An Bhruiséil,3.3.2023

COM(2023) 108 final

2023/0056(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Is é príomhchuspóir an togra na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlac Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) ag a chruinniú bliantúil i mí Mheán Fómhair 2022 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Is é NAFO an eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh atá freagrach as acmhainní iascaigh san Atlantach Thiar Thuaidh atá faoina chúram a bhainistiú. Tá feidhm ag bearta caomhnaithe agus bainistithe NAFO go heisiach maidir le Limistéar Rialála NAFO, an mhórmhuir, a shainmhínítear mar an limistéar amuigh ón limistéar ina bhfeidhmíonn stáit chósta dlínse iascaigh. Tá an tAontas ina Pháirtí Conarthach in NAFO ó bhí 1979 ann.

Luaitear i gCoinbhinsiún NAFO go bhfuil na bearta caomhnaithe a ghlac Coimisiún NAFO ceangailteach (Airteagal XIV, Airteagal VI.8 agus Airteagal VI.9) agus nach mór do na Páirtithe Conarthacha iad a chur chun feidhme.

Le Rialachán (AE) 2019/833, cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO agus leasaíodh in 2021 agus 2022 é chun na bearta a ghlac NAFO in 2019, 2020 agus 2021 a chur chun feidhme. Cumhdaítear leis an togra seo na leasuithe a ghlac NAFO ag a chruinniú bliantúil i mí Mheán Fómhair 2022. Tháinig na leasuithe sin i bhfeidhm an 1 Nollaig 2022 agus tá feidhm leo ón dáta sin ar aghaidh.

•Comhsheasmhacht le forálacha atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2019/833.

Tá an togra i gcomhréir le Cuid VI (beartas seachtrach) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gcomhbheartas iascaigh lena bhforáiltear go stiúrfaidh an tAontas a iascach seachtrach i gcomhréir lena oibleagáidí idirnáisiúnta agus lena mbunaítear gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais ar chomhar iascaigh réigiúnach.

Leis an togra, comhlánaítear idir Rialachán (AE) 2017/2403 a mhéid a bhaineann le bainistiú a dhéanamh ar chabhlaigh sheachtracha, lena bhforáiltear go bhfuil soithí iascaireachta an Aontais faoi réir údaruithe iascaireachta ó Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh, agus Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe, lena ndéantar foráil maidir le liosta Neamhdhleathach, Neamhrialáilte agus Neamhthuairiscithe (NNN) NAFO a chuimsiú i liosta shoithí NNN an Aontais.

Ní chumhdaítear leis an togra seo deiseanna iascaireachta an Aontais a ndéanann NAFO cinneadh ina leith. De réir Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá sé de shaincheart ag an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le praghsanna, tobhaigh, cúnamh agus teorainneacha cainníochtúla a shocrú agus maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a leithdháileadh.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le beartais eile an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 43(2) CFAE, mar go leagtar amach ann na forálacha is gá chun cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a shaothrú.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3(1)(d) CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

•Comhréireacht

Áiritheofar leis an togra go gcomhlíonfar oibleagáidí NAFO an Aontais, gan dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

•An rogha ionstraime

Leasaítear leis an rogha ionstraime Rialachán (AE) 2019/833.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Is é is cuspóir don togra seo Rialachán (AE) 2019/833 a leasú trí na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a glacadh ag cruinniú bliantúil NAFO i mí Mheán Fómhair 2022 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Chuathas i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta de chuid na mBallstát agus le hionadaithe tionscail sa tréimhse díreach roimh chruinniú bliantúil NAFO ag ar glacadh na bearta sin agus le linn chaibidlíocht NAFO freisin.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Leis an togra seo cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO a glacadh i gcomhréir le buanchoistí NAFO maidir le comhairle eolaíoch agus rialaithe.

•Measúnú tionchair

Ní bhaineann le hábhar. Leis an togra seo cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO atá ina cheangal ar Pháirtithe Conarthacha agus is infheidhme go díreach sna Ballstáit.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl aon nasc idir an togra seo agus oiriúnacht agus simpliú rialála (REFIT).

•Cearta bunúsacha

Níl aon tionchar ag an togra seo ar chosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní bhaineann le hábhar.

•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an togra seo, cuirtear chun feidhme na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a glacadh ag cruinniú bliantúil NAFO i mí Mheán Fómhair 2022 maidir leis na nithe seo a leanas: (i) dualgais nua ar Bhallstáit bhrataí a bhaineann le pleananna taighde a chur isteach agus ceanglais ar shoithí le haghaidh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí taighde; (ii) rialáil ar tharraingt thrialach ar dhul isteach i Roinn den chéad uair ar turas iascaireachta; (iii) coigeartuithe ar tréimhsí coiscthe maidir le péirsí mara in 3M; (iv) an toirmeasc ar shiorcanna beagcheannacha a thabhairt i dtír, a thrasloingsiú agus a choinneáil ar bord; agus (v) crosliostáil soithí NNN ó eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh eile.

Tarmligtear cumhachtaí leis an togra seo freisin chuig an gCoimisiún chun Rialachán (AE) 2019/833 a leasú maidir le dualgais na mBallstát a bhaineann le pleananna taighde a chur isteach agus ceanglais ar shoithí gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh, má leasaíonn NAFO na bearta sin amach anseo. Is gá na forálacha sin a chur chun feidhme go pras i ndlí an Aontais chun soithí an Aontais a chur ar an mbonn céanna le soithí Pháirtithe Conarthacha eile NAFO le haghaidh séasúir iascaireachta amach anseo.

 

2023/0056 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais na rialacha is nuashonraithe maidir le bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO). Leasaíodh an Rialachán sin ina dhiaidh sin chun na bearta a ghlac NAFO ag na cruinnithe bliantúla dá chuid in 2019, 2020 agus 2021 a chur chun feidhme 3 .

(2)Ina dhiaidh sin, ghlac NAFO ag a 44ú Cruinniú Bliantúil i mí Mheán Fómhair 2022 roinnt beart atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun acmhainní iascaigh a chaomhnú atá faoina chúram a mhéid a bhaineann le dualgais nua na mBallstát brataí i ndáil le pleananna taighde a chur isteach agus ceanglais ar shoithí chun gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh, tarraingt thrialach a rialú ar dhul isteach den chéad uair i Roinn ar turas iascaireachta, coigeartuithe ar thréimhsí coiscthe maidir le péirsí mara in 3M, toirmeasc ar shiorcanna beagcheannacha a thabhairt i dtír, a thrasloingsiú agus a choinneáil ar bord agus soithí neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) ó eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh eile a chrosliostú.

(3)Is ar Pháirtithe Conarthacha NAFO a dhírítear na bearta sin agus cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí leo chomh maith. Tar éis dóibh teacht i bhfeidhm an 1 Nollaig 2022, tá Bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe (CEM) NAFO ina gceangal ar gach Páirtí Conarthach de NAFO. A mhéid a bhaineann leis an Aontas Eorpach, tá siad le cur chun feidhme i ndlí an Aontais a mhéid nach bhforáiltear maidir leo cheana le dlí an Aontais.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/833 a leasú chun na bearta nua sin ó NAFO a chur chun feidhme.

(5)Is dócha go leasófar forálacha áirithe de chuid CEM ag Cruinnithe Bliantúla NAFO amach anseo tar éis bearta teicniúla nua a thabhairt isteach i ndáil le pleananna taighde iascaigh. Chun leasuithe den sórt sin ar CEM amach anseo a chur chun feidhme go pras i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith dhualgais na mBallstát i ndáil le pleananna taighde a chur isteach agus ceanglais ar shoithí gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh.

(6)Tá sé tábhachtach, go háirithe, go dtéann an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 4 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/833 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/833

Leasaítear leis seo Rialachán (AE) 2019/833 mar a leanas:

(1)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (2):

‘2. Déanfaidh an Ballstát brataí an méid seo a leanas:

(a) trí tharchur leictreonach san fhormáid a shainordaítear in Iarscríbhinn II.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus sula dtosaítear an taighde, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na soithí taighde uile atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain agus a údaraítear chun gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh sa Limistéar Rialála;

(b) plean taighde a sholáthar don Choimisiún le haghaidh na soithí uile atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain agus a údaraítear chun gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh sa Limistéar Rialála, tráth nach déanaí ná 40 lá roimh chruinniú Chomhairle Eolaíochta NAFO i mí an Mheithimh, i gcás suirbhéanna nua neamh-athfhillteacha agus gníomhaíochtaí taighde agus i gcás ina mbeartaítear na gabhálacha a choinnítear ar bord le linn gníomhaíochtaí taighde a mhargú. I gcásanna eile, soláthrófar plean taighde tráth nach déanaí ná 10 lá sula dtosófar an taighde;

(c) maidir le plean taighde le haghaidh suirbhéanna a dhéantar sa Limistéar Rialála lena ndírítear ar stoic atá faoi réir deiseanna iascaireachta, a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ann:

(i)    aitheantas soithigh,

(ii)    cuspóir,

(iii)    achoimre ar mhodhanna nó nósanna imeachta eolaíocha,

(iv)    suíomh agus dátaí na gníomhaíochta taighde,

(v)    ainm an phríomhimscrúdaitheora,

(vi)    cé acu a déanfar nó nach ndéanfar aon ghabháil a choinnítear ar bord a mhargú,

(vii)    gabháil taighde mheasta iomlán den speiceas is ábhar don suirbhé agus cé acu a bheidh breathnóir ar bord ag a bhfuil saineolas eolaíoch leordhóthanach,

(viii)    faisnéis faoin tráth a chuirfear na torthaí taighde i láthair Chomhairle Eolaíochta NAFO,

(ix)    i gcás inarb ábhartha, aon iarraidh chun maolú a fháil ar na forálacha sa phointe seo, agus

(x)    i gcás inarb ábhartha, léiriú gur suirbhé nó taighde nua neamh-athfhillteach í an ghníomhaíocht; agus

(d) fógra a thabhairt don Choimisiún láithreach faoi thosú agus faoi chríochnú gníomhaíochtaí taighde a dhéanann soithí a úsáidtear go sealadach sa taighde, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a dhéantar le linn turais iascaireachta ar a ndéantar idir ghníomhaíochtaí tráchtála agus ghníomhaíochtaí taighde.’

(2)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (3):

‘3. Déanfaidh soithí atá i mbun taighde an méid seo a leanas:

(a)    coinneoidh siad cóip Bhéarla den phlean taighde ar bord i gcónaí mar aon le cóip d’aon athrú a dhéantar ar an bplean, agus

(b)    i gcás suirbhéanna a dhéantar sa Limistéar Rialála lena ndírítear ar stoic atá faoi réir deiseanna iascaireachta, úsáidfidh siad eangach, sraithadhmad, boscaí nó modhanna eile chun gabhálacha a ghabhtar mar chuid de ghníomhaíochtaí taighde a stuáil ar leithligh ó ghabhálacha eile a dhéantar le linn turais iascaireachta ar a ndéantar idir ghníomhaíochtaí tráchtála agus ghníomhaíochtaí taighde, agus léireofar sa phlean stuála an áit a stuálfar na gabhálacha a dhéantar mar chuid de ghníomhaíochtaí taighde.’

(3)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (4):

‘4. Soithí taighde a dhéanann suirbhéanna a dhéantar sa Limistéar Rialála lena ndírítear ar stoic atá faoi réir deiseanna iascaireachta agus a choinníonn ar bord gabhálacha a dhéantar le linn na ngníomhaíochtaí taighde sin lena margú, mura dtacaíonn an tuairim ó Chomhairle Eolaíochta NAFO leo ar shlí eile déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)    comhlíonfaidh siad na ceanglais taifeadta agus tuairiscithe a shonraítear i gCaibidil V den Rialachán seo,

(b)    beidh breathnóir ar bord acu ag a bhfuil saineolas leordhóthanach,

(c)    comhairfidh siad na gabhálacha sin in aghaidh chuóta ábhartha agus    theorainneacha iarrachta iascaireachta an Bhallstáit a leagtar amach i ndeiseanna iascaireachta.’

(4)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (5):

‘5. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo nó in CEM, ní chuirfear srianta ar shoithí taighde le bearta caomhnaithe agus bainistithe a bhaineann le hiasc a thógáil sa Limistéar Rialála, go háirithe bearta a bhaineann le mogallmhéid, teorainneacha méide, limistéir choiscthe agus séasúir choiscthe.

(5)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (6):

‘6. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis faoinar thug na Ballstáit bhrataí fógra, i gcomhréir le mír 2, ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO gan mhoill.’

(6)In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1), pointe (e):

‘(e) cosc a chur ar an iascach péirsí mara dá chuid i Roinn 3M ag 24:00 AUL an lá a mheasfar an ghabháil charntha thuairiscithe péirsí mara a bheith cothrom le 100 % den TAC don phéirse mhara i Roinn 3M, faoi mar a chuirtear in iúl i gcomhréir le mír 3;’

(7)In Airteagal 8, cuirtear mír (5) leis:

‘5. Ar dhul isteach i Roinn den chéad uair ar turas iascaireachta, féadfaidh soitheach tarraingt thrialach amháin a dhéanamh suas go dtí uastréimhse 3 uair an chloig. I gcás gur sna stoic atá faoi réir teorainneacha foghabhála atá an céatadán is mó, de réir meáchain, den ghabháil iomlán iarmhartach sa dol, ní mheasfar gur iascach dírithe ar na stoic sin atá ann, agus ní mór don soitheach a suíomh a athrú gan mhoill i gcomhréir le forálacha mhír 1(b). Ní mór do shoithí aon tarraingt thrialach a dhéantar i gcomhréir leis an mír seo a shainaithint agus na comhordanáidí a bhaineann le suíomh tosaithe agus suíomh deiridh gach tarraingthe triallaí a dhéantar a thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.’

(8)In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (9):

‘9. Toirmeascfar iascaireacht dhírithe a dhéanamh ar shiorcanna beagcheannacha (Somniosus microcephalus) sa Limistéar Rialála agus toirmeascfar siorc beagcheannach ina iomláine nó cuid de a choinneáil, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír ann freisin.’

(9)In Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) go n-áirítear í ar liosta NNN an Choimisiúin um Chaomhnú Beo-Acmhainní Muirí Antartacha 5 , an Choimisiúin um an Tuinnín Gorm Deisceartach a Chaomhnú, 6 an Choimisiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha 7 , an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú 8 , an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, 9 an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir 10 , an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh 11 , Choimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh 12 , Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas 13 , Chomhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas 14 , Eagraíocht Réigiúnach Bainistithe Iascaigh an Aigéin Chiúin Theas 15 agus an Choimisiúin Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir 16 .’

(10)In Airteagal 50, cuirtear mír 2, pointe (m) leis:

‘(m) dualgais ar na Ballstáit bhrataí i ndáil le pleananna taighde Airteagal 4(2);’

(11)In Airteagal 50, cuirtear mír 2, pointe (n) leis:

‘(n) ceanglais ar shoithí a dhéanann taighde Airteagal 4(3), (4), agus (5).’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO C , , lch. .
(2)    Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) 1386/2007 ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2019, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE) 2021/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 274, 30.7.2021, lch. 32), Rialachán (AE) 2022/2037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 275, 25.10.2022 lch. 11).
(4)

   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(5)    An Coinbhinsiún maidir le Beo-Acmhainní Muirí san Antartach a Chaomhnú a tarraingíodh suas in Canberra an 20 Bealtaine 1980 agus a tháinig i bhfeidhm an 7 Aibreán 1982 (IO L 252, 5.9.1981, lch. 26).
(6)    An Coinbhinsiún um an Tuinnín Gorm Deisceartach a Chaomhnú a rinneadh in Canberra an 10 Bealtaine 1993 agus a tháinig i bhfeidhm an 20 Bealtaine 1994 (IO L 336, 23.12.2015, lch. 27).
(7)    An Coinbhinsiún chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce a Neartú (Coinbhinsiún Antigua) a rinneadh in Washington an 14 Samhain 2003 agus a tháinig i bhfeidhm an 27 Lúnasa 2010 (IO L 224, 16.8.2006, lch. 22).
(8)    An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh a síníodh i bPáras an 10 Iúil 1984 agus a tháinig i bhfeidhm an 9 Eanáir 1997 (IO L 162, 18.6.1986, lch. 34).
(9)    An Comhaontú maidir le Bunú Choimisiún Tuinníní an Aigéin Indiaigh a síníodh sa Róimh an 25 Samhain 1993 agus a tháinig i bhfeidhm an 27 Márta 1996 (IO L 236, 5.10.1995, lch. 25).
(10)    An Comhaontú maidir leis an gCoimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir a ceapadh den chéad uair sa Róimh an 24 Meán Fómhair 1949 agus a tháinig i bhfeidhm an 20 Feabhra 1952 (IO L 190, 4.7.98, lch. 37).
(11)    An Coinbhinsiún maidir le comhoibriú iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh a síníodh i Londain an 18 Samhain 1980 agus a tháinig i bhfeidhm an 17 Márta 1982 ar aontaigh an Comhphobal Eorpach dó an 13 Iúil 1981 ( IO L 227, 12.8.1981, lch. 22 ).
(12)    An Coinbhinsiún um Chaomhnú agus Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh a rinneadh i dTóiceo an 24 Feabhra 2012 agus a tháinig i bhfeidhm an 19 Iúil 2015 (IO L 55, 28.2.2022, lch. 14).
(13)    An Coinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas, a rinneadh in Windhoek na Namaibe an 20 Aibreán 2001 agus a tháinig i bhfeidhm an 13 Aibreán 2003 (IO L 234, 31.8.2002, lch. 40).
(14)    Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA) a síníodh sa Róimh an 7 Iúil 2016 agus a tháinig i bhfeidhm an 21 Meitheamh 2012 (IO L 196, 18.7.2006, lch. 5 agus IO L 76 M, 16.3.2007, lch. 78).
(15)    An Coinbhinsiún um Chaomhnú agus Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Theas, a rinneadh in Auckland an 14 Samhain 2009 agus a tháinig i bhfeidhm an 24 Lúnasa 2012 (IO L 67, 6.3.2012, lch. 1).
(16)    An Coinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú a rinneadh in Honolulu an 5 Meán Fómhair 2000 agus a tháinig i bhfeidhm an 19 Meitheamh 2004 (IO L 32, 4.2.2005, lch. 1).