Strasbourg, 18.4.2023

COM(2023) 228 final

2023/0115(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme árachais taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann agus trédhearcacht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 230 final} - {SWD(2023) 225 final} - {SWD(2023) 226 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Na leasuithe beartaithe ar Threoir 2014/49/AE 1 (an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí), is cuid den phacáiste reachtach bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí iad lena náirítear freisin leasuithe ar Threoir 2014/59/AE 2 (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 3 (an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair).

Tá creat bainistíochta géarchéime banc an Aontais seanbhunaithe, ach is léir ó bhabhtaí teipeanna bainc roimhe seo go bhfuil gá le feabhsuithe. Is é is aidhm don athchóiriú ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí cuspóirí an chreata bainistíochta géarchéime banc a fhorbairt agus cur chuige níos comhsheasmhaí i leith réitigh a áirithiú, ionas go mbeidh aon bhanc ina bhfuil géarchéim in ann imeacht ón margadh ar bhealach ordúil, agus cobhsaíocht airgeadais agus airgead na gcáiníocóirí a chaomhnú agus muinín taisceoirí a áirithiú. Go sonrach, is gá an creat um réiteach atá ann faoi láthair le haghaidh bainc bheaga agus mheánmhéide a neartú maidir lena dhearadh agus a chur chun feidhme agus, an rud is tábhachtaí, maidir le dreasachtaí chun é a chur i bhfeidhm, ionas gur féidir é a chur i bhfeidhm maidir leis na bainc sin ar bhealach níos inchreidte. Thairis sin, ba cheart feabhas a chur ar an gcreat um chumhdach taisceoirí chun a áirithiú go gcuirfear rialacha i bhfeidhm go comhleanúnach agus go mbeidh cothroime iomaíochta níos fearr ann, agus go gcosnófar cobhsaíocht airgeadais, go gcuirfear le muinín taisceoirí agus go gcoiscfear an tógálacht.

Comhthéacs an togra

Tar éis ghéarchéimeanna an airgeadais dhomhanda agus an fhiachais cheannasaigh, rinne an tAontas gníomhaíochtaí cinntitheacha, i gcomhréir le glaonna idirnáisiúnta ar athchóiriú, chun earnáil airgeadais níos sábháilte do mhargadh aonair an Aontais a chruthú. Áiríodh leis sin na huirlisí agus na cumhachtaí a sholáthar chun teip aon bhanc a láimhseáil go hordúil, agus cobhsaíocht airgeadais, airgeadas poiblí agus cumhdach taisceoirí a chaomhnú. Cruthaíodh an tAontas Baincéireachta in 2014 agus tá dhá cholún ann faoi láthair: Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) agus Sásra Réitigh Aonair (SRM). Tá an tAontas Baincéireachta fós neamhiomlán, áfach, óir tá a thríú colún ar iarraidh: Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) 4 . Tá togra an Choimisiúin le haghaidh SEÁT 5 a bhunú, a glacadh an 24 Samhain 2015, fós ar feitheamh.

Mar thaca leis an Aontas Baincéireachta tá Leabhar Rialacha Aonair, a bhfuil trí ghníomh dlí AE ann a glacadh in 2014, agus baineann sé leis an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí: an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair agus an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí. Leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, sainítear na cumhachtaí, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc, lena n‑áirítear socruithe comhair trasteorann chun dul i ngleic le teipeanna bainc trasteorann. Leis an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair, cruthaítear an Bord Réitigh Aonair (BRA) agus an Coiste Réitigh Aonair (CRA) agus sainítear na cumhachtaí, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le réiteach na n‑eintiteas a bhunaítear san Aontas Baincéireachta, i gcomhthéacs an tSásra Réitigh Aonair. Leis an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, áirithítear go gcumhdófar taisceoirí agus leagtar amach na rialacha maidir le cistí scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid. Tá an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí infheidhme sna Ballstáit uile, agus tá an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair infheidhme sna Ballstáit atá rannpháirteach san Aontas Baincéireachta.

Le pacáiste baincéireachta 2019, ar a dtugtar freisin an ‘pacáiste laghdaithe riosca’, athbhreithníodh an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair, an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR 6 ) agus an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil (CRD 7 ). Áiríodh ar na hathbhreithnithe sin bearta lena mbaintear amach na gealltanais a rinne an tAontas i bhfóraim idirnáisiúnta 8 agus glacadh tuilleadh céimeanna i dtreo chomhlánú an Aontais Baincéireachta trí bhearta laghdaithe riosca inchreidte a sholáthar chun bagairtí ar an gcobhsaíocht airgeadais a mhaolú.

Chomhaontaigh an Grúpa Euro i mí na Samhna 2020 cúlstop coiteann fioscach do CRA a chruthú agus a thabhairt isteach go luath tríd an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) 9 .

An tathchóiriú ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí agus na himpleachtaí leathana don Aontas Baincéireachta dá bharr

In éineacht leis an athchóiriú ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí, thabharfadh Aontas Baincéireachta comhlánaithe, lena náirítear a thríú colún, SEÁT, leibhéal níos airde cosanta airgeadais agus muiníne do theaghlaigh agus gnólachtaí an Aontais, mhéadódh sé iontaoibh agus neartódh sé an chobhsaíocht airgeadais mar dhálaí riachtanacha le haghaidh fáis, rathúnais agus athléimneachta san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus san Aontas Eorpach ar bhealach níos ginearálta. Tá Aontas na Margaí Caipitil ina chomhlánú ar an Aontas Baincéireachta, óir tá an dá thionscnamh fíor‑riachtanach chun an dá aistriú (an taistriú digiteach agus an taistriú glas) a mhaoiniú, chun dlús a chur le ról idirnáisiúnta an euro agus chun uathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus a iomaíochas a neartú i ndomhan atá ag athrú, go háirithe i bhfianaise na ndúshlán eacnamaíoch agus geopholaitiúil atá ann faoi láthair 10 ,  11 .

I mí an Mheithimh 2022 níor chomhaontaigh an Grúpa Euro plean oibre níos cuimsithí chun an tAontas Baincéireachta a chomhlánú trí SEÁT a áireamh ann. Ina ionad sin, d’iarr an Grúpa Euro ar an gCoimisiún tograí reachtacha níos spriocdhírithe a chur faoina bhráid chun creat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí náisiúnta an Aontais a athchóiriú 12 .

I gcomhthráth leis sin, leag Parlaimint na hEorpa, i dtuarascáil bhliantúil 2021 uaithi maidir leis an Aontas Baincéireachta 13 , béim ar a thábhachtaí atá sé go gcomhlánófar é trí SEÁT a bhunú agus thug tacaíocht don Choimisiún maidir le togra reachtach a chur ar aghaidh le haghaidh an athbhreithnithe ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí. Cé nár fhormhuinigh an Grúpa Euro SEÁT go sainráite, bheadh an tathchóiriú ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí ní ba láidre agus bheadh sineirgí agus gnóthachain éifeachtúlachta ann don tionscal dá bharr. Bheadh pacáiste reachtach den sórt sin mar chuid den chlár oibre chun an tAontas Baincéireachta a chomhlánú, mar a chuirtear i dtábhacht i dTreoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen, inar meabhraíodh freisin a thábhachtaí atá SEÁT, agus mar a thacaíonn ceannairí go tráthrialta leis 14 .

Cuspóirí na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí

Leis an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, comhchuibhíodh na sásraí árachais taiscí ar fud an Aontais. Tá an t‑árachas taiscí ríthábhachtach chun feabhas a chur ar mhuinín taisceoirí, cobhsaíocht airgeadais an chórais baincéireachta a neartú agus feidhmiú an mhargaidh aonair a choimirciú. Chuige sin, bunaíodh scéim ráthaithe taiscí amháin ar a laghad i ngach Ballstát chun a áirithiú go n‑aisíocfar taisceoirí go gasta i gcás teipeanna bainc (íocaíocht amach) agus socraíodh leibhéal comhchuibhithe cumhdaigh ag EUR 100 000. Rud atá tábhachtach, tá ról freisin ag scéimeanna ráthaithe taiscí sa bhainistíocht géarchéime banc. Is féidir rannchuidiú le réiteach nó bearta eile a mhaoiniú leo, agus an rochtain atá ag taisceoirí ar thaiscí faoi chumhdach a chaomhnú dá réir.

Cúiseanna atá leis an togra

I gcomhréir leis an sainordú faoi Airteagal 19(6) den Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, rinne an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach ar an gcaoi ar éirigh leis an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí. Deimhníodh lena chonclúid go raibh tairbhí dearfacha le baint ag taisceoirí, ar an bhforiomlán, as príomh‑chomhchodanna na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, go háirithe an leibhéal cumhdaigh caighdeánach EUR 100 000 in aghaidh an taisceora in aghaidh an bhainc, an spriocleibhéal íosta maidir le cistiú scéimeanna ráthaithe taiscí, agus na hamlínte gearra le haghaidh íocaíocht amach do thaisceoirí.

Léirigh an taithí phraiticiúil agus an creat sin á chur i bhfeidhm, áfach, go bhfuil gá le feabhas i réimsí áirithe. Baineann na réimsí sin le raon feidhme an chumhdaigh taisceoirí, na léirmhínithe éagsúla ar choinníollacha chun cistí scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid le haghaidh idirghabhálacha lasmuigh de thaiscí faoi chumhdach a íoc amach, éifeachtacht agus éifeachtúlacht oibríochtúil sa bhealach a n‑oibríonn scéimeanna ráthaithe taiscí, cumhachtaí lánroghnacha agus roghanna náisiúnta leathana agus an gá atá le comhordú feabhsaithe idir réiteach agus árachas taiscí mar líontáin sábhála.

Mar dhlúthchuid d’athbhreithniú reachtach an Choimisiúin ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí, tá an togra le haghaidh na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí bunaithe go príomha ar an obair ullmhúcháin a rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus na moltaí a d’fhorbair sé sna cúig thuairim uaidh 15 i dtaca le cur i bhfeidhm na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí agus cuirtear san áireamh ann cásanna nár bhain cur i bhfeidhm praiticiúil na Treorach cuid dá chuspóirí tábhachtacha amach nó nár bhain sé amach ach go páirteach iad.

Achoimre ar na leasuithe ar an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí mar chuid den athchóiriú ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí

Cumhdaítear raon gnéithe beartais leis an togra le haghaidh na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí agus is freagairt comhleanúnach é ar na fadhbanna a sainaithníodh. Is é is aidhm dó dá bhrí sin:

(1)raon feidhme an chumhdaigh taisceoirí a shoiléiriú trí aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí sainaitheanta chun leibhéal cumhdaigh comhchuibhithe láidir a thabhairt do thaisceoirí an Aontais;

(2)an tástáil íoschostais a chomhchuibhiú le haghaidh gach cineáil idirghabhála ag scéim ráthaithe taiscí lasmuigh de thaiscí faoi chumhdach a íoc amach i gcás dócmhainneachta, chun feabhas a chur ar an gcothroime iomaíochta agus chun comhsheasmhacht torthaí a áirithiú le linn teipeanna bainc a bhainistiú;

(3)feabhas a chur ar fheidhmiú scéimeanna ráthaithe taiscí trí nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, agus feabhas a chur ar thrédhearcacht a láidreachta airgeadais agus na húsáide a bhaineann siad as cistí;

(4)an cóineasú i gcleachtais scéimeanna ráthaithe taiscí agus i measc údarás a mhéadú. agus

(5)feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann idir scéimeanna ráthaithe taiscí agus taisceoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile den Aontas á naisíoc, nó i gcás ina nathróidh bainc an scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil siad cleamhnaithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Forbraíonn agus neartaíonn an togra an creat árachais taiscí atá ann cheana a leagtar amach sa Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí. Chuige sin, leanann go leor eilimintí den togra an obair a rinne ÚBE, i gcomhar le scéimeanna ráthaithe taiscí náisiúnta agus údaráis ainmnithe. Beartaítear leasuithe leis chun léiriú a dhéanamh ar an taithí phraiticiúil a fuarthas ó bheith ag trasuí dhlí an Aontais isteach sa dlí náisiúnta agus ó bheith ag cur roinnt forálacha i bhfeidhm, lena n‑áirítear i gcomhthéacs an Aontais Baincéireachta. Déantar an togra a thionscnamh i gcomhthráth leis na hathbhreithnithe ar an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus leis an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair chun a áirithiú go mbeidh creat an Aontais um bainistíocht géarchéime banc comhsheasmhach ar an bhforiomlán.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an togra, forbraítear na hathchóirithe a rinneadh tar éis na géarchéime airgeadais a raibh sé mar thoradh uirthi gur cruthaíodh an tAontas Baincéireachta agus an leabhar rialacha aonair le haghaidh bhainc uile an Aontais.

Trí mhuinín taisceoirí agus cobhsaíocht airgeadais a neartú, rannchuidíonn an togra le hathléimneacht earnáil bhaincéireachta an Aontais agus lena cumas tacú leis an téarnamh eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID‑19, i gcomhréir le cuspóirí polaitiúla uathriail straitéiseach oscailte an Aontais. Ar bhealach níos sonraí, cuireann an togra feabhas freisin ar chosaint tomhaltóirí tríd an leibhéal agus an tréimhse chumhdaigh a bhaineann le taiscí miondíola sonracha a chomhchuibhiú, ar taiscí gearrthéarmacha iad a bhraitheann ar theagmhais shonracha saoil (‘iarmhéideanna arda sealadacha’), nó tríd an nochtadh faisnéise do thomhaltóirí a neartú.

Ina theannta sin, chun maolú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfadh scéimeanna ráthaithe taiscí aisíocaíocht le taisceoirí a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta (ML/TF), forbraítear leis na leasuithe Treoir (AE) 2015/849 maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac agus cuirtear san áireamh iontu an treo atá beartaithe i bpacáiste reachtach an Choimisiúin maidir le córas an Aontais chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT), arna ghlacadh an 20 Iúil 2021.

Chun in‑fhorfheidhmitheacht rialacha na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí a neartú, tagraíonn na leasuithe do na cumhachtaí maoirseachta a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE (an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil nó CRD). Cumhdaítear leis an gcur chuige sin an coincheap go bhfuil comhlíontacht le ceanglais scéimeanna ráthaithe taiscí ina ceanglas den chéad ord ar gach banc agus soláthraítear leis foras chun teagmhais maidir smacht a chur ar bhanc nach gcomhlíonfadh na hoibleagáidí sin a sheicheamhú.

Comhchuibhítear agus soiléirítear leis na leasuithe freisin na rialacha is infheidhme maidir le bearta coisctheacha agus malartacha arna maoiniú ag cistí scéimeanna ráthaithe taiscí. Ní mór na rialacha sin a bhreithmheas i gceangal leis na ceanglais atá ann cheana maidir le Státchabhair le haghaidh bunaíochtaí airgeadais a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Baincéireacht 16 .

Tugann na leasuithe tuilleadh soiléireachta freisin do chumhdach cistí cliant arna sealbhú i mbanc ag institiúidí airgeadais neamhbhainc i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cistí cliant a leithscaradh mar a leagtar amach sa Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta 17 , sa Treoir um Airgead Leictreonach agus i dTreoir Tharmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún 18 . I bhfianaise forbairtí gasta ar sheirbhísí nuálacha airgeadais, is é is aidhm don soiléiriú cur le hiontaoibh na gcliant as institiúidí airgeadais neamhbhainc agus as a leanúnachas gnó i gcás ina dteipeann ar bhanc.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leis an togra, leasaítear treoir atá ann cheana, an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm feabhsaithe na n‑uirlisí atá ar fáil cheana sa chreat árachais taiscí.

Dá thoradh sin, tá bunús dlí an togra mar an gcéanna le bunús dlí an ghníomh reachtaigh bunaidh, is é sin Airteagail 53(1) CFAE maidir leis an gceart bunaíochta, an bunús dlí céanna leis an treoir atá á leasú. De réir chásdlí an Aontais 19 , i gcás ina mbeidh gníomh reachtach ceaptha a bheith ina fhorlíonadh nó ina cheartú ar ghníomh reachtach eile agus ann sin amháin, gan an rud is sprioc bhunaidh dó a athrú, tá reachtas an Aontais go hiomlán i dteideal an gníomh deiridh sin a bhunú ar bhunús dlí an chéad ghnímh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá na leasuithe ar an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí i gcomhlíontacht le prionsabal na coimhdeachta. Ní féidir leibhéal comhchuibhithe cumhdaigh do thaisceoirí ná tacar aonfhoirmeach rialacha maidir le cistiú agus feidhmiú scéimeanna ráthaithe taiscí a bhaint amach le rialacha náisiúnta. Tá gá le gníomhaíocht an Aontais dá bhrí sin chun cothroime iomaíochta a áirithiú ar fud an Aontais agus buntáistí iomaíocha míchuí i measc institiúidí airgeadais a sheachaint, ar buntáistí iad a bhaineann le rialacha éagsúla a bheith ann maidir le hárachas taiscí. Chuir ÚBE an méid sin i dtábhacht freisin ina thuairimí maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí.

Thairis sin, is féidir bainc a bhunú agus seirbhísí baincéireachta a sholáthar, lena n‑áirítear glacadh le taiscí, ar bhealach trasteorann. Is iomaí dúshlán a d’fhéadfadh a bheith ann do scéimeanna ráthaithe taiscí mar gheall ar chineál trasteorann na gcóras baincéireachta (athruithe ó thaobh an scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil banc cleamhnaithe, taifid a choimeád ar chliaint nó ar chomhar trasteorann), rud a fhágann go bhfuil gá le hidirghabháil an Aontais.

Le formhór na leasuithe sa togra, tugtar dlí an Aontais atá ann cheana cothrom le dáta agus, dá réir sin, baineann siad le réimsí inar fheidhmigh an tAontas a chumhachtaí cheana. Le roinnt gníomhaíochtaí sa togra, tugtar isteach méid breise comhchuibhithe chun na cuspóirí a shainítear leis an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí a bhaint amach go comhsheasmhach.

Comhréireacht

Tá na leasuithe comhréireach leis an méid is gá chun cuspóirí na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí a bhaint amach.

Bunaítear ceanglais choiteanna leis na leasuithe chun feabhas a chur ar an leibhéal cumhdaigh taisceoirí laistigh den Aontas agus é a chomhchuibhiú. Ní rialaítear samhlacha eagraíochtúla, struchtúr dlíthiúil nó rialachas inmheánach scéimeanna ráthaithe taiscí an Aontais leis an togra, áfach. Dá bhrí sin, braitheann socrú árachais taiscí seanbhunaithe an Aontais ar líonra scéimeanna ráthaithe taiscí náisiúnta, agus leanfaidh sé de bheith ag brath orthu, ar scéimeanna iad a eagraítear i gcomhréir le samhlacha éagsúla (scéim ráthaithe taiscí phoiblí, scéim ráthaithe taiscí phríobháideach, scéimeanna cosanta institiúideacha (SCI)) agus cineálacha éagsúla gaolmhaireachtaí idir údarás ainmnithe na scéime ráthaithe taiscí agus an t‑údarás réitigh (faoi bhrat‑eintiteas amháin nó in institiúidí ar leith).

Thairis sin, leis an togra tugtar cumhachtaí suntasacha d’údaráis náisiúnta, agus tosaítear le feidhmiú na tástála íoschostais lena gcinntear an chostéifeachtúlacht in úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí. Formhór na n‑ábhar a chumhdaítear leis an togra (ar leibhéal coiteann ó thaobh iarmhéideanna arda sealadacha, cistí cliant a chumhdach, údaráis phoiblí a chumhdach), baineann siad le réimsí inar iarr Ballstáit an Aontais go sainráite go mbeadh caighdeán uile‑Aontais ann chun tuilleadh deimhneachta dlíthiúla a sholáthar maidir le taisceoirí a chumhdach. Sainorduithe ÚBE dá bhforáiltear faoin togra (trí threoirlínte agus caighdeáin), tá siad teoranta do na hábhair is teicniúla den Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí a bhfuil míniú níos mionsonraithe ar cheanglais ag teastáil lena n‑aghaidh.

Leis an togra, coinnítear forálacha atá ann cheana ar bun freisin lena n‑aithnítear sainiúlachtaí náisiúnta agus lena n‑áirithítear go cuirfear rialacha na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí i bhfeidhm go comhréireach, e.g. trí roghanna náisiúnta a roghnú, tríd an bhféidearthacht go gcuirfidh Ballstáit áirithe spriocleibhéal níos ísle i bhfeidhm nó go dtairbheoidh comhaltaí SCI de ranníocaíochtaí laghdaithe.

An rogha ionstraime

Tá sé beartaithe go gcuirfear na bearta chun feidhme trí leasú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí trí bhíthin treorach. Leis na bearta beartaithe tagraítear d’fhorálacha atá ann cheana atá ionchorpraithe san ionstraim dlí seo nó forbraítear tuilleadh iad. Ós rud é go bhfuil árachas taiscí nasctha go dlúth le réimsí neamh‑chomhchuibhithe den dlí náisiúnta, amhail an dlí dócmhainneachta, is gá trasuí a dhéanamh chun na forálacha beartaithe a chomhtháthú leis an dlí náisiúnta ar an mbealach is fearr.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ceapadh an creat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí chun teip institiúidí d’aon mhéid nó d’aon samhail ghnó a sheachaint agus a bhainistiú. Forbraíodh é agus é de chuspóir aige an chobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun, taisceoirí a chumhdach, úsáid tacaíochta poiblí a íoslaghdú, teorainn a chur le baol morálta, agus feabhas a chur ar an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais. Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht, ar an bhforiomlán, gur cheart feabhas a chur ar ghnéithe áirithe den chreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí.

Go sonrach, léiríodh sa mheastóireacht nach bhfuil an deimhneacht dhlíthiúil agus an intuarthacht maidir le teipeanna bainc a bhainistiú leordhóthanach go fóill. An cinneadh a dhéanfaidh údaráis phoiblí maidir le cé acu réiteach nó dócmhainneacht a mbeidh siad ag dul ina muinín, d’fhéadfadh sé a bheith difriúil go mór ó Bhallstát go Ballstát. Ina theannta sin, ní bhíonn na líontáin sábhála a mhaoiníonn an tionscal éifeachtach i gcónaí agus is ann fós do choinníollacha éagsúla rochtana ar chistiú laistigh agus lasmuigh den chás réitigh. Déanann siad sin difear do dhreasachtaí agus cruthaíonn deiseanna arbatráiste nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh maidir le cén uirlis bainistithe géarchéime a úsáidfear. Ar deireadh, bíonn roinnt réimsí den chumhdach taisceoirí fós míchothrom agus ar neamhréir ar fud na mBallstát.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinne an Coimisiún malartuithe fairsinge trí uirlisí éagsúla comhairliúcháin chun teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara uile a bhfuil baint acu leis, chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi ar éirigh leis an gcreat agus ar an raon feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh feabhsuithe.

Sheol an Coimisiún comhairliúchán in 2020 maidir le measúnú tionchair tosaigh in éineacht le treochlár arbh é ab aidhm dó anailís mhionsonraithe a sholáthar ar ghníomhaíochtaí atá le déanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag roghanna beartais éagsúla ar an ngeilleagar, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol.

Sheol an Coimisiún dhá chomhairliúchán in 2021: comhairliúchán spriocdhírithe agus comhairliúchán poiblí chun aiseolas a lorg ó pháirtithe leasmhara maidir leis an gcaoi ar cuireadh an creat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí i bhfeidhm agus maidir le dearcthaí i dtaobh modhnuithe féideartha. 39 gceist ghinearálta agus theicniúla shonracha a bhí sa chomhairliúchán spriocdhírithe, agus bhí sé ar fáil i mBéarla amháin agus ar oscailt ón 26 Eanáir go dtí an 20 Aibreán 2021. Deich gceist ghinearálta a bhí sa chomhairliúchán poiblí, agus bhí sé ar fáil i ngach ceann de theangacha an Aontas le himeacht na tréimhse aiseolais ón 25 Feabhra go dtí an 20 Bealtaine 2021. Foilsíodh tuarascáil an 7 Iúil 2021 ina ndearnadh achoimre ar an aiseolas ón gcomhairliúchán sin 20 . Léiríodh sna comhairliúcháin gur mheas an chuid is mó de na freagróirí gur cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí cosaint a thabhairt do thaiscí údarás poiblí, lena náirítear údaráis áitiúla. Mheas formhór na mbanc agus na scéimeanna ráthaithe taiscí go bhfuil an nochtadh faisnéise tráthrialta atá ann faoi láthair leordhóthanach agus nach bhfuil gá le haon athrú. Measadh go minic gurbh í an chumarsáid dhigiteach an bealach is oiriúnaí chun costais a shábháil.

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún comhdháil ardleibhéil a óstáil an 18 Márta 2021 inar tionóladh ionadaithe ó gach páirtí leasmhar ábhartha. Deimhníodh sa chomhdháil a thábhachtaí atá creat éifeachtach ach cuireadh i dtábhacht inti freisin na laigí atá ann faoi láthair. Thug painéalaithe ag an gcomhdháil dá n‑aire go mbainfeadh creat na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí leas as tuilleadh comhchuibhithe agus as idirghníomhú níos fearr idir na rialacha a leagtar amach sa Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac (AMLD), sa Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta agus sna rialacha maidir le Státchabhair. Chomh maith leis sin, ba cheart muinín agus iontaoibh tomhaltóirí, mar aon leis an staid i margaí beaga, a léiriú san athbhreithniú ar an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí.

Chuaigh foireann an Choimisiúin i gcomhairle roinnt uaireanta freisin leis na Ballstáit maidir le cur chun feidhme an chreata bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí ag an Aontas agus maidir le hathbhreithnithe féideartha eile ar an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc/an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair agus an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí i gcomhthéacs Shainghrúpa an Choimisiúin maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas. I gcomhthráth leis an bplé sa Sainghrúpa, rinneadh na saincheisteanna ar tugadh aghaidh orthu sa togra seo a chumhdach freisin i gcruinnithe de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, is é sin an Mheitheal um Sheirbhísí Airgeadais agus um an Aontas Baincéireachta agus an Mheitheal Ardleibhéil um SEÁT.

Thairis sin, le linn na céime ullmhúcháin den reachtaíocht, reáchtáil foireann an Choimisiúin cruinnithe iomadúla (fisiceacha agus fíorúla) freisin le hionadaithe ón tionscal baincéireachta agus le páirtithe leasmhara eile.

Rinneadh torthaí na dtionscnamh thuasluaite uile a chur san áireamh agus an togra seo agus an measúnú tionchair a ghabhann leis á n‑ullmhú. Soláthraíodh fianaise shoiléir leo gur gá na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta agus a chomhlánú chun cuspóirí an chreata a bhaint amach ar an mbealach is fearr. Soláthraítear achoimrí ar na comhairliúcháin agus ar an gcomhdháil phoiblí in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an measúnú tionchair.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Chun tacú lena cuid oibre ar an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, d’iarr an Coimisiún ar ÚBE comhairle chuimsitheach a thabhairt 21 . Mar fhreagairt, chuir ÚBE cúig thuairim faoina bhráid. Rinneadh an chéad tuairim maidir le hincháilitheacht taiscí, leibhéal cumhdaigh agus comhar idir scéimeanna ráthaithe taiscí a chur faoina bhráid i mí Lúnasa 2019 22 . An dara tuairim maidir le híocaíochtaí amach ag scéimeanna ráthaithe taiscí, cuireadh faoina bhráid i mí Dheireadh Fómhair 2019 í 23 . An tríú tuairim maidir le cistiú scéimeanna ráthaithe taiscí agus úsáidí cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, cuireadh faoina bhráid i mí Eanáir 2020 í 24 . Rinneadh an ceathrú tuairim maidir le láimhseáil cistí cliant a chur faoina bhráid i mí Dheireadh Fómhair 2021 25 . Ina theannta sin, rinne an Coimisiún tuairim 2020 ó ÚBE maidir leis an idirghníomhú idir Treoir an Aontais maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac agus Treoir an Aontais maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí 26 a chur san áireamh, chomh maith le tuairim dhébhliantúil 2021 ó ÚBE maidir le rioscaí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta (ML/TF) a dhéanann difear d’earnáil airgeadais an Aontais 27 .

Thairis sin, d’fhostaigh an Coimisiún Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS) ar conradh chun dhá thuarascáil maidir le hárachas taiscí a sholáthar, dar teideal Harmonising insolvency laws in the Euro area [Dlíthe dócmhainneachta sa limistéar euro a chomhchuibhiú] 28 and Options and national discretions under the DGSD [Roghanna agus cumhachtaí lánroghnacha náisiúnta faoin Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí] 29 , a foilsíodh i mí na Nollag 2016 agus mí na Samhna 2019 faoi seach.

I dteannta a bheith ag dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, bhí an Coimisiún rannpháirteach i bpléití agus seisiún tuairimíochta a chuir bonn eolais faoi obair thascfhórsa ÚBE maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí agus obair an tSainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas.

Measúnú tionchair 30

Tá an measúnú tionchair á chomhroinnt ag an togra seo agus na tograí lena ndéantar athbhreithniú ar an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair, ina gcuirtear san áireamh an t‑aiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara agus an gá atá le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna idirnasctha éagsúla a chuimsíonn trí théacs dlí éagsúla. Le hIarscríbhinn 6 den mheasúnú tionchair, tugtar tuairisc ar na saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú na scéimeanna ráthaithe taiscí faoi láthair, leagtar amach na cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann lena fheabhsú agus tugtar údar leis na roghanna beartais a choinnítear sna leasuithe beartaithe. Tagtar ar an gconclúid ann go raibh an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí éifeachtach ar an mórgóir chun feabhas a chur ar an leibhéal cumhdaigh taisceoirí ar fud an Aontais. Tá cur i bhfeidhm choimircí na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí fós míchothrom i measc scéimeanna ráthaithe taiscí náisiúnta, áfach, rud a chuireann i dtábhacht go bhfuil gá le rialacha comhchuibhithe chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí a imríonn drochthionchar ar thaisceoirí. Cuirtear i dtábhacht leis freisin gur gá an cumhdach le haghaidh cineálacha áirithe taisceoirí a shoiléiriú.

Cuirtear san áireamh sna roghanna beartais uile moltaí ÚBE agus an t‑aiseolas a fuarthas ina ndiaidh sin ó shaineolaithe na mBallstát i Sainghrúpa an Choimisiúin maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas, chomh maith le fianaise anailíse eile, i gcás ina bhfuil fáil uirthi sin.

Cuireadh i dtábhacht sa mheasúnú tionchair go gcuirfeadh na roghanna beartais measúnaithe feabhas ar chur i bhfeidhm árachais taiscí ar fud na mBallstát agus go bhfeabhsóidís deimhneacht dhlíthiúil agus muinín taisceoirí. Dhéanfaidís cumhdach taisceoirí a oiriúnú go leormhaith d’fhorbairtí agus leochaileachtaí an éiceachórais airgeadais le déanaí trí fhorálacha sonracha a bheadh spriocdhírithe ar ghníomhaíochtaí trasteorann, ar sheirbhísí teicneolaíochta airgeadais agus ar an sciúradh airgid a chomhrac. Dhéanfaidís freisin úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí lasmuigh de chásanna ina n‑íoctar amach taiscí faoi chumhach a éascú trí bhíthin tástáil íoschostais athbhreithnithe i gcás ina n‑áiritheofar le hidirghabhálacha den sórt sin go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar a dtaiscí ar bhealach níos costéifeachtaí.

Mar sin féin, trí chineálacha áirithe taisceoirí agus taiscí a áireamh go sainráite i raon feidhme an chumhdaigh (údaráis phoiblí, cistí cliant) agus roinnt rialacha a chomhchuibhiú tuilleadh (an t‑íosleibhéal cumhdaigh le haghaidh iarmhéideanna arda sealadacha, deireadh a chur leis an bhféidearthacht go ndéanfaí dliteanais taisceoirí atá dlite a asbhaint ón méid in‑aisíoctha), d’fhéadfadh na leasuithe sin tionchar a imirt – cé gur tionchar teoranta é – ar chostais scéimeanna ráthaithe taiscí. Ar an gcaoi chéanna, na hathruithe ar an tástáil íoschostais maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid le haghaidh idirghabhálacha seachas íocaíochtaí amach, d’fhéadfadh tionchar airgeadais a bheith acu freisin ar scéimeanna ráthaithe taiscí. Is é an tionscal baincéireachta a d’íocfadh na costais sin trí ranníocaíochtaí leis na scéimeanna ráthaithe taiscí agus ní dhéanfadh na costais aon difear do cháiníocóirí i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le hairgead poiblí a chumhdach a leagtar síos sa Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí.

Deimhníodh freisin leis an measúnú tionchair go mbeadh creat scéimeanna ráthaithe taiscí an Aontais ní b’athléimní dá mbeadh SEÁT ann chun tacú leis. Dá ndéanfaí cistí a chomhthiomsú i scéim chomhroinnte, neartófaí cumas an chórais árachais taiscí san Aontas Baincéireachta déileáil le híocaíochtaí arda amach agus d’fheabhsófaí muinín taisceoirí. Cé gurb í an rogha beartais is láidre go teicniúil í an rogha chun SEÁT a bhunú, níl sí indéanta ó thaobh na polaitíochta de ag an gcéim seo.

D’fhormhuinigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an measúnú tionchair tar éis tuairim dhiúltach a thabhairt ar dtús. Chun aghaidh a thabhairt ar na barúlacha a chuir an Bord in iúl i ndáil le feidhmiú scéimeanna ráthaithe taiscí, leasaíodh an measúnú tionchair chun na naisc idir comhairle ÚBE agus na roghanna a leagtar amach sa mheasúnú tionchair a shoiléiriú níos fearr.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ba cheart an togra a bheith ina chuidiú agus ualach rialála agus riaracháin na scéimeanna ráthaithe taiscí á laghdú trí roghanna agus cumhachtaí lánroghnacha náisiúnta áirithe a bhaint, cóir chomhionann a chur i bhfeidhm maidir le brainsí tríú tír agus socruithe maidir le comhar trasteorann idir scéimeanna ráthaithe taiscí a neartú. Trí nochtaí fíor‑riachtanacha a chuíchóiriú agus a ailíniú leis an méid is gá do na faighteoirí, maolófar leis na leasuithe an obair riaracháin a bhaineann le ceanglais scéimeanna ráthaithe taiscí a chur chun feidhme.

A mhéid a bhaineann le hullmhacht dhigiteach, is forbairt é an togra ar an dul chun cinn teicneolaíoch agus dlíthiúil lena n‑áiritheofar go mbeidh faisnéis do thaisceoirí inrochtana go héasca, agus go mbeidh an próiseas íocaíochta amach a ghasta is féidir.

Ina theannta sin, leis na cumhachtuithe do ÚBE, tabharfar caoi do choigeartuithe breise chun feabhas a chur ar chur chun feidhme praiticiúil fhorálacha na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí agus iad a chomhchuibhiú tuilleadh.

Costais an‑teoranta a bheadh ann do bhainc agus údaráis náisiúnta. Gach ceann de na feabhsuithe ar chumhdach taisceoirí dá bhforáiltear faoin togra le haghaidh na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí (iarmhéideanna arda sealadacha, cistí cliant, údaráis phoiblí), tá coinne leis go mbeidh tionchar an‑imeallach acu ar chistí scéimeanna ráthaithe taiscí. In 13 Bhallstát, mar shampla, is lú an méid cistí cliant ná 1 % de na taiscí uile faoi chumhdach sa Bhallstát sin. Dá bhrí sin, leis an togra, caomhnófar iomaíochas earnáil bhaincéireachta an Aontais agus neartófar an cumhdach a chuirtear ar fáil do thaisceoirí an Aontais. Thairis sin, na costais bhreise – cé gur costais theoranta iad – a d’fhéadfadh eascairt as na feabhsuithe sin, d’fhritháireofaí den chuid is mó iad de bharr na gcostas laghdaithe a bheadh ar scéimeanna ráthaithe taiscí agus a ngníomhaíochtaí laethúla á ndéanamh faoin Treoir athbhreithnithe. Go deimhin, tríd an líon roghanna a laghdú, na sásraí atá i bhfeidhm le haghaidh comhar trasteorann a shimpliú agus modheolaíocht choiteann a bhunú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun an tástáil íoschostais a thabhairt i gcrích, is lú an chuid dá n‑acmhainní riaracháin a bheidh á húsáid ag scéimeanna ráthaithe taiscí de bharr an togra.

De dhroim ról méadaithe a bheith ag scéimeanna ráthaithe taiscí i mbainistiú géarchéime, d’fhéadfadh sé gur ghá a gcistí a athshlánú níos minice mar gheall ar a n‑acmhainn airgeadais, a bhailítear ón earnáil airgeadais, a bheith á húsáid. I gcomhréir leis an tástáil íoschostais, áfach, ní cheadaítear na bearta sin seachas má mheastar a gcostas don scéim ráthaithe taiscí a bheith níos lú ná an costas i gcás íocaíochta amach. Leis an gcur chuige sin, déantar a acmhainní airgeadais a choimirciú san fhadtéarma.

Cearta bunúsacha

Leis an togra, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an tsaoirse fiontraíochta (Airteagal 16), an ceart chun maoine (Airteagal 17) agus cosaint tomhaltóirí (Airteagal 38).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais. Leis an togra, cheanglófaí ar ÚBE seacht gcaighdeán theicniúla agus sé threoirlíne a fhorbairt i dteannta na gceann atá ann cheana sa Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí. I measc na sé threoir nua sin le haghaidh treoirlínte, tá trí cinn díobh dírithe go heisiach ar threoirlínte atá ann cheana a chódú i dtéacs leibhéal a haon (acmhainn airgeadais atá ar fáil a thástáil ó thaobh struis de, í a theorannú agus a thuairisciú), ar treoirlínte iad a bunaíodh ar thionscnamh ÚBE féin. Dá bhrí sin, ní bheadh ualach mór breise oibre i gceist leis na treoirlínte sin. Na cumhachtuithe eile dá bhforáiltear faoin togra, baineann siad le hábhair éagsúla, agus cumhdaítear leo sainorduithe an‑spriocdhírithe (prionsabal an éagsúlaithe i sócmhainní ísealriosca) agus ábhair leathana araon (sainmhíniú ar íoschostas).

I bhfianaise na hoibre a rinne ÚBE san am atá caite agus atá sé a dhéanamh faoi láthair maidir le bainistiú géarchéimeanna, meastar nach mbeidh gá le poist bhreise chun go ndéanfar na cúraimí atá beartaithe do ÚBE agus gur féidir iad a dhéanamh leis na hacmhainní atá ann faoi láthair.

Is gá na caighdeáin theicniúla a chur ar fáil 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach. Leis an sprioc‑am sin, ba cheart am leordhóthanach a sholáthar do ÚBE chun iad a fhorbairt, agus na hacmhainní atá aige faoi láthair á gcur san áireamh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Trí idirghníomhaíochtaí tráthrialta le Tascfhórsa ÚBE maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, déanann an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme forálacha dlíthiúla 31 agus rannchuidíonn sé leis an leibhéal cumhdaigh taisceoirí a chomhchuibhiú ar fud an Aontais.

Mar a leagtar amach sa Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí atá ann cheana, leanfaidh údaráis náisiúnta de bheith ag tuairisciú do ÚBE maidir leis an méid acmhainne airgeadais atá ar fáil, socruithe cistiúcháin malartacha agus úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, agus ba cheart do ÚBE na nithe sin a nochtadh ar a sheal. Na hathbhreithnithe tréimhsiúla agus na hathbhreithnithe leantacha a ndéantar foráil maidir leo sa treoir bhunaidh, chun tástáil struis a dhéanamh ar scéimeanna ráthaithe taiscí, critéir maidir le ranníocaíochtaí rioscabhunaithe agus athscrúdú ar leibhéal cumhdaigh, coinnítear ar bun iad sin leis an togra freisin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Forbraítear agus soiléirítear leis na leasuithe beartaithe an sainordú atá ag scéimeanna ráthaithe taiscí chun taiscí a chumhdach níos fearr i gcomhthéacs taisceoirí a bheith á n‑aisíoc. Feabhsaítear leo freisin an ról atá ag an scéim ráthaithe taiscí lasmuigh de chásanna ina ndéanann an scéim ráthaithe taiscí aisíocaíocht le taisceoirí tar éis teip bainc chun críche bainistithe géarchéime banc d’fhonn muinín taisceoirí agus cobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun. Ar deireadh, leagtar síos ceanglais shonracha leo chun gníomhaíochtaí laethúla scéimeanna ráthaithe taiscí a shimpliú agus chun déileáil le cásanna atá casta ó thaobh riaracháin de.

Leis an togra, leasaítear na forálacha seo a leanas den Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí:

I bhfianaise na bhféidearthachtaí feabhsaithe atá ann go n‑úsáidfí scéimeanna ráthaithe taiscí chun bearta coisctheacha, straitéisí aistrithe i gcás réitigh agus bearta malartacha i gcás dócmhainneachta a mhaoiniú, leasaítear Airteagal 1 (‘Ábhar agus raon feidhme’) chun a shoiléiriú go dtagann cumhdach agus aisíocaíocht taiscí, agus úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí le haghaidh bearta chun rochtain taisceoirí ar a dtaiscí a choinneáil ar bun, faoi raon feidhme na Treorach seo i dteannta bunú agus feidhmiú scéimeanna ráthaithe taiscí. Leasaítear mír 2, pointe (d) den Airteagal seo chun a shoiléiriú go gcumhdaítear leis an Treoir brainsí d’institiúidí creidmheasa arna mbunú i dtríú tíortha.

Leagtar amach in Airteagal 2 téarmaí agus sainmhínithe a úsáidtear chun críoch na Treorach seo. Leasaítear é chun sainmhínithe a thabhairt isteach, go comhsheasmhach leis na forálacha nua a thugtar isteach sa togra tar éis mholtaí ÚBE sna tuairimí uaidh, go háirithe maidir le taiscí cistí cliant agus maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.

Comhdhlúthaítear mír 8 d’Airteagal 4 in Airteagal 16a, ar airteagal nua é, maidir le malartú faisnéise idir institiúidí creidmheasa agus scéimeanna ráthaithe taiscí agus tuairisciú ag údaráis (féach thíos).

Sa tuairim uaidh, dhírigh ÚBE ar an éagsúlacht sa chaoi a gcuirtear an sainmhíniú ar údaráis phoiblí chun feidhme. Dá dheasca sin, níorbh ionann raon feidhme an árachais taiscí ar fud na mBallstát, a d’fhág eintitis phoiblí amhail scoileanna, ospidéil nó seirbhísí bardasacha, nach taisceoirí sofaisticiúla iad, eisiata ón gcumhdach i roinnt cásanna. An t‑idirdhealú atá ann faoi láthair idir údaráis phoiblí bunaithe ar a mbuiséad agus ar shaintréithe eile, cruthaíonn sé deacrachtaí oibríochtúla d’institiúidí creidmheasa agus scéimeanna ráthaithe taiscí. Dá bhrí sin, in Airteagal 5, ní dhéantar údaráis phoiblí a eisiamh a thuilleadh ó raon feidhme an chumhdaigh taisceoirí, arb é an rud is cuspóir dó a gcumhdach a chomhchuibhiú agus a fheabhsú. Soiléirítear san Airteagal freisin go bhfuil taiscí a bhaineann le maoiniú na sceimhlitheoireachta eisiata ón gcumhdach faoi scéimeanna ráthaithe taiscí.

Leasaítear Airteagal 6, lena ndéantar an leibhéal cumhdaigh taisceoirí a rialáil, chun an t‑íosleibhéal cumhdaigh d’iarmhéideanna arda sealadacha agus an tréimhse chumhdaigh a bhaineann leis a chomhchuibhiú agus chun raon feidhme taiscí faoi chumhdach arna sealbhú a shoiléiriú ag féachaint d’idirbhearta réadmhaoine.

I bhfianaise na léirmhínithe éagsúla maidir leis an rogha atá ann cheana a bhaineann leis an méid dliteanas taisceoirí atá dlite a asbhaint ón méid in‑aisíoctha, scriostar mír 5 d’Airteagal 7 chun na rialacha maidir le ríomh an mhéid in‑aisíoctha a chomhchuibhiú. Leasaítear mír 7 chun cásanna ina bhfuil an ráta úis diúltach a chur san áireamh.

Tugtar isteach Airteagal 7a maidir leis an dualgas cruthúnais, ar airteagal nua é, chun an ghné nós imeachta den incháilitheacht do na taiscí nó den teidlíocht orthu a shoiléiriú, lena bhfágtar an dualgas cruthúnais ar thaisceoirí agus sealbhóirí cuntais a chruthú go bhfuil siad i dteideal iomlán na dtaiscí atá i gcuntais tairbhithe nó i gcuntais a bhfuil iarmhéideanna arda sealadacha iontu.

Chun níos mó ama a thabhairt chun a fhíorú go bhfuiltear incháilithe don aisíocaíocht agus i gcomhréir leis an bhforáil maidir leis an dualgas cruthúnais a leagtar síos in Airteagal 7a, leasaítear Airteagal 8 chun a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí tréimhse níos faide suas le 20 lá oibre a chur i bhfeidhm i gcás cuntais tairbhithe, cistí cliant agus iarmhéideanna arda sealadacha a aisíoc. Tosaítear ag comhaireamh an scoithdháta ón dáta a fhaigheann scéim ráthaithe taiscí an doiciméadacht chomhlánaithe lena dtugtar caoi di scrúdú a dhéanamh ar éilimh agus coinníollacha aisíocaíochta a fhíorú. Leis an airteagal leasaithe, ceadaítear freisin don scéim ráthaithe taiscí tairseach a shocrú maidir le cuntais dhíomhaoine a aisíoc.

Cuirtear Airteagal 8a isteach, ar airteagal nua é, chun a áirithiú go ndéanfar taisceoirí, ar mó a dtaiscí ná tairseach EUR 10 000, a aisíoc trí aistrithe creidmheasa i gcomhréir le cuspóirí AML/CFT.

Institiúidí airgeadais amhail gnólachtaí infheistíochta, institiúidí íocaíochta nó institiúidí ríomh‑airgid, bailíonn siad cistí óna gcliaint agus ceanglaítear orthu le rialacha na hearnála na cistí sin a choimirciú, lena n‑áirítear inter alia trína gcur i gcuntais leithscartha le hinstitiúidí creidmheasa. Le hAirteagal 8b, ar airteagal nua é, leagtar amach rialacha chun raon feidhme an árachais taiscí le haghaidh na dtaiscí sin a thaisctear thar ceann a gcliant agus dá gcuntas a chomhchuibhiú, chun críche leithscartha. Leis an airteagal, sonraítear freisin na módúlachtaí chun an sealbhóir cuntais nó an cliant a aisíoc agus sainordaítear do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun cliaint a shainaithint sna cásanna sin.

Le togra an Choimisiúin le haghaidh Rialacháin maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta 32 , ceanglaítear ar mhaoirseoirí airgeadais dul i gcomhar le húdaráis réitigh nó údaráis ainmnithe agus na húdaráis sin a chur ar an eolas maidir le toradh beart díchill chuí custaiméara. Tugtar isteach Airteagal 8c den Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, ar airteagal nua é, chun aisíocaíocht taiscí a sheachaint i gcás ina léireofar le toradh an díchill chuí custaiméara go bhfuil drochamhras ann maidir le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, agus chun malartú rianúil faisnéise idir an túdarás ainmnithe agus an scéim ráthaithe taiscí sna cásanna sin a áirithiú. Leis an bhforáil nua sin, bunaítear socruithe freisin chun aisíocaíochtaí scéimeanna ráthaithe taiscí a choinneáil siar i gcás íocaíochtaí amach le haghaidh taiscí faoi chumhdach a bhfuil drochamhras ann go ngabhann an sciúradh airgid / maoiniú na sceimhlitheoireachta leo.

Foráiltear le hAirteagal 9 den Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, i gcás ina ndéanfaidh scéim ráthaithe taiscí íocaíochtaí i gcomhthéacs imeachtaí réitigh, gur cheart éileamh a bheith ag an scéim ráthaithe taiscí in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa ábhartha ar mhéid atá cothrom lena híocaíochtaí. Ba cheart an t‑éileamh sin a rangú pari passu le taiscí faoi chumhdach. Ní dhéantar idirdhealú leis an bhforáil idir ranníocaíocht scéime ráthaithe taiscí le réiteach tarrthála inmheánaí banc‑oscailte (i gcás ina gcaomhnófar eintiteas an bhainc agus ina leanfaidh sé dá oibríochtaí) agus ranníocaíochtaí scéimeanna ráthaithe taiscí le maoiniú straitéise aistrithe (uirlis díolta gnó nó uirlis droichead‑institiúide agus leachtú an eintitis iarmharaigh). In éagmais idirdhealú den sórt sin, d’fhéadfadh neamhchinnteacht a bheith ann maidir le héileamh scéime ráthaithe taiscí a bheith ann agus a mhéid i gcásanna éagsúla. Dá bhrí sin, leasaítear Airteagal 9 chun a shonrú, i gcás ina n‑úsáidfear cistí scéimeanna ráthaithe taiscí i gcomhthéacs straitéisí aistrithe i gcás réitigh nó beart malartach in imeachtaí dócmhainneachta, gur cheart éileamh a bheith ag an scéim ráthaithe taiscí in aghaidh na hinstitiúide nó an eintitis iarmharaigh ina imeachtaí foirceanta ina dhiaidh sin faoin dlí náisiúnta. Is éard a thugann údar leis sin go n‑úsáidtear cistí scéimeanna ráthaithe taiscí i gceangal le caillteanais a d’íocfadh taisceoirí ina mhalairt de chás. Ba cheart an t‑éileamh a rangú ar an leibhéal céanna leis na taiscí faoi rialacha dócmhainneachta náisiúnta chun a áirithiú go ndéanfaidh na páirtithe leasmhara agus na creidiúnaithe a bheidh fágtha siar san institiúid nó san eintiteas iarmharach caillteanais na hinstitiúide a ionsú go héifeachtach agus chun feabhas a chur ar an bhféidearthacht go ndéanfaí cistí scéimeanna ráthaithe taiscí aisghabhálacha i gcás dócmhainneachta. Os a choinne sin, ranníocaíocht ón scéim ráthaithe taiscí le réiteach tarrthála inmheánach banc‑oscailte in ionad taiscí faoi chumhdach i leith an mhéid a ndéanfaí na taiscí faoi chumhdach a dhíluacháil nó a chomhshó dá réir, dá mbeidís faoi réir tarrtháil inmheánach, níor cheart éileamh in aghaidh na hinstitiúide faoi réiteach a ghiniúint dá deasca, óir dhíothódh sé sin an chríoch ar chuici a rinne an scéim ráthaithe taiscí an ranníocaíocht.

An tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh taisceoirí éileamh a dhéanamh in aghaidh na scéime ráthaithe taiscí, leasaítear í le hAirteagal 9, mír 3 chun í a chomhchuibhiú go 5 bliana.

Leasaítear Airteagal 10 chun an tréimhse thagartha le haghaidh ríomh an spriocleibhéil a shonrú agus chun a shonrú nach bhfuil ach airgead a ranníoctar go díreach leis an scéim ráthaithe taiscí nó airgead a aisghabhann an scéim ráthaithe taiscí incháilithe leis an spriocleibhéal a chomhlíonadh. Tá an soiléiriú sin i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair is infheidhme de bhua threoirlínte ÚBE. Is é is cuspóir dó a shoiléiriú nach bhfuil airgead arna bhailiú trí iasachtaí incháilithe leis an spriocleibhéal a shroicheadh.

Scriostar mír 4 d’Airteagal 10 toisc nár baineadh úsáid sa chleachtas as an rogha chun an acmhainn airgeadais atá ar fáil a thiomsú trí na ranníocaíochtaí éigeantacha arna n‑íoc ag ball‑institiúidí le scéimeanna atá ann cheana, ar scéimeanna ranníocaíochtaí éigeantacha iad arna mbunú ag Ballstát.

I gcomhréir leis na tuairimí ó ÚBE, chun feabhas a chur ar chóineasú cleachtas agus chun a áirithiú go bhféadfaí cistí a chur ar fáil ionas go gcomhlíonfar an sprioc‑am chun taisceoirí a aisíoc, cuirtear mír 11 le hAirteagal 10, ar mír nua í, lena ndéantar foráil maidir le solúbthacht do scéimeanna ráthaithe taiscí chun úsáid a bhaint as socruithe cistiúcháin malartacha arna maoiniú trí fhoinsí príobháideacha sula n‑úsáidfear an acmhainn airgeadais atá ar fáil agus na cistí arna mbailiú trí ranníocaíochtaí urghnácha. Thairis sin, de bharr na solúbthachta sin, ní bheadh ar scéimeanna ráthaithe taiscí ranníocaíochtaí urghnácha a thiomsú láithreach, i gcás ina gcuirfí an chobhsaíocht airgeadais i mbaol de dheasca ranníocaíochtaí den sórt sin a thiomsú (e.g. i ngéarchéim shistéamach). Tá gá le solúbthacht iomlán freisin chun é a chur ar a gcumas do scéimeanna ráthaithe taiscí a gcistí a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus díolachán práinne a sócmhainní (na hacmhainne airgeadais atá ar fáil) ag an bpointe géarchéime a sheachaint. An tráth céanna, áirithítear leis an bhforáil nach bhféadfaí úsáid a bhaint as cistiú ó fhoinsí poiblí ach mar rogha dheireanach.

Ina theannta sin, leis an mír nua in Airteagal 10, soiléirítear ceanglais chun a áirithiú go ndéanfar bainistíocht fhónta ar chistí scéimeanna ráthaithe taiscí agus sainordaítear do ÚBE treoirlínte a fhorbairt maidir le héagsúlú straitéis infheistíochta na scéimeanna ráthaithe taiscí. Déantar foráil léi freisin maidir leis an bhféidearthacht go gcuirfí cistí scéimeanna ráthaithe taiscí i gcuntas leithscartha sa bhanc ceannais náisiúnta nó sa Státchiste náisiúnta. Ina theannta sin, sainordaítear leis go bhforbróidh ÚBE caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil ag scéimeanna ráthaithe taiscí a theorannú.

Leasaítear Airteagal 11 chun an t‑idirdhealú idir bearta coisctheacha agus malartacha a shoiléiriú. Is éard is bearta coisctheacha ann idirghabhálacha na scéimeanna ráthaithe taiscí lena dtugtar tacaíocht airgeadais do bhanc anásta, mar shampla i bhfoirm ráthaíochtaí, instealltaí airgid, rannpháirtíochta i méadú caipitil, sula gcomhlíonann an banc na coinníollacha maidir le hinstitiúid atá i mbéal teipe nó ar dóigh di teip, agus is é is cuspóir dóibh a fhóntacht airgeadais a chaomhnú. Is éard is bearta malartacha ann idirghabhálacha na scéimeanna ráthaithe taiscí lena dtacaítear chun taiscí agus sócmhainní an bhainc atá i mbéal teipe a aistriú chuige banc eile (e.g., i bhfoirm ranníocaíochta airgid chun an bhearna idir sócmhainní agus taiscí a líonadh, ráthaíochtaí) i gcomhthéacs dócmhainneachta chun an rochtain atá ag taisceoirí ar a gcuid airgid a chaomhnú.

Le hAirteagal 11a, leagtar síos tacar coimircí le haghaidh bearta coisctheacha agus déantar na freagrachtaí as measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear bearta coisctheacha i bhfeidhm a leithdháileadh ar na húdaráis. Is é is aidhm dó sin a áirithiú go mbeidh úsáid na mbeart sin tráthúil agus costéifeachtach agus go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach iad ar fud na mBallstát, mar fheabhsuithe ar an staid atá ann faoi láthair.

Déantar foráil le hAirteagal 11b maidir leis na coinníollacha atá mar bhonn faoin nóta beart a gheallann institiúid creidmheasa a dhéanamh chun comhlíontacht le ceanglais stuamachta a áirithiú nó a athbhunú. Ba cheart an nóta beart sin a cheadú in éineacht leis an údarás inniúil.

Le hAirteagal 11c, leagtar síos ceanglais maidir leis na hinstitiúidí creidmheasa nár chomhlíon a ngealltanais nó nach n‑aisíocann tacaíocht airgeadais arna deonú dóibh le bearta coisctheacha. Sainordaítear do ÚBE treoirlínte a fhorbairt maidir le hinneachar an nóta beart is gá chun beart coisctheach a chur chun feidhme go héifeachtach chomh maith le hinneachar an phlean feabhsúcháin.

I gcás ina mbeidh cistí scéimeanna ráthaithe taiscí á n‑úsáid chun críche beart malartach dá dtagraítear in Airteagal 11(5), déantar foráil le hAirteagal 11d maidir leis na coinníollacha chun sócmhainní, cearta agus dliteanais an bhainc a mhargú. Ba cheart an próiseas sin a chomhchuibhiú chun drochthionchair ar iomaíocht a sheachaint agus mealladh ceannaitheoirí ionchasacha a éascú. Ba cheart comhsheasmhacht leis na huirlisí aistrithe faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc a áirithiú leis sin freisin. I gcomhréir leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, ba cheart tús a chur gan mhoill leis na nósanna imeachta chun an t‑eintiteas iarmharach a fhoirceannadh.

Le tástáil íoschostais, déantar an costas ar scéim ráthaithe taiscí as idirghabháil a dhéanamh chun tuilleadh meathlúcháin ar staid airgeadais bainc a chosc nó an costas ar scéim ráthaithe taiscí as gnó a aistriú chuig banc eile a chur i gcomparáid leis an gcostas a bhaineann le cás hipitéiseach ina n‑íocfaí taiscí faoi chumhdach amach i gcás leachtaithe. Cuireadh an ceanglas sin chun feidhme ar bhealaí éagsúla ar fud na mBallstát. Le hAirteagal 11e, ar airteagal nua é, soiléirítear agus comhchuibhítear an cur chuige chun an tástáil íoschostais a dhéanamh, lena gcinntear an méid uasta a fhéadfaidh scéim ráthaithe taiscí a ranníoc lasmuigh de chás íocaíochta amach, chun bearta coisctheacha, réitigh agus malartacha a mhaoiniú. Taiscí faoi chumhdach a íoc amach i gcás dócmhainneachta, d’fhéadfadh sé sin costais dhíreacha agus indíreacha a ghiniúint don scéim ráthaithe taiscí agus dá comhaltaí. Comhfhreagraíonn costais dhíreacha don mhéid a eisíocann an scéim ráthaithe taiscí le haghaidh na híocaíochta amach lúide na haisghabhálacha ó na himeachtaí leachtaithe. Ba cheart athshlánú na gcistí a chaitheann an scéim ráthaithe taiscí agus na costais bhreise chistiúcháin atá ar an scéim ráthaithe taiscí a bhaineann leis an íocaíocht amach a chur san áireamh i gcostais indíreacha. I gcás ina ndéanfar an tástáil íoschostais chun críche beart coisctheach, ba cheart a thábhachtaí atá na bearta sin do shainordú reachtúil nó conarthach na scéime ráthaithe taiscí a chur san áireamh freisin agus cás frithfhíorasach na híocaíochta amach á ríomh. Ba cheart an tuilleamh agus na speansais oibríochtúla lena bhfuil coinne agus na caillteanais ionchasacha a bhaineann leis an idirghabháil a chur san áireamh i gcostas idirghabhálacha lasmuigh de chás íocaíochta amach. Sainordaítear do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonraítear an mhodheolaíocht le haghaidh ríomh na tástála íoschostais.

Taisceoirí atá lonnaithe i mBallstáit ina bhfeidhmíonn a mball‑institiúidí creidmheasa an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, leasaítear Airteagal 14 chun a shoiléiriú go gcumhdaítear iad sin freisin leis an gcumhdach faoi scéimeanna ráthaithe taiscí. Leagtar amach ann na coinníollacha chun an deis a thabhairt do scéim ráthaithe taiscí i mBallstát baile taisceoirí de chuid brainsí arna mbunú i mBallstát eile a aisíoc go díreach agus chun a cheadú do scéim ráthaithe taiscí i mBallstát óstach oibriú mar phointe teagmhála do thaisceoirí de chuid institiúidí creidmheasa a fheidhmíonn an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Sainordaítear do ÚBE treoirlínte a fhorbairt maidir le róil scéimeanna ráthaithe taiscí baile agus óstacha faoi seach agus maidir leis na himthosca agus na dálaí faoinar cheart do scéim ráthaithe taiscí i mBallstát baile cinneadh a dhéanamh taisceoirí de chuid brainsí atá lonnaithe i mBallstát eile a aisíoc. Thairis sin, sonraítear ann na rialacha is infheidhme maidir le ríomh na gcistí atá le haistriú i gcás ina n‑athróidh ball‑institiúid an scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil sí cleamhnaithe ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

Leasaítear Airteagal 15 chun a cheangal go rachaidh brainsí d’institiúidí creidmheasa arna mbunú i dtríú tíortha isteach i scéim ráthaithe taiscí i mBallstát más mian leo seirbhísí baincéireachta a sholáthar agus glacadh le taiscí incháilithe san Aontas. De réir thuairim ÚBE, tá formhór mór na mbrainsí tríú tír i mBallstáit an Aontais ina gcomhaltaí cheana féin de scéim ráthaithe taiscí AE, toisc go meastar nach bhfuil córas cumhdaigh taisceoirí an tríú tír coibhéiseach nó toisc nach ndearnadh aon mheasúnú coibhéise foirmiúil. Níor ceanglaíodh ar chuid de na brainsí atá fágtha dul isteach i scéim ráthaithe taiscí AE d’ainneoin thorthaí an mheasúnaithe coibhéise lena léirítear nach raibh a gcumhdach taisceoirí coibhéiseach. I gcomhréir leis an moladh ó ÚBE, tá an ceanglas ballraíochta sin san áireamh sa leasú seo agus áirithítear leis go dtabharfar cumhdach comhionann do thaisceoirí i mbrainsí AE de bhainc tríú tír agus i mbainc AE agus brainsí díobh i mBallstáit éagsúla. Leis sin, feabhsaítear an cumhdach taisceoirí toisc go gcuireann sé deireadh leis an riosca a bhainfeadh le taiscí san Aontas a bheith faoi chumhdach ag scéim ráthaithe taiscí neamh‑AE nach mbeadh á reáchtáil de réir chaighdeáin an Aontais (de réir thuairim ÚBE, i measc na 74 bhrainse neamh‑LEE san Aontas, ní raibh cúig cinn díobh ina gcomhaltaí de scéim ráthaithe taiscí AE). Ceangal a chur ar bhrainsí AE de bhainc tríú tír dul isteach i scéim ráthaithe taiscí AE, is rud é atá i gcomhréir freisin le ceann de phríomhchuspóirí an athbhreithnithe seo úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí a éascú i gcás réitigh.

Ionas nach mbeidh cistí scéimeanna ráthaithe taiscí neamhchosanta ar rioscaí eacnamaíocha agus airgeadais i dtríú tíortha, ceadaítear le hAirteagal 15a, ar airteagal nua é, go ndéanfar taisceoirí ar le brainsí de bhall‑institiúidí atá lonnaithe i dtríú tíortha iad a chumhdach le scéim ráthaithe taiscí i gcás ina mbeidh na cistí arna mbailiú os cionn an spriocleibhéil íosta agus sa chás sin amháin.

Leasaítear Airteagal 16 chun comhchuibhiú a dhéanamh ar an bhfaisnéis is gá do bhainc a sholáthar dá gcliaint go bliantúil maidir le cumhdach a dtaiscí. Feabhsaítear leis freisin na ceanglais faisnéise do thaisceoirí i gcás cumaisc institiúidí creidmheasa nó mór‑atheagrúcháin eile orthu, i gcás athruithe cleamhnachta le scéim ráthaithe taiscí agus i gcás nach mbeidh taiscí ar fáil mar gheall ar staid airgeadais chriticiúil na mbanc. Cumhachtaítear na Ballstáit chun iomchuibheas na faisnéise a sholáthraítear do thaisceoirí a fhíorú agus cumhachtaítear ÚBE chun dréachtchaighdeáin rialála a fhorbairt le haghaidh fhormáid agus inneachar na bileoige faisnéise agus le haghaidh na nósanna imeachta agus na faisnéise do thaisceoirí, ina dtagrófar freisin do thaiscí cistí cliant agus do chásanna maoinithe sceimhlitheoireachta/sciúrtha airgid.

Tugtar isteach Airteagal 16a, ar airteagal nua é, chun na rialacha maidir le tuairisciú a shoiléiriú agus chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise ón institiúid creidmheasa chuig na scéimeanna ráthaithe taiscí agus ó na scéimeanna ráthaithe taiscí agus ó na húdaráis ainmnithe chuig ÚBE. Tá sé tábhachtach go bhfaighidh an scéim ráthaithe taiscí faisnéis ó na hinstitiúidí lena bhfuil sí cleamhnaithe, tráth ar bith agus arna hiarraidh sin di, maidir leis na taiscí a árachaítear léi. Tá gá leis sin chun go n‑oibreoidh an scéim ráthaithe taiscí mar a iarrtar leis an Treoir seo ar bhealach éifeachtach. Díorthaítear na ceanglais tuairiscithe sin ó oibleagáidí atá ann cheana ó bhainc chun a áirithiú go sainaithneofar taiscí láithreach nó leanann siad as leathadh cumhdaigh taisceoirí agus, dá bhrí sin, ní thagann siad salach ar an gcuspóir foriomlán go laghdófar an t‑ualach riaracháin ar institiúidí creidmheasa. Thairis sin, tá sé tábhachtach go gcuirfear ÚBE ar an eolas mar is iomchuí má tharlaíonn cásanna ina bhféadfadh an scéim ráthaithe taiscí idirghabháil a dhéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo, chun tacú le ÚBE a chúraimí formhaoirseachta a dhéanamh ar shláine, cobhsaíocht agus slándáil airgeadais an chórais Baincéireachta Eorpaigh. Cumhachtófar ÚBE chun dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt maidir le teimpléad, nósanna imeachta agus inneachar na faisnéise sin.

Tá ar na Ballstáit na leasuithe sin a thrasuí laistigh de 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí. Leis na rialacha nua maidir le cur i bhfeidhm coimircí i leith úsáid beart coisctheach ag scéimeanna ráthaithe taiscí faoi Airteagal 11a, ceanglaítear ar scéimeanna ráthaithe taiscí agus ar údaráis ainmnithe athruithe eagraíochtúla a dhéanamh agus acmhainneachtaí oibríochtúla a fhorbairt de réir a chéile, rud a thugann údar le tréimhse cur chun feidhme níos faide. Agus sainiúlachtaí SCInna á gcur san áireamh, a aithnítear a bheith ina scéimeanna ráthaithe taiscí, d’fhéadfaí síneadh breise a chur leis an tréimhse cur chun feidhme sin.

2023/0115 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme árachais taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann agus trédhearcacht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 33 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 34 ,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 35 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le hAirteagal 19(5) agus (6) de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 , rinne an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm agus raon feidhme na Treorach sin agus tháinig ar an gconclúid gur comhlíonadh, den chuid is mó, an cuspóir atá aici maidir le taisceoirí san Aontas a chumhdach trí scéimeanna ráthaithe taiscí a bhunú. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin, áfach, gur gá aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá fágtha i gcumhdach taisceoirí agus feidhmiú scéimeanna ráthaithe taiscí a fheabhsú, agus na rialacha maidir le hidirghabhálacha ag scéimeanna ráthaithe taiscí seachas imeachtaí íocaíochta amach a chomhchuibhiú.

(2)Mura gcomhlíontar na hoibleagáidí chun ranníocaíochtaí a íoc le scéimeanna ráthaithe taiscí nó chun faisnéis a sholáthar do thaisceoirí agus scéimeanna ráthaithe taiscí, d’fhéadfadh sé dochar a dhéanamh don chuspóir go gcumhdófar taisceoirí. Is féidir le scéimeanna ráthaithe taiscí, nó údaráis ainmnithe i gcás inarb ábhartha, smachtbhannaí airgid a chur i bhfeidhm as ranníocaíochtaí a íoc go déanach. Tá sé tábhachtach feabhas a chur ar an gcomhordú idir scéimeanna ráthaithe taiscí, údaráis ainmnithe agus údaráis inniúla chun gníomhaíochtaí forfheidhmithe a dhéanamh in aghaidh institiúid creidmheasa nach gcomhlíonann a hoibleagáidí. Cé go ndéantar cur i bhfeidhm beart maoirseachta agus forfheidhmithe ag na húdaráis inniúla in aghaidh institiúidí creidmheasa a rialáil faoi dhlíthe náisiúnta agus faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 , is gá a áirithiú go gcuirfidh údaráis ainmnithe na húdaráis inniúla ar an eolas in am trátha maidir le haon sárú ar oibleagáidí institiúidí creidmheasa faoi rialacha árachais taiscí.

(3)Chun tacú le tuilleadh cóineasaithe ar chleachtais scéimeanna ráthaithe taiscí agus chun cúnamh a thabhairt do scéimeanna ráthaithe taiscí a nathléimneacht a thástáil, ba cheart don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) treoirlínte a eisiúint maidir le tástálacha struis a dhéanamh ar chórais scéimeanna ráthaithe taiscí.

(4)De bhun Airteagal 5(1), pointe (d), de Threoir 2014/49/AE, tá taiscí institiúidí airgeadais áirithe, lena náirítear gnólachtaí infheistíochta, eisiata ó chumhdach le scéim ráthaithe taiscí. Ba cheart, áfach, cosaint a thabhairt, faoi réir coinníollacha áirithe, do na cistí a fhaigheann na hinstitiúidí airgeadais sin óna gcliaint agus a thaisceann siad in institiúid creidmheasa thar ceann a gcliant, i bhfeidhmiú na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

(5)Is amhlaidh an raon taisceoirí atá cumhdaithe faoi láthair ag aisíocaíocht ó scéim ráthaithe taiscí toisc go bhfuiltear ag iarraidh infheisteoirí aonair a chumhdach, ach meastar nach bhfuil gá ag cliaint ghairmiúla le cumhdach den sórt sin. Ar an gcúis sin, eisiadh údaráis phoiblí ón gcumhdach. Ní féidir a mheas, áfach, gur cliaint ghairmiúla iad formhór na núdarás poiblí (ar a náirítear scoileanna agus ospidéil i roinnt Ballstát). Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go bhféadfaidh taiscí na ninfheisteoirí aonair uile, lena náirítear údaráis phoiblí, tairbhiú den chumhdach a chuireann scéim ráthaithe taiscí ar fáil.

(6)D’fhéadfadh taiscí móra a bheith ann go sealadach de bharr taiscí a leanann as teagmhais áirithe, lena náirítear idirbhearta réadmhaoine a bhaineann le réadmhaoin chónaithe phríobháideach nó sochair árachais áirithe a bheith á níoc amach. Ar an gcúis sin, le hAirteagal 6(2) de Threoir 2014/49/AE cuirtear oibleagáid faoi láthair ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar taiscí os cionn EUR 100 000 a leanann as na teagmhais sin a chosaint ar feadh 3 mhí ar a laghad, ach tráth nach faide ná 12 mhí ón uair a chuirtear an méid chun sochair nó ón uair a thagann taiscí den sórt sin chun bheith inaistrithe de réir an dlí. Chun cumhdach taisceoirí a chomhchuibhiú san Aontas agus chun an chastacht riaracháin agus an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann le raon feidhme an árachais le haghaidh taiscí den sórt sin a laghdú, is gá a gcumhdach a ailíniú le EUR 500 000 ar a laghad ar feadh tréimhse chomhchuibhithe 6 mhí, i dteannta an leibhéil chumhdaigh EUR 100 000.

(7)Le linn idirbheart réadmhaoine, is féidir na cistí a tharchur trí chuntais éagsúla sula ndéanfar an tidirbheart a shocrú iarbhír. Dá bhrí sin, chun taisceoirí atá ag déanamh idirbhearta réadmhaoine a chumhdach ar bhealach aonchineálach, ba cheart cumhdach iarmhéideanna arda sealadacha a chur i bhfeidhm maidir leis an teacht isteach ó dhíolachán chomh maith leis na cistí arna dtaisceadh sa ghearrthéarma chun réadmhaoin chónaithe phríobháideach a cheannach.

(8)Chun eisíocaíocht thráthúil an mhéid atá le haisíoc ag scéim ráthaithe taiscí a áirithiú, agus chun na rialacha riaracháin agus ríomha a shimpliú, ba cheart an chumhacht lánroghnach chun dliteanais dhlite a chur san áireamh agus an méid inaisíoctha á ríomh a bhaint.

(9)Is gá acmhainneachtaí oibríochtúla scéimeanna ráthaithe taiscí a bharrfheabhsú agus a nualach riaracháin a laghdú. Ar an gcúis sin, ba cheart a leagan síos, a mhéid a bhaineann le sainaithint taisceoirí atá i dteideal taiscí i gcuntais tairbhithe nó a mhéid a bhaineann le measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil taisceoirí incháilithe do choimircí iarmhéideanna arda sealadacha, go bhfuil an fhreagracht fós ar na taisceoirí agus na sealbhóirí cuntais a dteidlíocht a léiriú trína mbíthin féin.

(10)D’fhéadfadh taiscí áirithe a bheith faoi réir tréimhse aisíocaíochta níos faide toisc go gceanglaítear ar scéimeanna ráthaithe taiscí an téileamh ar aisíocaíocht a fhíorú lena naghaidh. Chun na rialacha a chomhchuibhiú ar fud an Aontais, ba cheart an tréimhse aisíocaíochta a theorannú do 20 lá oibre tar éis an doiciméadacht ábhartha a fháil.

(11)D’fhéadfadh sé gur mó an costas riaracháin ná na sochair don taisceoir a bhaineann le bheith ag aisíoc méideanna beaga i gcuntais dhíomhaoine. Is gá a shonrú, dá bhrí sin, nár cheart oibleagáid a bheith ar scéimeanna ráthaithe taiscí céimeanna gníomhacha a dhéanamh chun taiscí arna sealbhú i gcuntais den sórt sin a aisíoc, ar taiscí iad faoi bhun tairseacha áirithe ba cheart a shocrú ar an leibhéal náisiúnta. An ceart atá ag taisceoirí méid den sórt sin a éileamh, áfach, ba cheart é a chaomhnú. Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh cuntais ghníomhacha eile ag an taisceoir céanna freisin, ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí an méid sin a áireamh agus an méid atá le haisíoc á ríomh.

(12)Tá modhanna éagsúla ag scéimeanna ráthaithe taiscí chun taisceoirí a aisíoc, idir íocaíochtaí amach agus aistrithe leictreonacha. Chun inrianaitheacht an phróisis aisíocaíochta ó scéimeanna ráthaithe taiscí a áirithiú, áfach, agus chun fanacht i gcomhréir le cuspóirí chreat an Aontais maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, is é aisíocaíochtaí le taisceoirí trí bhíthin aistrithe creidmheasa an modh réamhshocraithe íocaíochta amach ba cheart a bheith ann i gcás inar mó an aisíocaíocht ná EUR 10 000.

(13)Tá institiúidí airgeadais eisiata ó árachas taiscí. Institiúidí airgeadais áirithe, áfach, lena náirítear institiúidí ríomh‑airgid, institiúidí íocaíochta agus gnólachtaí infheistíochta, déanann siad na cistí a fhaightear óna gcliaint a thaisceadh freisin i gcuntais bhainc, ar bhonn sealadach go minic, chun oibleagáidí maidir le coimirciú a chomhlíonadh i gcomhréir leis an reachtaíocht earnála, lena náirítear Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 , Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 agus Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 . Ina fhianaise go bhfuil ról na ninstitiúidí airgeadais sin ag dul i méid, ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí na taiscí sin a chumhdach ar choinníoll go mbeidh na cliaint sin sainaitheanta nó insainaitheanta.

(14)Ní heol i gcónaí do chliaint institiúidí airgeadais cén institiúid creidmheasa atá roghnaithe ag an institiúid airgeadais chun a gcistí a thaisceadh inti. Dá bhrí sin, níor cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí taiscí den sórt sin a chomhiomlánú le taisce a d’fhéadfadh a bheith ag na cliaint chéanna san institiúid creidmheasa chéanna ar chuir an institiúid airgeadais a dtaiscí faoina cúram. D’fhéadfadh sé nach eol d’institiúidí creidmheasa cé na cliaint atá i dteideal na suime arna sealbhú sna cuntais cliant, nó nach mbeidh siad in ann sonraí aonair maidir leis na cliaint sin a sheiceáil nó a thaifeadadh. Ag brath ar an gcineál institiúide airgeadais agus a samhail ghnó, d’fhéadfadh imthosca a bheith ann ina gcuirfí an sealbhóir cuntais i mbaol dá naisíocfaí an cliant go díreach. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí méideanna a aisíoc le cuntas cliaint arna oscailt ag an sealbhóir cuntais in institiúid creidmheasa eile chun sochair gach cliaint i gcás ina gcomhlíonfar critéir áirithe. Ionas go seachnófar an riosca go ndéanfaí íocaíocht dhúbailte sna cásanna sin, ba cheart aon éileamh atá ag cliaint i ndáil le suimeanna arna sealbhú ag an sealbhóir cuntais thar a gceann a laghdú de réir an mhéid a aisíocann an scéim ráthaithe taiscí go díreach leis na cliaint sin. Ba cheart do ÚBE dá bhrí sin dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun a shonrú cé na mionsonraí teicniúla a bhaineann le sainaithint cliant chun críche aisíocaíochta, cé na critéir maidir le haisíocaíocht leis an sealbhóir cuntais chun sochair gach cliaint nó leis an gcliant go díreach, agus cé na rialacha chun éilimh iomadúla ar íocaíochtaí amach leis an tairbhí céanna a sheachaint.

(15)Agus taisceoirí á naisíoc, d’fhéadfadh scéimeanna ráthaithe taiscí teacht ar chásanna is cúis le hábhair imní maidir leis an sciúradh airgid. Ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí dá bhrí sin an íocaíocht amach le taisceoir a choinneáil siar i gcás ina dtabharfar fógra dóibh gur chuir aonad faisnéise airgeadais cuntas bainc nó cuntas íocaíochta ar fionraí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac.

(16)Foráiltear le hAirteagal 9 de Threoir 2014/49/AE, i gcás ina ndéanfaidh scéim ráthaithe taiscí íocaíochtaí i gcomhthéacs imeachtaí réitigh, gur cheart éileamh a bheith ag an scéim ráthaithe taiscí in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa lena mbaineann ar mhéid atá cothrom lena híocaíochtaí agus gur cheart an téileamh sin a rangú pari passu le taiscí faoi chumhdach. Ní dhéantar idirdhealú leis an bhforáil sin idir ranníocaíocht scéime ráthaithe taiscí i gcás ina núsáidfear uirlis tarrthála inmheánaí bhanc‑oscailte, agus an ranníocaíocht a dhéanann scéim ráthaithe taiscí le maoiniú straitéise aistrithe (uirlis díolta gnó nó uirlis droichead‑institiúide) agus leachtú an eintitis iarmharaigh dá éis. Chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le héileamh a bheith ag scéim ráthaithe taiscí agus maidir le méid an éilimh sin i gcásanna éagsúla, is gá a shonrú, i gcás ina ndéanfaidh an scéim ráthaithe taiscí ranníocaíocht chun tacú le cur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó nó na huirlise droichead‑institiúide, nó bearta malartacha, lena ndéantar tacar sócmhainní, ceart agus dliteanas, lena náirítear taiscí, de chuid na hinstitiúide creidmheasa a aistriú chuig faighteoir, gur cheart éileamh a bheith ag an scéim ráthaithe taiscí sin in aghaidh an eintitis iarmharaigh ina imeachtaí foirceanta ina dhiaidh sin faoin dlí náisiúnta. Chun a áirithiú go ndéanfaidh páirtithe leasmhara agus creidiúnaithe na hinstitiúide creidmheasa a bheidh fágtha san eintiteas iarmharach caillteanais na hinstitiúide creidmheasa sin a ionsú go héifeachtach agus chun feabhas a chur ar an bhféidearthacht go ndéanfaí aisíocaíochtaí i gcás dócmhainneachta leis an scéim ráthaithe taiscí, ba cheart an rangú céanna a bheith ag éileamh na scéime ráthaithe taiscí agus atá ag éileamh na dtaisceoirí. I gcás ina gcuirfear an uirlis tarrthála inmheánaí bhanc‑oscailte i bhfeidhm (i.e. leanann an institiúid creidmheasa dá hoibríochtaí), ranníocann an scéim ráthaithe taiscí an méid a ndéanfaí taiscí faoi chumhdach a dhíluacháil nó a chomhshó dá réir chun na caillteanais san institiúid creidmheasa sin a ionsú, dá mbeadh taiscí faoi chumhdach faoi raon feidhme na tarrthála inmheánaí. Dá bhrí sin, níor cheart éileamh in aghaidh na hinstitiúide faoi réiteach a ghiniúint de dheasca ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí, óir dhíothódh sé sin an chríoch ar chuici a rinne an scéim ráthaithe taiscí an ranníocaíocht.

(17)Chun a áirithiú go ndéanfar cleachtais scéimeanna ráthaithe taiscí agus deimhneacht dhlíthiúil a chóineasú ionas go néileoidh taisceoirí a dtaiscí, agus chun go seachnófar bacainní oibríochtúla roimh scéimeanna ráthaithe taiscí, tá sé tábhachtach tréimhse atá fada go leordhóthanach a leagan amach ina mbeidh taisceoirí in ann aisíocaíocht a dtaiscí a éileamh, sna cásanna sin nach mbeidh taisceoirí aisíoctha ag an scéim ráthaithe taiscí laistigh de na sprioc‑amanna a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2014/49/AE i gcás íocaíochta amach.

(18)De bhun Airteagal 10(2) de Threoir 2014/49/AE, tá ar na Ballstáit a áirithiú go sroichfidh an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí, faoin 3 Iúil 2024, spriocleibhéal 0.8 % de mhéid thaiscí a comhaltaí, ar taiscí faoi chumhdach iad. Chun measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann scéimeanna ráthaithe taiscí an ceanglas sin, ba cheart tréimhse thagartha shoiléir a shocrú chun an méid taiscí faoi chumhdach agus an acmhainn airgeadais atá ar fáil do na scéimeanna ráthaithe taiscí a chinneadh.

(19)Chun athléimneacht scéimeanna ráthaithe taiscí a áirithiú, ba cheart a gcistí a bheith díorthaithe ó ranníocaíochtaí cobhsaí neamh‑inchúlghairthe. Foinsí áirithe cistiúcháin do scéimeanna ráthaithe taiscí, lena náirítear iasachtaí agus aisghabhálacha a bhfuil coinne leo, bíonn siad ró‑theagmhasach chun go gcuirfear san áireamh iad mar ranníocaíochtaí chun spriocleibhéal na scéime ráthaithe taiscí a bhaint amach. Chun coinníollacha scéimeanna ráthaithe taiscí maidir le comhlíonadh a spriocleibhéil a chomhchuibhiú agus chun a áirithiú go mbeidh an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéimeanna ráthaithe taiscí maoinithe ag ranníocaíochtaí ón tionscal, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir cistí a cháilíonn chun an spriocleibhéal a bhaint amach agus cistí a mheastar a bheith ina bhfoinsí comhlántacha maoiniúcháin. Is féidir eis‑sreafaí cistí scéime ráthaithe taiscí, lena náirítear aisíocaíochtaí iasachta intuartha, a phleanáil agus a chur san áireamh i ranníocaíochtaí tráthrialta ó chomhaltaí scéime ráthaithe taiscí, agus níor cheart an acmhainn airgeadais atá ar fáil a laghdú faoi bhun an spriocleibhéil dá ndeasca. Is gá a shonrú dá bhrí sin, tar éis an spriocleibhéal a bheith bainte amach den chéad uair, nár cheart tréimhse athshlánaithe 6 bliana a spreagadh ach amháin de dheasca easnamh acmhainne airgeadais atá ar fáil do scéimeanna ráthaithe taiscí de thoradh idirghabháil ag scéim ráthaithe taiscí (íocaíocht amach, nó bearta coisctheacha, réitigh nó malartacha). Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar an mhodheolaíocht lena ríomhfaidh na scéimeanna ráthaithe taiscí an spriocleibhéal.

(20)Ba cheart an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí a bheith inúsáidte láithreach chun dul i ngleic le teagmhais íocaíochta amach nó idirghabhálacha tobanna eile. I bhfianaise cleachtais éagsúla ar fud an Aontais, is iomchuí ceanglais a leagan síos maidir le straitéis infheistíochta cistí scéimeanna ráthaithe taiscí chun maolú a dhéanamh ar aon tionchar diúltach ar chumas scéime ráthaithe taiscí a shainordú a chomhlíonadh. I gcás nach mbeidh scéim ráthaithe taiscí inniúil ar an straitéis infheistíochta a shocrú, ba cheart don údarás nó don chomhlacht nó eintiteas sa Bhallstát atá freagrach as an straitéis infheistíochta a shocrú na prionsabail maidir le héagsúlú agus infheistíochtaí i sócmhainní ísealriosca a urramú freisin nuair a bheidh an straitéis infheistíochta sin á socrú. Chun neamhspleáchas oibríochtúil iomlán agus solúbthacht na scéime ráthaithe taiscí a chaomhnú i dtéarmaí rochtana ar a cistí, i gcás ina ndéanfar cistí scéime ráthaithe taiscí a thaisceadh leis an státchiste, ba cheart na cistí sin a chur in áirithe agus a thaisceadh i gcuntas leithscartha.

(21)An rogha chun an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí a mhéadú trí ranníocaíochtaí éigeantacha arna níoc ag ball‑institiúidí le scéimeanna atá ann cheana, ar scéimeanna ranníocaíochtaí éigeantacha iad arna mbunú ag Ballstát chun na costais a bhaineann le riosca sistéamach a chumhdach, níor úsáideadh riamh í agus dá bhrí sin ba cheart í a bhaint.

(22)Is gá cumhdach taisceoirí a fheabhsú, agus an tráth céanna an gá atá le díolachán práinne sócmhainní scéime ráthaithe taiscí a sheachaint agus teorainn a chur leis na héifeachtaí comh‑thimthriallacha diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ar an tionscal baincéireachta mar gheall ar bhailiú ranníocaíochtaí urghnácha. Ba cheart a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí, dá bhrí sin, socruithe cistiúcháin malartacha a úsáid a chuireann ar a gcumas dóibh cistiú gearrthéarmach a fháil tráth ar bith ó fhoinsí seachas ranníocaíochtaí, lena náirítear sula núsáidfidh siad an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh agus cistí arna mbailiú trí ranníocaíochtaí urghnácha. Ós rud é gur cheart d’institiúidí creidmheasa, go príomha, an costas a bhaineann le maoiniú scéimeanna ráthaithe taiscí a íoc agus gurb iadsan ba cheart a bheith freagrach as, níor cheart socruithe cistiúcháin malartacha ó chistí poiblí a úsáid ach mar rogha dheireanach.

(23)Chun éagsúlú leormhaith infheistíochta cistí scéimeanna ráthaithe taiscí agus cleachtais chóineasaithe a áirithiú, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint chun treoraíocht a sholáthar ina leith sin do scéimeanna ráthaithe taiscí.

(24)Cé gurb é an príomhról atá ag scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí faoi chumhdach a aisíoc, d’fhéadfadh idirghabhálach lasmuigh de chásanna íocaíochta amach a bheith níos costéifeachtaí do scéimeanna ráthaithe taiscí agus rochtain gan bhriseadh ar thaiscí a áirithiú trí straitéisí aistrithe a éascú. D’fhéadfaí a cheangal ar scéimeanna ráthaithe taiscí rannchuidiú le réiteach institiúidí creidmheasa. Ina theannta sin, i roinnt Ballstát, féadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí bearta coisctheacha a mhaoiniú chun marthanacht fhadtéarmach institiúidí creidmheasa a athbhunú, nó bearta malartacha a mhaoiniú i gcás dócmhainneachta. Cé gur féidir le bearta coisctheacha agus malartacha den sórt sin feabhas suntasach a chur ar árachas taiscí, is gá na bearta sin a chur faoi réir coimircí leordhóthanacha, lena náirítear i bhfoirm tástála íoschostais comhchuibhithe, chun cothroime iomaíochta agus éifeachtacht agus costéifeachtúlacht na mbeart sin a áirithiú. Níor cheart coimircí den sórt sin a chur i bhfeidhm ach maidir le hidirghabhálacha arna maoiniú leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí a rialáiltear faoin Treoir seo.

(25)Bearta chun teip institiúide creidmheasa a chosc trí idirghabhálacha atá luath go leordhóthanach, is féidir ról éifeachtach a bheith acu sin i measc raon na nuirlisí bainistithe géarchéime chun muinín taisceoirí agus cobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith de chineálacha éagsúla - bearta tacaíochta caipitil trí ionstraimí cistí dílse (lena náirítear ionstraimí Gnáthchothromais Leibhéal 1) nó ionstraimí caipitil eile, ráthaíochtaí nó iasachtaí. Bhain scéimeanna ráthaithe taiscí leas ilchineálach as na bearta sin. Chun a áirithiú go mbeidh an raon uirlisí bainistithe géarchéime ann agus go mbeifear in ann leas a bhaint as bearta coisctheacha ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gcreat réitigh agus leis na rialacha maidir le státchabhair, is gá an tuainiú agus na coinníollacha maidir lena gcur i bhfeidhm a shonrú. Ní iomchuí bearta coisctheacha chun caillteanais arna dtabhú a ionsú i gcás ina mbeidh an institiúid creidmheasa i mbéal teipe cheana féin nó ar dóigh di teip agus ba cheart iad a úsáid go luath chun meathlú staid airgeadais an bhainc a sheachaint. Ba cheart d’údaráis ainmnithe a fhíorú dá bhrí sin cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le hidirghabháil den sórt sin ag scéim ráthaithe taiscí. Ar deireadh, na coinníollacha sin maidir leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí a úsáid, ba cheart iad a bheith gan dochar don mheasúnú a dhéanfaidh an túdarás inniúil ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann SCI na critéir a leagtar síos in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 .

(26)Chun a áirithiú go mbainfidh bearta coisctheacha a gcuspóir amach, ba cheart a cheangal ar institiúidí creidmheasa nóta a ullmhú lena leagtar amach na bearta a gheallann siad a dhéanamh. Níor cheart ullmhú an nóta sin a bheith ina ualach rómhór ar an institiúid creidmheasa nó an iomarca ama a thógáil uirthi, ionas go náiritheofar an fhéidearthacht go ndéanfaidh an scéim ráthaithe taiscí idirghabháil sách luath. Dá bhrí sin, ba cheart an nóta a ghabhann le bearta coisctheacha a bheith ina dhoiciméad míniúcháin atá gearr go leordhóthanach. Is éard ba cheart a bheith sa nóta na heilimintí uile lena bhféachtar le heis‑sreabhadh cistí a chosc agus staid chaipitil agus staid leachtachta na hinstitiúide creidmheasa a neartú, rud a chuirfidh ar a cumas don institiúid creidmheasa na ceanglais ábhartha stuamachta agus rialála eile a chomhlíonadh ar bhonn réamhbhreathnaitheach. Is éard ba cheart a bheith sa nóta sin, dá bhrí sin, bearta tiomsaithe caipitil, lena náirítear rialacha maidir le heisiúint ceart, comhshó deonach ar ionstraimí fofhiachais, cleachtaí bainistíochta dliteanais, díolacháin sócmhainní a ghineann caipiteal, urrúsúchán punann, agus coinneáil tuillimh, lena náirítear bannaí ar dhíbhinní agus bannaí ar leasanna a fháil i ngnóthais. Ar an gcúis chéanna, le linn chur chun feidhme na mbeart atáthar ag brath a dhéanamh sa nóta, ba cheart d’institiúidí creidmheasa a staideanna leachtachta a neartú freisin agus staonadh ó chleachtais tráchtála ionsaitheacha, agus ó bheith ag athcheannach scaireanna dílse nó ag ceannach ionstraimí caipitil hibrideacha céadrogha. Ba cheart straitéis scoir a bheith sa nóta sin freisin i dtaca le haon bheart tacaíochta a fhaightear. Is le húdaráis inniúla is fearr dul i gcomhairle maidir le hábharthacht agus inchreidteacht na mbeart atáthar ag brath a dhéanamh sa nóta. Chun a áirithiú go mbeidh údaráis ainmnithe na scéime ráthaithe taiscí, a niarrann an institiúid creidmheasa uirthi beart coisctheach a mhaoiniú, in ann a mheasúnú go gcomhlíontar na coinníollacha uile maidir le bearta coisctheacha, ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhar leis na húdaráis ainmnithe. Chun cur chuige comhsheasmhach i leith chur i bhfeidhm beart coisctheach a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt d’institiúidí creidmheasa nóta den sórt sin a dhréachtú.

(27)Institiúidí creidmheasa a fhaigheann tacaíocht ó scéimeanna ráthaithe taiscí i bhfoirm beart coisctheach, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a ngealltanais, ba cheart d’údaráis inniúla plean feabhsúcháin a iarraidh ó institiúidí creidmheasa nár chomhlíon a ngealltanais. I gcás inarb é tuairim údaráis inniúil é nach féidir leis na bearta sa phlean feabhsúcháin marthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide creidmheasa a bhaint amach, níor cheart don scéim ráthaithe taiscí aon tacaíocht choisctheach bhreise a sholáthar don institiúid creidmheasa. Chun cur chuige comhsheasmhach i leith chur i bhfeidhm beart coisctheach a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt d’institiúidí creidmheasa plean feabhsúcháin den sórt sin a dhréachtú.

(28)Chun éifeachtaí díobhálacha ar iomaíocht agus ar an margadh inmheánach a sheachaint, is gá a leagan síos, sa chás go ndéanfar bearta malartacha i gcás dócmhainneachta, gur cheart do chomhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht d’institiúid creidmheasa i gcomhthéacs imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta (leachtaitheoir, faighteoir, riarthóir nó eile) socruithe a dhéanamh chun gnó na hinstitiúide creidmheasa nó cuid de a mhargú i bpróiseas oscailte trédhearcach neamh‑idirdhealaitheach, agus féachaint leis an bpraghas díola a uasmhéadú, a mhéid is féidir. An institiúid creidmheasa nó aon idirghabhálaí a ghníomhaíonn thar ceann na hinstitiúide creidmheasa, ba cheart dó rialacha a chur i bhfeidhm atá oiriúnach chun sócmhainní, cearta agus dliteanais atá le haistriú chuig ceannaitheoirí ionchasacha a mhargú. In aon chás, ba cheart úsáid acmhainní Stáit fanacht faoi réir na rialacha ábhartha maidir le Státchabhair faoin gConradh, i gcás inarb infheidhme.

(29)Ós rud é go bhfuil sé de phríomhaidhm ag scéimeanna ráthaithe taiscí taiscí faoi chumhdach a chosaint, níor cheart a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí ach idirghabhálacha seachas íocaíochtaí amach a mhaoiniú i gcás ina mbeidh na hidirghabhálacha sin níos saoire ná íocaíochtaí amach. De dhroim taithí le cur i bhfeidhm na rialacha sin (‘tástáil íoschostais’) is léir roinnt laigí a bheith ann, toisc nach mionsonraítear leis an gcreat atá i bhfeidhm faoi láthair conas costas na nidirghabhálacha sin ná costas na híocaíochta amach a chinneadh. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na tástála íoschostais a áirithiú ar fud an Aontais, is gá ríomh na gcostas sin a shonrú. An tráth céanna, is gá coinníollacha ródhiana a sheachaint a d’fhágfadh go bunúsach nárbh fhéidir cistí scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid le haghaidh idirghabhálacha eile seachas íocaíocht amach. Nuair a bheidh an measúnú íoschostais á dhéanamh, ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí a fhíorú ar dtús gur lú an costas a bhaineann leis an mbeart roghnaithe a mhaoiniú ná an costas a bhaineann le taiscí faoi chumhdach a aisíoc. Ba cheart an tamluach airgid a chur san áireamh sa mhodheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe íoschostais.

(30)D’fhéadfadh leachtú a bheith ina phróiseas fada a mbraitheann a éifeachtúlacht ar an éifeachtúlacht bhreithiúnach náisiúnta, córais dócmhainneachta, saintréithe bainc aonair agus imthosca na teipe. I gcás idirghabhálacha ag scéim ráthaithe taiscí mar chuid de bhearta malartacha, ba cheart an tástáil íoschostais a bheith ag brath ar luacháil shócmhainní agus dhliteanais na hinstitiúide creidmheasa, a leagtar síos in Airteagal 36(1) de Threoir 2014/59/AE, agus ar an meastachán a leagtar síos in Airteagal 36(8) den Treoir sin. D’fhéadfadh meastóireacht bheacht ar aisghabhálacha leachtaithe a bheith dúshlánach, áfach, i gcomhthéacs na tástála íoschostais le haghaidh bearta coisctheacha, a tharlaíonn i bhfad sula ndéantar aon leachtú intuartha, más fíor. Dá bhrí sin, ba cheart an cás frithfhíorasach i dtaca leis an tástáil íoschostais le haghaidh bearta coisctheacha a choigeartú dá réir, agus in aon chás, ba cheart na haisghabhálacha a bhfuil coinne leo a theorannú do mhéid réasúnta bunaithe ar aisghabhálacha i dteagmhais íocaíochta amach roimhe seo.

(31)Ba cheart do na húdaráis ainmnithe meastachán a dhéanamh ar chostas an bhirt don scéim ráthaithe taiscí, lena náirítear tar éis aisíocaíocht iasachta, instealladh caipitil nó úsáid ráthaíochta, glan ó thuilleamh, ó chostais oibriúcháin agus ó chaillteanais ionchasacha a bhfuil coinne leo, in aghaidh cás frithfhíorasach bunaithe ar chaillteanas deiridh hipitéiseach ag deireadh na nimeachtaí dócmhainneachta, inar cheart aisghabhálacha ón scéim ráthaithe taiscí a chur san áireamh mar chuid d’imeachtaí leachtaithe bainc. Chun léargas cóir agus níos cuimsithí ar an gcostas iarbhír a bhaineann le haisíocaíocht taisceoirí a thabhairt, ba cheart costais a bhaineann go hindíreach le haisíocaíocht taisceoirí a chur san áireamh sa mheastachán ar an gcaillteanas a thabhaítear mar gheall ar thaiscí faoi chumhdach a aisíoc. Ba cheart a áireamh ar na costais sin costas athshlánaithe na scéime ráthaithe taiscí agus an costas a d’íocfadh an scéim ráthaithe taiscí, b’fhéidir, mar gheall ar leas a bhaint as maoiniú malartach. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na tástála íoschostais a áirithiú, ba cheart do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir leis an modheolaíocht chun costas idirghabhálacha éagsúla scéime ráthaithe taiscí a ríomh. Chun a áirithiú go mbeidh modheolaíocht an mheasúnaithe íoschostais comhsheasmhach le sainordú reachtúil nó conarthach na scéime ráthaithe taiscí a mhéid a bhaineann le bearta coisctheacha, ba cheart do ÚBE, nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, ábharthacht beart coisctheach a chur san áireamh sa mhodheolaíocht chun íocaíocht amach sa chás frithfhíorasach a ríomh.

(32)Chun cumhdach comhchuibhithe taisceoirí a fheabhsú agus freagrachtaí ar fud an Aontais faoi seach a shonrú, is í scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile ba cheart a áirithiú go ndéanfar íocaíochtaí amach le taisceoirí atá lonnaithe i mBallstáit ina nglacann na hinstitiúidí creidmheasa, ar comhaltaí den scéim ráthaithe taiscí iad, le taiscí agus cistí inaisíoctha eile trí sheirbhísí taiscí a chur ar fáil ar bhonn trasteorann gan bheith bunaithe sa Bhallstát óstach. Chun oibríochtaí íocaíochta amach agus soláthar faisnéise do thaisceoirí a éascú, ba cheart a cheadú do scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile oibriú mar phointe teagmhála do thaisceoirí ag institiúidí creidmheasa a fheidhmíonn an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

(33)Tá an comhar idir scéimeanna ráthaithe taiscí ar fud an Aontais ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar taisceoirí a aisíoc ar bhealach gasta costéifeachtúil i gcás ina ndéanfaidh institiúidí creidmheasa seirbhísí baincéireachta trí bhrainsí i mBallstáit eile. I bhfianaise dul chun cinn teicneolaíochta a chuireann úsáid aistrithe trasteorann agus sainaitheanta cianda chun cinn, ba cheart a cheadú do scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile aisíocaíochtaí a dhéanamh go díreach le taisceoirí ag brainsí atá lonnaithe i mBallstát eile, ar choinníoll go mbeidh an tualach riaracháin agus na costais níos lú ná a bheidís dá ndéanfadh scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit óstaigh an aisíocaíocht. Ba cheart an tsolúbthacht sin a bheith ina comhlánú ar an sásra comhair atá ann faoi láthair, lena gceanglaítear ar scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit óstaigh taisceoirí i mbrainsí a aisíoc thar ceann scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile. Chun muinín taisceoirí a chaomhnú sa Bhallstát baile agus sa Bhallstát óstach araon, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do scéimeanna ráthaithe taiscí an comhar sin a dhéanamh, inter alia trí liosta coinníollacha a mholadh faoina bhféadfadh scéim ráthaithe taiscí de chuid an Bhallstáit baile cinneadh a dhéanamh maidir le taisceoirí ag brainsí atá lonnaithe sa Bhallstát óstach a aisíoc.

(34)Féadfaidh institiúidí creidmheasa a gcleamhnacht le scéim ráthaithe taiscí a athrú toisc go naistríonn siad a gceanncheathrú chuig Ballstát eile nó toisc go dtiontaíonn siad a bhfochuideachta ina brainse nó vice versa. Le hAirteagal 14(3) de Threoir 2014/49/AE, ceanglaítear go ndéanfar na ranníocaíochtaí a d’íoc an institiúid creidmheasa sin le linn an 12 mhí roimh an taistriú a aistriú chuig an scéim ráthaithe taiscí eile go comhréireach leis an méid taiscí faoi chumhdach a aistrítear. Chun a áirithiú nach mbeidh an taistriú ranníocaíochtaí chuig an scéim ráthaithe taiscí fála ag brath ar rialacha náisiúnta éagsúla maidir le sonrascadh nó dáta íocaíochta iarbhír na ranníocaíochtaí, ba cheart don scéim ráthaithe taiscí tionscnaimh an méid atá le haistriú a ríomh ar bhonn ranníocaíochtaí atá dlite seachas ranníocaíochtaí a íocadh.

(35)Is gá a áirithiú go gcumhdófar taisceoirí go comhionann ar fud an Aontais, rud nach féidir a ráthú go hiomlán le córas measúnaithe coibhéise um chumhdach taisceoirí i dtríú tíortha. Ar an gcúis sin, ba cheart do bhrainsí AE d’institiúid creidmheasa a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír dul isteach i scéim ráthaithe taiscí sa Bhallstát ina nglacann siad le taiscí. D’áiritheofaí leis an gceanglas sin freisin comhsheasmhacht le Treoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE a fhéachann le creataí stuamachta agus réitigh níos láidir a thabhairt isteach maidir le grúpaí tríú tíortha a sholáthraíonn seirbhísí baincéireachta san Aontas. Os a choinne sin, ba cheart gan scéimeanna ráthaithe taiscí a bheith neamhchosanta ar rioscaí eacnamaíocha agus airgeadais tríú tíortha. Dá bhrí sin, níor cheart taiscí a chumhdach i mbrainsí arna mbunú i dtríú tíortha ag institiúidí creidmheasa an Aontais.

(36)Nochtadh caighdeánaithe tráthrialta faisnéise, is rud é a fheabhsaíonn feasacht taisceoirí maidir le hárachas taiscí. Chun ceanglais maidir le nochtadh a ailíniú le forbairtí teicneolaíochta, ba cheart na bealaí nua cumarsáide digití lena nidirghníomhaíonn institiúidí creidmheasa le taisceoirí a chur san áireamh sna ceanglais sin. Ba cheart faisnéis aonchineálach shoiléir a bheith á fáil ag taisceoirí lena mínítear a nárachas taiscí, agus teorainn a chur leis an ualach riaracháin gaolmhar ar institiúidí creidmheasa nó scéimeanna ráthaithe taiscí. Ba cheart a shainordú do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonrófar, ar thaobh amháin, inneachar agus formáid na bileoige faisnéise do thaisceoirí chun taisceoirí a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil agus, ar an taobh eile, an fhaisnéis teimpléid a cheanglaítear ar scéimeanna ráthaithe taiscí nó ar institiúidí creidmheasa a chur in iúl do thaisceoirí i gcásanna sonracha, lena náirítear cumaisc institiúidí creidmheasa, an cinneadh nach bhfuil taiscí le fáil, nó aisíocaíocht taiscí cistí cliant.

(37)D’fhéadfadh cumasc institiúide creidmheasa nó tiontú fochuideachta ina brainse nó vice versa difear a dhéanamh do phríomhghnéithe an chumhdaigh taisceoirí. Ionas nach mbeidh drochthionchair ar thaisceoirí a mbeadh taiscí acu sa dá bhanc cumaisc agus a mbeadh a néileamh ar árachas taiscí laghdaithe mar gheall ar athruithe cleamhnachta le scéim ráthaithe taiscí, ba cheart na taisceoirí uile a chur ar an eolas maidir leis na hathruithe sin agus ba cheart an ceart a bheith acu a gcistí a tharraingt siar gan phionós suas le méid atá cothrom leis an méid árachais taiscí a cailleadh.

(38)Chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, tógálacht a sheachaint agus é a chur ar a gcumas do thaisceoirí a gcearta chun taiscí a éileamh a fheidhmiú i gcás inarb infheidhme, ba cheart d’údaráis ainmnithe, scéimeanna ráthaithe taiscí agus institiúidí creidmheasa lena mbaineann taisceoirí a chur ar an eolas maidir le taiscí gan bheith ar fáil.

(39)Chun trédhearcacht a mhéadú do thaisceoirí agus láidreacht airgeadais agus iontaoibh a chur chun cinn i measc scéimeanna ráthaithe taiscí nuair a bheidh a sainordú á chomhlíonadh acu, ba cheart feabhas a chur ar na ceanglais tuairiscithe atá i bhfeidhm faoi láthair. Agus forbairt á déanamh ar na ceanglais atá i bhfeidhm faoi láthair lena gcuirtear ar a gcumas do scéimeanna ráthaithe taiscí an fhaisnéis uile is gá chun íocaíocht amach a ullmhú a iarraidh ar a mball‑institiúidí, ba cheart scéimeanna ráthaithe taiscí a bheith in ann an fhaisnéis is gá chun íocaíocht amach a ullmhú i gcomhthéacs comhair trasteorann a iarraidh freisin. Arna iarraidh sin do scéim ráthaithe taiscí, ba cheart a cheangal ar bhall‑institiúidí faisnéis ghinearálta a sholáthar maidir le haon ghnó trasteorann ábhartha i mBallstáit eile. Ar an gcaoi chéanna, chun raon oiriúnach faisnéise a sholáthar do ÚBE maidir leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do na scéimeanna ráthaithe taiscí agus maidir le húsáid na hacmhainne sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh scéimeanna ráthaithe taiscí ÚBE ar an eolas ar bhonn bliantúil maidir leis an méid taiscí faoi chumhdach agus an acmhainn airgeadais atá ar fáil, agus fógra a thabhairt do ÚBE faoi na himthosca ba chúis le cistí scéime ráthaithe taiscí a úsáid le haghaidh íocaíochtaí amach nó bearta eile. Ar deireadh, chun léiriú a dhéanamh ar an ról neartaithe atá ag scéimeanna ráthaithe taiscí i mbainistíocht géarchéime banc lena bhféachtar le húsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí i gcás réitigh a éascú, ba cheart an ceart a bheith ag scéimeanna ráthaithe taiscí an achoimre a fháil ar phleananna réitigh institiúidí creidmheasa maidir lena nullmhacht ghinearálta a mhéadú chun na cistí a chur ar fáil.

(40)Leis na caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais ba cheart comhchuibhiú comhsheasmhach agus cumhdach leordhóthanach taisceoirí a éascú ar fud an Aontais. Mar chomhlacht a bhfuil saineolas thar a bheith speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme nach bhfuil baint ag roghanna beartais leo a chur ar iontaoibh ÚBE, lena nglacadh ag an gCoimisiún.

(41)Ba cheart don Choimisiún, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis sa Treoir seo, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE, i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 chun na nithe seo a leanas a shonrú: (a) na mionsonraí teicniúla a bhaineann le cliaint de chuid institiúidí airgeadais a shainaithint chun taiscí cistí cliant a íoc amach, na critéir maidir le haisíocaíocht leis an sealbhóir cuntais chun sochair gach cliaint nó leis an gcliant go díreach, agus na rialacha chun éilimh iomadúla ar íocaíochtaí amach leis an tairbhí céanna a sheachaint; (b) an mhodheolaíocht le haghaidh na tástála íoschostais, agus (c) an mhodheolaíocht le haghaidh ríomh na hacmhainne airgeadais atá ar fáil a cháilíonn don spriocleibhéal.

(42)Ba cheart don Choimisiún, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis sa Treoir seo, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 291 CFAE, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chun na nithe seo a leanas a shonrú: (a) inneachar agus formáid na bileoige faisnéise do thaisceoirí, an teimpléad le haghaidh faisnéis ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí nó institiúidí creidmheasa a chur in iúl do thaisceoirí; (b) na nósanna imeachta atá le leanúint ag institiúidí creidmheasa i gcás ina soláthróidh siad faisnéis dá scéim ráthaithe taiscí, agus ag scéimeanna ráthaithe taiscí agus údaráis ainmnithe i gcás ina soláthróidh siad faisnéis do ÚBE, agus na teimpléid chun an fhaisnéis sin a sholáthar.

(43)Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2014/49/AE a leasú dá réir.

(44)Brainsí d’institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den Aontas Eorpach agus nach comhaltaí de scéim ráthaithe taiscí arna bhunú san Aontas iad, chun a cheadú dóibh dul isteach i scéim ráthaithe taiscí de chuid an Aontais, ba cheart tréimhse leordhóthanach ama a thabhairt do na brainsí sin chun na céimeanna is gá a dhéanamh chun an ceanglas sin a chomhlíonadh.

(45)Le Treoir 2014/49/AE, ceadaítear do na Ballstáit SCI a aithint mar scéim ráthaithe taiscí má chomhlíonann sé na critéir a leagtar síos in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus má chomhlíonann sé Treoir 2014/49/AE. Chun samhail ghnó shonrach na SCInna sin a chur san áireamh, go háirithe ábharthacht beart coisctheach i gcroílár a sainordaithe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go gceadódh na Ballstáit do SCInna oiriúnú do na coimircí nua maidir le cur i bhfeidhm beart coisctheach laistigh de thréimhse 6 bliana. Leis an tréimhse chomhlíontachta sin a d’fhéadfadh a bheith níos faide, cuirtear san áireamh an amlíne chun ciste leithscartha a thiomargadh chun críoch SCI seachas críocha árachais taiscí mar a chomhaontaítear idir an Banc Ceannais Eorpach, an túdarás inniúil náisiúnta agus na SCInna ábhartha.

(46)Chun a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí agus údaráis ainmnithe an acmhainn oibríochtúil is gá a chur i dtoll a chéile chun na rialacha nua maidir le húsáid beart coisctheach a chur i bhfeidhm, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm iarchurtha na rialacha nua sin.

(47)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach go leormhaith, is iad sin cumhdach aonfhoirmeach taisceoirí san Aontas a áirithiú, mar gheall ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta do shláine an mhargaidh aonair ach gur féidir iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, trí na rialacha a leagtar síos cheana a leasú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2014/49/AE

Leasaítear Treoir 2014/49/AE mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le bunú agus feidhmiú scéimeanna ráthaithe taiscí, cumhdach agus aisíoc taiscí, agus úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí le haghaidh bearta lena bhféachtar lena áirithiú go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar a dtaiscí.’;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) institiúidí creidmheasa, agus brainsí d’institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den Aontas Eorpach, atá cleamhnaithe leis na scéimeanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) den mhír seo.’;

(2)in Airteagal 2, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)i bpointe (3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘(3) ciallaíonn ‘taisce’ iarmhéid creidmheasa a leanann as cistí arna bhfágáil i gcuntas nó as staideanna sealadacha atá mar thoradh ar ghnáth‑idirbhearta baincéireachta a dhéanann institiúidí creidmheasa i ngnáthchúrsa a ngnó, agus a cheanglaítear ar institiúid creidmheasa a aisíoc faoi na coinníollacha dlíthiúla agus conarthacha is infheidhme, lena n‑áirítear taisce téarma shocraithe agus taisce choigiltis, ach gan iarmhéid creidmheasa a áireamh inarb amhlaidh an méid seo a leanas:’;

(b)i bpointe (13), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘(13) ciallaíonn ‘ceangaltas íocaíochta’ oibleagáid chomhthaobhaithe go hiomlán agus neamh‑inchúlghairthe ar institiúid creidmheasa méid airgeadaíochta a íoc le scéim ráthaithe taiscí nuair a cheannaíonn an scéim ráthaithe taiscí sin é, agus i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an gcomhthaobhacht:

(c)cuirtear pointí (19) go (23) seo a leanas leis:

(19) ciallaíonn ‘údarás réitithe’ údarás réitithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18) de Threoir 2014/59/AE;

(20) ciallaíonn ‘taiscí cistí cliant’ cistí a dhéanann sealbhóirí cuntais, ar institiúidí airgeadais iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (26), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a thaisceadh i gcúrsa a ngnó in institiúid creidmheasa do chuntas a gcliant;

(21) ciallaíonn ‘creat Státchabhair an Aontais’ an creat a bhunaítear le hAirteagail 107, 108 agus 109 CFAE agus rialacháin agus gach gníomh de chuid an Aontais, lena n‑áirítear treoirlínte, teachtaireachtaí agus fógraí, a dhéantar nó a ghlactar de bhun Airteagal 108(4) nó Airteagal 109 CFAE;

(22) ciallaíonn ‘sciúradh airgid’ sciúradh airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final] *’;

(23) ciallaíonn ‘maoiniú na sceimhlitheoireachta’ maoiniú na sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final]. **’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Scaireanna i gcumainn foirgníochta na hÉireann, cé is moite díobh sin ar de chineál caipitil iad a chumhdaítear le hAirteagal 5(1), pointe (b), láimhseálfar leo mar thaiscí.’;

____________________________________________

*    [Cuir isteach tagairt iomlán – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final].

**    [Cuir isteach tagairt iomlán – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final].

(3)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach gcomhlíonfaidh institiúid creidmheasa a hoibleagáidí mar chomhalta de scéim ráthaithe taiscí, go dtabharfaidh an scéim ráthaithe taiscí sin fógra ina thaobh d’údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa sin. Áiritheoidh na Ballstáit go n‑úsáidfidh an t‑údarás inniúil, i gcomhar leis an scéim ráthaithe taiscí sin, na cumhachtaí maoirseachta a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE, agus go ndéanfaidh sé go pras na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid creidmheasa lena mbaineann a hoibleagáidí, lena n‑áirítear, i gcás inar gá, trí phionóis riaracháin a ghearradh agus bearta riaracháin eile a dhéanamh i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta a ghlactar i dteannta chur chun feidhme fhorálacha Theideal VII, Caibidil 1, Roinn IV, de Threoir 2013/36/AE.’;

(b)cuirtear mír 4a seo a leanas isteach:

‘4a. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach n‑íocfaidh institiúid creidmheasa na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11(4) laistigh den tráthchlár a shonraíonn an scéim ráthaithe taiscí, go ndéanfaidh an scéim ráthaithe taiscí sin ráta úis reachtúil a ghearradh, ar feadh thréimhse na moille, ar an méid atá dlite.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

‘5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an scéim ráthaithe taiscí an t‑údarás ainmnithe ar an eolas i gcás nach n‑éireoidh leis na bearta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 4a comhlíontacht na hinstitiúide creidmheasa a athbhunú. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t‑údarás ainmnithe measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha maidir lena leanúint de bheith ina comhalta den scéim ráthaithe taiscí go fóill agus cuirfidh siad an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe sin.

6. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh an t‑údarú a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2013/36/AE, go scoirfidh an institiúid creidmheasa de bheith ina comhalta den scéim ráthaithe taiscí. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh scéim ráthaithe taiscí de bheith ag cumhdach na dtaiscí arna sealbhú an dáta a scoirfidh institiúid creidmheasa de bheith ina comhalta den scéim ráthaithe taiscí sin.’;

(d)scriostar mír 8;

(e)cuirtear mír 13 seo a leanas leis:

‘13. Faoin... [Oifig na bhFoilseachán – cuir leis 36 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm], forbróidh ÚBE treoirlínte maidir le raon feidhme, inneachair agus nósanna imeachta na dtástálacha struis dá dtagraítear i mír 10.’;

(4)Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1. Beidh an méid seo a leanas eisiata ó aon aisíocaíocht ag scéim ráthaithe taiscí:’

(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) taiscí a eascraíonn as idirbhearta a ndearnadh ciontú coiriúil i sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta i gceangal leo;’;

(iii)(Pointe (e) aisghairthe)

(iv)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f) taiscí nár sainaithníodh riamh a sealbhóir de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) .... [cuir isteach tagairt ghearr – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final], i gcás nach bhfuil na taiscí sin le fáil, seachas i gcás ina n‑iarrfaidh sealbhóir íocaíocht amach agus ina gcruthóidh sé nárbh é a ghníomhaíocht féin ba chúis leis an easpa sainaitheanta;’;

(v)scriostar pointe (j);

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. De mhaolú ar mhír 1, pointe (i), féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh go mbeidh taiscí arna sealbhú ag pleananna pinsin phearsanta agus pleananna pinsin ceirde fiontar beag agus meánmhéide san áireamh suas leis an leibhéal cumhdaigh a leagtar síos in Airteagal 6(1).’;

(5)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘I dteannta mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar na taiscí seo a leanas ar a laghad ag méid EUR 500 000 ar feadh 6 mhí tar éis don mhéid sin a bheith curtha chun sochair nó ón uair a thiocfaidh taiscí den sórt sin chun bheith inaistrithe de réir an dlí’;

(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) taiscí a leanann as idirbhearta réadmhaoine a bhaineann le réadmhaoin chónaithe phríobháideach agus taiscí atá beartaithe le haghaidh idirbhearta den sórt sin, ar choinníoll go dtabharfaidh duine nádúrtha na hidirbhearta sin i gcrích sa ghearrthéarma, agus ar choinníoll gur féidir leis an duine nádúrtha sin doiciméid a sholáthar a bheidh ina gcruthúnas ar idirbheart den sórt sin;’;

(b)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

‘2a. Áiritheoidh na Ballstáit go bhforlíonfar an leibhéal cumhdaigh a leagtar síos i mír 1 leis an leibhéal cumhdaigh a leagtar síos i mír 2.’

(6)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)scriostar mír 5;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7. Áiritheoidh na Ballstáit go n‑aisíocfaidh na scéimeanna ráthaithe taiscí ús ar thaiscí arna fhabhrú go dtí an dáta a dhéanfaidh údarás riaracháin ábhartha cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(a), nó a thabharfaidh údarás breithiúnach rialú dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(b), ach nár cuireadh chun sochair nó chun dochair ar an dáta sin. Ní shárófar an leibhéal cumhdaigh a leagtar síos in Airteagal 6(1) nó, sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2), an leibhéal cumhdaigh a leagtar síos sa mhír sin.’;

(7)cuirtear Airteagal 7a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 7a

An dualgas cruthúnais maidir le hincháilitheacht taiscí agus teidlíocht ina leith

Áiritheoidh na Ballstáit, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus Airteagal 7(3), go gcruthóidh taisceoir nó, i gcás inarb iomchuí, sealbhóir cuntais go gcomhlíonann na taiscí lena mbaineann coinníollacha Airteagal 6(2), nó an teidlíocht i leith na dtaiscí sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’;

(8)Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. De mhaolú ar mhír 1, ceadóidh na Ballstáit do scéimeanna ráthaithe taiscí tréimhse aisíocaíochta níos faide a chur i bhfeidhm maidir leis na taiscí dá dtagraítear in Airteagal 6(2), Airteagal 7(3) agus Airteagal 8b, nach rachaidh thar 20 lá oibre ón dáta a gheobhaidh na scéimeanna ráthaithe taiscí sin an doiciméadacht iomlán a d’iarr siad ar an taisceoir chun scrúdú a dhéanamh ar na héilimh agus chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le haisíocaíocht.’;

(b)leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) de mhaolú ar mhír 9, ní dhearnadh aon idirbheart a bhaineann leis an taisce le linn na 24 mhí anuas (tá an cuntas díomhaoin), seachas i gcás ina bhfuil taiscí ag taisceoir freisin i gcuntas eile nach bhfuil díomhaoin’;

(ii)scriostar pointe (d);

(c)scriostar mír 8;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

‘9. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach ndearnadh aon idirbheart a bhaineann leis an taisce le linn na 24 mhí anuas, go bhféadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí tairseach a leagan síos maidir leis na costais riaracháin a thabhódh na scéimeanna ráthaithe taiscí sin agus íocaíocht den sórt sin á déanamh. Ní bheidh oibleagáid ar scéimeanna ráthaithe taiscí céimeanna gníomhacha a dhéanamh chun taisceoirí a aisíoc faoi bhun na tairsí sin. Áiritheoidh na Ballstáit go n‑aisíocfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí faoi bhun na tairsí sin i gcás ina n‑iarrfaidh na taisceoirí sin amhlaidh.’;

(9)cuirtear Airteagal 8a, 8b agus 8c seo a leanas isteach:



‘Airteagal 8a

Taiscí ar mó iad ná EUR 10 000 a aisíoc

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar mó na méideanna atá le haisíoc ná EUR 10 000, go n‑aisíocfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí trí bhíthin aistrithe creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

‘Airteagal 8b

Taiscí cistí cliant a chumhdach

1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar taiscí cistí cliant leis na scéimeanna ráthaithe taiscí i gcás inarb infheidhme na nithe seo a leanas uile:

(a)cuirtear taiscí den sórt sin faoina gcúram thar ceann cliant atá incháilithe do chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus do chuntas na gcliant sin;

(b)déantar taiscí den sórt sin chun cistí cliant a leithscaradh i gcomhréir le ceanglais choimirce a leagtar síos i ndlí an Aontais lena rialáiltear gníomhaíochtaí na neintiteas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d);

(c)tá na cliaint dá dtagraítear i bpointe (a) sainaitheanta nó insainaitheanta roimh an dáta a dhéanfaidh údarás riaracháin ábhartha cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(a) nó a thabharfaidh údarás breithiúnach rialú dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(b).

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an leibhéal cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) maidir le gach ceann de na cliaint a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo. De mhaolú ar Airteagal 7(1), i gcás ina mbeidh an méid in‑aisíoctha á chinneadh le haghaidh cliant aonair, ní chuirfidh an scéim ráthaithe taiscí na taiscí ciste comhiomláin a chuireann an cliant sin faoi chúram na hinstitiúide creidmheasa céanna san áireamh.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí taiscí faoi chumhdach a aisíoc leis an sealbhóir cuntais chun sochair gach cliaint, nó leis an gcliant go díreach.

4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)na mionsonraí teicniúla a bhaineann le sainaithint cliant le haghaidh na haisíocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 8;

(b)na critéir faoina bhfuil an aisíocaíocht le déanamh leis an sealbhóir cuntais chun sochair gach cliaint nó leis an gcliant go díreach, agus na himthosca ina bhfuil sí sin le déanamh;

(c)na rialacha chun éilimh iomadúla ar íocaíochtaí amach leis an tairbhí céanna a sheachaint.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh ÚBE na nithe seo a leanas uile san áireamh:

(a)sainiúlachtaí shamhail ghnó na gcineálacha éagsúla institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d);

(b)ceanglais shonracha dhlí an Aontais is infheidhme lena rialáiltear gníomhaíochtaí na ninstitiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d), maidir le cistí cliant a láimhseáil.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi ... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 8c

Aisíocaíochtaí a chur ar fionraí i gcás ábhair imní maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta

1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t‑údarás ainmnithe an scéim ráthaithe taiscí ar an eolas laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a gheobhaidh an t‑údarás ainmnithe an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 48(4) an [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 - COM(2021) 423 final] maidir le toradh na mbeart díchill chuí custaiméara dá dtagraítear in Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) .... [cuir isteach tagairt ghearr – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final]. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis a mhalartófar idir na t‑údarás ainmnithe agus an scéim ráthaithe taiscí teoranta don fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun go bhfeidhmeoidh an scéim ráthaithe taiscí a cúraimí agus a freagrachtaí faoin Treoir seo agus go n‑urramóidh an malartú faisnéise sin na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh scéimeanna ráthaithe taiscí an aisíocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8(1) ar fionraí i gcás ina mbeidh taisceoir, nó aon duine atá i dteideal suimeanna arna sealbhú ina chuntas, cúisithe i gcion a eascraíonn as an sciúradh airgid nó as maoiniú na sceimhlitheoireachta, nó a bhaineann leis an sciúradh airgid nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta, go dtí go dtabharfar breithiúnas na cúirte.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh scéimeanna ráthaithe taiscí an aisíocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8(1) ar fionraí ar feadh an fhaid chéanna a leagtar síos in Airteagal 20 de [cuir isteach tagairt ghearr – togra le haghaidh Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 - COM(2021) 423 final] i gcás ina dtabharfaidh an tAonad um Fhaisnéis Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir (AE) [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 - COM(2021) 423 final] fógra dóibh gur chinn an tAonad idirbheart a chur ar fionraí nó toiliú le dul ar aghaidh le hidirbheart den sórt sin a choinneáil siar, nó cuntas bainc nó íocaíochta a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) nó (2) de Threoir (AE) [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 - COM(2021) 423 final].

4. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh scéimeanna ráthaithe taiscí faoi dhliteanas i leith aon bheart a dhéantar i gcomhréir le treoracha an Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais. Is chun críocha na Treorach seo amháin a úsáidfidh scéimeanna ráthaithe taiscí aon fhaisnéis a fhaightear ón Aonad um Fhaisnéis Airgeadais.

*    Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

**    Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).’;

(10)in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2. Gan dochar do chearta a d’fhéadfadh a bheith acu faoin dlí náisiúnta, beidh an ceart seachaíochta ag scéimeanna ráthaithe taiscí a dhéanann íocaíochtaí faoi ráthaíocht laistigh de chreat náisiúnta maidir le cearta taisceoirí in imeachtaí foirceanta nó atheagrúcháin ar mhéid atá cothrom leis na híocaíochtaí a rinne na scéimeanna ráthaithe taiscí le taisceoirí. Scéimeanna ráthaithe taiscí a dhéanann ranníocaíocht i gcomhthéacs na n‑uirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 37(3), pointe (a) nó (b), de Threoir 2014/59/AE, nó i gcomhthéacs beart a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 11(5) den Treoir seo, beidh éileamh acu in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa iarmharaí i dtaca le haon chaillteanas a thabhaítear de thoradh aon ranníocaíocht a dhéantar le réiteach de bhun Airteagal 109 de Threoir 2014/59/AE nó leis an aistriú a rinneadh de bhun Airteagal 11(5) den Treoir seo i gceangal le caillteanais a d’íocfadh taisceoirí ina mhalairt de chás. Rangófar an t‑éileamh sin ar an leibhéal céanna le taiscí faoin dlí náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

3. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le taisceoirí nár aisíoc nó nár admhaigh an scéim ráthaithe taiscí a dtaiscí faoi na sprioc‑amanna a leagtar síos in Airteagal 8(1) agus (3), go mbeidh siad in ann aisíocaíocht a dtaiscí a éileamh laistigh de thréimhse 5 bliana.’;

(11)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach tar éis na chéad fomhíre:

‘I gcás ríomh an spriocleibhéil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is éard a bheidh sa tréimhse thagartha an tréimhse idir an 31 Nollaig roimh an dáta faoina bhfuil an spriocleibhéal le baint amach agus an dáta sin.

An acmhainn airgeadais atá ar fáil ag an scéim ráthaithe taiscí arna ranníoc ag comhaltaí go díreach leis, nó arna haisghabháil uathu, glan ó tháillí agus muirir riaracháin, ní chuirfidh na Ballstáit ach an méid sin san áireamh agus iad á chinneadh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an spriocleibhéal sin bainte amach ag an scéim ráthaithe taiscí. Áireofar san acmhainn airgeadais sin atá ar fáil ioncam infheistíochta a dhíorthaítear ó chistí arna ranníoc ag comhaltaí leis an scéim ráthaithe taiscí, ach ní áireofar inti aisíocaíochtaí nach n‑éilíonn taisceoirí incháilithe le linn imeachtaí íocaíochta amach, agus iasachtaí idir scéimeanna ráthaithe taiscí.’;

(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

‘I gcás inarb amhlaidh, tar éis don spriocleibhéal dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith bainte amach den chéad uair, go mbeidh an acmhainn airgeadais ar fáil, i ndiaidh eisíocaíocht cistí scéime ráthaithe taiscí i gcomhréir le hAirteagal 8(1), agus Airteagal 11(2), (3) agus (5), laghdaithe chuig méid is lú ná dhá thrian den spriocleibhéal, socróidh scéimeanna ráthaithe taiscí an ranníocaíocht thráthrialta ar leibhéal a thabharfaidh caoi dóibh an spriocleibhéal a bhaint amach laistigh de 6 bliana.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Féadfar ceangaltais íocaíochta a áireamh san acmhainn airgeadais atá ar fáil a chuireann an scéim ráthaithe taiscí san áireamh chun an spriocleibhéal dá dtagraítear i mír 2 a bhaint amach. An sciar iomlán de cheangaltais íocaíochta den sórt sin, ní bheidh sé níos mó ná 30 % den mhéid iomlán acmhainne airgeadais atá ar fáil a thiomsaítear i gcomhréir le mír 2.

Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir le ceangaltais íocaíochta lena leagtar síos critéir maidir le hinghlacthacht na gceangaltas sin;’

(c)scriostar mír 4;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7. Áiritheoidh na Ballstáit go leagfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí, údaráis ainmnithe nó údaráis inniúla an straitéis infheistíochta síos maidir leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéimeanna ráthaithe taiscí, agus go gcomhlíonfaidh an straitéis infheistíochta prionsabal an éagsúlaithe agus infheistíochtaí i sócmhainní ísealriosca,’;

(e)cuirtear an mhír 7a seo a leanas isteach:

‘7a. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais uile atá ar fáil dóibh nó cuid di a chur faoi chúram a mbainc ceannais náisiúnta nó a státchiste náisiúnta, ar choinníoll go ndéanfar an acmhainn airgeadais sin atá ar fáil a choimeád i gcuntas leithscartha agus go mbeidh sí ar fáil go héasca lena húsáid ag an scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12.’;

(f)scriostar mír 10;

(g)cuirtear isteach míreanna 11, 12 agus 13 seo a leanas:

‘11. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí, i gcomhthéacs na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(1), (2), (3) agus (5), úsáid a bhaint as na cistí ar de thionscnamh na socruithe cistiúcháin malartacha dá dtagraítear in Airteagal 10(9) iad nach maoinítear trí chistí poiblí, sula n‑úsáidfidh siad an acmhainn airgeadais atá ar fáil agus sula mbaileoidh siad na ranníocaíochtaí urghnácha dá dtagraítear in Airteagal 10(8). Áiritheoidh na Ballstáit nach mbainfidh scéimeanna ráthaithe taiscí úsáid as socruithe cistiúcháin malartacha a mhaoinítear trí chistí poiblí ach amháin mar rogha dheireanach.

12. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)an mhodheolaíocht le haghaidh ríomh na hacmhainne airgeadais atá ar fáil a cháilíonn don spriocleibhéal dá dtagraítear i mír 2, lena náirítear teorannú na hacmhainne airgeadais atá ar fáil do scéimeanna ráthaithe taiscí agus na catagóirí acmhainne airgeadais atá ar fáil a dhíorthaítear ó chistí ranníoctha;

(b)mionsonraí an phróisis chun an spriocleibhéal dá dtagraítear i mír 2 a bhaint amach tar éis do scéim ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil di a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 11.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 24 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

13. Faoin... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 24 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] forbróidh ÚBE treoirlínte chun cúnamh a thabhairt do scéimeanna ráthaithe taiscí maidir le héagsúlú na hacmhainne airgeadais atá ar fáil dóibh agus maidir leis an gcaoi a bhféadfadh scéimeanna ráthaithe taiscí infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní ísealriosca is infheidhme maidir leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéimeanna ráthaithe taiscí.’;

(12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

Airteagal 11

Úsáid cistí

1. Áiritheoidh na Ballstáit go n‑úsáidfidh scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh dá dtagraítear in Airteagal 10 go príomha chun taisceoirí a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 8 gan dochar d’úsáid acmhainne airgeadais breise arna bailiú ag scéimeanna ráthaithe taiscí chun sainorduithe seachas cumhdach taisceoirí faoin Treoir seo a chomhlíonadh.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go n‑úsáidfidh scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh chun réiteach institiúidí creidmheasa a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 109 de Threoir 2014/59/AE. Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh údaráis réitigh an méid atá scéim ráthaithe taiscí le ranníoc le maoiniú réitigh institiúidí creidmheasa, tar éis do na húdaráis réitigh sin dul i gcomhairle leis an scéim ráthaithe taiscí maidir le torthaí na tástála íoschostais dá dtagraítear in Airteagal 11e den Treoir seo.

3. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh a úsáid le haghaidh bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11a chun sochair institiúide creidmheasa i gcás inarb infheidhme na nithe seo a leanas uile:

(a)ní ann d’aon cheann de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 32(4) de Threoir 2014/59/AE;

(b)dheimhnigh an scéim ráthaithe taiscí nach mó costas an bhirt ná an costas a bhaineann le taisceoirí a aisíoc mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 11e;

(c)comhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagail 11a agus 11b.

4. I gcás ina n‑úsáidfear an acmhainn airgeadais atá ar fáil le haghaidh bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11a, déanfaidh na hinstitiúidí creidmheasa cleamhnaithe an acmhainn a úsáidtear le haghaidh bearta den sórt sin a sholáthar láithreach don scéim ráthaithe taiscí, i bhfoirm ranníocaíochtaí urghnácha i gcás inar gá, i gcás inarb infheidhme aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)tagann an gá le taisceoirí a aisíoc chun cinn agus is lú an acmhainn airgeadais atá ar fáil don scéim ráthaithe taiscí ná dhá thrian den spriocleibhéal;

(b)titeann an acmhainn airgeadais atá ar fáil don scéim ráthaithe taiscí faoi bhun 25 % den spriocleibhéal.

5. I gcás ina ndéanfar institiúid creidmheasa a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 32b de Threoir 2014/59/AE chun scor den mhargadh nó chun a gníomhaíocht baincéireachta a fhoirceannadh, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh a úsáid le haghaidh bearta malartacha chun rochtain taisceoirí ar a dtaiscí a chaomhnú, lena n‑áirítear aistriú sócmhainní agus dliteanas agus aistriú leabhair taiscí, ar choinníoll go ndeimhneoidh an scéim ráthaithe taiscí nach mó costas an bhirt ná an costas a bhaineann le taisceoirí a aisíoc mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 11e den Treoir seo agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 11d den Treoir seo.’;

(13)cuirtear Airteagal 11a go 11e seo a leanas isteach:

‘Airteagal 11a

Bearta coisctheacha

1. I gcás ina gceadóidh na Ballstáit go n‑úsáidfear cistí scéimeanna ráthaithe taiscí le haghaidh bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11(3), áiritheoidh na Ballstáit go n‑úsáidfidh na scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh chun na bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11(3) a dhéanamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)gabhann nóta, ina bhfuil bearta dá dtagraítear in Airteagal 11b, le hiarraidh institiúide creidmheasa ar mhaoiniú na mbeart coisctheach sin;

(b)chuaigh an institiúid creidmheasa i gcomhairle leis an údarás inniúil maidir leis na bearta atáthar ag brath a dhéanamh sa nóta dá dtagraítear in Airteagal 11b;

(c)tá úsáid beart coisctheach ag an scéim ráthaithe taiscí nasctha le coinníollacha arna bhforchur ar an institiúid creidmheasa a dtacaítear léi, arb é atá i gceist leo, ar a laghad, faireachán riosca níos déine ar an institiúid creidmheasa agus cearta fíorúcháin níos mó le haghaidh na scéime ráthaithe taiscí;

(d)braitheann úsáid beart coisctheach ag an scéim ráthaithe taiscí ar ghealltanais na hinstitiúide creidmheasa maidir le rochtain ar thaiscí faoi chumhdach a dhaingniú;

(e)tá na hinstitiúidí creidmheasa cleamhnaithe in ann na ranníocaíochtaí urghnácha a íoc i gcomhréir le hAirteagal 11(4);

(f)comhlíonann an institiúid creidmheasa a hoibleagáidí faoin Treoir seo agus tá aon bheart coisctheach roimhe seo aisíoctha go hiomlán aici.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córais faireacháin agus nósanna imeachta cinnteoireachta i bhfeidhm ag scéimeanna ráthaithe taiscí atá iomchuí do na bearta coisctheacha a roghnú agus a chur chun feidhme agus d’fhaireachán a dhéanamh ar rioscaí cleamhnaithe.

3. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí bearta coisctheacha a chur chun feidhme ach amháin i gcás inar dheimhnigh an t‑údarás ainmnithe gur comhlíonadh na coinníollacha uile a leagtar síos i mír 1. Tabharfaidh an t‑údarás ainmnithe fógra don údarás inniúil agus don údarás réitigh.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an scéim ráthaithe taiscí a úsáideann an acmhainn airgeadais atá ar fáil di le haghaidh bearta tacaíochta caipitil a sealúchais scaireanna nó ionstraimí caipitil eile san institiúid creidmheasa a dtacaítear léi a aistriú chuig an earnáil phríobháideach a luaithe a thabharfaidh imthosca tráchtála agus airgeadais caoi dó sin.

‘Airteagal 11b

Nóta a ghabhann le bearta coisctheacha

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh institiúidí creidmheasa a iarrann ar scéim ráthaithe taiscí bearta coisctheacha a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 11(3) nóta a chur faoi bhráid an údaráis inniúil le haghaidh comhairliúcháin ina mbeidh bearta a gheallann na hinstitiúidí creidmheasa sin a dhéanamh chun comhlíontacht leis na ceanglais mhaoirseachta is infheidhme maidir leis an institiúid creidmheasa lena mbaineann agus a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áirithiú nó a athbhunú.

2. Leis an nóta dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach gníomhaíochtaí chun an riosca go dtiocfaidh meathlú ar fhóntacht airgeadais staid chaipitil agus staid leachtachta na hinstitiúide creidmheasa a mhaolú agus na staideanna sin a neartú.

3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás beart tacaíochta caipitil, go sainaithneofar leis an nóta dá dtagraítear i mír 1 na bearta tiomsaithe caipitil uile is féidir a chur chun feidhme, lena n‑áirítear coimircí a chuireann cosc ar eis‑sreafaí cistí, measúnú réamhbhreathnaitheach ar leordhóthanacht caipitil, agus cinneadh ina dhiaidh sin maidir leis an easnamh caipitil is gá don scéim ráthaithe taiscí a chumhdach.

4. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás beart tacaíochta leachtachta, go ndéanfaidh an nóta dá dtagraítear i mír 1 foráil maidir le sceideal aisíocaíochta arna shonrú go soiléir ag an institiúid creidmheasa i ndáil le haon chiste a fhaightear mar chuid de na bearta coisctheacha.

5. I gcás inarb ábhartha, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta atáthar ag brath a dhéanamh sa nóta dá dtagraítear i mír 1 ailínithe leis an bplean caomhnaithe caipitil dá dtagraítear in Airteagal 142 de Threoir 2013/36/AE.

6. I gcás inarb infheidhme creat Státchabhair an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta atáthar ag brath a dhéanamh sa nóta dá dtagraítear i mír 1 ailínithe leis an bplean athstruchtúrúcháin a cheanglaítear ar an institiúid creidmheasa a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcreat sin.



Airteagal 11c

Plean feabhsúcháin

1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach gcomhlíonfaidh an institiúid creidmheasa na gealltanais a leagtar amach sa nóta dá dtagraítear in Airteagal 11b(1), nó i gcás nach n‑aisíocfaidh sí an méid arna ranníoc faoi na bearta coisctheacha tráth na haibíochta, go gcuirfidh an scéim ráthaithe taiscí an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi sin gan mhoill.

2. Sa chás dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go n‑iarrfaidh an t‑údarás inniúil ar an institiúid creidmheasa plean feabhsúcháin a chur faoina bhráid lena dtabharfar tuairisc ar na céimeanna a dhéanfaidh an institiúid creidmheasa chun comhlíontacht leis na ceanglais mhaoirseachta a áirithiú nó a athbhunú, chun a marthanacht fhadtéarmach a áirithiú agus chun an méid dlite arna ranníoc ag an scéim ráthaithe taiscí leis an mbeart coisctheach a aisíoc, chomh maith leis an tráthchlár a bhaineann leis.

3. I gcás nach mbeidh an t‑údarás inniúil sásta go bhfuil an plean feabhsúcháin inchreidte nó indéanta, ní dheonóidh an scéim ráthaithe taiscí aon bheart coisctheach breise don institiúid creidmheasa sin.

4. Faoin ... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 42 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] eiseoidh ÚBE treoirlínte lena socrófar eilimintí den nóta a ghabhann leis na bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11b(1) agus leis an bplean feabhsúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

‘Airteagal 11d

Trédhearcacht an phróisis margaithe i mbearta malartacha

1. I gcás ina gceadóidh na Ballstáit úsáid cistí scéime ráthaithe taiscí le haghaidh na mbeart malartach dá dtagraítear in Airteagal 11(5), áiritheoidh siad, i gcás ina maoineoidh scéimeanna ráthaithe taiscí bearta den sórt sin, go margóidh na hinstitiúidí creidmheasa na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais a bheartaíonn na hinstitiúidí creidmheasa sin a aistriú, nó go ndéanfaidh siad socruithe chun go margófar iad. Gan dochar do chreat Státchabhair an Aontais, comhlíonfaidh an margú sin na nithe seo a leanas uile:

(a)tá an margú oscailte trédhearcach agus ní thugtar bréigléiriú leis ar na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais atá le haistriú.

(b)níl an margú i bhfabhar ceannaitheoirí ionchasacha, ná ní dhéantar idirdhealú eatarthu leis, agus ní thugtar aon bhuntáiste do cheannaitheoir ionchasach leis;

(c)tá an margú saor ó aon choinbhleacht leasa;

(d)cuirtear san áireamh sa mhargú an gá le réiteach gasta a chur chun feidhme ina gcuirtear san áireamh an sprioc‑am a leagtar síos in Airteagal 3(2), an dara fomhír, maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(a);

(e)leis an margú, féachtar le praghas díola na sócmhainní, na gceart agus na ndliteanas lena mbaineann a uasmhéadú, a mhéid is féidir.

Airteagal 11e

Tástáil íoschostais

1. I gcás ina mbeidh breithniú á dhéanamh ar úsáid cistí scéime ráthaithe taiscí le haghaidh na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) nó (5), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí comparáid idir na nithe seo a leanas:

(a)an costas measta ar an scéim ráthaithe taiscí as na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) nó (5) a mhaoiniú;

(b)an costas measta a bhaineann le taisceoirí a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 8(1).

2. Chun an chomparáid dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)chun meastachán a dhéanamh ar na costais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), déanfaidh an scéim ráthaithe taiscí an tuilleamh agus na speansais oibríochtúla lena bhfuil coinne agus na caillteanais ionchasacha a bhaineann leis an mbeart a chur san áireamh;

(b)i gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus (5), beidh an meastachán a dhéanfaidh an scéim ráthaithe taiscí ar an gcostas a bhaineann le taisceoirí a aisíoc, dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), bunaithe ar luacháil shócmhainní agus dhliteanais na hinstitiúide creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Threoir 2014/59/AE agus ar an meastachán dá dtagraítear in Airteagal 36(8) den Treoir sin;

(c)i gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) agus (5), i gcás ina mbeidh meastachán á dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le taisceoirí a aisíoc, dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), cuirfidh an scéim ráthaithe taiscí san áireamh an cóimheas aisghabhálacha lena bhfuil coinne, an costas a bhaineann leis an scéim rathaithe taiscí a athshlánú a bheidh le híoc ag institiúidí creidmheasa ar comhaltaí den scéim ráthaithe taiscí iad, agus an costas breise a d’fhéadfadh a bheith ann as cistiú na scéime ráthaithe taiscí;

(d)i gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(3), i gcás ina mbeidh meastachán á dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le taisceoirí a aisíoc, déanfaidh an scéim ráthaithe taiscí an cóimheas measta aisghabhálacha arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 5, pointe b, a iolrú faoi 85 %.

3. An méid a úsáidtear chun réiteach institiúidí creidmheasa a mhaoiniú, dá dtagraítear in Airteagal 11(2), le haghaidh na mbeart coisctheach dá dtagraítear in Airteagal 11(3), nó le haghaidh na mbeart malartach dá dtagraítear in Airteagal 11(5), áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh sé níos mó ná an méid taiscí faoi chumhdach ag an institiúid creidmheasa.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla agus réitigh an fhaisnéis uile is gá le haghaidh na comparáide dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar don scéim ráthaithe taiscí. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an t‑údarás réitigh don scéim ráthaithe taiscí an costas measta a bhainfidh le ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí le réiteach institiúide creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

5. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)an mhodheolaíocht chun an costas measta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a ríomh, lena gcuirfear san áireamh gnéithe sonracha an bhirt lena mbaineann;

(b)an mhodheolaíocht chun an costas measta a bhaineann le taisceoirí a aisíoc dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) a ríomh, lena náirítear an cóimheas measta aisghabhálacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (c);

(c)an bealach lena gcuirfear san áireamh, sna modheolaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), i gcás inarb ábhartha, an tathrú ar luach airgid mar gheall ar thuilleamh a d’fhéadfaí a fhabhrú le himeacht ama.

Chun an costas measta a bhaineann le taisceoirí a aisíoc dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) a ríomh, i gcás bearta coisctheacha, cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) a thábhachtaí atá bearta coisctheacha do shainordú reachtúil agus conarthach na scéime ráthaithe taiscí, lena n‑áirítear SCI dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c).

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ...[Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;

(14)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar le scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí ag brainsí arna mbunú ag a mball‑institiúidí creidmheasa i mBallstáit eile agus taisceoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile ina bhfeidhmíonn a mball‑institiúidí creidmheasa an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar dá dtagraítear i dTeideal V, Caibidil 3, de Threoir 2013/36/AE.’;

(b)I mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh scéim ráthaithe taiscí de chuid an Bhallstáit baile cinneadh a dhéanamh taisceoirí a aisíoc go díreach ag brainsí, i gcás inarb infheidhme na nithe seo a leanas uile:

(i)tá ualach riaracháin agus costas na haisíocaíochta sin níos lú ná aisíocaíocht a dhéanfadh scéim ráthaithe taiscí de chuid an Bhallstáit baile;

(ii)áirithíonn scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile nach mbeidh na taisceoirí níos measa as ná mar a bheidís i gcás ina ndéanfaí an aisíocaíocht i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.’;

(c)cuirtear míreanna 2a agus 2b seo a leanas isteach:

‘2a. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh scéim ráthaithe taiscí de Bhallstát óstach, faoi réir comhaontú le scéim ráthaithe taiscí de Bhallstát baile, gníomhú mar an bpointe teagmhála do thaisceoirí ag institiúidí creidmheasa a fheidhmíonn an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar dá dtagraítear i dTeideal V, Caibidil 3, de Threoir 2013/36/AE, agus go n‑aisíocfar í as na costais a thabhaítear.

2b. Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 2a, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhaontú i bhfeidhm ag scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile agus scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit óstaigh lena mbaineann maidir le téarmaí agus coinníollacha íocaíochta amach, lena n‑áirítear maidir le cúiteamh as aon chostas a thabhaítear, an pointe teagmhála do thaisceoirí, an amlíne agus an modh aisíocaíochta.’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina scoirfidh institiúid creidmheasa de bheith ina comhalta de scéim ráthaithe taiscí agus go rachaidh sí isteach i scéim ráthaithe taiscí Ballstáit eile, nó má aistrítear cuid de ghníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa chuig scéim ráthaithe taiscí Ballstáit eile, go n‑aistreoidh an scéim ráthaithe taiscí tionscnaimh chuig an scéim ráthaithe taiscí fála na ranníocaíochtaí atá dlite don 12 mhí roimh an athrú ballraíochta le scéim ráthaithe taiscí, cé is moite de na ranníocaíochtaí urghnácha dá dtagraítear in Airteagal 10(8).’;

(e)cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

‘3a. Chun críocha mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit go n‑aistreoidh an scéim ráthaithe taiscí tionscnaimh an méid dá dtagraítear sa mhír sin laistigh de 1 mhí amháin ó athraítear ballraíocht le scéim ráthaithe taiscí.’;

(f)cuirtear mír 9 seo a leanas leis:

‘9. Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir leis an gcaoi a mbreathnaíonn ÚBE ar na róil atá ag scéimeanna ráthaithe taiscí baile agus óstaigh faoi seach dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, agus ina mbeidh liosta imthosca agus coinníollacha faoinar cheart scéim ráthaithe taiscí de chuid an Bhallstáit óstaigh a bheith in ann cinneadh a dhéanamh taisceoirí a aisíoc ag brainsí atá lonnaithe i mBallstát eile mar a leagtar síos i mír 2, an tríú fomhír.’;

(15)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

Airteagal 15

Brainsí d’institiúidí creidmheasa atá bunaithe i dtríú tíortha

Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí d’institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den Aontas Eorpach acu dul isteach i scéim ráthaithe taiscí laistigh dá gcríoch sula gceadóidh siad do na brainsí sin glacadh le taiscí incháilithe sna Ballstáit sin.’;

(16)cuirtear Airteagal 15a seo a leanas isteach:

Airteagal 15a

Ball‑institiúidí creidmheasa a bhfuil brainsí i dtríú tíortha acu

Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí ag brainsí arna mbunú i dtríú tíortha ag a mball‑institiúidí creidmheasa, seachas i gcás ina n‑ardóidh na scéimeanna ráthaithe taiscí sin, faoi réir fhormheas an údaráis ainmnithe, ranníocaíochtaí comhfhreagracha ó na hinstitiúidí creidmheasa lena mbaineann.’;

(17)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. An fhaisnéis atá de dhíth ar thaisceoirí iarbhír agus orthu siúd a bhfuil sé i gceist acu airgead a thaisceadh, a bhfuil gá léi ionas go sainaithneoidh siad na scéimeanna ráthaithe taiscí laistigh den Aontas a bhfuil an institiúid creidmheasa agus a brainsí ina gcomhaltaí iontu, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis sin do na taisceoirí sin. Déanfaidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis sin a sholáthar i bhfoirm bileoige faisnéise arna hullmhú i bhformáid as ar féidir sonraí a bhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachán maidir le hIonad Eorpach Ilfhreastail Aonair]***.

_______________________________________________

***    Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ll mm bb lena mbunaítear ionad Eorpach ilfhreastail aonair lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis ábhartha atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus le hinbhuanaitheacht.’;

(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na nithe seo a leanas uile sa bhileog faisnéise dá dtagraítear i mír 1:

(i)bunfhaisnéis maidir le hárachas taiscí;

(ii)sonraí teagmhála na hinstitiúide creidmheasa mar chéad phointe teagmhála le haghaidh faisnéis maidir le hinneachar na bileoige faisnéise;

(iii)an leibhéal cumhdaigh do thaiscí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus 6(2) in EUR nó, i gcás inarb ábhartha, in airgeadra eile;

(iv)eisiaimh is infheidhme ó chumhdach scéime ráthaithe taiscí;

(v)teorainn an chumhdaigh i ndáil le comhchuntais;

(vi)an tréimhse aisíocaíochta i gcás theip na hinstitiúide creidmheasa;

(vii)an tairgeadra aisíocaíochta;

(viii)sainaithint na scéime ráthaithe taiscí atá freagrach as taisce a chumhdach, lena náirítear tagairt dá suíomh gréasáin.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh institiúidí creidmheasa an bhileog faisnéise dá dtagraítear i mír 1 sula ndéanfaidh siad conradh maidir le glacadh le taiscí agus, ina dhiaidh sin, ar bhonn bliantúil. Admhóidh taisceoirí go bhfuarthas an bhileog faisnéise sin.’;

(d)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Áiritheoidh na Ballstáit go ndeimhneoidh institiúidí creidmheasa ar ráitis chuntais a dtaisceoirí gur taiscí incháilithe iad na taiscí, lena n‑áirítear tagairt don bhileog faisnéise dá dtagraítear i mír 1.’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil sa teanga a comhaontaíodh idir an taisceoir agus an institiúid creidmheasa nuair a osclaíodh an cuntas nó i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an brainse bunaithe.’;

(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

‘6. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcumascfar institiúidí creidmheasa, i gcás ina dtiontófar fochuideachtaí institiúide creidmheasa ina mbrainsí, nó i gcás oibríochtaí comhchosúla, go dtabharfaidh institiúidí creidmheasa fógra faoi sin dá dtaisceoirí 1 mhí amháin ar a laghad sula mbeidh éifeacht dlí leis an oibríocht sin, seachas má cheadaíonn an t‑údarás inniúil sprioc‑am níos giorra ar fhorais rúndachta tráchtála nó cobhsaíochta airgeadais. Míneofar san fhógra sin tionchar na hoibríochta ar an gcumhdach taisceoirí.

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh an cumhdach taisceoirí laghdaithe difear, de dheasca oibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, do thaisceoirí a bhfuil taiscí sna hinstitiúidí creidmheasa sin acu, go dtabharfaidh na hinstitiúidí creidmheasa lena mbaineann fógra do na taisceoirí sin go bhféadfaidh siad a dtaiscí incháilithe a tharraingt siar nó a aistriú chuig institiúid creidmheasa eile, lena n‑áirítear an t‑ús fabhraithe agus na sochair uile, gan aon phionós a bheith orthu suas le méid atá cothrom leis an gcumhdach a chailltear dá dtaiscí laistigh de 3 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

7. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh institiúidí creidmheasa a scoirfidh de bheith ina gcomhaltaí de scéim ráthaithe taiscí fógra dá dtaisceoirí faoi sin 1 mhí amháin ar a laghad sula scoirfidh.’;

(g)cuirtear an mhír 7a seo a leanas isteach:

‘7a. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis ainmnithe, scéimeanna ráthaithe taiscí agus institiúidí creidmheasa lena mbaineann in iúl do thaisceoirí, lena n‑áirítear trí fhoilseachán ar a suíomhanna gréasáin, go ndearna údarás breithiúnach ábhartha cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(a), nó gur thug údarás breithiúnach rialú dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(b).’;

(h)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n‑úsáidfidh taisceoir an bhaincéireacht idirlín, go soláthróidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis is gá a sholáthar dá dtaisceoirí faoin Treoir seo trí mheán leictreonach seachas má iarrann taisceoir an fhaisnéis sin a fháil ar páipéar.’;

(i)cuirtear mír 9 seo a leanas leis:

‘9. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)inneachar agus formáid na bileoige faisnéise dá dtagraítear i mír 1a;

(b)an nós imeachta atá le leanúint maidir le soláthar, agus inneachar, na faisnéise atá le soláthar sa chumarsáid a dhéanann údaráis ainmnithe, scéimeanna ráthaithe taiscí nó institiúidí creidmheasa le taisceoirí, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 8b agus 8c agus i míreanna 6, 7 agus 7a den Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán - cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;

(18)cuirtear an tAirteagal 16a seo a leanas isteach:

Airteagal 16a

Malartú faisnéise idir institiúidí creidmheasa agus scéimeanna ráthaithe taiscí, agus tuairisciú ag údaráis

1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh scéimeanna ráthaithe taiscí, tráth ar bith agus arna iarraidh sin dóibh, an fhaisnéis uile is gá óna n‑institiúidí creidmheasa cleamhnaithe chun ullmhú le haghaidh aisíocaíocht taisceoirí, i gcomhréir leis an gceanglas sainaitheantais a leagtar síos in Airteagal 5(4), lena n‑áirítear an fhaisnéis chun críocha Airteagal 8(5) agus Airteagail 8b agus 8c.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh institiúidí creidmheasa, arna iarraidh sin do scéim ráthaithe taiscí, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas a sholáthar don scéim ráthaithe taiscí ar comhalta inti iad:

(a)taisceoirí ag brainsí de chuid na ninstitiúidí creidmheasa sin;

(b)taisceoirí ar faighteoirí iad de sheirbhísí arna soláthar ag ball‑institiúidí ar bhonn na saoirse chun seirbhísí a sholáthar.

Léireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) na Ballstáit ina bhfuil na brainsí nó na taisceoirí sin lonnaithe.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh scéimeanna ráthaithe taiscí, faoin 31 Márta gach bliain, ÚBE ar an eolas faoin méid taiscí faoi chumhdach ina mBallstát an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin. Faoin dáta céanna, déanfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí an méid acmhainne airgeadais atá ar fáil dóibh freisin a thuairisciú do ÚBE, lena n‑áirítear an sciar d’acmhainní ar iasacht, ceangaltais íocaíochta agus an amlíne chun an spriocleibhéal a bhaint amach i gcás úsáid cistí scéime ráthaithe taiscí.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis ainmnithe fógra do ÚBE, gan moill mhíchuí, faoi na nithe seo a leanas uile:

(a)an cinneadh nach bhfuil taiscí ar fáil de bhun imthosca dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8);

(b)cé acu a cuireadh nó nár cuireadh aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) agus (5) i bhfeidhm agus an méid cistí a úsáideadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus Airteagal 11(2), (3) agus (5), agus, i gcás inarb infheidhme agus a luaithe a bheidh siad ar fáil, an méid cistí a aisghabhadh, an costas a leanann astu don scéim ráthaithe taiscí agus fad an phróisis aisghabhála;

(c)infhaighteacht agus úsáid socruithe cistiúcháin malartacha dá dtagraítear in Airteagal 10(3);

(d)aon scéim ráthaithe taiscí a scoir de bheith ag oibriú nó aon scéim ráthaithe taiscí nua a bunaíodh, lena náirítear de thoradh cumaisc agus de bharr gur thosaigh scéim ráthaithe taiscí ag oibriú ar bhonn trasteorann.

Beidh achoimre ina dtabharfar tuairisc ar na nithe seo a leanas uile san fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)staid tosaigh na hinstitiúide creidmheasa;

(b)na bearta ar úsáideadh cistí na scéime ráthaithe taiscí lena naghaidh;

(c)an méid acmhainne airgeadais atá ar fáil a bhfuil coinne lena úsáid.

5. Foilseoidh ÚBE an fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir le le míreanna 2 agus 3 agus an achoimre dá dtagraítear i mír 4 gan moill mhíchuí.

6. Údaráis réitigh na n‑institiúidí creidmheasa ar comhaltaí de scéimeanna ráthaithe taiscí iad, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh siad don scéim ráthaithe taiscí sin, arna iarraidh sin di, an achoimre ar phríomheilimintí na bpleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(7), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, ar choinníoll go bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin chun go bhfeidhmeoidh an scéim ráthaithe taiscí agus na húdaráis ainmnithe na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) agus (5) agus in Airteagal 11e.

7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun go sonrófar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint nuair a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 á soláthar, na teimpléid chun an fhaisnéis sin a sholáthar, agus chun go sonrófar inneachar na faisnéise sin tuilleadh, agus na cineálacha taisceoirí á gcur san áireamh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin …. [Oifig na bhFoilseachán - cuir isteach an dáta = 12 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;



(19)Scriostar Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Forálacha idirthréimhseacha

1.Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le brainsí d’institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den Aontas Eorpach acu agus a ghlacann le taiscí incháilithe i mBallstát an ... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = an dáta teachta i bhfeidhm], agus nach comhaltaí de scéim ráthaithe taiscí iad an dáta sin, go rachaidh siad isteach i scéim ráthaithe taiscí atá ag oibriú laistigh dá gcríocha faoin [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 3 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm]. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1(15) maidir leis na brainsí sin go dtí an [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 3 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm].

2.De mhaolú ar Airteagal 11(3) de Threoir 2014/49/AE, arna leasú leis an Treoir seo, agus Airteagail 11a, 11b, 11c agus 11e i ndáil le bearta coisctheacha, go dtí an [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 72 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], féadfaidh na Ballstáit a cheadú do SCI dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c), na forálacha náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 11(3) de Threoir 2014/49/AE chun feidhme a chomhlíonadh mar is infheidhme an [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Airteagal 3

Trasuí

1.Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin ... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón … [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Na forálacha is gá chun Airteagal 11(3), arna leasú leis an Treoir seo, agus Airteagail 11a, 11b, 11c agus 11e i ndáil le bearta coisctheacha a chomhlíonadh, áfach, cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón ... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 48 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.



Airteagal 5

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149–178).
(2)    Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n‑institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
(4)    Thairis sin, níl aon chomhaontú ann go fóill maidir le sásra inchreidte láidir lena soláthrófaí leachtacht i gcás réitigh san Aontas Baincéireachta, i gcomhréir leis an gcaighdeán atá socraithe ag piaraí idirnáisiúnta.
(5)    COM/2015/0586 final.
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1–337).
(7)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338–436).
(8)    Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht agus an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (BCA). An Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (leagan nuashonraithe 2014), Key Attributes of effective resolution regimes for financial institutions agus (2015), Principles on Loss-absorbing and Recapitalisation Capacity of Globally Systemically Important Banks (G-SIBs) in Resolution, Total Loss-absorbing Capacity (TLAC) Term Sheet .
(9)    An Grúpa Euro (30 Samhain 2020), Statement of the Eurogroup in inclusive format on the ESM reform and the early introduction of the backstop to the Single Resolution Fund [Ráiteas ón nGrúpa Euro i bhformáid chuimsitheach maidir le hathchóiriú SCE agus tabhairt isteach luath an chúlstop choitinn fhioscaigh don Chiste Réitigh Aonair]. Cuirfear chun feidhme le himeacht 2022‑2024 é. Tá an Comhaontú lena Leasaítear an Conradh lena mBunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach fós ag feitheamh lena dhaingniú, áfach.
(10)    An Coimisiún Eorpach (2020), Clár Oibre an Choimisiúin 2021 , roinn 2.3, lch. 5.
(11)    An Coimisiún Eorpach (2023), Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030 .
(12)    An Grúpa Euro (16 Meitheamh 2022), Eurogroup statement on the future of the Banking Union [Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir le todhchaí an Aontais Baincéireachta].
(13)    Parlaimint na hEorpa (2022), Tuarascáil ar an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2021 ; tá tuarascáil maidir leis an Aontas Baincéireachta eisithe ag Parlaimint na hEorpa gach bliain ó bhí 2015 ann.
(14)    Cruinniú Mullaigh Euro (24 Márta 2023), Statement of the Euro Summit, meeting in inclusive format [Ráiteas ón gCruinniú Mullaigh Euro, arna thionól i bhformáid chuimsitheach].
(15)    Féach roinn 3 maidir le saineolas a bhailiú agus a úsáid.
(16)    Communication from the Commission on the application, from 1 August 2013, of State aid rules to support measures in favour of banks in the context of the financial crisis [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Lúnasa 2013, rialacha Státchabhrach chun tacú le bearta i bhfabhar banc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais] (‘Teachtaireacht maidir le Baincéireacht’) Téacs atá ábhartha maidir le LEE; IO C 216, 30.7.2013, lch. 1–15.
(17)    Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE); IO L 337, 23.12.2015, lch. 35–127.
(18)    Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hionstraimí airgeadais agus cistí ar le cliaint iad a choimirciú, oibleagáidí um rialachas táirgí agus na rialacha is infheidhme maidir le táillí, coimisiúin nó sochair airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta ar bith a sholáthar nó a fháil (Téacs atá ábhartha maidir le LEE); IO L 87, 31.3.2017, lch. 500–517.
(19)    Féach breithiúnas an 21 Meitheamh 2018, An Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑5/16, EU:C:2018:483, lch. 49, lch. 69 agus an cásdlí a luaitear.
(20)    An Coimisiún Eorpach (2021), An tAontas Baincéireachta – athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime banc agus árachais taiscí .
(21)    ÚBE (mí Dheireadh Fómhair 2021), Call for advice regarding funding in resolution and insolvency [Iarraidh ar chomhairle maidir le cistiú i gcás réitigh agus dócmhainneachta]
(22)    ÚBE (mí Lúnasa 2019), Opinion of the EBA on the eligibility of deposits, coverage level and cooperation between deposit guarantee schemes [Tuairim ÚBE maidir le hincháilitheacht taiscí, leibhéal cumhdaigh agus comhar idir scéimeanna ráthaithe taiscí]
(23)    ÚBE (mí Dheireadh Fómhair 2019), Opinion of the EBA on deposit guarantee scheme payouts [Tuairim ÚBE maidir le híocaíochtaí amach ag scéimeanna ráthaithe taiscí].
(24)    ÚBE (mí Eanáir 2020), Opinion of the EBA on deposit guarantee scheme funding and uses of deposit guarantee funds [Tuairim ÚBE maidir le cistiú scéimeanna ráthaithe taiscí agus úsáidí cistí scéimeanna ráthaithe taiscí].
(25)    ÚBE (mí Dheireadh Fómhair 2021), Opinion of the EBA on the treatment of client funds under the DGSD [Tuairim ÚBE maidir le láimhseáil cistí cliant faoin Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí].
(26)    ÚBE (mí na Nollag 2021); Opinion of the EBA on the interplay between the EU Anti-Money Laundering Directive and the EU Deposit Guarantee Scheme Directive [Tuairim ÚBE maidir leis an idirghníomhú idir Treoir an Aontais maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac agus Treoir an Aontais maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí].
(27)    ÚBE (mí an Mhárta 2021); Opinion of the EBA on the risks of money laundering and terrorist financing affecting the EU’s financial sector [Tuairim ÚBE maidir le rioscaí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta a dhéanann difear d’earnáil airgeadais an Aontais].
(28)    CEPS (mí na Nollag 2016), Harmonising insolvency laws in the Euro area [Dlíthe dócmhainneachta sa limistéar euro a chomhchuibhiú]. https://www.ceps.eu/ceps-publications/harmonising-insolvency-laws-euro-area-rationale-stocktaking-and-challenges/
(29)    CEPS (mí na Samhna 2019), Options and national discretions under the DGSD and their treatment in the context of a European Deposit Insurance Scheme [Roghanna agus cumhachtaí lánroghnacha náisiúnta faoin Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí agus a láimhseáil i gcomhthéacs Scéime Eorpaí Árachais Taiscí].
(30)    Féach tagairtí do SWD(2023)226 (bileog achoimre ar an measúnú tionchair) agus SEC(2023)230 (tuairim dhearfach an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála).
(31)    Leis an togra, ceanglaítear ar na Ballstáit an Treoir seo a thrasuí ina ndlíthe náisiúnta laistigh de 18 mí ó theacht i bhfeidhm an togra seo.
(32)    An Coimisiún Eorpach, (mí Iúil 2021), Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council on the prevention of the use of the financial system for the purposes of money laundering or terrorist financing COM(2021) 420 final [Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta COM(2021) 420 final].
(33)    IO C , , lch. .
(34)    IO C , , lch. .
(35)    IO C , , lch. .
(36)    Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).
(37)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(38)    Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun gnó foras airgid leictreonaigh, gnó den sórt sin a shaothrú nó maoirsiú stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(39)    Treoir (AE) Uimh. 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(40)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(41)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(42)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).