An Bhruiséil,5.1.2023

COM(2023) 6 final

2023/0004(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais AE-an Úcráin lena dtugtar cothrom le dáta Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais AE-an Úcráin i ndáil le Cinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh a bhaineann le hIarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin a thabhairt cothrom le dáta.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin

Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Samhain 2014 ann agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. Aithnítear sa Bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú gur mian leis na Páirtithe an próiseas athchóirithe agus comhfhogasaithe a chur chun cinn san Úcráin, rud a rannchuideoidh leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus le doimhniú an chomhlachais pholaitiúil de réir a chéile, chomh maith le comhtháthú eacnamaíoch a bhaint amach trí chomhfhogasú forleathan rialála.

2.2.An Chomhairle Comhlachais AE-an Úcráin

De bhun Airteagal 463(1) agus (3) den Chomhaontú, tá sé de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach. Go sonrach, féadfaidh sí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú, agus forbairt dhlí an Aontais á cur san áireamh, mar aon leis na caighdeáin is infheidhme a leagtar amach in ionstraimí idirnáisiúnta a mheasann na Páirtithe a bheith ábhartha.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Comhlachais AE-an Úcráin

Le linn an ochtú cruinniú dá cuid nó trí nós imeachta i scríbhinn ina dhiaidh sin, tá an Chomhairle Comhlachais AE-an Úcráin le Cinneadh a ghlacadh maidir le hIarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais a thabhairt cothrom le dáta. (‘an gníomh atá beartaithe’).

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe go gcuirfear ar a cumas don Úcráin ailíniú leis an reachtaíocht is déanaí de chuid an Aontais i réimse an chomhair airgeadais/na bhforálacha frithchalaoise.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 463(1) den Chomhaontú, lena bhforáiltear maidir leis an méid seo a leanas: ‘Chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach, beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais cinntí a dhéanamh a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo, sna cásanna dá bhforáiltear ann. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe agus déanfaidh siad bearta iomchuí, lena n‑áirítear, más gá, gníomhaíocht i gcomhlachtaí sonracha arna mbunú faoin gComhaontú seo, chun na cinntí a rinneadh a chur chun feidhme.’

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Áirítear sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin forálacha maidir le comhar airgeadais le forálacha frithchalaoise. I gcomhréir le hAirteagal 459(1) den Chomhaontú, cuirfidh na Páirtithe cúnamh chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus rachaidh siad i gcomhar le chéile siad chun leasanna airgeadais an Aontais agus na hÚcráine a chosaint mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XLIII a ghabhann leis an gComhaontú. Déanfaidh na Páirtithe bearta éifeachtacha chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chosc agus a chomhrac, inter alia, trí bhíthin cúnamh riaracháin frithpháirteach agus trí chúnamh dlíthiúil frithpháirteach sna réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo. Thairis sin, de bhun Airteagal 459(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Úcráin a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú seo. Tá forbairt tagtha ar acquis an Aontais sa réimse seo ó tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú i gcrích. Ní mór an fhorbairt sin a léiriú in Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú, agus ba cheart, dá bhrí sin, í a thabhairt cothrom le dáta. 

Le hIarscríbhinn XLIV arna tabhairt cothrom le dáta, meastar go mbeidh ar chumas na hÚcráine ailíniú leis an reachtaíocht is déanaí de chuid an Aontais i réimse an chomhraic in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil. Na nuashonruithe atá beartaithe, tá siad teoranta dóibh siúd a bhfuil géarghá leo chun cuidiú leis an Úcráin an cuspóir maidir leis an reachtaíocht náisiúnta a chomhfhogasú do acquis an Aontais a bhaint amach. Ní théann siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, mar a comhaontaíodh leis an Úcráin.

Tá an togra seo comhsheasmhach go hiomlán le beartas an Aontais maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir i gcoitinne agus i leith na hÚcráine go sonrach.

Thairis sin, tá sé comhsheasmhach le Beartas Comharsanachta an Aontais agus leis an mbeartas cúnaimh gaolmhar i leith na hÚcráine agus i leith tíortha comharsanachta eile.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 1 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í an Chomhairle Comhlachais AE-an Úcráin a bunaíodh le comhaontú, mar atá, an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin. An gníomh a iarrtar ar Chomhairle Comhlachais AE-an Úcráin a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. An gníomh atá beartaithe, beidh sé ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 463(1) den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá á mholadh.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm á saothrú ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin, an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 83(2) CFAE an bunús substainteach dlí don chinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 83(2) CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar Iarscríbhinn XLIV le gníomh na Comhairle Comhlachais AE-an Úcráin, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2023/0004 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais AE-an Úcráin lena dtugtar cothrom le dáta Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Síníodh an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’) an 21 Márta agus an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.

(2)Aithnítear sa Bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú gur mian leis na Páirtithe an próiseas athchóirithe agus comhfhogasaithe a chur chun cinn san Úcráin, rud a rannchuideoidh leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus le doimhniú an chomhlachais pholaitiúil de réir a chéile, chomh maith le comhtháthú eacnamaíoch a bhaint amach trí chomhfhogasú forleathan rialála.

(3)Le hAirteagal 1 den Chomhaontú, déantar foráil maidir leis an gcuspóir chun tacú le hiarrachtaí na hÚcráine an taistriú go geilleagar margaidh feidhmiúil a thabhairt i gcrích trí bhíthin, inter alia, a reachtaíocht a chomhfhogasú go céimnitheach do reachtaíocht an Aontais.

(4)De bhun Airteagal 459(1) den Chomhaontú, cuirfidh na Páirtithe cúnamh chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus rachaidh siad i gcomhar le chéile chun leasanna airgeadais an Aontais agus na hÚcráine a chosaint mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XLIII a ghabhann leis an gComhaontú, agus déanfaidh na Páirtithe bearta éifeachtacha chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chosc agus a chomhrac, inter alia, trí bhíthin cúnamh riaracháin frithpháirteach agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach sna réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo.

(5)De bhun Airteagal 459(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Úcráin a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú seo.

(6)Déantar foráil in Airteagal 474 den Chomhaontú maidir le gealltanas ginearálta na hÚcráine a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile do dhlí an Aontais, lena náirítear leasanna airgeadais an Aontais agus na hÚcráine a chosaint i gcomhthéacs an chúnaimh airgeadais a sholáthraítear trí shásraí cistiúcháin ábhartha agus trí ionstraim ábhartha an Aontais chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach, agus riachtanais agus acmhainneachtaí earnála na hÚcráine, chomh maith lena dul chun cinn maidir le hathchóirithe, á gcur san áireamh.

(7)De bhun Airteagal 463(1) agus (3) den Chomhaontú, tá sé de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach. Go sonrach, féadfaidh sí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú, agus forbairt dhlí an Aontais á cur san áireamh, mar aon leis na caighdeáin is infheidhme a leagtar amach in ionstraimí idirnáisiúnta a mheasann na Páirtithe a bheith ábhartha.

(8)Ó tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú i gcrích, cuireadh Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 in ionad acquis an Aontais maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, a ndearnadh forálacha de a chuimsiú in Iarscríbhinn XLIV , agus dá bhrí sin tá athrú tagtha freisin ar ghealltanais na hÚcráine atá beartaithe le cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Ní mór na leasuithe sin a léiriú in Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú, agus ba cheart, dá bhrí sin, é a thabhairt cothrom le dáta.

(9)Dá bhrí sin, tá an Chomhairle Comhlachais le hIarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú a leasú agus an spriocdháta le haghaidh cur chun feidhme a choigeartú chun na leasuithe nua a chur san áireamh.

(10)Le linn an ochtú cruinniú de chuid Chomhairle Comhlachais AE-an Úcráin an 5 Meán Fómhair 2022 nó trí nós imeachta i scríbhinn ina dhiaidh sin, tá sí le Cinneadh a ghlacadh maidir le hIarscríbhinn XLIV a thabhairt cothrom le dáta.

(11)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Comhlachais AE-an Úcráin a bhunú, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ina cheangal ar an Aontas.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san ochtú Comhairle Comhlachais AE-an Úcráin:

Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinní XLIV a ghabhann leis an gComhaontú.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo ar an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.

An Bhruiséil,5.1.2023

COM(2023) 6 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais AE-an Úcráin lena dtugtar cothrom le dáta Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.


IARSCRÍBHINN

Iarscríbhinn XLIV a ghabhann le Teideal VI
COMHAR AIRGEADAIS, LE FORÁLACHA FRITHCHALAOISE

Geallann an Úcráin a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile don reachtaíocht seo a leanas de chuid an Aontais laistigh de na tráthchláir atá leagtha síos:

An Treoir maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (‘Treoir CLA’) 1 : 

— Airteagal 3 – Calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais;

— Airteagal 4 – Cionta coiriúla eile a bhaineann le calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais;

— Airteagal 6 – Dliteanas daoine dlítheanacha;

— Airteagal 7 – Smachtbhannaí maidir le daoine nádúrtha;

— Airteagal 9 – Smachtbhannaí i dtaca le daoine dlítheanacha;

— Airteagal 12 –Tréimhsí teorann a bhaineann le cionta coiriúla lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tráthchlár: cuirfear na forálacha seo chun feidhme faoin 31 Nollaig 2023.

(1)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil, IO L 198, 28.7.2017, lgh. 29–41.