16.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 14/7


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10807 – VIASAT / INMARSAT)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 14/06)

1.   

An 9 Eanáir 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 22 den Rialachán sin (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Viasat, Inc. (“Viasat”, na Stáit Aontaithe),

Inmarsat Group Holdings Limited (“Inmarsat”, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú Connect Topco Limited (“Connect Topco”, Geansaí).

Gheobhaidh Viasat urlámhas aonair ar Inmarsat de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

Tharchuir an Coimisiún Náisiúnta na Spáinne um Margaí agus Iomaíocht (“CNMC”) an comhchruinniú chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 22(3) den Rialachán um Chumaisc. Tá an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, an Ísiltír, an Iorua, an Rómáin agus an tSualainn tar éis tacú leis an tarchur ó shin.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

maidir le Viasat: cuideachta atá liostaithe go poiblí a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide satailítbhunaithe dhá threo ar fud an domhain, agus a bhfuil 4 shatailít dhomhanfhithiseach gheochobhsaí faoi úinéireacht agus á oibriú aige. Tá trí phríomhdheighleog gnó ag Viasat: seirbhísí satailíte, líonraí tráchtála agus córais rialtais,

maidir le Inmarsat: cuideachta atá i seilbh phríobháideach a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide satailítbhunaithe dhá threo ar fud an domhain, agus a bhfuil 15 shatailít dhomhanfhithiseach gheochobhsaí faoi úinéireacht agus á oibriú aige. Tá Inmarsat eagraithe ina cheithre aonad gnó: muirí, rialtais, eitlíochta agus fiontair.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10807 – VIASAT/INMARSAT

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).