AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.2.2023
COM(2023) 97 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Eacuadór atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac
IARSCRÍBHINN
Treoracha le haghaidh comhaontú a chaibidil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Eacuadór atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac
Le linn na caibidlíochta, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gCoimisiún na cuspóirí a leagtar amach thíos go mionsonraithe a bhaint amach.
(1)Is é is cuspóir don Chomhaontú an bunús dlí a thabhairt chun sonraí pearsanta a aistriú idir Europol agus údaráis inniúla Phoblacht Eacuadór faoi seach, chun tacú le gníomhaíocht údaráis inniúla na tíre sin agus na mBallstát agus chun iad a neartú chomh maith lena gcomhar frithpháirteach chun coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, agus coimircí iomchuí á n-áirithiú ag an am céanna i ndáil le príobháideachas, sonraí pearsanta agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.
(2)Chun teorannú de réir cuspóra a ráthú, ní bhainfidh comhar agus malartú sonraí faoin gComhaontú ach le coireanna agus cionta coiriúla gaolmhara a thagann faoi inniúlacht Europol i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán 2016/794 (‘cionta coiriúla’ le chéile). Go háirithe, ba cheart an comhar a bheith dírithe ar an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, agus ar chur isteach ar an gcoireacht eagraithe, agus ar gháinneáil ar dhrugaí agus ar chibearchoireacht a chomhrac. Sonrófar sa Chomhaontú a raon feidhme agus na cuspóirí dá bhféadfaidh Europol sonraí a aistriú chuig údaráis inniúla Phoblacht Eacuadór.
(3)Leagfar amach go soiléir beacht sa Chomhaontú na coimircí agus na rialuithe is gá maidir le cosaint sonraí pearsanta, cearta bunúsacha agus saoirsí daoine aonair, beag beann ar náisiúntacht agus áit chónaithe, sa mhalartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór. I dteannta na gcoimircí a leagtar amach thíos, áireofar orthu sin a cheangal go mbeidh an t-aistriú sonraí pearsanta faoi réir oibleagáidí rúndachta agus nach n-úsáidfear na sonraí pearsanta chun pionós báis nó aon chineál íde atá cruálach agus mídhaonna a iarraidh, a thabhairt nó a fhorghníomhú, gan dochar do choimircí breise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil.
Go háirithe:
(a)Beidh sainmhínithe sa Chomhaontú ar na príomhthéarmaí atá i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán 2016/680.
(b)Urramóidh an Comhaontú prionsabal na sainiúlachta, lena n-áiritheofar nach ndéanfar na sonraí a phróiseáil chun críoch eile seachas chun críocha an aistrithe. Chuige sin, is soiléir agus beacht a bheidh cuspóirí na próiseála sonraí pearsanta ag na Páirtithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe, agus ní bheidh siad níos leithne ná mar is gá i gcásanna aonair chun an sceimhlitheoireacht agus cionta coiriúla dá dtagraítear sa Chomhaontú a chosc agus a chomhrac.
(c)Déanfar sonraí pearsanta arna n-aistriú ag Europol i gcomhréir leis an gComhaontú a phróiseáil go cothrom, ar bhonn dlisteanach agus chun na gcríoch dár aistríodh iad, agus chun na gcríoch sin amháin. Leis an gComhaontú, cuirfear d’oibleagáid ar Europol, tráth aistrithe na sonraí, aon srian ar rochtain nó ar úsáid a léiriú, lena n-áirítear maidir lena aistriú, lena léirscriosadh nó lena scriosadh, nó lena bpróiseáil a thuilleadh. Leis an gComhaontú, cuirfear d’oibleagáid ar údaráis inniúla Phoblacht Eacuadór na srianta sin a urramú agus sonrófar ann conas a fhorfheidhmeofar comhlíonadh na srianta sin go praiticiúil. Beidh na sonraí pearsanta leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá i ndáil leis an gcuspóir sin. Beidh siad cruinn agus coinneofar cothrom le dáta iad. Ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun na gcríoch dár aistríodh iad. Beidh iarscríbhinn ag gabháil leis an gComhaontú ina mbeidh liosta uileghabhálach de na húdaráis inniúla i bPoblacht Eacuadór a bhféadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chucu chomh maith le tuairisc ghairid ar a n-inniúlachtaí.
(d)Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ná ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ná sonraí a bhaineann le sláinte duine, ná sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha ag Europol ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis agus má tá sé réasúnta agus comhréireach i gcásanna aonair chun cion coiriúil a chosc nó a chomhrac, agus más rud é go gcuireann na sonraí sin, seachas sonraí bithmhéadracha, le sonraí pearsanta eile. Ba cheart coimircí sonracha a bheith sa Chomhaontú freisin a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta maidir le híospartaigh cionta coiriúla, finnéithe nó daoine eile ar féidir leo faisnéis a sholáthar maidir le cionta coiriúla, chomh maith le mionaoisigh.
(e)Áiritheofar leis an gComhaontú cearta in-fhorfheidhmithe daoine aonair a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil trí rialacha a leagan síos maidir leis an gceart rochtana, ceartaithe agus scriosta, lena n-áirítear na forais shonracha lena bhféadfaí aon srianta riachtanacha agus comhréireacha a thabhairt isteach. Áiritheofar leis an gComhaontú freisin cearta in-fhorfheidhmithe maidir le sásamh riaracháin agus breithiúnach d’aon duine a bpróiseáiltear a chuid sonraí faoin gcomhaontú, agus ráthófar leigheasanna éifeachtacha.
(f)Leagfar síos leis an gComhaontú na rialacha maidir le sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh agus rialacha maidir le taifid a choimeád chun críoch logála agus doiciméadaithe chomh maith le rialacha maidir le faisnéis atá le cur ar fáil do dhaoine aonair. Ba cheart foráil a dhéanamh ann freisin maidir le coimircí i ndáil le próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta.
(g)Sonrófar sa Chomhaontú na critéir ar ar a mbonn a léireofar iontaofacht na foinse agus cruinneas na sonraí.
(h)Áireofar sa Chomhaontú an oibleagáid slándáil sonraí pearsanta a áirithiú trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, lena n-áirítear trí chead a thabhairt do dhaoine údaraithe amháin rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta. Áireofar sa Chomhaontú freisin an oibleagáid fógra a thabhairt i gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta a dhéanann difear do shonraí a aistrítear faoin gComhaontú.
(i)Ní cheadófar faisnéis a aistriú ar aghaidh ó údaráis inniúla Phoblacht Eacuadór chuig údaráis eile i bPoblacht Eacuadór, lena n-áirítear lena n-úsáid in imeachtaí breithiúnacha, ach amháin faoi réir coinníollacha agus coimircí iomchuí, lena n-áirítear réamhúdarú ó Europol.
(j)Beidh feidhm ag na coinníollacha céanna faoi (i) maidir le faisnéis a aistriú ar aghaidh ó údaráis inniúla Phoblacht Eacuadór chuig údaráis i dtríú tír, leis an gceanglas breise nach gceadófar aistrithe ar aghaidh den sórt sin ach amháin i ndáil le tríú tíortha a bhfuil Europol i dteideal sonraí pearsanta a aistriú chucu ar bhonn Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/794.
(k)Áiritheofar leis an gComhaontú córas formhaoirseachta ag údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó atá freagrach as cosaint sonraí, údaráis ag a bhfuil cumhachtaí éifeachtacha imscrúdúcháin agus idirghabhála chun maoirseacht a dhéanamh ar na húdaráis phoiblí sin i bPoblacht Eacuadór a úsáideann sonraí pearsanta/faisnéis mhalartaithe, agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh. Go háirithe, beidh cumhachtaí ag na húdaráis neamhspleácha gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir le húsáid a sonraí pearsanta. Beidh na húdaráis phoiblí a úsáideann sonraí pearsanta cuntasach as na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta faoin gComhaontú a chomhlíonadh.
(4)Déanfar foráil sa Chomhaontú maidir le sásra éifeachtach um réiteach díospóidí i ndáil lena léirmhíniú agus lena chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na páirtithe na rialacha arna gcomhaontú go frithpháirteach.
(5)Áireofar sa Chomhaontú forálacha maidir le faireachán agus meastóireacht thréimhsiúil a dhéanamh ar an gComhaontú.
(6)Áireofar sa Chomhaontú foráil maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm agus foráil lena bhféadfaidh Páirtí é a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí, go háirithe i gcás nach n-áirithíonn an tríú tír go héifeachtach a thuilleadh an leibhéal cosanta do chearta agus saoirsí bunúsacha a cheanglaítear faoin gComhaontú seo. Sonrófar sa Chomhaontú freisin an bhféadfar leanúint de phróiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a thagann faoina raon feidhme agus a aistríodh sula ndearnadh é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Beidh próiseáil leanúnach sonraí pearsanta, má cheadaítear sin, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe tráth na fionraí nó an fhoirceanta ar aon chuma.
(7)Beidh comhúdarás ag an gComhaontú sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus áireofar clásal teanga ann chuige sin.