13.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 206/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11057 — DEKABANK / SC / LBBW / SWIAT JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 206/01)
An 8 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11057. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |