An Bhruiséil,14.4.2023

COM(2023) 230 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údarófar caibidlíocht a thosú le haghaidh disciplíní trádála digití le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór

{SWD(2023) 85 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I ngeall ar dhigitiú an gheilleagair tá athrú ag teacht ar scála, raon feidhme agus luas na trádála idirnáisiúnta. De bharr an digitithe, is féidir le gnólachtaí earraí agus seirbhísí a chur ar fáil do líon níos mó custaiméirí agus na hearraí agus na seirbhísí sin a dhíol leo, agus cuirtear go mór leis an rogha atá ag tomhaltóirí. Ina theannta sin, cuireann sé ar a gcumas do ghnólachtaí uirlisí digiteacha nua nuálacha a úsáid chun bacainní ar an bhfás a shárú. Go háirithe, baineann fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) tairbhe as na deiseanna sin agus is féidir leo a bheith níos comhtháite i slabhraí luacha domhanda.

Tá méadú ag teacht ar thábhacht trádála earraí agus seirbhísí i ngeall ar mheáin leictreonacha (‘trádáil dhigiteach’ 1 ) ar scála domhanda. Baineann an trádáil dhigiteach le seachadadh fisiciúil earraí agus seirbhísí is féidir a cheannach go digiteach (amhail leabhar a cheannach trí ardán idirlín) mar aon le seachadadh digiteach earraí agus seirbhísí (amhail bogearraí, ríomhleabhair nó sreafaí sonraí), lena ndéantar idirbhearta idir gnólachtaí agus idirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. Meastar gur shroich luach domhanda na ríomhthráchtála EUR 22 thrilliún in 2019, méadú 4 % ó 2018, arbh é a bhí ann méid thart ar 30 % den Olltáirgeacht Intíre (OTI) dhomhanda 2 .

Ní chuirtear gné shonrach na trádála digití san áireamh i gcónaí sna rialacha trádála idirnáisiúnta atá ann cheana, rud a chruthaíonn éiginnteacht do ghnólachtaí maidir leis na rialacha a dhéanfaidh difear dá n-oibríochtaí agus dá n-infheistíochtaí i dtríú tíortha agus do chustaiméirí maidir leis na rialacha a mbeidh feidhm acu i ndáil lena n-idirbhearta. Tá méadú ag teacht ar líon na rialacha náisiúnta lena rialaítear an geilleagar digiteach a d’fhéadfadh bacainní gan údar ar an trádáil dhigiteach a chruthú. Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do ghnólachtaí agus chun trádáil dhigiteach a éascú, d’fhéach tíortha ar fud an domhain le rialacha trádála digití a chur ar bun. In 2019, chuir comhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) tús le caibidlíocht iltaobhach maidir le ríomhthráchtáil 3 . Le blianta beaga anuas, forbraíodh freisin líon méadaitheach comhaontuithe réigiúnacha agus déthaobhacha maidir leis an trádáil dhigiteach 4 . Cé nach ndearna an tAontas caibidlíocht earnála dhéthaobhach go dtí seo faoi chomhaontuithe maidir leis an trádáil dhigiteach, thug an tAontas Comhaontuithe Saorthrádála i gcrích, lena n-áirítear rialacha cuimsitheacha maidir leis an trádáil dhigiteach leis an Ríocht Aontaithe, leis an tSile, agus leis an Nua-Shéalainn 5 .

I straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach i mí Mheán Fómhair 2021, d’fhógair an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go raibh sé ar intinn acu Comhpháirtíochtaí Digiteacha a chur ar bhonn foirmiúil le cuid de phríomh-chomhpháirtithe an Aontais sa réigiún, lena n-áirítear le Singeapór agus le Poblacht na Cóiré go háirithe. Sheol an tAontas Comhpháirtíocht Dhigiteach le Poblacht na Cóiré an 28 Samhain 2022 agus le Singeapór an 1 Feabhra 2023. Is tábhachtach an ghné thrádála atá sna Comhpháirtíochtaí sin agus áirítear iontu Prionsabail maidir leis an Trádáil Dhigiteach mar phríomhspriocanna. Cé nach bhfuil na prionsabail ceangailteach ó thaobh a gcineáil de, is suntasach an luach polaitiúil atá leis na Prionsabail maidir leis an Trádáil Dhigiteach, toisc go bhfuil comhthuiscint ar na saincheisteanna trádála digití is ábhartha á léiriú iontu. Shínigh an tAontas na Prionsabail maidir leis an Trádáil Dhigiteach le Poblacht na Cóiré an 30 Samhain 2022 agus le Singeapór an 31 Eanáir 2023. Leis na Prionsabail maidir leis an Trádáil Dhigiteach léiríodh go raibh ardleibhéal cóineasaithe an dá thír ag teacht le cur chuige an Aontais i leith na trádála digití.

Bhí an caidreamh trádála déthaobhach idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré agus Singeapór léirscaoilte agus feabhsaithe cheana féin i ngeall ar na Comhaontuithe Saorthrádála (CSTanna) a tugadh i gcrích idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré in 2011 agus idir an tAontas agus Singeapór in 2019 6 . Cé gur cuimsitheach na comhaontuithe saorthrádála sin iad lena ndéantar foráil maidir le gealltanais shubstaintiúla le haghaidh trádáil earraí agus seirbhísí idir na páirtithe, ní dhéantar foráil leo maidir le rialacha cuimsitheacha i ndáil leis an trádáil dhigiteach, ós rud é nár mhol an tAontas rialacha den sórt sin i ndáil lena chomhpháirtithe caibidlíochta tráth a rinneadh caibidlíocht ar na comhaontuithe saorthrádála sin. Ó shin i leith, d’fhorbair an tAontas tuilleadh rialacha maidir leis an trádáil dhigiteach a bhfuil feidhm acu maidir lena chaidreamh déthaobhach le roinnt comhpháirtithe trádála, lena n-áirítear leis an Ríocht Aontaithe, leis an tSile agus leis an Nua-Shéalainn.

Tá an tAontas agus Poblacht na Cóiré, agus an tAontas agus Singeapór ina bpríomh-chomhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach. Thairis sin, le Creat-Chomhaontú 2010 idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, lena gcruthaítear comhpháirtíocht straitéiseach, tá bonn á chur le comhar eacnamaíoch agus polaitiúil neartaithe 7 . Tá caidreamh eacnamaíoch domhain dinimiciúil idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, agus idir an tAontas agus Singeapór. Ar bhonn Comhaontú Saorthrádála agus Comhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas agus Singeapór, tá Singeapór anois ar an gcomhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó atá ag Aontas san Áise Thoir Theas. In 2021, bhí an t-aonú Olltáirgeacht Intíre (OTI) is mó déag ar domhan aige per capita agus rangaíodh é sa séú háit ó thaobh ghlacadh TFC agus scileanna digiteacha de i dTuarascáil 2020 maidir le hIomaíochas Domhanda (WEF) 8 . In 2020, b’fhiú breis agus EUR 90 billiún an trádáil bhliantúil earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus Singeapór. Tá Singeapór ar cheann de na geilleagair is oscailte agus is digitithe ar domhan. Tá an Chóiré Theas ar cheann de phríomh-chomhpháirtithe an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach freisin. Tá geilleagar na Cóiré Theas ag fás leis gan stad ó na 1960idí i leith, agus bhí sí ar an deichiú geilleagar is mó ar domhan in 2021 ó thaobh OTI de. Rangaíodh sa chéad ait í i dTuarascáil 2020 maidir le hIomaíochas Domhanda ó thaobh ghlacadh TFC agus sa deichiú háit ó thaobh scileanna digiteacha de 9 . In 2020, b’fhiú breis agus EUR 120 billiún an trádáil bhliantúil earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré. Is amhlaidh is mó a d’fhéadfaí deiseanna nua a chruthú do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí an Aontais i ngeall ar an gcaibidlíocht le Singeapór agus le Poblacht na Cóiré faoi rialacha maidir leis an trádáil dhigiteach. Beidh gnólachtaí de chuid an Aontais in ann bheith ag feidhmiú níos éasca sna tíortha sin, go sonrach micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, agus neartóidh sé muinín thomhaltóirí an Aontais sa timpeallacht ar líne.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Cuidíonn an tionscnamh leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena bhforáiltear gur cheart don Aontas ‘lánpháirtiú na dtíortha uile sa gheilleagar domhanda a chothú, lena n-áirítear trí shrianta ar an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú de réir a chéile’.

Ina theannta sin, cuireann sé le straitéis an Aontais i mí Mheán Fómhair 2021 maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ina n-aithnítear go bhfuil an réigiún ar thús cadhnaíochta sa gheilleagar digiteach agus molann sé Comhpháirtíochtaí Digiteacha a bhunú le Poblacht na Cóiré, le Singeapór agus leis an tSeapáin 10 .

Tá an tionscnamh comhsheasmhach leis an athbhreithniú ón gCoimisiún ar an mbeartas trádála i mí Feabhra 2021, ina bhfógraítear go bhfuil sé ar intinn aige dlús a chur leis an rannpháirtíocht dhéthaobhach agus féachaint ar chreataí níos láidre le haghaidh comhar maidir le saincheisteanna faoin trádáil dhigiteach le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo agus chun a idirphlé rialála le comhpháirtithe atá ar aon intinn a neartú 11 .

Tá sé comhsheasmhach leis na comhaontuithe saorthrádála a rinne an caidreamh trádála déthaobhach a fheabhsú agus a léirscaoileadh cheana féin idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré, agus idir an tAontas Eorpach agus Singeapór, ach nach bhforáiltear iontu do rialacha cuimsitheacha maidir leis an trádáil dhigiteach.

Tá an togra comhsheasmhach leis na Comhpháirtíochtaí Digiteacha agus leis na Prionsabail Trádála Digití a seoladh i gcomhar le Poblacht na Cóiré, agus le Singeapór, agus cuireann an togra leo, lena léirítear ardleibhéal cóineasaithe idir cur chuige an Aontais agus cur chuige na dtíortha sin maidir leis an trádáil dhigiteach. Ní chuireann an tionscnamh srian ar an gcomhar leanúnach ná ar an gcomhar a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus na tíortha sin i gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Digiteacha.

Cuirtear san áireamh sa tionscnamh an dul chun cinn atá déanta go dtí seo sa chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir leis an ríomhthráchtáil i measc chomhaltaí EDT.

Cuireann an tAontas disciplíní rialála uaillmhianacha maidir leis an trádáil dhigiteach chun cinn go córasach ina chaibidlíocht faoin tsaorthrádáil. Leanann na treoracha caibidlíochta atá beartaithe an cur chuige céanna mar a leanann an tAontas ina chaibidlíocht maidir le comhaontuithe saorthrádála, lena n-áirítear an chaibidlíocht is déanaí leis an Ríocht Aontaithe sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, leis an tSile sa Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas agus an tSile, agus leis an Nua-Shéalainn le haghaidh an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cuireann na disciplíní a mholtar sna treoracha caibidlíochta le reachtaíocht an Aontais maidir leis an margadh inmheánach i réimse na trádála digití agus tá siad ag teacht go hiomlán leis an reachtaíocht sin. Deimhnítear freisin sna treoracha caibidlíochta atá beartaithe gur cheart aon riail nó gealltanas arna gcomhaontú ag an Aontas a bheith i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais agus gur cheart go gcaomhnófaí leo an tsaoirse beartais is gá chun Straitéis Dhigiteach an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme.

Tá na treoracha caibidlíochta atá beartaithe comhsheasmhach leis an Dearbhú maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha Eorpacha a shínigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an 15 Nollaig 2022, a bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas é a chur chun cinn ina chaidreamh trádála idirnáisiúnta 12 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Foráiltear le hAirteagal 218(3) CFAE go dtíolacfaidh an Coimisiún moltaí don Chomhairle, agus glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar caibidlíocht a thosú agus lena n-ainmneofar idirbheartaí an Aontais. De réir Airteagal 218(4) CFAE, féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí agus coiste speisialta a ainmniú nach foláir an chaibidlíocht a sheoladh i gcomhairle leis.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

De réir Airteagal 5(3) de CAE, ní bhíonn feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sna réimsí sin ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach. Is réimse inniúlachta eisiach de chuid an Aontais faoi Airteagal 3 CFAE é an comhbheartas tráchtála.

Comhréireacht

Ní théann an tionscnamh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí beartais atá i gceist a ghnóthú.

An rogha ionstraime

Tá Moladh ón gCoimisiún maidir le Cinneadh ón gComhairle lena n-údarófar caibidlíocht a thosú i gcomhréir le hAirteagal 218(3) CFAE, lena bhforáiltear go dtíolacfaidh an Coimisiún moltaí don Chomhairle, agus glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí páirtithe leasmhara rannpháirteach maidir le trádáil dhigiteach le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór in ullmhú agus caibidlíocht na gComhpháirtíochtaí Digiteacha agus na bPrionsabal maidir leis an Trádáil Dhigiteach.

Ní raibh gá le tuilleadh comhairliúcháin phoiblí maidir leis an tionscnamh seo, ós rud é go bhfuil na príomhphrionsabail atá mar bhonn leis an gcaibidlíocht atá beartaithe le fáil cheana féin sna Prionsabail maidir leis an Trádáil Dhigiteach le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór agus ós rud é go dtugann sé disciplíní arís atá curtha san áireamh cheana ag an Aontas sna comhaontuithe saorthrádála atá aige cheana leis an Ríocht Aontaithe, leis an tSile agus leis an Nua-Shéalainn agus ós rud é go bhfuil sé ag plé ríomhthráchtáil laistigh de EDT sa chaibidlíocht freisin. Ní fios roimh ré cé na gnéithe substainteacha breise a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na caibidlíochta.

Téann an Coimisiún i gcomhairle go rialta le páirtithe leasmhara inter alia i gcomhthéacs an Chomhphlé leis an tSochaí Shibhialta 13 .

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

Ní dhearnadh measúnú tionchair ós rud é go bhfuil sé thar a bheith deacair tionchar eacnamaíoch an tionscnaimh a thomhas i gcomparáid leis an staid reatha, ós rud é go n-éascóidh na rialacha maidir le trádáil dhigiteach an caidreamh trádála déthaobhach atá léirscaoilte agus feabhsaithe cheana féin leis na comhaontuithe saorthrádála atá ann cheana le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór. Áirítear ar na comhaontuithe saorthrádála sin cheana féin forálacha cuimsitheacha maidir le rochtain ar an margadh le haghaidh trádáil earraí agus seirbhísí araon agus, dá bhrí sin, beidh tionchar ag an tionscnamh ar an deimhneacht dhlíthiúil bhreise a thabhairt d’oibreoirí atá ag gabháil don trádáil dhigiteach sna hearnálacha léirscaoilte. Thairis sin, is beag rogha atá ann don Aontas toisc go bhfuil na disciplíní atá beartaithe don chaibidlíocht an-chosúil leo siúd atá san áireamh cheana féin sna comhaontuithe saorthrádála a tugadh i gcrích idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, idir an tAontas agus an tSile agus idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn, agus leis na disciplíní sin atá á saothrú ag an Aontas sa chaibidlíocht trádála digití iltaobhach in EDT. Ní féidir aon togra substainteach breise a d’fhéadfadh na páirtithe eile a dhéanamh a shainaithint agus a mheasúnú ex ante. Tá doiciméad inmheánach oibre ag gabháil leis an tionscnamh ina dtugtar tuairisc ar an gcomhthéacs ina ndéanfar an chaibidlíocht, ina leagtar béim ar thábhacht na trádála digití atá ag méadú i rith an ama agus ar iarrachtaí tíortha ar fud an domhain chun rialacha idirnáisiúnta a fhorbairt sa réimse sin. Cuirtear i láthair ann freisin na cineálacha éagsúla cur chuige maidir le rialacha i ndáil leis am trádáil dhigiteach a ghlac an tAontas Eorpach, Poblacht na Cóiré agus Singeapór.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Leis an tionscnamh, urramaítear go hiomlán Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 8 maidir le cosaint sonraí pearsanta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl impleachtaí buiséadacha ag an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Meastar go dtabharfar an chaibidlíocht i gcrích in 2024.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é is aidhm do na forálacha a mholadh go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar caibidlíocht a thosú agus lena n-ainmneofar idirbheartaí an Aontais. Féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údarófar caibidlíocht a thosú le haghaidh disciplíní trádála digití le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal (218)3 agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá caidreamh eacnamaíoch domhain dinimiciúil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré, agus idir an tAontas Eorpach agus Singeapór faoi seach. Tá Poblacht na Cóiré agus Singeapór ina ndlúth-chomhpháirtithe straitéiseacha de chuid an Aontais Eorpaigh sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus ina gcomhpháirtithe trádála suntasacha don Aontas Eorpach san Áise. Tá Comhaontú Saorthrádála le Poblacht na Cóiré ag an Aontas Eorpach ó bhí 2011 ann agus tá Comhaontú Saorthrádála le Singeapór aige ó bhí 2019 ann. Déantar foráil sna Comhaontuithe Saorthrádála sin maidir le gealltanais shuntasacha i ndáil le trádáil earraí agus seirbhísí idir na páirtithe, ach ní áirítear leo rialacha cuimsitheacha maidir leis an trádáil dhigiteach.

(2)I gcomhréir le straitéis an Aontais Eorpaigh don réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach i Meán Fómhair 2021, d’fhéach an tAontas Eorpach le comhar níos dlúithe a bheith aige le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór maidir leis an trádáil dhigiteach. Rinne an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré Comhpháirtíocht Dhigiteach an 28 Samhain 2022 agus sa chomhthéacs sin tháinig siad ar chomhaontú maidir le prionsabail neamhcheangailteacha i ndáil leis an trádáil dhigiteach an 30 Samhain 2022. Rinne an tAontas Eorpach agus Singeapór Comhpháirtíocht Dhigiteach an 1 Feabhra 2023 agus tháinig siad ar chomhaontú maidir le prionsabail neamhcheangailteacha i ndáil leis an trádáil dhigiteach an 31 Eanáir 2023.

(3)Sna Prionsabail maidir leis an Trádáil dhigiteach a comhaontaíodh le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór, léirítear ardleibhéal cóineasaithe le cur chuige an Aontais Eorpaigh i leith na trádála digití.

(4)I gcás roinnt caibidlíochtaí déthaobhacha faoi chomhaontuithe saorthrádála tá rialacha maidir leis an trádáil dhigiteach comhaontaithe ag an Aontas Eorpach le tríú tíortha. Tá an tAontas Eorpach rannpháirteach freisin i roinnt caibidlíochtaí ar mar chuid di atá rialacha maidir leis an trádáil dhigiteach á bhforbairt, an chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir le tráchtáil leictreonach laistigh de EDT. Dá bhrí sin, is iomchuí údarú a thabhairt don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le disciplíní trádála digití ceangailteacha atá comhleanúnach leis na comhaontuithe sin agus na cuspóirí céanna a shaothrú a bhfuil sé ar intinn ag an Aontas Eorpach a bhaint amach sa chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo don Choimisiún disciplíní trádála digití a chaibidliú, thar ceann an Aontais, le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór.

Airteagal 2

Na treoracha caibidlíochta atá dírithe chuig an gCoimisiún chun disciplíní trádála digití a chaibidliú le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór, leagtar amach iad san aguisín a ghabhann leis an gcinneadh.

Airteagal 3

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhar le [ainm an choiste speisialta le cur isteach ag an gComhairle].

Airteagal 4

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Ar bhonn idirnáisiúnta is minic a úsáidtear an téarma ‘trádáil dhigiteach’ go hidirmhalartach le ‘ríomhthráchtáil’.
(2)    Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar an Trádáil agus ar an bhForbairt (UNCTAD), Meastacháin ar ríomhthráchtáil dhomhanda 2019 agus réamh-mheasúnú ar Iarmhairt Covid-19 ar mhiondíol ar líne 2020, Bealtaine 2021, www.unctag.org  - $26.7 trilliún a raibh meánráta malairte USD/EUR 1.2093 in 2019 ann.
(3)    Ráiteas Comhpháirteach maidir leis an tráchtáil leictreonach an 25 Eanáir 2019, WT/L/1056 .
(4)    I mí an Mheithimh 2020, shínigh Singeapór, an tSile agus an Nua-Shéalainn Comhaontú Comhpháirtíochta maidir leis an nGeilleagar Digiteach (DEPA) leis an tSile agus an Nua-Shéalainn. D’iarr an Chóiré a bheith ina páirtí in DEPA i mí Mheán Fómhair 2021, d’iarr an tSín a bheith ina páirtí ann i nDeireadh Fómhair 2021 agus d’iarr Ceanada a bheith ina pháirtí ann freisin i mí na Bealtaine 2022. Féach freisin, mar shampla, an Comhaontú maidir leis an nGeilleagar Digiteach idir Singeapór agus an Astráil (a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2020), an Comhaontú maidir leis an nGeilleagar Digiteach idir Singeapór agus an Ríocht Aontaithe (a tháinig i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2022) agus an Comhaontú Comhpháirtíochta Digití idir Singeapór agus an Chóiré (a síníodh an 21 Samhain 2022).
(5)    An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, lgh 10–2539; An Coimisiún Eorpach, an tAontas Eorpach-an tSile: Téacs an Chomhaontaithe, https://policy.trade.ec.europa.eu , An Coimisiún Eorpach, an tAontas Eorpach-An Nua-Shéalainn: Téacs an Chomhaontaithe, https://policy.trade.ec.europa.eu/
(6)    An Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, IO L 127, 14.5.2011, lch. 1–1426; Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór, IO L 294, 14.11.2019, lgh. 3–755.
(7)    An Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, IO L 020, 13.1.2013, lch. 2–24.
(8)    An Fóram Eacnamaíoch Domhanda (WEF), An Tuarascáil maidir le hIomaíochas Domhanda, 2020, www.weforum.org  
(9)    Ibid.
(10)    JOIN(2021) 24 final (16.9.2021).
(11)    COM(2021) 66 final (18.2.2021).
(12)    An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití 2023/C 23/01, IO C 23, 23.1.2023, lgh. 1-7.
(13)    An Coimisiún Eorpach, Cruinnithe trádála an Aontais leis an tSochaí Shibhialta, http://trade.ec.europa.eu/

An Bhruiséil,14.4.2023

COM(2023) 230 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

lena n-údarófar caibidlíocht a thosú le haghaidh disciplíní trádála digití le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór

{SWD(2023) 85 final}


AGUISÍN

TREORACHA LE hAGHAIDH CAIBIDLÍOCHT A DHÉANAMH FAOI DHISCIPLÍNÍ TRÁDÁLA DIGITÍ LE POBLACHT NA CÓIRÉ AGUS LE SINGEAPÓR

1.CINEÁL AGUS RAON FEIDHME NA bhFORÁLACHA

(1)Is é is aidhm don chaibidlíocht disciplíní a bhunú maidir le trádáil earraí agus seirbhísí is féidir a dhéanamh trí mhodhanna leictreonacha (‘an trádáil dhigiteach’) idir Poblacht na Cóiré agus an tAontas, agus idir Singeapór agus an tAontas. Ba cheart go n-éascódh disciplíní den sórt sin an caidreamh trádála déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré, agus idir an tAontas Eorpach agus Singeapór. Tá an dá chaidreamh sin feabhsaithe agus léirscaoilte cheana féin leis na Comhaontuithe Saorthrádála a tugadh i gcrích idir an tAontas agus an dá thír. Ba cheart na disciplíní a bheith comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar amach sna comhaontuithe saorthrádála sin agus cur leis an ardleibhéal cóineasaithe maidir le saincheisteanna faoin trádáil dhigiteach a léirítear sna Prionsabail maidir leis an Trádáil Dhigiteach a síníodh idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré i mí na Samhna 2022 agus idir an tAontas agus Singeapór i mí Eanáir 2023. Is príomhspriocanna na Prionsabail sin sna Comhpháirtíochtaí Digiteacha a chuir an tAontas i gcrích leis an dá thír.

(2)Is é is aidhm don chaibidlíocht an trádáil dhigiteach dhéthaobhach a fheabhsú, oibríochtaí gnólachtaí a éascú, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe trí mhuinín tomhaltóirí sa timpeallacht ar líne a neartú agus trí dheiseanna nua a chruthú chun fás agus forbairt chuimsitheach a chur chun cinn.

(3)Tá sé d’aidhm ag an gcaibidlíocht freisin tacú le margaí digiteacha oscailte atá iomaíoch, trédhearcach, cothrom agus saor ó bhacainní gan údar ar an trádáil agus ar an infheistíocht idirnáisiúnta.

(4)Ba cheart go gcuirfeadh na disciplíní le rialacha agus oibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) atá ann cheana. Ba cheart dóibh an chaibidlíocht trádála agus infheistíochta a rinneadh le déanaí agus atá ar siúl ar an leibhéal déthaobhach agus ar an leibhéal iltaobhach a chur san áireamh, agus cur leis an gcaibidlíocht sin, más féidir agus más ábhartha.

(5)Sa chaibidlíocht, cuirfidh an tAontas chun cinn na cearta agus na prionsabail a leagtar amach sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití mar a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an 15 Nollaig 2022.

2.ÁBHAR BEARTAITHE NA RIALACHA AGUS NA nGEALLTANAS

(1)Ba cheart go bhforbródh an chaibidlíocht disciplíní maidir le gnéithe den trádáil dhigiteach. Ba cheart é a bheith d’aidhm acu sin feabhas a chur ar na dálaí don trádáil dhigiteach ar mhaithe le gnólachtaí agus tomhaltóirí san Aontas Eorpach, agus cur le rannpháirtíocht micrifhiontar agus fiontar beag agus fiontar meánmhéide i slabhraí luacha domhanda.

(2)Ba cheart an chaibidlíocht a dhéanamh ar bhealach oscailte. Dá bhrí sin, féadfaidh siad aon ghné den trádáil dhigiteach arna comhaontú ag na páirtithe sa chaibidlíocht a chumhdach.

(3)Agus an ghné thrasearnálach den trádáil dhigiteach á haithint, féadfar an méid seo a leanas a chumhdach leis an gcaibidlíocht:

(a)ríomh-idirbhearta a éascú (e.g. ríomhshínithe, fíordheimhniú leictreonach);

(b)dleachtanna custaim ar tharchur leictreonach agus ar an ábhar tarchurtha;

(c)muinín tomhaltóirí (e.g. cosaint tomhaltóirí ar líne, teachtaireachtaí leictreonacha gan iarraidh);

(d)sreafaí sonraí trasteorann lena mbaineann muinín, ceanglais logánaithe sonraí agus cosaint sonraí pearsanta;

(e)muinín gnó (e.g. cosaint an chóid foinse ríomhaireachta, aistriú éigeantach teicneolaíochta);

(f)rochtain fheabhsaithe ar thráchtáil leictreonach (e.g. rochtain ar an idirlíon, ar ábhar ar líne agus ar shonraí rialtais nó dliteanas idirghabhálaithe ar líne agus rochtain orthu);

(g)bearta éascaithe trádála atá ábhartha don tráchtáil leictreonach (e.g. trádáil gan pháipéar, ríomhsonrascadh), agus aird chuí á tabhairt ar Chomhaontú EDT maidir le hÉascú Trádála;

(h)gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le tráchtáil leictreonach, lena n-áirítear rúin trádála;

(i)trédhearcacht; agus

(j)comhar (e.g. idir páirtithe sa chaibidlíocht, údaráis cosanta tomhaltóirí).

(4)Ba cheart aon riail nó gealltanas a chomhaontóidh an tAontas Eorpach a bheith i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais agus ba cheart an neamhspleáchas rialála a chaomhnú is gá chun beartais sonraí agus beartais dhigiteacha an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorbairt.

(5)Go háirithe, ní chomhaontóidh an tAontas Eorpach le disciplíní ná le gealltanais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá chreat dlíthiúil maidir leis an gcibearshlándáil, go háirithe maidir le hardleibhéal coiteann slándála líonraí agus córas faisnéise ar fud an Aontais Eorpaigh.

(6)I gcomhthéacs dhigitiú méadaitheach na trádála agus a thábhachtaí atá aistrithe idirnáisiúnta sreafaí sonraí le haghaidh trádáil agus infheistíocht trasteorann, ní mór cur chuige an Aontais Eorpaigh sa chaibidlíocht sin a bheith comhleanúnach leis an gcur chuige a leantar i ndáil leis an gcaibidlíocht faoi chomhaontuithe trádála agus infheistíochta déthaobhacha agus iltaobhacha a tugadh i gcrích agus, más ábhartha agus más iomchuí, a rinneadh le déanaí agus atá fós ar siúl. Go háirithe, ba cheart rialacha a bheith mar thoradh ar an gcaibidlíocht lena gcumhdófar sreafaí sonraí trasteorann agus lena dtabharfar aghaidh ar cheanglais gan údar maidir le logánú sonraí, agus an tráth céanna gan rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a chaibidil ná difear a dhéanamh do na rialacha sin, agus ba cheart, go háirithe, a bheith i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus neamhphearsanta agus maidir leis an gcibearshlándáil.

(7)Leanfaidh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit de bheith in ann a gcumas a chaomhnú agus a fhorbairt chun beartais chultúrtha agus chlosamhairc a shainiú agus a chur chun feidhme d’fhonn a n-éagsúlacht chultúrtha a choimeád. Ní chomhaontóidh an tAontas Eorpach rialacha ná gealltanais le haghaidh seirbhísí closamhairc. Ní ghlacfaidh an tAontas Eorpach gealltanais maidir le seirbhísí a sholáthraítear ná gníomhaíochtaí a dhéantar i bhfeidhmiú údaráis rialtais.

(8)Ina theannta sin, ní chomhaontóidh an tAontas Eorpach le disciplíní ná le gealltanais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá chreat dlíthiúil maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint.

(9)Níor cheart go gcuirfeadh na rialacha agus na gealltanais cosc ar an Aontas Eorpach, ar a Bhallstáit agus ar a n-údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla gníomhaíocht eacnamaíoch a rialáil ar mhaithe le leas an phobail, chun cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí a bhaint amach amhail sláinte phoiblí, seirbhísí sóisialta, oideachas poiblí, sábháilteacht, an comhshaol, an mhoráltacht phoiblí, cosaint shóisialta nó cosaint tomhaltóirí, sláine agus cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais a áirithiú, príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta agus éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn agus a chosaint. Ba cheart ardcháilíocht na seirbhísí poiblí san Aontas Eorpach a chaomhnú i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe le Prótacal Uimh. 26 maidir le Seirbhísí Leasa Ghinearálta, agus forchoimeádais an Aontais Eorpaigh sa réimse seo a chur san áireamh, lena n-áirítear de bhun GATS.