasa fiachais phoiblí arna thuairisciú sa phlean sin.
(c)Anailís ar chur chun feidhme na mbeart lánroghnach ioncaim sa bhliain roimhe sin.
(d)An dul chun cinn agus an cur chun feidhme atá beartaithe don bhliain dár gcionn ar na gealltanais maidir le hathchóirithe agus le hinfheistíocht a thugtar sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta faoin bhfaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le hIarscríbhinn II, pointí (i) agus (j), chomh maith le, más infheidhme, (k) agus (n).
(e)Faisnéis don bhliain dár gcionn faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha na bliana roimhe sin, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.
(f)Le linn shaolré na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, faisnéis maidir leis an dul chun cinn ar chur chun feidhme an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta, chun na ceanglais tuairiscithe débhliantúla a chomhlíonadh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241.
(g)Faisnéis ar éabhlóid na ndliteanas teagmhasach a thuairiscítear sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, pointe (d), chomh maith leis na dliteanais intuigthe a bhaineann le haosú, i gcás inarb ábhartha, agus faisnéis faoi na dliteanais theagmhasacha agus na dliteanais intuigthe don bhliain dár gcionn.
(h)Na príomhthoimhdí maidir le forbairtí eacnamaíocha lena bhfuil coinne agus na príomh‑athróga eacnamaíocha do na blianta ina dhiaidh sin den tréimhse choigeartaithe, lena n‑áirítear an cóimheas fiachais phoiblí.
(i)Na réamh‑mheastacháin a bhaineann le beartais gan athrú do na blianta ina dhiaidh sin den tréimhse choigeartaithe do chaiteachas agus ioncam an rialtais agus a bpríomh-chomhpháirteanna, lena n‑áirítear caiteachas infheistíochta poiblí.
(j)Caiteachas agus ioncam beartaithe an rialtais mar chéatadán den OTI agus a bpríomh-chomhpháirteanna do na blianta ina dhiaidh sin den tréimhse choigeartaithe, agus an chonair ghlanchaiteachais a leag an Chomhairle síos á cur san áireamh.
(k)Tuairisc agus cainníochtú ar na bearta caiteachais agus ioncaim atá le cur chun feidhme chun an bhearna a líonadh idir na réamh‑mheastacháin a bhaineann le beartais gan athrú do chaiteachas agus ioncam dá dtagraítear i bpointe (i) agus an caiteachas agus an t‑ioncam atá beartaithe dá dtagraítear i bpointe (j).
(l)Anailís ar éabhlóid na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha arna sainaithint faoin Nós Imeachta um Míchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch agus ar an tionchar orthu atá ag cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na hinfheistíochta ábhartha arna dtuairisciú sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta i gcomhréir le hIarscríbhinn II, pointe (n), i gcás inarb infheidhme.
(m)Faisnéis faoi chur chun feidhme rabhadh ón gCoimisiún nó faoi mholadh ón gComhairle de bhun Airteagal 121(4) CFAE.
(n)Faisnéis ar fhorbairtí sa mhargadh saothair, scileanna agus beartais shóisialta, agus ar chur chun feidhme beart beartais arna nglacadh lena gcothaítear cóineasú sóisialta aníos i measc na mBallstát i dtreo dálaí oibre agus maireachtála níos fearr, i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na dTreoirlínte Fostaíochta faoi Airteagal 148 CFAE. Áirítear leis sin an tionchar lena bhfuil coinne ó bhearta, i ndáil le dul chun cinn ar na spriocanna náisiúnta maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta faoi 2030.
(o)Measúnú ar na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 22.
IARSCRÍBHINN IV
Feidhmiú an Chuntais Rialaithe
Taifeadfar dochar sa chuntas rialaithe do gach Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 21 nuair a bheidh an glanchaiteachas iarbhír sa Bhallstát i mbliain ar leith os cionn na conaire glanchaiteachais a leag an Chomhairle síos.
Taifeadfar creidmheas sa chuntas rialaithe nuair a bheidh an glanchaiteachas iarbhír sa Bhallstát i mbliain ar leith faoi bhun na conaire glanchaiteachais a leag an Chomhairle síos.
Is é iarmhéid carnach an chuntais rialaithe i dtréimhse ar leith suim na ndochar agus na gcreidmheasanna bliantúla a cláraíodh le linn na tréimhse sin.
IARSCRÍBHINN V
Modheolaíocht an Choimisiúin chun inchreidteacht a mheasúnú
Tá an mhodheolaíocht chun inchreidteacht a mheasúnú de bhun Airteagal 8 bunaithe ar na coinníollacha seo a leanas:
·ba cheart an cóimheas fiachais phoiblí a bheith ag laghdú, nó ag fanacht ar leibhéal stuama, faoi chásanna cinntitheacha chreat meántéarmach réamh‑mheasta an fhiachais phoiblí de chuid an Choimisiúin dá dtugtar tuairisc i bhFaireachán Inbhuanaitheachta Fiachais 2022;
·tá an riosca nach laghdóidh an cóimheas fiachais phoiblí sna 5 bliana tar éis thréimhse choigeartaithe an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta íseal a dhóthain. Déantar an riosca a mheasúnú le cuidiú ó anailís stocastach an Choimisiúin.
IARSCRÍBHINN VI
Tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais
Is iad tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12, pointe (b):
(a)An Comhaontú Glas don Eoraip, lena n‑áirítear an t‑aistriú chuig aeráidneodracht faoi 2050 agus an t‑aistriú ar an leibhéal náisiúnta trí na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide;
(b)Colún Eorpach na gCeart Sóisialta lena n‑áirítear na spriocanna gaolmhara maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta faoi 2030;
(c)Clár Beartais don Deacáid Dhigiteach 2030, agus léirithe ar an leibhéal náisiúnta trí Threochláir Straitéiseacha na Deacáide Digití Náisiúnta;
(d)
Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint - D’Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a chuireann leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta
.
IARSCRÍBHINN VII
Creat measúnaithe do na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe
1.Raon feidhme
Is iad cuspóirí an chreata measúnaithe seo ná a bheith:
–mar bhonn don Choimisiún chun a mheasúnú cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a áirítear sna pleananna fioscacha‑struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta atá mar bhonn taca faoi shíneadh a dtréimhse coigeartaithe na critéir a leagtar amach in Airteagal 13(2). Dá bhrí sin is é an creat measúnaithe seo an bonn le cur i bhfeidhm na gcritéar measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 13(2) d’fhonn próiseas cothrom agus trédhearcach a áirithiú;
–mar bhonn chun a mheasúnú cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann gach ceann de na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(3). Dá bhrí sin is é an creat measúnaithe seo an bonn freisin le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 13(3), chun na críche céanna.
2.Critéir mheasúnaithe
I gcomhréir le hAirteagal 13(2), beidh na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a áirítear sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe ar cóimhéid le méid na ndúshlán fiachais phoiblí, mar a bunaíodh sa leagan den Fhaireachán Inbhuanaitheachta Fiachais ba dhéanaí a tugadh cothrom le dáta, agus na ndúshlán don fhás meántéarmach sa Bhallstát. Maidir leis na Ballstáit ina bhfuil dúshláin a bhaineann don fhiachas poiblí nasctha le dúshláin mhóra atá roimh fhás meántéarmach, tá coinne leis go dtabharfar aghaidh, leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí, ar na bacainní ar fhás meántéarmach freisin.
Comhlíonfaidh an tacar gealltanas i leith athchóirithe agus infheistíocht le chéile na critéir seo a leanas:
2.1Cuireann na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta leis an bhfás;
–Tá coinne leis, bunaithe ar thoimhdí inchreidte, dea‑dhoiciméadaithe agus stuama,, go dtabharfaidh na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta borradh mór d’acmhainneacht fáis gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann ar bhealach inbhuanaithe;
2.2Tacaíonn tacar na ngealltanas athchóirithe agus infheistíochta le hinbhuanaitheacht fhioscach;
–Tá coinne leis go mbeidh feabhas mór struchtúrtha ar airgeadas poiblí sa mheántéarma i gceist le gealltanais athchóirithe agus infheistíochta, trí chaiteachas poiblí a laghdú go struchtúrtha nó trí ioncam poiblí a mhéadú, sa Bhallstát lena mbaineann.
2.3Tugann na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta aghaidh ar thosaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI;
–Cuireann na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta go mór le ceann amháin ar a laghad de thosaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI;
2.4Tugtar aghaidh sna gealltanais athchóirithe agus infheistíochta, nuair a chuirtear le chéile iad, ar mholtaí tírshonracha, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, moltaí arna n‑eisiúint faoin Nós Imeachta um Míchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch;
–Tá coinne leis go dtabharfar aghaidh ar dhúshláin a shainaithnítear sna moltaí tírshonracha, nuair a chuirtear le chéile iad, leis na gealltanais ábhartha athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe, lena n‑áirítear na moltaí arna n‑eisiúint faoin Nós Imeachta um Míchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch i gcás inarb infheidhme, agus an raon feidhme agus scála na ndúshlán tírshonrach agus na gealltanais a tugadh faoi na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, i gcás inarb ábhartha, á chur san áireamh;
2.5 Áirithítear leis na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta go mbeidh leibhéal foriomlán na hinfheistíochta poiblí arna maoiniú go náisiúnta thar shaolré an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta níos airde ná an leibhéal meántéarmach roimh thréimhse an phlean sin
–Cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an leibhéal infheistíochta poiblí arna maoiniú go náisiúnta atá beartaithe thar shaolré an phlean níos airde ná an leibhéal meántéarmach roimh thréimhse an phlean.
Ina theannta sin, ba cheart gach ceann de na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta arna ndéanamh ag na Ballstáit atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe a bheith mionsonraithe, tús‑ualaithe, faoi cheangal ama, agus infhíoraithe a dhóthain.
–tá an tuairisc ar na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta soiléir agus leagann amach inti eilimintí mionsonraithe gach athchóirithe agus infheistíochta, rud a cheadaíonn don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na critéir i bpointí 2.1‑2.5, lena n‑áirítear maidir lena gcur chun feidhme, agus maidir le faireachán;
–cuirfear na hathchóirithe chun feidhme laistigh de thréimhse an phlean;
–cuirfear na hinfheistíochtaí chun feidhme ar a dhéanaí faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe;
–áirítear sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta táscairí soiléire, réalaíocha, ábhartha agus láidre lena gceadaítear dul chun cinn a fhíorú maidir le cur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas athchóirithe agus infheistíochta.