2.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 40/4


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10993 – T-MOBILE AUSTRIA HOLDING / MERIDIAM INVESTMENT / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 40/04)

1.   

An 26 Eanáir 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

T-Mobile Austria Holding GmbH (“TMAH”, an Ostair), atá faoi rialú Deutsche Telekom Europe BV (“Deutsche Telekom”, an Ghearmáin),

Meridiam Investment GmbH (“Meridiam Investment”, an Ostair), atá faoi rialú Meridiam SAS (“Meridiam”, an Fhrainc),

Alpen Glasfaser Holding GmbH (“HoldCo”, an Ostair), ar cuideachta nuachruthaithe é a shealbhóidh na scaireanna uile in Alpen Glasfaser GmbH (“FibreCo”, an Ostair), agus sealbhóidh FibreCo na scaireanna uile in Alpen Glasfaser Zwei GmbH (“FibreCo Subsidized”, an Ostair) (tagraítear do HoldCo, FibreCo agus FibreCo Subsidized le chéile mar “JV”).

Gheobhaidh TMAH agus Meridiam Investment rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar an Sprioc-chomhfhiontar.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is oibreoir teileachumarsáide é TMAH san Ostair a bhfuil cumhdach náisiúnta aige, trína fhochuideachta T-Mobile Austria GmbH, a thairgeann seirbhísí teileachumarsáide móibílí ar leibhéal miondíola agus mórdhíola, agus is leis líonra cáblaí snáthoptaice comhaiseacha hibrideacha a oibríonn sé i bpáirteanna den Ostair trína gcuireann sé seirbhísí teilifíse cábla, idirlín sheasta agus teileachumarsáide seasta ar fáil do chustaiméirí príobháideacha agus gnó,

Is cuideachta phunainne é Meridiam Investment atá ar lánúinéireacht indíreach Meridiam, ar bainisteoir ciste infheistíochta malartach é atá dírithe ar infheistíochtaí bonneagair fadtéarmacha san Eoraip, i gCríocha Mheiriceá agus san Afraic.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an JV: bonneagar éighníomhach snáithíní optúla a chur ar fáil i limistéir ainmnithe don rolladh amach san Ostair agus táirgí mórdhíola a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí idirlín.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10993 – T-MOBILE AUSTRIA HOLDING / MERIDIAM INVESTMENT / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.