AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.3.2023
COM(2023) 109 final
2023/0057(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt i ndáil le leasuithe áirithe ar Airteagail den Choinbhinsiún sin.
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le cinneadh lena leagtar síos seasamh an Aontais ag Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel, maidir leis an togra ón Aontas Eorpach Iarscríbhinn IV den Choinbhinsiún sin a leasú agus an togra ó Chónaidhm na Rúise chun Airteagal 6 den Choinbhinsiún sin a leasú. Reáchtálfar an chéad chruinniú eile i mí na Bealtaine 2023 (16ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe). Pléadh an dá thogra thuasluaite cheana ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i mí an Mheithimh 2022. Sainmhíníodh seasamh an Aontais maidir leis na tograí sin le haghaidh an 15ú Comhdháil de na Páirtithe le Cinntí (AE) 2020/1829 an 24 Samhain 2020 agus (AE) 2022/1025 an 2 Meitheamh 2022 ón gComhairle. Tá gá le Cinneadh nua ón gComhairle maidir leis na tograí sin le haghaidh na chéad chruinnithe eile de Chomhdháil na bPáirtithe, ag tosú leis an 16ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe.
2.Comhthéacs an togra
2.1.Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt
Glacadh Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (‘an Coinbhinsiún’) an 22 Márta 1989 agus tháinig sé i bhfeidhm in 1992. Tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún. Tá 188 bPáirtí sa Choinbhinsiún.
Is é bunchloch an Choinbhinsiúin córas rialaithe maidir le honnmhairiú, allmhairiú agus idirthuras dramhaíola áirithe, tríd an nós imeachta um ‘thoiliú feasach roimh ré’. Tabharfar fógra roimh ré d’údaráis inniúla na Stát allmhairiúcháin agus idirthurais i dtaobh onnmhairí dramhaíola atá faoi réir an Choinbhinsiúin. Is i scríbhinn a thabharfar na fógraí agus beidh iontu na dearbhuithe agus an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn V A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ní féidir le honnmhairiú dramhaíola dul ar aghaidh ach i gcás ina bhfuil toiliú i scríbhinn tugtha ag na Stáit uile lena mbaineann (Airteagal 6 den Choinbhinsiún).
Tá feidhm ag córas rialaithe an Choinbhinsiúin maidir le dramhaíl ghuaiseach a shainmhínítear in Airteagal 1 agus a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, agus maidir le dramhaíl a liostaítear in Iarscríbhinn II, ina bhfuil dramhaíl a bhailítear ó theaghlaigh, iarmhair a eascraíonn as loisceadh dramhaíola tí agus dramhaíl phlaisteach áirithe. Sa Choinbhinsiún freisin liostaítear in Iarscríbhinn IX iontrálacha dramhaíola nach dtagann faoina raon feidhme ná faoina chóras rialaithe ach amháin má tá ábhar sa dramhaíl sin a bhaineann le catagóir in Iarscríbhinn I a mhéid agus go léiríonn sí saintréith ghuaiseach a liostaítear in Iarscríbhinn III.
2.2.Comhdháil na bPáirtithe
Is í Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel príomhchomhlacht cinnteoireachta an Choinbhinsiúin. Tá cumhachtaí aici na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú agus tagann sí le chéile gach 2 bhliain. Reáchtáladh an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel (COP15) ina dhá chuid: reáchtáladh an chéad chuid de ar líne ón 26 go dtí an 30 Iúil 2021 agus reáchtáladh an chuid aghaidh ar aghaidh, ón 6 go dtí an 17 Meitheamh 2022.
Reáchtálfar an 16ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel (COP16) sa Ghinéiv ón 1 go dtí an 12 Bealtaine 2023.
2.3. Na leasuithe atá beartaithe ar an gCoinbhinsiún
Leasú atá beartaithe ag an Aontas ar Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún
Is ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe (COP-12) agus le cinneadh BC-12/1 a tionscnaíodh an t-athbhreithniú ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
Ag an 13ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe (COP-13), cinneadh meitheal saineolaithe a bhunú le haghaidh an athbhreithnithe ar na hiarscríbhinní thuasluaite.
D’eisigh an mheitheal saineolaithe roinnt moltaí agus roghanna do na Páirtithe chun a mheas cé acu is mian leo nó nach mian leo tograí a chur isteach lena mbreithniú ag COP chun leasú nó soiléiriú a dhéanamh ar na tuairiscí ar oibríochtaí diúscartha a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Má ghlactar na tograí, beidh feabhas ar an tsoiléireacht dhlíthiúil agus dá bhrí sin, déanfar rialuithe loingsithe dramhaíola agus an cosc ar loingsithe neamhdhleathacha a éascú. Tacóidh siad freisin le bainistiú dramhaíola atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ar an leibhéal domhanda agus rannchuideoidh siad leis an aistriú i dtreo geilleagair chiorclaigh dhomhanda.
I bhfianaise Chinneadh (AE) 2020/1829 ón gComhairle, cuireadh togra síos le haghaidh an leasaithe ar Iarscríbhinn IV thar ceann an Aontais an 3 Nollaig 2020, lena phlé ag COP-15. Is é is aidhm don togra cur chun feidhme Choinbhinsiún Basel a fheabhsú, go háirithe trí athruithe a dhéanamh ar na sainmhínithe ar oibríochtaí bainistithe dramhaíola agus ar dhramhaíl atá le rialú, sainmhínithe atá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Pléadh an togra ag COP-15 den Choinbhinsiún i mí an Mheithimh 2022. Le linn an phlé, chuir roinnt Páirtithe in iúl gur mheas siad go raibh roinnt gnéithe den togra trioblóideach, amhail ‘ullmhú le haghaidh na hathúsáide’ a chur san áireamh mar oibríocht nua bainistithe dramhaíola, oibríochtaí a dhéantar roimh oibríochtaí eile (‘oibríochtaí eatramhacha’) a chur san áireamh in Iarscríbhinn IV agus clásal ‘uileghabhálach’ a chur isteach le haghaidh oibríochtaí nach gcumhdaítear leis na clásail eile. Dá bhrí sin, tá gá le tuilleadh plé ag Comhdháil na bPáirtithe a bheidh ann amach anseo chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngníomhaíocht sin.
Má chomhaontaíonn COP leasuithe ar Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, ní mór iad a chur chun feidhme i dTreoir Réime 2008/98/CE an Aontais maidir le dramhaíl (an liosta oibríochtaí bainistithe dramhaíola a chomhfhreagraíonn d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún) agus d’fhéadfadh sé go mbeidís le cur chun feidhme i Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.
Leasú atá beartaithe ag Cónaidhm na Rúise ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún
Chuir Cónaidhm na Rúise togra síos lena bhreithniú ag an 15ú cruinniú de Comhdháil na bPáirtithe, ar togra é a ceapadh chun leasú a dhéanamh ar an gcéad abairt de mhír 2 d’Airteagal 6 den Choinbhinsiún (‘an gníomh atá beartaithe’).
Léitear an chéad abairt d’Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún mar a leanas: ‘Tabharfaidh an Stát allmhairiúcháin freagra i scríbhinn ar an bhfógróir, ag toiliú leis an ngluaiseacht i dteannta nó d’éagmais coinníollacha, ag diúltú an ghluaiseacht a cheadú, nó ag iarraidh faisnéis bhreise’.
Leis an ngníomh atá beartaithe moltar an abairt sin a leasú trí theorainn ama 30 lá a chur léi, ar laistigh den tréimhse sin ba cheart do thír allmhairiúcháin freagra a thabhairt ar an bhfógróir (chun toiliú leis an loingsiú atá beartaithe, cead a dhiúltú don loingsiú sin, nó faisnéis bhreise a iarraidh). Ina theannta sin, tá sé i gceist leis an togra go scriosfar an chamóg ‘,’ atá idir ‘coinníollacha’ agus ‘ag diúltú’, chun ‘nó’ a chur isteach in ionad na camóige.
Cuirtear an Coinbhinsiún chun feidhme san Aontas trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (dá ngairtear ‘WSR’ anseo feasta). Thiocfadh aon mhodhnú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm san Aontas Eorpach tar éis a chur chun feidhme trí leasuithe ar an Rialachán sin.
Leis na rialacha atá ann faoi láthair a bhfuil feidhm acu maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit, foráiltear cheana go bhfuil sprioc-am 30 lá ag an tír allmhairiúcháin chun freagra a thabhairt ar an bhfógróir (féach Airteagal 8 de WSR). Tá feidhm aige sin freisin maidir le tíortha eile ECFE, de réir Chinneadh ECFE.
Ó thaobh an Aontais de, an t-aon iarmhairt phraiticiúil a bheadh ann dó ag eascairt as na hathruithe a bhaineann leis an togra ó Chónaidhm na Rúise, bhainfeadh sí leis an nós imeachta um onnmhairiú dramhaíola faoina dtugtar fógra do thíortha nach tíortha ECFE iad. De bhrí go bhfuil toirmeasc ar onnmhairiú dramhaíola in Iarscríbhinn VIII agus in Iarscríbhinn II chuig tíortha nach tíortha ECFE iad faoi WSR, ní bhainfeadh an t-athrú a thiocfadh de bharr thogra na Rúise ach le ‘dramhaíl neamhliostaithe’ (i.e. mar thoradh ar thogra na Rúise, bheadh ar thíortha nach tíortha ECFE iad atá ag allmhairiú dramhaíl neamhliostaithe ón Aontas Eorpach freagra a thabhairt ar an bhfógróir laistigh de 30 lá), dramhaíl atá, faoi Airteagal 3(1)(b)(iii) agus (iv) de WSR, faoi réir an nós imeachta um ‘thoiliú feasach roimh ré’. Chiallódh an leasú atá á mholadh ag Cónaidhm na Rúise, i gcásanna den sórt sin, go mbeadh ar an tír allmhairiúcháin freagra a thabhairt ar an bhfógróir laistigh de 30 lá maidir le loingsiú ón Aontas atá beartaithe le haghaidh tír nach tír ECFE í.
Rinneadh an chéad phlé ar an togra ó Chónaidhm na Rúise ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe. I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/1025 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2022, níor thacaigh seasamh an Aontais leis an togra sin. Níor thacaigh roinnt Páirtithe atá ar aon intinn leis an Aontas leis an togra ó Chónaidhm na Rúise ach an oiread. Chuir páirtithe eile tacaíocht in iúl don togra áfach.
Mar thoradh ar an gcéad phlé, chinn Comhdháil na bPáirtithe breithniú thogra Chónaidhm na Rúise a chur siar go dtí COP16t:
‘I bhfianaise an phlé faoin bhfo-mhír seo agus faoi mhír 4 (a) (i) den chlár oibre maidir leis an gcreat straitéiseach i ndáil le suim na bPáirtithe bealaí a bhreithniú lena bhféadfaí feabhas a chur ar an nós imeachta um thoiliú feasach roimh ré, chinn Comhdháil na bPáirtithe breithniú an togra ó Chónaidhm na Rúise chun leasú a dhéanamh ar Airteagal 6, mír 2 den Choinbhinsiún a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile de Chomhdháil na bPáirtithe’.
Nósanna imeachta um leasuithe ar an gCoinbhinsiún
An nós imeachta maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú, is faoi rialú Airteagal 17 den Choinbhinsiún atá sé. Ní mór aon leasú den sórt sin a ghlacadh ag cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe. Beidh leasú ina cheangal ar na Páirtithe sin a dhéanfaidh a n-ionstraimí daingniúcháin, formheasa, deimhnithe fhoirmiúil nó glactha a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 17(5) den Choinbhinsiún, lena bhforáiltear mar a leanas: ‘Déanfar ionstraimí daingniúcháin, formheasa, deimhnithe fhoirmiúil nó glactha a thaisceadh leis an Taiscí. Maidir le leasuithe a ghlactar i gcomhréir le mír 3 nó mír 4 thuasluaite, tiocfaidh siad i bhfeidhm idir na Páirtithe a ghlac leo an 90ú lá tar éis don Taiscí a n-ionstraimí daingniúcháin, formheasa, deimhnithe fhoirmiúil nó glactha a fháil ó thrí cheathrú de na Páirtithe ar a laghad a ghlac leo nó ó dhá thrian de na Páirtithe ar a laghad sa phrótacal lena mbaineann a ghlac leo, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa phrótacal sin. I gcás aon Pháirtí eile, tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm an 90ú lá tar éis don Pháirtí sin a ionstraim daingniúcháin, formheasa, deimhnithe fhoirmiúil nó ghlactha i leith na leasuithe sin a thaisceadh’. Is gá dá bhrí sin go ndéanfaidh trí cheathrú de na Páirtithe sa Choinbhinsiún (is é sin 141 Pháirtí) leasú a dhaingniú, a fhormheas, a dheimhniú go foirmiúil nó a ghlacadh chun go dtiocfaidh aon leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm.
Leasaíodh corp an Choinbhinsiúin uair amháin, go n-uige seo, trí Airteagal 4A a chur isteach agus ina dhiaidh sin trí Iarscríbhinn VII (‘Leasú Toirmisc Basel’) a chur leis an gCoinbhinsiún. Chomhaontaigh Comhdháil na bPáirtithe an leasú sin ag a tríú cruinniú in 1995 agus tháinig sé i bhfeidhm in 2019 maidir leis na Páirtithe sin a dhaingnigh é.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Leasú atá beartaithe ag an Aontas ar Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2020/1829 ón gComhairle an 24 Samhain 2020, chuir an tAontas togra isteach chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe d’Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú, iarscríbhinní ina bhfuil na heilimintí seo a leanas inter alia:
·Réamhrá ginearálta a chur isteach lena ndéanfar idirdhealú soiléir idir na téarmaí ‘diúscairt deiridh’ agus ‘aisghabháil’, soiléiriú a chur isteach go gcumhdófar gach oibríocht bainistithe dramhaíola a tharlaíonn nó a d’fhéadfadh tarlú i gcleachtas cibé stádas dlíthiúil atá aici agus cibé acu a mheastar nó nach meastar go bhfuil siad fónta ó thaobh an chomhshaoil de, agus freisin go gcumhdófar gach oibríocht a tharlaíonn roimh oibríochtaí eile (‘oibríochtaí eatramhacha’).
·Teidil agus téacsanna réamhráiteacha a chur isteach lena mínítear cad is ciall le ‘hoibríochtaí neamh-aisghabhála’ (Iarscríbhinn IVA) agus le ‘hoibríochtaí aisghabhála’ (Iarscríbhinn IVB); agus
·soiléirithe a chur isteach in Iarscríbhinn IV maidir le hoibríochtaí atá ann faoi láthair agus oibríochtaí nua a thabhairt isteach, arb é is aidhm dóibh, inter alia, tuairiscí ar oibríochtaí a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú i gcomhréir le forbairtí eolaíocha, teicniúla agus eile, forbairtí a tharla ó glacadh an Coinbhinsiún in 1989 agus a áirithiú, trí fhorálacha uileghabhálacha a thabhairt isteach, go gcumhdófar le ceanglais an Choinbhinsiúin na hoibríochtaí uile nach luaitear go sonrach.
Is iad seo a leanas cuspóirí na dtograí thuasluaite:
·A áirithiú go mbeidh sásraí rialaithe iomchuí an Choinbhinsiúin iomlán infheidhme agus, dá bhrí sin, dá nglacfaí iad, go bhfeabhsóidís rialuithe loingsithe dramhaíola agus go ndéanfaidís cosc loingsithe neamhdhleathacha a éascú,
·Feabhas a chur ar an tsoiléireacht dhlíthiúil agus ar thuiscint agus léirmhíniú coiteann i dtaca le hoibríochtaí bainistithe dramhaíola na bPáirtithe, agus
·Tacú le bainistiú dramhaíola ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ar an leibhéal domhanda agus rannchuidiú leis an aistriú i dtreo geilleagair chiorclaigh dhomhanda.
Ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú leis na cuspóirí thuasluaite, ach, i bhfianaise an fhreasúra a chuir a lán Páirtithe in iúl ag COP-15, go háirithe maidir le hoibríochtaí nua a chur san áireamh, mar shampla, maidir le hoibríochtaí ullmhúcháin le haghaidh athúsáide agus oibríochtaí uileghabhálacha, ba cheart don Aontas solúbthacht a léiriú, lena n-áirítear an plé ar na hábhair is conspóidí a chur siar agus comhaontú a lorg maidir leis na gnéithe eile den togra.
I gcás ina molfadh Páirtithe eile leasuithe ar na hiarscríbhinní ábhartha, leasuithe lena bhféadfaí na cuspóirí céanna a bhaint amach leo siúd a bhaineann le togra an Aontais, ba cheart don Aontas oscailteacht a léiriú maidir leis na tograí sin a mheas agus d’fhéadfadh an tAontas, i bprionsabal, tacú leis na moltaí sin.
Leasú atá beartaithe ag Cónaidhm na Rúise ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún
Níor cheart don Aontas Eorpach tacú leis an leasú ar Airteagal 6, mír 2 den Choinbhinsiún, leasú a mhol Cónaidhm na Rúise. Tá an seasamh sin i gcomhréir leis an seasamh a comhaontaíodh ag COP-15 le Cinneadh (AE) 2022/1025 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2022.
Ní bheadh aon bhuntáiste mór don Aontas ná do na Ballstáit ag baint leis an gcéad chuid den leasú (go mbeadh teorainn ama 30 lá ag an tír allmhairiúcháin chun freagra a thabhairt ar an bhfógróir), ós rud é go bhfuil feidhm cheana ag an teorainn ama 30 lá atá sa leasú atá beartaithe a bheadh ag tíortha allmhairiúcháin chun freagra a thabhairt ar an bhfógróir, go bhfuil feidhm aici cheana maidir le tromlach na loingsithe a dtugann an tAontas agus na Ballstáit fógra fúthu faoi dhlí an Aontais (cé is moite d’onnmhairithe dramhaíola neamhliostaithe chuig tíortha nach tíortha ECFE iad). Chomh maith leis sin, ní athródh sé na hoibleagáidí don Aontas Eorpach agus a Bhallstáit a fhaigheann fógraí, toisc go bhfuil feidhm cheana faoi dhlí an Aontais ag an teorainn ama 30 lá chun freagra a thabhairt.
Ní léir go bhfuil gá leis an dara cuid den leasú (‘nó’ a chur in ionad camóige) agus chruthódh sí éiginnteacht dhlíthiúil. Tá an foirmliú reatha soiléir go leor gur féidir leis an tír allmhairiúcháin freagairt ar thrí bhealach éagsúla nuair a thugann sí freagra ar an bhfógróir (toiliú leis an ngluaiseacht, cead a dhiúltú don ghluaiseacht sin, nó faisnéis bhreise a iarraidh). Ní gá, dá bhrí sin, an abairt sin a leasú.
Próiseas trom a ídíonn go leor ama is ea an próiseas a bhaineann leis an gCoinbhinsiún a leasú, go háirithe ós rud é go gceanglaíonn sé ar gach Páirtí dul ar aghaidh lena phróiseas inmheánach daingniúcháin agus go dteastaíonn daingniú ó thrí cheathrú de na Páirtithe uile sula dtiocfaidh an leasú i bhfeidhm. D’fhéadfadh sé freisin nach mbeadh ach tionchar teoranta ag an leasú sin sa deireadh, de bhrí nach mbíonn leasuithe ina gceangal ach orthu siúd atá tar éis iad a dhaingniú. Dá bhrí sin, ní thugann an leasú atá beartaithe aghaidh chuí ar aon tosaíocht de chuid an Aontais ná a Bhallstát ó thaobh éifeachtacht níos fearr don Choinbhinsiún, agus cuireann sé tús le próiseas fada trom laistigh den Choinbhinsiún agus le haghaidh na bPáirtithe.
Cé nach dtacaíonn sé leis na leasuithe atá beartaithe, ba cheart don Aontas é a chur i dtábhacht gur cheart do na Páirtithe feidhmiú níos fearr a chur chun cinn maidir leis an nós imeachta um thoiliú feasach roimh ré, faoi chuimsiú Choinbhinsiún Basel. D’fhéadfaí a áireamh leis sin bunú teorainneacha ama eile le haghaidh freagraí ar fhógróirí, go háirithe i gcomhair tíortha idirthurais, chomh maith le húsáid na gcóras idirmhalartaithe leictreonaigh sonraí a spreagadh nó an coincheap ar a dtugtar ‘saoráidí réamhthoilithe’, a eascraíonn as Cinneadh ECFE maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola, a chomhtháthú i gcreat Choinbhinsiún Basel. Tá roinnt próiseas ar siúl cheana féin sa Choinbhinsiún maidir leis na saincheisteanna sin, lena n-áirítear próiseas chun feabhas a chur ar an nós imeachta um thoiliú feasach roimh ré a seoladh ag COP-15 ar thionscnamh an Aontais. Ba cheart don Aontas a chur i dtábhacht a thábhachtaí atá an próiseas sin mar réiteach ar roinnt saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus ba cheart dó iarraidh ar na Páirtithe uile páirt a ghlacadh sa phróiseas sin.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún.
Is gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo iad na gníomhartha a iarrtar ar Chomhdháil na bPáirtithe a ghlacadh. Má ghlactar iad, bheadh na gníomhartha atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 18 den Choinbhinsiún agus d’fhéadfaidís tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar reachtaíocht an Aontais, is é sin Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 maidir le loingsithe dramhaíola agus Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl. Cuireann an Rialachán sin an Coinbhinsiún chun feidhme trí, inter alia, na nósanna imeachta a leagan síos maidir le honnmhairí ón Aontas agus allmhairí isteach ann chomh maith le loingsithe idir na Ballstáit.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, is ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a bhraitheann sé go príomha, gníomh a bhfuiltear ag glacadh seasamh ina leith thar ceann an Aontais. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil. Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
2023/0057 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt i ndáil le leasuithe áirithe ar Airteagail den Choinbhinsiún sin.
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (‘an Coinbhinsiún’) i bhfeidhm in 1992 agus rinne an tAontas é a fhormheas le Cinneadh 93/98/CEE ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail, Choinbhinsiún Basel an 22 Márta 1989 maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt.
(2)De bhun Airteagal 15(5)(b) den Choinbhinsiún, déanfaidh Comhdháil na bPáirtithe, de réir mar is gá, leasuithe ar an gCoinbhinsiún a mheas agus a ghlacadh.
(3)Rinne Comhdháil na bPáirtithe, le linn a 15ú cruinniú i mí an Mheithimh 2022, togra le haghaidh leasuithe ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún a mheas, ar leasuithe iad a chuir Cónaidhm na Rúise isteach. Is é is aidhm don togra sin teorainn ama 30 lá a bhunú ar laistigh di a thabharfaidh tír allmhairiúcháin freagra ar an bhfógróir maidir le loingsiú dramhaíola, agus athrú eile a chuimsiú a chuirtear i láthair mar athrú eagarthóireachta. Chinn Comhdháil na bPáirtithe breithniú an togra sin a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile de Chomhdháil na bPáirtithe.
(4)Cuireadh togra isteach chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú thar ceann an Aontais agus phléigh Comhdháil na bPáirtithe é, le linn an 15ú cruinniú dá cuid i mí an Mheithimh 2022. Is é is aidhm don togra inter alia tuairiscí ar na hoibríochtaí diúscartha a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú agus a shoiléiriú agus go háirithe an méid seo a leanas a dhéanamh: réamhrá ginearálta a chur isteach lena ndéantar idirdhealú soiléir idir na téarmaí ‘neamh-aisghabháil’ agus ‘aisghabháil’; téacsanna réamhráiteacha a chur san áireamh lena mínítear a bhfuil i gceist le ‘hoibríochtaí neamh-aisghabhála’ (Iarscríbhinn IVA) agus ‘oibríochtaí aisghabhála’ (Iarscríbhinn IVB); na tuairiscí ar oibríochtaí a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú i gcomhréir le forbairtí eolaíocha, teicniúla agus forbairtí eile a tharla ó glacadh an Coinbhinsiún in 1989; agus a áirithiú, trí fhorálacha uileghabhálacha a thabhairt isteach, go gcumhdaítear le ceanglais an Choinbhinsiúin na hoibríochtaí uile nach luaitear go sonrach. Chinn Comhdháil na bPáirtithe an togra sin a bhreithniú a thuilleadh ag an gcéad chruinniú eile de Chomhdháil na bPáirtithe.
(5)Is gá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil na bPáirtithe a bhunú i leith na dtograí sin, de bhrí go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, ó tharla gur leasuithe ar théacs an Choinbhinsiúin agus leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún iad. Má ghlacann Comhdháil na bPáirtithe na gníomhartha atá beartaithe, bheidís ina gceangal ar an Aontas agus d’fhéadfaidís tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar dhlí an Aontais, is é sin Treoir 2008/98/CE, agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.
(6)Maidir leis na leasuithe ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún a chuir Cónaidhm na Rúise isteach, níor cheart don Aontas tacú leo ós rud é nach gcuideoidís le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a mheasann an tAontas a bheith ina dtosaíochtaí le haghaidh fheidhmiú Choinbhinsiún Basel. Ina theannta sin, ní mór dul trí phróiseas fada trom chun go dtiocfaidh leasuithe ar chorp théacs an Choinbhinsiúin i bhfeidhm agus dealraíonn sé a bheith díréireach tús a chur le próiseas den sórt sin le haghaidh leasú nach mbaineann aon bhreisluach leis nó nach mbaineann leis ach fíorbheagán breisluacha. Ina ionad sin ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú le tionscnaimh a cheaptar chun feabhas a chur ar an nós imeachta um ‘thoiliú feasach roimh ré’, ar choinníoll go bhfuil raon feidhme níos leithne acu ná mar atá ag an togra a cuireadh faoi bhráid COP15, go bhfuil siad i gcomhréir le beartais agus cuspóirí leathana an Aontais agus nach n-éilíonn siad leasú ar an gCoinbhinsiún.
(7)Maidir leis an togra chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a leasú, ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú lena ghlacadh. D’fhonn comhthoil a bhaint amach maidir leis an togra sin, ba cheart don Aontas solúbthacht a léiriú freisin, go háirithe maidir leis na bearta atá beartaithe nach dócha go mbeidh tacaíocht leordhóthanach ann chun iad a ghlacadh ag Comhdháil na bPáirtithe atá ar na bacáin. Áirítear leis sin, mar shampla, an plé maidir leis na hábhair is conspóidí a chur siar (amhail ullmhú le haghaidh na hathúsáide agus oibríochtaí uileghabhálacha), comhaontú a lorg maidir leis na gnéithe eile den togra agus tacú le leasuithe a d’fhéadfadh Páirtithe eile a mholadh, ar choinníoll go bhféadfaidís na cuspóirí céanna agus atá taobh thiar de thograí an Aontais a bhaint amach, ar tograí iad maidir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel:
(a)ní thacóidh an tAontas leis na leasuithe ar Airteagal 6, mír 2 den Choinbhinsiún a chuir Cónaidhm na Rúise isteach. tacóidh an tAontas le tionscnaimh a cheaptar chun feabhas a chur ar an nós imeachta um ‘thoiliú feasach roimh ré’, ar choinníoll go bhfuil siad i gcomhréir le beartais agus cuspóirí leathana an Aontais agus nach n-éilíonn siad leasú ar an gCoinbhinsiún.
(b)leanfaidh an tAontas de bheith ag tacú le glacadh na leasuithe ar Iarscríbhinn IV agus ar iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Más gá sin chun a áirithiú go dtiocfar ar chomhthoil maidir le leasú ar Iarscríbhinn IV, ba cheart don Aontas solúbthacht a léiriú agus aontú imeacht ón togra a cuireadh síos ag COP15, a fhad a rannchuidíonn an leasú le soiléireacht dhlíthiúil na hIarscríbhinne a mhéadú agus le cur chun feidhme shásraí rialaithe an Choinbhinsiúin, agus nach mbaineann sé an bonn de chóras dlí an Aontais maidir le bainistiú agus loingsithe dramhaíola.
Airteagal 2
Maidir leis an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a mhionchoigeartú, i bhfianaise forbairtí ag an 16ú Comhdháil na bPáirtithe agus tar éis cruinnithe de Chomhdháil na bPáirtithe, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit an mionchoigeartú sin a chomhaontú, le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair.
Airteagal 3
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán