An Bhruiséil,10.2.2023

COM(2023) 70 final

2023/0032(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 228ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a mhéid a bhaineann le glacadh Leasú 93 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 10 — Teileachumarsáid Aerloingseoireachta, Imleabhar I — Áiseanna Radaloingseoireachta a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Is leis an méid seo a leanas a bhaineann an togra:

(i) an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 228ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir le glacadh Leasú 93 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 10 — Teileachumarsáid Aerloingseoireachta, Imleabhar I — Áiseanna Radaloingseoireachta, agus

(ii) an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais tar éis do ICAO glacadh Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10 — Teileachumarsáid Aerloingseoireachta, Imleabhar I — Áiseanna Radaloingseoireachta den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta a fhógairt i Litreacha Stáit faoi seach, lena n‑iarrtar ar a Stáit chonarthacha fógra a thabhairt maidir le míshástacht, fógra a thabhairt maidir le haon difríocht, nó fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh na mbeart a glacadh.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

Is é is aidhm don Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) rialú a dhéanamh ar an aeriompar idirnáisiúnta. An 4 Aibreán 1947 a tháinig Coinbhinsiún Chicago i bhfeidhm, agus is leis a bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

Tá Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chicago.

2.2.An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta

Is gníomhaíocht speisialaithe de chuid na Náisiún Aontaithe í an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. Tá sé d'aidhm agus de chuspóir ag an Eagraíocht prionsabail agus teicnící na haerloingseoireachta idirnáisiúnta a fhorbairt, agus pleanáil agus forbairt an aeriompair idirnáisiúnta a chothú.

Is comhlacht buan de chuid ICAO í Comhairle ICAO, comhlacht a mbíonn 36 stát chonarthacha ina gcomhaltaí ann, agus is é Comhthionól ICAO a thoghann na Stáit chonarthacha sin le haghaidh tréimhse 3 bliana. Tá ionadaithe ó shé Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh ar Chomhairle ICAO le haghaidh na tréimhse 2022-2025.

I measc na bhfeidhmeanna sainordaitheacha atá ar Chomhairle ICAO, feidhmeanna a liostaítear in Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, tá glacadh na gcaighdeán agus na gcleachtas molta (SARPanna) idirnáisiúnta, dhá rud a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

De bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, tiocfaidh aon Iarscríbhinn den sórt sin nó aon leasú ar Iarscríbhinn i bhfeidhm laistigh de 3 mhí tar éis í a thíolacadh do Stáit chonarthacha ICAO, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh Comhairle ICAO, mura rud é go gcláraíonn tromlach Stáit chonarthacha ICAO a míshástacht idir an dá linn.

Tar éis ghlacadh na mbeart sin, ní mór do Stáit ICAO na bearta sin a chomhlíonadh nó fógra míshástachta nó fógra faoi aon difríocht a bheidh ann leis na bearta sin thabhairt, sula dtagann siad i bhfeidhm agus sula mbíonn siad ceangailteach ó thaobh dlí de.

De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát aon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh go hiomlán, nó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán i leith aon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin, nó má mheasann sé gur riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar aon dóigh leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tabharfaidh an Stát sin fógra láithreach do ICAO maidir leis na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.

2.3.Gníomhartha ICAO atáthar a bheartú agus an gaol atá acu le rialacha an Aontais atá ann cheana

Le linn an 228ú seisiún de chuid Chomhairle ICAO nó le linn aon seisiún ina dhiaidh sin, meastar go nglacfaidh sí an méid seo a leanas:

-    Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a bhaineann leis an méid seo a leanas:

a) tacaíocht do thabhairt isteach an chórais dhomhanda ilbhuíne dé-mhinicíochta um loingseoireacht satailíte (DFMC GNSS) trí fhorálacha a chur léi le haghaidh minicíochtaí breise oibríochta le haghaidh an chórais suite dhomhanda (GPS), an chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GLONASS) agus an chórais mhéadúcháin bunaithe ar shatailítí (SBAS), agus trí fhorálacha le haghaidh chóras nua BeiDou um loingseoireacht satailíte (BDS) agus chóras Galileo a thabhairt isteach;

agus

b) tacaíocht do mhaolú grádáin ianaisféaraigh le haghaidh an chórais mhéadúcháin ar an talamh (GBAS), rud a eascraíonn as an séú cruinniú den Phainéal um Chórais Aerloingseoireachta (NSP/6).

Is iad seo a leanas cuspóirí an ghnímh atá beartaithe:

Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I maidir le tacaíocht do thabhairt isteach an chórais dhomhanda ilbhuíne dé-mhinicíochta um loingseoireacht satailíte (DFMC GNSS) trí fhorálacha a chur léi le haghaidh minicíochtaí breise oibríochta le haghaidh an chórais suite dhomhanda (GPS), an chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GLONASS) agus an chórais mhéadúcháin bunaithe ar shatailítí (SBAS), agus trí fhorálacha le haghaidh chóras nua BeiDou um loingseoireacht satailíte (BDS) agus chóras Galileo a thabhairt isteach

Tá sé beartaithe leis an leasú maidir le DFMC GNSS éabhlóid leanúnach bhonneagar domhanda GNSS a chur san áireamh agus a fhoirfeacht a éascú trí eitlíocht shibhialta idirnáisiúnta. Mar chuid den éabhlóid, tá na náisiúin seo a leanas ag cur roinnt buíonta de GNSS i seirbhís lena dtugtar comharthaí dé-mhinicíochta: Stáit Aontaithe Mheiriceá (nuachóiriú GPS), Cónaidhm na Rúise (nuachóiriú GLONASS), an tAontas Eorpach (buíon Galileo) agus an tSín (buíon Chóras BeiDou um Loingseoireacht Satailíte (BDS)). Tá sé beartaithe ag roinnt Stát agus réigiún córais ilbhuíne dé-mhinicíochta mhéadúcháin bunaithe ar shatailítí (SBASanna) a úsáid. Tugtar deis le DFMC GNSS tuilleadh feabhais a chur ar stóinseacht, feidhmíocht loingseoireachta agus tairbhí oibríochtúla GNSS. Le húsáid dé-mhinicíochtaí, cuideofar le leochaileachtaí a mhaolú a bhaineann leis an suaitheadh ianaisféarach agus an trasnaíocht radaimhinicíochta. Cuirfear infhaighteacht roinnt buíonta le drithlíocht ianaisféarach a mhaolú mar aon leis an riosca satailítí neamhleor a bheith ann laistigh de bhuíon aonair. Leis na feabhsuithe teicniúla sin, beidh tairbhí oibríochtúla ann i dtéarmaí sábháilteachta agus éifeachtúlachta, amhail iontaofacht oibríochtúil feabhsaithe le haghaidh feidhmeanna cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais (CNS), méadú ar úsáid oibríochtaí tríthoiseacha (3T) ascnaimh uirlisí ar fud an domhain i gcomhréir leis na spriocanna domhanda maidir leis an Loingseoireacht Fheidhmíochtbhunaithe (PBN), tabhairt isteach coincheap agus feidhmeanna nuálacha oibríochtúla agus cuíchóiriú leanúnach gnáth‑áiseanna aerloingseoireachta.

Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I maidir le tacaíocht do mhaolú grádáin ianaisféaraigh le haghaidh an chórais mhéadúcháin ar an talamh (GBAS)

Tá sé beartaithe leis an leasú seo go mbeidh aerfoirt in ann a gcumhdach i dtéarmaí thoirteanna seirbhíse GBAS a bharrfheabhsú ar bhonn an phrionsabail go mbeidh infhaighteacht sheirbhís GBAS inghlactha fós. Tá gá leis seo go háirithe i gcás aerfort mór nó stáisiún talún aonair den chóras méadúcháin ar an talamh a thacaíonn le níos mó ná rúidbhealach amháin, mar sna SARPanna atá i bhfeidhm faoi láthair cuirtear teorainn go hintuigthe leis an achar is mó a cheadaítear idir an stáisiún talún agus tairseach/tairseacha an rúidbhealaigh.

Tá sé beartaithe go dtiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm an 2 Samhain 2023.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.Na Leasuithe atá beartaithe agus an gaol atá acu le rialacha an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair

Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I maidir le tacaíocht do thabhairt isteach an chórais dhomhanda ilbhuíne dé-mhinicíochta um loingseoireacht satailíte (DFMC GNSS) trí fhorálacha a chur léi le haghaidh minicíochtaí breise oibríochta le haghaidh an chórais suite dhomhanda (GPS), an chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GLONASS) agus an chórais mhéadúcháin bunaithe ar shatailítí (SBAS), agus trí fhorálacha le haghaidh chóras nua BeiDou um loingseoireacht satailíte (BDS) agus chóras Galileo a thabhairt isteach

Tá éifeacht ag an leasú seo ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I ó ICAO ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta eile agus le haghaidh na formhaoirseachta orthu. I bpointe CNS.TR.100(a) d’Iarscríbhinn VIII (Cuid‑CNS) de Rialachán (AE) 2017/373, leasófar an tagairt go tagairt don leasú is déanaí a rinneadh ar Imleabhar I.

Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I maidir le tacaíocht do mhaolú grádáin ianaisféaraigh le haghaidh an chórais mhéadúcháin ar an talamh (GBAS)

Tá éifeacht ag an leasú seo freisin ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I ó ICAO ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta eile agus le haghaidh na formhaoirseachta orthu. I bpointe CNS.TR.100(a) d’Iarscríbhinn VIII (Cuid‑CNS) de Rialachán (AE) 2017/373, leasófar an tagairt go tagairt don leasú is déanaí a rinneadh ar Imleabhar I.

3.2.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Aithníonn an tAontas gur gá creat rialála comhchuibhithe a bhunú ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Thairis sin, le glacadh na gcaighdeán sin, beifear in ann úsáid aerloingseoireachta a bhaint as cláir shuaitheanta GNSS atá ag an Aontas Eorpach amhail clár Galileo, agus nuachóiriú leanúnach Bhreis‑seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) a dhéanamh chun tacú le feidhmeanna i ngach céim den eitilt, amhail loingseoireacht fheidhmíochtbhunaithe, mar a fhoráiltear sa Mháistirphlean um Bainistíocht Aerthráchta (BA). Ina theannta sin, cuirfidh sé sin le stóinseacht GNSS in aghaidh trasnaíochtaí i gcomhréir le rúin ón 41ú Comhthionól de ICAO.

Chuidigh ionadaithe ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ón gCoimisiún Eorpach, agus ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) chuig an bPainéal um Chórais Aerloingseoireachta, le tacaíocht ó shaineolaithe EUROCONTROL, le forbairt an togra a bhaineann le leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I.

Dá bhrí sin, is é an seasamh atá beartaithe atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh tacaíocht a thabhairt don leasú sin.

Dá bhrí sin, ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle ICAO, gan aon athrú suntasach, na Leasuithe ar Choinbhinsiún Chicago atá beartaithe, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, gan fógra míshástachta a thabhairt agus na bearta a glacadh a chomhlíonadh mar fhreagra ar Litir Stáit ICAO faoi seach. I gcás ina n‑imeodh reachtaíocht an Aontais ó Chaighdeáin nuaghlactha ICAO tar éis dáta atá beartaithe do chur i bhfeidhm na gCaighdeán sin (an 2 Samhain 2023), ba cheart do na Ballstáit seasamh an Aontais maidir leis na difríochtaí leis na Caighdeáin áirithe sin a chur in iúl do ICAO, ar bhonn doiciméad ullmhúcháin a chuirfeadh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas, in am trátha, agus lena leagfaí amach na difríochtaí mionsonraithe le haghaidh an ama is gá chun an cur chun feidhme a thabhairt chun críche.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú, nó nach bhfuil 1 .

Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d'fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 2 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í Comhairle ICAO a bunaíodh de chomhaontú, mar atá an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’).

I gcomhréir le hAirteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, glacann Comhairle ICAO na Caighdeáin agus na Cleachtais Mholta idirnáisiúnta, mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Bíonn éifeachtaí dlíthiúla leis na gníomhartha sin. Go deimhin, a luaithe a ghlacann ICAO Caighdeáin agus Cleachtais Mholta agus a thagann siad i bhfeidhm, bíonn siad ina gceangail ar gach Stát Conarthach ICAO. D'fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí dlíthiúla áirithe a bhíonn ag na gníomhartha sin ag brath ar fhógraí maidir le míshástacht agus le difríochtaí, agus ar théarmaí na bhfógraí sin.

Ina theannta sin, a mhéid is féidir, leanann dlí an Aontais na Caighdeáin agus na Cleachtais Mholta seo i ndlí an Aontais agus dá bhrí sin d’fhéadfadh siad tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais i réimse na heitlíochta sibhialta, eadhon Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún.

Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an Chinnidh atá beartaithe maidir leis an seasamh i leith na bhfógraí sin.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh a glacadh leis an gcomhbheartas iompair.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, an bunús dlí atá leis an gCinneadh ón gComhairle atáthar a bheartú.

2023/0032 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 228ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a mhéid a bhaineann le glacadh Leasú 93 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 10 — Teileachumarsáid Aerloingseoireachta, Imleabhar I — Áiseanna Radaloingseoireachta a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.

(2)Is Stáit Chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit agus is comhaltaí de chuid ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe ICAO. Tá ionadaithe ó shé Bhallstát i gComhairle ICAO.

(3)De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO Caighdeáin agus Cleachtais Mholta (‘SARPanna’) idirnáisiúnta a ghlacadh, agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(4)Tá Comhairle ICAO, ag a 228ú seisiún, chun glacadh le Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta.

(5)Is é an phríomhchuspóir atá ag Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago tacú le tabhairt isteach an chórais dhomhanda ilbhuíne dé-mhinicíochta um loingseoireacht satailíte (DFMC GNSS) trí fhorálacha a chur léi le haghaidh minicíochtaí breise oibríochta le haghaidh an chórais suite dhomhanda (GPS), an chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GLONASS) agus an chórais mhéadúcháin bunaithe ar shatailítí (SBAS), agus trí fhorálacha le haghaidh chóras nua BeiDou um loingseoireacht satailíte (BDS) agus chóras Galileo a thabhairt isteach. Tá sé de chuspóir aige freisin tacú le maolú grádáin ianaisféaraigh le haghaidh an chórais mhéadúcháin ar an talamh (GBAS).

(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle ICAO a leagan síos toisc go mbeidh Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta ina cheangal faoin dlí idirnáisiúnta agus go bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith aige ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373( 3 ) ón gCoimisiún.

(7)Le linn an 228ú seisiún de Chomhairle ICAO nó le linn aon seisiúin ina dhiaidh sin, maidir le glacadh Leasú 93 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, mar a leagadh amach i Litir Stáit 2021/41, ba cheart gurb é seasamh an Aontais tacú leis na leasuithe sin ina niomláine agus iad a chomhlíonadh. Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh sin a chur in iúl.

(8)A luaithe a ghlactar Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago agus a thagann sé i bhfeidhm, beidh sé ina cheangal ar gach Ballstát ICAO, lena náirítear Ballstáit uile an Aontais.

(9)De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát aon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh go hiomlán, nó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán le haon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar aon dóigh leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tabharfaidh an Stát sin fógra láithreach do ICAO maidir leis na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.

(10)De bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, tiocfaidh aon Iarscríbhinn den sórt sin nó aon leasú ar Iarscríbhinn i bhfeidhm laistigh de 3 mhí tar éis í a thíolacadh do Stáit chonarthacha ICAO, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh Comhairle ICAO, mura rud é go gcláraíonn tromlach Stát conarthach ICAO a míshástacht idir an dá linn.

(11)Tar éis do Chomhairle ICAO Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago a ghlacadh, rud a bheidh le fógairt ag Ardrúnaí ICAO trí nós imeachta Litreach Stáit ICAO, ba cheart gurb é seasamh an Aontais gan míshástacht a chlárú agus na leasuithe a chomhlíonadh. I gcás ina nimeodh reachtaíocht an Aontais ó na SARPanna nuaghlactha tar éis dáta cur i bhfeidhm atá beartaithe na SARPanna sin a chur i bhfeidhm, ba cheart difríocht idir na SARPanna áirithe sin a chur in iúl do ICAO. Ba cheart seasamh an Aontais i leith na difríochta sin a bheith bunaithe ar dhoiciméad i scríbhinn a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas.

(12)Ba cheart do Bhallstáit uile an Aontais an seasamh sin a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 228ú seisiún de Chomhairle ICAO, nó i gceann de na seisiúin ina dhiaidh sin, tacaíocht a thabhairt do Leasú 93 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ina niomláine.

(2)Ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle ICAO, gan aon athrú suntasach, Leasú 93 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago dá dtagraítear in alt 1, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, gan míshástacht a chlárú, agus an beart a ghlacfar a chomhlíonadh mar fhreagra ar Litir Stáit ICAO faoi seach. I gcás ina mbeadh reachtaíocht an Aontais ar neamhréir leis na SARPanna nuaghlactha tar éis an dáta atá beartaithe chun na SARPanna sin a chur i bhfeidhm, cuirfear difríocht leis na SARPanna áirithe sin in iúl do ICAO i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago.

I gcás den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún doiciméad ullmhúcháin faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas, doiciméad lena leagtar amach seasamh an Aontais maidir leis na difríochtaí mionsonraithe a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid ICAO thar ceann an Aontais, in am trátha agus ar a laghad 2 mhí roimh aon sprioc-am a leagfaidh ICAO amach maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí.

Airteagal 2

Is iad Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Déanfaidh Ballstáit uile an Aontais an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.

Airteagal 3

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(2)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(3)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta eile agus le haghaidh na formhaoirseachta orthu, lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ( IO L 62, 8.3.2017, lch. 1 )