19.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 136/8


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Case M.11067 – HG / EFMS / TRUSTQUAY / VIEWPOINT)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 136/03)

1.   

An 11 Aibreán 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

HgCapital LLP (“Hg”, an Ríocht Aontaithe),

EQT Fund Management S.à r.l. (“EFMS”, Lucsamburg), faoi lánúinéireacht agus faoi lánrialú ag EQT AB,

Tanqueray Topco Limited (“TrustQuay”, Geirsí), atá faoi rialú deiridh Hg,

Viewpoint Software Holding Pte. Ltd. (“Viewpoint”, Singeapór), atá faoi rialú deiridh EFMS.

Gheobhaidh Hg agus EFMS rialú comhpháirteach ar TrustQuay agus ar Viewpoint de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is infheisteoir é Hg i ngnólachtaí bogearraí agus seirbhísí, agus díríonn sé ar an Eoraip agus ar na Stáit Aontaithe.

Is é EFMS an bainisteoir cistí infheistíochta malartacha ag BPEA Private Equity AsiaEQT Mid-Market Growth SCSp (“MMG Fund”), ciste infheistíochta príobháideach a fhéachann le hinfheistíochtaí a dhéanamh go príomha ar fud réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise in earnálacha éagsúla.

Is soláthraí teicneolaíochta é TrustQuay de bhogearraí bainistíochta eintiteas chuig soláthraithe seirbhísí iontaoibhe, corparáideacha agus cistí.

Is soláthraí é Viewpoint de bhogearraí bainistíochta eintiteas a úsáideann soláthraithe seirbhísí riaracháin iontaoibhe, corparáideacha agus cistí, gnólachtaí dlí amach ón gcósta, agus corparáidí chun sonraí riaracháin a bhaineann le heintitis dhlítheanacha chorparáideacha a stóráil agus a bhainistiú.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11067 – HG / EFMS / TRUSTQUAY / VIEWPOINT

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.