|
20.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 20/19 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11019 – PREMERENI / SUAS CLEAN ENERGY / JVs)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 20/08)
1.
An 12 Eanáir 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
PREměření, a.s. (“PREmereni”, Poblacht na Seice), faoi rialú deiridh na Príomhchathrach Prág (Poblacht na Seice) agus EnBW Group (an Ghearmáin), |
|
— |
SUAS Clean Energy s.r.o. (“SUAS”, Poblacht na Seice), faoi rialú deiridh Chiste Iontaobhais František Štěpánek (Poblacht na Seice). |
Gheobhaidh PREměření, a.s. agus SUAS Clean Energy s.r.o rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar PRE FVE Nové Sedlo, s.r.o. (“JV1”) agus Solarpark Nové Sedlo s.r.o. (“JV2”).
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá PREmereni gníomhach go príomha i réimse na seirbhísí a bhaineann le gairis tomhais fuinnimh a cheannach, a shuiteáil, a fhíorú agus a léamh agus le giniúint fuinnimh i ngléasraí cumhachta fótavoltaí agus gaoithe, |
|
— |
Tá SUAS gníomhach go príomha i réimse na giniúna teasa agus leictreachais ó ghás nádúrtha agus ó fhoinsí in-athnuaite eile. |
3.
Is iad gníomhaíochtaí gnó JV1 agus JV2 gléasraí cumhachta fótavoltaí a fhorbairt, a thógáil agus a oibriú i bPoblacht na Seice.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11019 – PREMERENI / SUAS CLEAN ENERGY / JVs
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).