An Bhruiséil,10.2.2023

COM(2023) 67 final

2023/0030(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i leith tograí le haghaidh leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn 16, Imleabhair I-III, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a bhaineann le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le cosaint an chomhshaoil


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo le Cinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), i leith tograí le haghaidh leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn 16, Imleabhair I-III, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, tograí a bhaineann le caighdeáin agus cleachtais mholta i ndáil le cosaint an chomhshaoil.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

Is é is aidhm don Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) rialú a dhéanamh ar an aeriompar idirnáisiúnta. Tháinig sé i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947 agus bunaíodh ICAO leis.

Tá na Ballstáit go léir ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chicago.

2.2.An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta

Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe é ICAO. Tá sé d'aidhm agus de chuspóir ag an Eagraíocht prionsabail agus teicnící na haerloingseoireachta idirnáisiúnta a fhorbairt, agus pleanáil agus forbairt an aeriompair idirnáisiúnta a chothú.

Ar na feidhmeanna éigeantacha atá ar Chomhairle ICAO áirítear glacadh na gcaighdeán agus na gcleachtas molta idirnáisiúnta (SARPanna), mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, feidhmeanna a liostaítear in Airteagal 54 den Choinbhinsiún sin.

Is comhlacht buan de chuid an Choinbhinsiúin í Comhairle ICAO a bhfuil 36 stát chonarthacha ina gcomhaltaí ann agus is é Tionól ICAO a thoghann na stáit chonarthacha sin ar feadh trí bliana. Tá ionadaithe ag roinnt Ballstát ar Chomhairle ICAO.

Is breathnóir ad hoc é an tAontas Eorpach i gcuid mhór comhlachtaí de chuid ICAO (an Tionól agus comhlachtaí teicniúla eile).

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag Comhairle na hEagraíochta Sibhialta Idirnáisiúnta

Ghlac Comhairle ICAO na caighdeáin agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta maidir le cosaint an chomhshaoil mar Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Tá ceithre himleabhar in Iarscríbhinn 16 agus is é an raon feidhme seo a leanas atá acu:

Imleabhar I a bhaineann le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le torann aerárthaí;

Imleabhar II a bhaineann le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le hastaíochtaí inneall aerárthaí;

Imleabhar III a bhaineann le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le hastaíochtaí CO2 inneall aerárthaí;

Imleabhar IV a bhaineann le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir leis an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA).

Ba cheart go ndéanfadh Comhairle ICAO, ag a 228ú Seisiún an 13 ‒ 31 Márta 2023, athruithe áirithe ar na himleabhair sin a mheas. Seoladh Litreacha Stáit 1 chuig Stáit ICAO i mí Iúil 2022 inar sonraíodh na hathruithe a bhfuil coinne leo agus iarradh a mbarúil ar na Stáit sin.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1. Cúlra

I gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2018/1139 2 , tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na tagairtí d'fhorálacha Choinbhinsiún Chicago dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(2) den Rialachán sin a leasú, d'fhonn iad a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise leasuithe a dhéanfar ar na forálacha sin ina dhiaidh sin, forálacha a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis 4 Iúil 2018 agus a thiocfaidh chun bheith infheidhme sna Ballstáit uile, a mhéid nach leathnóidh na coigeartuithe sin raon feidhme an Rialacháin sin.

Le Cinneadh (AE) 2016/915 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2016 3 , arna leasú le Cinneadh (AE) 2020/768 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2020 4 , bunaíodh seasamh an Aontais maidir leis an ionstraim idirnáisiúnta atá le tarraingt suas laistigh de chomhlachtaí ICAO agus a bhfuil sé beartaithe gurb é a thiocfaidh aisti aon bheart margadhbhunaithe domhanda amháin a chur chun feidhme ó 2020 ar aghaidh, is é sin beart le haghaidh astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta, i.e. an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (‘CORSIA’). Tá an Cinneadh sin fós i bhfeidhm. Dá bhrí sin, úsáidtear é mar bhonn chun seasamh an Aontais a leagan amach a mhéid a bhaineann le hathruithe ar Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV.

3.2. An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Is gá an seasamh a ghlacadh thar ceann an Aontais, roimh an 228ú Seisiún de Chomhairle ICAO, an 13-31 Márta 2023, chun go mbeidh an deis ag na Ballstáit páirt a ghlacadh sna cinntí maidir leis na hathruithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn 16, Imleabhair I-III a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

Ar na leasuithe ar Imleabhar I, atá beartaithe agus a bhfuil coinne leo, mar a leagtar amach sa Litir Stáit thuasluaite, áirítear an méid seo a leanas:

a) leasuithe maidir le húsáid chuí briathra modhacha chun Iarscríbhinn 16, Imleabhar I a ailíniú leis na Treoracha maidir le Cruinnithe Aerloingseoireachta de chineál Roinne agus Rialacha Nós Imeachta i ndáil lena Reáchtáil (Doic 8143), Cuid II, Foirmliú Tograí le haghaidh Caighdeáin Idirnáisiúnta, Cleachtais Mholta agus Nósanna Imeachta;

b) treoraíocht mholta le haghaidh torann héileacaptair ar foluain a thomhas mar chuid d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar I, Ceangaltán H;

c) leasuithe chun aghaidh a thabhairt ar na srianta atá ar na sonraíochtaí i ndáil le coigeartuithe ar SPL (leibhéal fuaimbhrú) an lae tástála go dtí na dálaí tagartha; agus

d) mionearráidí clóghrafacha atá le ceartú.

Ar na leasuithe ar Imleabhar II, atá beartaithe agus a bhfuil coinne leo, mar a leagtar amach sa Litir Stáit thuasluaite, áirítear an méid seo a leanas:

a) athstruchtúrú agus nuashonruithe tagartha ábhartha, arna dtabhairt isteach i gcomhréir leis na Treoracha maidir le Cruinnithe Aerloingseoireachta de chineál Roinne agus leis na Rialacha Nós Imeachta i ndáil lena Reáchtáil (Doic. 8143), Cuid II, Foirmliú Tograí le haghaidh Caighdeáin Idirnáisiúnta, Cleachtais Mholta agus Nósanna Imeachta;

b) nuashonruithe ar chomhsheasmhacht teanga, lena dtugtar isteach, inter alia, úsáid chuí briathra modhacha, agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach Nótaí agus Moltaí, i gcomhréir leis na Treoracha maidir le Cruinnithe Aerloingseoireachta de chineál Roinne agus Rialacha Nós Imeachta maidir lena Reáchtáil (Doic. 8143), Cuid II, Foirmliú Tograí le haghaidh Caighdeáin Idirnáisiúnta, Cleachtais Mholta agus Nósanna Imeachta;

c) feabhsuithe teanga i ndáil leis an infheidhmeacht, chun a léiriú go bhfuil na caighdeáin i dtaca leis an uimhir dheataigh agus i dtaca le mais‑tiúchan an ábhair cháithnínigh dho-ghalaithe (nvPM), inter alia, infheidhme maidir leis na hinnill;

d) sainmhíniú nua a thabhairt isteach ar an ‘nós imeachta coibhéiseach’ ina sonrófar na hathruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an gcomhsheasmhacht in Iarscríbhinn 16, Imleabhar II, trí chéile;

e) sainmhínithe, tuairiscí, tagairtí agus feabhsuithe teanga, lena n‑áirítear, inter alia, soiléirithe leathnaithe, tuairiscí modheolaíochta, céimeanna idirmheánacha nós imeachta, agus Nótaí agus Moltaí breise;

f) feabhsuithe a bhaineann leis an nós imeachta chun nvPM a thomhas i gcomhréir leis na nuashonruithe is déanaí in SAE ARP 6320A agus AIR 6241A maidir le sampláil agus tomhas leanúnach astaíochtaí nvPM ó innill tuirbín aerárthaí; agus

g) ceartúcháin maidir le saincheisteanna ginearálta teicniúla, ainmníochta agus clóghrafacha, arb é is aidhm dóibh soiléireacht agus comhsheasmhacht a mhéadú sa doiciméad ar fad.

Ar na leasuithe ar Imleabhar III, atá beartaithe agus a bhfuil coinne leo, mar a leagtar amach sa Litir Stáit thuasluaite, áirítear an méid seo a leanas:

a) sainmhíniú, tuairisc, tagairtí agus feabhsuithe teanga arb é is aidhm dóibh, inter alia, míthuiscint a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus soiléirithe breise a thabhairt isteach, soiléirithe a bhaineann le Fachtóir Geoiméadrach Tagartha (RGF);

b) athruithe ar chomhsheasmhacht tar éis sainmhíniú nua a thabhairt isteach ar an ‘nós imeachta coibhéiseach’ ar fud Iarscríbhinn 16, Imleabhar III.

Meastar go dtiocfaidh na leasuithe atáthar a bheartú i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.

Baineann ábhar an ghnímh atá beartaithe le réimse a bhfuil inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas ina leith de bhua an choir dheireanaigh d’Airteagal 3(2) CFAE ós rud é gur dócha go ndéanfaidh na gníomhartha atá beartaithe difear do chomhrialacha nó go n‑athróidh siad a raon feidhme, is é sin:

— Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa 5 ;

— Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aeracmhainneacht agus deimhniúchán comhshaoil aerárthaí agus táirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán eagraíochtaí deartha agus táirgthe 6 .

Ag féachaint do reachtaíocht ábhartha an Aontais, ba cheart an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle ICAO tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Imleabhair I, II agus III.

4.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Cinneadh atá molta comhsheasmhach le beartais eile an Aontais, go sonrach beartais fuinnimh, chomhshaoil agus iompair, agus comhlánaíonn sé iad.

5.Bunús dlí

5.1.Bunús dlí nós imeachta

5.1.1. Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cibé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú 7 .

Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a bhféadfaidh ‘tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 8 .

5.1.2 Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í Comhairle ICAO a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún Chicago.

Tá éifeachtaí dlíthiúla leis na gníomhartha atá beartaithe chun críocha Airteagal 218(9) CFAE.

I gcomhréir le hAirteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, glacann Comhairle ICAO na caighdeáin agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta, mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Tá SARPanna den sórt sin ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago a mhéid a bheidh siad ceangailteach ar pháirtithe conarthacha uile ICAO ach amháin má chláraíonn tromlach na bpáirtithe conarthacha sin a míshástacht le Comhairle ICAO.

Thairis sin, de bharr leasuithe a d’fhéadfadh teacht astu, is féidir leis na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar reachtaíocht an Aontais, mar atá, Rialachán (AE) 2018/1139 agus Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún a mhéid a thagraíonn siad go sainráite d’Iarscríbhinn 16, Imleabhair I-III a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE a ghlactar seasamh an Aontais maidir le fógraí den sórt sin.

5.2.Bunús dlí substainteach

5.2.1 Prionsabal

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinnidh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh a glacadh agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith.

Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

5.2.2 Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh a glacadh leis an mbeartas iompair.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe. I gcomhréir leis an airteagal sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha iomchuí a leagan síos maidir le haeriompar.

5.3.Conclúid

Is é Airteagal 100(2) CFAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí maidir leis an gcinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2023/0030 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i leith tograí le haghaidh leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn 16, Imleabhair I-III, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a bhaineann le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le cosaint an chomhshaoil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’), lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.

(2)Is Stáit chonarthacha de Choinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit go léir, agus is comhaltaí de ICAO iad, os a choinne sin tá stádas breathnóra ag an Aontas Eorpach i gcomhlachtaí áirithe de chuid ICAO.

(3)De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO caighdeáin agus cleachtais mholta idirnáisiúnta a ghlacadh.

(4)Ghlac Comhairle ICAO na caighdeáin agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta maidir le cosaint an chomhshaoil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, in Imleabhair I-IV.

(5)Tá Comhairle ICAO, le linn a 228ú Seisiún a bheidh ar siúl an 13-31 Márta, le roinnt leasuithe a ghlacadh ar Iarscríbhinn 16, Imleabhair I go III, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle ICAO a leagan síos ós rud é go bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag na leasuithe atá beartaithe, ó tharla go bhfuil siad ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta agus go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar dhlí an Aontais, is é sin Rialachán (AE) 2018/1139 agus Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún.

(7)Ba cheart an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú leis na leasuithe ar Imleabhair I go III.

(8)Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, seasamh an Aontais a chur in iúl.

(9)Tar éis do Chomhairle ICAO leasuithe ar Iarscríbhinn 16, Imleabhair I-III a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago a ghlacadh, rud a bheidh le fógairt ag Ardrúnaí ICAO trí nós imeachta Litreach Stáit ICAO, ba cheart gurb é seasamh an Aontais gan míshástacht a chlárú agus fógra a thabhairt i leith chomhlíontacht na mbeart sin. I gcás ina mbeadh reachtaíocht an Aontais ar neamhréir leis na SARPanna nuaghlactha tar éis dáta atá beartaithe na SARPanna sin a chur i bhfeidhm, ba cheart fógra a thabhairt do ICAO i leith difríocht leis na SARPanna áirithe sin.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 228ú Seisiún de Chomhairle ICAO, nó in aon seisiún ina dhiaidh sin, i leith Iarscríbhinn 16, Imleabhair I-III, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a bhaineann leis na leasuithe ar na hImleabhair sin go dtabharfar tacaíocht do na leasuithe atá beartaithe ina niomláine.

(2)Ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle ICAO, gan aon athrú suntasach, na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn 16, Imleabhar I-III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, gan míshástacht a chlárú, agus fógra a thabhairt i leith chomhlíontacht an bhirt ghlactha mar fhreagra ar Litir Stáit ICAO. I gcás ina mbeadh reachtaíocht an Aontais ar neamhréir leis na SARPanna nuaghlactha tar éis an dáta atá beartaithe chun na SARPanna sin a chur i bhfeidhm, tabharfar fógra do ICAO i leith difríocht leis na SARPanna áirithe sin. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún doiciméad ullmhúcháin faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas, ar doiciméad é lena leagtar amach na difríochtaí mionsonraithe ar ina leith a thabharfaidh na Ballstáit fógra do ICAO thar ceann an Aontais agus cuirfidh an Coimisiún an doiciméad sin faoi bhráid na Comhairle, in am trátha agus ar a laghad dhá mhí roimh aon sprioc-am a leagfaidh ICAO amach maidir le fógra a thabhairt i leith difríochtaí.

Airteagal 2

Is iad Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Is iad Ballstáit uile an Aontais a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    SL 22/58, SL 22/59, SL 22/60 agus SL 22/61.
(2)    Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
(3)    Cinneadh (AE) 2016/915 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2016 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an ionstraim idirnáisiúnta atá le tarraingt suas laistigh de chomhlachtaí ICAO agus a bhfuil sé beartaithe gurb é a thiocfadh aisti aon bheart margadhbhunaithe domhanda amháin a chur chun feidhme ó 2020 aghaidh, ar beart é le haghaidh astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta (IO L 153, 10.6.2016, lch. 32).
(4)    Cinneadh (AE) 2020/768 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2016/915 a mhéid a bhaineann leis an tréimhse thagartha atá beartaithe a úsáid chun an méadú ar astaíochtaí CO2 a thomhas, chun iarmhairtí phaindéim COVID-19 a chur san áireamh i gcomhthéacs CORSIA (IO L 187, 12.6.2021, lch. 10).
(5)    IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(6)    IO L 224, 21.8.2012, lch. 1.
(7)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(8)    ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.