An Bhruiséil,23.2.2023

COM(2023) 106 final

2023/0051(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ó bhí 24 Feabhra 2022 ann, tá ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, ionsaí gan chúis gan údar, tar éis tionchar diúltach ollmhór a imirt ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, mar gheall ar na hiarmhairtí tromchúiseacha do shaol na ndaoine, an gá díriú ar chosaint na críche, an líon mór daoine atá easáitithe, scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus toisc nach bhfuil fáil ar chuid mhaith de na modhanna iompair ó tharla an rochtain ar an Muir Dhubh a bheith faoi shrian. Sa chomhthéacs deacair sin, i gconclúidí na Comhairle Eorpaí an 21 Deireadh Fómhair 2022 agus an 9 Feabhra 2023, cuireadh i dtreis go leanfaidh sí de thacaíocht láidir pholaitiúil agus eacnamaíoch a chur ar fáil don Úcráin. Ina theannta sin, d’iarr an Úcráin ar an Aontas na coinníollacha a éascú a mhéid is féidir chun cur ar chumas na tíre a seasamh trádála leis an gcuid eile den domhan a choinneáil agus a caidreamh trádála leis an Aontas a dhoimhniú a thuilleadh. Ar na bearta chun na críche sin, tá go ndearnadh lóistíocht thar tír a éascú tríd an gComhaontú idir an tAontas agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar 1 agus leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin agus méadú a dhéanamh ar mhéid an léirscaoilte margaidh trí Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadacha lena bhforlíontar lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais. Tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm an 4 Meitheamh 2022 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 5 Meitheamh 2023. Is amhlaidh a chuir na bearta sin le solúbthacht agus cinnteacht do tháirgeoirí na hÚcráine.

I bhfianaise ionsaí míleata gan stad na Rúise i gcoinne na hÚcráine, an gá atá ann dá thoradh sin leanúint de thacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Úcráin, agus nuair a chuimhnítear gur deonaíodh stádas mar iarrthóir don Aontas don Úcráin i mí an Mheithimh 2022, tá Rialachán á mholadh ag an gCoimisiún ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéanfar na bearta sin um léirscaoileadh trádála a athnuachan, Rialachán ar cheart feidhm a bheith aige ar feadh tréimhse bliana ón dáta a rachaidh na bearta reatha in éag (i.e. ón 6 Meitheamh 2023):

Na dleachta custaim uile atá fós le híoc a chur ar fionraí go sealadach faoi Theideal IV den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (dá ngairtear ‘an Comhaontú Comhlachais’ anseo feasta) 2 lena mbunaítear limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála (DCFTA). Baineann sé sin le dhá chatagóir táirgí:

·torthaí agus glasraí faoi réir chóras an phraghais iontrála;

·táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta próiseáilte atá faoi réir taraif-chuótaí.

Gan dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh na hÚcráine a bhailiú go sealadach ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; agus

Cur i bhfeidhm na gcomhrialacha maidir le hallmhairí (coimircí) 3 a chur ar fionraí go sealadach i ndáil le hallmhairí de thionscnamh na hÚcráine.

Áirítear freisin i Rialachán (AE) 2022/870 fionraí shealadach na dtaraifí gan íoc ar tháirgí tionsclaíocha a bhfuil deireadh le cur de réir a chéile ar na dleachta orthu faoi dheireadh 2022 i gcomhréir le hIarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais. Sa togra seo chun na bearta sin a athnuachan, ní áirítear na táirgí sin, ós rud é go bhfuil siad faoi réir dleachtanna nialasacha i gcás ar bith ón 1 Eanáir 2023.

Beidh na bearta sealadacha agus eisceachtúla sin ina gcuidiú leanúnach chun tacú leis na sreabha trádála atá ann cheana ón Úcráin go dtí an tAontas agus iad a chothú. Tá sé sin ag teacht le ceann de phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe Chomhlachais, is é sin coinníollacha a bhunú do chaidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála as a dtiocfaidh comhtháthú na hÚcráine de réir a chéile i Margadh Inmheánach an Aontais Eorpaigh.

Na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear faoin togra seo le haghaidh Rialacháin, déantar iad agus an gealltanas in Airteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais á urramú, Airteagal ina gcuimsítear mar ghné bhunriachtanach den Chomhaontú urraim do phrionsabail na ceannasachta agus na sláine críche, do dosháraitheacht teorainneacha agus don neamhspleáchas a chur chun cinn. Ar an gcaoi chéanna, bheadh na bearta léirscaoilte trádála faoi choinníoll go n‑urramófaí na bunphrionsabail chéanna atá leagtha amach in Airteagal 2, lena n‑áirítear iad siúd lena bhforáiltear gur bunghnéithe den Chomhaontú sin iad prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú agus prionsabal an smachta reachta a urramú.

Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag na bearta léirscaoilte trádála atá sa togra seo a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 207(1) CFAE, go stiúrfar comhbheartas tráchtála an Aontais i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a leagtar amach in Airteagal 21 CAE.

De réir an togra, beidh feidhm ag nósanna imeachta coimirce brostaithe ar bhonn faireachán tráthrialta lena bhféadfar dleachtanna custaim a thabhairt isteach an athuair.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Bheadh na bearta léirscaoilte trádála sin comhsheasmhach le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais agus go háirithe le Teideal IV lena mbunaítear DCFTA, rud lena bhforáiltear go mbunóidh na Páirtithe limistéar saorthrádála de réir a chéile thar idirthréimhse nach mó ná 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.

Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2022/870 léiríodh tiomantas láidir an Aontais tacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Úcráin trí bhíthin trádáil idirnáisiúnta i gcomhthéacs ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is leathnú loighciúil ar an mbeartas sin é na bearta um léirscaoileadh trádála a athnuachan de réir mar a leanann an t‑ionsaí míleata agus deacrachtaí eacnamaíocha na hÚcráine ar aghaidh.

Ar deireadh, d’iarr an Úcráin in 2021 go ndéanfaí an t‑athbhreithniú faoi Airteagal 29(4) den Chomhaontú Comhlachais a ghníomhachtú d’fhonn féachaint ar dhlús a chur leis an raon feidhme maidir le deireadh a chur le dleachtanna custaim idir an Úcráin agus an tAontas agus an raon feidhme sin a leathnú. Tá an chaibidlíocht ar stad faoi láthair.

Mar sin féin, ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin a tionóladh an 3 Feabhra 2023, an Plean Gníomhaíochta Tosaíochta athbhreithnithe chun DCFTA a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr do 2023-2024, rinneadh é a fhormhuiniú. Áirítear leis sin, mar shampla, gealltanas na hÚcráine an reachtaíocht maidir le sláinteachas agus cáilíocht feoil éanlaithe clóis a chur i bhfeidhm le linn na chéad ráithe de 2023, rud a fhágfaidh go bhféadfar leasuithe comhaontaithe ar an deimhniú onnmhairiúcháin a thabhairt isteach le haghaidh feoil éanlaithe clóis áirithe ón Aontas go dtí an Úcráin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cháin an tAontas Eorpach go láidir ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus rinne sé bearta nach bhfacthas a leithéid riamh chun tacú leis an Úcráin sa chomhthéacs eisceachtúil seo, bearta ó chúnamh airgeadais, lena n‑áirítear tacaíocht mhacra-airgeadais le haghaidh bearta éigeandála agus atógáil, seachadadh trealaimh mhíleata agus glacadh smachtbhannaí fairsinge i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise, go dlús a chur leis an gcomhar faoin gComhaontú Comhlachais. Ina theannta sin, bronnadh stádas mar thír is iarrthóir ar an Aontas Eorpach ar an Úcráin i mí an Mheithimh 2022. Dá bhrí sin, chomhlíonfadh an Rialachán atá beartaithe oibleagáid an Aontais faoi Airteagal 21(3) CAE chun comhsheasmhacht a áirithiú idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí, agus is aisti a eascraíonn sé, mar aon le hAirteagal 207(1) CFAE lena bhforáiltear go bhfuil an comhbheartas tráchtála le déanamh i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Sainítear an comhbheartas tráchtála mar inniúlacht eisiach de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Tá an togra seo riachtanach chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme agus chun an cuspóir a bhaint amach maidir le tacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Úcráin faoi na deacrachtaí atá aici faoi láthair, i réimse na trádála leis an Aontas freisin.

An rogha ionstraime

Tá an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 207(2) CFAE, lena bhforáiltear maidir le bearta comhbheartais tráchtála.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

Chun a áirithiú go leanfar de na bearta um léirscaoileadh trádála le haghaidh na hÚcráine tar éis dhul in éag Rialachán (AE) 2022/870 an 5 Meitheamh 2023, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2023. I bhfianaise an ghá sin agus na práinne a bhaineann leis an togra seo dá bharr, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair. Mar sin féin, bhí forálacha trádála agus forálacha maidir le cúrsaí trádála sa Chomhaontú Comhlachais faoi réir measúnú tionchair inbhuanaitheachta a choimisiúnaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Trádála in 2007 agus cuireadh an measúnú sin san áireamh sa phróiseas caibidlíochta DCFTA. Deimhníodh sa staidéar sin gur dea-thionchar eacnamaíoch an tionchar a d’imreofaí ar an Aontas Eorpach agus ar an Úcráin araon ach na forálacha sin maidir le trádáil agus cúrsaí trádála a chur chun feidhme.

Ina theannta sin, tá faireachán agus tuairisciú tráthrialta á dhéanamh ar shreafaí allmhairí faoi Rialachán (AE) 2022/870. Ar bhonn thorthaí an fhaireacháin sin, beartaítear na forálacha coimirce a dhéanamh níos oibríochtúla, más rud é go mbíonn drochthionchar ag na hallmhairí ar mhargadh an Aontais.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní chuireann an beart seo le hualach rialála cuideachtaí.

Cearta bunúsacha

Comhlíonann na bearta sin na bunphrionsabail chéanna agus a chomhlíonann na bearta sin a chumhdaítear sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais leis an Úcráin gur bunghnéithe den Chomhaontú sin urraim do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus na bunsaoirsí agus do phrionsabal an smachta reachta.

Bheadh na bearta léirscaoilte trádála i gcomhréir freisin leis an gCairt Eorpach um Chearta Bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ar bhonn meastachán de réir leibhéal na méideanna allmhairí táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe de bhreis ar an gcuóta bliantúil saor ó dhleacht ón Úcráin in 2021, bheadh caillteanas ioncaim custaim EUR 33.4 milliún in aghaidh na bliana ag an Aontas Eorpach. Ina theannta sin, tar éis fhoirceannadh na mbeart frithdhumpála i dtaca le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamhchóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na hÚcráine [áirítear fonóta ach a bhfoilsítear], is dleacht frithdhumpála é an taon bheart cosanta trádála atá fágtha i leith na hÚcráine ar allmhairí píopaí agus feadán iarainn nó cruach áirithe gan uaim, ar dleachtanna frithdhumpála iad nár bailíodh de bhun Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2022/870. Rachaidh an dleacht sin in éag an 3 Deireadh Fómhair 2023 mura bhfaighidh an Coimisiún iarraidh ina bhfuil fianaise leordhóthanach gur dócha go leanfaí den dumpáil agus den díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. I gcás ina gcuirfear síneadh leis na bearta i dtaca le píopaí agus feadáin iarainn nó chruach áirithe gan uaim tar éis an dáta sin, ar bhonn leibhéal na nallmhairí ón Úcráin in 2020 agus 2021 bheadh an tuaschaillteanas measta maidir le dleachtanna frithdhumpála níos lú ná EUR 15 mhilliún in aghaidh na bliana. Mar sin, is é EUR 48.4 milliún 4 an méid iomlán measta agus dá bhrí sin beidh an tionchar ar acmhainní dílse an Aontais anteoranta.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá tuairisc ar líne ar éabhlóid na trádála déthaobhaí idir an tAontas agus an Úcráin le fáil ar shuíomhanna gréasáin atá ag an gCoimisiún Eorpach chuige sin. Déanfar faireachán tráthrialta ar thionchar an Rialacháin ar bhonn démhíosúil, agus an fhaisnéis faoi onnmhairí, allmhairí, praghsanna ar mhargadh an Aontais agus táirgeadh na dtáirgí atá faoi réir na mbeart um léirscaoileadh trádála á gcur san áireamh.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I bhfianaise na staide éigeandála san Úcráin, is é is aidhm don bheart na sreafaí trádála a bhaineann leis na hallmhairí uile ón Úcráin a mhéadú trí na taraifí uile atá fós le híoc agus na dleachtanna allmhairiúcháin uile a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí na hÚcráine a chur ar fionraí. Dheonófaí na bearta léirscaoilte trádála i bhfoirm fionraí iomlán a chur ar dhleachtanna allmhairiúcháin ar gach táirge.

2023/0051 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 5 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile 6 , (an ‘Comhaontú Comhlachais’), ina bhonn leis an ngaol idir an tAontas agus an Úcráin. I gcomhréir le Cinneadh 2014/668/AE 7 ón gComhairle, ón 1 Eanáir 2016 8 , bhí feidhm shealadach ag Teideal IV den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le cúrsaí trádála, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017 tar éis do na Ballstáit uile é a dhaingniú.

(2)Cuirtear in iúl sa Chomhaontú Comhlachais gur mian leis na Páirtithe sa Chomhaontú Comhlachais (na “Páirtithe”) an caidreamh a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach, comhtháthú eacnamaíoch a éascú agus a bhaint amach de réir a chéile, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí is toradh ar bhallraíocht na bPáirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(3)Foráiltear le hAirteagal 25 den Chomhaontú Comhlachais go mbunófar limistéar saorthrádála de réir a chéile idir na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal XXIV den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (“CGTT 1994”). Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 29 den Chomhaontú Comhlachais go gcuirfear deireadh de réir a chéile le dleachtanna custaim i gcomhréir leis na Sceidil a áirítear ann agus an fhéidearthacht atá ann dlús a chur le raon feidhme an díothaithe sin agus é a leathnú. Foráiltear le hAirteagal 48 den Chomhaontú Comhlachais go ndéanfar leas an phobail a bhreithniú sula gcuirfear bearta frithdhumpála i bhfeidhm idir na Páirtithe.

(4)Ó bhí 24 Feabhra 2022 ann, tá cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ionsaí gan chúis gan údar, tar éis tionchar diúltach ollmhór a imirt ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, i ngeall ar scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus toisc nach bhfuil fáil ar chuid shuntasach de na modhanna iompair ó tharla an rochtain ar an Muir Dhubh a bheith faoi shrian agus éiginnte. Faoi chúinsí eisceachtúla den sórt sin agus chun tionchar diúltach eacnamaíoch chogadh foghach na Rúise a mhaolú, tá gá le dlús a chur le forbairt caidrimh eacnamaíoch níos dlúithe idir an tAontas agus an Úcráin chun tacaíocht leanúnach a thabhairt d’údaráis na hÚcráine agus do mhuintir na hÚcráine. Is gá agus is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint den sreabhadh trádála a spreagadh agus lamháltais a dheonú i bhfoirm bearta um léirscaoileadh trádála le haghaidh gach táirge i gcomhréir leis an luathú atá á dhéanamh ó thaobh deireadh a chur le dleachtanna custaim ar thrádáil idir an tAontas agus an Úcráin.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas le comhchuibheas idir réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht sheachtrach a áirithiú. De bhun Airteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an comhbheartas tráchtála le stiúradh i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

(6)Rachaidh Rialachán (AE) Uimh. 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 in éag an 5 Meitheamh 2023.

(7)Ba cheart gur mar seo a leanas a bheadh na bearta um léirscaoileadh trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo: (i) cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála maidir le torthaí agus glasraí a chur ar fionraí; (ii) taraif-chuótaí agus dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí; (iii) de mhaolú ar Airteagal 14(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 , dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh na hÚcráine arna ndéanamh le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin, níor cheart iad a bhailiú tráth ar bith, lena n‑áirítear tar éis don Rialachán seo dul in éag; agus (iv) cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur ar fionraí go sealadach 11 . Trí na bearta sin, cuirfidh an tAontas, i ndáiríre, tacaíocht iomchuí eacnamaíoch agus airgeadais ar fáil ar bhonn sealadach chun leas na hÚcráine agus na noibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

(8)Chun calaois a chosc, na socruithe fabhracha a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bheith faoi réir an choinníll go mbeidh na coinníollacha ábhartha uile chun socair a fháil faoin gComhaontú Comhlachais comhlíonta ag an Úcráin, lena náirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí lena mbaineann agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus ina theannta sin, ba cheart iad a bheith faoi réir dhlúthchomhair na hÚcráine leis an Aontas ó thaobh riaracháin de, dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais.

(9)Ba cheart don Úcráin staonadh ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu agus ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach, ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó ar mhuirir atá ann cheana nó ó aon srian eile ar thrádáil leis an Aontas a thabhairt isteach, ach amháin má tá údar soiléir leis sin i gcomhthéacs ionsaí míleata na Rúise. I gcás nach gcomhlíonann an Úcráin aon cheann de na coinníollacha sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún na socruithe fabhracha uile a bunaíodh leis an Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí ar bhonn sealadach.

(10)I measc nithe eile, le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais foráiltear gur bunghnéithe den Chomhaontú Comhlachais prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú, meas ar phrionsabail na ceannasachta agus na sláine críche, dosháraitheacht teorainneacha agus neamhspleáchas a chur chun cinn, chomh maith le dul i ngleic le leathadh na narm ollscriosta, ábhair ghaolmhara agus modhanna seachadta na narm sin. Ina theannta sin, luaitear in Airteagal 3 den Chomhaontú Comhlachais an smacht reachta, an dea-rialachas, an comhrac i gcoinne na héillitheachta agus an comhrac i gcoinne na gcineálacha éagsúla coireachta eagraithe trasnáisiúnta agus sceimhlitheoireachta, agus cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh, ar rudaí iad atá ríthábhachtach ó thaobh an caidreamh idir na Páirtithe a fheabhsú. Is iomchuí an fhéidearthacht a thabhairt isteach na socruithe fabhracha a bhunaítear leis an Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach mura nurramaíonn an Úcráin prionsabail ghinearálta an Chomhaontaithe Comhlachais, mar a tharlaíonn faoi chomhaontuithe comhlachais eile arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas.

(11)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na socruithe fabhracha dá bhforáiltear in Airteagal 1(1), pointe (a) agus pointe (b) a chur ar fionraí go sealadach mura gcomhlíontar na coinníollacha maidir le teidlíocht i leith na socruithe fabhracha a thuilleadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a thabhairt isteach freisin chun coimircí a thabhairt isteach i gcásanna ina ndéanann allmhairí faoin Rialachán seo dochar do mhargaí an Aontais le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 .

(12)Faoi réir measúnú trí mhí ón gCoimisiún ar bhonn fhaireachán tráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo agus tar éis iarraidh chuíréasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht dleachtanna custaim a thabhairt isteach an athuair, ar dleachtanna custaim iad is infheidhme ar shlí eile faoin gComhaontú Comhlachais maidir le hallmhairí aon táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo.

(13)Ba cheart measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a chuimsiú sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar chur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála, rud atá ina dhlúthchuid den Chomhaontú Comhlachais.

(14)I bhfianaise na práinne atá leis an ábhar a bhaineann leis an staid arb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leis, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.

(15)I bhfianaise phráinn na staide eacnamaíche san Úcráin agus dul in éag Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2023,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bearta um léirscaoileadh trádála

1.Tugtar isteach na socruithe fabhracha seo a leanas:

(a)déanfar cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála a chur ar fionraí le haghaidh na dtáirgí sin a bhfuil feidhm aige maidir leo mar a shonraítear in Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais. Ní bheidh feidhm ag aon dleacht chustaim maidir le hallmhairí na dtáirgí sin.

(b)na taraif-chuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, déanfar iad a chur ar fionraí agus ceadófar allmhairiú na dtáirgí atá cumhdaithe faoi na cuótaí sin isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim.

2.De mhaolú ar Airteagal 14(1), an chéad fhomhír de Rialachán (AE) 2016/1036, dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh na hÚcráine arna ndéanamh le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, níor cheart iad a bhailiú tráth ar bith, lena náirítear tar éis don Rialachán seo dul in éag.

3.Déanfar cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/478 a chur ar fionraí go sealadach maidir le hallmhairí de thionscnamh na hÚcráine.

Airteagal 2

Coinníollacha teidlíochta i leith na socruithe fabhracha

Beidh na socruithe fabhracha dá bhforáiltear in Airteagal 1(1), pointí (a), agus (b), faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)comhlíonadh na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais;

(b)staonadh na hÚcráine ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu nó ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó muirir atá ann cheana agus ó shrian d’aon saghas eile ar thrádáil leis an Aontas a thabhairt isteach, lena náirítear bearta riaracháin inmheánacha atá idirdhealaitheach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs an chogaidh; agus

(c)an Úcráin do thabhairt urraime do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus urraim do phrionsabal an smachta reachta chomh maith le hiarrachtaí leanúnacha, marthanacha i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3 agus 22 den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 3

Fionraíocht shealadach

1.Má chinneann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann lena léiriú nár chomhlíon an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, féadfaidh sé, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na socruithe fabhracha uile dá bhforáiltear in Airteagal 1(1), pointí (a), agus (b) a chur ar fionraí nó cuid díobh a chur ar fionraí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

2.I gcás ina niarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún aon cheann de na socruithe fabhracha a chur ar fionraí ar an mbonn nár chomhlíon an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (b), cuirfidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe ar fáil laistigh de 4 mhí ó rinneadh an iarraidh i dtaobh an raibh bunús leis an maíomh nár chomhlíon Úcráin na coinníollacha. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil bunús leis an maíomh, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Coimirce brostaithe

1.I gcás ina ndéantar táirge de thionscnamh na hÚcráine a allmhairiú faoi choinníollacha a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo, na dleachtanna custaim is infheidhme ar shlí eile faoin gComhaontú Comhlachais maidir le hallmhairí an táirge sin, féadfaidh an Coimisiún iad a thabhairt isteach tráth ar bith trí ghníomh cur chun feidhme a ghlacadh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo, agus an fhaisnéis faoi onnmhairí, allmhairí, praghsanna ar mhargadh an Aontais agus táirgeadh an Aontais na dtáirgí atá faoi réir na mbeart um léirscaoileadh trádála á gcur san áireamh, faoi Airteagal 1(1), pointe (b).

Cuirfidh an Coimisiún torthaí an fhaireacháin thráthrialta in iúl do na Ballstáit gach dhá mhí, ag tosú ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Seolfaidh an Coimisiún measúnú ar staid mhargadh an Aontais le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo d’fhonn na dleachtanna custaim a thabhairt isteach an athuair.

Cuirfear an measúnú sin i gcrích laistigh de thréimhse nach faide ná trí mhí:

(a)ar iarraidh chuíréasúnaithe ó Bhallstát lena náirítear fianaise leordhóthanach prima facie atá ar fáil go réasúnach don Bhallstát sin de bhun mhír 5 d’allmhairí a dhéanann dochar don mhargadh dá dtagraítear i mír 1, nó

(b)ar thionscnamh an Choimisiúin uaidh féin, tar éis dó teacht ar an tuiscint gur dhealraitheach go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go ndéanann allmhairí dochar don mhargadh dá dtagraítear i mír 1.

4.I gcás ina measann an Coimisiún, de thoradh an mheasúnaithe, go ndearnadh dochar do mhargadh an Aontais le haghaidh táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo agus ina bhfuil sé beartaithe aige dleachtanna custaim a thabhairt isteach an athuair, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar go dtabharfar isteach na dleachtanna custaim is infheidhme ar shlí eile an athuair de bhun mhír 1. Tabharfar achoimre san fhógra ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe bhrostaithe agus sonrófar ann an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur isteach i scríbhinn. Ní rachaidh an tréimhse sin thar 10 mí ó dháta foilsithe an fhógra.

5.I measúnú an Choimisiúin ar cé acu ba cheart nó nár cheart bearta a chur i bhfeidhm de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa mhargadh lena náirítear tionchar na nallmhairí lena mbaineann ar staid mhargadh an Aontais i gcás le haghaidh comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Áireofar sa mheasúnú sin tosca amhail:

(a)ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí ón Úcráin den táirge lena mbaineann i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta;

(b)éifeacht na nallmhairí lena mbaineann ar tháirgeadh agus ar phraghsanna an Aontais, agus forbairt allmhairí ó fhoinsí eile á cur san áireamh ag an am céanna.

Ní liosta uileghabhálach é an liosta sin agus d’fhéadfaí tosca ábhartha eile a chur san áireamh freisin.

6.Féadfar na dleachtanna custaim is infheidhme ar shlí eile faoin gComhaontú Comhlachais a thabhairt isteach an athuair fad is gá chun gníomhú in aghaidh éifeachtaí díobhálacha táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo ar mhargadh an Aontais.

7.I gcás inar gá gníomhú láithreach, de dheasca imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún, gan an nós imeachta faoi mhír 4 a leanúint agus tar éis dó an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 a chur ar an eolas, aon bheart coisctheach is gá a dhéanamh.

Airteagal 5

Nós imeachta coiste

1.Déanfaidh an Coiste um Chód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285 de(1) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 3(1) den Rialachán sin. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.An Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2015/478, déanfaidh sé cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 4(1) den Rialachán sin. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 6

Measúnú ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála

Beidh measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála agus beidh ann, a mhéid is iomchuí, measúnú ar an tionchar sóisialta a bheidh ag na bearta sin san Úcráin agus san Aontas. Cuirfear faisnéis faoi allmhairiú táirgí faoi Airteagal 1(1), pointe (b), ar fáil gach mí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2023.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 05 Meitheamh 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán


RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ A bhFUIL IMPLEACHT BHUISÉADACH ACU ATÁ TEORANTA GO hEISIACH DON IONCAM

1.AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.

2.LÍNTE BUISÉID:

Caibidil 12, Airteagal 120

An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana 2023: 21 590 300 000

3.TIONCHAR AIRGEADAIS

   Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam – is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:

Líne bhuiséid

Ioncam 

Tréimhse ama: cuid de 2023 - cuid de 2024*

(EUR milliúin go dtí an chéad deachúil)

Airteagal 120 Caibidil 12 14

Tionchar ar acmhainní dílse

48.4.

Iomlán

* Tréimhse bliana ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm

Tá na ríomhanna bunaithe ar méideanna allmhairiúcháin ó 2021 a chumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe de bhreis ar an gcuóta bliantúil saor ó dhleacht (i.e. 40 taraif-chuóta) chomh maith le meastachán ar dhleachtanna frithdhumpála.

Ar bhonn na ríomhanna thuas meastar caillteanas ioncaim acmhainní dílse traidisiúnta ón gCinneadh seo a bheith cothrom le EUR 64.5 milliún (ollmhéid, lena n‑áirítear costais bhailiúcháin) x 0,75 = EUR 48.4 milliún don tréimhse atá i gceist.

4.BEARTA FRITHCHALAOISE

Chun calaois a chosc, an teideal chun leas a bhaint as na bearta trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo atá beartaithe, ba cheart é a bheith faoi réir na coinníollacha ábhartha uile chun sochair a fháil faoin gcomhaontú comhlachais a bheith comhlíonta ag an Úcráin, lena n‑áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí ábhartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus faoi réir an Úcráin a bheith ag obair i ndlúthchomhar riaracháin leis an Aontas, lena bhforlíontar sa Chomhaontú Comhlachais.

(1)    Féach Cinneadh (AE) 2022/1158 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar ( IO L 179, 6.7.2022, lch. 1 ) agus Cinneadh (AE) 2022/2435 ón gComhairle an 5 Nollaig 2022 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (IO L 319, 13.12.2022, lch. 5).
(2)    An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát de pháirt amháin, agus an Úcráin den pháirt eile ( IO L 161, 29.5.2014, lch. 3 ), shínigh na Páirtithe in dhá chuid é, i mí an Mhárta agus i mí an Mheithimh 2014. Tá codanna áirithe den Chomhaontú Comhlachais á gcur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Samhain 2014 ann. Tá an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA) á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2016 agus tá sé i bhfeidhm go hiomlán ón 1 Meán Fómhair 2017 i ndiaidh do Bhallstáit uile an Aontais é a dhaingniú.
(3)    Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).
(4)    Is é EUR 44.5 milliún an meastachán de bhreis ar na taraif-chuótaí agus is é EUR 20 milliún an meastachán le haghaidh dleachtanna frithdhumpála. Mar sin, meastar caillteanas ioncaim acmhainní dílse traidisiúnta ón Rialachán seo a bheith cothrom le EUR 64.5 milliún (ollmhéid, lena n-áirítear costais bhailiúcháin) x 0,75 = EUR 48.4 milliún don tréimhse atá i gceist.
(5)    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an (…) (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus Cinneadh ón gComhairle an (…).
(6)     IO L 161, 29.5.2014, lch. 3 .
(7)    Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Teideal III (seachas na forálacha a bhaineann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh tríú tír atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an Pháirtí eile) agus Teidil IV, V, VI agus VII, mar aon leis na Prótacail agus na hIarscríbhinní gaolmhara ( IO L 278, 20.9.2014, lch. 1 ).
(8)    Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Teideal III (seachas na forálacha a bhaineann leis an gcóir a chuirtear náisiúnaigh tríú tír atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an pháirtí eile) agus Teidil IV, V, VI agus VII, mar aon leis na Prótacail agus na hIarscríbhinní gaolmhara ( IO L 278, 20.9.2014, lch. 1 ).
(9)    Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, IO L 152, 3.6.2022, lch. 103.
(10)    Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad ( IO L 176, 30.6.2016, lch. 21 ).
(11)    Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ( IO L 83, 27.3.2015, lch. 16 ).
(12)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún ( IO L 55, 28.2.2011, lch. 13 ).
(13)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais ( IO L 269, 10.10.2013, lch. 1 ).
(14)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh shiúcra, dleachtanna custaim), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis 25 % de na costais bhailiúcháin a bhaint astu.