AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 18.4.2023
COM(2023) 226 final
2023/0111(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2023) 230 final} - {SWD(2023) 225 final} - {SWD(2023) 226 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá na leasuithe atá beartaithe ar Threoir 2014/59/AE (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc nó BRRD) mar chuid den phacáiste reachtach maidir le bainistiú géarchéime agus árachas taiscí (CMDI) lena n‑áirítear freisin leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair nó an Rialachán SRA) agus ar Threoir 2014/49/AE (an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí nó DGSD).
Tá creat bainistíochta géarchéime an Aontais seanbhunaithe, mar sin féin, léiríodh le heachtraí a tharla roimhe maidir le teipeanna banc go bhfuil gá le feabhsuithe. Is é is aidhm d'athchóiriú CMDI tógáil ar chuspóirí an chreata bainistíochta géarchéime agus cur chuige níos comhsheasmhaí i leith réitigh a áirithiú, ionas gur féidir le haon bhanc anásta imeacht ón margadh ar bhealach ordúil, agus cobhsaíocht airgeadais agus airgead na gcáiníocóirí a chaomhnú mar aon le muinín taisceoirí a áirithiú an tráth céanna. Go háirithe, ní mór an creat réitigh atá ann cheana do bhainc bheaga agus mheánmhéide a neartú i ndáil lena dhearadh, lena chur chun feidhme agus, níos tábhachtaí fós, le dreasachtaí chun é a chur i bhfeidhm, ionas gur féidir é a chur i bhfeidhm ar bhealach níos inchreidte maidir leis na bainc sin.
Comhthéacs an togra
Tar éis na ngéarchéimeanna domhanda airgeadais agus fiachais cheannasaigh, rinne an tAontas gníomhaíochtaí cinntitheacha, i gcomhréir le hiarrataí idirnáisiúnta ar athchóiriú, chun earnáil airgeadais níos sábháilte a chruthú do mhargadh aonair an Aontais. Ar na gníomhaíochtaí sin bhí na huirlisí agus na cumhachtaí chun teip aon bhainc a láimhseáil ar bhealach ordúil agus cobhsaíocht airgeadais, airgeadas poiblí agus cosaint taisceoirí a chaomhnú an tráth céanna. Cruthaíodh an tAontas Baincéireachta in 2014 agus tá dhá cholún ann faoi láthair: Sásra Maoirseachta Aonair (SAM) agus Sásra Réitigh Aonair (SRA). Mar sin féin, tá an tAontas Baincéireachta fós neamhiomlán agus tá a thríú colún ar lár: scéim Eorpach árachais taiscí (SEÁT). Tá an togra ón gCoimisiún a glacadh an 24 Samhain 2015 chun SEÁT a bhunú ar feitheamh fós.
Tacaítear leis an Aontas Baincéireachta le Leabhar Rialacha Aonair, ina bhfuil trí ghníomh dlí de chuid an Aontais a glacadh in 2014 maidir le CMDI: BRRD, an Rialachán maidir le SRA agus DGSD. Sainítear in BRRD na cumhachtaí, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le téarnamh agus réiteach banc, lena n‑áirítear socruithe comhair trasteorann chun dul i ngleic le teipeanna baincéireachta trasteorann. Leis an Rialachán maidir le SRA, cruthaítear an Bord Réitigh Aonair (BRA) agus an Ciste Réitigh Aonair (CRA) agus sainítear cumhachtaí, rialacha agus nósanna imeachta maidir le réiteach na n‑eintiteas atá bunaithe san Aontas Baincéireachta, i gcomhthéacs an tsásra réitigh aonair. Áirithíonn DGSD cosaint taisceoirí agus leagtar amach na rialacha maidir le cistí SRT a úsáid. Tá feidhm ag BRRD agus DGSD sna Ballstáit uile agus tá feidhm ag an Rialachán maidir le SRA sna Ballstáit atá rannpháirteach san Aontas Baincéireachta.
I bpacáiste baincéireachta 2019, ar a dtugtar an ‘pacáiste laghdaithe riosca’ freisin, rinneadh athbhreithniú ar BRRD, ar an Rialachán SRA, ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) agus ar an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil (CRD). Ar na bearta sin bhí bhearta a thabhairt isteach lena gcomhlíontar gealltanais an Aontais a rinneadh i bhfóraim idirnáisiúnta chun céimeanna breise a ghlacadh chun an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche trí bhearta inchreidte laghdaithe riosca a chur ar fáil chun bagairtí ar chobhsaíocht airgeadais a mhaolú.
I mí na Samhna 2020, chomhaontaigh an Grúpa Euro go ndéanfadh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) cúlstop coiteann do CRA a chruthú agus a thabhairt isteach go luath.
‑An tathchóiriú ar bhainistiú géarchéime agus árachas taiscí (CMDI) agus na himpleachtaí níos leithne don Aontas Baincéireachta
In éineacht le hathchóiriú CMDI, an t‑Aontas Baincéireachta iomlán, lena n‑áirítear an tríú colún de, is é sin SEÁT, chuirfeadh sé leibhéal níos airde cosanta airgeadais agus muiníne ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí an Aontais, mhéadófaí muinín agus neartófaí an chobhsaíocht airgeadais de réir mar is gá don fhás, don rathúnas agus don athléimneacht san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus san Aontas i gcoitinne. Comhlánaíonn Aontas na Margaí Caipitil an tAontas Baincéireachta toisc go bhfuil an dá thionscnamh sin ríthábhachtach chun an dá aistriú (aistriú digiteach agus aistriú glas) a mhaoiniú, chun dlús a chur le ról idirnáisiúnta an euro agus chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais agus a iomaíochas a neartú i ndomhan atá ag athrú, go háirithe i bhfianaise na timpeallachta dúshlánaí eacnamaíche agus geopholaitiúla atá ann faoi láthair,.
I mí an Mheithimh 2022, níor aontaigh an Grúpa Euro le plean oibre níos cuimsithí chun an tAontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích trí SEÁT a chur san áireamh. Ina ionad sin, d'iarr an Grúpa Euro ar an gCoimisiún tograí reachtacha níos spriocdhírithe a chur síos chun athchóiriú a dhéanamh ar chreat an Aontais maidir le bainistiú géarchéime banc agus árachas taiscí náisiúnta.
San am céanna, ina tuarascáil bhliantúil 2021 maidir leis an Aontas Baincéireachta, leag Parlaimint na hEorpa béim freisin ar a thábhachtaí atá sé é a thabhairt i gcrích le bunú SEÁT agus thacaigh sí leis an gCoimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh maidir leis an athbhreithniú ar CMDI. Cé nár thacaigh an Grúpa Euro go sainráite le SEÁT, d'fhágfadh sé go mbeadh athchóiriú CMDI níos láidre agus chuirfeadh sé sineirgí agus gnóthachain éifeachtúlachta ar fáil don tionscal. Bheadh pacáiste reachtach den sórt sin ina chuid den chlár oibre chun an tAontas Baincéireachta a chomhlánú, mar a leagadh béim air i dTreoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen, inar meabhraíodh freisin an tábhacht a bhaineann le SEÁT, agus tacaíocht rialta ó cheannairí.
Cuspóirí an chreata bainistithe géarchéime agus árachais taiscí (CMDI)
Ceapadh creat CMDI chun na rioscaí a mhaolú agus chun bainistiú a dhéanamh ar theip institiúidí d'aon mhéid, agus ceithre chuspóir uileghabhálacha a bhaint amach san am céanna:
(i)cobhsaíocht airgeadais a chosaint agus, san am céanna, tadhlacht a sheachaint, agus ar an gcaoi sin smacht an mhargaidh agus leanúnachas feidhmeanna criticiúla don tsochaí a áirithiú,
(ii)feidhmiú an mhargaidh aonair a choimirciú agus cothrom iomaíochta a sholáthar ar fud an Aontais;
(iii)an leas is lú is féidir a bhaint as airgead na gcáiníocóirí agus an lúb bhainc-cheannasach a lagú agus
(iv)taisceoirí a chosaint agus muinín na dtomhaltóirí a áirithiú.
Foráiltear le creat CMDI do shraith ionstraimí is féidir a chur i bhfeidhm sna céimeanna éagsúla de shaolré na mbanc atá ar an anás: gníomhaíocht téarnaimh a fhaigheann tacaíocht ó phleananna téarnaimh arna ndréachtú ag na bainc; bearta luath-idirghabhála; bearta chun teip bainc a chosc; pleananna réitigh arna n‑ullmhú ag údaráis réitigh; agus bosca uirlisí réitigh nuair a dhearbhaítear go bhfuil banc i mbéal teipthe nó gur dócha dó teip agus nuair a mheastar go rachaidh sé chun leasa an phobail é a réiteach (seachas a leachtú). Ina theannta sin, na nósanna imeachta dócmhainneachta náisiúnta, atá lasmuigh de chreat CMDI, leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu maidir leis na bainc anásta sin ar féidir dul i ngleic leo faoi na nósanna imeachta náisiúnta sin, i gcás ina bhfuil siad níos oiriúnaí (seachas réiteach) agus nach ndéanann siad dochar do leas an phobail ná nach gcuireann siad cobhsaíocht airgeadais i mbaol.
Tá sé d'aidhm ag creat CMDI meascán d'fhoinsí cistiúcháin a chur ar fáil chun teipeanna a bhainistiú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de, cobhsaíocht airgeadais agus taisceoirí a chosaint agus smacht an mhargaidh a chothabháil, agus san am céanna an leas a bhaintear as an mbuiséad poiblí agus, ar deireadh, an costas ar cháiníocóirí a laghdú. Clúdaítear an costas a bhaineann leis an mbanc a réiteach ar dtús trí acmhainní an bhainc féin, i.e. leithdháiltear é ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe an bhainc féin (lena mbunaítear acmhainneacht ionsúcháin inmheánach an bhainc), rud a laghdaíonn an baol morálta agus a fheabhsaíonn smacht an mhargaidh. Más gá, is féidir é a chomhlánú le cistí ó scéimeanna ráthaithe taiscí (DGS) agus ó shocruithe maoinithe réitigh (cistí réitigh náisiúnta (RF) nó CRA san Aontas Baincéireachta). Maoinítear na cistí sin le ranníocaíochtaí ó na bainc uile gan beann ar a méid agus ar a samhail ghnó. San Aontas Baincéireachta, rinneadh na rialacha sin a chomhtháthú tuilleadh trína chur de chúram ar BRA bainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar CRA, a mhaoinítear le ranníocaíochtaí ón tionscal i mBallstáit rannpháirteacha an Aontais Baincéireachta. Ag brath ar an uirlis a chuirtear i bhfeidhm maidir le banc atá ar an anás (e.g. bearta coisctheacha, réamhchúraim, réitigh nó bearta malartacha faoi imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta) agus sonraí sonracha an cháis, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le rialú Státchabhrach le haghaidh idirghabhálacha ó RF/CRA, ó SRT nó ó chistiú poiblí ó bhuiséad an Stáit.
Cúiseanna leis an togra
D'ainneoin an dul chun cinn a rinneadh ó 2014, is annamh a chuirtear réiteach i bhfeidhm, go háirithe san Aontas Baincéireachta. Sainaithníodh réimsí le haghaidh tuilleadh neartaithe agus coigeartaithe a mhéid a bhaineann le creat CMDI ó thaobh ceapadh, cur chun feidhme de agus, thar aon rud eile, dreasachtaí chun é a chur i bhfeidhm.
Go dtí seo, is minic a baineadh úsáid as airgead na gcáiníocóirí (tarrthálacha) in ionad líontáin sábhála atá maoinithe ag an tionscal, amhail SRF san Aontas Baincéireachta nár úsáideadh go dtí seo i gcás réitigh, le go leor banc anásta, bainc bheaga nó mheánmhéide. Téann sé sin in aghaidh intinn an chreata mar a bunaíodh é tar éis na géarchéime airgeadais domhanda, a raibh aistriú paraidíme mór ó tharrtháil go tarrtháil inmheánach i gceist leis. Sa chomhthéacs sin, baineann deischostas nach beag leis na socruithe um maoiniú réitigh arna maoiniú ag na bainc uile.
Níor éirigh leis an gcreat réitigh príomhchuspóirí uileghabhálacha a bhaint amach go hiomlán, go háirithe feidhmiú mhargadh aonair an Aontais i mbaincéireacht a éascú trí chothrom iomaíochta a áirithiú, trí ghéarchéimeanna trasteorann agus intíre a láimhseáil agus trí úsáid airgid na gcáiníocóirí a íoslaghdú.
Dreasachtaí mí-ailínithe chun an uirlis cheart a roghnú chun bainc anásta a bhainistiú is cúis leis na cúiseanna go príomha, as a n‑eascraíonn neamhchur i bhfeidhm an chreata réitigh chomhchuibhithe, i bhfabhar bealaí eile. Is mar sin atá, ar an iomlán, mar gheall ar an lánrogha leathan atá sa mheasúnú ar leas an phobail, deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú i gcás réitigh gan caillteanais a fhorchur ar thaisceoirí, agus rochtain níos éasca ar chistiú i gcás nach bhfuil faoi réiteach. Má leantar an chonair sin, cruthaítear rioscaí ilroinnte agus torthaí fo-optamacha maidir le teipeanna na mbanc a bhainistiú, go háirithe i dtaca le bainc anásta bheaga agus mheánmhéide.
Leis an athbhreithniú ar chreat CMDI agus leis an idirghníomhaíocht le himeachtaí dócmhainneachta náisiúnta, ba cheart réitigh a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas an chreata a chuspóirí a bhaint amach go hiomlán agus a bheith oiriúnach don fheidhm do gach banc san Aontas gan beann ar a méid, ar a samhail ghnó agus ar astruchtúr dliteanais, fiú bainc bheaga agus mheánmhéide, más gá de réir na gcúinsí atá ann faoi láthair. Ba cheart é a bheith d'aidhm ag an athbhreithniú cur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha a áirithiú ar fud na mBallstát, cothrom iomaíochta níos fearr a chur ar fáil, agus cobhsaíocht airgeadais agus taisceoirí a chosaint san am céanna, tadhlacht a chosc agus úsáid airgid na gcáiníocóirí a laghdú. Go háirithe, ba cheart an creat a fheabhsú chun réiteach na mbanc beag agus meánmhéide a éascú mar a raibh coinne leis i dtosach, trí mhaolú a dhéanamh ar an tionchar ar chobhsaíocht airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar gan leas a bhaint as cistiú poiblí, agus trí mhuinín a dtaisceoirí a chothú, taisceoirí ar teaghlaigh agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad go príomha. I dtéarmaí mhéid na n‑athruithe atá beartaithe, ní fhéachann an t‑athbhreithniú ar CMDI leis an gcreat reatha a ollchóiriú ach le feabhsuithe a bhfuil géarghá leo a dhéanamh i roinnt príomhréimsí chun go n‑oibreoidh an creat mar a bhí beartaithe do na bainc uile.
Achoimre ar eilimintí athchóirithe an bhainistithe géarchéime agus an árachais taiscí (CMDI)
Cumhdaíonn na leasuithe a áirítear i bpacáiste CMDI raon gnéithe beartais agus is freagairt chomhleanúnach iad ar na fadhbanna a sainaithníodh:
·raon feidhme an réitigh a leathnú trí athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú ar leas an phobail, nuair a bhaintear amach cuspóirí an chreata, e.g. cobhsaíocht airgeadais, airgead na gcáiníocóirí agus muinín taisceoirí a chosaint ar bhealach níos fearr ná imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta;
·an cistiú le linn réitigh a neartú trí acmhainneacht ionsúcháin caillteanais inmheánach na n‑institiúidí a chomhlánú, arb í an chéad líne chosanta i gcónaí í, le húsáid cistí SRT i gcás réitigh chun cabhrú le rochtain a fháil ar chistí réitigh gan caillteanais a fhorchur ar thaisceoirí i gcás inarb iomchuí, faoi réir coinníollacha agus coimircí;
·rangú éileamh i gcás dócmhainneachta a leasú agus tosaíocht ghinearálta do taisceoirí a áirithiú le tosaíocht amháin do thaisceoirí, agus é d'aidhm leis sin cistí SRT a úsáid i mbearta seachas eisíocaíocht taiscí cumhdaithe;
·comhchuibhiú a dhéanamh ar an tástáil ar an gcostas is lú do gach cineál idirghabhála SRT lasmuigh d'íocaíocht taiscí cumhdaithe i gcás dócmhainneachta chun cothrom iomaíochta a fheabhsú agus comhsheasmhacht torthaí a áirithiú;
·an creat luath-idirghabhála a shoiléiriú trí fhorluí idir luath-idirghabháil agus bearta maoirseachta a bhaint, deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir leis na coinníollacha is infheidhme agus comhar idir údaráis inniúla agus údaráis réitigh a éascú;
·truicear tráthúil réitigh a áirithiú; agus
·cosaint do thaisceoirí a fheabhsú (e.g. feabhsuithe spriocdhírithe ar fhorálacha SRTanna maidir le raon feidhme na cosanta agus an chomhair trasteorann, roghanna náisiúnta a chomhchuibhiú, agus feabhas a chur ar thrédhearcacht maidir le stóinseacht airgeadais SRTanna).
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Moltar sa togra leasuithe ar an reachtaíocht atá ann cheana ionas go mbeidh sí go hiomlán comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá ann cheana i réimse an bhainistithe géarchéime banc agus an árachais taiscí. Is é is aidhm don athbhreithniú ar BRRD/an Rialachán maidir le SRA agus ar DGSD feidhmiú an chreata a fheabhsú ar bhealach a sholáthraíonn na huirlisí d'údaráis réitigh ionas go mbeidh siad in ann teip aon bhainc a láimhseáil, gan beann ar mhéid agus ar shamhail ghnó, chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, taisceoirí a chosaint, agus chun dul ar iontaoibh airgead na gcáiníocóirí a sheachaint.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Cuireann an togra leis na hathchóirithe a rinneadh tar éis na géarchéime airgeadais as ar tháinig an tAontas Baincéireachta agus an leabhar rialacha aonair do bhainc uile an Aontais.
Tá an togra ina chuidiú le reachtaíocht airgeadais an Aontais a neartú, reachtaíocht a glacadh le deich mbliana anuas chun rioscaí san earnáil airgeadais a laghdú agus bainistiú ordúil teipeanna banc a áirithiú. Is é an aidhm atá ann an córas baincéireachta a dhéanamh níos láidre agus, ar deireadh, maoiniú inbhuanaithe na gníomhaíochta eacnamaíche san Aontas a chur chun cinn. Tá sé go hiomlán comhsheasmhach le bunspriocanna an Aontais maidir le cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn, tacaíocht ó cháiníocóirí i réiteach banc a laghdú, agus muinín taisceoirí a chaomhnú. Tá na cuspóirí sin fabhrach d'ardleibhéal iomaíochais agus cosanta do thomhaltóirí.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Leasaítear leis an togra rialachán atá ann cheana, an Rialachán SRA, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm feabhsaithe na n‑uirlisí atá ar fáil cheana féin sa chreat um réiteach banc, soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le réiteach, rochtain ar líontáin sábhála a éascú má theipeann na bainc agus feabhas a chur ar shoiléireacht agus ar chomhsheasmhacht na rialacha cistiúcháin. Trí cheanglais chomhchuibhithe a bhunú maidir le creat CMDI a chur i bhfeidhm ar bhainc sna Ballstáit atá rannpháirteach in SRA, laghdaíonn an togra go mór an baol go mbeidh rialacha náisiúnta éagsúla sna Ballstáit sin, rud a d'fhéadfadh iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh.
Dá bhrí sin, is ionann bunús dlí an togra agus bunús dlí an ghnímh reachtaigh bhunaidh, is é sin Airteagal 114 CFAE. Ceadaítear leis an bhforáil sin bearta atá le glacadh chun forálacha náisiúnta a chomhfhogasú arb é is cuspóir dóibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tagann an bunús dlí laistigh de réimse an mhargaidh inmheánaigh, a mheastar a bheith ina inniúlacht roinnte, mar a shainítear in Airteagal 4 CFAE. Formhór na ngníomhaíochtaí a bhreithnítear, nuashonruithe agus leasuithe is ea iad ar dhlí an Aontais atá ann cheana, agus dá réir sin, baineann siad le réimsí ina bhfuil inniúlacht an Aontais feidhmithe cheana féin agus nach bhfuil sé beartaithe aige scor d'fheidhmiú na hinniúlachta sin.
Ós rud é go bhfuil cuspóirí na mbeart atá molta dírithe ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann cheana a fhorlíonadh, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais seachas trí thionscnaimh náisiúnta éagsúla. Go háirithe, leagadh amach an réasúnaíocht do chóras réitigh an Aontais atá sonrach agus comhchuibhithe do na bainc uile san Aontas nuair a bunaíodh an creat in 2014. Is léiriú a phríomhghnéithe ar threoir idirnáisiúnta agus ‘Príomhthréithe na gCóras Réitigh Éifeachtach d’Institiúidí Airgeadais’ a ghlac an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais i ndiaidh na géarchéime airgeadais domhanda in 2008.
Tá prionsabal na coimhdeachta leabaithe sa chreat réitigh atá ann cheana. Ní féidir leis na Ballstáit a chuspóirí, is é sin le rá comhchuibhiú na rialacha agus na bpróiseas réitigh, a bhaint amach go leordhóthanach. Ina ionad sin, mar gheall ar na héifeachtaí a bheadh ag teip aon institiúide san Aontas Eorpach ar fad, is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais trí ghníomhaíocht an Aontais.
Ba é rún an chreata réitigh atá ann cheana bosca coiteann uirlisí a chur ar fáil i gcónaí chun déileáil go héifeachtach le haon teip bainc, gan beann ar a mhéid, ar a shamhail ghnó nó ar a shuíomh, ar bhealach ordúil, i gcás inar gá sin chun cobhsaíocht airgeadais an Aontais, an Bhallstáit nó an réigiúin ina n‑oibríonn sé a chaomhnú, agus chun taisceoirí a chosaint gan brath ar chistí poiblí.
Leasaítear leis an togra forálacha áirithe de chuid an Rialacháin maidir le SRA chun an creat atá ann cheana a fheabhsú, go háirithe maidir lena chur i bhfeidhm maidir le bainc bheaga agus mheánmhéide, mar d'fhéadfadh sé nach mbainfeadh sé a chuspóirí amach murach sin.
D'fhéadfadh sé go mbeadh tionchar forleathan ar bhonn trasteorann ag rioscaí do chobhsaíocht airgeadais, do mhuinín taisceoirí nó d'úsáid airgeadais phoiblí i mBallstát amháin agus d'fhéadfadh siad cur le hilroinnt an mhargaidh aonair ar deireadh. An easpa gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais do bhainc nach bhfuil chomh suntasach céanna agus an t‑eisiamh a mheastar a bheith acu ó líontán sábhála frithpháirtithe, d'fhéadfaidís difear a dhéanamh dá gcumas rochtain a fháil ar mhargaí agus taisceoirí a mhealladh i gcomparáid le bainc shuntasacha. Ina theannta sin, dhéanfadh réitigh náisiúnta chun dul i ngleic le teipeanna bainc an nasc idir na bainc agus fiachas ceannasach a dhéanamh níos measa agus bhainfeadh siad an bonn den smaoineamh taobh thiar den Aontas Baincéireachta aistriú paraidíme a thabhairt isteach ó tharrtháil go tarrtháil inmheánach.
Ní fhorordófar, trí ghníomhú ar leibhéal an Aontais chun an creat réitigh a athchóiriú, an straitéis ba cheart a ghlacadh nuair a theipeann ar na bainc. Fanfaidh an rogha idir straitéis/uirlis réitigh chomhchuibhithe de chuid an Aontais agus an straitéis leachtaithe náisiúnta faoi rogha an údaráis réitigh ar bhonn an mheasúnaithe ar leas an phobail. Tá sé sin curtha in oiriúint do gach cás teipe ar leith agus níl sé á stiúradh go huathoibríoch ag breithnithe, cuir i gcas, méid na mbanc, for-rochtain gheografach a ghníomhaíochtaí agus struchtúr na hearnála baincéireachta. Go praiticiúil, fágann sé sin gurb é an measúnú ar leas an phobail an tástáil choimhdeachta san Aontas.
Dá bhrí sin, cé gur gá úsáid a bhaint as ar bhonn cás ar chás chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar réiteach ar bhanc, tá sé ríthábhachtach go gcaomhnófar an fhéidearthacht go rachadh gach banc faoi réiteach agus go mbeidh na dreasachtaí cearta ag na húdaráis réitigh réiteach a roghnú, mar gheall ar chineál sistéamach féideartha na n‑institiúidí uile, mar a fhoráiltear cheana sa Rialacháin SRA.
Féadfaidh na Ballstáit leachtú a mheas i gcónaí do na bainc bheaga nó mheánmhéide faoin gcreat athchóirithe. I ndáil leis sin, tá córais dócmhainneachta náisiúnta (nach bhfuil comhchuibhithe) fós i bhfeidhm nuair a mheastar gur rogha níos fearr ar réiteach é nós imeachta dócmhainneachta. Caomhnaítear contanam na n‑uirlisí ar an mbealach sin, lena n‑áirítear iad siúd atá lasmuigh den réiteach, amhail: bearta coisctheacha agus réamhchúraim; uirlisí réitigh; bearta malartacha laistigh d'imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta agus eisíocaíocht na dtaiscí cumhdaithe i gcás leachtú ilroinnte.
Dá bhrí sin, meastar gurb é leasú an Rialacháin maidir le SRA an rogha is fearr. Tá an chothromaíocht cheart ann idir rialacha a chomhchuibhiú agus solúbthacht náisiúnta a choinneáil ar bun, i gcás inarb ábhartha. Leis na leasuithe, dhéanfaí cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an chreata réitigh agus cóineasú cleachtas na n‑údarás maoirseachta agus réitigh a chur chun cinn, chomh maith le cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí baincéireachta. Tá tábhacht ar leith leis sin san earnáil bhaincéireachta, áit a mbíonn go leor institiúidí ag feidhmiú ar fud mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh. Ní bhainfí amach na cuspóirí sin le rialacha náisiúnta.
•Comhréireacht
Faoi phrionsabal na comhréireachta, níor cheart inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais a bheith os cionn a bhfuil riachtanach chun a chuid cuspóirí a bhaint amach ar shlí atá comhsheasmhach le cuspóirí foriomlána na gConarthaí.
Tá comhréireacht ina cuid dhílis den mheasúnú tionchair atá ag gabháil leis an togra. Rinneadh measúnú aonair ar na leasuithe atá beartaithe de réir chuspóir na comhréireachta. Ina theannta sin, rinneadh measúnú ar easpa comhréireachta na rialacha atá ann cheana i roinnt réimsí agus rinneadh anailís ar roghanna sonracha arb é is aidhm dóibh an t‑ualach riaracháin agus na costais chomhlíonta a laghdú d'institiúidí beaga, go háirithe trí dheireadh a chur leis an oibleagáid an t‑íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (MREL) a chinneadh le haghaidh cineálacha áirithe eintiteas.
Ní hionann na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar na socruithe um maoiniú réitigh faoin gcreat reatha agus idirdhealú ar fhorais comhréireachta bunaithe ar an straitéis réitigh, ar mhéid agus/nó ar shamhail ghnó. Braitheann cumas na mbanc na coinníollacha rochtana ar an socrú maoiniúcháin réitigh a chomhlíonadh ar stoc na n‑ionstraimí ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu atá ar fáil ina gcláir chomhardaithe tráth na hidirghabhála. Mar sin féin, tugann an fhianaise le fios go mbíonn deacrachtaí struchtúracha ag roinnt banc (beag agus meánmhéide) i margaí áirithe maidir le ICDI a fhorbairt. I gcás na mbanc sin, i bhfianaise a struchtúir shonraigh dliteanais (go háirithe iad siúd a bhíonn ag brath go mór ar chistiú taiscí), níor mhór tarrtháil inmheánach a dhéanamh ar thaiscí áirithe chun rochtain a fháil ar an socrú um maoiniú réitigh, rud a d'fhéadfadh a bheith ina chúis imní maidir le cobhsaíocht airgeadais agus indéantacht oibríochtúil i bhfianaise an tionchair eacnamaíoch agus shóisialta i roinnt Ballstát. Leis na leasuithe atá beartaithe (e.g. rialacha soiléire maidir leis an ICDI a chur in oiriúint do straitéisí réitigh aistrithe, lena dtugtar isteach tosaíocht do thaisceoirí aonchisealacha agus lena gceadaítear do chistí SRT an bhearna a dhúnadh ó thaobh rochtain a fháil ar an socrú maoiniúcháin réitigh), chuirfí feabhas ar an rochtain ar chistiú i gcás réitigh. Thabharfaí isteach leo freisin níos mó comhréireachta do bhainc a réiteofaí faoi straitéisí aistrithe, trí chosaint taiscí ar tharrtháil inmheánach i gcás inarb iomchuí a cheadú, agus trí aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar fhadhb mhaoiniú an réitigh gan na coinníollacha íosta tarrthála inmheánacha chun rochtain a fháil ar an socrú maoiniúcháin réitigh a lagú.
•An rogha ionstraime
Tá sé beartaithe na bearta a chur chun feidhme trí Rialachán SRA a leasú. Leis na bearta atá molta tagraítear d'fhorálacha atá ann cheana, nó déantar iad a fhorbairt a thuilleadh, forálacha atá fite fuaite leis an ionstraim dlí sin.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ceapadh creat CMDI chun teip institiúidí d'aon mhéid nó d'aon samhail ghnó a sheachaint agus a bhainistiú. Forbraíodh é chun cobhsaíocht airgeadais a chothabháil, taisceoirí a chosaint, úsáid tacaíochta poiblí a íoslaghdú, baol morálta a theorannú, agus an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais a fheabhsú. Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht gur cheart, ar an iomlán, creat CMDI a fheabhsú ar bhealaí áirithe, amhail cosaint níos fearr a thabhairt d'airgead na gcáiníocóirí.
Go háirithe, léirítear sa mheastóireacht nach leor fós an deimhneacht dhlíthiúil agus an intuarthacht maidir le teipeanna bainc a bhainistiú. Mar shampla, d'fhéadfadh difríocht mhór a bheith idir cinneadh na n‑údarás poiblí maidir le dul i muinín uirlisí réitigh nó dócmhainneachta ar fud Bhallstáit an Aontais. Ina theannta sin, ní bhíonn líontáin sábhála arna maoiniú ag an tionscal éifeachtach i gcónaí agus leanann coinníollacha rochtana éagsúla ar chistiú i gcás réitigh agus i gcas nach bhfuil faoi réiteach. Bíonn tionchar acu sin ar dhreasachtaí agus cruthaíonn siad deiseanna arbatráiste nuair a dhéantar cinntí maidir leis an uirlis bainistithe géarchéime atá le húsáid. Ar deireadh, tá cosaint taisceoirí míchothrom agus neamhréireach ar fud na mBallstát i roinnt réimsí.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinne an Coimisiún malartuithe forleathana trí uirlisí comhairliúcháin éagsúla chun teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann, chun tuiscint níos fearr a chur ar conas a d'fheidhmigh an creat agus ar an scóip a d'fhéadfaí a fheabhsú.
In 2020, sheol an Coimisiún comhairliúchán maidir le measúnú tionchair tosaigh comhcheangailte agus treochlár a bhí dírithe ar mhionanailís a sholáthar ar ghníomhaíochtaí atá le déanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag roghanna éagsúla beartais ar an ngeilleagar, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol.
In 2021, sheol an Coimisiún dhá chomhairliúchán: comhairliúchán spriocdhírithe poiblí chun aiseolas a lorg ó pháirtithe leasmhara maidir leis an gcaoi ar cuireadh creat CMDI i bhfeidhm agus tuairimí maidir le modhnuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh. Bhí an comhairliúchán spriocdhírithe, ina raibh 39 gceist theicniúla ghinearálta agus shonracha, ar fáil i mBéarla amháin agus bhí sé oscailte ón 26 Eanáir go dtí an 20 Aibreán 2021. Bhí 10 gceist ghinearálta sa chomhairliúchán poiblí, a bhí ar fáil i dteangacha uile an Aontais agus a bhí ar siúl le linn na tréimhse aiseolais ón 25 Feabhra go dtí an 20 Bealtaine 2021.
Ina theannta sin, d'óstáil an Coimisiún comhdháil ardleibhéil an 18 Márta 2021 ag teacht le chéile ionadaithe ó na geallsealbhóirí ábhartha uile. Ag an gcomhdháil, deimhníodh an tábhacht a bhaineann le creat éifeachtach ach leagadh béim freisin ar na laigí atá ann faoi láthair.
Chuaigh foireann an Choimisiúin i gcomhairle arís agus arís eile leis na Ballstáit maidir le cur chun feidhme chreat CMDI ag an Aontas agus maidir le hathbhreithnithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar BRRD/an Rialachán maidir le SRA agus DGSD i gcomhthéacs Shainghrúpa an Choimisiúin maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas. I gcomhthráth leis an bplé a rinneadh sa Ghrúpa Saineolaithe, cumhdaíodh na saincheisteanna ar tugadh aghaidh orthu sa togra seo i gcruinnithe chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, is é sin le rá Meitheal na Comhairle um Sheirbhísí Airgeadais agus an tAontas Baincéireachta agus an Mheitheal Ardleibhéil maidir le SEÁT.
Ina theannta sin, le linn chéim ullmhúcháin na reachtaíochta, bhí go leor cruinnithe (fisiceach agus fíorúil) ag foireann an Choimisiúin le hionadaithe ón tionscal baincéireachta agus le páirtithe leasmhara eile.
Ionchorpraíodh torthaí na dtionscnamh thuasluaite uile in ullmhú an togra seo agus an measúnú tionchair a ghabhann leis. Tá fianaise shoiléir iontu faoin ngá atá leis na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta agus a thabhairt i gcrích chun cuspóirí an chreata a bhaint amach ar an mbealach is fearr. Tá achoimrí ar na comhairliúcháin sin agus ar an gcomhdháil phoiblí in Iarscríbhinn 2 den mheasúnú tionchair.
•Bailiú agus úsáid saineolais
D'eisigh an Coimisiún glao ar chomhairle don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) maidir le cistiú i gcás dócmhainneachta agus réitigh. D'iarr an Coimisiún comhairle theicniúil spriocdhírithe chun: (i) measúnú a dhéanamh ar an deacracht a tuairiscíodh do roinnt banc beag agus meánmhéide ionstraimí airgeadais leordhóthanacha a eisiúint lena ndéantar caillteanas a ionsú; (ii) scrúdú a dhéanamh ar na ceanglais reatha maidir le rochtain a fháil ar fhoinsí cistiúcháin atá le fáil sa chreat reatha; agus (iii) measúnú a dhéanamh ar thionchair chainníochtúla na roghanna beartais éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ann i réimse an chistithe i gcás réitigh agus dócmhainneachta agus ar a éifeachtaí atá siad ó thaobh na cuspóirí beartais a bhaint amach. Thug ÚBE freagra i mí Dheireadh Fómhair 2021.
Bhain an Coimisiún tairbhe freisin as an tuairim a chuir an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ ar fáil i mí na Nollag 2021. Leagadh béim sa tuairim ar an ngá atá le creat CMDI a chur in oiriúint dá bhfeidhm do na bainc uile, ar bhealach comhréireach, agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige sin ar mhuinín na dtaisceoirí agus ar chobhsaíocht airgeadais á gcur san áireamh.
•Measúnú tionchair
Rinneadh measúnú tionchair cuimsitheach ar an togra agus cuireadh san áireamh ann an t‑aiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara agus an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna idirnasctha éagsúla a fhaightear i dtrí théacs dlí éagsúla.
Rinneadh réimse roghanna beartais a mheas sa mheasúnú tionchair chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh i gceapadh agus i gcur chun feidhme an chreata bainistithe géarchéime agus árachais taiscí. I bhfianaise na nasc láidir idir an bosca uirlisí bainistithe géarchéime agus an cistiú a ghabhann leis, breithníodh sa mheasúnú tionchair pacáistí de roghanna beartais lena gcruinnítear gnéithe deartha ábhartha de chreat CMDI le chéile chun cur chuige cuimsitheach agus comhsheasmhach a áirithiú. Roinnt athruithe atá beartaithe maidir le bearta luath-idirghabhála, na truicir chun a chinneadh an bhfuil banc i mbéal teipthe nó ar dócha dó teip, agus comhchuibhiú gnéithe áirithe de TSRT, is gnéithe coiteanna iad ar fud na bpacáistí rogha a breithníodh.
Tá na pacáistí éagsúla de roghanna dírithe den chuid is mó ar anailís a dhéanamh ar raon iomlán na ndeiseanna chun raon feidhme an réitigh a leathnú go hinchreidte agus go héifeachtach, ó thaobh leibhéal na huaillmhéine i dtaca leis an gcistiú a dhéanamh níos inrochtana. Go háirithe, déantar breithniú sna roghanna beartais ar úsáid chistí SRT i gcás réitigh a éascú, lena n‑áirítear iad a úsáid chun a bheith ina ‘ndroichead’ faoin gcoimirciú tástála ar an gcostas is lú, chun feabhas a chur ar an gcomhréireacht maidir le rochtain a fháil ar na socruithe maoiniúcháin réitigh do bhainc, go háirithe bainc bheaga agus mheánmhéide atá faoi réir straitéisí aistrithe le himeacht ón margadh. Ina theannta sin, féachtar sna roghanna beartais ar an deis cistí SRT a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla faoi thástáil chomhchuibhithe ar an gcostas is lú le haghaidh bearta seachas eisíocaíocht taiscí cumhdaithe, lena bhféachtar le feabhas a chur ar chomhoiriúnacht na ndreasachtaí do na húdaráis réitigh agus an uirlis is iomchuí á roghnú acu chun géarchéim a bhainistiú. Má dhéantar cistí SRT a dhíghlasáil do bhearta nach bearta le haghaidh eisíocaíocht taiscí faoi chumhdach, braitheann sé ar cén rang ina bhfuil SRT in ordlathas na n‑éileamh. Dá bhrí sin, déantar iniúchadh sna roghanna beartais freisin ar chásanna éagsúla maidir le tosaíocht do taisceoirí a chomhchuibhiú.
I bhfianaise na n‑eilimintí sin, déantar iniúchadh sa mheasúnú tionchair ar thrí phacáiste roghanna beartais a d'fhéadfadh torthaí a bhaint amach a bhfuil raon éagsúil uaillmhéine ag baint leo. Féachann gach pacáiste le creat dreasacht‑bhunaithe a chruthú trí chur i bhfeidhm uirlisí réitigh a spreagadh ar bhealach níos comhsheasmhaí, trí dheimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a mhéadú, cothrom iomaíochta a bhaint amach, rochtain ar líontáin sábhála choiteanna a éascú, agus roinnt roghanna malartacha a choinneáil ar bun lasmuigh de nósanna imeachta dócmhainneachta náisiúnta san am céanna. Mar sin féin, trí dhearadh, baintear amach na cuspóirí sin, ach sin go pointe éagsúlaithe, trí bhíthin na bpacáistí roghanna agus, ó thaobh na polaitíochta de, bheadh cuid díobh níos fusa a dhéanamh ná cuid eile.
Beartaítear leis an rogha thosaíochta feabhsuithe uaillmhianacha a dhéanamh ar an bhfoirmle chistiúcháin, rud a d'fhágfadh go bhféadfaí raon feidhme an réitigh a leathnú go mór chun bainc níos lú agus bainc mheánmhéide a chur san áireamh agus ailíniú níos fearr ar dhreasachtaí chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an uirlis géarchéime is fearr do na hinstitiúidí sin. Measadh go raibh sé níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos comhleanúnaí maidir le cuspóirí an chreata a bhaint amach i gcomparáid le roghanna eile, lena n‑áirítear an bhunlíne i gcás nach ndéantar aon ghníomhaíocht. Go háirithe, aithníodh gurb é deireadh a chur leis an sárthosaíocht do SRT an modh is éifeachtaí chun a áirithiú gur féidir cistí SRT a úsáid i gcás réitigh. Is é sárthosaíocht a bheith ann d'éilimh SRT an phríomhchúis gur fíor-annamh gur féidir cistí SRT a úsáid lasmuigh d'íocaíocht taiscí cumhdaithe i gcás dócmhainneachta mar gheall ar an tionchar atá aige ar thoradh na tástála ar an gcostas is lú (LCT) a thugann tús áite d'íocaíocht amach. Mar sin féin, fuarthas amach go gcosnaíonn an sárthosaíocht acmhainní airgeadais SRT agus na hearnála baincéireachta as a dheireadh ar athshlánú a d'fhéadfaí a dhéanamh trí bhac a chur ar aon idirghabháil SRT i gcás réitigh, gan cosaint níos fearr a thabhairt do thaiscí cumhdaithe. Dá bhrí sin, is gá an sárthosaíocht SRT a bhaint chun aghaidh a thabhairt ar thoradh reatha an mheasúnaithe LCT atá bunaithe ar íocaíocht amach agus chun cistiú leordhóthanach a sholáthar i gcás réitigh chun go mbeidh réiteach na mbanc beag agus meánmhéide indéanta trí aistriú gnó agus caoi a thabhairt don bhanc anásta imeacht ón margaidh.
Sa mheasúnú tionchair bhí rogha eile ann freisin, is é sin athchóiriú uaillmhianach ar chreat CMDI, lena n‑áirítear SEÁT i bhfoirm samhla idirmheánaí, hibridí SEÁT, atá éagsúil le togra 2015 ón gCoimisiún. Aithnítear leis an rogha seo a thábhachtaí atá sé comhchóras árachais taiscí a bhunú do stóinseacht an chreata agus do thabhairt i gcrích an Aontais Baincéireachta; measadh, áfach, nach raibh sé indéanta ó thaobh na polaitíochta de ag an gcéim seo.
Bheadh costais i gceist leis an togra ar údaráis agus ar bhainc áirithe, agus sin ag brath ar a mhéid a leathnófaí an réiteach ar bhonn measúnuithe ar leas an phobail de réir an cháis agus ar imthosca sonracha gach cáis. Bheadh úsáid na gcistí SRT agus an RF/CRA níos costéifeachtaí ó thaobh na n‑acmhainní airgeadais is gá a úsáid, ach d'fhéadfadh sé riachtanais athshlánaithe a spreagadh freisin trí ranníocaíochtaí ón tionscal. Ar an iomlán, dhéanfaí costais d'údaráis réitigh agus do bhainc a chúiteamh, áfach, leis na tairbhí a bhaineann le hullmhacht fheabhsaithe do réimse níos mó banc, dhéanfaí dreasachtaí a shoiléiriú agus cinneadh á dhéanamh cé na huirlisí géarchéime a úsáidfear, an leas a bhaintear as cistí cáiníocóirí a laghdú, agus cobhsaíocht airgeadais agus muinín na dtaisceoirí a mhéadú, agus an méid sin ar fad a bhuí le rialacha níos soiléire agus le rochtain ar líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal. I gcás tomhaltóirí agus an phobail, ba cheart go mbeadh na costais teoranta agus gur léir gur mó na tairbhí a bhaineann leo, go háirithe trí chosaint mhéadaithe do thaisceoirí, cobhsaíocht airgeadais agus úsáid laghdaithe airgid na gcáiníocóirí.
D'fhormhuinigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an measúnú tionchair tar éis an chéad tuairim dhiúltach a fháil. Chun aghaidh a thabhairt ar na barúlacha a d'ardaigh an Bord, cuireadh síneadh leis an measúnú tionchair chun mínithe breise a chur san áireamh maidir leis an méid seo a leanas: (i) cineál na bhfadhbanna arb é is aidhm don athbhreithniú aghaidh a thabhairt orthu agus fiúntas ginearálta an réitigh i gcomparáid le himeachtaí dócmhainneachta chun cobhsaíocht airgeadais agus muinín taisceoirí a chosaint agus chun an leas a bhaintear as airgead cáiníocóirí a íoslaghdú; (ii) soiléirithe maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann an t‑athchóiriú prionsabal na coimhdeachta; agus (iii) sonraí breise maidir le gnéithe eile amhail comhsheasmhacht leis an athbhreithniú ar rialacha maidir le Státchabhair, an idirghníomhaíocht le togra 2015 ón gCoimisiún maidir le SEÁT, an chaoi ar cuireadh comhairle ÚBE san áireamh nó na coinníollacha ina bhféadfadh SRT idirghabháil a dhéanamh i gcás réitigh.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tá an t‑athbhreithniú dírithe go príomha ar bhunú agus feidhmiú foriomlán an chreata bainistithe géarchéime agus árachais taiscí, agus aird ar leith á tabhairt ar bhainc bheaga agus mheánmhéide agus ar chóir chomhionann do thaisceoirí. Táthar coinne le go dtiocfaidh tairbhí as an athchóiriú atá beartaithe i ndáil le héifeachtacht an chreata agus soiléireacht dhlíthiúil.
Tá an t‑athchóiriú neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus níl tionchar aige ar ullmhacht dhigiteach.
•Cearta bunúsacha
Tá an tAontas tiomanta d'ardchaighdeáin cosanta le haghaidh na gceart bunúsach agus tá raon leathan coinbhinsiún maidir le cearta an duine sínithe aige. Sa chomhthéacs sin, comhlíonann an togra na cearta sin, a liostaítear i bpríomhchoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá ina dlúthchuid de Chonarthaí an Aontais, agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl impleachtaí ag baint leis an togra seo do bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Leis an togra, ceanglaítear ar na Ballstáit na leasuithe ar BRRD a thrasuí ina ndlíthe náisiúnta laistigh de 18 mí ó theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí.
Áirítear sa togra ceanglais ar ÚBE caighdeáin a eisiúint i ndáil le forálacha áirithe den chreat agus tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir lena chur chun feidhme éifeachtach, e.g. maidir le measúnuithe inréititheachta arna ndéanamh ag údaráis réitigh nó maidir leis an ullmhúchán d'fhorghníomhú réitigh.
Beidh an reachtaíocht faoi réir meastóireacht iomlán 5 bliana tar éis a sprioc-am cur chun feidhme chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí agus a éifeachtúla a bhí sí ó thaobh a cuspóirí a bhaint amach, agus chun a chinneadh an bhfuil gá le bearta nó leasuithe nua.
6.MÍNIÚ MIONSONRAITHE AR FHORÁLACHA SONRACHA AN TOGRA
Bearta luath-idirghabhála agus ullmhúchán don réiteach
Cuirtear sraith nua airteagal in ionad Airteagal 13 (Airteagail 13 go 13c) atá ar aon dul le forálacha BRRD maidir le luath-idirghabháil (Airteagail 27 go 29 de BRRD), chun bunús dlí atá infheidhme go díreach a sholáthar do BCE chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú. Mar atá i BRRD, soiléirítear an sásra géaraithe idir na cineálacha éagsúla beart agus sonraítear nach réamhriachtanais iad bearta luath-idirghabhála, nó comhlíonadh na gcoinníollacha le haghaidh luath-idirghabhála, chun tús a chur leis an ullmhúchán don réiteach nó chun na cumhachtaí gaolmhara a fheidhmiú.
Bhí forálacha sa Rialachán maidir le SRA cheana féin maidir le comhar agus malartú faisnéise idir an Bord agus BCE nó údaráis inniúla náisiúnta (ÚINanna) nuair a bheidh staid airgeadais bainc ag dul in olcas. Mar sin féin, is gá na forálacha sin a neartú chun comhar níos fearr agus níos éifeachtaí a áirithiú. Cuireann Airteagal 13c nua le sean‑Airteagal 13 agus soláthraítear sonraí breise maidir leis an gcomhar sa tréimhse roimh réiteach, maidir leis an gcineál faisnéise ba cheart a mhalartú, na cásanna inar gá do BCE nó do ÚIN faisnéis a mhalartú agus na cineálacha socruithe a d'fhéadfadh an Bord a chur i bhfeidhm chun ullmhú le haghaidh réitigh.
Luathrabhadh maidir le banc i mbéal teipthe nó ar dóigh dó teip
Áirítear in Airteagal 13c oibleagáid ar BCE, nó ar ÚIN i ndáil leis na grúpaí trasteorann nach bhfuil chomh suntasach céanna faoi shainchúram díreach an Bhoird, fógra a thabhairt don Bhord luath go leor, is é sin a luaithe a mheasfaidh sé go bhfuil riosca ábhartha ann go gcomhlíonann institiúid nó eintiteas na coinníollacha maidir lena mheasúnú mar institiúid atá i mbéal teipthe nó ar dóigh di teip, mar a leagtar síos in Airteagal 18(4). Ba cheart a áireamh san fhógra sin na cúiseanna le measúnú BCE/ÚIN chomh maith le forbhreathnú ar na réitigh mhalartacha a d'fhéadfadh cosc a chur ar theip na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann laistigh de thréimhse ama réasúnach.
Mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach atá ag uainiú na gníomhaíochta réitigh maidir le leibhéil chaipitil, ICDI agus leachtacht na hinstitiúide nó an eintitis a chaomhnú a mhéid is féidir, agus ar bhonn níos ginearálta, chun a áirithiú go mbeidh na coinníollacha is gá i bhfeidhm ag an mBord chun an straitéis réitigh arna hullmhú do gach institiúid nó eintiteas a chur i gcrích go rathúil, tugtar de chumhacht don Bhord, i ndlúthchomhar le BCE/ÚIN, measúnú a dhéanamh, i ndlúthchomhar le BCE/ÚIN, ar chreat ama réasúnta chun réitigh de chineál príobháideach nó riaracháin a lorg, ar féidir leo an teip a chosc. Le linn na tréimhse luathrabhaidh sin, ba cheart do BCE/NCA leanúint dá inniúlachtaí a fheidhmiú, agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an mBord san am céanna i gcomhréir le hAirteagal 13c. Ba cheart do BCE/NCA agus don Bhord faireachán a dhéanamh, i ndlúthchomhar le chéile, ar éabhlóid staid na hinstitiúide nó an eintitis agus ar chur chun feidhme beart malartach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Bhord agus do BCE/NCA teacht le chéile go rialta, ar mhinicíocht arna socrú ag an mBord.
Mura dtagtar ar aon bheart malartach iomchuí lena seachnófaí an mhainneachtain nó mura gcuirtear chun feidhme é laistigh den fhráma ama sin, ba cheart do BCE/NCA measúnú a dhéanamh an bhfuil an institiúid nó an t‑eintiteas i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip. I gcás ina gcinneann BCE/NCA go bhfuil an institiúid nó an t‑eintiteas i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip, ba cheart dó é sin a chur in iúl go foirmiúil don Bhord, de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18(1). Féadfaidh an Bord féin an measúnú sin a dhéanamh freisin, i gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana sa dara fomhír d'Airteagal 18(1). Ba cheart don Bhord a chinneadh ansin an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach á gcomhlíonadh. I gcás inar gá an institiúid nó an t‑eintiteas a réiteach mar thoradh ar an measúnú ar leas an phobail, ba cheart don Bhord scéim réitigh a ghlacadh. Tá an méid sin i gcomhréir leis an gcásdlí is déanaí ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le cás a tharlaíonn san Aontas Baincéireachta, agus dá réir sin is beart ullmhúcháin é measúnú BCE atá ceaptha chun ligean don Bhord cinneadh a dhéanamh maidir le réiteach bainc. Luaigh an Chúirt freisin go bhfuil an chumhacht eisiach ag an mBord measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha is gá chun gníomhaíocht réitigh a chur i bhfeidhm, faoi réir fhormhuiniú na scéime réitigh ón gCoimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, faoi réir neamhagóid ón gComhairle.
Measúnú ar leas an phobail (PIA)
Ceapadh creat CMDI chun teip institiúidí d'aon mhéid a sheachaint agus a bhainistiú, agus taisceoirí agus cáiníocóirí a chosaint san am céanna. I gcás ina meastar go bhfuil banc i mbéal teipthe nó ar dóigh dó teip agus go rachaidh sé chun leasa an phobail é a réiteach, déanfaidh na húdaráis réitigh idirghabháil trí úsáid a bhaint as na huirlisí agus na cumhachtaí a dheonaítear le BRRD/an Rialachán maidir le SRA in éagmais réiteach príobháideach. In éagmais leas an phobail le haghaidh réitigh, ba cheart cliseadh an bhainc a láimhseáil trí imeachtaí foirceanta ordúil náisiúnta arna ndéanamh ag údaráis náisiúnta, agus b'fhéidir le maoiniú ó SRT nó ó fhoinsí cistiúcháin eile, de réir mar is iomchuí.
Go bunúsach, déanann an measúnú ar leas an phobail comparáid idir réiteach in aghaidh dócmhainneachta, go háirithe measúnú ar an gcaoi a mbaineann gach cás amach na cuspóirí réitigh. Áirítear ar na cuspóirí réitigh a ndéantar an measúnú ina n‑aghaidh: (i) an tionchar ar chobhsaíocht airgeadais (d'fhéadfadh toradh éagsúil ar PIA a bheith mar thoradh ar ghéarchéim leathan, toradh a bheadh éagsúil le teip neamhghnách a d'fhéadfadh tarlú); (ii) measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar fheidhmeanna criticiúla an bhainc; agus (iii) an gá atá le teorainn a chur leis an úsáid a bhaintear as tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách. Faoin gcreat atá ann faoi láthair, ní féidir réiteach a roghnú ach amháin i gcás nach bhféadfaí na cuspóirí réitigh a bhaint amach a mhéid céanna le dócmhainneacht.
Fágann an Rialachán maidir le SRA corrlach lánroghnach don Bhord agus an SIA á chur i gcrích, rud a fhágann go mbíonn feidhmeanna agus léirmhínithe éagsúla ann nach léiríonn loighic agus intinn na reachtaíochta go hiomlán i gcónaí. I gcásanna áirithe, cuireadh PIA i bhfeidhm ar bhonn sách sriantach san Aontas Baincéireachta.
Chun éagsúlachtaí a íoslaghdú agus cur i bhfeidhm PIA a leathnú, i.e. raon feidhme an réitigh a leathnú, áirítear na leasuithe reachtacha seo a leanas sa togra:
Leasuithe ar na cuspóirí réitigh
Leis an gcuspóir réitigh lena gceanglaítear an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, ní cheadaítear idirdhealú a dhéanamh idir úsáid airgid buiséid náisiúnta agus úsáid líontán sábhála arna gcistiú ag an tionscal (CRA nó SRTanna). Dá bhrí sin, leasaítear an cuspóir réitigh sin chun tagairt shonrach don tacaíocht a chuirtear ar fáil ó bhuiséad Ballstáit a chur san áireamh, chun a léiriú gur cheart a mheas gur fearr cistiú arna sholáthar ag líontáin sábhála arna chistiú ag an tionscal ná cistiú arna thacú ag airgead cáiníocóirí (Airteagal 14(2)(c)). Déantar é sin a chomhlánú le hathrú ar na rialacha nós imeachta maidir le PIA, lena gceanglaítear ar an mBord gach tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnta a chur ar fáil don institiúid faoi réiteach in aghaidh na tacaíochta sin sa fhrithfhíorasach dócmhainneachta a bhreithniú agus a chur i gcomparáid. Má táthar ag súil le cabhair leachtaithe sa fhrithfhíorasach dócmhainneachta, ba cheart toradh dearfach ar PIA a bheith mar thoradh air sin (Airteagal 18(5), an dara fomhír).
Leasaítear an cuspóir réitigh a bhaineann le cosaint taisceoirí chun a shoiléiriú gur cheart gurbh é ab aidhm don réiteach taisceoirí a chosaint, agus caillteanais do scéimeanna ráthaithe taiscí a íoslaghdú san am céanna. Ciallaíonn sé sin gur cheart tús áite a thabhairt do réiteach dá mbeadh dócmhainneacht níos costasaí don SRT.
Athruithe nós imeachta ar an gcomparáid idir imeachtaí réitigh agus imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta
Faoin Rialachán SRA atá ann faoi láthair, tá coinne leis go roghnóidh an Bord dócmhainneacht murab é go mbainfí amach na cuspóirí réitigh ar bhealach níos fearr dá roghnófaí réiteach. Foráiltear le téacs reatha Airteagal 18(5) nach roghnófar réiteach ach amháin nuair nach gcomhlíonfaí na cuspóirí réitigh a mhéid céanna dá ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Chun gur féidir cur i bhfeidhm an réitigh a leathnú, leasaítear Airteagal 18(5) chun a shoiléiriú nár cheart imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta a roghnú mar an straitéis tosaíochta ach amháin nuair a bhainfidh siad cuspóirí an chreata amach ar bhealach níos fearr ná réiteach (agus ní hea a mhéid céanna). Cé go gcoinnítear dócmhainneacht mar rogha réamhshocraithe, is é an toradh a bhíonn ar an leasú go dtiocfaidh méadú ar an dualgas cruthúnais d'údaráis réitigh chun a léiriú nach chun leas an phobail é an réiteach. Mar sin féin, leanfaidh an PIA de bheith ina chinneadh cás ar chás faoi rogha an údaráis réitigh.
Úsáid SRT i gcás réitigh
Faoin gcreat reatha, is é an Bord a dhéanann an cinneadh maidir le cistí SRT a úsáid chun réiteach a mhaoiniú tar éis dó dul i gcomhairle leis an SRT agus cinntear méid na ranníocaíochta SRT ar bhonn luacháil na gcaillteanas a d’fhulaingfeadh taisceoirí cumhdaithe i gcás nach mbeidís faoi chosaint ar chaillteanais a fhulaingt. Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach san Aontas Baincéireachta freisin na deiseanna feabhsaithe agus na coinníollacha dochta maidir le húsáid acmhainní náisiúnta SRT chun straitéisí aistrithe i gcás réitigh a mhaoiniú faoi Airteagal 109 de BRRD leasaithe, leasaítear Airteagal 79 den Rialachán maidir le SRA chun a shonrú gur cheart an SRT lena bhfuil an institiúid creidmheasa cleamhnaithe a úsáid chun na gcríoch agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 109 de BRRD. Ina theannta sin, scriostar an dara fomhír agus an tríú fomhír d'Airteagal 79(5) de Rialachán SRA, atá ar aon dul leis na coinníollacha faoin dara fomhír agus faoin tríú fomhír d'Airteagal 109(5) atá ann faoi láthair.
Ós rud é gurb é an Bord a dhéanann cinntí maidir le réiteach an Aontais Baincéireachta agus go bhféadfaí an maoiniú a sholáthar ó acmhainní náisiúnta SRTanna, áirithítear leis an tagairt d'Airteagal 109 de BRRD sa chéad mhír d'Airteagal 79 den Rialachán maidir le SRA gur cheart feidhm a bheith ag ról feabhsaithe na SRTanna faoi BRRD sa phróiseas cinnteoireachta do bhainc atá faoi shainchúram an Bhoird. Go háirithe, maidir le ríomh an chostais a bhaineann le taisceoirí a aisíoc chun teorainn a chur le méid ranníocaíocht an SRT i leith réitigh, is ar an leibhéal náisiúnta a bheidh sé fós faoi fhreagracht an SRT bunaithe ar an tástáil ar an gcostas is lú (LCT). Níor cheart don Bhord méid na ranníocaíochta atá le soláthar ag an SRT a chinneadh ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an SRT maidir le torthaí an ríomha sin agus ba cheart dó a bheith faoi cheangal ag na torthaí sin. Dá bhrí sin, níor cheart don Bhord a bheith in ann ranníocaíocht SRT le hidirbheart a chinneadh a bheadh níos airde ná an costas a bhaineann le taisceoirí a aisíoc arna ríomh ag an SRT de réir rialacha TSRT (gan LCT a shárú), ná níos airde ná mar is gá chun an coinníoll rochtana ar an socrú maoinithe réitigh a bhaint amach (8 % de dhliteanais iomlána agus ceanglas cistí dílse).
Coinníollacha maidir le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar
Chun a áirithiú nach n‑úsáidfear cistí poiblí i bhfoirm tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách chun tacú le hinstitiúidí nó eintitis nach bhfuil inmharthana ó thaobh airgeadais de, is gá foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha dochta maidir leis an uair is féidir tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil agus maidir leis an bhfoirm is féidir a ghlacadh. Foráiltear leis na rialacha atá ann faoi láthair maidir le teorainneacha áirithe ach níl siad beacht go leor. Ba cheart soláthar tacaíochta airgeadais poiblí urghnách lasmuigh de réiteach a theorannú do chásanna d’athchaipitliú réamhchúraim, do bhearta coisctheacha SRT atá dírithe ar fhóntacht airgeadais agus inmharthanacht fhadtéarmach institiúidí creidmheasa a chaomhnú, do bhearta arna ndéanamh ag SRT chun rochtain taisceoirí agus cineálacha eile tacaíochta arna ndeonú i gcomhthéacs imeachtaí foirceanta a chaomhnú. Níor cheart go gceadófaí tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar in aon chás eile lasmuigh de réiteach agus ba cheart go measfaí go bhfuil an institiúid nó an t‑eintiteas is faighteoir ag teip nó gur dócha go dteipfidh siad.
Athchaipitliú réamhchúraim
Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a dheonaítear i bhfoirm athchaipitliú réamhchúraim. Is gá na cineálacha beart réamhchúraim is incheadaithe a sholáthraítear lasmuigh den réiteach agus arb é is aidhm dóibh an t‑eintiteas lena mbaineann a athchaipitliú a leagan síos ar bhealach níos soiléire. Ba cheart na bearta a dheonaítear a bheith de chineál sealadach toisc go bhfuil siad ceaptha aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí díobhálacha na suaití seachtracha agus nach n‑úsáidtear iad chun cúiteamh a dhéanamh ar laigí intreacha atá nasctha, mar shampla, le samhail ghnó atá as dáta. Ba cheart úsáid ionstraimí suthaine, mar atá Gnáthchothromas Leibhéal 1, a bheith eisceachtúil agus níor cheart é a bheith indéanta ach amháin mura mbeadh foirmeacha eile d’ionstraimí caipitil leordhóthanach. Tá gá le hathrú den sórt sin chun a áirithiú go mbeidh an tacaíocht de chineál sealadach i gcónaí. Tá gá freisin le ceanglais níos láidre agus níos sainráite maidir le ré agus straitéis scoir na mbeart réamhchúraim a chinneadh roimh ré. An t‑eintiteas a fhaigheann tacaíocht, ba cheart dó a bheith sócmhainneach tráth a chuirfear na bearta i bhfeidhm, i.e. measann an t‑údarás inniúil nach bhfuil siad ag sárú agus nach dócha go sáróidh sé na ceanglais chaipitil is infheidhme sa 12 mhí atá le teacht. Mura gcloítear leis na coinníollacha faoina ndeonaítear an tacaíocht, ba cheart a mheas go bhfuil an t‑eintiteas a fhaigheann an tacaíocht i mbéal teipthe nó ar dóigh dó teip.
Leasuithe maidir leis an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (MREL)
MREL le haghaidh straitéisí aistrithe
Mar a fhoráiltear cheana faoin gcreat reatha, ba cheart go léireodh leibhéal an cheanglais ICDI straitéis réitigh na tosaíochta. San fhoráil atá in Airteagal 12a faoi láthair dírítear ar chalabrú ICDI le haghaidh straitéisí tarrthála inmheánaí (ceanglas maidir le hionsú caillteanais agus méid athchaipitliúcháin, le rialacha mionsonraithe maidir leis an gcaoi ar cheart gach ceann díobh a choigeartú, agus maidir le ceanglais fo-ordúcháin atá dírithe den chuid is mó ar chomhlíonadh an cheanglais íosta 8 % TLOF). Cé go n‑aithnítear an deis uirlisí réitigh seachas tarrtháil inmheánach a úsáid, ní dhéantar calabrú ICDI a rialáil go mion le BRRD le haghaidh straitéisí aistrithe. Sa chleachtas, is é an toradh a bhíonn air sin éiginnteacht dhlíthiúil agus modheolaíochtaí éagsúla a chuireann údaráis réitigh i bhfeidhm agus ICDI á shocrú le haghaidh straitéisí den sórt sin.
Is gá, dá bhrí sin, bunús dlí níos soiléire a chur ar fáil chun idirdhealú a dhéanamh idir calabrú ICDI le haghaidh straitéisí aistrithe agus an ceann le haghaidh tarrtháil inmheánach, agus ar mhaithe le comhréireacht agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach freisin. I ndáil leis an méid sin, cuirtear isteach Airteagal 12da nua ina leagtar amach na prionsabail ba cheart do BRA a mheas agus ICDI á chalabrú le haghaidh straitéisí aistrithe — méid, samhail ghnó, próifíl riosca, anailís inaistritheachta, indíoltacht, cibé acu an margadh aistrithe sócmhainní nó margadh scaireanna atá sa straitéis, úsáid chomhlántach a bhaint as meán bainistithe sócmhainní le haghaidh sócmhainní nach féidir a aistriú, agus an méid a mheastar a rannchuideoidh SRT chun an straitéis tosaíochta a mhaoiniú i gcás réitigh.
Leis na leasuithe, neartaítear an prionsabal gur cheart ICDI a bheith ar an gcéad líne cosanta agus ar an bpríomhlíne chosanta i gcás na mbanc uile, lena n‑áirítear iad siúd a bheidh faoi réir straitéis aistrithe agus imeacht ón margadh, chun a áirithiú go ndéanfaidh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe na caillteanais a ionsú a mhéid is féidir.
An ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i gcás toirmeasc ar dháileacháin áirithe
Chun aghaidh a thabhairt ar bhearna atá ann cheana i soiléireacht dhlíthiúil an chreata reatha maidir leis an gcumhacht chun dáiltí áirithe a thoirmeasc i gcás nach ndéanann eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh de bhreis ar a ICDI, go háirithe i gcás nach bhfuil an t‑eintiteas faoi réir an cheanglais maoláin chomhcheangailte (faoi Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE) ar an mbonn céanna lena ICDI, cuirtear mír 7 nua le hAirteagal 10a chun a shoiléiriú gur cheart an chumhacht chun dáileacháin áirithe a thoirmeasc a chur i bhfeidhm ar bhonn an mheastacháin ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte a eascraíonn as an ngníomh tarmligthe faoi Airteagal 45c(4) ina sonraítear an mhodheolaíocht atá le húsáid ag na húdaráis réitigh chun an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas sna himthosca sin.
Díolúine de minimis ó cheanglais ICDI áirithe
Faoi na rialacha ICDI atá ann cheana sa Rialachán SRA, déantar dliteanais atá fo-ordaithe ó thaobh struchtúir de dá dtagraítear in Airteagal 72b(2)(d)(iii) CRR a ghabháil leis an sainmhíniú ar ‘ionstraimí incháilithe fo-ordaithe’ a úsáidtear ar fud Airteagal 12c de Rialachán SRA. Mar sin féin, ní cháilíonn dliteanais a cheadaítear a bheith incháilithe in CRR faoin díolúine de minimis in Airteagal 72b(4) de CRR mar ‘ionstraimí incháilithe fo-ordaithe’ faoi Rialachán maidir le SRA toisc go n‑eisiatar mír 4 d'Airteagal 72b CRR go sainráite ón sainmhíniú in Airteagal 3(1)(49b) de Rialachán SRA.
Chun an neamhréireacht sin a cheartú agus i gcomhréir leis an gcur chuige a leantar in BRRD, cuirtear mír 10 nua le hAirteagal 12c, lena gceadaítear do BRA a cheadú d’eintitis réitigh ceanglais fho-ordúcháin ICDI a chomhlíonadh trí dhliteanais shinsearacha a úsáid nuair a chomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 72b(4) de CRR.
Chun ailíniú le creat TLAC a áirithiú, na heintitis réitigh a bhaineann tairbhe as an díolúine de minimus, d'fhéadfadh sé nach ndéanfaí a gceanglas fo-ordúcháin ICDI a ísliú le méid atá coibhéiseach le liúntas TREA 3.5 % le haghaidh TLAC de bhun an dara habairt den chéad fhomhír d'Airteagal 12c(4) de BRRD.
Ranníocaíochtaí agus gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe
Chun deireadh na tréimhse tosaigh le haghaidh charnadh an Chiste agus an laghdú ina dhiaidh sin ar mhéid na ranníocaíochtaí rialta ex ante a chur san áireamh, déantar leasuithe teicniúla ar Airteagal 69 agus ar Airteagal 71 chun uasmhéid na ranníocaíochtaí ex post a fhéadfar a chruinniú ó mhéid na ranníocaíochtaí rialta ex ante a dhícheangal, rud a sheachnódh uasteorainn dhíréireach íseal ar ranníocaíochtaí ex post, chomh maith le bailiú na ranníocaíochtaí rialta ex ante a chur siar i gcás nach mbeadh costas bailiúcháin bhliantúil comhréireach leis an méid atá le bailiú. Déantar soiléiriú freisin in Airteagal 70 ar an gcaoi a láimhseáiltear gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe, maidir lena n‑úsáid i gcás réitigh agus a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta atá le leanúint i gcás ina scoireann institiúid nó eintiteas de bheith faoi réir na hoibleagáide ranníocaíochtaí a íoc.
Ina theannta sin, chun níos mó trédhearcachta agus cinnteachta a sholáthar maidir le sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe i méid iomlán na ranníocaíochtaí ex ante atá le cruinniú, soiléirítear gur cheart don Bhord an sciar sin a chinneadh ar bhonn bliantúil, faoi réir na dteorainneacha is infheidhme.
Forálacha eile
Leasuithe ar phleanáil réitigh
Tá sé de cheangal ar an mBord bearta a shainaithint a bheidh le déanamh i ndáil le grúpeintitis agus pleananna réitigh grúpa á ndréachtú. Féadfaidh déine agus leibhéal mionsonraithe na hoibre sin maidir le fochuideachtaí nach eintitis réitigh iad a bheith éagsúil ag brath ar mhéid agus ar phróifíl riosca na n‑institiúidí agus na n‑eintiteas lena mbaineann, ar fheidhmeanna criticiúla a bheith ann agus ar an straitéis réitigh grúpa. Dá bhrí sin, leasaítear an Rialachán maidir le SRA trí fhomhír nua a thabhairt isteach in Airteagal 8(10), rud a chuirfidh ar chumas na n‑údarás réitigh cur chuige simplithe a leanúint, i gcás inarb iomchuí, agus an cúram sin á chur i gcrích acu.
Soiléirithe ar Airteagal 27(9)
Tá forálacha reatha Airteagal 27(9) agus (10) doiléir maidir le coinníoll agus seicheamh úsáide CRA agus foinsí malartacha maoiniúcháin tar éis maoiniú tosaigh suas leis an teorainn 5 % TLOF a sholáthar agus tar éis gach dliteanas neamhurraithe, neamhthosaíochta, seachas taiscí incháilithe, a dhíluacháil nó a chomhshó ina n‑iomláine. Dá bhrí sin, leasaítear míreanna 9 agus 10 d'Airteagal 27 chun soiléireacht dhlíthiúil agus solúbthacht bhreise a sholáthar chun SRF a úsáid thar 5 % TLOF.
Rialachas an Bhoird
Chun leanúnachas agus forbairt saineolais institiúidigh a éascú, déantar leasuithe ar Airteagal 56 chun an deis a leagan síos don Chathaoirleach, don Leas-Chathaoirleach agus do Bhuanchomhaltaí an Bhoird an dara téarma oifige a chur isteach, sa cháil chéanna lena gcéad téarma. Dearadh an nós imeachta maidir le hathnuachan an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus Chomhaltaí an Bhoird agus an nós imeachta is infheidhme maidir le hathnuachan Chathaoirligh na ÚMEanna á chur san áireamh.
Déantar leasuithe eile ar Airteagail 43, 53 agus 55 chun ceart vótála a dheonú don Leas-Chathaoirleach agus chun an ceart vótála sin a chur san áireamh ar fud an Rialacháin SRA. Leanann a cheapachán nó a ceapachán an nós imeachta céanna a leanann an Cathaoirleach agus is féidir leis nó léi ionad an Chathaoirligh a ghlacadh má tá sé nó sí as láthair nó má tá bac réasúnach ann. Dá bhrí sin, dealraíonn sé nach raibh údar maith le cóir éagsúil maidir leis an Leas-Chathaoirleach ná le comhaltaí eile den Bhord.
Rangú éileamh CRA
Foráiltear le hAirteagal 22(6) gur cheart don Bhord a bheith in ann aon speansas réasúnach arna dtabhú go cuí i ndáil le húsáid uirlisí agus cumhachtaí réitigh a aisghabháil ón institiúid faoi réiteach mar chreidiúnaí tosaíochta. Mar sin féin, níor shonraigh an Rialachán maidir le SRA rangú coibhneasta an Bhoird do chreidiúnaithe tosaíochta eile. Bhí sé doiléir freisin conas a d'fhéadfaí an fhoráil seo a chur i ngníomh, ós rud é go bhfuil rangú na n‑éileamh i gcás dócmhainneachta leagtha síos go heisiach sna dlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta (fiú amháin má tá an rangú sin comhchuibhithe go páirteach ar fud an Aontais). Soiléirítear i mír 6 nua a cuireadh le hAirteagal 76 gur cheart go mbeadh an rangú céanna ag éilimh an Bhoird i ngach Ballstát rannpháirteach agus atá ag éilimh na gcistí náisiúnta réitigh de bhun Airteagal 108(9) de BRRD (ar cistí iad ar cheart dóibh a bheith os cionn éilimh taisceoirí agus SRTanna).
Ina theannta sin, is féidir úsáid bhreise a bhaint as CRA i gcás réitigh chun na gcríoch a shainaithnítear in Airteagal 76(1). Go dtí seo, níor shonraigh an Rialachán maidir le SRA an gcruthaíonn úsáid den sórt sin éileamh i bhfabhar an Bhoird agus, más amhlaidh go gcruthaíonn, maidir le rangú dócmhainneachta an éilimh sin. Cuirtear mír 5 nua isteach in Airteagal 76 lena sonraítear, i gcás ina ndéantar gníomhaíocht na hinstitiúide faoi réiteach a aistriú go páirteach chuig droichead-institiúid nó chuig ceannaitheoir príobháideach le tacaíocht ó CRA, gur cheart go mbeadh éileamh ag an mBord in aghaidh an eintitis iarmharaigh. Ba cheart éileamh den sórt sin a mheasúnú de réir an cháis, ag brath ar an straitéis réitigh agus ar an gcaoi ar úsáideadh CRA go nithiúil, ach ba cheart é a bheith nasctha le húsáid CRA chun caillteanais a iompar in ionad creidiúnaithe, mar atá i gcás ina n‑úsáidtear CRA chun sócmhainní agus dliteanais arna n‑aistriú chuig faighteoir a ráthú nó chun an difríocht idir na sócmhainní agus na dliteanais arna n‑aistriú a chumhdach. I gcás ina n‑úsáidtear CRA chun tacú le cur i bhfeidhm na huirlise tharrthála inmheánaí mar phríomhstraitéis réitigh (Airteagal 27(1), pointe (a)), in ionad díluacháil agus comhshó dhliteanais creidiúnaithe áirithe, níor cheart go nginfí leis sin éileamh in aghaidh na hinstitiúide faoi réiteach, toisc go gcuirfeadh sé deireadh le cuspóir ranníocaíocht CRA. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart go gcruthódh cúiteamh a íoctar mar gheall ar shárú an phrionsabail ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ éileamh i bhfabhar an Bhoird.
Leithdháileadh freagrachtaí
Le hAirteagal 7 bunaíodh deighilt na gcúraimí ar bhealach a fhágann go bhfuil freagracht dhíreach ar an mBord as eintitis atá faoi fhreagracht dhíreach BCE, as institiúidí trasteorann nach bhfuil chomh suntasach céanna, agus as eintitis a ndearnadh cinneadh ina leith, ar thionscnamh an Bhoird, maidir leis an údarás inniúil náisiúnta sin, nó maidir leis an mBallstát sin, go bhfeidhmeodh an Bord freagracht dhíreach. Choimeádfadh na ÚNRanna an phríomhfhreagracht ar na heintitis eile go léir. Mar sin féin, cé go raibh Airteagal 7 sainráite maidir le roinnt na gcúraimí sin, ní dhearnadh tagairt i dteanga airteagail an Rialacháin a bhain leis na freagrachtaí sonracha lena mbaineann, mar atá pleanáil réitigh, measúnú inréititheachta, measúnú ar oibleagáidí simplithe, socrú ICDI nó glacadh scéimeanna réitigh, ach don Bhord amháin agus, dá bhrí sin, níor léir go hiomlán, i gcás na n‑eintiteas a thagann faoina sainchúram, go raibh an fhreagracht as na cúraimí a luaitear a dhéanamh leis na ÚNRanna. Soiléirítear an pointe seo in Airteagal 7.
Ar an gcaoi chéanna, leagadh síos sa Rialachán SRA an chumhacht atá ag an mBord dáileacháin áirithe a thoirmeasc i gcás nach gcomhlíonann eintiteas atá faoina shainchúram ceanglas maoláin chomhcheangailte sa bhreis ar a ICDI, ach níor sonraíodh go baileach an nós imeachta lena rialaítear feidhmiú na cumhachta sin. Soiléirítear anois in Airteagal 10ú(1) go bhfuil an Bord in ann treoir a thabhairt don ÚNR ábhartha an chumhacht sin a fheidhmiú.
Sainaithníodh roinnt cásanna freisin inar tugadh cumhachtaí do ÚNRanna in BRRD ach, in éagmais lua sa Rialachán SRA, ní raibh módúlachtaí a gcur i bhfeidhm soiléir i gcás eintiteas atá faoi shainchúram díreach an Bhoird. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, soiléirítear in Airteagal 12 gurb é an Bord atá freagrach, i gcás eintitis atá faoina shainchúram díreach, as cead a thabhairt chun ionstraimí dliteanas incháilithe a ghlaoch, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach faoi Airteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Leasaítear Airteagal 8 freisin chun a shoiléiriú go bhfuil an Bord in ann, i gcás ina measann sé gur gá, treoir a thabhairt do ÚNRanna a cheangal ar institiúid nó ar eintiteas taifid mhionsonraithe a choinneáil ar na conarthaí airgeadais a bhfuil an institiúid ina páirtí iontu. Soiléirítear a thuilleadh in Airteagal 18(11) go bhfuil an Bord in ann treoir a thabhairt do ÚNRanna a gcumhacht a fheidhmiú maidir le roinnt oibleagáidí airgeadais a chur ar fionraí tar éis a chinneadh go bhfuil an institiúid nó an t‑eintiteas i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip, de bhun Airteagal 33a de Threoir 2014/59/AE.
Soiléirítear freisin le leasuithe ar Airteagal 18 roinnt na gcúraimí idir BCE agus na húdaráis inniúla náisiúnta a mhéid a bhaineann leis an measúnú faoin teip nó an teip ar dóigh di a bheidh ann. I gcásanna áirithe, is é sin le rá grúpaí trasteorann ar lú a suntas, institiúidí agus eintitis ar lú a suntas a fhaigheann cúnamh ó CRA, agus institiúidí agus eintitis shonracha ar lú a suntas agus a ndearna cinneadh ina leith, ar thionscnamh an Bhoird, ó údarás inniúil náisiúnta nó ó Bhallstát, go bhfeidhmeoidh an Bord freagracht dhíreach, cé gurb é an Bord a ghlacfaidh an scéim réitigh, is é an t‑údarás inniúil náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an institiúid nó ar an eintiteas, agus, dá bhrí sin, is é an t‑údarás inniúil náisiúnta a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil institiúid nó eintiteas i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip. Dá bhrí sin, sonraítear gurb é BCE a dhéanfaidh an measúnú i dtaobh an bhfuil institiúid nó eintiteas i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip i gcás na n‑institiúidí suntasacha agus an údaráis inniúil náisiúnta ábhartha le haghaidh na n‑institiúidí agus na n‑eintiteas ar lú a suntas agus a nglacann an Bord an scéim réitigh ina leith.
Ar deireadh, chun bunú an tSásra Réitigh Aonair a léiriú, sonraítear in Airteagal 31 gur cheart do ÚNRanna dul i gcomhairle leis an mBord sula ngníomhaíonn siad i gcomhréir le hAirteagal 86 de BRRD, lena bhforáiltear nach gcuirfear tús le gnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir le hinstitiúidí agus eintitis faoi raon feidhme BRRD ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh agus nach ndéanfar cinneadh lena gcuirtear institiúid nó eintiteas i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta ach amháin le toiliú an údaráis réitigh.
Malartú Faisnéise
Déantar roinnt leasuithe chun rochtain ar fhaisnéis a éascú don Bhord. Leasaítear Airteagal 30 agus Airteagal 34 chun a shoiléiriú go gcumhdaíonn an fhaisnéis a fhéadfaidh an Bord a iarraidh ó BCE ní hamháin faisnéis atá ar fáil dó ina fheidhm mhaoirseachta ach faisnéis arna bailiú ina fheidhm bhainc cheannais freisin. De bhun Airteagal 8(4a) de Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle, ba cheart do BRA cosaint fhisiceach agus loighciúil ar fhaisnéis staidrimh rúnda a áirithiú agus ba cheart dó údarú a éileamh chuig BCE chun tarchur breise a dhéanamh a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun cúraimí an Bhoird a fhorghníomhú.
Tugtar isteach Airteagal 30a nua lena gceadaítear do BRA faisnéis atá i seilbh na sásraí uathoibrithe láraithe a bunaíodh le hAirteagal 32a de Threoir (AE) 2015/849 a fháil, ar faisnéisí a d'fhéadfadh a bheith ábhartha agus an measúnú ar leas an phobail á dhéanamh. Ní féidir le BRA faisnéis a iarraidh ach amháin maidir le líon na gcustaiméirí arb é eintiteas an t‑aon chomhpháirtí baincéireachta nó príomh-chomhpháirtí baincéireachta ina leith. Ba cheart do BRA an fhaisnéis sin a fháil trí bhíthin na n‑údarás nó na n‑eintiteas poiblí a bhainistíonn na sásraí uathoibrithe láraithe, scagadh sonraí pearsanta nach bhfuil ábhartha chun cúraimí BRA a chomhlíonadh.
Cuirtear leasuithe isteach freisin chun BERS, ÚMEnna agus SRT a thabhairt faoi raon feidhme na hoibleagáide comhoibriú agus faisnéis a chomhroinnt le BRA, lena n‑áirítear an deis meabhráin tuisceana maidir le comhroinnt faisnéise leis an mBord a thabhairt i gcrích.
Thairis sin, leasaítear Airteagal 34 ionas go bhféadfaidh an Bord an nós imeachta agus an fhoirm ina n‑iarrann sé faisnéis a roinnt a shonrú, chomh maith le SCE a lua go sonrach mar cheann de na heintitis lena bhféadfar comhar agus malartú faisnéise a dhéanamh.
Ar deireadh, leasaítear Airteagal 74 chun foráil a dhéanamh maidir le luathrabhadh ón mBord chuig BCE agus chuig an gCoimisiún nuair a thuartar go bhféadfadh gá a bheith ann an cúlstop fioscach a úsáid, chun go bhféadfar cúlstop den sórt sin a ghníomhachtú go tráthúil.
Nochtaí
Tá rialacha an Rialacháin maidir le SRA maidir le faisnéis rúnda institiúidsonrach a chosaint sách dian agus d'fhéadfadh siad amach anseo bac a chur ar iarrachtaí i dtreo tuilleadh trédhearcachta maidir le hearnáil na baincéireachta. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, leasaítear Airteagal 88 chun go mbeidh an Bord in ann faisnéis a nochtadh nach mbailítear go díreach ó institiúidí agus ó eintitis laistigh dá shainchúram ach an méid a eascraíonn as a anailísí, a mheasúnuithe agus a chinntí féin nuair nach ndéanfadh sé sin dochar do chosaint leas an phobail a mhéid a bhaineann le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch agus go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann sa nochtadh.
2023/0111 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Bunaíodh creat réitigh an Aontais le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (‘institiúidí’) tar éis na géarchéime airgeadais domhanda 2008-2009 agus de dhroim dhoiciméad an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais dar teideal ‘Príomhthréithe Córas Éifeachtach Imréitigh d’Institiúidí Airgeadais’ arna bhformhuiniú go hidirnáisiúnta. Is éard atá i gcreat réitigh an Aontais Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tá feidhm ag an dá ghníomh maidir le hinstitiúidí atá bunaithe san Aontas, agus maidir le haon eintiteas eile a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin nó an Rialacháin sin (‘eintitis’). Is é is aidhm do chreat réitigh an Aontais déileáil ar bhealach ordúil le teip institiúidí agus eintiteas trí fheidhmeanna criticiúla institiúidí agus eintiteas a chaomhnú agus trí bhagairtí ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint, agus trí thaisceoirí agus cistí poiblí a chosaint san am céanna. Ina theannta sin, tá sé beartaithe le creat réitigh an Aontais forbairt an mhargaidh inmheánaigh sa bhaincéireacht a chothú trí chóras comhchuibhithe a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna trasteorann ar bhealach comhordaithe agus trí shaincheisteanna cothroime iomaíochta a sheachaint.
(2)Roinnt blianta ó cuireadh chun feidhme é, ní bhaintear amach creat réitigh an Aontais mar is infheidhme faoi láthair mar a bhí beartaithe i ndáil le cuid de na cuspóirí sin. Go háirithe, cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag institiúidí agus ag eintitis i dtreo inréiteachta agus go bhfuil acmhainní suntasacha tiomnaithe acu chuige sin, go háirithe tríd an acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin a mhéadú agus trí shocruithe maoinithe réitigh a líonadh, is annamh a bhaintear leas as creat réitigh an Aontais. Ina ionad sin, tugtar aghaidh ar theipeanna institiúidí agus eintiteas beag agus meánmhéide áirithe trí bhearta náisiúnta neamh-chomhchuibhithe den chuid is mó. Úsáidtear airgead na gcáiníocóirí seachas socruithe maoinithe réitigh. Is cosúil go n‑eascraíonn an staid sin as dreasachtaí neamhleora. Eascraíonn na dreasachtaí neamhleora sin as an idirghníomhú idir creat réitigh an Aontais agus na rialacha náisiúnta, rud a fhágann nach ndéantar an lánrogha leathan sa mheasúnú ar leas an phobail a fheidhmiú i gcónaí ar bhealach lena léirítear an chaoi a raibh sé beartaithe feidhm a bheith ag creat réitigh an Aontais. San am céanna, is beag úsáid a baineadh as creat réitigh an Aontais mar gheall ar na rioscaí do thaisceoirí institiúidí arna gcistiú ó thaiscí caillteanais a iompar chun a áirithiú gur féidir leis na hinstitiúidí sin rochtain a fháil ar chistiú seachtrach i gcás réitigh, go háirithe in éagmais dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu. Ar deireadh, ós rud é nach bhfuil na rialacha maidir le rochtain ar chistiú i gcas nach bhfuil faoi réiteach chomh dian céanna leis na rialacha i gcás réitigh, tá claonadh ann leas a bhaint as réitigh eile de rogha ar chreat réitigh an Aontais a chur i bhfeidhm, réitigh ina n‑úsáidtear airgead cáiníocóirí go minic in ionad acmhainní dílse na hinstitiúide nó an eintitis nó líontán sábhála arna gcistiú ag an tionscal. Cruthaíonn an staid sin rioscaí ilroinnte, rioscaí maidir le torthaí fo-optamacha i ndáil le teipeanna institiúidí agus eintiteas a bhainistiú, go háirithe i gcás institiúidí agus eintitis bheaga agus mheánmhéide, agus deischostais ó acmhainní airgeadais nár úsáideadh. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí creat réitigh an Aontais agus gur féidir é a chur i bhfeidhm aon uair a rachaidh sé sin chun leasa an phobail, lena n‑áirítear i gcás institiúidí beaga agus meánmhéide a chistítear go príomha trí thaiscí agus gan dliteanais leordhóthanacha eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu.
(3)De bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, na Ballstáit a bhfuil dlúthchomhar bunaithe acu idir an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus na húdaráis inniúla náisiúnta faoi seach, measfar gur Ballstáit rannpháirteacha iad chun críocha an Rialacháin sin. Mar sin féin, níl aon mhionsonra i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 maidir leis an bpróiseas chun tús a chur leis an dlúthchomhar maidir le cúraimí a bhaineann le réiteach. Is iomchuí, dá bhrí sin, na mionsonraí sin a leagan síos.
(4)Tá éagsúlacht ag baint le déine agus leibhéal mionsonraithe na hoibre pleanála réitigh sin maidir le fochuideachtaí nár aithníodh mar eintitis réitigh éagsúil, ach sin ag brath ar mhéid agus ar phróifíl riosca na n‑institiúidí agus na n‑eintiteas lena mbaineann, ar fheidhmeanna criticiúla a bheith ann agus ar an straitéis réitigh grúpa. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord Réitigh Aonair (an ‘Bord’) a bheith in ann na tosca sin mheas agus na bearta atá le déanamh i leith fochuideachtaí den sórt sin á sainaithint aige agus cur chuige simplithe a leanúint i gcás inarb iomchuí.
(5)Maidir le hinstitiúidí nó eintitis atá á bhfoirceannadh faoin dlí náisiúnta, tar éis cinneadh a dhéanamh go bhfuil siad i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip agus tar éis don Bhord cinneadh a dhéanamh nach rachaidh sé chun leasa an phobail iad a réiteach, tá siad ag dul i dtreo imeacht ón margadh ar deireadh. Tugann an méid sin le tuiscint nach bhfuil gá le plean le haghaidh gníomhaíochtaí atá le déanamh i gcás teipe, is cuma ar tharraing an t‑údarás inniúil údarú na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann siar cheana. Is amhlaidh atá i gcás institiúid iarmharach faoi réiteach tar éis aistriú sócmhainní, ceart, agus dliteanas i gcomhthéacs straitéise aistrithe. Is iomchuí a shonrú, dá bhrí sin, nach gá pleananna réitigh a ghlacadh sna cásanna sin.
(6)Féadfaidh an Bord faoi láthair toirmeasc a chur ar dháileacháin áirithe i gcás nach gcomhlíonann institiúid nó eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte nuair a mheastar iad sa bhreis ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (‘ICDI’). Mar sin féin, chun deimhneacht dhlíthiúil agus ailíniú leis na nósanna imeachta atá ann cheana maidir le cur chun feidhme cinntí arna ndéanamh ag an mBord a áirithiú, is gá róil na n‑údarás a bhfuil baint acu leis an bpróiseas maidir le toirmeasc a chur ar dháileacháin a shonrú ar bhealach níos soiléire. Is iomchuí, dá bhrí sin, a leagan síos gur cheart don Bhord treoir a dhíriú chuig an údarás réitigh náisiúnta chun dáileacháin den sórt sin a thoirmeasc, agus ba cheart don údarás sin cinneadh an Bhoird a chur chun feidhme. Ina theannta sin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí a cheangal ar institiúid nó ar eintiteas ICDI a chomhlíonadh ar bhonn atá éagsúil leis an mbonn ar a gceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas sin an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh. Cruthaíonn an staid sin éiginnteachtaí maidir leis na coinníollacha maidir le feidhmiú chumhachtaí an Bhoird chun dáileacháin a thoirmeasc agus maidir leis an Uasmhéid Indáilte a bhaineann le ICDI a ríomh. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan síos gur cheart don Bhord, sna cásanna sin, treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta dáileacháin áirithe a thoirmeasc bunaithe ar an meastachán ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte a eascraíonn as Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún. Chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart don Bhord an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta a chur in iúl don institiúid nó don eintiteas, agus ba cheart an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta sin a nochtadh don phobal ansin.
(7)Le Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leagtar síos cumhachtaí atá le feidhmiú ag údaráis réitigh, agus ní áirítear cuid díobh sin i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. Sa Sásra Réitigh Aonair, is féidir leis sin éiginnteacht a chruthú maidir le cé na heintitis ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú agus maidir leis na coinníollacha faoina bhfeidhmeofar iad. Dá bhrí sin, is gá a shonrú conas ba cheart d’údaráis réitigh náisiúnta cumhachtaí áirithe a fheidhmiú nach leagtar amach ach amháin i dTreoir 2014/59/AE maidir le heintitis agus grúpaí a thagann faoi fhreagracht dhíreach an Bhoird. Sna cásanna sin, ba cheart don Bhord a bheith in ann, i gcás ina measann sé go bhfuil gá leis, treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí sin a fheidhmiú. Go háirithe, ba cheart don Bhord a bheith in ann treoir a thabhairt d’údaráis réitigh náisiúnta a cheangal ar institiúid nó ar eintiteas taifid mhionsonraithe a choinneáil ar bun de na conarthaí airgeadais ar páirtí iontu an institiúid nó an t‑eintiteas, nó an chumhacht a chur i bhfeidhm roinnt oibleagáidí airgeadais a chur ar fionraí de bhun Airteagal 33a de Threoir 2014/59/AE. Mar sin féin, ós rud é nach gceanglaítear leis na ceadanna chun laghdú a dhéanamh ar ionstraimí dliteanas incháilithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,atá infheidhme freisin maidir le hinstitiúidí agus eintitis agus dliteanais atá faoi réir ICDI, go gcuirfear an reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm, ba cheart don Bhord a bheith in ann na ceadanna sin a thabhairt d’institiúidí nó d’eintitis go díreach, gan iallach a bheith air treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta an chumhacht sin a fheidhmiú.
(8)Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais ‘Bileog Téarmaí na hAcmhainneachta Ionsúcháin Caillteanais Iomláine (TLAC)’ arna foilsiú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 9 Samhain 2015 (‘caighdeán TLAC’), le haghaidh bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, dá dtagraítear i ndlí an Aontais mar institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIIanna). Le Rialachán (AE) 2019/877 agus le Treoir (AE) 2019/879, 'leasaíodh an ICDI a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. Is gá na forálacha i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 maidir le ICDI a ailíniú le cur chun feidhme chaighdeán TLAC do G-SIInna maidir le dliteanais áirithe a d’fhéadfaí a úsáid chun an chuid den ICDI a chomhlíonadh ar cheart í a chomhlíonadh le cistí dílse agus le dliteanais fho-ordaithe eile. Go háirithe, ba cheart dliteanais a rangaítear pari passu le dliteanais eisiata áirithe a áireamh i gcistí dílse agus in ionstraimí incháilithe fo-ordaithe na n‑eintiteas réitigh i gcás nach mó méid na ndliteanas eisiata sin ar chlár comhardaithe an eintitis réitigh ná 5 % de mhéid chistí dílse agus dhliteanais incháilithe an eintitis réitigh agus nach n‑eascraíonn aon riosca a bhaineann leis an bprionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ ón gcuimsiú sin.
(9)Tá na rialacha maidir leis an ICDI a chinneadh dírithe den chuid is mó ar leibhéal iomchuí an ICDI a shocrú agus glacadh leis gurb í an uirlis tarrthála inmheánaí an straitéis réitigh tosaíochta. Mar sin féin, le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ceadaítear don Bhord uirlisí réitigh eile a úsáid, is é sin le rá, iad siúd atá ag brath ar aistriú ghnó na hinstitiúide faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig droichead-institiúid. Dá bhrí sin, i gcás ina mbeartaítear sa phlean réitigh úsáid a bhaint as an uirlis díolacháin gnó nó as an uirlis droichead-institiúide agus go n‑imeoidh an t‑eintiteas réitigh ón margadh, ba cheart don Bhord leibhéal ICDI an eintitis réitigh lena mbaineann a chinneadh ar bhonn shainiúlachtaí na n‑uirlisí réitigh sin agus ar bhonn na riachtanas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin éagsúla atá i gceist leis na huirlisí sin.
(10)Suim mhéid na gcaillteanas a bhfuil coinne leo i gcás réitigh agus an méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an eintiteas réitigh leanúint dá choinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh, agus a chur ar a chumas leanúint dá ghníomhaíochtaí a shaothrú ar feadh tréimhse iomchuí, sin é leibhéal an ICDI d’eintitis réitigh. Le straitéisí réitigh tosaíochta áirithe, aistrítear sócmhainní, ceart agus dliteanas chuig faighteoir chun imeacht ón margadh, go háirithe an uirlis díolacháin gnó. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag na cuspóirí arna saothrú ag an gcomhpháirt athchaipitliúcháin a mhéid céanna agus a bheadh feidhm acu i gcás straitéis tarrthála inmheánaí bainc oscailte, toisc nach mbeidh ceangal ar an mBord a áirithiú go ndéanfaidh an t‑eintiteas réitigh a cheanglais cistí dílse a chomhlíonadh arís tar éis gníomhaíocht réitigh. Mar sin féin, meastar go sáróidh na caillteanais sna cásanna sin ceanglais cistí dílse an eintitis réitigh. Dá bhrí sin, is iomchuí a leagan síos go leanfaidh leibhéal ICDI na n‑eintiteas réitigh sin de mhéid athchaipitliúcháin a chur san áireamh, méid a choigeartófar ar bhealach atá i gcomhréir leis an straitéis réitigh.
(11)I gcás ina bhfuil sé beartaithe sa straitéis réitigh uirlisí réitigh seachas tarrtháil inmheánach a úsáid, is gnách go mbeidh riachtanais athchaipitliúcháin an eintitis lena mbaineann níos lú tar éis réitigh ná mar a bheadh i gcás tarrtháil inmheánach bainc oscailte. I gcás den sórt sin i dtaca le ICDI a chalabrú, ba cheart an ghné sin a chur san áireamh agus an ceanglas athchaipitliúcháin á mheas. Dá bhrí sin, agus coigeartú á dhéanamh aige ar leibhéal an ICDI d'eintitis réitigh, a bhfuil sé beartaithe ina bplean réitigh go mbainfear úsáid as an uirlis díolacháin gnó nó as an uirlis droichead-institiúide agus go n‑imeoidh siad ón margadh, ba cheart don Bhord gnéithe na n‑uirlisí sin a chur san áireamh, lena n‑áirítear imlíne ionchasach an aistrithe chuig an gceannaitheoir príobháideach nó chuig an droichead-institiúid, na cineálacha ionstraimí a bheidh le haistriú, luach ionchasach agus indíoltacht na n‑ionstraimí sin, agus dearadh na straitéise réitigh tosaíochta, lena n‑áirítear úsáid chomhlántach na huirlise deighilte sócmhainní. Ós rud é go gcaithfidh an t‑údarás réitigh cinneadh a dhéanamh ar bhonn cás ar chás ar aon úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as cistí ón scéim ráthaithe taiscí agus ós rud é nach féidir glacadh leis an gcinneadh sin go cinnte ex ante, níor cheart don Bhord ranníocaíocht fhéideartha na scéime ráthaithe taiscí a chur san áireamh (i gcás réitigh agus leibhéal an ICDI á chalabrú.
(12)Is gá a áirithiú go mbeidh dreasachtaí comhionanna ann chun méideanna leordhóthanacha ICDI a thógáil d’institiúidí agus d’eintitis a bheadh faoi réir straitéisí aistrithe laistigh agus lasmuigh de réiteach araon. Dá bhrí sin, agus leibhéal an ICDI á shocrú d’institiúidí agus d’eintitis a d’fhéadfadh a bheith faoi réir beart i gcomhthéacs imeachtaí náisiúnta dócmhainneachta de bhun Airteagal 11(5) de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart na rialacha céanna a leanúint leis na rialacha is infheidhme a bhaineann le ICDI a shocrú d’eintitis réitigh a bhforáiltear ina straitéis réitigh tosaíochta maidir le díol gnó nó aistriú chuig droichead-institiúid ionas go n‑imeoidh sé ón margadh.
(13)De bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle, tá BCE inniúil ar chúraimí maoirseachta a dhéanamh i ndáil le luath-idirghabháil. Is gá na rioscaí a eascraíonn as trasuí éagsúil i ndlíthe náisiúnta na mbeart luath-idirghabhála i dTreoir 2014/59/AE a laghdú agus cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach na gcumhachtaí atá ag BCE a éascú chun bearta luath-idirghabhála a dhéanamh. Cruthaíodh na bearta luath-idirghabhála sin chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla meathlú staide airgeadais agus eacnamaíche institiúide nó eintitis a leigheas agus an riosca agus an tionchar a bheadh ag réiteach féideartha a laghdú a mhéid is féidir. Mar sin féin, mar gheall ar easpa cinnteachta maidir leis na truicir chun na bearta luath-idirghabhála sin a chur i bhfeidhm agus forluí páirteach le bearta maoirseachta, is annamh a úsáideadh bearta luath-idirghabhála. Ba cheart, dá bhrí sin, forálacha Threoir 2014/59/AE maidir le bearta luath-idirghabhála a léiriú i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, rud a áiritheoidh uirlis dlí aonair atá infheidhme go díreach do BCE, agus ba cheart na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na mbeart luath-idirghabhála sin a shimpliú agus a shonrú a thuilleadh. Chun deireadh a chur le héiginnteachtaí maidir leis na coinníollacha agus leis an uainiú chun an comhlacht bainistíochta a bhaint agus riarthóirí sealadacha a cheapadh, ba cheart na bearta sin a shainaithint go sainráite mar bhearta luath-idirghabhála agus ba cheart a gcur i bhfeidhm a bheith faoi réir na dtruicear céanna. San am céanna, ba cheart a cheangal ar BCE na bearta iomchuí a roghnú chun aghaidh a thabhairt ar chás sonrach i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Chun a chur ar a chumas do BCE rioscaí clú nó rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid nó teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a chur san áireamh, ba cheart do BCE measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha chun bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm, ní hamháin ar bhonn táscairí cainníochtúla, lena n‑áirítear ceanglais chaipitil nó leachtachta, leibhéal giarála, iasachtaí neamhthuillmheacha nó comhchruinniú neamhchosaintí, ach freisin ar bhonn truicir cháilíochtúla.
(14)Is gá a áirithiú go mbeidh an Bord in ann ullmhú le haghaidh réiteach féideartha institiúide nó eintitis. Dá bhrí sin, ba cheart do BCE nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha an Bord a chur ar an eolas faoi mheath staide airgeadais institiúide nó eintitis luath go leor, agus ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag an mBord chun bearta ullmhúcháin a chur chun feidhme. Rud atá tábhachtach, chun a chur ar a chumas don Bhord freagairt chomh tapa agus is féidir do mheath staide institiúide nó eintitis, níor cheart cur i bhfeidhm na mbeart luath-idirghabhála a bheith ina choinníoll don Bhord socruithe a dhéanamh maidir le margú na hinstitiúide nó an eintitis nó faisnéis a iarraidh chun an plean réitigh a thabhairt cothrom le dáta agus an luacháil a ullmhú. Chun freagairt chomhsheasmhach chomhordaithe éifeachtach thráthúil ar mheath staide airgeadais institiúide nó eintitis a áirithiú agus chun ullmhú i gceart do réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann, is gá feabhas a chur ar an idirghníomhaíocht agus ar an gcomhordú idir BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta agus an Bord. A luaithe a chomhlíonann institiúid nó eintiteas na coinníollacha chun bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm, ba cheart do BCE, do na húdaráis inniúla náisiúnta agus don Bhord a malartuithe faisnéise a mhéadú, lena n‑áirítear faisnéis shealadach, agus faireachán a dhéanamh go comhpháirteach ar staid airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis.
(15)Is gá gníomhaíocht thráthúil agus luath-chomhordú a áirithiú idir an Bord agus BCE, nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha, maidir le grúpaí trasteorann nach bhfuil chomh suntasach sin i gcás ina bhfuil institiúid nó eintiteas fós ina ghnóthas leantach ach i gcás ina bhfuil riosca ábhartha ann go dteipfidh an institiúid nó an t‑eintiteas sin. Dá bhrí sin, ba cheart do BCE nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha fógra a thabhairt don Bhord a luaithe is féidir faoi riosca den sórt sin. San fhógra sin, ba cheart na cúiseanna atá le measúnú BCE nó an údaráis inniúil náisiúnta ábhartha agus forléargas ar bhearta malartacha na hearnála príobháidí, ar ghníomhaíocht mhaoirseachta nó ar bhearta luath-idirghabhála a bheith ann, bearta atá ar fáil chun teip na hinstitiúide nó an eintitis a chosc laistigh de thréimhse réasúnach ama. Le luathfhógra den sórt sin, níor cheart dochar a dhéanamh do na nósanna imeachta chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach á gcomhlíonadh. An réamhfhógra a thabharfaidh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha don Bhord maidir le riosca ábhartha go bhfuil institiúid nó eintiteas ag teip nó gur dóigh dó teip, níor cheart é sin a bheith ina choinníoll le haghaidh cinnidh ina dhiaidh sin go bhfuil institiúid nó eintiteas ag teip i ndáiríre nó gur dóigh dóibh teip. Thairis sin, má mheastar ag céim níos déanaí go bhfuil an institiúid nó an t‑eintiteas i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip agus nach bhfuil aon réiteach malartach ann chun teip den sórt sin a chosc laistigh de thréimhse ama réasúnta, ní mór don Bhord cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhaíocht réitigh a dhéanamh. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh tráthúlacht an chinnidh gníomhaíocht réitigh a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid nó le heintiteas a bheith bunriachtanach chun an straitéis réitigh a chur chun feidhme go rathúil, go háirithe toisc gur féidir le hidirghabháil níos luaithe san institiúid nó san eintiteas rannchuidiú le leibhéil leordhóthanacha acmhainneachta ionsúcháin caillteanais agus leachtachta a áirithiú chun an straitéis sin a chur i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, a chur ar a chumas don Bhord measúnú a dhéanamh, i ndlúthchomhar le BCE nó leis an údarás inniúil náisiúnta ábhartha, ar cad is tréimhse réasúnta ann chun bearta malartacha a chur chun feidhme chun teip na hinstitiúide nó an eintitis a sheachaint. Chun toradh tráthúil a áirithiú agus chun a chur ar a chumas don Bhord ullmhú go cuí do réiteach féideartha na hinstitiúide nó an eintitis, ba cheart don Bhord agus do BCE, nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha, teacht le chéile go rialta, agus ba cheart don Bhord cinneadh a dhéanamh maidir le minicíocht na gcruinnithe sin agus imthosca an cháis á gcur san áireamh.
(16)Chun sáruithe ábhartha ar cheanglais stuamachta a chumhdach, is gá na coinníollacha a shonrú a thuilleadh chun a chinneadh go bhfuil máthairghnóthais i mbéal teipthe, lena n‑áirítear cuideachtaí sealbhaíochta, nó ar dóigh dóibh teip. Ba cheart sárú ábhartha a bheith déanta ag máthairghnóthas ar na ceanglais sin i gcás ina bhfuil cineál agus méid an tsáraithe sin inchomparáide le sárú a thabharfadh údar cuí don údarás inniúil an t‑údarú a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2013/36/AE dá mba institiúid chreidmheasa a dhéanfadh é.
(17)'Tá sé beartaithe go bhféadfar an creat réitigh a chur i bhfeidhm maidir le haon institiúid nó eintiteas a d’fhéadfadh a bheith ann, gan beann ar a méid agus ar a samhail ghnó, mura leor na huirlisí atá ar fáil faoin dlí náisiúnta chun a teip a bhainistiú. Chun an toradh sin a áirithiú, ba cheart na critéir chun an measúnú ar leas an phobail a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid nó eintiteas atá ag teip a shonrú.
(18)Sa mheasúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil réiteach institiúide nó eintitis chun leasa an phobail, ba cheart a léiriú go bhfuil cosaint níos fearr ag taisceoirí nuair a bhaintear úsáid níos éifeachtúla as cistí scéimeanna ráthaithe taiscí agus nuair a íoslaghdaítear na caillteanais do na cistí sin. Dá bhrí sin, sa mheasúnú ar leas an phobail, ba cheart a mheas gurbh fhearr a bhainfí amach an cuspóir réitigh maidir le taisceoirí a chosaint i gcás réitigh dá mbeadh sé níos costasaí don scéim ráthaithe taiscí dócmhainneacht a roghnú.
(19)Sa mheasúnú i dtaobh an bhfuil réiteach institiúide nó eintitis chun leasa an phobail, ba cheart a léiriú freisin, a mhéid is féidir, an difríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú arna sholáthar trí líontáin sábhála arna gcistiú ag an earnáil (socruithe maoinithe réitigh nó scéimeanna ráthaithe taiscí) agus, ar an taobh eile, cistiú arna sholáthar ag na Ballstáit ó airgead cáiníocóirí. Tá riosca níos airde de bhaol morálta agus dreasacht níos ísle do smacht margaidh ag baint leis an gcistiú a chuireann na Ballstáit ar fáil. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ar an gcuspóir an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, ba cheart don Bhord cistiú a fháil trí na socruithe maoinithe réitigh nó tríd an scéim ráthaithe taiscí, ar fearr é ná cistiú trí mhéid comhionann acmhainní ó bhuiséad na mBallstát.
(20)Chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí réitigh ar an mbealach is éifeachtaí, níor cheart toradh an mheasúnaithe ar leas an phobail a bheith diúltach ach amháin i gcás ina ndéanfadh foirceannadh na hinstitiúide nó an eintitis atá ag teip de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta na cuspóirí réitigh a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí, agus ní hamháin a mhéid céanna le réiteach.
(21)I bhfianaise na taithí a fuarthas agus Treoir 2014/59/AE, Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus Treoir 2014/49/AE á gcur chun feidhme, is gá na coinníollacha a shonrú a thuilleadh faoinar féidir bearta de chineál réamhchúraim a cháilíonn mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a dheonú go heisceachtúil. Chun saobhadh iomaíochta a thagann as difríochtaí i gcineál scéimeanna ráthaithe taiscí san Aontas a íoslaghdú, ba cheart, ar bhonn eisceachtúil, idirghabhálacha na scéimeanna sin a cheadú i gcomhthéacs bearta coisctheacha lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2014/49/AE agus a cháilíonn mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i gcás nach gcomhlíonann an institiúid is tairbhí nó an t‑eintiteas is tairbhí aon cheann de na coinníollacha maidir lena mheas go bhfuil sé nó sí i mbéal teipthe nó ar dóigh dó nó di teip. Ba cheart a áirithiú go ndéanfar bearta réamhchúraim luath go leor. Faoi láthair tá breithniú BCE maidir le hinstitiúid nó eintiteas a bheith sócmhainneach, chun críocha an athchaipitlithe réamhchúraim, bunaithe ar mheasúnú réamhbhreathnaitheach don 12 mhí ina dhiaidh sin ar cé acu is féidir nó nach féidir leis an institiúid nó leis an eintiteas na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i Rialachán (AE) 2019/2033 a chomhlíonadh, agus an ceanglas cistí dílse breise a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE nó i dTreoir (AE) 2019/2034. Ba cheart an cleachtas sin a leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. Ina theannta sin, maidir le bearta chun faoiseamh a sholáthar i leith sócmhainní bearnaithe, lena n‑áirítear meáin bhainistíochta sócmhainní nó scéimeanna ráthaíochta sócmhainní, is féidir leo a bheith éifeachtach agus éifeachtúil chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna anás airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann d’institiúidí agus d’eintitis agus chun a dteip a chosc agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís a bheith ina mbearta réamhchúraim ábhartha. Ba cheart a shonrú, dá bhrí sin, go bhféadfadh bearta réamhchúraim den sórt sin a bheith i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe.
(22)Chun smacht margaidh a chaomhnú, cistí poiblí a chosaint agus saobhadh iomaíochta a sheachaint, ba cheart bearta réamhchúraim a fhágáil mar eisceacht agus níor cheart iad a chur i bhfeidhm ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh tromchúiseach sa mhargadh nó chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú. Thairis sin, níor cheart bearta réamhchúraim a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanais thabhaithe nó ar chaillteanais os dóigh a thabhófar. Is é athbhreithniú ar cháilíocht sócmhainní ag BCE, ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó ag údaráis inniúla náisiúnta an ionstraim is iontaofa chun caillteanais thabhaithe nó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint. Ba cheart do BCE agus do na húdaráis inniúla náisiúnta athbhreithniú den sórt sin a úsáid chun caillteanais thabhaithe nó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint más féidir athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnta. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ba cheart do BCE agus do na húdaráis inniúla náisiúnta caillteanais thabhaithe nó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint ar an mbealach is iontaofa is féidir faoi na himthosca atá ann faoi láthair, bunaithe ar chigireachtaí ar an láthair i gcás inarb iomchuí.
(23)Is é is aidhm d’athchaipitliú réamhchúraim tacaíocht a thabhairt d’institiúidí agus d’eintitis inmharthana a shainaithnítear gur dócha go mbeidh deacrachtaí sealadacha acu go luath amach anseo agus nach rachaidh a gcás in olcas a thuilleadh. Ionas nach ndeonófar fóirdheontais phoiblí do ghnólachtaí atá neamhbhrabúsach cheana féin nuair a dheonaítear an tacaíocht, níor cheart do bhearta réamhchúraim a dheonaítear i bhfoirm ionstraimí cistí dílse nó ionstraimí caipitil eile nó trí bhearta sócmhainní bearnaithe a bheith níos mó ná an méid is gá chun easnaimh chaipitil a chumhdach mar a sainaithníodh i gcás díobhálach de thástáil struis nó de chleachtadh coibhéiseach. Chun a áirithiú go scoirfear den mhaoiniú poiblí ar deireadh, ba cheart na bearta réamhchúraim sin a theorannú ó thaobh ama de agus ba cheart amlíne shoiléir a bheith iontu chun iad a fhoirceannadh (straitéis scoir). Níor cheart ionstraimí suthaine, lena n‑áirítear caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, a úsáid ach amháin in imthosca eisceachtúla agus níor cheart iad a bheith faoi réir teorainneacha cainníochtúla áirithe toisc nach bhfuil siad oiriúnach, de bharr a gcineáil, chun coinníoll na tréimhse sealadaí a chomhlíonadh.
(24)Ba cheart bearta réamhchúraim a theorannú don mhéid a bheadh de dhíth ar an institiúid nó ar an eintiteas chun a sócmhainneacht a choinneáil ar bun i gcás díobhálach mar a chinntear i dtástáil struis nó i gcleachtadh coibhéiseach é. I gcás bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, ba cheart an institiúid nó an t‑eintiteas is faighteoir a bheith in ann an méid sin a úsáid chun caillteanais ar na sócmhainní aistrithe a chumhdach nó i gcomhcheangal le héadáil ionstraimí caipitil, ar choinníoll nach sárófar méid foriomlán an easnaimh arna shainaithint. Is gá a áirithiú freisin go gcomhlíonfaidh bearta réamhchúraim den sórt sin i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe na rialacha agus na cleachtais is fearr atá ann cheana maidir le Státchabhair, go n‑athbhunóidh siad inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide nó an eintitis, go mbeidh státchabhair teoranta don mhéid is lú is gá agus go seachnófar saobhadh ar an iomaíocht. Ar na cúiseanna sin, ba cheart do na húdaráis lena mbaineann, i gcás bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, an treoraíocht shonrach a chur san áireamh, lena n‑áirítear Treoirphlean AMC agus an Teachtaireacht maidir le Dul i nGleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha. Na bearta réamhchúraim sin, i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, ba cheart iad a bheith faoi réir coinníoll sáraitheach ama i gcónaí. Le ráthaíochtaí poiblí a dheonaítear ar feadh tréimhse shonraithe i ndáil le sócmhainní bearnaithe na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann, meastar go n‑áiritheofar go gcomhlíonfar an coinníoll ama ar bhealach níos fearr ná sa chás ina n‑aistreofaí sócmhainní den sórt sin chuig eintiteas a fhaigheann tacaíocht phoiblí. Chun a áirithiú go n‑imeoidh institiúidí agus eintitis nach mbeidh inmharthana ón margadh, d’ainneoin na tacaíochta a fuarthas, is gá a leagan síos nach gcomhlíonfaidh an institiúid nó an t‑eintiteas lena mbaineann téarmaí na mbeart tacaíochta a sonraíodh an tráth a deonaíodh na bearta sin agus go measfar go bhfuil an institiúid nó an t‑eintiteas lena mbaineann i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip.
(25)Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh an Bord gníomhaíocht réitigh thapa agus thráthúil i gcás ina mbeidh baint ag deonú Státchabhrach nó cabhrach ón gCiste leis an ngníomhaíocht sin. Is gá, dá bhrí sin, a chur ar a chumas don Bhord an scéim réitigh lena mbaineann a ghlacadh sula ndéanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Mar sin féin, chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i gcás den sórt sin, ba cheart scéimeanna réitigh lena ndeonaítear státchabhair nó cabhair ón gCiste a bheith fós faoi réir fhormheas na cabhrach sin ag an gCoimisiún. Chun a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh, a luaithe is indéanta, an bhfuil an chabhair ón gCiste comhoiriúnach leis an margadh aonair, agus chun sreabhadh rianúil faisnéise a áirithiú, is gá a leagan síos freisin gur cheart don Bhord agus don Choimisiún an fhaisnéis uile is gá maidir le húsáid fhéideartha na cabhrach ón gCiste a roinnt go pras agus foráil a dhéanamh maidir le rialacha sonracha maidir le cathain agus cén fhaisnéis ba cheart don Bhord a sholáthar don Choimisiún chun bonn eolais a chur faoin measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún ar chomhoiriúnacht na cabhrach ón gCiste.
(26)An nós imeachta lena rialaítear dul i mbun réitigh agus an nós imeachta lena rialaítear an cinneadh na cumhachtaí díluachála agus comhshó a chur i bhfeidhm, tá siad cosúil le chéile. Is iomchuí, dá bhrí sin, cúraimí an Bhoird agus cúraimí BCE nó an údaráis inniúil náisiúnta faoi seach a ailíniú, de réir mar is ábhartha, nuair a dhéanann siad measúnú, ar thaobh amháin, i dtaca le cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha ann chun na cumhachtaí díluachála agus comhshó a chur i bhfeidhm, agus, ar an taobh eile, nuair a dhéanann siad measúnú ar na coinníollacha chun scéim réitigh a ghlacadh.
(27)D’fhéadfadh sé go mbeadh gníomhaíocht réitigh le cur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh atá ina cheann ar ghrúpa réitigh, agus an tráth céanna, go mbeadh cumhachtaí díluachála agus comhshó le cur i bhfeidhm maidir le heintiteas eile den ghrúpa céanna. Maidir le hidirthuilleamaíochtaí idir eintitis den sórt sin, lena n‑áirítear ceanglais chaipitil chomhdhlúite a bheith ann atá le hathbhunú agus an gá le caillteanas réamhtheachtach agus sásraí iartheachtacha caipitil a ghníomhachtú, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach measúnú a dhéanamh ar na riachtanais ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin do gach eintiteas ar leithligh, agus ar an gcaoi sin na méideanna is gá a chinneadh a dhíluacháil agus a chomhshó le haghaidh gach eintitis. Ba cheart, dá bhrí sin, an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na cumhachta chun ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil agus a chomhshó sna cásanna sin a shonrú, agus ba cheart don Bhord idirthuilleamaíochtaí den sórt sin a chur san áireamh. Chuige sin, i gcás ina gcomhlíonfaidh eintiteas amháin na coinníollacha maidir leis an gcumhacht díluachála agus comhshó a chur i bhfeidhm agus ina gcomhlíonfaidh eintiteas eile laistigh den ghrúpa céanna na coinníollacha maidir le réiteach san am céanna, ba cheart don Bhord scéim réitigh a ghlacadh lena gcumhdófar an dá eintiteas.
(28)Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, agus i bhfianaise ábharthacht fhéideartha na ndliteanas a d’fhéadfadh teacht as teagmhais neamhchinnte amach anseo, lena n‑áirítear toradh dlíthíochtaí atá ar feitheamh tráth an réitigh, is gá a leagan síos cén láimhseáil ba cheart a thabhairt do na dliteanais sin chun an uirlis tarrthála inmheánaí a chur i bhfeidhm. Maidir leis sin, na treoirphrionsabail dá bhforáiltear sna rialacha cuntasaíochta, agus go háirithe na rialacha cuntasaíochta a leagtar síos i gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 37 faoi mar a glacadh iad i Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún, ba cheart glacadh leo siúd mar na treoirphrionsabail. Ar an mbonn sin, ba cheart do na húdaráis réitigh idirdhealú a dhéanamh idir soláthairtí agus dliteanais theagmhasacha. Is dliteanais iad soláthairtí a bhaineann le heis-sreabhadh dóchúil cistí, dliteanais is féidir a mheas go hiontaofa. Ní aithnítear dliteanais theagmhasacha mar dhliteanais chuntasaíochta mar go mbaineann siad le hoibleagáid nach féidir a mheas mar oibleagáid dhóchúil tráth an mheastacháin nó nach féidir a mheas go hiontaofa.
(29)Ós rud é gur dliteanais chuntasaíochta iad na soláthairtí, ba cheart a shonrú go gcaithfear leis na forálacha sin ar an gcaoi chéanna a láimhseáiltear dliteanais eile. Ba cheart bheith in ann tarrtháil inmheánach a thabhairt ar fhorálacha den sórt sin, ach amháin má chomhlíonann siad ceann de na critéir shonracha lena n‑eisiamh ó raon feidhme na huirlise tarrthála inmheánaí. I bhfianaise ábharthacht fhéideartha na bhforálacha sin i gcás réitigh agus chun cinnteacht a áirithiú i gcur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí, ba cheart a shonrú gur cuid de na dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu iad na forálacha agus, mar thoradh air sin, go bhfuil feidhm ag an uirlis tarrthála inmheánaí maidir leo.
(30)De réir phrionsabail na cuntasaíochta, ní féidir dliteanais theagmhasacha a aithint mar dhliteanais agus níor cheart, dá bhrí sin, gur féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu. Is gá a áirithiú, áfach, nach ndéanfaidh dliteanas teagmhasach a d’eascródh as teagmhas atá neamhdhóchúil nó nach féidir a mheas go hiontaofa tráth an réitigh dochar d’éifeachtacht na straitéise réitigh agus go háirithe d’éifeachtacht na huirlise ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt uirthi. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart don luachálaí, mar chuid den luacháil chun críoch réitigh, measúnú a dhéanamh ar dhliteanais theagmhasacha a áirítear i gclár comhardaithe na hinstitiúide nó an eintitis faoi réiteach agus luach féideartha na ndliteanas sin a chainníochtú de réir chumas an luachálaí. Chun a áirithiú gur féidir leis an institiúid nó leis an eintiteas, tar éis an phróisis réitigh, muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú ar feadh tréimhse iomchuí ama, ba cheart don luachálaí an luach ionchasach sin a chur san áireamh nuair a bheidh an méid á shuíomh faoinar gá dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a dhíluacháil nó a chomhshó chun cóimheasa caipitil na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú. Go háirithe, ba cheart don údarás réitigh a chumhachtaí comhshó a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a mhéid is gá chun a áirithiú gur leor athchaipitliú na hinstitiúide faoi réiteach chun caillteanais a chumhdach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar dhliteanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar theagmhas neamhdhóchúil. Agus measúnú á dhéanamh ar an méid atá le díluacháil nó le comhshó, ba cheart don údarás réitigh breithniú cúramach a dhéanamh ar thionchar an chaillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann ar an institiúid faoi réiteach bunaithe ar roinnt tosca, lena n‑áirítear an dóchúlacht go dtiocfaidh an teagmhas chun cinn, an creat ama dá theacht chun cinn agus méid an dliteanais theagmhasaigh.
(31)I gcúinsí áirithe, tar éis don Chiste Réitigh Aonair ranníocaíocht suas le huasmhéid 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide nó an eintitis, lena n‑áirítear cistí dílse, a chur ar fáil, féadfaidh an Bord foinsí breise cistiúcháin a úsáid chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt dá ngníomhaíocht réitigh. Ba cheart é a shonrú ar bhealach níos soiléire maidir leis na himthosca ina bhféadfaidh an Ciste Réitigh Aonair tacaíocht bhreise a sholáthar i gcás ina ndearnadh gach dliteanas ag a bhfuil rangú tosaíochta níos ísle ná taiscí, nach n‑eisiatar go héigeantach nó go discréideach ón tarrtháil inmheánach a dhíluacháil nó a chomhshó ina n‑iomláine.
(32)Tá rath an réitigh ag brath ar rochtain thráthúil a bheith ag an mBord ar fhaisnéis ábhartha ó na hinstitiúidí agus ó na heintitis a thagann faoi fhreagracht an Bhoird agus ó institiúidí agus údaráis phoiblí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Bhord a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis de chineál staidrimh a bhailigh BCE faoina fheidhm bhainc cheannais, sa bhreis ar an bhfaisnéis atá ar fáil do BCE mar mhaoirseoir faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. De bhun Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle, ba cheart don Bhord cosaint fhisiceach agus loighciúil ar fhaisnéis staidrimh rúnda a áirithiú agus ba cheart dó údarú a éileamh chuig BCE chun tarchur breise a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun cúraimí an Bhoird a fhorghníomhú. Ós rud é go bhféadfadh gá a bheith le faisnéis a bhaineann le líon na gcustaiméirí arb í institiúid nó eintiteas an t‑aon chomhpháirtí baincéireachta amháin nó an príomh-chomhpháirtí baincéireachta ina leith, ar faisnéis í atá i seilbh na sásraí uathoibrithe láraithe arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart don Bhord a bheith in ann an fhaisnéis sin a fháil ar bhonn cás ar chás. Ba cheart uainiú beacht na rochtana dírí a bheadh ag an mBord ar fhaisnéis a shonrú freisin. Go háirithe, nuair atá an fhaisnéis ábhartha ar fáil d’institiúid nó d’údarás a bhfuil oibleagáid uirthi nó air comhoibriú leis an mBord nuair a iarrann an Bord faisnéis, ba cheart d’institiúid nó d’údarás den sórt sin an fhaisnéis sin a sholáthar don Bhord. Más rud é, an tráth sin, nach mbeidh an fhaisnéis ar fáil, is cuma cén chúis nach bhfuil sí ar fáil, ba cheart don Bhord a bheith in ann an fhaisnéis sin a fháil ón duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil an fhaisnéis sin aige trí na húdaráis náisiúnta réitigh nó go díreach, tar éis dó na húdaráis réitigh náisiúnta sin a chur ar an eolas faoin méid sin. Ba cheart don Bhord a bheith in ann freisin an nós imeachta a shonrú, faoinar cheart dó faisnéis a fháil ó eintitis airgeadais agus an fhoirm ina ndéanfar sin chun a áirithiú gurb í an fhaisnéis sin is oiriúnaí dá riachtanais, lena n‑áirítear seomraí sonraí fíorúla. Ina theannta sin, chun an comhar is leithne is féidir a áirithiú leis na heintitis uile a d’fhéadfadh a bheith soghabhálach maidir le sonraí atá ábhartha don Bhord a shealbhú, agus atá riachtanach chun na cúraimí a thugtar dó a chomhlíonadh, agus chun dúbláil iarrataí chuig institiúidí agus eintitis a sheachaint, ba cheart go n‑áireofaí comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, na SRTanna ábhartha, an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach, na nÚdarás Maoirseachta Eorpach agus an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh leis na hinstitiúidí agus na húdaráis phoiblí uile ar cheart don Bhord a bheith in ann comhoibriú leo, infhaighteacht faisnéise a sheiceáil agus faisnéis a mhalartú. Ar deireadh, chun idirghabháil thráthúil na socruithe airgeadais atá ar conradh don Chiste Réitigh Aonair a áirithiú, i gcás inar gá, ba cheart don Bhord an Coimisiún agus BCE a chur ar an eolas a luaithe a mheasann sé go bhféadfadh sé a bheith riachtanach socruithe airgeadais den sórt sin a ghníomhachtú agus gach faisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún agus do BCE chun a gcúraimí a chomhlíonadh i ndáil leis na socruithe airgeadais sin.
(33)Foráiltear le hAirteagal 86(1) de Threoir 2014/59/AE nach bhfuil gnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir le hinstitiúidí agus eintitis faoi raon feidhme na Treorach sin le tosú ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh agus nach ndéanfar cinneadh lena gcuirtear institiúid nó eintiteas i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta ach amháin le toiliú an údaráis réitigh. Ní léirítear an fhoráil sin i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. I gcomhréir le roinnt na gcúraimí a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ba cheart do na húdaráis réitigh náisiúnta dul i gcomhairle leis an mBord sula ngníomhóidh siad i gcomhréir le hAirteagal 86(1) de Threoir 2014/59/AE le haghaidh institiúidí agus eintitis atá faoi fhreagracht dhíreach an Bhoird.
(34)Is ionann na critéir roghnúcháin do phost Leas-Chathaoirleach an Bhoird agus na critéir maidir leis an gCathaoirleach agus comhaltaí lánaimseartha eile an Bhoird a roghnú. Is iomchuí, dá bhrí sin, na cearta vótála céanna a thabhairt do Leas-Chathaoirleach an Bhoird agus atá ag an gCathaoirleach agus ag comhaltaí lánaimseartha an Bhoird.
(35)Chun leanúnachas institiúideach agus méadú ar shaineolas institiúideach a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag an gCathaoirleach, ag an Leas-Chathaoirleach agus ag comhaltaí lánaimseartha eile an Bhoird fónamh ar feadh dhá théarma as a chéile ina bpoist faoi seach. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfaí a dtéarma oifige a athnuachan ar feadh téarma 5 bliana, bunaithe ar mheastóireacht arna déanamh ag an gCoimisiún ar chomhlíonadh a ndualgas le linn an chéad téarma.
(36)Chun go bhféadfaidh an Bord réamh-mheasúnú a dhéanamh ina sheisiún iomlánach ar an dréachtbhuiséad sula dtíolacfaidh an Cathaoirleach a dhréacht críochnaitheach, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse faoina bhféadfaidh an Cathaoirleach togra tosaigh a chur ar aghaidh le haghaidh bhuiséad bliantúil an Bhoird.
(37)Tar éis na tréimhse tosaigh ina ndéantar an Ciste Réitigh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a thiomargadh, d’fhéadfadh laghduithe beaga faoi bhun a spriocleibhéil teacht ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dó, go háirithe mar thoradh ar mhéadú ar thaiscí cumhdaithe. Is dócha, dá bhrí sin, gur beag méid na ranníocaíochtaí ex-ante is dócha a ghlaofar sna cúinsí sin. D’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, sna blianta romhainn amach, nach mbeadh méid na ranníocaíochtaí ex ante sin i gcomhréir a thuilleadh leis an gcostas a bhaineann leis na ranníocaíochtaí sin a bhailiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord a bheith in ann tiomsú na ranníocaíochtaí ex ante a chur siar ar feadh bliain amháin nó níos mó go dtí go sroichfidh an méid atá le tiomsú méid atá comhréireach le costas an phróisis tiomsaithe, ar choinníoll nach ndéanfaidh iarchur den sórt sin difear ábhartha do chumas an Bhoird an Ciste Réitigh Aonair a úsáid.
(38)Tá gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe ar cheann de chomhpháirteanna na n‑acmhainní airgeadais atá ar fáil don Chiste Réitigh Aonair. Is gá, dá bhrí sin, na cúinsí a shonrú ina bhféadfar na gealltanais íocaíochta sin a ghlaoch, agus an nós imeachta is infheidhme nuair a bheidh na gealltanais á bhfoirceannadh i gcás ina scoirfidh institiúid nó eintiteas de bheith faoi réir na hoibleagáide ranníocaíochtaí a íoc leis an gCiste Réitigh Aonair. Ina theannta sin, chun níos mó trédhearcachta agus cinnteachta a sholáthar maidir le sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe i méid iomlán na ranníocaíochtaí ex ante atá le tiomsú, ba cheart don Bhord an sciar sin a chinneadh ar bhonn bliantúil, faoi réir na dteorainneacha is infheidhme.
(39)Uasmhéid bliantúil na ranníocaíochtaí ex post urghnácha leis an gCiste Réitigh Aonair a cheadaítear a ghlaoch, tá sé teoranta faoi láthair do thrí oiread na ranníocaíochtaí ex ante. Tar éis na tréimhse tiomargtha tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ní bheidh na ranníocaíochtaí ex ante sin ag brath ach amháin, i gcúinsí eile seachas úsáid an Chiste Réitigh Aonair, ar athruithe ar leibhéal na dtaiscí cumhdaithe agus is dócha, dá bhrí sin, go n‑éireoidh siad beag. Dá mbunófaí uasmhéid na ranníocaíochtaí ex post urghnácha ar ranníocaíochtaí ex ante, d’fhéadfaí teorainn mhór a chur leis an deis atá ag an gCiste Réitigh Aonair ranníocaíochtaí ex post a thiomsú, agus ar an gcaoi sin a chumas gníomhaíochta a laghdú. Chun an toradh sin a sheachaint, ba cheart teorainn dhifriúil a leagan síos agus ba cheart uasmhéid na ranníocaíochtaí ex post úrghnácha a cheadaítear glaoch orthu a shocrú ag trí oiread an ochtú cuid de spriocleibhéal an Chiste.
(40)Is féidir an Ciste Réitigh Aonair a úsáid chun tacú le cur i bhfeidhm na huirlise díolacháin gnó nó na huirlise droichead-institiúide, sa chaoi go n‑aistrítear tacar sócmhainní, ceart agus dliteanas de chuid na hinstitiúide faoi réiteach chuig faighteoir. Sa chás sin, féadfaidh an Bord éileamh a bheith aige in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí nó an eintitis iarmharaigh ina fhoirceannadh ina dhiaidh sin faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. D’fhéadfadh sin tarlú i gcás ina n‑úsáidtear an Ciste Réitigh Aonair i ndáil le caillteanais a d’iompródh creidiúnaithe murach sin, lena n‑áirítear i bhfoirm ráthaíochtaí do shócmhainní agus do dhliteanais, nó i bhfoirm chumhdach na difríochta idir na sócmhainní agus na dliteanais arna n‑aistriú. Chun a áirithiú go ndéanfaidh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a fhágtar ar lár san institiúid iarmharach nó san eintiteas iarmharach caillteanais na hinstitiúide faoi réiteach a iompar go héifeachtach agus feabhas a chur ar an bhféidearthacht aisíocaíochtaí i gcás dócmhainneachta a thabhairt don Bhord, ba cheart na héilimh sin de chuid an Bhoird in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí nó an eintitis iarmharaigh, agus éilimh a eascraíonn as speansais réasúnacha arna dtabhú i gceart ag an mBord, tairbhiú den rangú tosaíochta céanna i ndócmhainneacht agus rangú éileamh na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh i ngach Ballstát rannpháirteach, ar cheart é a bheith níos airde ná an rangú tosaíochta taiscí agus scéimeanna ráthaithe taiscí. Ós rud é gurb é is aidhm don chúiteamh a íoctar le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe ón gCiste Réitigh Aonair mar gheall ar sháruithe ar an bprionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ torthaí na gníomhaíochta réitigh a chúiteamh, níor cheart éilimh de chuid an Bhoird a bheith ag eascairt as an gcúiteamh sin.
(41)Ós rud é go bhfuil roinnt d’fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a bhaineann leis an ról a d’fhéadfadh a bheith ag scéimeanna ráthaithe taiscí i gcás réitigh cosúil leo siúd atá i dTreoir 2014/59/AE, ba cheart na leasuithe a rinneadh ar na forálacha sin i dTreoir 2014/59/AE faoin [OP cuir isteach uimhir na treorach lena leasaítear Treoir 2014/59/AE] a léiriú i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.
(42)Tá trédhearcacht ríthábhachtach chun sláine an mhargaidh, smacht an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí a áirithiú. Chun a áirithiú go mbeidh an Bord in ann iarrachtaí i dtreo níos mó trédhearcachta a chothú agus páirt a ghlacadh iontu, ba cheart cead a bheith ag an mBord faisnéis a nochtadh a eascraíonn as a chuid anailísí, measúnuithe agus cinntí féin, lena n‑áirítear a mheasúnuithe inréiteachta, i gcás nach ndéanfadh an nochtadh sin dochar do chosaint leas an phobail a mhéid a bhaineann le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch agus i gcás ina bhfuil leas sáraitheach poiblí ann sa nochtadh.
(43)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a leasú dá réir.
(44)Chun comhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 atá comhchosúil leis na leasuithe ar Threoir 2014/59/AE faoin... [OP, cuir isteach uimhir na treorach lena leasaítear Treoir 2014/59/AE] a chur i bhfeidhm ón dáta céanna leis an dáta le haghaidh thrasuí... [OP, cuir isteach uimhir na treorach lena leasaítear Treoir 2014/59/AE], is é sin... [OP cuir isteach an dáta = 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Níl aon chúis, áfach, le moill a chur ar chur i bhfeidhm na leasuithe sin ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a bhaineann go heisiach le feidhmiú an tSásra Réitigh Aonair. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe sin ón … [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 1 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
(45)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is e sin éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chreata téarnaimh agus réitigh d’institiúidí agus d’eintitis a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta do shláine an mhargaidh aonair agus, trí rialacha atá socraithe cheana ar leibhéal an Aontais a leasú, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 3(1) mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (24a):
‘(24a) ciallaíonn ‘eintiteas réitigh’ duine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach, a shainaithin an Bord nó an t‑údarás náisiúnta réitigh, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo, mar eintiteas ar ina leith a bhforáiltear do ghníomhaíocht réitigh sa phlean réitigh;’;
(b)cuirtear na pointí (24d) agus (24e) seo a leanas isteach:
‘(24d) ciallaíonn ‘G-SII neamh-AE’ G-SII neamh-AE mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (134), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(24e)
Ciallaíonn ‘eintiteas G-SII’ eintiteas G-SII mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (136), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (49):
‘(49) ciallaíonn ‘dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu’ na dliteanais, lena n‑áirítear na dliteanais sin as a n‑eascraíonn forálacha cuntasaíochta, agus na hionstraimí caipitil nach gcáilíonn mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Leibhéal 2 de chuid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 agus nach n‑eisiatar ó raon feidhme na huirlise tarrthála inmheánaí de bhun Airteagal 27(3);’;
(2)in Airteagal 4, cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. Cuirfidh na Ballstáit an Bord ar an eolas a luaithe is féidir maidir lena n‑iarraidh ar dhlúthchomhar a dhéanamh le BCE de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.
Tar éis fógra a thabhairt de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus sula mbunófar dlúthchomhar, soláthróidh na Ballstáit gach faisnéis faoi na heintitis agus na grúpaí atá bunaithe ar a gcríoch a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón mBord chun ullmhú do na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus leis an gComhaontú.’;
(3)leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)i mír 3, an ceathrú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad abairte:
‘Nuair a bheidh na cúraimí dá dtagraítear sa mhír seo á bhfeidhmiú, cuirfidh na húdaráis réitigh náisiúnta forálacha ábhartha an Rialacháin seo i bhfeidhm. Aon tagairtí don Bhord in Airteagal 5(2), Airteagal 6(5), Airteagail 8(6), (8), (12), agus (13), Airteagal 10(1) go (10), Airteagal 10a, Airteagail 11 go 14, Airteagal 15(1), (2) agus (3), Airteagal 16, Airteagal 18(1), (1a), (2) agus (6), Airteagal 20, Airteagal 21(1) go (7), an dara fomhír d'Airteagal 21(8), an dara fomhír, Airteagal 21(9) agus (10), Airteagal 22(1), (3) agus (6), Airteagal 23 agus Airteagal 24, Airteagal 25(3), Airteagal 27(1) go (15), Airteagal 27(16), an dara fomhír, agus an dara fomhír, an chéad, an tríú agus an ceathrú habairt agus Airteagal 32, léifear iad mar thagairtí do na húdaráis réitigh náisiúnta maidir le grúpaí agus eintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.’;
(b)leasaítear mír 5 mar a leanas:
(i)cuirtear na focail ‘Airteagal 12(3)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 12(2)’;
(ii)cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Tar éis éifeacht a bheith ag an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh go ndéanfar an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí a bhaineann le heintitis agus grúpaí atá bunaithe ar a gcríoch, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2, a chur ar ais chuig na húdaráis réitigh náisiúnta, agus sa chás sin ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír a thuilleadh. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil rún acu an rogha sin a úsáid fógra a thabhairt don Bhord agus don Choimisiún de. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfógra sin ó lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’;
(4)leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Féadfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(8) de Threoir 2014/59/AE a fheidhmiú. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo.’;
(b)i mír 10, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Féadfaidh sainaithint na mbeart atá le déanamh maidir leis na fochuideachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), nach eintitis réitigh iad, a bheith faoi réir cur chuige simplithe ag an mBord mura mbeadh tionchar diúltach ag an gcur chuige sin ar inréiteacht an ghrúpa, agus méid na fochuideachta, a próifíl riosca, an easpa feidhmeanna criticiúla agus an straitéis réitigh grúpa á gcur san áireamh.’;
(c)cuirtear mír 14 seo a leanas isteach:
‘14. Ní ghlacfaidh an Bord pleananna réitigh le haghaidh na n‑eintiteas agus na ngrúpaí dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 22(5) nó i gcás ina mbeidh an t‑eintiteas nó an grúpa á fhoirceannadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme de bhun Airteagal 32b de Threoir 2014/59/AE.’;
(5)leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
(a)i mír 4, an ceathrú fomhír, cuirtear na focail ‘an tríú fomhír’ in ionad na bhfocal ‘an chéad fhomhír’;
(b)i mír 7, cuirtear na focail ‘a dhírítear chuig an eintiteas nó chuig an máthairghnóthas’ in ionad na bhfocal ‘a thugtar don institiúid nó don mháthairghnóthas’ agus cuirtear na focail ‘an tionchar ar shamhail ghnó an eintitis nó an ghrúpa’ in ionad na bhfocal ‘an tionchar ar shamhail ghnó na hinstitiúide’;
(c)leasaítear mír 10 mar a leanas:
(i)sa dara fomhír, cuirtear na focail ‘eintiteas lena mbaineann’ in ionad na bhfocal ‘an institiúid’;
(ii)sa tríú fomhír, cuirtear an focal ‘eintiteas’ in ionad an fhocail ‘institiúid’;
(iii)cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Má laghdaítear nó má chuirtear deireadh leis na baic ar inréiteacht go héifeachtach leis na bearta a mhol an t‑eintiteas lena mbaineann, déanfaidh an Bord cinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle le BCE nó leis an údarás inniúil náisiúnta ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, leis an údarás macrastuamachta ainmnithe. Léireofar sa chinneadh sin go laghdófar nó go gcuirfear deireadh leis na baic ar inréiteacht go héifeachtach leis na bearta a mholtar agus tabharfar treoir do na húdaráis réitigh náisiúnta ceangal a chur ar an institiúid, ar an máthairghnóthas, nó ar aon fhochuideachta de chuid an ghrúpa lena mbaineann, na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme.’;
(6)Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘1. I gcás ina mbeidh an ceanglas maoláin chomhcheangailte á chomhlíonadh ag eintiteas agus an ceanglas sin á mheas sa bhreis ar gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 141a(1), pointí (a), (b) agus (c) de Threoir 2013/36/AE, ach ní dhéanann sé an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh nuair a dhéantar é a mheas sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, agus é sin á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 12a(2), pointe (a) den Rialachán seo, i gcomhréir le mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, beidh de chumhacht ag an mBord ordú a thabhairt don údarás náisiúnta réitigh toirmeasc a chur ar eintiteas, níos mó ná an t‑uasmhéid indáilte a bhaineann leis an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe (‘M-MDA’), arna ríomh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, a dháileadh, trí aon cheann de na gníomhaíochtaí a leanas:’;
(b)cuirtear mír 7 seo a leanas isteach:
‘7. I gcás nach bhfuil eintiteas faoi réir an cheanglais maoláin chomhcheangailte ar an mbonn céanna ar a gceanglaítear air na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 12a agus 12e a chomhlíonadh, cuirfidh an Bord míreanna 1 go 6 den Airteagal seo i bhfeidhm ar bhonn an mheastacháin ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún*. Beidh feidhm ag an gceathrú mír d’Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE.
Déanfaidh an Bord an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áireamh sa chinneadh lena gcinntear na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12a agus Airteagal 12e den Rialachán seo. Cuirfidh an t‑eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta ar fáil go poiblí in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 45i(3) de Threoir 2014/59/AE.
______________________________
*
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin de bhun na Treorach réamhráite (IO L 241, 8.7.2021, lch. 1).’;
(7)in Airteagal 12, cuirtear an mhír 8 seo a leanas isteach:
‘8. Beidh an Bord freagrach as na ceadanna dá dtagraítear in Airteagail 77(2) agus 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a dheonú do na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Díreoidh an Bord a chinneadh chuig an eintiteas lena mbaineann.’;
(8)in Airteagal 12a, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Áiritheoidh an Bord agus údaráis réitigh náisiúnta go gcomhlíonfaidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagail 12(1) agus (3), i gcónaí, na ceanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás ina gceanglaítear sin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 12b go 12i faoi mar a chinn an Bord ina leith.’;
(9)Leasaítear Airteagal 12c mar a leanas:
(a)i mír 4 agus i mír 5, cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad na bhfocal ‘G-SIIanna’;
(b)i mír 7, foclaíocht réamhráiteach, cuirtear na focail ‘mír 4’ in ionad na bhfocal ‘mír 3’, agus cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad na bhfocal ‘G-SIIanna’;
(c)leasaítear mír 8 mar a leanas:
(i)sa chéad fhomhír, cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad na bhfocal ‘G-SIIanna’;
(ii)sa dara fomhír, pointe (c), cuirtear na focail ‘eintiteas G-SII’ in ionad na bhfocal ‘G-SII’;
(d)cuirtear an mhír 10 seo a leanas leis:
‘10. Féadfaidh an Bord cead a thabhairt d’eintitis réitigh na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 7 a chomhlíonadh trí chistí dílse nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a úsáid nuair a chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)i gcás eintitis ar eintitis G-SII iad nó eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12a(4) nó (5), níor laghdaigh an Bord an ceanglas dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, de bhun na chéad fhomhíre den mhír sin;
(b)na dliteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 72b(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, comhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b(4), pointí (b) go (e), den Rialachán sin.’;
(10)in Airteagal 12a, mír 3, an t‑ochtú fomhír, agus mír 6, an t‑ochtú fomhír, cuirtear na focail ‘feidhmeanna criticiúla’ in ionad na bhfocal ‘feidhmeanna eacnamaíocha criticiúla’;
(11)cuirtear isteach an Airteagal 12da seo a leanas:
‘Airteagal 12da
An t‑íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh le haghaidh straitéisí aistrithe as a dtiocfaidh imeacht ón margadh
1. Agus Airteagal 12a á chur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh a bhfuil sé beartaithe go príomha ina straitéis réitigh tosaíochta úsáid a bhaint as an uirlis díolacháin gnó nó as an uirlis droichead-institiúide agus go n‑imeoidh sé ón margadh, socróidh an Bord an méid athchaipitliúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 12a(3) ar bhealach comhréireach ar bhonn na gcritéar seo a leanas, de réir mar is ábhartha:
(a)méid, samhail ghnó, samhail chistiúcháin agus próifíl riosca an eintitis réitigh, agus doimhneacht an mhargaidh ina n‑oibríonn an t‑eintiteas réitigh;
(b)na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais atá le haistriú chuig faighteoir mar a shainaithnítear sa phlean réitigh, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(i)croílínte gnó agus feidhmeanna criticiúla an eintitis réitigh;
(ii)na dliteanais atá eisiata ón tarrtháil inmheánach de bhun Airteagal 27(3);
(iii)na coimircí dá dtagraítear in Airteagail 73 go 80 de Threoir 2014/59/AE;
(c)luach ionchasach agus indíoltacht scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, cearta nó dliteanais an eintitis réitigh dá dtagraítear i bpointe (b), agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(i)aon bhac ábhartha ar inréiteacht, arna shainaithint ag an údarás réitigh, a bhaineann go díreach le cur i bhfeidhm na huirlise díolacháin gnó nó na huirlise droichead-institiúide;
(ii)na caillteanais a eascraíonn as na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais atá fágtha san institiúid iarmharach;
(d)cibé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe sa straitéis réitigh tosaíochta scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile arna n‑eisiúint ag an eintiteas réitigh, nó sócmhainní, cearta agus dliteanais uile an eintitis réitigh, nó cuid díobh, a aistriú;
(e)cibé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe sa straitéis réitigh tosaíochta an uirlis deighilte sócmhainní a chur i bhfeidhm.
2. I gcás ina bhforáiltear sa phlean réitigh go bhfuil an t‑eintiteas le foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta nó faoi nósanna imeachta náisiúnta coibhéiseacha eile agus go mbeartaítear leis an scéim ráthaithe taiscí a úsáid de bhun Airteagal 11(5) de Threoir 2014/49/AE, cuirfidh an Bord mír 1 den Airteagal seo san áireamh freisin agus an measúnú dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 12d(2a) den Rialachán seo á dhéanamh aige.
3. Ní bheidh de thoradh ar mhír 1 a chur i bhfeidhm méid atá níos mó ná an méid a bheidh mar thoradh ar Airteagal 12a(3) a chur i bhfeidhm.’;
(12)in Airteagal 12e(1), cuirtear na focail ‘eintiteas G-SII’ in ionad na bhfocal ‘G-SII nó cuid de G-SII’;
(13)leasaítear Airteagal 12g mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n‑áirítear BCE, a chinneadh an ceanglas a leagtar síos san Airteagal sin a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b) agus maidir le hinstitiúid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (c), ar fochuideachta d'’eintiteas réitigh é ach nach eintiteas réitigh ann féin é.’;
(ii)sa tríú fomhír, cuirtear na focail ‘an chéad fhomhír agus an dara fomhír’ in ionad na bhfocal ‘an chéad fhomhír’;
(b)cuirtear mír 4 seo a leanas isteach:
‘4. I gcás, i gcomhréir leis an straitéis réitigh dhomhanda, nach eintitis réitigh iad fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas, nó máthairghnóthas de chuid an Aontais agus a fho-institiúidí, agus i gcás ina gcomhaontaíonn comhaltaí an choláiste réitigh Eorpaigh leis an straitéis sin, i gcás ina mbunaítear iad de bhun Airteagal 89 de Threoir 2014/59/AE, comhlíonfaidh fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas nó, ar bhonn comhdhlúite, an máthairghnóthas de chuid an Aontais, ceanglas Airteagal 12a(1) trí na hionstraimí dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo a eisiúint d’aon cheann díobh seo a leanas:
(a)a máthairghnóthas deiridh atá bunaithe i dtríú tír;
(b)fochuideachtaí an mháthairghnóthais deiridh sin atá bunaithe sa tríú tír chéanna;
(c)eintitis eile faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, pointí (a)(i) agus (b)(ii), den Airteagal seo.’;
(14)Leasaítear Airteagal 12k mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte sa chéad fhomhír:
De mhaolú ar Airteagal 12a(1), cinnfidh an Bord idirthréimhsí iomchuí le haghaidh eintitis chun na ceanglais in Airteagal 12f nó in Airteagal 12g a chomhlíonadh, nó na ceanglais a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 12c(4), (5) nó (7), de réir mar is iomchuí.’;
(b)i mír 3, pointe (a), cuirtear na focail ‘an Bord’ in ionad na bhfocal ‘an Bord nó an t‑údarás náisiúnta réitigh’;
(c)i mír 4, cuirtear na focail ‘G-SII nó G-SII neamh-AE’ in ionad na bhfocal ‘G-SII’;
(d)i mír 5 agus i mír 6, cuirtear na focail ‘an Bord’ in ionad na bhfocal ‘an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh’;
(15)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:
‘Airteagal 13
Bearta luath-idirghabhála
1. Féadfaidh BCE bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)comhlíonann an t‑eintiteas na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 102 de Threoir 2013/36/AE nó in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus tá feidhm ag ceachtar díobh seo a leanas:
(i)ní dhearna an t‑eintiteas na gníomhaíochtaí ceartaitheacha arna héileamh ag BCE, lena n‑áirítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 nó in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2019/2034;
(ii)measann BCE nach leor gníomhaíochtaí feabhais seachas bearta luath-idirghabhála chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a eascraíonn, inter alia, as meath tapa suntasach ar staid airgeadais an eintitis;
(b)tá na ceanglais a leagtar síos i dTeideal II de Threoir 2014/65/AE, in Airteagail 3 go 7, 14 go 17, nó 24, 25 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, nó in Airteagail 12f nó 12g den Rialachán seo á sárú ag an eintiteas, nó is dócha go sáróidh sé iad sna 12 mhí tar éis mheasúnú BCE.
Féadfaidh BCE a chinneadh go gcomhlíonfar an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(ii), gan gníomhaíochtaí leasúcháin eile a dhéanamh roimhe sin, lena n‑áirítear feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE nó in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.
2. Chun críocha mhír 1, ar na bearta luath-idirghabhála beidh an méid seo a leanas:
(a)an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta an eintitis ceachtar de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(i)ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh a chur chun feidhme;
(ii)an plean téarnaimh a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Threoir 2014/59/AE i gcás nach ionann na himthosca ba chúis leis an luath-idirghabháil agus na toimhdí a leagtar amach sa phlean téarnaimh tosaigh agus ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh nuashonraithe a chur chun feidhme laistigh de thréimhse shonrach;
(b)an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta an eintitis cruinniú de scairshealbhóirí an eintitis a thionól, nó mura gcomhlíonann an comhlacht bainistíochta an ceanglas sin, an cruinniú a thionól iad féin go díreach, agus sa dá chás an clár a shocrú agus a cheangal go mbreithneofaí cinntí áirithe lena nglacadh ag na scairshealbhóirí;
(c)an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta an eintitis plean a tharraingt suas, i gcomhréir leis an bplean téarnaimh i gcás inarb infheidhme, le haghaidh idirbheartaíocht maidir le hathstruchtúrú fiachais le cuid dá chreidiúnaithe nó lena chreidiúnaithe go léir;
(d)an ceanglas struchtúr dlíthiúil na hinstitiúide a athrú;
(e)an ceanglas an bhainistíocht shinsearach nó comhlacht bainistíochta an eintitis a bhaint nó a ionadú ina iomláine nó maidir le daoine aonair, i gcomhréir le hAirteagal 13a;
(f)riarthóir sealadach amháin nó níos mó a cheapadh don eintiteas, i gcomhréir le hAirteagal 13b.
3. Roghnóidh BCE na bearta luath-idirghabhála iomchuí bunaithe ar a bhfuil comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú, ag féachaint do thromchúis an tsáraithe nó don sárú dóchúil agus do luas an mheathlaithe ar staid airgeadais an eintitis, i measc faisnéise ábhartha eile.
4. I gcás gach ceann de na bearta dá dtagraítear i mír 2, socróidh BCE sprioc-am is iomchuí chun an beart sin a chríochnú agus a chuireann ar a chumas do BCE meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtúlacht.
5. I gcás ina mbeidh i ngrúpa eintitis atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha agus i mBallstáit neamh-rannpháirteacha, déanfaidh BCE ionadaíocht d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát rannpháirteach, chun críoch comhchomhairle agus comhair le Ballstáit neamh-rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir 2014/59/AE.
I gcás ina mbeidh i ngrúpa eintitis atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha agus fochuideachtaí atá bunaithe, nó brainsí suntasacha atá lonnaithe, i mBallstáit neamh-rannpháirteacha, déanfaidh BCE aon chinneadh nó beart dá dtagraítear in Airteagail 13 go 13c atá ábhartha don ghrúpa, a chur in iúl d’údaráis inniúla agus/nó d’údaráis réitigh na mBallstát neamh-rannpháirteach, de réir mar is iomchuí.’;
(16)cuirtear na hAirteagail 13a, 13b agus 13c seo a leanas isteach:
‘Airteagal 13a
An bhainistíocht shinsearach nó an comhlacht bainistíochta a ionadú
Chun críocha Airteagal 13(2), pointe (e), déanfar an bhainistíocht shinsearach nua nó an comhlacht bainistíochta nua, nó comhaltaí aonair de na comhlachtaí sin, a cheapadh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus beidh siad faoi réir fhormheas BCE.
Airteagal 13b
Riarthóir sealadach
1. Chun críocha Airteagal 13(2), pointe (f), féadfaidh BCE, bunaithe ar a bhfuil comhréireach sna himthosca, aon riarthóir sealadach a cheapadh chun ceachtar de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)teacht in ionad chomhlacht bainistíochta an eintitis ar bhonn sealadach;
(b)oibriú go sealadach le comhlacht bainistíochta an eintitis.
Sonróidh BCE a rogha faoi phointe (a) nó faoi phointe (b) tráth a cheapfar an riarthóir sealadach.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), sonróidh BCE a thuilleadh, tráth a cheapfar an riarthóir sealadach, ról, dualgais agus cumhachtaí an riarthóra shealadaigh sin agus aon cheanglas ar chomhlacht bainistíochta an eintitis i dtaca le dul i gcomhairle leis an riarthóir sealadach nó toiliú an riarthóra shealadaigh a fháil sula ndéanfaidh sé cinntí nó gníomhaíochtaí sonracha.
Déanfaidh BCE ceapadh aon riarthóra shealadaigh a phoibliú ach amháin i gcás nach bhfuil an chumhacht ag an riarthóir sealadach ionadaíocht a dhéanamh ar son an eintitis.
Comhlíonfaidh aon riarthóir sealadach na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 91(1), (2) agus (3) de Threoir 2013/36/AE. Beidh measúnú BCE ar cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an riarthóir sealadach na ceanglais sin ina dhlúthchuid den chinneadh an riarthóir sealadach sin a cheapadh.
2. Sonróidh BCE cumhachtaí an riarthóra shealadaigh tráth a cheaptha bunaithe ar a mhéid is comhréireach sna himthosca. Féadfaidh cuid de chumhachtaí chomhlacht bainistíochta an eintitis faoi reachtanna an eintitis agus faoin dlí náisiúnta, nó iad go léir, a bheith san áireamh leis na cumhachtaí sin, lena n‑áirítear an chumhacht chun roinnt feidhmeanna riaracháin de chuid chomhlacht bainistíochta an eintitis, nó iad go léir, a fheidhmiú. Beidh cumhachtaí an riarthóra shealadaigh maidir leis an eintiteas i gcomhréir leis an dlí cuideachtaí is infheidhme.
3. Sonróidh BCE an ról agus feidhmeanna an riarthóra shealadaigh tráth an cheapacháin. D’fhéadfadh an méid seo a leanas go léir a bheith san áireamh sa ról agus sna feidhmeanna sin:
(a)staid airgeadais an eintitis a fhionnadh;
(b)gnó nó cuid de ghnó an eintitis a bhainistiú chun a staid airgeadais a chaomhnú nó a athbhunú;
(c)bearta a dhéanamh chun bainistíocht fhónta stuama ghnó an eintitis a athbhunú.
Sonróidh BCE aon teorainn le ról agus feidhmeanna an riarthóra shealadaigh tráth a cheapacháin.
4. Beidh an chumhacht eisiach ag BCE chun aon riarthóir sealadach a cheapadh agus a chur as oifig. Féadfaidh BCE riarthóir sealadach a chur as oifig ag am ar bith agus ar chúis ar bith. Féadfaidh BCE téarmaí ceapacháin an riarthóra shealadaigh a athrú ag am ar bith faoi réir an Airteagail seo.
5. Féadfaidh BCE a cheangal ar an riarthóir sealadach toiliú a fháil roimh ré ó BCE le haghaidh gníomhartha áirithe. Sonróidh BCE aon cheanglas den sórt sin agus an riarthóir sealadach á cheapadh nó tráth a dhéantar aon athrú ar théarmaí ceapacháin an riarthóra shealadaigh.
In aon chás, féadfaidh an riarthóir sealadach an chumhacht cruinniú ginearálta de scairshealbhóirí an eintitis a thionól agus clár an chruinnithe sin a shocrú, ar an gcoinníoll go bhfaigheann sé toiliú roimh ré ó BCE.
6. Arna iarraidh sin do BCE, déanfaidh an riarthóir sealadach tuarascálacha a tharraingt suas maidir le staid airgeadais an eintitis agus na gníomhartha a rinneadh le linn thréimhse a cheapacháin, ag eatraimh arna socrú ag BCE agus ag deireadh a shainordaithe.
7. Ceapfar an riarthóir sealadach ar feadh bliain amháin ar a mhéad. Féadfar an tréimhse sin a athnuachan ar bhonn eisceachtúil má chomhlíontar na coinníollacha maidir le ceapadh an riarthóra shealadaigh i gcónaí. Cinnfidh BCE na coinníollacha sin agus tabharfaidh sé údar le haon athnuachan ar cheapadh an riarthóra shealadaigh chuig na scairshealbhóirí.
8. Faoi réir an Airteagail seo, ní dhéanfar dochar do chearta na scairshealbhóirí trí riarthóir sealadach a cheapadh a leagtar síos i ndlí an Aontais nó leis an dlí cuideachtaí náisiúnta.
9. Ní mheasfar gur scáthstiúrthóir nó stiúrthóir de facto faoin dlí náisiúnta é aon riarthóir sealadach arna cheapadh de bhun mhíreanna 1 go 8 den Airteagail seo.
Airteagal 13c
Ullmhú don réiteach
1. Maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b), agus Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm, tabharfaidh BCE nó údaráis inniúla náisiúnta fógra don Bhord gan mhoill maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 nó in Airteagal 104(1) de Threoir 2013/36/AE a cheanglaíonn siad ar eintiteas nó ar ghrúpa a dhéanamh;
(b)i gcás ina léiríonn gníomhaíocht mhaoirseachta go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(1) den Rialachán seo nó in Airteagal 27(1) de Threoir 2014/59/AE á gcomhlíonadh i ndáil le heintiteas nó grúpa, an measúnú go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, gan beann ar aon bheart luath-idirghabhála;
(c)cur i bhfeidhm aon cheann de na bearta luath-idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo nó in Airteagal 27 de Threoir 2014/59/AE.
Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon fhógra a bheidh faighte aige de bhun na chéad fhomhíre.
Déanfaidh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha dlúthfhaireachán, i gcomhar leis an mBord, ar staid na n‑eintiteas agus na ngrúpaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ar chomhlíonadh na mbeart dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar mheathlú ar staid na n‑eintiteas agus na ngrúpaí sin agus ar na bearta luath-idirghabhála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c).
2. Tabharfaidh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha fógra don Bhord a luaithe is féidir i gcás ina measfaidh siad go bhfuil riosca ábhartha ann go mbeadh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4) maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2), nó maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b), agus in Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm:
(a)na cúiseanna a bhfuil fógra á thabhairt;
(b)forléargas ar na bearta lena gcuirfí cosc ar theip an eintitis laistigh de thréimhse ama réasúnta, an tionchar a mheastar a bheidh acu ar an eintiteas a mhéid a bhaineann leis na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4) agus an t‑achar ama a bhfuil coinne leis chun na bearta sin a chur chun feidhme.
Tar éis dó an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, déanfaidh an Bord measúnú, i ndlúthchomhar le BCE nó leis an údarás inniúil náisiúnta ábhartha, ar cad is tréimhse réasúnta ann chun measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (b), agus aird á tabhairt ar luas an mheathlaithe ar staid an eintitis, ar an ngá atá leis an straitéis réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus ar aon bhreithniú ábhartha eile. Cuirfidh an Bord an measúnú sin in iúl do BCE nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha a luaithe is féidir.
Tar éis an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, déanfaidh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha agus an Bord, i ndlúthchomhar le chéile, faireachán ar staid an eintitis, ar chur chun feidhme aon bheart ábhartha laistigh den tréimhse ama a mheastar a bheidh acu agus ar aon fhorbairt ábhartha eile. Chun na críche sin, tiocfaidh an Bord agus BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha le chéile go rialta, le minicíocht arna socrú ag an mBord agus imthosca an cháis á gcur san áireamh. Déanfaidh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha agus an Bord aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar dá chéile gan mhoill.
Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon fhaisnéis a bheidh faighte aige de bhun na chéad fhomhíre.
3. Soláthróidh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha an fhaisnéis uile a iarrfaidh an Bord don Bhord, ar faisnéis í atá riachtanach le haghaidh gach ceann díobh seo a leanas:
(a)an plean réitigh a thabhairt cothrom le dáta agus ullmhú le haghaidh réiteach féideartha eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin;
(b)an luacháil dá dtagraítear in Airteagal 20(1) go (15) a dhéanamh.
I gcás nach bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil cheana féin do BCE nó do na húdaráis inniúla náisiúnta, comhoibreoidh an Bord agus BCE agus na húdaráis inniúla náisiúnta sin agus comhordóidh siad chun an fhaisnéis sin a fháil. Chun na críche sin, beidh sé de chumhacht ag BCE agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta a cheangal ar an eintiteas an fhaisnéis sin a sholáthar, lena n‑áirítear trí chigireachtaí ar an láthair, agus an fhaisnéis sin a sholáthar don Bhord.
4. Beidh sé de chumhacht ag an mBord margaíocht a dhéanamh do cheannaitheoirí ionchasacha, nó socruithe a dhéanamh don mhargaíocht sin, don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2), nó don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(4), i bpointe (b) agus in Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm nó ina gceanglaítear ar an eintiteas é sin a dhéanamh, chun na gcríoch seo a leanas:
(a)ullmhú do réiteach an eintitis sin, faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear in Airteagal 39(2) de Threoir 2014/59/AE agus na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 88 den Rialachán seo;
(b)an measúnú a dhéanfaidh an Bord a chur ar an eolas faoin gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (b) den Rialachán seo.
5. Chun críocha mhír 4, beidh an chumhacht ag an mBord an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)a iarraidh ar an eintiteas lena mbaineann ardán digiteach a chur ar bun chun an fhaisnéis is gá a chomhroinnt chun an t‑eintiteas sin a mhargú le ceannaitheoirí ionchasacha nó le comhairleoirí agus luachálaithe atá fostaithe ag an mBord;
(b)a cheangal ar an údarás náisiúnta réitigh ábhartha réamhscéim réitigh a dhréachtú don eintiteas lena mbaineann.
6. Cinneadh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(1) den Rialachán seo nó in Airteagal 27(1) de Threoir 2014/59/AE á gcomhlíonadh agus nach gá bearta luath-idirghabhála a ghlacadh roimh ré ionas go bhféadfaidh an Bord ullmhú do réiteach an eintitis nó chun na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo a fheidhmiú.
7. Déanfaidh an Bord an Coimisiún, BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha agus na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha a chur ar an eolas maidir le haon ghníomh a dhéantar de bhun mhíreanna 4 agus 5 gan mhoill.
8. Comhoibreoidh BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta, an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha go dlúth le chéile:
(a)agus breithniú á dhéanamh ar na bearta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a) a dhéanamh arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar mheathlú ar staid eintitis agus grúpa, agus ar na bearta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c);
(b)agus breithniú á dhéanamh ar aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5;
(c)le linn chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den fhomhír seo.
Áiritheoidh BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta, an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh ábhartha go mbeidh na bearta agus na gníomhaíochtaí sin comhsheasmhach, comhordaithe agus éifeachtach.’;
(17)In Airteagal 14(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus pointe (d):
‘(c) cistí poiblí a chosaint tríd an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, go háirithe nuair a sholáthraítear í ó bhuiséad Ballstáit;
(d) taisceoirí a chosaint agus caillteanais do scéimeanna ráthaithe taiscí a íoslaghdú, agus infheisteoirí a chumhdaítear le Treoir 97/9/CE a chosaint;’;
(18)in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Déanfaidh an Bord gníomhaíocht réitigh i ndáil le máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1).
Chun na gcríoch sin, measfar go bhfuil máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), i mbéal teipthe nó gur dóigh dó teip in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
(a)comhlíonann an máthairghnóthas ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(4), pointí (b), (c) nó (d);
(b)sáraíonn an máthairghnóthas go hábhartha, nó tá eilimintí oibiachtúla ann a léiríonn go sáróidh an máthairghnóthas, go luath amach anseo, na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE.’;
(19)leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 1a, 2 agus 3:
‘1. Déanfaidh an Bord scéim réitigh a ghlacadh de bhun mhír 6 i ndáil leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus Airteagal 7(5) i gcás ina mbeidh na coinníollacha do chur i bhfeidhm na forálacha sin á gcomhlíonadh, ach sin nuair a chinnfidh sé, ina sheisiún feidhmiúcháin, tar éis dó teachtaireacht a fháil de bhun an dara fomhír nó ar a thionscnamh féin, go mbeidh na coinníollacha seo ar fad a leanas á gcomhlíonadh:
(a)tá an t‑eintiteas i mbéal teipthe nó is dóigh dó teip;
(b)ag féachaint d’uainiú, don ghá an straitéis réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus d’imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bheart malartach ón earnáil phríobháideach lena n‑áirítear bearta ó IPS, aon ghníomhaíocht maoirseachta, lena n‑áirítear bearta luath-idirghabhála nó díluachála nó comhshó, dá dtagraítear in Airteagal 21(1), a dhéanfaí i ndáil leis an eintiteas, cosc ar theip an eintitis laistigh de thréimhse réasúnach ama;
(c)is gá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail de bhun mhír 5.
Is é BCE a dhéanfaidh an measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), i gcás na n‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (a), nó is é an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha a dhéanfaidh é maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (b), Airteagal 7(3), an dara fomhír, Airteagal 7(4), pointe (b) agus Airteagal 7(5), tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord. Ní fhéadfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, measúnú den sórt sin a dhéanamh ach amháin tar éis dó a chur in iúl do BCE nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha go bhfuil rún aige measúnú den sórt sin a dhéanamh agus sa chás amháin nach ndéanann BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha féin measúnú den sórt sin laistigh de thrí lá féilire tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil. Déanfaidh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha, gan mhoill, aon fhaisnéis ábhartha a iarrann an Bord a sholáthar don Bhord chun bonn eolais a thabhairt dá mheasúnú, sula gcuirfidh an Bord in iúl dó, nó ina dhiaidh sin, faoin rún atá aige an measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a).
I gcás ina measfaidh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha go bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), á chomhlíonadh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh siad an measúnú sin in iúl don Choimisiún agus don Bhord gan mhoill.
Is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin agus i ndlúthchomhar le BCE nó leis an údarás inniúil náisiúnta ábhartha, a dhéanfaidh an measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b). Déanfaidh BCE nó an t‑údarás náisiúnta inniúil ábhartha aon fhaisnéis ábhartha a iarrann an Bord a sholáthar don Bhord gan mhoill chun bonn eolais a thabhairt dá mheasúnú. Féadfaidh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha a chur in iúl don Bhord freisin go measann sé go bhfuil an coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (b), á chomhlíonadh.
1a. Féadfaidh an Bord scéim réitigh a ghlacadh i gcomhréir le mír 1 i ndáil le comhlacht lárnach agus maidir leis na hinstitiúidí creidmheasa uile atá cleamhnaithe go buan leis ar cuid den ghrúpa réitigh céanna iad, i gcás ina gcomhlíonfaidh an comhlacht lárnach agus na hinstitiúidí creidmheasa uile atá cleamhnaithe go buan leis, nó an grúpa réitigh lena mbaineann siad, na coinníollacha ina n‑iomláine a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 1.
2. Gan dochar do chásanna ina bhfuil cinneadh déanta ag BCE cúraimí maoirseachta díreacha a fheidhmiú a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 6(5), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, i gcás teachtaireacht a fháil de bhun mhír 1 maidir le heintiteas nó grúpa dá dtagraítear in Airteagal 7(3), cuirfidh an Bord a mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, an ceathrú fomhír, in iúl do BCE nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha gan mhoill.
3. Beart a bheith glactha roimhe seo de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, Airteagal 27 de Threoir 2014/59/AE, Airteagal 13 den Rialachán seo nó Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, ní coinníoll a bheidh ann maidir le gníomhaíocht réitigh a ghlacadh.’;
(b)leasaítear mír 4 mar a leanas:
(i)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘(d) tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas i gcás ina ndeonaítear tacaíocht den sórt sin i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 18ú(1)’;
(ii)scriostar an dara agus an tríú fomhír;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Chun críocha mhír 1, pointe (c), caithfear le gníomhaíocht réitigh mar ghníomhaíocht atá chun leasa an phobail más gá an ghníomhaíocht sin a dhéanamh chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 14 a bhaint amach agus i gcás ina bhfuil sí comhréireach leis sin agus nach mbainfí amach na cuspóirí réitigh sin ar bhonn níos éifeachtúla tríd an institiúid a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Agus an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dhéanamh aige, déanfaidh an Bord, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dó tráth an mheasúnaithe sin, gach tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách is féidir a bheith ag súil leis go réasúnach a dheonú don eintiteas a mheas agus a chur i gcomparáid, i gcás réitigh agus i gcás foirceannadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.’;
(d)i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a tharchuirfidh an Bord an scéim réitigh, formhuineoidh an Coimisiún an scéim réitigh nó cuirfidh sé ina haghaidh, maidir le gnéithe lánroghnacha na scéime réitigh sna cásanna nach gcumhdaítear sa tríú fomhír den mhír seo nó maidir leis an úsáid atá beartaithe a bhaint as Státchabhair nó as cabhair ón gCiste nach meastar a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.’;
(e)cuirtear an mhír 11 seo a leanas isteach:
‘11. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), féadfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí a fheidhmiú faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 33a de Threoir 2014/59/AE, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29.’;
(20)cuirtear an tAirteagal 18a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 18a
Tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách
1. Ní fhéadfar tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách lasmuigh de ghníomhaíocht réitigh a dheonú d’eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 ach amháin i gceann amháin de na cásanna seo a leanas agus ar choinníoll go gcomhlíonann an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách na coinníollacha agus na ceanglais a bhunaítear i gcreat Státchabhrach an Aontais:
(a)chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas nó chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách sin ann in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:
(i)ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag bainc cheannais i gcomhréir le coinníollacha na mbanc ceannais;
(ii)ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua-eisithe;
(iii)ionstraimí cistí dílse seachas ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó ionstraimí caipitil eile a fháil, nó bearta sócmhainní lagaithe a úsáid ar phraghsanna, ar fhad, agus ar théarmaí nach dtugann buntáiste míchuí don institiúid nó don eintiteas lena mbaineann, ar choinníoll nach ann d’aon cheann de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4), pointí (a), (b) nó (c), nó in Airteagal 21(1) tráth a ndeonaítear an tacaíocht phoiblí.
(b)i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm idirghabhála ó scéim ráthaithe taiscí chun fóntacht airgeadais agus inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide creidmheasa a chaomhnú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11a agus in Airteagal 11b de Threoir 2014/49/AE, ar choinníoll nach ann d’aon cheann de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4) nó do na himthosca sin;
(c)i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm idirghabhála ó scéim ráthaithe taiscí i gcomhthéacs institiúid a fhoirceannadh de bhun Airteagal 32b de Threoir 2014/59/AE agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(5) de Threoir 2014/49/AE;
(d)i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm Státchabhrach de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE arna deonú i gcomhthéacs fhoirceannadh na hinstitiúide nó an eintitis de bhun Airteagal 32b de Threoir 2014/59/AE, seachas an tacaíocht arna deonú ag scéim ráthaithe taiscí de bhun Airteagal 11(5) de Threoir 2014/49/AE.
2. Comhlíonfaidh na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)tá na bearta teoranta d’eintitis sócmhainneacha, mar a dhearbhaigh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha;
(b)is bearta de chineál réamhchúramach agus sealadach iad agus tá siad bunaithe ar straitéis scoir réamhshainithe arna formheas ag BCE nó ag an údarás inniúil náisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear dáta foirceanta, dáta díolacháin nó sceideal aisíocaíochta a shonraítear go soiléir le haghaidh aon cheann de na bearta arna soláthar;
(c)go bhfuil na bearta comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh a leigheas nó chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú;
(d)ní úsáidtear na bearta chun caillteanais a thabhaigh an t‑eintiteas nó is dócha a thabhóidh sé go luath amach anseo a fhritháireamh.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), measfar eintiteas a bheith sócmhainneach i gcás ina gcinnfidh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha nár tharla aon sárú, nó nár dócha go dtarlóidh aon sárú sna 12 mhí ina dhiaidh sin, ar aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 104ú de Threoir 2013/36/AE, Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034 nó ar na ceanglais ábhartha is infheidhme faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), déanfaidh an t‑údarás inniúil ábhartha na caillteanais atá tabhaithe ag an eintiteas nó is dócha a thabhóidh sé a chainníochtú. Beidh an cainníochtú sin bunaithe, ar a laghad, ar chlár comhardaithe na hinstitiúide, ar choinníoll go gcomhlíonann an clár comhardaithe na rialacha agus na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, arna ndeimhniú ag iniúchóir seachtrach neamhspleách, agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, ar athbhreithnithe ar cháilíocht sócmhainní arna seoladh ag BCE, ÚBE nó údaráis náisiúnta nó, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag BCE nó ag an údarás inniúil náisiúnta ábhartha.
Beidh na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(iii), teoranta do bhearta a ndearna BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta measúnú orthu de réir mar is gá chun sócmhainneacht an eintitis a choinneáil ar bun trí aghaidh a thabhairt ar a easnamh caipitil arna shuíomh i gcás díobhálach tástálacha struis náisiúnta, tástálacha struis de chuid an Aontais nó tástálacha struis ar fud SAM, nó cleachtaí coibhéiseacha arna ndéanamh ag BCE, ÚBE nó údaráis náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, arna ndeimhniú ag BCE nó ag an údarás inniúil ábhartha.
De mhaolú ar mhír 1, pointe (a)(iii), ceadófar, ar bhonn eisceachtúil, ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a fháil i gcás gur amhlaidh, toisc cineál an easnaimh arna shainaithint, nach bhfágfadh fáil aon ionstraime cistí dílse eile nó aon ionstraime caipitil eile go mbeadh an t‑eintiteas lena mbaineann in ann aghaidh a thabhairt ar a easnamh caipitil arna shuíomh sa chás díobhálach sa tástáil struis ábhartha nó sa chleachtadh coibhéiseach. Ní bheidh méid na n‑ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a fuarthas níos mó ná 2 % de mhéid iomlán na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann atá neamhchosanta ar riosca, méid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás nach ndéanfar aon cheann de na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a fhuascailt, a aisíoc nó a fhoirceannadh ar shlí eile i gcomhréir le téarmaí na straitéise imeachta a bunaíodh tráth a deonaíodh beart den sórt sin, cinnfidh BCE nó an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 18(1), pointe (a), maidir leis an institiúid nó leis an eintiteas a fuair na bearta tacaíochta sin agus cuirfidh sé an measúnú sin in iúl don Choimisiún agus don Bhord, i gcomhréir le hAirteagal 18(1), an tríú fomhír.’;
(21)leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Más rud é gurb é atá i ngníomhaíocht réitigh Státchabhair a dheonú de bhun Airteagal 107(1) CFAE, nó cabhair ón gCiste i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, ní thiocfaidh an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18(6) den Rialachán seo i bhfeidhm go dtí go mbeidh cinneadh dearfach nó cinneadh coinníollach glactha ag an gCoimisiún nó cinneadh gan agóid a dhéanamh maidir le comhoiriúnacht úsáid na cabhrach sin don mhargadh inmheánach. Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh maidir le comhoiriúnacht úsáide Státchabhrach nó cabhrach ón gCiste don mhargadh inmheánach ar a dhéanaí nuair a fhormhuineoidh sé an scéim réitigh nó nuair a chuirfidh sé ina haghaidh de bhun Airteagal 18(7), an dara fomhír, nó nuair a rachaidh an tréimhse 24 uair an chloig dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d'Airteagal 18(7) in éag, cibé acu is túisce.
Agus na cúraimí a thugtar dóibh le hAirteagal 18 den Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, beidh socruithe struchtúracha i bhfeidhm ag institiúidí an Aontais lena n‑áiritheofar neamhspleáchas oibríochtúil agus lena seachnófar coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir na feidhmeanna a chuirtear de chúram orthu na cúraimí sin agus feidhmeanna eile a chomhlíonadh agus poibleoidh siad, ar bhealach iomchuí, an fhaisnéis ábhartha uile maidir lena n‑eagrúchán inmheánach i ndáil leis sin.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. A luaithe a mheasfaidh an Bord go bhféadfadh sé gur gá an Ciste a úsáid, rachaidh sé i dteagmháil go neamhfhoirmiúil, go pras, agus ar mhodh rúnda leis an gCoimisiún chun an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an gCiste a phlé, lena n‑áirítear gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha a bhaineann lena úsáid. A luaithe a bheidh an Bord sách cinnte go mbeidh úsáid na cabhrach ón gCiste i gceist leis an scéim réitigh atá beartaithe, tabharfaidh an Bord fógra foirmiúil don Choimisiún maidir leis an úsáid a bheartaítear a bhaint as an gCiste. Beidh san fhógra sin an fhaisnéis go léir is gá don Choimisiún chun a mheasúnuithe a dhéanamh de bhun na míre seo, agus atá ina sheilbh ag an mBord nó atá de chumhacht ag an mBord a fháil de réir an Rialacháin seo.
A luaithe a fhaightear an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún measúnú an ndéanfadh úsáid an Chiste iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh a bhagairt, trí fhabhar a thabhairt don tairbhí nó d’aon ghnóthas eile ionas, sa mhéid go ndéanfadh sé difear don trádáil idir na Ballstáit, go mbeadh sé ar neamhréir leis an margadh inmheánach. Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm maidir le húsáid an Chiste na critéir a bunaíodh do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair mar a chumhdaítear in Airteagal 107 CFAE. Tabharfaidh an Bord don Choimisiún an fhaisnéis atá ina sheilbh, nó faisnéis a bhfuil sé de chumhacht ag an mBord a fháil de réir an Rialacháin seo, agus a mheasfaidh an Coimisiún a bheith riachtanach chun an measúnú sin a dhéanamh.
Agus a mheasúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún, beidh sé faoi threoir ag na rialacháin ábhartha uile a ghlactar faoi Airteagal 109 CFAE, ag na teachtaireachtaí, treoraíochtaí agus bearta ábhartha uile a bheidh glactha ag an gCoimisiún i gcur i bhfeidhm rialacha na gConarthaí a bhaineann le Státchabhair de réir mar a bheidh i bhfeidhm nuair a bheidh an measúnú le déanamh. Déanfar na bearta sin a chur i bhfeidhm amhail agus gur tagairtí don Bhord a bhí sna tagairtí don Bhallstát atá freagrach as fógra a thabhairt i dtaobh na cabhrach, agus déanfar aon mhodhnú eile is gá.
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir lena chomhoiriúnaí atá úsáid an Chiste don mhargadh inmheánach, agus díreoidh sé an cinneadh sin chuig an mBord agus chuig údaráis réitigh náisiúnta an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an cinneadh sin a bheith ag brath ar choinníollacha, ar ghealltanais nó ar ghealltanais i leith an tairbhí agus cuirfear san áireamh ann an gá atá le gníomhaíocht réitigh ag an mBord a chur i gcrích go tráthúil.
Féadfar oibleagáidí ar an mBord, ar na húdaráis réitigh náisiúnta sna Ballstáit rannpháirteacha nó sna Ballstáit lena mbaineann nó ar an tairbhí a leagan síos sa chinneadh sin freisin chun go gcumasófar faireachán ar chomhlíonadh an chinnidh. D'fhéadfadh ceanglais maidir le hiontaobhaí nó le duine neamhspleách eile a cheapadh chun cabhrú leis an bhfaireachán a bheith ar áireamh sna ceanglais sin. Féadfaidh iontaobhaí nó duine neamhspleách eile na feidhmeanna sin a d'fhéadfadh a bheith sonraithe sa chinneadh ón gCoimisiún a chomhlíonadh.
Déanfar aon chinneadh de bhun na míre seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh diúltach a eisiúint, agus í dírithe chuig an mBord, i gcás ina gcinnfidh sé nach mbeadh úsáid bheartaithe an Chiste comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach féidir é a chur chun feidhme san fhoirm atá beartaithe ag an mBord. Ar chinneadh den sórt sin a fháil, athbhreithneoidh an Bord a scéim réitigh agus ullmhóidh sé scéim réitigh athbhreithnithe.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:
‘10. De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh d’aon toil, ar iarratas a fháil ó Bhallstát nó ón mBord, laistigh de 7 lá tar éis an t‑iarratas sin a bheith déanta, go measfar úsáid an Chiste a bheith comhoiriúnach don mhargadh inmheánach má fhágann imthosca eisceachtúla gur cinneadh cóir é sin. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an gcás mura bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle laistigh de na 7 lá sin.’;
(22)leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Sula gcinnfear an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach, nó na coinníollacha maidir le díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 21(1) á gcomhlíonadh, áiritheoidh an Bord go ndéanfaidh duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí, lena n‑áirítear an Bord agus an t‑údarás réitigh náisiúnta, agus ar an eintiteas lena mbaineann luacháil chothrom, stuama agus réalaíoch ar shócmhainní agus dliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2.’;
(b)cuirtear isteach an mhír 8a seo a leanas:
‘8a. I gcás inar gá chun bonn eolais a thabhairt do na cinntí dá dtagraítear i mír 5, pointí (c) agus (d), comhlánóidh an luachálaí an fhaisnéis i mír 7, pointe (c), le meastachán ar luach na sócmhainní agus na ndliteanas lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n‑áirítear dliteanais theagmhasacha agus sócmhainní.’;
(c)i mír 18, cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:
‘(d) agus na caillteanais a thabhódh an scéim ráthaithe taiscí dá bhfoirceannfaí an institiúid faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta á gcinneadh, na critéir agus an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11e de Threoir 2014/49/AE agus in aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Airteagail sin a chur i bhfeidhm.’;
(23)leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:
—cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘1. Déanfaidh an Bord, ag gníomhú dó faoin nós imeachta arna leagan síos in Airteagal 18, an chumhacht a fheidhmiú chun ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 7a a dhíluacháil nó a chomhshó i ndáil leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus in Airteagal 7(5), i gcás ina mbeidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin á gcomhlíonadh, ach ní dhéanfaidh sé an méid sin ach amháin, ar theachtaireacht a bheith faighte aige de bhun an dara fomhír nó ar a thionscnamh féin, nuair a chinnfidh sé, ina sheisiún feidhmiúcháin, go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:’;
—cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
‘(e) go n‑éileoidh an t‑eintiteas nó an grúpa tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, ach amháin i gcás ina ndeonaítear an tacaíocht sin i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 18a(1).’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Is é BCE a dhéanfaidh an measúnú ar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), i gcás eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a), nó is é an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha a dhéanfaidh é i gcás eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b), (4)(b) agus (5), agus is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, i gcomhréir le leithdháileadh na gcúraimí de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus (2) a dhéanfaidh é.’;
(b)scriostar mír 2;
(c)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) ag féachaint d’uainiú, don ghá atá ann na cumhachtaí díluachála agus comhshó nó an straitéis réitigh don ghrúpa réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus d’imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht, lena n‑áirítear bearta malartacha ón earnáil phríobháideach, gníomhaíocht mhaoirseachta nó bearta luath-idirghabhála, seachas díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha, agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i mír 7a, cosc ar theip an eintitis nó an ghrúpa sin laistigh de thréimhse réasúnta.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:
‘9. I gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le heintiteas dá dtagraítear sa mhír sin, agus ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1) freisin maidir leis an eintiteas sin nó le heintiteas ar cuid den ghrúpa céanna é, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18(6), (7) agus (8).’;
(24)leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. Ní fhéadfaidh an Ciste ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)go ndearna scairshealbhóirí, sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus sealbhóirí dliteanas eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu ranníocaíocht de mhéid nach lú ná 8 % de na dliteanais iomlána, lena n‑áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, le hionsúchán caillteanais agus athchaipitliú, arna tomhas i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) go (15), trí laghdú, díluacháil, nó comhshó de bhun Airteagal 48(1) de Threoir 2014/59/AE agus Airteagal 21(10) den Rialachán seo, agus go ndearna an scéim ráthaithe taiscí amhlaidh de bhun Airteagal 79 den Rialachán seo agus Airteagal 109 de Threoir 2014/59/AE i gcás inarb ábhartha;
(b)nach mó an ranníocaíocht ón gCiste ná 5 % de na dliteanais iomlána, lena n‑áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) go (15).’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad míreanna 9 agus 10:
‘9. Féadfaidh an Ciste ranníocaíocht a dhéanamh as acmhainní a cruinníodh trí ranníocaíochtaí ex-ante dá dtagraítear in Airteagal 70 agus nár úsáideadh fós, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)go ndearna an Ciste ranníocaíocht de bhun mhír 6 agus gur sroicheadh an teorainn 5 % dá dtagraítear i mír 7, pointe (b);
(b)rinneadh na dliteanais uile a rangaítear níos ísle ná taiscí, agus nach n‑eisiatar ón tarrtháil inmheánach de bhun mhír 3 agus mhír 5, a dhíluacháil nó a chomhshó ina n‑iomláine.
10. In imthosca urghnácha, mar rogha mhalartach nó de bhreis ar ranníocaíocht an Chiste dá dtagraítear i mír 9, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 9, féadfaidh an Bord cistiú breise a lorg ó fhoinsí malartacha maoinithe.’;
(c)i mír 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Leis an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, suífear an méid faoinar gá dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a dhíluacháil nó a chomhshó:
(a)chun cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú, nó, i gcás inarb infheidhme, cóimheas na droichead-institiúide a shuíomh, agus aon ranníocaíocht chaipitil ón gCiste de bhun Airteagal 76(1), pointe (d) á cur san áireamh;
(b)muinín margaidh leordhóthanach a chothú san institiúid faoi réiteach nó sa droichead-institiúid, agus an gá atá le dliteanais theagmhasacha a chumhdach á chur san áireamh, agus a chur ar a cumas don institiúid faoi réiteach leanúint de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh ar feadh bliain amháin ar a laghad, agusleanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil sí údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE.’;
(25)leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Oibleagáid comhoibriú agus malartú faisnéise’;
(b)cuirtear isteach míreanna 2a, 2b agus 2c mar seo a leanas:
‘2a. Comhoibreoidh an Bord, BERS, ÚBE, ESMA agus ÚEÁPC go dlúth le chéile agus soláthróidh siad dá chéile an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh.
2b. Comhoibreoidh BCE agus comhaltaí eile den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) go dlúth leis an mBord agus soláthróidh siad dó an fhaisnéis uile is gá chun cúraimí an Bhoird a chomhlíonadh, lena n‑áirítear faisnéis arna bailiú acu i gcomhréir lena reacht. Beidh feidhm ag Airteagal 88(6) maidir leis na malartuithe lena mbaineann.
2c. Comhoibreoidh na húdaráis ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE go dlúth leis an mBord agus soláthróidh siad dó an fhaisnéis uile is gá chun a chúraimí a dhéanamh.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Féachfaidh an Bord le comhoibriú go dlúth le haon saoráid cúnaimh airgeadais phoiblí, lena n‑áirítear an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), go háirithe sna cásanna seo a leanas:
(a)sna himthosca urghnácha dá dtagraítear in Airteagal 27(9) agus i gcás inar dheonaigh saoráid den sórt sin cúnamh airgeadais díreach nó indíreach, nó inar dóigh dó í a dheonú, d’eintitis atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach;
(b)i gcás ina mbeidh socrú airgeadais déanta ag an mBord le haghaidh an Chiste de bhun Airteagal 74.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. I gcás inar gá sin, tabharfaidh an Bord meabhrán tuisceana i gcrích le BCE agus comhaltaí eile de CEBC, na húdaráis réitigh náisiúnta agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta ina mbeidh tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar an gcaoi a ndéanfaidh siad comhar faoi mhíreanna 2, 2a agus 2b agus 4 den Airteagal seo agus faoi Airteagal 74, an dara fomhír, i bhfeidhmiú a gcuid cúraimí faoi seach faoi dhlí an Aontais. Athbhreithneofar an meabhrán sin go tráthrialta agus déanfar é a fhoilsiú faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil.’;
(26)cuirtear an tAirteagal 30a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 30a
Faisnéis atá i seilbh sásra uathoibrithe láraithe
1. Soláthróidh na húdaráis a oibríonn na sásraí uathoibrithe láraithe arna mbunú le hAirteagal 32a de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** faisnéis don Bhord, arna iarraidh sin dó, a bhaineann le líon na gcustaiméirí arb é eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 an t‑aon chomhpháirtí baincéireachta nó an príomh-chomhpháirtí baincéireachta atá acu.
2. Ní iarrfaidh an Bord an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ach amháin ar bhonn cás ar chás agus nuair is gá chun a chúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
3. Féadfaidh an Bord an fhaisnéis a fhaightear de bhun na chéad mhíre a roinnt leis na húdaráis náisiúnta réitigh i gcomhthéacs chomhlíonadh a gcúraimí faoi seach faoin Rialachán seo.
______________________________
**
Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).’;
(27)in Airteagal 31, cuirtear mír 3 leis mar seo a leanas:
‘3. Maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm, rachaidh na húdaráis réitigh náisiúnta i gcomhairle leis an mBord sula ngníomhóidh siad faoi Airteagal 86 de Threoir 2014/59/AE.’;
(28)in Airteagal 32(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
I gcás ina mbeidh i ngrúpa eintitis atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha agus i mBallstáit neamh-rannpháirteacha nó i dtríú tíortha chomh maith, gan dochar d’aon fhormheas ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún atá ina cheangal de réir an Rialacháin seo, déanfaidh an Bord ionadaíocht d’údarás réitigh náisiúnta na mBallstát rannpháirteach, chun críoch comhchomhairle agus comhair le Ballstáit neamh-rannpháirteacha nó tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 12, 13, 16, 18, 45h, 55, agus 88 go 92 de Threoir 2014/59/AE.’;
(29)leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Féadfaidh an Bord, agus lánúsáid á baint aige as an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil cheana féin do BCE, lena n‑áirítear faisnéis arna bailiú ag comhaltaí CEBC i gcomhréir lena reacht, nó an fhaisnéis uile atá ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta, do BERS, do ÚBE, do ESMA nó do ÚEÁPC, a cheangal ar na daoine dlítheanacha nó nádúrtha seo a leanas, trí na húdaráis náisiúnta réitigh nó go díreach, tar éis dóibh na húdaráis sin a chur ar an eolas, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar dó, i gcomhréir leis an nós imeachta arna iarraidh ag an mBord agus san fhoirm a iarrann an Bord, chun a chúraimí a chomhlíonadh:’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:
‘5. Féadfaidh an Bord, BCE, comhaltaí CEBC, na húdaráis inniúla náisiúnta, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC agus na húdaráis réitigh náisiúnta meabhráin tuisceana a tharraingt suas ina leagfar amach nós imeachta lena rialaítear malartú faisnéise. Ní mheasfar gur sárú ar cheanglais maidir le rúndacht ghairmiúil a bheidh i malartú faisnéise idir an Bord, BCE, agus comhalta eile CEBC, na húdaráis inniúla náisiúnta, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC agus na húdaráis réitigh náisiúnta.
6. Comhoibreoidh údaráis inniúla náisiúnta, BCE, comhaltaí CEBC, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC, agus na húdaráis náisiúnta réitigh leis an mBord chun a fhíorú an bhfuil cuid den fhaisnéis nó an fhaisnéis ar fad a iarradh ar fáil cheana féin tráth a dhéantar an iarraidh. I gcás ina mbeidh faisnéis den sórt sin ar fáil, cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta, BCE agus comhaltaí eile CEBC, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC, nó na n‑údarás náisiúnta réitigh an fhaisnéis sin ar fáil don Bhord.’;
(30)in Airteagal 43(1), cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:
‘(aa) an Leas-Chathaoirleach arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 56;’;
(31)in Airteagal 50(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):
‘(n) Oifigeach Cuntasaíochta agus Iniúchóir Inmheánach a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta, a mbeidh neamhspleáchas feidhmeach acu agus a ndualgais á ndéanamh acu;’;
(32)leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Ina sheisiún feidhmiúcháin, comhdhéanfar an Bord den Chathaoirleach, den Leaschathaoirleach agus de na ceithre chomhalta eile dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b).’;
(b)i mír 5, cuirtear na focail ‘Airteagal 43(1), pointí (a), (aa) agus (b)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 43(1)(a) agus (b)’.;
(33)in Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. Más rud é agus eintiteas aonair nó grúpa nach bhfuil bunaithe ach in aon Bhallstát rannpháirteach amháin á bhreithniú, nach féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 53(1) agus (3) teacht ar chomhaontú comhpháirteach trí chomhthoil laistigh den sprioc-am arna leagan síos ag an gCathaoirleach, glacfaidh an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b), cinneadh trí thromlach simplí.
2. Más rud é agus grúpa trasteorann á bhreithniú, nach féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 53(1) agus (4) teacht ar chomhaontú comhpháirteach trí chomhthoil laistigh den sprioc-am arna leagan síos ag an gCathaoirleach, glacfaidh an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b) cinneadh trí thromlach simplí.’;
(34)leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘(d) réamh-dhréachtbhuiséad agus dréachtbhuiséad an Bhoird a chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 61 agus buiséad an Bhoird a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 63;’;
(b)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
Beidh téarma oifige 5 bliana ag an gCathaoirleach, ag an Leas-Chathaoirleach agus ag na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe(b). Beidh an téarma sin inathnuaite aon uair amháin.
Ní bheidh duine a bhfuil dhá théarma oifige curtha isteach aige mar Chathaoirleach, mar Leas-Chathaoirleach nó mar chomhalta dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b), incháilithe lena cheapadh chuig aon cheann den dá phost eile.’;
(c)i mír 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis an gcéad fhomhír:
‘Féadfaidh an Coimisiún na hainmneacha ar an ngearrliosta a shocrú san ord ina léireofar measúnú an Choimisiúin ar oiriúnacht gach iarrthóra i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.’;
(d)cuirtear isteach an mhír 6a seo a leanas:
‘6a. Sna 9 mí roimh dheireadh an chéad téarma oifige de chuid an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na torthaí a baineadh amach sa chéad téarma oifige agus déanfaidh sé cinneadh i dtaobh togra a chur ar aghaidh maidir le hathnuachan an téarma bunaithe ar thorthaí na meastóireachta sin.
Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh cur chun feidhme chun athnuachan a dhéanamh ar théarma oifige an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b). Is le tromlach cáilithe a ghníomhóidh an Chomhairle.’;
(e)i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:
‘Fanfaidh an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b) in oifig go dtí go gceapfar a gcomharbaí agus go rachaidh siad i mbun a gcuid dualgas i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.’;
(35)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61:
'Airteagal 61
An buiséad a bhunú
1. Faoin 31 Márta gach bliain, tarraingeoidh an Cathaoirleach suas réamh-dhréachtbhuiséad de chuid an Bhoird, lena n‑áirítear ráiteas ar na meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas an Bhoird don bhliain dar gcionn, mar aon le plean bunaíochta, don bhliain ina dhiaidh agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird é ina sheisiún iomlánach.
Déanfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach, i gcás inar gá, réamh-dhréachtbhuiséad an Bhoird a choigeartú mar aon leis an dréachtphlean bunaíochta.
2. Ar bhonn an réamh-dhréachtbhuiséid arna ghlacadh ag an mBord ina sheisiún iomlánach, tarraingeoidh an Cathaoirleach suas dréachtbhuiséad an Bhoird agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird é ina sheisiún iomlánach lena ghlacadh.
Faoin 30 Samhain gach bliain, déanfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach, an dréachtbhuiséad a thíolaic an Cathaoirleach a choigeartú, i gcás inar ghá sin, agus buiséad críochnaitheach an Bhoird a ghlacadh in éineacht leis an bplean bunaíochta.';
(36)in Airteagal 69, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Más rud é, tar éis na tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1, go dtiteann na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi bhun an spriocleibhéil a shonraítear sa mhír sin, déanfar ranníocaíochtaí tráthrialta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 70 a chruinniú go dtí go sroichfear an spriocleibhéal. Feadfaidh an Bord tiomsú na ranníocaíochtaí tráthrialta a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 70 ar feadh bliain amháin nó níos mó lena áirithiú go sroichfidh an méid atá le tiomsú méid atá comhréireach le costais an phróisis tiomsaithe, ar choinníoll nach ndéanfaidh iarchur den sórt sin difear ábhartha do chumas an Bhoird an Ciste a úsáid de bhun Roinn 3. Tar éis an spriocleibhéal a bhaint amach den chéad uair agus i gcás inar laghdaíodh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ina dhiaidh sin go méid is lú ná dhá thrian den spriocleibhéal, socrófar na ranníocaíochtaí sin ar leibhéal lena gceadaítear an spriocleibhéal a bhaint amach laistigh de 6 bliana.’;
(37)leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Sna hacmhainní airgeadais atá ar fáil a chuirfear i gcuntas chun an spriocleibhéal a shonraítear in Airteagal 69 a bhaint amach, féadfar gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a áireamh atá cumhdaithe go hiomlán le comhthaobhacht de shócmhainní ísealriosca gan bac ó aon chearta tríú páirtí atá ar shaordhiúscairt agus sannta lena húsáid go heisiach ag an mBord chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 76(1). Ní rachaidh cion na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe sin thar 50 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí arna gcruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo. Laistigh den teorainn sin, cinnfidh an Bord go bliantúil sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe i méid iomlán na ranníocaíochtaí atá le cruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo.’;
(b)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:
‘3a. Glaofaidh an Bord ar na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna ndéanamh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nuair is gá an Ciste a úsáid de bhun Airteagal 76.
I gcás ina scoirfidh institiúid nó eintiteas de bheith faoi raon feidhme Airteagal 2 agus nach mbeidh sí nó sé faoi réir na hoibleagáide ranníocaíochtaí a íoc a thuilleadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, glaofaidh an Bord ar na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna ndéanamh de bhun mhír 3 agus atá fós dlite. Má dhéantar an ranníocaíocht atá nasctha leis an ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe a íoc go cuí tráth an chéad ghlao, cuirfidh an Bord an gealltanas ar ceal agus tabharfaidh sé an chomhthaobhacht ar ais. Mura n‑íocfar an ranníocaíocht go cuí tráth an chéad ghlao, urghabhfaidh an Bord an chomhthaobhacht agus cuirfidh sé an gealltanas ar ceal.’;
(38)in Airteagal 71(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
Ní rachaidh méid iomlán na ranníocaíochtaí ex-post urghnácha in aghaidh na bliana thar thrí oiread 12.5 % den spriocleibhéal.’;
(39)in Airteagal 74, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
‘Cuirfidh an Bord an Coimisiún agus BCE ar an eolas a luaithe a mheasfaidh sé gur gá socruithe airgeadais atá ar conradh don Chiste a ghníomhachtú i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus soláthróidh sé don Choimisiún agus do BCE an fhaisnéis go léir is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i ndáil leis na socruithe airgeadais sin.’;
(40)leasaítear Airteagal 76 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. I gcás ina gcinnfidh an Bord gur dócha go mbeidh de thoradh ar úsáid an Chiste chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, go gcuirfear cuid de chaillteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 ar aghaidh chuig an gCiste, beidh feidhm ag na prionsabail a rialaíonn úsáid an Chiste a leagtar amach in Airteagal 27.’;
(b)cuirtear isteach na míreanna 5 agus 6 seo a leanas:
‘5. I gcás ina n‑úsáidfear na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 22(2), pointe (a) nó (b), gan ach cuid de shócmhainní, de chearta nó de dhliteanais na hinstitiúide faoi réiteach a aistriú, beidh éileamh ag an mBord in aghaidh an eintitis iarmharaigh ar aon chostas agus caillteanas a thabhóidh an Ciste mar thoradh ar aon ranníocaíochtaí a rinneadh le réiteach de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo maidir le caillteanais a d’iompródh creidiúnaithe murach sin.
6. Beidh an rangú tosaíochta céanna ag éilimh an Bhoird dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 22(6), i ngach Ballstát rannpháirteach, faoi mar atá ag éilimh na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh i ndlí náisiúnta an Bhallstáit sin lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta de bhun Airteagal 108(9) de Threoir 2014/59/AE.’;
(41)leasaítear Airteagal 79 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha, nuair a dhéanfaidh an Bord gníomhaíocht réitigh maidir le hinstitiúid chreidmheasa, ar choinníoll go n‑áiritheofar leis an ngníomhaíocht sin go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar a dtaiscí i gcónaí, chun cosc a chur ar thaisceoirí caillteanais a iompar, go rannchuideoidh an scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil an institiúid chreidmheasa sin cleamhnaithe chun na gcríoch agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 109 de Threoir 2014/59/AE.
2. Cinnfidh an Bord méid ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí i gcomhréir le mír 1 tar éis dó dul i gcomhairle leis an scéim ráthaithe taiscí, agus i gcás inar gá leis an údarás ainmnithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE, maidir leis an gcostas measta a bhaineann le taisceoirí a aisíoc de bhun Airteagal 11e de Threoir 2014/49/AE agus i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo.
3. Tabharfaidh an Bord fógra faoina chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír don údarás ainmnithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE agus don scéim ráthaithe taiscí a bhfuil an institiúid cleamhnaithe léi. Cuirfidh an scéim ráthaithe taiscí an cinneadh sin chun feidhme gan mhoill.’;
(b)i mír 5, scriostar an tríú agus an ceathrú fomhír;
(42)in Airteagal 85(3), cuirtear na focail ‘arna nglacadh faoi’ in ionad na bhfocal ‘dá dtagraítear in’;
(43)in Airteagal 88, cuirtear an mhír 7 seo a leanas leis:
‘7. Leis an Airteagal seo, ní chuirfear cosc ar an mBord a anailísí nó a mheasúnuithe a nochtadh, lena n‑áirítear nuair atá siad bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 nó ag údaráis eile dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, nuair a mheasann an Bord nach mbainfeadh an nochtadh an bonn de chosaint leas an phobail a mhéid a bhaineann le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch agus go bhfuil leas an phobail i nochtadh a sháraíonn aon leas eile dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Measfar go ndéanfaidh an Bord nochtadh den sórt sin i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Rialachán seo chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.’.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón … [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (1)(a), pointí (2) agus (3), pointe (4)(a), pointe (5)(a), (b) agus (c)(i) agus (ii), pointe (6)(a), pointe (7), pointe (13)(a)(i) agus (b), pointe (14)(a), (b) agus (d), pointe (19)(d) agus (e), pointe (21), pointe (23)(a)(i), an chéad fhleasc, (b) agus (d), pointí (25) go (35), agus pointí (39), (42) agus (43), ón... [Oifig na bhfoilseachán cuir isteach an dáta = 1 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán