An Bhruiséil,14.2.2023

COM(2023) 90 final

2023/0041(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála (‘an Coiste Trádála’) maidir le cinneadh a bheartaítear a ghlacadh chun Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) maidir le comhfhogasú rialála d’fhonn gníomhartha de chuid an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste a áireamh.

2.Comhthéacs an mholta

2.1.An Comhaontú Comhlachais

Is é is aidhm don Chomhaontú coinníollacha a leagan síos ar mhaithe le caidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála, rud a bheadh ina bhonn le comhtháthú na hÚcráine de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh trí, cuir i gcás, Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a bhunú mar a shonraítear i dTeideal IV (Trádáil agus ábhair a bhaineann le trádáil) den Chomhaontú, agus trí thacú le hiarrachtaí na hÚcráine an t‑aistriú chuig geilleagar margaidh feidhmiúil a chur i gcrích trí bhíthin, inter alia, reachtaíocht na hÚcráine a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. D’iarr an Úcráin tuilleadh comhtháthaithe maidir leis an earnáil fánaíochta san Aontas Eorpach, go háirithe trí chóir margaidh inmheánaigh chun críche seirbhísí fánaíochta. Chun cóir margaidh inmheánaigh a dheonú, beidh gá le comhfhogasú d’acquis fánaíochta an Aontais agus le hachtachán iomlán agus cur chun feidhme iomlán an acquis sin i ndlí na hÚcráine.

2.2.An Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála

De bhun Airteagal 465(4) den Chomhaontú, tabharfar aghaidh ar gach saincheist a bhaineann le Teideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú sa Choiste Trádála. De réir Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, is féidir leis an gCoiste sin cinneadh a dhéanamh Iarscríbhinn XVII a mhodhnú. De bhun Airteagal 465(3), beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe, a ghlacfaidh bearta iomchuí chun na cinntí sin a chur chun feidhme. Glacfaidh an Coiste Trádála a chinntí trí chomhaontú idir na Páirtithe.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála

Tá an Coiste Trádála le cinneadh a ghlacadh chun Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII maidir le comhfhogasú rialála (‘an gníomh atá beartaithe’) a mhodhnú.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe an Fhoscríbhinn thuasluaite d’Iarscríbhinn XVII a mhodhnú chun gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste a chur san áireamh. Tá sé sin i gcomhréir le cuspóir chomhfhogasú rialála céimnitheach na hÚcráine do acquis an Aontais mar a leagtar síos sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú agus in Airteagal 124 den Chomhaontú, a bhaineann go sonrach le comhfhogasú rialála sa chumarsáid leictreonach.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII, lena bhforáiltear an méid seo a leanas: ‘Féadfaidh an Coiste Trádála a chinneadh forálacha Iarscríbhinn XVII seo a mhodhnú i gcás ina measfaidh sé gur gá sin’. Thairis sin, foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 465(3) den Chomhaontú: ‘Beidh cumhacht ag an gCoiste Comhlachais cinntí a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo agus i réimsí ina bhfuil cumhachtaí tarmligthe chuige ag an gComhairle Comhlachais. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe a ghlacfaidh bearta iomchuí chun na cinntí sin a chur chun feidhme. Glacfaidh an Coiste Comhlachais a chinntí trí chomhaontú idir na Páirtithe’. 

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú leis an gCoiste Trádála an gníomh atá beartaithe a ghlacadh.

Is gá Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a mhodhnú chun gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste a chur le acquis an Aontais maidir le seirbhísí teileachumarsáide atá san áireamh cheana san Fhoscríbhinn. Is iad seo a leanas gníomhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste: An Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (AE) 2018/1972 (‘EECC’), Rialachán Fánaíochta (AE) 2022/612, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais i dtaca le húsáid chóir maidir leis an modheolaíocht le haghaidh maoluithe inbhuanaitheachta, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún lena leagtar amach uasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna agus Rialachán BEREC (AE) 2018/1971. Áirítear an EECC cheana féin i bhFoscríbhinn XVII-3, rud a fhágann gur gá na ceithre ghníomh ábhartha eile de chuid an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste a chur léi.

Leis an gcinneadh seo cuirtear chun feidhme comhbheartas tráchtála an Aontais i leith tír Chomhpháirtíochta an Oirthir agus i leith tír is iarrthóir, bunaithe ar fhorálacha an Chomhaontaithe Comhlachais thuasluaite. Tá sé comhsheasmhach le cuspóir chomhfhogasú rialála céimnitheach na hÚcráine do acquis an Aontais mar a leagtar síos é sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) déantar foráil maidir le cinntí lena suitear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, i gcás ina n‑iarrfar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d'fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 1 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais. Is gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis atá sa chinneadh a ghlacfaidh an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 465(3) den Chomhaontú. Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíonfar ná ní leasófar creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh ón gComhairle atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a mbeifear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí do chomhbheartas tráchtála an Aontais. Go sonrach, sa chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE foráiltear maidir leis an mbunús dlí i dtaca le trádáil i seirbhísí, cé is moite de sheirbhísí iompair, a mhéid a bhaineann le tríú tíortha lena n‑áirítear srianta maidir leis na coinníollacha creata rialála le haghaidh na seirbhísí sin a sholáthar.

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le comhbheartas tráchtála an Aontais toisc go mbaineann an gníomh le trádáil i seirbhísí teileachumarsáide leis an Úcráin. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach maidir leis an gcinneadh ón gComhairle atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 207 CFAE a bheith ina bhunús dlí maidir leis an gcinneadh ón gComhairle atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar an Comhaontú le cinneadh ón gCoiste Comhlachais, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2023/0041 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile 2 (‘an Comhaontú’), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.

(2)De bhun Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú.

(3)Ba cheart don Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála an gníomh atá beartaithe a ghlacadh maidir le Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a mhodhnú le linn 2023.

(4)Mar a luaitear sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú agus i gcomhréir le hAirteagal 124 den Chomhaontú, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé reachtaíocht reatha na hÚcráine a chomhfhogasú do reachtaíocht an Aontais, rud a chiallaíonn go náiritheoidh an Úcráin go ndéanfar na dlíthe atá ann cheana agus an reachtaíocht a bheidh ann amach anseo a chomhoiriúnú de réir a chéile le acquis an Aontais.

(5)D’iarr an Úcráin tuilleadh comhtháthaithe maidir leis an earnáil fánaíochta san Aontas Eorpach, go háirithe trí chóir margaidh inmheánaigh chun críche seirbhísí fánaíochta.

(6)Ba cheart Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú a chomhlánú le gníomhartha ábhartha an Aontais Eorpaigh a bhaineann le fánaíocht ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, agus ina fhianaise sin is gá an Fhoscríbhinn a mhodhnú trí Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún 4 , Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún 5 agus Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 a chur leis an bhFoscríbhinn sin. Maidir le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 , cumhdaítear í cheana féin le Foscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú.

(7)Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a shuí, ós rud é go mbeidh an gníomh atá beartaithe, lena modhnaítear Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, le linn 2023, sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir le Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú, beidh sé bunaithe ar dhréachtChinneadh an Choiste sin atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin in aghaidh na Comhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(2)    IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.
(3)    Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 115, 13.4.2022, lch. 1).
(4)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe agus a bheadh sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheadh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin (IO L 344, 17.12.2016, lch. 46).
(5)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos (IO L 137, 22.4.2021, lch. 1).
(6)    Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (IO L 321, 17.12.2018, lch. 1).
(7)    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

An Bhruiséil,14.2.2023

COM(2023) 90 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú


CEANGALTÁN

DRÉACHT
Cinneadh Uimh. X/2023 
ÓN gCOISTE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ÚCRÁIN  
I nDÁIL LE CUMRAÍOCHT TRÁDÁLA

an xxx 2023

lena modhnaítear Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide)  
d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais  
idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach  
agus a mBallstáit, de pháirt amháin,  
agus an Úcráin, den pháirt eile

AN COISTE COMHLACHAIS I nDÁIL LE CUMRAÍOCHT TRÁDÁLA (dá ngairtear an ‘Coiste Trádála’ anseo feasta),

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 465(3) de agus Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.

(2)Le hAirteagal 1(2), pointe (d), den Chomhaontú foráiltear gurb é is aidhm don Chomhaontú, inter alia, tacú le hiarrachtaí na hÚcráine an taistriú go geilleagar margaidh feidhmiúil a thabhairt chun críche trí bhíthin, inter alia, a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais.

(3)In Airteagal 124 den Chomhaontú, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé reachtaíocht na hÚcráine atá ann cheana a chomhfhogasú do reachtaíocht an Aontais Eorpaigh in earnáil na seirbhísí teileachumarsáide. Tá gealltanas tugtha ag an Úcráin go náiritheoidh sí go ndéanfar na dlíthe atá aici faoi láthair agus an reachtaíocht a bheidh aici amach anseo a chomhoiriúnú le acquis an Aontais de réir a chéile. Foráiltear leis an gcomhfhogasú sin go leathnófar de réir a chéile eilimintí uile acquis an Aontais dá dtagraítear i bhFoscríbhinní XVII-2 go XVII-5 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú agus ba cheart, a luaithe agus a chomhlíonfar na coinníollacha ina leith, go ndéanfaí an Úcráin a chomhtháthú de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais, go háirithe trí chóir margaidh inmheánaigh a dheonú go cómhalartach i gcomhréir le hAirteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú.

(4)D’iarr an Úcráin tuilleadh comhtháthaithe maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas, go háirithe trí chóir margaidh inmheánaigh chun críche fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste.

(5)Is cuid d’acquis teileachumarsáide an Aontais iad na rialacha maidir le fánaíocht, ach níor áiríodh iad i bhFoscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. Dá bhrí sin, ba cheart Foscríbhinn XVII-3 a chomhlánú le gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste.

(6)Ag an gcéim reatha d’fhorbairt eacnamaíoch agus dhlíthiúil mhargadh inmheánach an Aontais a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide, is iad seo a leanas gníomhartha ábhartha an Aontais Eorpaigh a bhaineann le fánaíocht: Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (EECC) 1 , Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas 2 , Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe agus a bheadh sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an gcur i bhfeidhm atá le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin 3 , Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a shocrú 4 .

(7)Áirítear an EECC cheana féin i bhFoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. Is gá na gníomhartha eile is ábhartha maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste a áireamh san Fhoscríbhinn sin chun go bhféadfar an Úcráin a aistriú de réir a chéile chuig achtú iomlán agus chuig cur chun feidhme iomlán na bhforálacha uile is infheidhme maidir le hearnáil na teileachumarsáide, go háirithe na forálacha maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste.

(8)Measúnú dearfach ar reachtaíocht na hÚcráine, ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na reachtaíochta sin, arna ndéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, is réamhchoinníoll riachtanach é sin maidir le haon chinneadh ón gCoiste Trádála i dtaca le cóir margaidh inmheánaigh a dheonú de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII i ndáil le hearnáil ar leith. I gcomhthéacs acquis an Aontais maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, maidir leis an gceanglas i dtaca le hachtachán iomlán agus cur chun feidhme iomlán a bhaint amach sula nglacfar an cinneadh maidir le cóir margaidh inmheánaigh faoi Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII, níor cheart a thuiscint gurb é atá i gceist leis an gceanglas sin go gcuirfí teorainneacha coimirce i bhfeidhm idir na Páirtithe sa Chomhaontú maidir le meánmhuirir mhórdhíola chun seirbhísí rialáilte a sholáthar a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. Is amhlaidh atá maidir leis na huasrátaí foirceanta rialáilte do ghuthghlaonna i dtaca leis an tseirbhís chun glao a fhoirceannadh le húsáideoir deiridh ar a líonra. Deonófar iad sin go cómhalartach idir Páirtithe sa Chomhaontú amhail ón dáta a shonrófar i gcinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh chun cóir margaidh inmheánaigh a dheonú le haghaidh fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII.

(9)Chun an Úcráin a chomhtháthú de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais, go háirithe maidir le seirbhísí teileachumarsáide, beidh gá, inter alia, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún a chur chun feidhme go huile agus go hiomlán, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin sin. Faoi láthair, níl an Úcráin in ann na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais a thrasuí agus a chur chun feidhme go hiomlán chun críche seirbhísí foirceanta náisiúnta san Úcráin. Maidir le cur chun feidhme na nuasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais freisin chun críche seirbhísí foirceanta náisiúnta guthghlaonna san Úcráin, níl sé fíor-riachtanach, áfach, chun tuilleadh comhtháthaithe a dhéanamh i ndáil le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. Dá bhrí sin, déantar foráil maidir le hamlíne dhifriúil don chur chun feidhme i dtaca leis an ngné sin de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún, rialachán a ngeallann an Úcráin ina leith go gcuirfidh sí chun feidhme go hiomlán laistigh de thrí bliana ó chinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh maidir le cóir margaidh inmheánaigh a dheonú le haghaidh fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú.

(10)Tá feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún freisin faoi choinníollacha áirithe maidir le glaonna a thionscnaítear ó uimhreacha tríú tír, agus é mar aidhm na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna a chur i bhfeidhm ar bhealach oscailte, trédhearcach agus neamhidirdhealaitheach, agus eisiamh glaonna a thionscnaítear ó uimhreacha tríú tír a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí margaidh inmheánaigh agus chun comhréireacht a áirithiú. Faoi láthair, níl an Úcráin in ann na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais a thrasuí agus a chur chun feidhme go hiomlán chun críche glaonna de thionscnamh uimhreacha tríú tír. Cur chun feidhme na nuasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais freisin chun críoch foirceanta ó uimhreacha tríú tír, níl sé fíor-riachtanach chun tuilleadh comhtháthaithe a dhéanamh i ndáil le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, ach bheadh gá le hachtachán iomlán agus le cur chun feidhme iomlán Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún ag an Úcráin chun ailíniú leis na rialacha is infheidhme i margadh inmheánach an Aontais do sheirbhísí teileachumarsáide a áirithiú. Dá bhrí sin, déantar foráil maidir le hamlíne dhifriúil don chur chun feidhme i dtaca leis an ngné sin de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún, rialachán a ngeallann an Úcráin ina leith go gcuirfidh sí chun feidhme go hiomlán roimh aon chinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh maidir le cóir margaidh inmheánaigh a dheonú le haghaidh sheirbhísí teileachumarsáide de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú.

(11)Le hAirteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2022/612 agus Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún, tagraítear do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine faoi láthair. Dá bhrí sin, tá gá le hoiriúnú i ndáil leis na forálacha sin chun foráil a dhéanamh maidir le húsáid na rátaí malairte idir an euro agus hryvnia na hÚcráine arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na hÚcráine fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine.

(12)Le hAirteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, tugtar de chumhacht don Choiste Trádála na ceithre ghníomh eile de chuid an Aontais Eorpaigh a chur le hIarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú trí mhodhnú a dhéanamh air.

(13)Tráth a mheasfaidh an Úcráin go ndearnadh gníomh dlí áirithe de chuid an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme i gceart, déanfaidh an Úcráin na táblaí trasuímh ábhartha, mar aon le haistriúchán oifigiúil Béarla ar ghníomh dlí chur chun feidhme na hÚcráine, a chur faoi bhráid chomhrúnaí an Aontais ar an gCoiste Trádála chun dul ar aghaidh leis an measúnú cuimsitheach dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn XVII-6 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú.

(14)I bhfianaise cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, d’fhéadfadh cur chun feidhme na noibleagáidí a leagtar síos sa Chinneadh seo a bheith dodhéanta go hoibiachtúil nó thar a bheith deacair le baint amach laistigh de na hamlínte a chuirtear ar fáil. Sa chás sin, ba cheart don Úcráin an tábhar a chur faoi bhráid an Choiste Trádála i gcomhréir le hAirteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, a dhéanfaidh an tsaincheist a mheas i gcomhréir le hAirteagail 3(4) agus (5) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh seo leagtha síos i mBéarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Úcráinis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, [dáta]

Thar ceann an Choiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála

Léon DELVAUX

Rikke MENGEL-JØRGENSEN

Oleksandra NECHYPORENKO

An Cathaoirleach

Na Rúnaithe



IARSCRÍBHINN

Déanfar Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a mhodhnú tríd an méid seo a leanas a chur isteach faoi roinn ‘A. Beartas foriomlán Eorpach um chumarsáid leictreonach’ agus i ndiaidh na hítime a bhaineann le ‘Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid’:

‘Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú)

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear forálacha an Rialacháin in éineacht leis an oiriúnú a leanas: In Airteagal 1(4) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine, úsáidfear rátaí malairte idir an euro agus hryvnia na hÚcráine arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na hÚcráine chun críocha Airteagal 1(4) a chur i bhfeidhm. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 1(4) gan athrú.

Na forálacha uile a chur chun feidhme cé is moite de na nithe seo a leanas:

Airteagal 7 - Cur chun feidhme beartais maidir le húsáid chóir agus an tsásra inbhuanaitheachta, Míreanna 1-3. Tá an eisceacht maidir le hAirteagal 7(1)-(3) gan dochar d’oibleagáid na hÚcráine na Gníomhartha Cur Chun Feidhme a chur chun feidhme maidir le beartais i dtaca le húsáid chóir a chur i bhfeidhm, don mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht an tsoláthair seirbhísí fánaíochta miondíola ar phraghsanna intíre agus don iarratas atá le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críche measúnú a dhéanamh ar an inbhuanaitheacht.

Airteagal 20 - Nós imeachta coiste

Tráthchlár: déanfar forálacha Rialachán (AE) 2022/612 a chur chun feidhme laistigh de 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh [x/2023].

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais i dtaca le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe agus a bheadh sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin

Tráthchlár: déanfar forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún a chur chun feidhme laistigh de 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo [x/2023].

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear forálacha an Rialacháin in éineacht leis na hoiriúnaithe seo a leanas: In Airteagal 3(2) agus Airteagal (3) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine, úsáidfear rátaí malairte idir an euro agus hryvnia na hÚcráine arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na hÚcráine chun críocha Airteagal 3(2) agus Airteagal (3) a chur i bhfeidhm. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) agus Airteagal (3) gan athrú.

Tráthchlár: déanfar forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún a chur chun feidhme roimh Rialachán (AE) 2022/612 agus laistigh de 11 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinnidh [x/2023], leis na heisceachtaí seo a leanas:

-Maidir le glaonna náisiúnta a thionscnaítear agus a fhoirceanntar ó uimhreacha na hÚcráine san Úcráin, beidh feidhm ag Airteagal 1(3) laistigh de 3 bliana ón dáta a shonraítear in aon chinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh chun cóir sa mhargadh inmheánach a dheonú le haghaidh fánaíocht a dhéanamh de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII

-Cuirfear Airteagal 1(4) chun feidhme sula ndéanfaidh an Coiste Trádála cinneadh faoi dheireadh chun cóir margaidh inmheánaigh a dheonú do sheirbhísí teileachumarsáide de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII

Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009.

Údarás rialála náisiúnta na hÚcráine ar a bhfuil an phríomhfhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na margaí ó lá go lá maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, beidh sé rannpháirteach go hiomlán in obair Bhord Rialálaithe BEREC, mheithleacha BEREC agus Bhord Bainistíochta Oifig BEREC: na cearta atá ag údaráis rialála náisiúnta Bhallstáit an Aontais agus na hoibleagáidí atá orthu, beidh na cearta sin ag údarás rialála náisiúnta na hÚcráine agus beidh na hoibleagáidí céanna air, cé is moite den cheart vótála agus an ceart chun Cathaoirleachta ar an mBord Rialálaithe agus ar an mBord Bainistíochta

Ina fhianaise sin, déanfar ionadaíocht ar údarás rialála náisiúnta na hÚcráine ar leibhéal iomchuí i gcomhréir le forálacha Rialachán BEREC. I gcomhréir le rialacha ábhartha rialachán an Aontais thuasluaite, tabharfaidh BEREC agus Oifig BEREC cúnamh, de réir mar a bheidh, d’údarás rialála náisiúnta na hÚcráine agus a chúramaí á gcomhlíonadh aige.

Tabharfaidh údarás rialála náisiúnta na hÚcráine lánaird ar aon treoirlíne, tuairim, moladh, comhsheasamh agus dea-chleachtais arna nglacadh ag BEREC d’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach a áirithiú.

Tráthchlár: déanfar forálacha Rialachán (AE) 2018/1971 a chur chun feidhme laistigh de 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh [x/2023].

(1)    IO L 321, 17.12.2018, lch. 36.
(2)    IO L 115, 13.4.2022, lch. 1.
(3)    IO L 344, 17.12.2016, lch. 46.
(4)    IO L 137, 22.4.2021, lch. 1.