|
13.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/16 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10966 — COCHLEAR / OTICON MEDICAL)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 323/09)
1.
An 4 Meán Fómhair 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Cochlear Limited (‘Cochlear’, an Astráil), |
|
— |
Gnó ionphlandaithe cochla (‘CI’) Oticon Medical, rannán ionphlandaithe éisteachta Demant A/S, cuideachta Dhanmhargach arna liostú ar stocmhalartán (an Danmhairg). |
Gheobhaidh Cochlear rialú, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar ghnó CI Oticon Medical ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna agus sócmhainní.
Tharchuir Údarás Iomaíochta na Spáinne (Comisión Nacional de los Mercados y la Competencia) an comhchruinniú chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 22(3) den Rialachán um Chumaisc. Tá an Bhulgáir, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, an Liotuáin, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil agus an tSualainn tar éis tacú leis an tarchur ó shin.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is cuideachta é Cochlear atá corpraithe faoi dhlíthe New South Wales (an Astráil), agus is é máthairchuideachta deiridh Cochlear Group é, grúpa a sholáthraíonn réitigh éisteachta ar fud an domhain, |
|
— |
Déanann gnó CI Oticon Medical ionphlanduithe cochla a fhorbairt agus a mhonarú, agus díolann sé ar fud an domhain iad. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10966 — COCHLEAR / OTICON MEDICAL
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).