An Bhruiséil,3.2.2023

COM(2023) 52 final

2019/0258(NLE)

Togra leasaithe le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 arna leasú leis an bPrótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 a leasú, a shínigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit an 24 Meitheamh 2010, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

An 14 Samhain 2019 chuir an Coimisiún togra i láthair le haghaidh Cinneadh ón gComhairle, bunaithe ar Airteagal 218(6)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 6(2), an dara mír, den Ionstraim Aontachais, lena bhformheastar tabhairt i gcrích prótacail lena leasaítear an comhaontú maidir le haeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh 1 .

De bharr dheireadh na hidirthréimhse le haghaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach an 31 Nollaig 2020 bhí gá le leasuithe ar an bprótacal chun tagairtí don Ríocht Aontaithe a bhaint de. Dá bhrí sin shocraigh an Coimisiún na leasuithe ba ghá chuige sin trí chaibidlíocht le Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tháinig na toscairí a bhí ag gníomhú thar ceann an Choimisiúin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chomhaontú maidir leis na leasuithe.

Ina theannta sin, is gá Airteagal 2 den chinneadh ón gComhairle atá beartaithe a leasú chun a áirithiú go gcomhlíontar sannadh na gcumhachtaí idir na hinstitiúidí faoi na Conarthaí, agus go háirithe sainchumas an Choimisiúin faoi Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas go seachtrach.

Ar na cúiseanna sin tá an Coimisiún ag cur isteach an togra leasuithe seo le haghaidh an chinnidh ón gComhairle lena bhformheastar tabhairt i gcrích an phrótacail.

2019/0258 (NLE)

Togra leasaithe le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 arna leasú leis an bPrótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 a leasú, a shínigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit an 24 Meitheamh 2010, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais na Cróite, agus go háirithe d’Airteagal 6(2), an dara fomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le Cinneadh [ ] ón gComhairle, an [ ], faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos faide anonn, síníodh an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 arna leasú leis an bPrótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 a leasú, a shínigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit an 24 Meitheamh 2010, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (‘an Prótacal’). Ba cheart an Prótacal a fhormheas thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 arna leasú leis an bPrótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 a leasú, a shínigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit an 24 Meitheamh 2010, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (an Prótacal).

Airteagal 2

Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, le malartú na nótaí taidhleoireachta dá bhforáiltear le hAirteagal 3 den Phrótacal, chun toiliú an Aontais agus a Bhallstát a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal a chur in iúl.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)     COM/2019/585-final .

An Bhruiséil,3.2.2023

COM(2023) 52 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra leasaithe le haghaidh Cinneadh Ón gComhairle

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 arna leasú leis an bPrótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 a leasú, a shínigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit an 24 Meitheamh 2010, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh


Iarscríbhinn 1

PRÓTACAL

lena leasaítear an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 arna leasú leis an bPrótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 a leasú, a shínigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit an 24 Meitheamh 2010, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

TÁ STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ (dá ngairtear ‘na Stáit Aontaithe’ anseo feasta), de pháirt;

agus

POBLACHT NA hOSTAIRE,

RÍOCHT NA BEILGE,

POBLACHT NA BULGÁIRE,

POBLACHT NA CRÓITE,

POBLACHT NA CIPIRE,

POBLACHT NA SEICE,

RÍOCHT NA DANMHAIRGE,

POBLACHT NA hEASTÓINE,

POBLACHT NA FIONLAINNE,

POBLACHT NA FRAINCE,

POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,

AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,

AN UNGÁIR,

ÉIRE,

POBLACHT NA hIODÁILE,

POBLACHT NA LAITVIA,

POBLACHT NA LIOTUÁINE,

ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,

MÁLTA,

RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,

POBLACHT NA POLAINNE,

POBLACHT NA PORTAINGÉILE,

AN RÓMÁIN,

POBLACHT NA SLÓVAICE,

POBLACHT NA SLÓIVÉINE,

RÍOCHT NA SPÁINNE,

RÍOCHT NA SUALAINNE,

RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,

ós páirtithe iad sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ós Ballstáit den Aontas Eorpach iad (dá ngairtear ‘na Ballstáit’ anseo feasta),

agus an tAONTAS EORPACH, den pháirt eile;

Ag féachaint d’aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach an 1 Iúil 2013,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

An Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le hAeriompar’ anseo feasta), arna leasú leis an bPrótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 a leasú, a shínigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit an 24 Meitheamh 2010 (dá ngairtear ‘Prótacal 2010’ anseo feasta), beidh feidhm ag an gcomhaontú sin maidir le Poblacht na Cróite mar Bhallstát den Aontas Eorpach.

Airteagal 2

1. Cuirfear an fhoráil seo a leanas le Roinn 1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hAeriompar, arna leasú le Prótacal 2010, tar éis mhír c maidir le Poblacht na Bulgáire:

‘c bis) Poblacht na Cróite: Comhaontú maidir le hAeriompar idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Rialtas Phoblacht na Cróite, a síníodh in Washington an 3 Feabhra 2011.’

2. Scriosfar téacs Roinn 3 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hAeriompar, arna leasú le Prótacal 2010, ina iomláine agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:

‘D’ainneoin Airteagal 3 den Chomhaontú seo, ní bheidh an ceart ag aerlínte SAM seirbhísí ‘lasta amháin’ a sholáthar nach cuid iad de sheirbhís a dhéanann freastal ar na Stáit Aontaithe, chuig pointí sna Ballstáit nó ó na pointí sin, seachas chuig pointí i bPoblacht na Cróite, i bPoblacht na Seice, i bPoblacht na Fraince, i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, in Ard-Diúcacht Lucsamburg, i Málta, i bPoblacht na Polainne, i bPoblacht na Portaingéile, i bPoblacht na Slóvaice, nó ó na pointí sin.’

Airteagal 3

Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an dáta is déanaí de na dátaí seo a leanas:

1. dáta theacht i bhfeidhm Phrótacal 2010; agus

2. mí tar éis dháta an nóta deiridh i malartú nótaí taidhleoireachta idir na Páirtithe a dheimhneoidh gur cuireadh na nósanna imeachta riachtanacha ar fad le haghaidh theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo i gcrích.

Airteagal 4

Go dtí go dtiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm, comhaontaíonn na Páirtithe an Prótacal seo a chur i bhfeidhm go sealadach, a mhéid a cheadaítear faoin dlí baile is infheidhme, ó dháta a shínithe.

Arna dhéanamh in …………, dhá chóip, an …………. 201923.

Thar ceann Stáit Aontaithe Mheiriceá:

Thar ceann Phoblacht na hOstaire,

Ríocht na Beilge,

Phoblacht na Bulgáire,

Phoblacht na Cróite,

Phoblacht na Cipire,    

Phoblacht na Seice,

Ríocht na Danmhairge,

Phoblacht na hEastóine,

Phoblacht na Fionlainne,

Phoblacht na Fraince,

Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,

na Poblachta Heilléanaí,

na hUngáire,

na hÉireann,

Phoblacht na hIodáile,

Phoblacht na Laitvia,

Phoblacht na Liotuáine,

Ard-Diúcacht Lucsamburg,

Mhálta,

Ríocht na hÍsiltíre,

Phoblacht na Polainne,

Phoblacht na Portaingéile,

na Rómáine,

Phoblacht na Slóvaice,

Phoblacht na Slóivéine,

Ríocht na Spáinne,

Ríocht na Sualainne,

Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, agus

an Aontais Eorpaigh



Iarscríbhinn 2

Dearbhú Comhpháirteach

Dheimhnigh ionadaithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ón Aontas Eorpach go ndéanfar téacs an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 arna leasú leis an bPrótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 a leasú, a shínigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit an 24 Meitheamh 2010, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, a síníodh an ______, 201923 (‘an Prótacal’), go ndéanfar téacs an Phrótacail sin a fhíordheimhniú i dteangacha eile, de réir mar a fhorálfar le malartú litreacha, roimh shíniú an Phrótacail, nó le cinneadh ón gComhchoiste, tar éis shíniú an Phrótacail.

 

Ina theannta sin, maidir leis an téarma ‘teangacha eile’ sna Dearbhuithe Comhpháirteacha is cuid den Chomhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 arna leasú leis an bPrótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007 a leasú, a shínigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit an 24 Meitheamh 2010, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, dheimhnigh na hIonadaithe go n-áirítear sa téarma sin teangacha na mBallstát a aontaíonn don Aontas Eorpach.

 

Is cuid dhílis den Phrótacal an Dearbhú Comhpháirteach seo.

Thar ceann Stáit Aontaithe Mheiriceá:            Thar ceann an Aontais Eorpaigh

agus a Bhallstát: