2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 154/50


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10783 – EQT FUTURE / AM FRESH / SNFL / IFG)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 154/11)

1.   

An 21 Aibreán 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

EQT Fund Management S.à.r.l. (“EFMS”, Lucsamburg), faoi úinéireacht agus rialú iomlán EQT AB (“EQT”, an tSualainn), agus ceaptha mar bhainisteoir cistí EQT Future, ciste infheistíochta EQT,

AM Fresh Group UK Limited (“AM Fresh”, an Ríocht Aontaithe),

Special New Fruit Licensing Holding Company, S.L. (“SNFL”, an Spáinn), faoi rialú AM Fresh,

International Fruit Genetics, LLP (“IFG”, na Stáit Aontaithe), faoi úinéireacht Sunridge Nurseries, Inc. (“Sunridge”) agus Grapery, Inc. (“Grapery”).

Dá oibríocht idirghaolmhara chomhuaineacha atá i gceist leis an bhfógra. Ar dtús, gheobhaidh EQT Future agus AM Fresh rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar SNFL ina iomláine. Ansin, gheobhaidh EQT Future agus AM Fresh rialú comhpháirteach, go hindíreach trí SNFL, agus de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar shócmhainní IFG.

Baintear an chéad chomhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna. Baintear an dara ceann amach trí bhíthin ceannach sócmhainní.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is ciste infheistíochta EQT é EQT Future, ciste nach bhfuil aon sciar aige i gcuideachtaí a ghabhann do na gníomhaíochtaí céanna le SNFL agus IFG nó do ghníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a mheas gur gníomhaíochtaí réamhtheachtacha nó iartheachtacha iad;

Tá AM Fresh gníomhach i bhfás torthaí (lena n-áirítear fíonchaora boird) agus glasraí, tráchtálú mórdíola torthaí fuaraithe agus táirgeadh agus tráchtálú súnna, caoineog, agus deochanna sláintiúla le haghaidh brandaí na ndáileoirí féin;

Déanann SNFL agus IFL araon cineálacha cosanta nua fíniúnacha fíonchaor boird a phórú agus a fhorbairt agus déanann siad iad a cheadúnú ar fud an domhain.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10783 – EQT FUTURE / AM FRESH / SNFL / IFG

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).