An Bhruiséil,24.1.2023

COM(2023) 53 final

2023/0018(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear CINNEADH (AE) 2022/563 a mhéid a bhaineann le cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive

{SWD(2023) 25 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

In 2022 chuaigh an staid eacnamaíoch dhomhanda in olcas. Ba mheasa fós na himthosca ba bhunús leis an gcéad iarraidh ón Moldóiv ar chúnamh macrairgeadais, a rinneadh in 2022. Déantar difear díreach agus indíreach don Mholdóiv le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh a tháinig anuas ar an ngéarchéim fuinnimh atá os comhair na Moldóive ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2021 ann. Thairis sin, ó bhí tús an chogaidh ann, tá níos mó ná leathmhilliún duine tar éis teorainn na Moldóive a thrasnú, agus tá thart ar 90 000 duine fós sa tír. Chuir sé sin brú breise ar airgeadas poiblí na Moldóive. Dá bhrí sin, rinneadh an staid mhaicreacnamaíoch fhoriomlán a lagú go mór in 2022. Tar éis téarnamh suntasach i ndiaidh na paindéime in 2021, thit an fás go géar sa chéad 9 mí de 2022 agus tharla cúlú eacnamaíoch trom sa tír. Gan ach cosaintí teoranta chun an ghéarchéim a mhaolú, d’iarr an Mholdóiv tuilleadh cúnaimh ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta. Mar sin, tá an cúnamh macrairgeadais méadaithe measta sin mar chuid de chúnamh AE agus idirnáisiúnta níos leithne don Mholdóiv.

D’iarr an Mholdóiv an oibríocht chúnaimh macrairgeadais atá ar siúl faoi láthair an 19 Samhain 2021. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cúnamh macrairgeadais, ar mhéid EUR 150 milliún (in iasachtaí ar théarmaí lamháltais agus i ndeontais) an 6 Aibreán 2022 agus tháinig sé i bhfeidhm an 18 Iúil 2022. Tar éis na coinníollacha beartais a ghabhann leis an gcéad eisíocaíocht a chomhlíonadh, rinneadh í an 1 Lúnasa 2022. Faoin oibríocht sin atá ar siúl faoi láthair, tá EUR 100 milliún (in iasachtaí ar théarmaí lamháltais agus i ndeontais) fós ar fáil don Mholdóiv go dtí mí Eanáir 2025. Meastar go ndéanfar an dara eisíocaíocht sa chéad ráithe de 2023.

I gcomhréir le gnáthnósanna imeachta um chúnamh macrairgeadais, cuireadh an oibríocht ar fáil don Mholdóiv i gcomhar le socrú nua maidir leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), a glacadh i mí na Nollag 2021 agus a méadaíodh i mí na Bealtaine 2022. USD 795 mhilliún atá sa tacaíocht mhéadaithe ó CAI faoin gclár um Shaoráid Chreidmheasa Shínte / Saoráid Chiste Shínte.

D’ainneoin an cúnamh a thugtar don Mholdóiv faoi láthair, tá dúshláin mhóra fós ag baint leis an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair agus le héifeachtaí an chogaidh san Úcráin. De réir na meastachán is déanaí ó CAI (mí na Nollag 2022), tá méadú EUR 430 milliún tagtha ar an mbearna fhoriomlán i maoiniú seachtrach na Moldóive le haghaidh 2023 (thart ar 3 % den olltáirgeacht intíre (OTI)) i gcomparáid leis an gcéad athbhreithniú a rinne CAI ar an gclár (mí Mheán Fómhair 2022). Is bearna fhoriomlán thart ar EUR 803 mhilliún sa mhaoiniú í sin le haghaidh 2023 (5 % OTI). I bhfianaise an mhéid sin agus i gcomhréir le prionsabal chomhroinnt chothrom an ualaigh, tíolacann an Coimisiún togra chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle chun an cúnamh macrairgeadais atá á thabhairt don Mholdóiv a mhéadú faoi EUR 145 mhilliún, é sin comhdhéanta de EUR 100 milliún in iasachtaí agus EUR 45 mhilliún i ndeontais.

D’eisíocfaí an cúnamh macrairgeadais breise in dhá thráthchuid nua, tráthchodanna a bheadh ceangailte leis na nithe seo a leanas: (i) coinníollacht bheartais bhreise; (ii) dul chun cinn maith i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais agus an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála; agus (iii) teist dhearfach ar chur chun feidhme chlár CAI. Leis na coinníollacha beartais a ghabhann leis an dá thráthchuid nua, chuirfí leis na cinn a comhaontaíodh sa Mheabhrán Tuisceana maidir leis an gcúnamh macrairgeadais reatha. Leis sin, neartófaí béim an chláir agus d’áiritheofaí comhsheasmhacht le tosaíochtaí beartais idir an tAontas agus an Mholdóiv agus le clár oibre rialtas na Moldóive. Tá an cúnamh breise i gcomhréir freisin leis an gcaidreamh neartaithe idir an tAontas agus an Mholdóiv faoi stádas na tíre is iarrthóir, a deonaíodh don Mholdóiv an 23 Meitheamh 2022.

Táthar ag súil go mbeidh cur chun feidhme na hoibríochta atá beartaithe ar aon dul leis an tacaíocht bhreise ón Aontas faoi oibríochtaí buiséadacha a mhaoinítear leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI).

De réir mar a shonraítear a thuilleadh sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo, chuir an Coimisiún an measúnú ar an staid pholaitiúil a rinne an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí san áireamh, agus tá sé den tuairim go gcomhlíontar na réamhchoinníollacha polaitiúla agus eacnamaíocha maidir leis an oibríocht chúnaimh macrairgeadais atá beartaithe.

Comhthéacs ginearálta

Bhí tionchar mór diúltach ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar gheilleagar na Moldóive i measc comhthéacs domhanda atá ag éirí níos dúshlánaí. I mí Eanáir go mí Mheán Fómhair 2022, tháinig crapadh 4 % ar gheilleagar na Moldóive, rud a léiríonn cúlú eacnamaíoch trom le haghaidh na bliana ar an iomlán. Spreagadh an crapadh den chuid is mó le titim i dtomhaltas na dteaghlach agus in infheistíocht na dteaghlach. Ó thaobh an táirgthe de, bhí tionchar an‑diúltach ag an talmhaíocht ar an bhfás, tar éis triomaigh i samhradh 2022. An ghéarchéim fuinnimh, a bhí ní ba dhéine in 2022, chuir sí brú breise ar airgeadas poiblí na Moldóive. Ba é an t‑ardú géar ar phraghsanna fuinnimh ba chúis leis an mboilsciú ard agus ba chúis leis an ngá le tuilleadh caiteachais ar fhóirdheontais i gcomhair na gcustaiméirí is leochailí.

In 2023 níl cuma mhaith ar chúrsaí na Moldóive go fóill. Beidh tuilleadh tionchair ar an tír ag ionsaithe méadaitheacha na Rúise ar an Úcráin agus ag an moilliú eacnamaíoch ar fud an Aontais (atá ina phríomh‑chomhpháirtí trádála de chuid na Moldóive). De réir réamhaisnéis CAI (mí na Samhna 2022), in 2023, meastar nach dtiocfaidh méadú ar an bhfás ach ar bhealach measartha, go 1,5 %, agus nach rachaidh sé ar ais chuig na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim ach in 2024-2025.

In 2023 tá laghdú suntasach le teacht ar an mboilsciú, ach fanfaidh sé sna digití dúbailte, ag 13,7 % ar an meán, i gcomparáid le 28,5 % in 2022. Ba é an t‑ardú ar phraghsanna fuinnimh agus bia ba chúis leis an mboilsciú ard in 2022, a raibh buaicphointe 34 % ann i mí Dheireadh Fómhair. Mar fhreagairt ar an mbrú láidir boilscitheach, d’ardaigh an banc ceannais an príomhráta úis trí huaire anuraidh (le 9 bpointe céatadáin charnacha), go 21,5 %. Faoi dheireadh na bliana, thosaigh an boilsciú ag maolú, ach go measartha (go 31 % i mí na Samhna), rud a spreag coigeartú beag anuas ar an mbonnráta go 20 %.

Tá an t‑easnamh sa bhuiséad le bheith leathan fós in 2023, ag 6 % de OTI, i gcomparáid le 4,2 % de OTI in 2022. Beidh an‑chuid den leathnú mar gheall ar chaiteachas níos airde ar na custaiméirí is leochailí mar thoradh ar an ardú ar tharaifí fuinnimh, agus mar gheall ar roinnt méaduithe ar thuarastail phoiblí a mheastar a bheith riachtanach i bhfianaise an bhoilscithe atá as cuimse. Tá cóimheas fiachais‑OTI na Moldóive íseal i gcomparáid leis an gcuid is mó dá piaraí réigiúnacha, ach tá méadú le teacht air go 38 % in 2023, i gcoinne 36 % de OTI ag deireadh 2022. Chuir creidiúnaithe iltaobhacha síneadh le thart ar 95 % d’fhiachas poiblí seachtrach na Moldóive ar théarmaí lamháltais. Mar sin féin, mar gheall ar a íogaire atá an tír i leith suaití, rinne CAI a rátáil maidir le riosca na Moldóive i leith anacair fiachais a athbhreithniú ó leibhéal riosca íseal go leibhéal meánriosca.

Ón taobh seachtrach de, tá an t‑easnamh sa chuntas reatha fós ard, ag 13,7 % de OTI sa tríú ráithe de 2022, agus tá sé le fanacht ar leibhéil inchomparáide in 2023, ag 11,8 % de OTI. Spreagtar é sin den chuid is mó le comhardú mór diúltach trádála, ag thart ar 32 % de OTI sa tríú ráithe de 2022. Ag 14,2 % de OTI, áfach, d’fhan íocaíochtaí cobhsaí den chuid is mó, d’ainneoin roinnt réamh‑mheastachán tosaigh lena léiríodh go dtiocfadh titim shuntasach ar aistrithe ó thíortha eile, go háirithe an Rúis agus Comhlathas na Stát Neamhspleách. Bhí glan‑infheistíocht dhíreach eachtrach athléimneach go leor sa chéad leath de 2022 (de bharr ardtuilleamh athinfheistithe cuideachtaí den chuid is mó). De dheasca na héiginnteachta atá ann mar gheall ar an gcogadh, áfach, meastar i réamhaisnéis CAI (mí na Samhna 2022) go dtiocfaidh laghdú géar uirthi, síos go 0,4 % de OTI le haghaidh 2022 ar an iomlán.

Ó bhí tús ionradh na Rúise ar an Úcráin ann, tá cúlchistí airgeadra eachtraigh na Moldóive an‑luaineach, rud a spreag idirghabhálacha móra ón mbanc ceannais. Ar dtús, tháinig laghdú suntasach ar chúlchistí airgeadra eachtraigh na Moldóive ó USD 3,9 billiún ag deireadh 2021 (lena gcumhdaítear 5,5 mí d’allmhairí) go ciste de USD 3,3 billiún (lena gcumhdaítear 4,5 mí d’allmhairí) i mí Aibreáin 2022. Aistarraingt thapa taiscí bainc ba chúis leis sin den chuid is mó. Dímheasadh leu na Moldóive i gcoinne dhollar na Stát Aontaithe le thart ar 7 % sa chéad leath de 2022. Cé gur athbhunaíodh leibhéil na gcúlchistí faoi dheireadh 2022, tá rioscaí fós ar an taobh thíos, rud a bhaineann den chuid is mó leis an gcogadh atá ar siúl san Úcráin. Tuarann an banc ceannais go dtiocfaidh laghdú ar chúlchistí ag tús 2023, mar gheall, i bpáirt, ar théarnamh eacnamaíoch éadrom agus ar éileamh níos airde ar allmhairí, agus go mbeidh luaineacht bhreise sa mhargadh malairte eachtraí.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an méadú atá beartaithe ar chúnamh macrairgeadais, thacófaí leis na hacmhainní a leithdháiltear ar an Moldóiv faoin oibríocht atá ann cheana a ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle an 6 Aibreán 2022 faoi Chinneadh (AE) 2022/563 maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil don Mholdóiv ar mhéid EUR 150 milliún in iasachtaí agus i ndeontais. Leis na coinníollacha breise a ghabhann leis an méid méadaithe, chuirfí leis na tosaíochtaí athchóirithe a léirítear sa Meabhrán Tuisceana atá ann cheana, lena gcoinnítear an bhéim ar rialachas airgeadais phoiblí, an smacht reachta, an comhrac i gcoinne an éillithe, na cúinsí gnó a fheabhsú, agus tuilleadh athchóirithe in earnáil an fhuinnimh a chur chun cinn.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

D’fhorbair an tAontas agus an Mholdóiv dlúthchaidreamh polaitiúil eacnamaíoch thar na blianta, agus dá bhrí sin tugadh an Comhaontú Comhlachais i gcrích (lena n‑áirítear an limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála), a síníodh an 27 Meitheamh 2014 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2016. I gClár Oibre Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv, leagtar amach liosta na dtosaíochtaí le haghaidh obair chomhpháirteach. Glacadh Clár Oibre Comhlachais nuashonraithe le haghaidh 2021-2027 an 22 Lúnasa 2022.

Tar éis iarratas a fháil ón Moldóiv an 3 Márta 2022, dheonaigh an tAontas stádas tír is iarrthóir don Mholdóiv an 23 Meitheamh 2022 ar an tuiscint go ndéanfaidh an tír roinnt beart, go háirithe i réimsí an smachta reachta, an athchóirithe ar earnáil an cheartais, an chomhraic i gcoinne an éillithe, agus na gceart bunúsach.

Tá naisc eacnamaíocha na Moldóive leis an Aontas Eorpach forbartha go maith freisin. Leanann an tAontas de bheith mar an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Moldóiv, lenar bhain 50 % de thrádáil iomlán na Moldóive in 2021 (thart ar 61 % d’onnmhairí iomlána agus 44 % d’allmhairí iomlána).

Tá tíortha is iarrthóirí agus tíortha a chumhdaítear le Beartas Comharsanachta na hEorpa incháilithe do chúnamh macrairgeadais (má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe). Leis an gcúnamh macrairgeadais méadaithe, chuirfí leis na deontais a shlógtar faoi ICFCI, rud a neartaítear le hacmhainní breise de EUR 55 mhilliún in 2023, agus le cláir eile de chuid an Aontais. Leis an gcúnamh macrairgeadais breise, chuirfí freisin leis na coinníollacha atá beartaithe faoi na pacáistí tacaíochta buiséid atá á gcur chun feidhme ag an Aontas faoi láthair. Trí thacaíocht a thabhairt do chreat iomchuí le haghaidh beartas maicreacnamaíoch agus athchóirithe struchtúracha, méadaítear breisluach agus éifeachtacht idirghabhálacha foriomlána airgeadais an Aontais le cúnamh macrairgeadais an Aontais, lena n‑áirítear trí ionstraimí airgeadais eile.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 212 CFAE an bunús dlí atá leis an togra seo.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Urramaítear prionsabal na coimhdeachta. Ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí maidir le cobhsaíocht mhacrairgeadais ghearrthéarmach sa Mholdóiv a bhaint amach go leordhóthanach leo féin agus is fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a bhaint amach. Is iad na príomhchúiseanna atá leis sin na srianta buiséadacha atá ann ar an leibhéal náisiúnta agus an gá atá le comhordú maith idir na deontóirí chun gur féidir cur le scála agus le héifeachtacht an chúnaimh.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. Ní bhaineann sé ach leis an íosmhéid is gá chun na cuspóirí maidir le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch ghearrthéarmach a ghnóthú agus ní théann sé thar an méid is gá chun na críche sin.

Mar a shainaithin an Coimisiún ar bhonn mheastacháin CAI i gcomhthéacs na Saoráide Ciste Shínte, 33 % de bhearna iarmharach sa mhaoiniú a mheastar a bheidh ag an Moldóiv in 2022-2024 atá i méid an chúnaimh macrairgeadais mhéadaithe atá beartaithe- EUR 295 mhilliún - lena n‑áirítear an méid atá ann cheana. Tá sé sin comhsheasmhach leis na cleachtais chaighdeánacha maidir le comhroinnt ualaigh le haghaidh oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais. Faoi théarmaí chonclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 8 Deireadh Fómhair 2002, 60 % atá san uasteorainn i gcás tíre is iarrthóir agus i gcás tír a bhfuil Comhaontú Comhlachais aici. Cuirtear an cúnamh a gheall deontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha don Mholdóiv san áireamh freisin.

An rogha ionstraime

Ní bheadh maoiniú tionscadal ná cúnamh teicniúil oiriúnach ná leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí maicreacnamaíocha sin. Is é an breisluach is mó a bhainfeadh leis an gcúnamh macrairgeadais i gcomparáid le hionstraimí eile an Aontais ná go maolófaí srianta airgeadais sheachtraigh agus go mbeadh sé ina chuidiú chun creat maicreacnamaíoch cobhsaí a chruthú, lena n‑áirítear cuidiú trí chomhardú íocaíochtaí agus cás buiséadach a bheadh inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le creat iomchuí le haghaidh athchóirithe struchtúracha. Trí chúnamh a thabhairt creat beartais iomchuí a chur ar bun, bíonn sé de bhua ag an gcúnamh macrairgeadais go gcuireann sé le héifeachtacht na mbeart a mhaoinítear sa Mholdóiv faoi ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais atá níos spriocdhírithe.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuirtear cúnamh macrairgeadais ar fáil mar dhlúthchuid den tacaíocht idirnáisiúnta do chobhsaíocht eacnamaíoch na Moldóive. Agus an togra seo á ullmhú ag seirbhísí an Choimisiúin, chuaigh siad i gcomhairle le CAI agus leis an mBanc Domhanda, a bhfuil cláir mhaoinithe measartha mór curtha ar bun acu cheana féin. An 12 Eanáir 2023, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Malartach Eacnamaíoch agus Airgeadais, a thacaigh leis an dréacht‑togra. Bhí an Coimisiún i dteagmháil go tráthrialta le húdaráis na Moldóive freisin.

Bailiú agus úsáid saineolais

I gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais agus i gcomhthéacs phacáiste chúnamh macrairgeadais COVID‑19, rinne seirbhísí an Choimisiúin measúnú oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus riaracháin na Moldóive. Rinneadh é sin chun a fháil amach an bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha á dtabhairt ag na nósanna imeachta atá ann maidir le bainistíocht ar chúnamh cláir, lena n‑áirítear cúnamh macrairgeadais. Fuarthas tuarascáil deiridh an mheasúnaithe oibríochtúil, a d’ullmhaigh comhlacht comhairliúcháin, i mí an Mheithimh 2020. Tugtar faoi deara sa tuarascáil go bhfuil dul chun cinn soiléir déanta i gcórais bhainistíochta airgeadais phoiblí agus i scagchuarda airgeadais eile ó bhí 2015 ann, nuair a rinneadh an cleachtadh deireanach. Tagtar ar an gconclúid sa tuarascáil go bhfuil stádas scagchuarda agus nósanna imeachta airgeadais na Moldóive fabhrach d’oibríocht chúnaimh macrairgeadais ina dhiaidh sin. Leanfar d’fhaireachán géar a dhéanamh ar fhorbairtí sa réimse sin, lena n‑airítear trí na tuarascálacha tráthrialta ar dhul chun cinn maidir le hathchóirithe bainistíochta airgeadais poiblí a rinne Toscaireacht an Aontais i gCísineá.

Measúnú tionchair

Is ionstraim éigeandála eisceachtúil é cúnamh macrairgeadais an Aontais agus is é is cuspóir dó aghaidh a thabhairt ar mhórdheacrachtaí comhardaithe íocaíochtaí i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Toisc go bhfuil riachtanas polaitiúil ann a bheith ag gníomhú go pras i gcás a dteastaíonn mearfhreagairt ina leith, ní gá, mar chuid den togra seo maidir le cúnamh macrairgeadais, measúnú tionchair a dhéanamh, i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr (SWD (2015) 111 final).

Ar leibhéal níos ginearálta, cuireann tograí an Choimisiúin maidir le cúnamh macrairgeadais leis na ceachtanna a foghlaimíodh as meastóireachtaí ex post a rinneadh ar oibríochtaí eile i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh. Leis an gcúnamh macrairgeadais méadaithe, agus leis an gclár um choigeartú eacnamaíoch agus um athchóiriú a ghabhann leis, cuideofar le riachtanais mhaoinithe ghearrthéarmacha na Moldóive a mhaolú. Tacófar le bearta beartais arb é is aidhm dóibh comhardú meántéarmach na n‑íocaíochtaí agus an inbhuanaitheacht fhioscach a neartú agus an fás inbhuanaithe a mhéadú, rud a chomhlánóidh clár reatha CAI leis an Moldóiv. Leis na coinníollacha beartais sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar roinnt de na laigí bunúsacha a léirigh geilleagar agus córas rialachais eacnamaíoch na Moldóive thar na blianta.

Cearta bunúsacha

Tá tíortha is iarrthóirí agus tíortha a chumhdaítear le Beartas Comharsanachta na hEorpa incháilithe do chúnamh macrairgeadais. Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais a dheonú go mbeadh ar an tír incháilithe cloí le sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, mar aon le ráthaíocht go dtabharfaí urraim do chearta an duine.

Is comhartha dearfach soiléir é an tiomantas athnuaite maidir le hathchóiriú agus an toil láidir pholaitiúil a léirigh údaráis na Moldóive (ó na toghcháin i mí Iúil 2021) sna príomhréimsí athchóirithe, amhail athchóirithe ar earnáil an cheartais, dea-rialachas, an smacht reachta agus an comhrac i gcoinne an éillithe. Tá na húdaráis tiomanta do na hathchóirithe sin a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. Dá bhrí sin, meastar an réamhchoinníoll polaitiúil le haghaidh oibríocht chúnaimh macrairgeadais a bheith comhlíonta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá sé beartaithe an méadú EUR 145 mhilliún in oibríocht chúnaimh macrairgeadais na Moldóive atá ar siúl faoi láthair a eisíoc in dhá thráthchuid chomhionanna, atá le scaoileadh in 2023, má chomhlíontar na coinníollacha. Déantar foráil leis an gclárú airgeadais don tréimhse 2022-2024 maidir le comhpháirt deontais EUR 45 milliún a mhaoiniú ón mbuiséad atá ar fáil faoi líne bhuiséid 14 20 03 01 ‘Cúnamh macrairgeadais - deontais’. Maidir leis an gcomhpháirt iasachta EUR 100 milliún, déanfar an soláthar íoctha is gá ar ráta 9 % den Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chlársceidealú faoi ICFCI, le haghaidh méid iomlán EUR 9 milliún (líne bhuiséid 14 02 01 70 ‘ICFCI — Soláthar don Chiste don Soláthar Coiteann’).

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuirfidh an tAontas an méadú ar an gcúnamh macrairgeadais, ar mhéid iomlán EUR 145 mhilliún é, ar fáil don Mholdóiv agus cuirfear ar fáil é i bhfoirm iasachtaí meántéarmacha go fadtéarmacha, agus beidh comhpháirt deontais mar chuid de. Leis sin, cuideofar le riachtanais iarmharacha mhaoinithe na Moldóive a chumhdach in 2023. Beidh eisíocaíocht an dá tráthchuid bhreise faoi réir comhlíonadh beart beartais breise.

Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an cúnamh. Beidh forálacha sonracha maidir le cosc ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile i bhfeidhm, forálacha a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Shocraigh an Coimisiún agus údaráis na Moldóive ar Mheabhrán Tuisceana ina leagtar amach na bearta le haghaidh athchóiriú struchtúrach a bhaineann leis an oibríocht chúnaimh macrairgeadais atá ar siúl cheana féin, lena n‑áirítear gnéithe maidir le huainiú agus seicheamhú an chúnaimh. Mar thoradh ar an méadú ar an gcúnamh macrairgeadais, déanfar tuilleadh gníomhaíochtaí beartais a chaibidliú leis na húdaráis agus cuirfear leis an meabhrán atá ann cheana iad.

Ina theannta sin, mar is gnách i gcás cúnamh macrairgeadais, bheadh na heisíocaíochtaí ag brath, i measc nithe eile, ar athbhreithnithe sásúla faoi chlár CAI, chomh maith le dul chun cinn maidir leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv agus an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a chur chun feidhme. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na húdaráis chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na ngníomhaíochtaí beartais agus na réamhchoinníollacha, mar a shonraítear thuas.

2023/0018 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear CINNEADH (AE) 2022/563 a mhéid a bhaineann le cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 6 Aibreán 2022, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/563 1 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais nua don Mholdóiv ar mhéid EUR 150 milliún, in iasachtaí meántéarmacha agus trí ghné deontais. Tháinig an cúnamh macrairgeadais i bhfeidhm an 18 Iúil ar feadh 2 bhliain go leith. An 1 Lúnasa 2022, tar éis na gníomhaíochtaí beartais uile a comhaontaíodh leis an Aontas sa Mheabhrán Tuisceana a chomhlíonadh go rathúil, eisíocadh an chéad tráthchuid de EUR 50 milliún.

(2)Glacadh an cúnamh macrairgeadais go comhthreomhar le clár nua CAI don Mholdóiv an 20 Nollaig 2021 (Saoráid Chreidmheasa Shínte/Saoráid Chiste Shínte ar luach USD 564 mhilliún). An 11 Bealtaine 2022, mar thoradh ar na riachtanais mhaoinithe a bhí ag dul i méid de dheasca thionchair an chogaidh san Úcráin ar gheilleagar na Moldóive, ghlac CAI cinneadh an socrú a mhéadú le USD 267 milliún. An 9 Eanáir 2023, d’fhógair CAI go raibh an dara hathbhreithniú ar an gclár curtha i gcrích go rathúil ag an Moldóiv, rud lenar ceadaíodh USD 27 milliún eile a eisíoc láithreach faoin socrú.

(3)Ba é EUR 518,15 milliún leithdháileadh táscach an Aontais don Mholdóiv faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht do thréimhse 2014-2020, lena náirítear tacaíocht bhuiséadach agus cúnamh teicniúil. Sainaithníodh i gCreataí Tacaíochta Aonair le haghaidh 2014-2017 agus 2017-2020 an earnáil tosaíochta le haghaidh comhair leis an Moldóiv arna maoiniú ag an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht don tréimhse bhuiséadach roimhe sin. Leagtar amach tosaíochtaí 2021-2027 sa Chlár Táscach Ilbhliantúil nua, a ullmhaíodh i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir.

(4)Ós rud é go bhfuil bearna iarmharach mhór fós sa mhaoiniú seachtrach i gcomhardú íocaíochtaí na Moldóive le haghaidh 2023, ar bearna í atá go mór os cionn na nacmhainní a sholáthraítear le CAI agus le hinstitiúidí iltaobhacha eile, is gá cúnamh macrairgeadais an Aontais a sholáthraítear don Mholdóiv a mhéadú i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/563. Meastar, sna himthosca eisceachtúla atá faoi láthair ann, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na Moldóive ar thacaíocht dá cobhsú eacnamaíoch, i gcomhar le clár CAI, atá sa mhéadú sin. Thacódh cúnamh macrairgeadais an Aontais le cobhsú eacnamaíoch agus le clár um athchóiriú struchtúrach na Moldóive, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI á bhforlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2022/563 a leasú dá réir.

(5)Déantar méid an chúnaimh macrairgeadais bhreise ón Aontas a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil nuashonraithe ar na riachtanais mhaoinithe sheachtraigh atá fós ag an Moldóiv, agus cuirtear san áireamh inniúlacht na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí iltaobhacha, lena náirítear CAI agus an Banc Domhanda, agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoinithe sheachtraigh eile sa Mholdóiv agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

(6)Ba cheart an méadú ar chúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch, atá le cur leis an Meabhrán Tuisceana atá ann cheana, meabhrán a bheidh le leasú dá réir sin. Ina theannta sin, beidh téarmaí airgeadais mionsonraithe chúnamh macrairgeadais an Aontais le leagan síos in aguisín a ghabhann leis an gComhaontú Iasachta agus leis an gComhaontú Deontais a shínigh an Coimisiún agus an Mholdóiv an 22 Meitheamh 2022,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Leasaítear Cinneadh (AE) 2022/563 mar a leanas:

(1)In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais de EUR 295 mhilliún ar a mhéid a chur ar fáil don Mholdóiv (‘cúnamh macrairgeadais an Aontais’), d’fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch agus le clár substainteach um athchóiriú na Moldóive. Den uasmhéid sin, déanfar suas le EUR 220 milliún a sholáthar i bhfoirm iasachtaí agus suas le EUR 75 mhilliún i bhfoirm deontas. Beidh scaoileadh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas faoi réir a fhormheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mbuiséad an Aontais don bhliain ábhartha. Beidh an cúnamh sin ina chuidiú chun riachtanais chomhardú íocaíochtaí na Moldóive a chlúdach, de réir mar a shainaithnítear na riachtanais sin i gclár CAI.’;

(2)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

2.‘1. Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fáil i gcúig thráthchuid, a mbeidh gach aon cheann díobh comhdhéanta de ghné iasachta agus de ghné dheontais. Leagfar síos méid gach tráthchoda sa Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 2.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Déanfar an dara tráthchuid a scaoileadh, i bprionsabal, trí mhí tar éis na chéad tráthchoda a scaoileadh ar a luaithe. Déanfar an tríú tráthchuid a scaoileadh, i bprionsabal, trí mhí tar éis an dara tráthchuid a scaoileadh ar a luaithe. Déanfar an ceathrú tráthchuid a scaoileadh, i bprionsabal, trí mhí tar éis an tríú tráthchuid a scaoileadh ar a luaithe. Déanfar an cúigiú tráthchuid a scaoileadh, i bprionsabal, trí mhí tar éis an ceathrú tráthchuid a scaoileadh ar a luaithe.’

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa                Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara a bhainistítear’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do Phoblacht na Moldóive

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 2  

An réimse beartais:    Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Gníomhaíocht:    Gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais idirnáisiúnta

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 3  

  Baineann an togra/tionscnamh le síneadh a chur le beart atá ann cheana 

X Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’

‘Eoraip níos láidre sa domhan mór’

1.4.2.Cuspóirí sonracha

(a)    Tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais agus athchóirithe spreagtha fáis a chur chun cinn lasmuigh den Aontas Eorpach, agus áirítear ar na bealaí chun é sin a dhéanamh idirphlé rialta eacnamaíoch a dhéanamh le comhpháirtithe tábhachtacha agus trí chúnamh macrairgeadais a sholáthar; agus

(b)    Tacaíocht a thabhairt don phróiseas maidir le méadú agus do chur chun feidhme bheartais an Aontais maidir le méadú agus bheartais chomharsanachta an Aontais agus thosaíochtaí eile an Aontais i gcomhpháirtithe trí anailís eacnamaíoch a dhéanamh agus trí mheasúnuithe ar bheartais agus comhairle a chur ar fáil.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

·Rannchuidiú le riachtanais mhaoinithe sheachtraigh na Moldóive a chumhdach i gcomhthéacs an mheathlúcháin mhóir ar a gcuntais sheachtracha de dheasca iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin ar gheilleagar na Moldóive chomh maith leis an éigeandáil fuinnimh atá ar siúl faoi láthair.

·Riachtanais mhaoinithe bhuiséadaigh an chomhpháirtithe a mhaolú.

·Tacaíocht a thabhairt don iarracht comhdhlúthaithe fhioscaigh agus don chobhsú seachtrach i gcomhthéacs chlár CAI atá beartaithe.

·Tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar an mbainistíocht mhaicreacnamaíoch fhoriomlán, an rialachas eacnamaíoch agus an trédhearcacht a threisiú, agus feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh fás inbhuanaithe.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Beidh ceangal ar údaráis na Moldóive tuairisc a thabhairt go rialta do sheirbhísí an Choimisiúin faoi thacar táscairí eacnamaíocha agus tuarascáil chuimsitheach a ullmhú faoi chomhlíonadh na gcoinníollacha beartais a comhaontaíodh sula n‑eisíocfar tráthchodanna an chúnaimh.

Leanfaidh seirbhísí an Choimisiúin d’fhaireachán a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais phoiblí, tar éis an mheasúnaithe oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin sa Mholdóiv, measúnú a tíolacadh i mí an Mheithimh 2020. Cuirfidh Toscaireacht an Aontais sna comhpháirtithe tuairiscí ar fáil go tráthrialta faoi shaincheisteanna a bhaineann le faireachán ar an gcúnamh. Fanfaidh seirbhísí an Choimisiúin i ndlúth‑theagmháil leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus leis an mBanc Domhanda chun leas a bhaint as an tuiscint atá acu de thoradh a ngníomhaíochtaí reatha sa chomhpháirtí féin.

Leis an gcinneadh reachtach atá beartaithe, foráiltear go gcuirfear tuarascáil bhliantúil faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa, agus beidh measúnú ar chur chun feidhme na hoibríochta sa tuarascáil sin. Déanfar meastóireacht ex post neamhspleách ar an tacaíocht laistigh de 2 bhliain tar éis don tréimhse cur chun feidhme dul in éag.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Beidh eisíocaíocht na tacaíochta ag brath ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha polaitiúla agus ar theist shásúil ar chur chun feidhme an chláir eacnamaíoch idir an Mholdóiv agus CAI. Thairis sin, tiocfaidh an Coimisiún ar chomhaontú le húdaráis na Moldóive maidir le coinníollacha sonracha beartais, atá le cur leis an Meabhrán Tuisceana atá ann cheana.

Tá sé beartaithe an cúnamh breise a eisíoc ina dhá thráthchuid. Meastar go n‑eisíocfar an chéad tráthchuid in R3 2023, d’fhéadfaí an dara tráthchuid a eisíoc in R4 2023, ar choinníoll go mbeidh na bearta beartais a ghabhann le gach tráthchuid curtha chun feidhme.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Ionstraim atá bunaithe ar bheartais is ea ionstraim an chúnaimh macrairgeadais atá spriocdhírithe ar riachtanais airgeadais sheachtracha a mhaolú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. I gcomhthéacs na géarchéime atá ar siúl faoi láthair, leis an gcúnamh macrairgeadais cuideofar le spás beartais eacnamaíoch a chur ar fáil do na húdaráis chun freagairt eacnamaíoch éifeachtach a thabhairt ar an staid sheachtrach atá ag dul in olcas agus ar riachtanais fhioscacha mhéadaithe. Cuirfear le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus pholaitiúil a chur chun cinn leis an gcúnamh macrairgeadais freisin. Déanfaidh an oibríocht comhlánú ar na hacmhainní atá curtha ar fáil ag na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, deontóirí déthaobhacha agus institiúidí airgeadais eile an Aontais Eorpaigh. Agus sin á dhéanamh, rannchuideoidh sé le héifeachtacht fhoriomlán na tacaíochta airgeadais atá curtha ar fáil ag an gcomhphobal idirnáisiúnta, agus an chúnaimh airgeadais eile ón Aontas Eorpach chomh maith, oibríochtaí tacaíochta buiséadaí san áireamh.

Ina theannta sin, trí mhaoiniú fadtéarmach a chur ar fáil i dtéarmaí an‑lamháltais, níos ísle de ghnáth ná an chuid eile de dheontóirí idirnáisiúnta nó déthaobhacha, meastar go gcabhróidh an clár cúnamh macrairgeadais leis an rialtas a bhuiséad a chur i bhfeidhm gan dialltaí fioscacha agus go gcuirfidh sé le hinbhuanaitheacht fiachais.

Chomh maith le tionchar airgeadais an chúnaimh macrairgeadais, neartóidh an clár atá beartaithe tiomantas an rialtais don athchóiriú agus an uaillmhian atá acu caidreamh níos dlúithe a bhaint amach leis an Aontas Eorpach, mar a léirítear sa Chomhaontú Comhlachais a tháinig i bhfeidhm in 2016, agus de réir an stádais mar thír is iarrthóir a deonaíodh an 23 Meitheamh 2022. Bainfear an toradh sin amach, inter alia, trí choinníollacht iomchuí maidir le heisíocaíocht an chúnaimh. I gcomhthéacs níos leithne, tabharfaidh an clár le fios go bhfuil an tAontas Eorpach réidh chun tacaíocht a thabhairt do Chomharsanacht an Oirthir, lena n‑áirítear an Mholdóiv, in aimsir na ndeacrachtaí eacnamaíocha.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais i gcomhpháirtithe, tá siad faoi réir meastóireacht ex-post. Is é an chonclúid a baineadh as na meastóireachtaí a rinneadh go dtí seo (ar chláir cúnaimh macrairgeadais atá críochnaithe) gurb amhlaidh a bhíonn an cúnamh macrairgeadais ina chuidiú, bíodh is gur cuidiú ar leibhéal íseal nó indíreach a bhíonn ann uaireanta, le feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht sheachtrach agus ar an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch sa chomhpháirtí agus go gcabhraíonn sé le hathchóirithe struchtúracha a bhaint amach. I bhformhór na gcásanna, ba chun sochair a chuaigh na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais do chomhardú íocaíochtaí an chomhpháirtí agus chuidigh lena srianta buiséadacha a mhaolú. Ba thoradh eile ar an tacaíocht gur mhéadaigh ar an bhfás eacnamaíoch de bheagán.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil

I gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, cumhdófar soláthar iasachtaí cúnaimh macrairgeadais faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha laistigh den Eoraip Dhomhanda (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta). Is leor an acmhainn iasachtaithe (táscach) atá beartaithe don chúnamh macrairgeadais chun an oibríocht seo a chumhdach agus chun oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais eile atá á gcur chun feidhme a chumhdach.

Sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na príomhdheontóirí atá ag an Moldóiv, agus tugann sé tacaíocht dá hathchóirithe eacnamaíocha, struchtúracha agus institiúideacha maille le tacaíocht do shochaí shibhialta na tíre. EUR 518,15 milliún a bhí sa tacaíocht airgeadais ón Aontas don Mholdóiv sa tréimhse 2014-2020 (An Clár Ilbhliantúil Táscach 2021-2027 atá á ullmhú). Sa chomhthéacs sin, comhlánaíonn an oibríocht chúnaimh macrairgeadais sin gníomhaíochtaí seachtracha eile an Aontais nó ionstraimí a úsáidtear chun tacaíocht a thabhairt don Mholdóiv. Tá sé ailínithe freisin leis an Ionstraim nua don Eoraip Dhomhanda (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta) agus leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA-III) le haghaidh 2021-2027. 

I gcomparáid le hionstraimí eile de chuid an Aontais, ba é an breisluach ba thábhachtaí a bhainfeadh le cúnamh macrairgeadais creat maicreacnamaíoch cobhsaí a thógáil trí bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear comhardú íocaíochtaí agus staid bhuiséadach inbhuanaithe a chothú, mar aon le creat iomchuí chun athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn. Ní thugann an cúnamh macrairgeadais gnáth‑thacaíocht airgeadais agus cuirfear deireadh leis a luaithe is a chuirfear staid sheachtrach airgeadais an chomhpháirtí ar ais ar bhealach na hinbhuanaitheachta.

Ina theannta sin, bheadh an cúnamh macrairgeadais comhsheasmhach le hidirghabhálacha atá beartaithe ag an gcomhphobal idirnáisiúnta, go háirithe na cláir um choigeartú agus athchóiriú a dtugann CAI agus an Banc Domhanda tacaíocht dóibh.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Trí iasachtaí a úsáid, méadaítear éifeachtacht bhuiséad an Aontais leis an oibríocht chúnaimh macrairgeadais seo tríd an éifeacht ghiarála agus déantar foráil maidir leis an rogha is costéifeachtaí.

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún cistí a fháil ar iasacht ó mhargaí caipitil thar ceann an Aontais Eorpaigh agus Euratom araon trí úsáid a bhaint as ráthaíocht bhuiséad an Aontais. Is é an aidhm cistí a fháil ón margadh ar na rátaí is fearr is féidir a bhuí leis an stádas creidmheasa is airde a bheith ag an Aontas Eorpach/ Euratom (arna rátáil AAA ag Fitch, Moody’s agus DBRS, AA ag S&P, agus ionchas cobhsaí i gceist i ngach cás) agus ina dhiaidh sin na cistí céanna a thabhairt ar aghaidh ar iasacht d’iasachtaithe incháilithe i gcomhthéacs iasachtaí faoi EFSM, BoP, cúnamh macrairgeadais agus do thionscadail Euratom. Déantar iasachtaí a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar iasacht mar oibríocht droim-le-droim, rud a áirithíonn nach dtógann buiséad an Aontais aon ráta úis ná aon riosca malairte eachtraí. Baineadh amach an sprioc maidir le cistí a fháil ar na rátaí is fearr dá bhfuil ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe toisc go bhfuil na rátaí sin i gcomhréir le hinstitiúidí piaraí (BEI, EFSM, agus ESM).

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

X fad teoranta

   i bhfeidhm ó 2022 go 2024

   Tionchar airgeadais ó 2022 go 2024 maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó 2022 go 2025 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 4   

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Cuirfidh an Coimisiún na bearta atá le maoiniú faoin gCinneadh seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach óna cheanncheathrú agus le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais.

De chineál maicreacnamaíoch is ea an cúnamh seo agus ceapadh é i gcomhréir leis an gclár eacnamaíoch a bhfuil tacaíocht CAI leis. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán ar an ngníomhaíocht ar bhonn an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm shocrú CAI agus ar bhonn bearta athchóirithe sonracha atá le comhaontú le húdaráis na gcomhpháirtithe i Meabhrán Tuisceana (féach freisin pointe 1.4.4), ar mhinicíocht atá ag teacht le líon na dtráthchodanna.

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Cuirfidh an Coimisiún na bearta atá le maoiniú faoin gCinneadh seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach óna cheanncheathrú agus le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais.

Braitheann eisíocaíochtaí cúnaimh macrairgeadais ar athbhreithnithe rathúla, agus bíonn siad ceangailte le comhlíonadh na coinníollachta a ghabhann le gach oibríocht. Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na gcoinníollacha, i ndlúthchomhar le Toscaireachtaí an Aontais.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Na rioscaí a sainaithníodh

Tá rioscaí ó thaobh muiníne, polaitíochta agus beartas de ag na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe.

Tá riosca ann go n‑úsáidfí an cúnamh macrairgeadais ar bhealach calaoiseach. Toisc nach bhfuil an cúnamh macrairgeadais sannta do chostais ar leith (murab ionann agus an maoiniú do thionscadail, mar shampla), tá baint ag an mbaol sin le tosca amhail caighdeán ginearálta na gcóras bainistíochta i mBanc Ceannais agus Aireacht Airgeadais an chomhpháirtí, nósanna imeachta riaracháin, feidhmeanna rialaithe agus maoirseachta, slándáil córas TF agus oiriúnacht na n‑inniúlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí.

Tá riosca eile ann, is é sin go mb’fhéidir nach n‑éireodh leis an gcomhpháirtí ús a íoc ar a chuid dliteanas airgeadais i leith an Aontais, dliteanais a bheadh ceangailte leis na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe (riosca mainneachtana nó creidmheasa), rud a d’fhéadfadh titim amach, cuir i gcás, dá rachadh comhardú íocaíochtaí agus staid fhioscach an chomhpháirtí in olcas an athuair.

Córais rialaithe inmheánaigh

Beidh an cúnamh macrairgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear le hAirteagal 129 den Rialachán Airgeadais

Ex-ante: Measúnú an Choimisiún ar chórais bhainistíochta agus rialaithe sa tír is tairbhí. I gcás gach tír is tairbhí, déanfaidh an Coimisiún measúnú oibríochtaí ex-ante ar na scagchuarda airgeadais agus ar an timpeallacht rialaithe, más gá, le tacaíocht theicniúil ó chomhairleoirí. Déanfar anailís ar nósanna imeachta cuntasaíochta, ar dheighilt na ndualgas agus ar iniúchóireacht inmheánach/sheachtrach an Bhainc Ceannais agus na hAireachta Airgeadais chun leibhéal réasúnta cinnteachta a áirithiú maidir le bainistíocht fhónta airgeadais. I gcás go sainaithnítear aon laige, déanfar coinníollacha díobh, coinníollach nach mór a chur chun feidhme sula ndéanfar an cúnamh a eisíoc. Chomh maith leis sin, nuair is gá, leagfar síos socruithe sonracha le haghaidh íocaíochtaí (e.g. cuntais imfhálaithe).

Le linn an chur chun feidhme: seiceálacha an Choimisiúin ar dhearbhuithe tréimhsiúla na gcomhpháirtithe. Beidh an íocaíocht faoi réir ag (1) faireachán arna dhéanamh ag baill foirne AS ECFIN, i ndlúthchomhar le toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus leis na páirtithe leasmhara seachtracha, CAI mar shampla, ar chur chun feidhme na gcoinníollachtaí arna gcomhaontú, agus (2) an gnáthnós imeachta maidir le rialú dá bhforáiltear ag an scagchuaird airgeadais (samhail 2) a úsáidtear in AS ECFIN, lena n‑áirítear fíorúchán arna dhéanamh ag an aonad airgeadais ar na coinníollacha atá curtha le heisíocaíocht an chúnaimh a luaitear thuas. An eisíocaíocht a bhaineann le hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, d’fhéadfadh sí a bheith faoi réir fíorúcháin bhreise neamhspleácha ex-post (doiciméadacha agus/nó ar an láthair) arna ndéanamh ag oifigigh na foirne rialaithe ex-post ón Ard‑Stiúrthóireacht. Féadfar fíorúcháin den sórt sin a thionscnamh freisin ar iarraidh ón oifigeach údarúcháin trí fhotharmligean atá freagrach as. Is féidir úsáid a bhaint as briseadh íocaíochtaí agus íocaíochtaí a chur ar fionraí, ceartúcháin airgeadais (arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún) agus aisghabhálacha i gcás inar gá (níor tharla sé go dtí seo), agus foráiltear go sainráite dóibh sna comhaontuithe maoinithe leis na comhpháirtithe.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara a bhainistítear’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Na córais rialaithe atá ann, mar atá na measúnuithe oibríochtaí ex-ante nó na measúnuithe , d’áirithigh siad ráta earráide éifeachtach 0 % maidir leis na híocaíochtaí cúnaimh macrairgeadais. Ar feadh a bhfuil ar eolas againn, ní ann d’aon chás calaoise, éilithe ná gníomhaíochta mídhleathaí. Tá loighic shoiléir idirghabhála ag oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, loighic a fhágann go bhfuil an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar. A bhuí leis na rialuithe, táthar in ann cinnteacht a dheimhniú agus cuspóirí beartais agus tosaíochtaí a bhaint amach.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Chun na rioscaí a bhaineann le mí‑úsáid chalaoiseach a mhaolú, tá roinnt beart déanta cheana agus déanfar bearta eile amach anseo:

I dtús báire, is éard atá sa Chomhaontú Iasachta tacar forálacha maidir le cigireacht, calaois a chosc, iniúchtaí agus aisghabháil cistí i gcás calaoise nó caimiléireachta. Anuas air sin, tá sé beartaithe go gceanglófar roinnt coinníollacha beartais sonracha leis an tacaíocht, lena n‑áirítear coinníollacha a bhaineann le réimse na bainistíochta airgeadais phoiblí, agus é sin d’fhonn éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht a threisiú. Ina theannta sin, déanfar an t‑airgead a lóisteáil i gcuntas ar leith de chuid Bhanc Ceannais an chomhpháirtí.

Thairis sin, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais, tá Measúnú Oibríochtúil déanta ag seirbhísí an Choimisiúin ar scagchuarda airgeadais agus riaracháin na Moldóive chun a fháil amach an bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha á dtabhairt ag na nósanna imeachta atá ann maidir le bainistíocht ar chúnamh cláir, cúnamh macrairgeadais san áireamh. Leis an measúnú a rinneadh in 2020, cumhdaítear réimsí amhail ullmhúchán agus feidhmiú an bhuiséid, rialú airgeadais inmheánach poiblí, iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, soláthar poiblí, bainistíocht airgid thirim agus fiachais phoiblí, chomh maith le neamhspleáchas an bhainc ceannais. Déanfaidh Toscaireacht an Aontais Eorpaigh sa chomhpháirtí féin grinnfhaireachán breise ar fhorbairtí sa réimse sin. Ina theannta sin, tá tacaíocht bhuiséadach á húsáid ag an gCoimisiún chun cabhrú le húdaráis na gcomhpháirtithe féin a gcórais bainistithe airgeadais phoiblí a fheabhsú, agus tacaíonn deontóirí eile go mór leis na hiarrachtaí sin.

Ar deireadh, beidh an cúnamh faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál  
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 5

ó thíortha de chuid CSTE 6

ó thíortha is iarrthóirí 7

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

14.02.01.70.06 [Iasachtaí Cúnaimh Macrairgeadais – EAG]

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

14.20.03.01 [Deontais Chúnaimh Macrairgeadais]

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh – Níl sin ar fáil

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

6

Ceannteideal 6 - ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ 

Ard‑Stiúrthóireacht: ECFIN

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

IOMLÁN

□Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 8  

14.02.01.70.06 [Iasachtaí Cúnaimh Macrairgeadais – EAG]

Gealltanais

(1a)

10,8

9

19,8

Íocaíochtaí

(2a)

10,8

9

19,8

Líne bhuiséid 

14.20.03.01 [Deontais Chúnaimh Macrairgeadais]

Gealltanais

(1b)

30

45

75

Íocaíochtaí

(2b)

20

55

75

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 9  

Líne bhuiséid

14.20.03.01

(3)

0,15

0,15

IOMLÁN leithreasuithe 
i gcomhair ArdStiúrthóireacht ECFIN

Gealltanais

=1a+ 1b + 3

40,8

54

0,15

94,95

Íocaíochtaí

=2 a+ 2b

+3

30,8

64

 

0,15

94,95





IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

40,8

54

94.8

Íocaíochtaí

(5)

30,8

64

94,8

□IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach

(6)

0,15

0,15

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 6

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

40,8

54

0,15

94,95

Íocaíochtaí

=5+ 6

30,8

64

0,15

94,95



Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin: (EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil))

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

Ceannteideal 7 – ‘Riarachán poiblí Eorpach’

Ard‑Stiúrthóireacht: ECFIN

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

IOMLÁN

Acmhainní Daonna

0,034

0,044

0,044

0,011

0,011

0,144

Caiteachas riaracháin eile

0,020

0,020

0,040

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Leithreasuithe

0,034

0,064

0,064

0,011

0,011

0,184

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0,034

0,064

0,064

0,011

0,011

0,184

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha), a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

0,034

40,864

54,064

0,011

0,161

95,134

Íocaíochtaí

=5+ 6

0,034

30,864

64,064

0,011

0,161

95,134

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain  
2025

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0,034

0,044

0,044

0,011

0,011

0,144

Caiteachas riaracháin eile

0,020

0,020

0,040

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,034

0,064

0,064

0,011

0,011

0,184

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 12   
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.034

0,064

0,064

0,011

0,011

0,184

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 2023

Bliain 2024

Bliain 2025

□Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0,100

0,250

0,150

0,010

0,100

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01  (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: FTE) 13

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0,200

0,350

0,200

0,010

0,100

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   14

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, END, INT – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

0,300

0,600

0,350

0,020

0,200

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Stiúrthóir Stiúrthóireacht D: An oibríocht a mhaoirsiú agus a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le formheas an Mheabhráin Tuisceana (MT), MT a chaibidliú le húdaráis na Moldóive, tuarascálacha a athbhreithniú, misin a stiúradh agus an dul chun cinn ar chomhlíonadh coinníollachta a mheasúnú.

Ceann aonaid/Leascheann aonaid Stiúrthóireacht D: Cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir maidir leis an méid seo a leanas: an oibríocht a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le faomhadh an Mheabhráin Tuisceana, MT agus an Comhaontú Saoráide Iasachta (a chaibidleofar in éineacht le AS an Bhuiséid) a chaibidliú le húdaráis na Moldóive, tuarascálacha a athbhreithniú agus an dul chun cinn ar chomhlíonadh coinníollachta a mheasúnú.

AS an Bhuiséid (Aonaid E1, E3 faoi mhaoirseacht an Stiúrthóra): An Comhaontú Saoráide Iasachta (LFA) a ullmhú, é a chaibidliú le húdaráis na Moldóive agus formheas ina leith a fháil ó na seirbhísí de chuid an Choimisiúin a bhfuil an cúram sin orthu, agus síniú ón dá pháirtí a fháil ina leith. Teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saoráide Iasachta a leanúint. Cinneadh nó cinntí an Choimisiúin a ullmhú maidir leis na hidirbhearta iasachta, cur isteach na nIarratas ar Chistí a leanúint, na bainc a roghnú, na hidirbhearta cistiúcháin a ullmhú agus a chur i gcrích agus na cistí a íoc amach leis an Moldóiv. Na hoibríochtaí cúloifige a dhéanamh lena leantar aisíocaíocht na hiasachta/na n‑iasachtaí. Na tuarascálacha comhfhreagracha a ullmhú maidir leis na hoibríochtaí sin.

Pearsanra seachtrach

Eacnamaithe, Earnáil an Chúnaimh Macrairgeadais (Stiúrthóireacht D): An Cinneadh agus an Meabhrán Tuisceana a ullmhú, dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, misin athbhreithniúcháin a dhéanamh, tuarascálacha fhoireann an Choimisiúin a ullmhú mar aon le nósanna imeachta an Choimisiúin maidir le bainistiú an chúnaimh, dul i gcomhairle le saineolaithe seachtracha maidir leis an measúnú oibríochtaí agus maidir leis an meastóireacht ex-post.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

(1)    Cinneadh (AE) 2022/563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive (IO L 109, 8.4.2022, lch. 6).
(2)    ABM: bainistíocht de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(3)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(4)    Tá mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(5)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(6)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(7)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí.
(8)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(9)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(10)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(11)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(12)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(13)    AC = Ball Foirne ar Conradh; AL= Ball Foirne Áitiúil; END= Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT= ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(14)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).