An Bhruiséil,1.2.2023

COM(2023) 46 final

2023/0017(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus le leanúint leis an gComhaontú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a síníodh in Lyon an 29 Meitheamh 2022 1 (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

·glacadh rialacha nós imeachta an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 7(6) den Chomhaontú;

·leanúint leis an gComhaontú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) ann.

2.Comhthéacs an togra

2.1.Achoimre ar an gComhaontú

Is é is aidhm don Chomhaontú iompar lasta de bhóthar idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach, agus iompar lasta de bhóthar tríothu, a éascú ar bhonn sealadach, trí chearta breise idirthurais agus iompair earraí idir an Úcráin agus an tAontas a dheonú tar éis ionsaí neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin agus an tsuaite nach beag a thagann leis sin ar gach modh iompair san Úcráin. Áirítear leis freisin bearta chun aithint doiciméad tiománaí a éascú. Tá feidhm aige faoi láthair go dtí an 30 Meitheamh 2023.

Bunaíodh Comhchoiste chun maoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe. Déanann sé cinneadh go háirithe maidir le glacadh a rialacha nós imeachta agus maidir leis an leanúint leis an gComhaontú. Déanfaidh an Comhchoiste cinneadh a mhéid a bhaineann leis an leanúint leis an gComhaontú 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, is é sin le rá an 31 Márta 2023 ar a dhéanaí. I gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Chomhaontú, is de chomhthoil a ghlacfaidh an Comhchoiste a chuid cinntí.

2.2.Faireachán ar an gComhaontú

Le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú, tugadh isteach oibleagáid maidir le faireachán ar an gComhaontú, trí, go háirithe, athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a fheidhmiú i bhfianaise a chuid cuspóirí. Sa chomhthéacs sin, sholáthair údaráis na hÚcráine sonraí don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe sin. Cumhdaíonn na sonraí sin an tríú ráithe de 2022 go háirithe, i.e. na chéad 3 mhí de chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, agus léiríonn siad an méid seo a leanas:

·Tá an Comhaontú tar éis rannchuidiú go rathúil le honnmhairiú earraí talmhaíochta na hÚcráine a chumasú trí na Lánaí Dlúthpháirtíochta. Go dtí an 1 Lúnasa 2022, ba iad na Lánaí Dlúthpháirtíochta an taon chonair thrádála amháin a raibh rochtain ag an Úcráin uirthi chun a táirgí talmhaíochta a onnmhairiú. Sa chéad mhí dá chur i bhfeidhm (Iúil 2022), chumasaigh an Comhaontú onnmhairiú beagnach leathmhilliún tona d’earraí talmhaíochta na hÚcráine – méadú suntasach i gcomparáid leis na 320,000 tona a onnmhairíodh i Meitheamh 2022.

·Ón 1 Lúnasa 2022, rinne Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe onnmhairiú níos mó gráin, olashíolta agus táirgí gaolmhara Úcránacha a éascú freisin ó thrí chalafort de chuid na hÚcráine sa Mhuir Dhubh. Tá an Comhaontú tar éis onnmhairí tríd an Muir Dhubh a chomhlánú, áfach, agus chuir sé leis an tslándáil dhomhanda bia agus le geilleagar na hÚcráine dá bharr. Go deimhin, tá onnmhairí talmhaíochta de bhóthar fós ag méadú fiú tar éis thús Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe, agus bhí an líon sin chomh hard le 640,000 tona i mí Dheireadh Fómhair 2022.

·Tá an Comhaontú tar éis onnmhairiú earraí eile de chuid na hÚcráine nach gcumhdaítear le Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe a éascú. Go deimhin, ní chumhdaítear leis an tionscnamh sin ach grán, olashíolta agus táirgí gaolmhara. Dá bhrí sin, de bharr an Chomhaontaithe bhíothas in ann earraí talmhaíochta eile a onnmhairiú, amhail feoil éanlaithe clóis agus torthaí. I mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair 2022, b'earraí talmhaíochta nach gcumhdaítear le raon feidhme Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe iad beagnach leath na nonnmhairí talmhaíochta ar fad a iompraíodh de bhóthar.

·Tá an Comhaontú tar éis onnmhairiú na nearraí neamhthalmhaíochta a éascú freisin, go háirithe táirgí tionsclaíocha, nach féidir a onnmhairiú faoi Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe. Onnmhairí neamhthalmhaíochta a iompraíodh de bhóthar i mí an Mheithimh, mí Iúil agus mí Lúnasa 2022, thug siad sin níos mó ná USD 1.6 billiún ar ais do ghnólachtaí na hÚcráine, ag tabhairt tacaíocht a raibh géarghá léi do gheilleagar na hÚcráine.

·Ina theannta sin, tá go leor éiginnteachtaí ann fós maidir le Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe, a bhfuil tréimhse theoranta ag baint leis freisin (cuireadh síneadh 120 lá breise leis an 18 Samhain 2022). Tuairiscíodh freisin go raibh scrogaill i gceist leis na cigireachtaí, rud a spreag go leor geallsealbhóirí a bheith ag brath ar na Lánaí Dlúthpháirtíochta ina áit – lena náirítear geallsealbhóirí in earnáil an iompair de bhóthar. Sa chomhthéacs sin, soláthraíonn an Comhaontú líontán sábhála d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí na hÚcráine, agus don tslándáil dhomhanda bia freisin.

·Tá an Comhaontú tar éis idirthuras earraí na hÚcráine (earraí talmhaíochta agus neamhthalmhaíochta araon) de bhóthar tríd an Aontas chuig tríú tíortha a údarú. I mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair 2022, bhíothas in ann earraí de chuid na hÚcráine ba mhó luach ná USD 1 billiún a onnmhairiú go dtí tríú tíortha de bharr an Chomhaontaithe , rud a thug foinse bhreise ioncaim do gheilleagar na hÚcráine.

·Ag an am céanna, tá an Comhaontú tar éis cuidiú leis an Úcráin na hearraí atá de dhíth uirthi a allmhairiú – amhail bia, cabhair dhaonnúil nó fuinneamh. Mar shampla, bhunaigh an Rómáin conbhuanna trucailí tiomnaithe chun breosla a bhfuil géarghá leis a thabhairt chun na hÚcráine.

·Tá an Comhaontú tar éis a bheith tairbheach don Aontas freisin. Tá méadú 38.3 % tar éis teacht ar onnmhairí ó Bhallstáit go dtí an Úcráin má chuirtear an tréimhse idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh 2022 roimh shíniú an Chomhaontaithe (USD 4,222 milliún) i gcomparáid leis an tréimhse idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2022 díreach i ndiaidh shíniú an Chomhaontaithe (USD 5,849 milliún). Tá na honnmhairí de bhóthar ón Aontas chuig an Úcráin fós níos mó ná na hallmhairí de bhóthar chuig an Aontas ón Úcráin. Déanann an Coimisiún faireachán géar ar thionchair na nallmhairí ar mhargaí an Aontais.

·Méadú thart ar 40 % ar líon na noibríochtaí iompair de bhóthar a dhéanann tarlóirí na hÚcráine ar bhóithre an Aontais, tá an méadú sin mar thoradh ar na cearta a thug an Comhaontú do tharlóirí na hÚcráine. Chun a bheith níos cruinne, rinne tarlóirí Úcránacha 106,641 oibríocht iompair de bhóthar ar bhóithre an Aontais i mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair 2021 le hais 152,534 i mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair 2022, is é sin le rá méadú 43 %.

·Tá an Comhaontú tar éis an tualach ar thionscal iompair de bhóthar na hÚcráine agus ar na húdaráis Stáit a laghdú go mór i ndáil leis na foirmiúlachtaí riaracháin a bhaineann le ceadanna a eisiúint. Tugann sé peirspictíocht mheántéarmach don tionscal sin freisin trína chur ar a chumas dó pleanáil níos fearr a dhéanamh dá ghníomhaíocht.

·Chuir an Comhaontú ar a gcumas d’údaráis na mBallstát rochtain a fháil ar chóras um fhíorú ceadúnas tiomána , rud a chuireann feabhas suntasach ar an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus an bhrionnaithe. Tá gníomhaíochtaí fós ar bun maidir le cur chun feidhme na nuirlisí fíorúcháin le haghaidh ceadúnais tiomána dhigiteacha agus deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil.

2.3.An Comhchoiste

Le hAirteagal 7 den Chomhaontú, bunaíodh Comhchoiste chun maoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a fheidhmiú i bhfianaise a chuid cuspóirí. De réir na forála sin, ionadaithe ó na Páirtithe atá ar an gComhchoiste. Is de chomhthoil a dhéanann sé a chuid cinntí agus tá siad ina gceangal ar na Páirtithe.

De réir Airteagal 7(2), tionólfar an Comhchoiste trí mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin agus i leith fhad na leanúna.

De réir Airteagal 7(6) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste lena rialacha nós imeachta a ghlacadh.

2.4.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta

Le linn an chéad chruinnithe a bheidh aige, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir le glacadh rialacha nós imeachta an Chomhchoiste, i gcomhréir le hAirteagal 7(5) agus (7)6 den Chomhaontú. Is é is cuspóir dóibh taca a chur faoi eagrú agus faoi fheidhmiú an Chomhchoiste, chun gur féidir an Comhaontú a chur chun feidhme mar is ceart.

2.5.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú

Le linn an chéad chruinnithe a bheidh aige, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir le leanúint leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2025, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus 7(5) den Chomhaontú.

Is iomaí cúis atá leis an síneadh:

Ar an gcéad dul síos, léiríodh ón bhfaireachán ar an gComhaontú go raibh ról fíor-riachtanach aige i gcomhthéacs na Lánaí Dlúthpháirtíochta, agus dá bhrí sin gur thug sé líne tharrthála d’fheirmeoirí na hÚcráine agus gur rannchuidigh sé leis an tslándáil dhomhanda bia freisin. Nuair nach raibh rochtain ar chalafoirt Mhuir Dhubh na hÚcráine, d’éascaigh an Comhaontú grán, olashíolta agus táirgí gaolmhara na hÚcráine a onnmhairiú de bhóthar. Ó bunaíodh Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe, tá méadú tagtha ar onnmhairiú ghrán na hÚcráine de bhóthar, rud a chomhlánaíonn onnmhairí tríd an Muir Dhubh a thuilleadh.

Ar an dara dul síos, tá an Comhaontú tar éis onnmhairiú earraí neamhthalmhaíochta de chuid na hÚcráine nach gcumhdaítear le Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe a éascú. Chuidigh sé dá bharr le geilleagar na hÚcráine a choimeád ar snámh.

Ar an tríú dul síos, tá an Comhaontú tar éis onnmhairí an Aontais chun na hÚcráine a éascú agus tá an tAontas tar éis tairbhí a bhaint as sin dá bharr. Chuir sé ar chumas na hÚcráine na hearraí atá ag teastáil uaithi a allmhairiú ón Aontas, go háirithe fuinneamh agus cabhair dhaonnúil a bhfuil géarghá leo.

Ar an gceathrú dul síos, níl an Comhaontú tar éis méadú suntasach a chruthú i líon na noibreoirí iompair de bhóthar de chuid na hÚcráine ar bhóithre an Aontais. Tá drogall fós ar oibreoirí iompair an Aontais dul chun na hÚcráine toisc gur minic nach mbíonn an tiompar ar chríoch na hÚcráine cumhdaithe ag cuideachtaí árachais an Aontais agus toisc nach mbíonn fonn ar thiománaithe an Aontais dul chun na hÚcráine de bharr cúiseanna soiléire. Dá bhrí sin, ní chruthaíonn an Comhaontú bagairt ar oibreoirí iompair an Aontais, ó thaobh iomaíochta de, agus ní dócha go dtiocfaidh athrú air sin le linn na tréimhse dá mbeartaítear síneadh a chur le fad an Chomhaontaithe.

Ar an gcúigiú dul síos, ba cheart féachaint ar an gComhaontú mar bheart a éascaíonn atógáil na hÚcráine in am trátha, tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na tíre sin.

Dá bhrí sin, ní mór an fad atá á chur leis an gComhaontú a thuiscint mar fhreagra ar an gComhairle Eorpach, a ghlaoigh ‘ar an Aontas Eorpach leanúint air ag cur feabhas ar éifeachtúlacht na Lánaí Dlúthpháirtíochta ar fad’ ina chruinniú an 20 agus 21 Deireadh Fómhair 2022, mar ‘leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta sin, bhíothas in ann líon suntasach de bharra, de tháirgí talmhaíochta agus de leasacháin na hÚcráine a onnmhairiú chuig na tíortha is mó atá i ngátar’ 2 .

Is gá leanúint leis an gcomhaontú go dtí an 31 Nollaig 2025, toisc go bhfuil na dálaí lenar tugadh údar le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe bhunaidh fós i réim, agus is dócha go bhfanfaidh siad mar sin go ceann tamall fada eile. Tá ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine ag dul i ndéine, agus ní mheasann formhór na mbreathnóirí go dtiocfaidh deireadh leis an ionsaí sin go luath amach anseo. Ciallaíonn sé sin freisin go bhfuil an t‑iompar muirí trí Chalafoirt na Mara Duibhe fós an‑leochaileach. Tugadh isteach réiteach páirteach le Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe ó na Náisiún Aontaithe. Mar sin féin, níl aon chinnteacht ann faoi shíneadh an tionscnaimh féin sin agus tá a raon feidhme fós teoranta do tháirgí agraibhia agus leasacháin san am i láthair. Maidir leis na hoibríochtaí míleata a leanann ar aghaidh ar chliathán thoir agus theas na hÚcráine, agus scriosadh an bhonneagair iompair a bhaineann leo sin sna limistéir atá i gceist, cuirfidh na tosca sin isteach ar an Úcráin go ceann tamall fada, agus cuirfear bac ar onnmhairí na hÚcráine go dtí a margaí traidisiúnta.

Ar deireadh, leis an bhfad a chuirfear leis an gComhaontú, beifear in ann leanúint de thacaíocht a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát maidir lena gcomhrac i gcoinne na calaoise agus an bhrionnaithe.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é a bheadh sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú le glacadh an dréachtchinnidh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an togra seo.

4.Bunús dlí

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.

Is comhlacht é an Comhchoiste a bunaíodh le comhaontú, is é sin an Comhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin.

Is éard atá sa chinneadh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige. Ar an gcéad dul síos, beidh an gníomh atá beartaithe maidir le glacadh rialacha nós imeachta an Chomhchoiste ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 7(5) agus (6) den Chomhaontú; ar an dara dul síos, beidh an gníomh atá beartaithe maidir le síneadh a chur le fad an Chomhaontaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta freisin, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus (5) den Chomhaontú.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh ón gComhairle atá beartaithe.

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

Is leis an iompar de bhóthar a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.

Is é Airteagal 91 CFAE bunús substaintiúil dlí an chinnidh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Is iomchuí an cinneadh ón gComhchoiste a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2023/0017 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus le leanúint leis an gComhaontú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Shínigh an tAontas an Comhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin 3 (‘an Comhaontú’) agus tá feidhm shealadach aige ón 29 Meitheamh 2022.

(2)Le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste chun maoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a fheidhmiú i bhfianaise a chuid cuspóirí.

(3)Tá an Comhchoiste lena rialacha nós imeachta a ghlacadh.

(4)Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1) den Chomhaontú, tá an Comhaontú le feidhm a bheith aige go dtí an 30 Meitheamh 2023. Tá an Comhchoiste le tionól, áfach, 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin.

(5)Chun go leanfaidh leis an tairbhe a bhaineann an tAontas Eorpach agus an Úcráin araon as éifeachtaí dearfacha an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar a éascú idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach agus maidir le Lánaí Dlúthpháirtíochta dea-fheidhmiúla a áirithiú i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart an Comhaontú a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2025.

(6)Chun cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh.

(7)Dá bhrí sin, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh lena mbunófar a rialacha nós imeachta agus maidir leis an ngá leanúint leis an gComhaontú, lena náirítear fad na leanúna.

(8)Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste maidir le glacadh na rialacha nós imeachta agus an leanúint leis an gComhaontú a leagan síos, ós rud é go mbeidh a chinntí ina gceangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 7 den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (‘an Comhaontú’), a mhéid a bhaineann le glacadh a rialacha nós imeachta agus an leanúint leis an gComhaontú, lena n‑áirítear fad na leanúna, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan Cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Foilseofar an cinneadh ón gComhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 179, 6.7.2022, lch. 4.
(2)    Conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí (an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022); pointe 15; EUCO 31/22 an 21.10.2022.
(3)    IO L 179, 6.7.2022, lch. 4.

An Bhruiséil,1.2.2023

COM(2023) 46 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus le leanúint leis an gComhaontú


Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste
a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus leis an leanúint leis an gComhaontú

an …

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin 1 a síníodh an 29 Meitheamh 2022, agus go háirithe Airteagal 7(2), (5) agus (6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1) den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), tá an Comhaontú le feidhm a bheith aige go dtí an 30 Meitheamh 2023.  

(2)Mar a leagtar amach in Airteagal 7(2) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste le tionól 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin, lena náirítear fad na leanúna.

(3)Léiríodh leis an bhfaireachán ar an gComhaontú go bhfuil sé tagtha chun bheith fíor‑riachtanach le haghaidh dhea-fheidhmiú na Lánaí Dlúthpháirtíochta.

(4)Dá bharr, is freagra é fadú an Chomhaontaithe ar an nglaoch ó Chinn Stáit agus Rialtais an Aontais ar an Aontas Eorpach ‘leanúint d’fheabhas a chur ar éifeachtúileacht na Lánaí Dlúthpháirtíochta uile’ mar leis na Lánaí seo, ‘bhíothas in ann líon suntasach de bharra, de tháirgí talmhaíochta agus de leasacháin na hÚcráine a onnmhairiú chuig na tíortha is mó atá i ngátar’ 2 .

(5)Tá tionchar dearfach tar éis a bheith ag an gComhaontú ar an Aontas Eorpach freisin ós rud é go rabhthas in ann onnmhairí a mhéadú chun na hÚcráine. Ar an taobh eile, ní raibh ina thoradh ar an gComhaontú ach méadú teoranta maidir le hoibríochtaí ar chríoch an Aontais Eorpaigh a dhéanann oibreoirí iompair de bhóthar de chuid na hÚcráine, agus níor tháinig méadú ar leibhéal na hiomaíochta ar bhealach neamhinghlactha le haghaidh oibreoirí iompair de bhóthar an Aontais.

(6)Tá an comhaontú tar éis tacú freisin leis an ngníomhaíocht ó údaráis na mBallstát atá inniúil chun doiciméid tiománaí a rialú maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus an bhrionnaithe.

(7)Ba cheart féachaint ar fhadú an Chomhaontaithe mar bheart a rannchuidíonn freisin le hatógáil na hÚcráine tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.

(8)Dealraíonn sé, dá bhrí sin, gurb iomchuí síneadh a chur leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2025.

(9)Mar a leagtar amach in Airteagal 7(6) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste lena rialacha nós imeachta a ghlacadh.

(10)Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a ghlacadh,

 

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leanúint leis an gComhaontú

Leis seo, cuirtear síneadh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin go dtí an 31 Nollaig 2025.

Airteagal 2

Rialacha nós imeachta

Leis seo, glactar rialacha nós imeachta an Chomhchoiste, a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh ...,

Thar ceann an Chomhchoiste

   Na Comhchathaoirligh

IARSCRÍBHINN

Rialacha nós imeachta an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 7(6) den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin

Airteagal 1
Cinn Toscaireachta

1.Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gComhchoiste. Ceapfaidh gach páirtí Ceann a thoscaireachta agus, i gcás inar gá, LeasCheann a thoscaireachta. Féadfar an LeasCheann nó ainmní a chur in ionad an Chinn Toscaireachta le haghaidh cruinniú ar leith.

2.Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ón Úcráin ina chathaoirleach ar an gComhchoiste ar bhonn idirmhalartach. Is é Ceann na toscaireachta ábhartha, nó má bhíonn sé as láthair, an LeasCheann nó an tainmní a cheapfar chun a nionad a ghabháil, a ghníomhóidh mar chathaoirleach.

Airteagal 2
Cruinnithe

1.Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile de réir mar is gá agus nuair is gá. Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe a iarraidh go dtionólfaí cruinniú. Tionólfar an Comhchoiste freisin 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú seo agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Chomhaontú.

2.Tionólfaidh an Comhchoiste cruinnithe aghaidh ar aghaidh nó ar bhealaí eile (e.g. glaonna comhdhála nó físchomhdhálacha).

3.Reáchtálfar na cruinnithe, a mhéid is féidir, ar bhealach a ndéanfar malairt ionaid, gach re cruinniú, idir áit i mBallstát den Aontas Eorpach agus an Úcráin mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.

4.Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ann.

5.Nuair a bheidh dáta agus áit na gcruinnithe comhaontaithe ag na Páirtithe, is é an Coimisiún Eorpach a thionólfaidh cruinnithe thar ceann an Aontais Eorpaigh agus is í an Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar a thionólfaidh cruinnithe le haghaidh na hÚcráine.

6.Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, ní bheidh cruinnithe an Chomhchoiste ar oscailt don phobal. Más gá, féadfar preaseisiúint a dhréachtú trí chomhaontú frithpháirteach ag deireadh an chruinnithe.

Airteagal 3
Toscaireachtaí

1.Roimh gach cruinniú, cuirfidh na Cinn Toscaireachta a chéile ar an eolas faoi chomhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí le haghaidh an chruinnithe.

2.Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe pháirtithe leasmhara ón tionscal iompair de bhóthar freastal ar chruinnithe nó ar chodanna de na cruinnithe mar bhreathnóirí, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh de chomhthoil.

3.Féadfaidh an Comhchoiste, má chomhaontaítear amhlaidh de chomhthoil, cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara nó saineolaithe eile freastal ar a chruinnithe nó codanna díobh chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair áirithe.

4. Ní ghlacfaidh breathnóirí páirt i bpróiseas cinnteoireachta an Chomhchoiste.

Airteagal 4 
Rúnaíocht

Oifigeach ó sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh agus oifigeach ón Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar na hÚcráine, gníomhóidh siad go comhpháirteach mar rúnaithe an Chomhchoiste.

Airteagal 5
Clár oibre na gcruinnithe

1.Leagfaidh na Cinn Toscaireachta amach clár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe trí chomhaontú frithpháirteach. Tarchuirfidh na rúnaithe an clár oibre sealadach chuig comhaltaí na dtoscaireachtaí cúig lá dhéag roimh dháta an chruinnithe ar a dhéanaí.

2.Glacfaidh an Comhchoiste an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar ítimí seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur ar an gclár oibre, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh.

3.An teorainn ama a shonraítear i mír 1, féadfaidh na Cinn Toscaireachta í a ghiorrú chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.

Airteagal 6
Miontuairiscí

1.Tar éis gach cruinnithe den Chomhchoiste, dréachtófar dréachtmhiontuairiscí ar an gcruinniú. Léireofar iontu na hítimí a pléadh agus na cinntí a glacadh.

2.Laistigh de mhí tar éis an chruinnithe, cuirfidh an Ceann Toscaireachta óstach na dréachtmhiontuairiscí faoi bhráid an Chinn Toscaireachta eile, trí rúnaithe an Chomhchoiste, lena bhformheas tríd an nós imeachta i scríbhinn.

3.Nuair a bheidh na Miontuairiscí formheasta, síneoidh na Cinn Toscaireachta iad i ndúblach agus comhdóidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin. Féadfaidh na Cinn Toscaireachta a chinneadh go bhféadfar an ceanglas sin a chomhlíonadh trí chóipeanna leictreonacha a shíniú agus a mhalartú.

4.Mura niarrfaidh ceann de na Páirtithe a mhalairt, beidh Miontuairiscí chruinnithe an Chomhchoiste ar fáil go poiblí.

Féadfaidh na Cinn Toscaireachta an teorainn ama a shonraítear i mír 2 a ghiorrú agus teacht ar chomhaontú maidir le dáta a mhéid a bhaineann leis an bhformheas a shonraítear i mír 3 chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.

Airteagal 7
Nós imeachta i scríbhinn

I gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, féadfar cinntí ón gComhchoiste a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn, i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Chomhaontú. Chun na críche sin, pléifidh na Cinn Toscaireachta na dréachtbhearta a n‑iarrtar cinneadh an Chomhchoiste ina leith, agus féadfar an cinneadh sin a dheimhniú trí mhalartú comhfhreagrais ina dhiaidh sin. Mar sin féin, féadfaidh na Páirtithe a iarraidh go dtionólfar an Comhchoiste chun an t‑ábhar a phlé.

Airteagal 8
Pléití

1.Is ar bhonn chomhthoil na bPáirtithe a ghlacfaidh an Comhchoiste cinntí.

2.Beidh an teideal ‘Cinneadh’ ar chinntí an Chomhchoiste, agus beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar a nábhar i ndiaidh an teidil.

3.Síneoidh na Cinn Toscaireachta cinntí an Chomhchoiste agus cuirfear i gceangal leis na Miontuairiscí iad.

4.Déanfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a chur chun feidhme i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin.

5.Féadfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a fhoilsiú ina bhfoilseacháin oifigiúla féin. Déanfaidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin de na cinntí a chomhdú.

Airteagal 9
Meithleacha

1.Féadfaidh an Comhchoiste meithleacha a bhunú chun cuidiú leis an gComhchoiste a dhualgais a chur i gcrích. Na téarmaí tagartha le haghaidh meithle, déanfaidh an Comhchoiste iad a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Chomhaontú agus cuirfear iad in Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh lena mbunaítear an mheitheal.

2.Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar na meithleacha.

3.Déanfaidh na meithleacha a gcuid oibre faoi údarás an Chomhchoiste, agus tuairisceoidh siad chuig an gComhchoiste tar éis gach ceann dá gcruinnithe. Ní dhéanfaidh siad cinntí ach féadfaidh siad moltaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

4.Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh tráth ar bith deireadh a chur le meithleacha atá ann cheana, a dtéarmaí tagartha a mhodhnú, nó meithleacha nua a bhunú chun cabhrú leis a dhualgais a chur i gcrích.

Airteagal 10
Costais

1.Íocfaidh gach Páirtí na speansais a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcruinnithe an Chomhchoiste agus i gcruinnithe meithle, i ndáil le costais a bhaineann lena bhfoireann, le cúrsaí taistil agus cothaithe, agus i ndáil le costais a bhaineann le postas agus teileachumarsáide.

2.Is ar an bPáirtí a óstálfaidh an cruinniú a thitfidh aon chostas eile a bhaineann le heagrú ábharach na gcruinnithe.

Airteagal 11
Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú

Féadfaidh an Comhchoiste, tráth ar bith, na Rialacha Nós Imeachta seo a leasú trí chinneadh a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Chomhaontú.

(1)    IO L 179, 6.7.2022, lch. 4.
(2)    Conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 20 agus 21 Deireadh Fómhair 2022, pointe 15 (EUCO 31/22, 21.10.2022).