13.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 246/10


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11172 — PLD / NBIM / VEGHEL)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 246/07)

1.   

An 6 Iúil 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle.

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Prologis, L.P. (‘PLD’, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

Norges Bank Investment Management (‘NBIM’, an Iorua),

aon réadmhaoin amháin atá suite in Veghel (‘Sócmhainn Veghel’, an Ísiltír).

Gheobhaidh PLD agus NBIM comhrialú ar iomlán Shócmhainn Veghel de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach sócmhainní.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá réadmhaoin faoi úinéireacht PLD, agus déanann sé an réadmhaoin sin a oibriú agus a fhorbairt, chun críoch tionsclaíoch go príomha, i Meiriceá, san Eoraip agus san Áis;

Cuireann NBIM infheistíocht institiúideach ar fáil don Government Pension Fund Global thar ceann Aireacht Airgeadais na hIorua, ag díriú ar infheistíochtaí domhanda lena n-áirítear infheistíochtaí réadmhaoine i Meiriceá Thuaidh, san Eoraip agus sa tSeapáin;

Is réadmhaoine aonair í an Veghel Asset atá suite i Veghel na hÍsiltíre, a úsáidtear mar áis lóistíochta.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11172 PLD / NBIM / VEGHEL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

an Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/An Bhruiséil

BELGIQUE/AN BHEILG


(1)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.