An Bhruiséil,20.6.2023

JOIN(2023) 20 final

TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

MAIDIR LE 'STRAITÉIS EORPACH UM AN tSLÁNDÁIL EACNAMAÍOCH'


1. Straitéis chun Slándáil Eacnamaíoch na hEorpa a neartú

Leis an bpaindéim dhomhanda, leis an gcogadh mídhleathach gan chúis atá an Rúis a chur ar an Úcráin, mar aon le gníomhaíochtaí eacnamaíocha naimhdeacha, cur isteach agus bréagaisnéis eachtrach, agus méadú domhanda ar na teannais gheopholaitiúla, is léir dúinn rioscaí agus leochaileachtaí inár sochaithe, inár ngeilleagair agus inár ngnólachtaí nárbh ann dóibh fiú cúpla bliain ó shin.

Le blianta beaga anuas, tá ag éirí leis an Aontas Eorpach dul chun cinn a dhéanamh chun ár dtosaíochtaí a bhaint amach agus, an tráth céanna, aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí, bídís ag baint leis an tslándáil fuinnimh, an ullmhacht i gcomhair paindéimí, nó athléimneacht ár ngeilleagar, ár slabhraí soláthair agus ár bpríomhtheicneolaíochtaí i gcoitinne.

Mar sin féin, léirigh an t-eispéireas sin freisin nach raibh an Eoraip ullmhaithe a dóthain do gach ceann de na rioscaí nua a bhíonn ag teacht chun cinn agus na cúinsí geopholaitiúla thart orainn ag dul i ndeacracht. Nocht paindéim COVID-19 na rioscaí d’fheidhmiú gheilleagar na hEorpa a d’fhéadfadh a bheith ag baint le slabhraí soláthair thar a bheith comhchruinnithe. Thaispeáin cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine an chaoi a laghdaítear roghanna straitéiseacha na hEorpa, agus a gcuirtear ár ngeilleagair agus ár saoránaigh i mbaol, de dheasca iomarca spleáchais ar thír amháin - go háirithe más tír í atá éagsúil go córasach linn ó thaobh luachanna, samhlacha agus leasanna de. Bhí ar na Ballstáit agus ar ghnólachtaí costais an chomhéigin eacnamaíoch a sheasamh freisin, comhéigean lenar áiríodh toirmisc ar iompórtálacha Eorpacha agus baghcait ar bhrandaí Eorpacha agus a bhí ceaptha le hiallach a chur orthu cloí le tosaíochtaí polaitiúla tíre eile. Na treochtaí sin ar fad, is riosca díreach iad d’fheidhmiú ár sochaithe agus ár ngeilleagar agus d’fheidhmiú na trádála domhanda, agus is dúshlán díreach iad do leasanna straitéiseacha an Aontais agus dá chumas gníomhaithe.

Anois agus na teannais gheopholaitiúla ag dul in olcas agus an geilleagar domhanda níos comhtháite ná riamh, is féidir go mbeidh sreabha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe ina riosca dár slándáil. Inniu níos mó ná riamh, tá ár slándáil fite fuaite lenár gcumas le bheith níos athléimní agus lenár gcumas na rioscaí a bhaineann le naisc eacnamaíocha, a measaimis sna blianta a chuaigh thart go raibh siad gan dochar, a laghdú. Tá athruithe ó bhonn ag teacht ar an teicneolaíocht atá ag cur le déine na hiomaíochta sin agus le castacht na ndúshlán eacnamaíochta agus slándála.

Ní mór dúinn ár gcur chuige a chur in oiriúint do na cúinsí nua geopholaitiúla agus teicneolaíocha, agus formhór mór ár nasc eacnamaíoch rí-luachmhar leis an domhan mór a chaomhnú fad is a bheimid ag dul i ngleic go héifeachtach leis na rioscaí úra atá romhainn, rioscaí atá cúng ach atá criticiúil leis.

Ní hé an tAontas amháin atá ag tabhairt faoin bpróiseas seo: tá tíortha ar fud an domhain ag tosú a thabhairt aghaidh ar na dúshláin slándála eacnamaíche atá rompu. Tá straitéisí tiomnaithe glactha cheana féin ag roinnt de na geilleagair is forbartha agus tá siad á gcur chun feidhme anois. Tá geilleagair i mbéal forbartha ag déanamh beart freisin, agus iad ag éagsúlú a nasc eacnamaíoch chun spleáchais dhíobhálacha a laghdú agus an táirgeadh áitiúil a mhéadú. Is treocht í seo a eascraíonn ón bhfíoras nach féidir linn deimhin a dhéanamh den rathúnas, den fhlaitheas agus den tsábháilteacht gan bearta nua a ghlacadh chun ár slándáil eacnamaíoch a chosaint, i dteannta an chur chuige traidisiúnta i leith na slándála náisiúnta. Is mó i bhfad éifeacht a bheidh ag na bearta sin má oibrímid i gcomhar lenár gcomhghuaillithe, lenár gcomhpháirtithe agus leis an earnáil gnó chun fís slándála eacnamaíche a cheapadh agus a chur i ngníomh.

Dá fheabhas a ndeachaigh an tAontas Eorpach i ngleic le dúshláin shonracha le blianta beaga anuas, teastaíonn cur chuige straitéiseach cuimsitheach uaidh feasta i leith na slándála eacnamaíche, cur chuige lena laghdófar rioscaí agus lena gcothófar buntáiste teicneolaíochta an Aontais in earnálacha criticiúla. Is é an aidhm a bheidh leis sin creat a sholáthar faoina ndéanfar measúnú agus bainistíocht láidir ar rioscaí slándála eacnamaíche ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal an ghnólachta, agus ár ndinimiceas eacnamaíoch á chaomhnú agus á mhéadú an tráth céanna. Is tábhachtaí fós é sin a chur ar bun anois nó tá na rioscaí sin ag claochlú go gasta agus ag éirí ceangailte le ceisteanna slándála náisiúnta. Sampla maith de sin is ea an luas lena bhfuil teicneolaíochtaí nua criticiúla ag teacht chun cinn agus ag cruthú doiléire maidir leis na teorainneacha idir an earnáil shibhialta agus an earnáil mhíleata.

Is iad is túsphointe don straitéis seo breathnú macánta ar na rioscaí agus an t-aitheantas go bhfuil teannas ó fhréamh ann idir iarrachtaí chun ár slándáil eacnamaíoch a threisiú agus chun tairbhí an gheilleagair oscailte a choinneáil ar fáil don Aontas an tráth céanna.

Tá an tAontas ar na cinn scríbe is tarraingtí do ghnólachtaí domhanda agus don infheistíocht. Baineann rath ár ngeilleagar le trádáil agus infheistíocht atá oscailte agus bunaithe ar rialacha, le nascacht trasteorann shlán agus leis an gcomhar sa taighde agus sa nuálaíocht. Beidh na dálaí sin fós ar innill chriticiúla iomaíochas agus athléimneacht na hEorpa agus sinn ag cur dlús leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Ní mór dúinn dul i muinín na trádála agus an Mhargaidh Aonair leis an iomaíochas a spreagadh agus lena áirithiú go mbeidh rochtain againn ar na hamhábhair, na teicneolaíochtaí agus na hionchuir eile atá ríthábhachtach chun borradh a chur faoinár n-iomaíochas agus faoinár n-athléimneacht agus chun an fhostaíocht agus an fás a choinneáil ar bun anois agus amach anseo. Ar an dóigh chéanna, is mian linn go leanfaidh ár gcomhpháirtithe ar fud an domhain de leas a bhaint as an rochtain ar mhargaí, ar chaipiteal agus ar theicneolaíochtaí na hEorpa faoi choinne a n-aistrithe ionsar gheilleagar glan athléimneach.

Ní mór an chóimheá cheart a bhaint amach agus is amhlaidh a chinnteoimid go mbeidh ár leasanna eacnamaíocha agus slándála ag neartú a chéile. Beidh sin ag brath ar an trí thosaíocht seo a leanas: (1) ár n-iomaíochas féin a chur chun cinn; (2) sinn féin a chosaint ar rioscaí slándála eacnamaíche; agus (3) dul i mbun comhpháirtíochtaí leis an réimse is leithne is féidir de thíortha a bhfuil na leasanna agus na hábhair imní céanna acu maidir leis an tslándáil eacnamaíoch.

Tosaíochtaí Straitéise Slándála Eacnamaíche don Aontas Eorpach

-Ár n-iomaíochas féin a chur chun cinn trí athléimneacht ár ngeilleagair agus ár slabhraí soláthair a neartú agus trí bhorradh a chur faoin nuálaíocht agus faoin acmhainneacht thionsclaíoch, agus ár ngeilleagar sóisialta margaidh á chaomhnú againn. Is féidir an méid sin a bhaint amach tríd an Margadh Aonair a threisiú, trí infheistíocht a dhéanamh i ngeilleagar na todhchaí le beartais mhaicreacnamaíocha agus chomhtháthaithe fhónta, trí NextGenerationEU, agus tríd an infheistíocht sa chaipiteal daonna, uas-sciliú lucht saothar na hEorpa san áireamh. Chuige sin, ní mór foinsí na margaí soláthair agus easpórtála a éagsúlú, nó an bonn tionsclaíoch agus taighde a chothú i réimsí straitéiseacha amhail leathsheoltóirí ardfhorbartha, an ríomhaireacht chandamach, an bhith-theicneolaíocht, tionscail ar ghlan-astaíochtaí nialasacha, an fuinneamh glan, nó amhábhair chriticiúla.

-Sinn féin a chosaint ar rioscaí slándála eacnamaíche a aithnítear go minic trí úsáid níos fearr a bhaint as na huirlisí atá i bhfeidhm againn cheana, mar shampla i dtaca leis an gcosaint trádála, fóirdheontais eachtracha, slándáil 5G/6G, scagadh ar an Infheistíocht Dhíreach Choigríche agus rialuithe easpórtála, mar aon leis an ionstraim nua i gcoinne an chomhéigin eacnamaíoch. An tráth céanna, ní mór dúinn éifeachtacht bhosca uirlisí an Aontais a mheas agus é a leathnú, de réir mar is gá, chun dul i ngleic le roinnt de na rioscaí nua atá os ár gcomhair, mar shampla i ndáil le heaspórtálacha nó infheistíochtaí amach i sraith chúng teicneolaíochtaí cumasaithe príomha a bhfuil feidhmeanna míleata acu (e.g. sa réimse candamach agus i réimsí na leathsheoltóirí ardfhorbartha agus na hintleachta saorga).

-Dul i gcomhpháirtíocht le tíortha a bhfuil na hábhair imní chéanna acu maidir leis an tslándáil eacnamaíoch nó a bhfuil leasanna i bpáirt againn agus atá sásta comhoibriú linn chun an t-aistriú ionsar gheilleagar níos sláine agus níos athléimní a bhaint amach. Is éard atá i gceist leis sin sa chleachtas ná a bheith ag obair leis an réimse is leithne is féidir de chomhpháirtithe chun an tslándáil eacnamaíoch a neartú, slabhraí luacha inbhuanaithe athléimneacha a chothú, agus an t-ord eacnamaíoch idirnáisiúnta bunaithe ar rialacha, agus institiúidí iltaobhacha, a threisiú. Ciallaíonn sé, freisin, dul i gcomhpháirtíocht le tíortha atá ar bhealaí dí-rioscaithe den chineál céanna, comhaontuithe saorthrádála a chur chun cinn agus a thabhairt i gcrích, agus infheistíocht a dhéanamh san fhorbairt inbhuanaithe agus i naisc shlána ar fud an domhain tríd an tionscnamh Global Gateway.

Is iad seo a leanas na bunphrionsabail le haghaidh gach birt slándála eacnamaíche a chinfidh ón straitéis seo: an chomhréireacht, chun a chinntiú go mbeidh ár n-uirlisí i gcomhréir le leibhéal an riosca agus chun aon drochéifeachtaí iarmhartacha ar gheilleagair na hEorpa agus an domhain a shrianadh, agus an bheaichte, chun na hearraí, na hearnálacha nó na croíthionscail ar a ndíreofar a shainiú go cruinn agus chun a chinntiú go mbeidh na bearta ag freagairt do na rioscaí féin.

Cuireann an straitéis seo leis an obair ar cuireadh tús léi cheana féin ar an leibhéal Eorpach. Breathnaítear go criticiúil ar athléimneacht an Aontais agus ar a leochaileachtaí chun geilleagar agus tionscal na hEorpa a dhéanamh níos iomaíche agus níos athléimní agus chun ár n-uathriail straitéiseach oscailte a neartú. Ar na bearta atá i gceist tá infheistíocht níos mó san aistriú glas agus san aistriú digiteach trí NextGenerationEU agus trí tharraingt isteach tuilleadh infheistíochtaí príobháideacha, agus príomhthacaí bheartas tionsclaíoch an Aontais amhail na Gníomhartha um Shliseanna, um Amhábhair Chriticiúla, agus um an Tionscal Glan-nialasachta. Athdhearbhaíodh sin i nDearbhú Versailles inar tháinig na Ceannairí ar chomhaontú gur gá athléimneacht agus flaitheas na hEorpa a neartú i réimsí ar nós an fhuinnimh, na sláinte agus na dtáirgí cógaisíochta, shlándáil an bhia, agus na gcumas cosanta. Is freagairt í an straitéis seo freisin ar na hábhair imní a chuir saoránaigh an Aontais in iúl le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.

Chun an straitéis seo a chur chun feidhme, ní mór gníomhaíocht chomhtháite ar fud na réimsí beartais inmheánacha agus seachtracha. Beidh tacaíocht níos leithne ag teastáil freisin, ní ó lucht déanta beartais amháin, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Comhpháirtí bunriachtanach a bheidh san earnáil phríobháideach agus tá sí go maith chun cinn cheana san obair atá ar bun aici maidir le laghdú na rioscaí. Tá leithdháileadh an chaipitil athruithe ó bhonn ag bainisteoirí sócmhainní domhanda, mar fhreagairt ar na rioscaí atá ag dul i méid agus i gcastacht sa gheilleagar domhanda. Slabhraí soláthair athléimneacha éagsúlaithe a lorg a chuirfidh feabhas ar an tslándáil eacnamaíoch, beidh sé sin ina chuid lárnach de straitéis ghnó fadtéarmach chun leasanna na scairshealbhóirí agus an leas ginearálta araon a chosaint. Agus na príomhrioscaí á n-aithint agus freagairtí beartais á gceapadh, ba cheart leas a bhaint as eolas na ngnólachtaí Eorpacha atá i mbun oibre cheana féin chun cuid mhaith de na bagairtí sin a mhaolú.

Leis an Teachtaireacht seo, leagtar bonn síos le haghaidh plé leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa faoin tslándáil eacnamaíoch, d’fhonn creat coiteann a chruthú chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a chosaint agus na rioscaí a bhaineann léi a laghdú. Beidh an Teachtaireacht seo ina cuidiú chun an straitéis a shainiú ar cheart í a bheith ina treoir chun measúnú coiteann a dhéanamh ar na rioscaí, chun na huirlisí atá againn cheana a úsáid agus chun aon bhearna a d’fhéadfadh a bheith in armlann slándála eacnamaíche an Aontais a aithint go bhforbróimid freagairt choiteann ina leith.

2. Na rioscaí a bhaineann le slándáil eacnamaíoch na hEorpa a aithint

Is é is aidhm don straitéis seo slándáil eacnamaíoch an Aontais a chosaint agus athléimneacht ár ngeilleagair a threisiú, agus sinn ag obair lena chinntiú go gcoinneoimid agus go bhfásfaimid ár mbuntáiste teicneolaíochta. Ciallaíonn an méid sin infheistíocht a dhéanamh in iomaíochas an Aontais, slabhraí soláthair a éagsúlú, agus freagairt a thabhairt ar chleachtais ar nós an chomhéigin eacnamaíoch. Tá sé mar aidhm aige cosc a chur ar sceitheadh teicneolaíochtaí íogaire atá ag teacht chun cinn, agus earraí dé-úsáide eile, chuig cinn scríbe is ábhar imní agus a bhfuil straitéisí sibhialta-mhíleata comhtháite i bhfeidhm acu.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ní mór dúinn léargas grinn a bheith againn ar na rioscaí agus ar na hathruithe a thagann ar na rioscaí sin le himeacht ama. Is ar an ábhar sin a neartóidh an Coimisiún agus na Ballstáit an anailís atá acu ar shlabhraí soláthair criticiúla, a dhéanfaidh siad tástáil struis orthu agus a shuífidh siad leibhéal an riosca.

Tá na catagóirí riosca leathana neamh-uileghabhálacha seo a leanas maidir leis an tslándáil eacnamaíoch sainaitheanta ag an gCoimisiún agus ag an Ardionadaí, mar atá, rioscaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas: (1) athléimneacht na slabhraí soláthair; (2) slándáil fhisiceach agus cibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil; (3) slándáil teicneolaíochta agus sceitheadh teicneolaíochta; agus (4) airm chogaidh a bheith á ndéanamh de spleáchais eacnamaíocha, nó comhéigean eacnamaíoch. Is féidir leis na rioscaí sin teacht chun cinn ar feadh an tslabhra luacha ar fad, ó chruthú eolais agus taighde bunúsach go dtí an tabhairt chun an mhargaidh agus an monarú mórscála.

Na cineálacha riosca atá os comhair gheilleagair na hEorpa

Rioscaí ar athléimneacht slabhraí soláthair, lena n-áirítear an tslándáil fuinnimh – rioscaí borrthaí géara praghsanna, éagmais nó ganntanas earraí criticiúla nó ionchur san Aontas, lena n-áirítear (ach ní amháin) earraí agus ionchuir a bhaineann leis an aistriú glas nó atá ag teastáil le haghaidh soláthar cobhsaí éagsúlaithe fuinnimh agus táirgí cógaisíochta. 

Rioscaí ar shlándáil fhisiceach agus cibearshlándáil bonneagair chriticiúil – Riosca cur isteach nó sabaitéireachta ar bhonneagar criticiúil, amhail píblínte, cáblaí faoi thoinn, giniúint cumhachta, iompar, agus líonraí cumarsáide leictreonaí, lena gcuirtear soláthar slán iontaofa earraí agus seirbhísí, nó slándáil na sonraí, san Aontas i mbaol. 

Rioscaí a bhaineann le slándáil na teicneolaíochta agus sceitheadh teicneolaíochta – Rioscaí ar dhul chun cinn teicneolaíoch an Aontais, ar a iomaíochas teicneolaíoch, agus ar a rochtain ar theicneolaíocht cheannródaíoch, lena n-áirítear trí chleachtais mhailíseacha sa réimse digiteach ar nós spiaireachta nó sceitheadh neamhdhleathach eolais. I gcásanna áirithe, tá an baol ann go neartóidh sceitheadh teicneolaíochta cumais mhíleata nó faisnéise páirtithe a d’fhéadfadh iad a úsáid chun cur isteach ar an tsíocháin agus ar an tslándáil, go háirithe i gcás teicneolaíochtaí dé-úsáide amhail teicneolaíochtaí candamacha, leathsheoltóirí ardfhorbartha nó an intleacht shaorga, agus dá bhrí sin tá bearta sonracha maolaithe riosca ag teastáil ina leith.

 
An riosca go ndéanfaí uirlis chogaidh de spleáchais eacnamaíocha agus riosca an chomhéigin eacnamaíoch An riosca go mbeidh an tAontas, a Bhallstáit agus a chuid gnólachtaí ina sprioc le haghaidh bearta ó thríú tíortha a chuireann isteach ar an trádáil nó ar an infheistíocht chun athrú beartais a thabhairt i gcrích laistigh d’earnálacha dlisteanacha déanta beartais.

Ar deireadh, is tábhachtach a chur san áireamh go bhfeadfadh cuid de na rioscaí a liostaítear thuas a bheith, fiú, ina mbagairtí ar an tslándáil náisiúnta i gcúinsí áirithe. D’fhéadfadh sé sin a bheith i gceist, go suntasach, i gcás sceitheadh na teicneolaíochta dé-úsáide, infheistíocht dhíreach choigríche a bheadh ina bagairt ar an tslándáil agus ar an ord poiblí; easpórtálacha dé-úsáide nó infheistíocht amach i sraith chúng de theicneolaíochtaí ardfhorbartha lena bhféadfaí feabhas a chur ar acmhainneachtaí míleata agus faisnéise gníomhaithe a d’fhéadfadh úsáid a bhaint as na hacmhainneachtaí sin chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chur i mbaol; agus cóireáil shlán faisnéise íogaire

Ar an mbonn sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún rioscaí ar shlándáil eacnamaíoch an Aontais a shainaithint agus a mheas, go comhpháirteach le Ballstáit an Aontais agus le hionchuir ó pháirtithe leasmhara príobháideacha, ar rioscaí iad atá ina mbagairt, laistigh de pharaiméadair atá sainithe go soiléir, ar a phríomhleasanna, agus an comhthéacs geopholaitiúil athraitheach agus, de réir mar is iomchuí, tuairimí na bpáirtithe leasmhara á gcur san áireamh á gcur san áireamh. Ba cheart próiseas leanúnach dinimiciúil a bheith i gceist.

Chuige sin, molann an Coimisiún an próiseas seo a leanas, a bheidh le cur i gcrích in éineacht leis na Ballstáit agus, de réir mar is iomchuí, i gcomhar leis an Ardionadaí:

·Rioscaí ar athléimneacht slabhraí soláthar, le meas ag an gCoimisiún trí anailís an Aontais ar spleáchais straitéiseacha a neartú, ag díriú go sonrach ar spleáchais is dóichí a úsáidfear mar arm cogaidh chun críoch geopholaitiúil.

·Rioscaí ar shlándáil fhisiceach agus cibearshlándáil bonneagair chriticiúil, le meas fós de réir Mholadh an 8 Nollaig 2022 ón gComhairle.

·Rioscaí a bhaineann leis an tslándáil teicneolaíochta agus le sceitheadh teicneolaíochta, le meas ar bhonn liosta teicneolaíochtaí straitéiseacha atá criticiúil le haghaidh na slándála eacnamaíche. Maidir leis na rioscaí is íogaire, molfaidh an Coimisiún liosta de theicneolaíochtaí dé-úsáide lena gcur faoi mheasúnú riosca a d’fhéadfadh an Chomhairle a ghlacadh faoi mhí Mheán Fómhair 2023. Beidh an liosta bunaithe ar chritéir réamhbhreathnaitheacha a bheidh sainithe go cúng, amhail nádúr cumasaithe agus claochlaitheach na teicneolaíochta, riosca an chomhtháite shibhialta-mhíleata, agus riosca a mí-úsáide le haghaidh sáruithe ar chearta an duine. Ba cheart na teicneolaíochtaí tosaíochta a mheas go comhpháirteach leis na Ballstáit faoi dheireadh 2023, d’fhonn na bearta cosanta agus na bearta cur chun cinn ábhartha a shainiú.

·Na rioscaí go ndéanfar arm cogaidh de spleáchais eacnamaíocha agus rioscaí an chomhéigin eacnamaíoch, le meas agus comhthéacs ionstraim frith-chomhéigin an Aontais a comhaontaíodh le déanaí á chur san áireamh.

D’fhonn cur chuige comhleanúnach, spriocdhírithe agus cothrom le dáta i leith na slándála eacnamaíche a choinneáil ar bun, ba cheart don Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh gach sé mhí ar an dul chun cinn foriomlán maidir le measúnuithe riosca sna ceithre réimse sin, ar bhonn ionchur ón gCoimisiún agus, de réir mar is iomchuí, ón Ardionadaí, agus tuairisc bhliantúil a thabhairt don Chomhairle Eorpach.

Thairis sin, cuirfidh an tArdionadaí, in éineacht leis na Ballstáit, feabhas ar an Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise (SIAC) chun a chumas a mhéadú bagairtí ar shlándáil eacnamaíoch an Aontais a bhrath. 

3. An straitéis slándála eacnamaíche a chur i ngníomh

 
Chun na rioscaí sin a mhaolú, tá Straitéis Slándála Eacnamaíche an Aontais bunaithe ar an méid seo a leanas:

1)Iomaíochas agus fás an Aontais a chur chun cinn, an Margadh Aonair a neartú, tacú le geilleagar láidir athléimneach, agus bonn taighde, teicneolaíochta agus tionsclaíoch an Aontais a chothú.

2)An tslándáil eacnamaíoch a chosaint trí réimse beartas agus uirlisí, uirlisí spriocdhírithe nua san áireamh de réir mar is gá.

3)Comhpháirtíochtaí a chur ar bun le tíortha ar fud an domhain agus an comhar leo a neartú a thuilleadh.

3.1 Bonn eacnamaíoch, iomaíochas agus fás an Aontais a chur chun cinn

Is é an Margadh Aonair an tsócmhainn is fearr atá ag an Aontas chun a gheilleagar a choinneáil rathúil, nuálach agus athléimneach. Is minice a shamhlaítear leis an bharainneacht scála le haghaidh an chomhair thar theorainneacha san Aontas agus le cothrom na Féinne. An tráth céanna, trína bheartais i leith na trádála agus i leith na hinfheistíochta faoi Global Gateway mar aon le beartais nach iad, tá an tAontas ag baint leas as cumhacht an Mhargaidh Aonair chun slabhraí soláthair domhanda a choinneáil ar oscailt agus caighdeáin a mhúnlú, rud a chuireann a thuilleadh le neartú iomaíochas an Aontais agus a shlándála soláthair. Le cur chun feidhme NextGenerationEU agus na gCistí Comhtháthaithe, tá athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha á spreagadh ar fud raon leathan earnálacha, lena n-áirítear bonneagair chriticiúla, agus táthar ag cur le fás eacnamaíoch, iomaíochas agus athléimneacht an Aontais cheana féin.

Le blianta beaga anuas, tá roinnt tograí nithiúla glactha ag an gCoimisiún chun an athléimneacht a mhéadú agus slabhraí soláthair a neartú. I Straitéis Thionsclaíoch an Aontais, sainaithníodh roinnt beart chun athléimneacht an Mhargaidh Aonair a neartú, amhail comhghuaillíochtaí tionsclaíocha chun dlús a chur le gníomhaíochtaí i réimsí na teicneolaíochta glaine, na n-amhábhar, próiseálaithe agus leathsheoltóirí, na sonraí, na himeallríomhaireachta agus na néalríomhaireachta; tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne chun acmhainní a chur le chéile ar mhaithe le nuálaíochtaí ceannródaíocha; an geilleagar ciorclach a chur chun cinn; feabhas a chur ar scileanna glasa agus digiteacha; agus straitéis nua chun ceannaireacht an Aontais a chinntiú i sainiú na gcaighdeán ar an leibhéal domhanda. Ar an dóigh chéanna, tá aistriú fuinnimh i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le cuspóirí RepowerEU ríthábhachtach chun slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais a neartú. Tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin sa réimse sin ach saineofar iarrachtaí riachtanacha breise sa tuarascáil maidir le Staid an Aontais Fuinnimh atá ar na bacáin.

Is é is aidhm don togra le haghaidh an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla eastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil amhábhar criticiúil san Aontas a éascú, rud a laghdóidh spleáchais agus a chuirfidh leis an ullmhacht. Leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna, déanfar deimhin de sholáthar slán leathsheoltóirí, agus cuideoidh an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta atá beartaithe chun monarú na teicneolaíochta glan-nialasacha san Aontas Eorpach a mhéadú. Tá sásraí éifeachtacha rialachais san áireamh sna tionscnaimh ionas gur féidir leis an gCoimisiún, an Chomhairle agus na Ballstáit comhoibriú agus faisnéis a mhalartú go tráthúil.

Tá tionchar díreach ag na tionscnaimh sin freisin maidir le slabhraí soláthair agus rochtain ar acmhainní a dhaingniú a thuilleadh (réimse ina bhfuil an dúshlán ó iomaitheoirí straitéiseacha ag dul i ngéire, mar a chuirtear i dtábhacht sa Chompás Straitéiseach maidir leis an tSlándáil agus an Chosaint), rud atá ríthábhachtach le go mbeidh Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí nuálach, iomaíoch agus athléimneach. Dá bhrí sin, tá sé bunriachtanach le haghaidh shlándáil eacnamaíoch na hEorpa go nglacfar go tráthúil iad.

Is é is aidhm don Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair fáil agus saorchúrsaíocht táirgí criticiúla a chinntiú i gcás éigeandálaí amach anseo. Amach anseo, cuirfidh sí ar chumas dúinn faireachán a dhéanamh ar tháirgí agus ar sheirbhísí straitéiseacha, suaití ar shlabhraí soláthair agus ganntanais a bhaineann leo sin san áireamh, agus beart comhchoiteann a dhéanamh ina leith go gasta ach gá a bheith leis.

Tá géarghá le tuilleadh infheistíochtaí chun ceannaireacht agus iomaíochas an Aontais a chinntiú i dtaighde agus forbairt na dteicneolaíochtaí straitéiseacha atá ag teacht chun cinn. Chun infheistíochtaí príobháideacha a tharraingt isteach, leanann an Coimisiún d’Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt. Tá Rialachán nua á mholadh ag an gCoimisiún freisin chun Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) a bhunú. Leis an ardán sin, tabharfar tacaíocht d´fhorbairt agus monarú teicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha, teicneolaíochtaí glana agus bith-theicneolaíochtaí san Aontas, agus do neartú na slabhraí soláthair a bhaineann leo ann, chun cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach. Sa chaoi sin beidh sé ar chumas an Aontais spleáchais straitéiseacha a laghdú nó a chosc.

Tuairisceoidh an Coimisiún freisin faoi dheireadh 2023 maidir le roghanna chun deimhin a dhéanamh de thacaíocht leordhóthanach don teicneolaíochta dé-úsáide a bheidh spriocdhírithe go straitéiseach, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme na n-uirlisí atá ann cheana.

(3.2) Sinn féin a chosaint ar rioscaí slándála eacnamaíche

Tá uirlisí agus bearta sonracha laghdaithe riosca curtha ar bun cheana féin ag an Aontas chun cosaint ar rioscaí slándála eacnamaíche. Agus na rioscaí sin ag síor-athrú, ní mór dúinn éifeachtacht na n-uirlisí sin chun aghaidh a thabhairt orthu a mheas agus uasghráduithe nó uirlisí nua a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil a mheá.

Aghaidh a thabhairt ar úsáid na spleáchas eacnamaíoch mar arm cogaidh agus ar an gcomhéigean eacnamaíoch

Spleáchais straitéiseacha a bhféadfadh rioscaí slándála eacnamaíocha a eascairt astu, is féidir le tríú tíortha cur lena dtromchúis trí bheartais agus cleachtais neamh-mhargaidh a úsáid lena gclaontar cothrom na hiomaíochta. Ní staonfaidh an Coimisiún d’úsáid a bhaint as Ionstraimí Cosanta Trádála chun aghaidh a thabhairt ar a leithéidí de bheartais agus de chleachtais mhíchothroma agus tá sé réidh an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha a chur chun úsáide chun cothrom na Féinne leis an Margadh Aonair a chinntiú.

Mar fhreagairt ar bhrú eacnamaíoch a bheith á dhíriú d’aon ghnó ar an Aontas agus ar a Bhallstáit le blianta beaga anuas, ghlac an tAontas Ionstraim Frith-Chomhéigin an Aontais. Is é is aidhm don ionstraim sin, thar aon ní eile, tíortha a dhíspreagadh ón trádáil nó an infheistíocht a shrianadh, agus ó bhagairt a dhéanamh iad a shrianadh, chun athrú a chur i bhfeidhm ar bheartas dlisteanach san Aontas, ach déantar foráil freisin maidir le frithbhearta a bheadh le déanamh ag an Aontas mar rogha deiridh. Rachaidh an tAontas i gcomhar freisin le tíortha comhpháirtíochta chun faireachán a dhéanamh ar chásanna comhéigin agus chun féidearthacht na bhfreagairtí comhordaithe a mheas agus a shainaithint.

Infheistíochtaí isteach a chuireann isteach ar an tslándáil agus ar an ord poiblí

Leis an Rialachán maidir le Scagadh Infheistíochta Dírí Coigríche (IDC) cruthaíodh creat comhair faoina bhféadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis a mhalartú, ábhair imní a bhaineann leis an tslándáil a ardú, agus réitigh a aithint i dtaca le IDCanna sonracha d’fhonn an tslándáil agus an ord poiblí a chosaint. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, tá níos mó ná 1,000 idirbheart IDC athbhreithnithe ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit. Tá an Coimisiún i mbun meastóireacht ar an gcreat atá i bhfeidhm agus molfaidh sé leasú air roimh dheireadh 2023. Na Ballstáit nár chuir sásraí scagtha IDCanna i bhfeidhm go fóill, ba cheart dóibh sin a dhéanamh gan tuilleadh moille.

Slándáil teicneolaíochta agus sceitheadh teicneolaíochta

Tá sé ríthábhachtach do shlándáil eacnamaíoch an Aontais a bheith in ann teicneolaíochtaí nua a fhorbairt agus coinneáil suas leo, toisc go laghdaíonn sé sin spleáchais straitéiseacha agus go gcuireann sé ar ár gcumas dúinn buntáiste teicneolaíochta a chosaint nó a chruthú.

Tá an oscailteacht agus an comhar idirnáisiúnta i gcroílár thaighde agus nuálaíocht (T&N) na hEorpa. Chun cuidiú le sceitheadh teicneolaíochta arna cistiú ag an Aontas a chosc, is féidir leis an gCoimisiún, mar shampla, i gcásanna ina bhfuil údar cuí leis, eintitis áirithe ó thríú tíortha nó eintitis áirithe de chuid an Aontais atá á rialú ag tríú tíortha áirithe a eisiamh ó bheith rannpháirteach i dtionscadail taighde agus nuálaíochta agus i dtionscadail curtha chun úsáide acmhainní digiteacha, chun sócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathriail nó slándáil an Aontais a chosaint. Ina theannta sin, is féidir leis measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag torthaí (lena n-áirítear maoin intleachtúil) arna nginiúint le taighde a chistigh an tAontas faoin gclár Fís Eorpach a aistriú go tríú tíortha neamh-chomhlachaithe, agus agóid a dhéanamh in aghaidh aistrithe den chineál sin.

bosca uirlisí chun dul i ngleic le cur isteach eachtrach ar T&N forbartha ag an gCoimisiún freisin, agus is rud é sin a chuireann le fothú feasachta agus tógáil athléimneachta san earnáil T&N ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal earnála ar fud na hEorpa chun slándáil na taighde a threisiú go forleathan.

I gcás teicneolaíochtaí a mheastar a bheith ríthábhachtach don tslándáil eacnamaíoch (arna n-aithint de réir mhír 2 thuas), tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, molfaidh sé bearta chun feabhas a chur ar shlándáil na taighde sa chaoi go ndéanfar deimhin d’fhorfheidhmiú dian córasach na n-uirlisí sin agus d’aithint aon bhearna a d’fhéadfadh a bheith fós ann agus dá freagairt. Déanfar sin agus oscailteacht ár gcórais á caomhnú, óir is í sin bunchloch ár ngeilleagar nuálach.

Tá an caighdeánú tábhachtach mar chuid de thionchar na ‘cumhachta boige’ ar chruth na bhforbairtí teicneolaíochta agus, da bhrí sin, tá baint indíreach aige le slándáil eacnamaíoch an Aontais (lena n-áirítear trína chur ar a chumas dó féidearthachtaí a shrianadh maidir le mí-úsáid teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina bagairt ar a shlándáil eacnamaíoch). Mar a leagtar amach i straitéis caighdeánaithe an Aontais, caithfidh an tAontas a bheith in inmhe caighdeáin idirnáisiúnta a mhúnlú i gcomhréir lena luachanna agus lena leasanna féin – agus lena acquis dlíthiúil. Maidir leis na gníomhartha amach anseo faoin intleacht shaorga, faoi shonraí nó faoin gcibear-athléimneacht, oibreoidh an tAontas ar chaighdeáin Eorpacha agus oibreoidh sé ionsar chaighdeáin idirnáisiúnta comhleanúnacha in éineacht lena chomhpháirtithe. Ar an mbealach céanna, beidh páirt ag forfheidhmiú éifeachtach na gceart chun maoine intleachtúla, paitinní go háirithe, chun sceitheadh na teicneolaíochta a chosc

Faoi Straitéis 2020 an Aontais maidir leis an gCibearshlándáil, tá sé ag cur bearta chun úsáide i gcoinne cleachtais mhailíseacha sa réimse digiteach chun é féin a chosaint ar thionchar neamhdhlisteanach, ar an spiaireacht thionsclaíoch agus ar sceitheadh aindleathach eolais. Leis an nGníomh um Chibear-athléimneacht atá beartaithe, cuirfear feabhas ar chibearshlándáil na gcrua-earraí agus na mbog-earraí a dhíoltar san Aontas, ar mhaithe leis an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach araon. Leanfaidh an tAontas d’aghaidh a thabhairt ar ghoid chibearchumasaithe maoine intleachtúla, trí Bhoscaí Uirlisí Hibrideacha agus Cibear-Thaidhleoireachta an Aontais a úsáid i measc nithe eile, chun gníomhaíochtaí mailíseacha den sórt sin a fhreagairt.

An tslándáil eacnamaíoch a chosaint tríd an mbonneagar a chosaint

Ghlac an tAontas an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil agus an Treoir athbhreithnithe maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise (an Dara Treoir NIS). Cuireann na Treoracha sin creat dlíthiúil cuimsitheach cothrom le dáta ar fáil chun athléimneacht fhisiceach agus dhigiteach an bhonneagair chriticiúil (lena n-áirítear bonneagar fuinnimh, iompair, sláinte, uisce agus bia agus bonneagar digiteach) a neartú. De bhun Mholadh mhí na Nollag 2022 ón gComhairle, tá gníomhaíochtaí spriocdhírithe ar bun cheana chun deimhin a dhéanamh de fhreagairt choiteann ón Aontas ar theagmhais.

Chun slándáil agus athléimneacht na líonraí 5G a mhéadú, bunaítear leis an mBosca Uirlisí 5G sraith beart a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit uile, lena n-áirítear bearta chun soláthróirí ardriosca a shrianadh nó a eisiamh. An 15 Meitheamh 2023, d’áitigh an Coimisiún ar na Ballstáit nár chuir na bearta sin i bhfeidhm ar sholáthróirí ardriosca go hiomlán fós é sin a dhéanamh gan mhoill.

Beidh ról tábhachtach ag an nGníomh um Chibear-athléimneacht atá beartaithe freisin maidir leis an slabhra soláthair a dhaingniú le haghaidh bhonneagar criticiúil an Aontais. Tá measúnuithe agus cásanna cibear-rioscaí á bhforbairt freisin go sonrach le haghaidh earnálacha an bhonneagair cumarsáide leictreonaí agus an fhuinnimh agus treoróidh siad gníomhaíochtaí lena dtacófar faoin nGníomh um Chibear-dhlúthpháirtíocht atá beartaithe, go háirithe an tástáil chomhordaithe ar eintitis chriticiúla.

Comhordú níos fearr ar leibhéal an Aontais maidir le rialacha easpórtála ar earraí dé-úsáide

Is de nádúr dé-úsáide roinnt teicneolaíochtaí straitéiseacha agus ní mór aird faoi leith a thabhairt orthu. Faoi roinn 2 thuas, saineoidh an tAontas liosta teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach don tslándáil eacnamaíoch agus déanfaidh sé measúnú comhchoiteann ar na rioscaí a bhaineann leo. Cé go bhfuil na cinntí maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na rialuithe easpórtála ar earraí dé-úsáide faoi réir creat ar leibhéal iltaobhach agus ar leibhéal an Aontais, is iad na Ballstáit den chuid is mó a ghlacann na cinntí céanna.

Le roinnt blianta anuas, tugadh aghaidh ar chuspóirí beartais slándála an Aontais sa struchtúr seanbhunaithe le haghaidh rialuithe ar easpórtálacha dé-úsáide – struchtúr ina mbunaíonn na córais iltaobhacha rialaithe onnmhairí na caighdeáin – agus, an tráth céanna, cothaíodh an oscailteacht agus timpeallacht fhabhrach don taighde agus don nuálaíocht agus don neamhleathadh i gcoitinne. Treiseoidh an tAontas an tacaíocht a thugann sé d’obair na gcóras iltaobhach, cé gur lúide a éifeachtacht toisc nach ball é ach de cheann amháin de na Córais Iltaobhacha Rialaithe agus é ina bhreathnóir ag ceann amháin eile.

Mar sin féin, i bhfianaise na ndúshlán úr a bhaineann leis an bhféidearthacht mhíleata mhéadaithe atá ag réimse teicneolaíochtaí straitéiseacha, le cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin, le méadú na dteannas geopholaitiúil agus le rioscaí don tslándáil náisiúnta, tá dlús curtha ag roinnt Ballstát den Aontas agus tríú tíortha le rialuithe náisiúnta chun onnmhairiú na dteicneolaíochtaí criticiúla a shrianadh lasmuigh de na próisis atá bunaithe sna córais iltaobhacha rialaithe onnmhairí, nó i roinnt cásanna ag cur leis na próisis sin dóibh, amhail trealamh monaraíochta le haghaidh sliseanna leathsheoltóra ardfhorbartha nó trealamh a bhaineann leis an ríomhaireacht chandamach. Is léir freisin ó na forbairtí deireanacha go bhfuil solúbthacht bhreise ag teastáil sa chóras ionas go bhfreagrófar eachtraí reatha a athraíonn go tapa.

Rinneadh athbhreithniú in 2021 ar Rialachán an Aontais maidir le rialuithe ar onnmhairí dé-úsáide chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach níos fearr, ar na rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht slándála, teicneolaíochta agus trádála atá ag athrú go tapa, agus béim ar leith á leagan ar onnmhairiú teicneolaíochtaí íogaire atá ag teacht chun cinn. Tá forálacha ann lena gceadaítear do Bhallstát rialuithe onnmhairiúcháin a thabhairt isteach bunaithe ar reachtaíocht Ballstáit eile, sa chaoi go bhfuil éifeacht chomhordaithe trasteorann ann, idir Ballstáit an Aontais agus le tacaíocht ón gCoimisiún, ar rialuithe onnmhairiúcháin ar sainchumas náisiúnta é iad a chur chun feidhme. Tá na forálacha sin á dtástáil faoi láthair.

Tá géarghá le gníomhaíocht níos gasta agus níos comhordaithe ar leibhéal an Aontais i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin toisc go gcruthódh iomadú neamh-chomhordaithe rialuithe náisiúnta ag na Ballstáit bealaí éalaithe agus bhainfeadh sé an bonn d’éifeachtacht na rialuithe onnmhairí agus de shláine an Mhargaidh Aonair. De réir mar a fhorbrófar tuilleadh teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach don tslándáil náisiúnta agus atá faoi réir rialuithe náisiúnta, lagódh aon éagsúlachtaí idir na Ballstáit slándáil eacnamaíoch an Aontais ina iomláine. Chun é sin a chosc, ba cheart an Rialachán atá ann faoi láthair a chur chun feidhme go hiomlán. An tráth céanna, ba cheart tús a chur le machnamh maidir leis an gcaoi ar féidir cur leis an gcreat atá ann faoi láthair chun cur chuige Eorpach níos comhordaithe a fhorbairt a rachaidh níos faide ná an oibleagáid atá anois ann an trédhearcacht a áirithiú i measc na mBallstát.

Dá bhrí sin, cuirfidh an Coimisiún togra síos faoi dheireadh na bliana seo ar a dhéanaí chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chreata reatha a fheabhsú. Beidh sé i gceist go mbeidh an creat oiriúnach dá fheidhm i dtimpeallacht teicneolaíochta agus slándála atá ag athrú go tapa, agus go neartófar cumas an Aontais a ról mar ghníomhaí domhanda a ghlacadh go hiomlán i gcomhthéacs ina bhfuil na córais iltaobhacha rialaithe onnmhairí faoi bhrú, agus lánurraim á tabhairt d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach.    

Infheistíocht amach

Tá leas coiteann ag an Aontas agus ag na Ballstáit freisin a chosc go gcothódh caipiteal, saineolas agus eolas ár ngnólachtaí an tsraith chúng d’fhorbairtí teicneolaíochta a meastar ról lárnach a bheith acu i bhfeabhsú chumais mhíleata agus faisnéise na ngníomhaithe a d’fhéadfadh iad a úsáid chun an bonn a bhaint den tsíocháin agus den tslándáil idirnáisiúnta.

Teastaíonn cur chuige iomlánaíoch ionas go gcuirfidh na rialuithe straitéiseacha trádála agus infheistíochta ar ár gcumas dúinn ár leasanna bunúsacha slándála a chosaint. Tarraingíonn sé sin ceist maidir leis an ngá rialuithe a chur i bhfeidhm ní hamháin ar earraí onnmhairithe, ach ar infheistíocht amach áirithe freisin, chun cur i gcoinne riosca sceite na teicneolaíochta agus an fheasa gnó mar chuid den infheistíocht sin.

Thairis sin, ní mór an comhar a mhéadú chun cosc a chur ar sceitheadh teicneolaíochtaí íogaire atá ag teacht chun cinn, chomh maith le hearraí dé-úsáide eile, chuig cinn scríbe ar údar imní iad agus a oibríonn straitéisí sibhialta-míleata comhtháite, agus chun cúiteamh aon onnmhairí agus infheistíochtaí rialaithe a sheachaint.

Scrúdóidh an Coimisiún cé na rioscaí slándála a d’fhéadfadh teacht as infheistíochtaí amach, i gcomhar leis na Ballstáit. Cuirfidh sé grúpa tiomnaithe nua saineolaithe ó na Ballstáit ar bun chun cabhrú leis na cúraimí sin agus forbróidh sé sásra nua struchtúrtha le haghaidh comhar rúnda. Déanfaidh an Coimisiún, le hionchur ón ngrúpa nua saineolaithe seo, gníomhaíochtaí for-rochtana agus comhairliúcháin le lucht gnó agus le páirtithe leasmhara eile, agus le tíortha comhpháirtíochta, de réir mar is iomchuí.

Ar an mbonn sin, scrúdóidh an Coimisiún bearta lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála a bhaineann le hinfheistíochtaí amach, d’fhonn tionscnamh a mholadh faoi dheireadh na bliana. .

Go hachomair, tá gá le haontacht ar leibhéal an Aontais chun úsáid níos láidre agus níos gasta a bhaint as na hionstraimí atá ag an Aontas cheana nuair a bhíonn siad ag teastáil, agus cur chuige níos teanntásaí i leith an fhorfheidhmithe. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a chinntiú go mbainfear leas iomlán astu sin chun an athléimneacht eacnamaíoch a neartú agus leasanna slándála riachtanacha a chosaint, agus aird á tabhairt freisin ar na tionchair lasmuigh den Aontas. Ba cheart gnólachtaí an Aontais a spreagadh freisin chun rioscaí slándála eacnamaíocha a chomhtháthú ina bpróisis díchill chuí agus bainistithe riosca. Ina theannta sin, i réimsí áirithe, sainaithnítear sa Teachtaireacht seo an gá atá le huirlisí a neartú nó uirlisí nua a fhorbairt a bheidh inchurtha le rioscaí an lae inniu.

3.3 Comhpháirtíochtaí maidir leis an tslándáil eacnamaíoch

Ní féidir leis an Aontas an tslándáil eacnamaíoch a bhaint amach ina aonar. Ní féidir ach oiread a fhreagairt bheartais a bheith aontaobhach. Leanfaidh an geilleagar domhanda de bheith comhtháite agus idirnasctha, agus beidh éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais ag brath ar chomhar agus ar chomhordú le tíortha eile. Tá an trédhearcacht agus an comhar bunriachtanach lena chinntiú nach n-imreoidh beartais slándála eacnamaíche tionchar neamh-inmhianaithe ar thríú tíortha, agus go háirithe ar na tíortha is leochailí. Chun rioscaí ar shlabhraí soláthair a laghdú agus suaití a mhaolú, ní mór éagsúlú an tsoláthair agus is gá rochtain ar shraith éagsúil margaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin. Thairis sin, is cosúil go mór na leochaileachtaí atá ag an Aontas maidir le spleáchais chriticiúla in earnálacha straitéiseacha agus na leochaileachtaí atá ag go leor gníomhaithe domhanda eile, a chomhpháirtithe is dlúithe san áireamh, agus d’fhéadfadh aon tír a bheith i mbaol cineálacha éagsúla comhéigin eacnamaíoch.

Is argóint láidir an méid sin ar son comhar leis an réimse is leithne is féidir de chomhpháirtithe, lena n-áirítear comhpháirtithe seanbhunaithe atá ar aon intinn linn, amhail comhaltaí G7, chomh maith le tíortha eile a bhfuil leasanna i gcoiteann againn leo agus atá toilteanach comhoibriú linn.

Comhar solúbtha a bheidh ann agus foirmeacha, raonta feidhme agus cineálacha rannpháirtithe éagsúla aige de réir na leasanna comhroinnte agus na spleáchas coiteann a bhíonn i gceist agus de réir an réimse beartais sonrach nó na rioscaí a shainaithnítear.

Comhar déthaobhach agus ilpháirtí

Tá an tAontas ag leathnú go mór a ionstraimí comhair dhéthaobhaigh agus ilpháirtí le bheith in inmhe gníomhú níos lúfaire nuair is gá sin chun slándáil eacnamaíoch níos fearr a bhaint amach. Is gné lárnach é sin de fhreagairt bheartais an Aontais, agus coincheap na slándála trí éagsúlú na gcomhpháirtithe á chur chun feidhme. Tá dlúthchomhar maidir leis an tslándáil eacnamaíoch ar siúl cheana féin le comhpháirtithe éagsúla lena n-áirítear na Stáit Aontaithe agus an India mar chuid de na Comhairlí Trádála agus Teicneolaíochta (CTTanna) leis an dá thír. Beidh sruth oibre tiomnaithe maidir le saincheisteanna slándála eacnamaíche mar chuid den Idirphlé Eacnamaíoch Ardleibhéil idir an tAontas agus an tSeapáin.

Is fóram tábhachtach é G7 le haghaidh comhar maidir leis an tslándáil eacnamaíoch. Sa ráiteas ó Chruinniú Mullaigh Hiroshima maidir leis an athléimneacht eacnamaíoch agus an tslándáil eacnamaíoch i mí na Bealtaine 2023, deimhníodh tiomantas Cheannairí G7 oibriú i gcomhar le chéile agus le comhpháirtithe lasmuigh de G7 chun an athléimneacht eacnamaíoch dhomhanda agus an tslándáil eacnamaíoch a mhéadú, trí shlabhraí soláthair athléimneacha agus bonneagar criticiúil a fhorbairt, trí chleachtais dhíobhálacha amhail beartais neamh-mhargaidh agus comhéigean eacnamaíoch a fhreagairt, agus trí sceitheadh teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a chosc.

Trí bhosca uirlisí geo-eacnamaíoch chomh fairsing agus is féidir a bheith againn – idir Chomhaontuithe Saorthrádála, Chomhpháirtíochtaí Digiteacha, Chomhghuaillíochtaí agus Comhpháirtíochtaí Glasa, Chomhpháirtíochtaí Amhábhar, an Club Amhábhar, agus chomhar neartaithe le tíortha i gcomharsanacht an Aontais – is féidir linn réimse leathan dúshlán a bhaineann leis an tslándáil eacnamaíoch a fhreagairt leis an uirlis iomchuí sa chaoi go mbainfear amach an comhordú agus an éifeacht is mó is féidir. Leanfaimid de na hionstraimí sin a úsáid agus cuirfimid in oiriúint iad ionas gur fearr a chuirfidh siad le hathléimneacht an tslabhra soláthair agus le slándáil eacnamaíoch an Aontais.

Leanfaimid den leas is fearr is féidir a bhaint as líonra ollmhór Comhaontuithe Saorthrádála an Aontais trína gcur chun feidhme go hiomlán, agus beimid ag obair freisin chun an líonra sin a leathnú. Is áis iad na comhaontuithe sin chun rioscaí gnólachtaí a laghdú agus chun éagsúlú a dhéanamh agus spleáchais a laghdú trí mhargaí nua a oscailt. Is cuidiú iad le naisc eacnamaíocha chomhthairbheacha a thógáil, go háirithe i réigiúin ina gcúiteodh tríú tíortha aon bhearna a d’fhágfadh an tAontas. Ina theannta sin, is taca iad leis an inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil.

Príomhghné den tslándáil eacnamaíoch is ea ullmhacht an Aontais a chomhpháirtíochtaí a threisiú le tíortha i mbéal forbartha a d’fhéadfadh ról níos mó a bhaint amach i slabhraí luacha domhanda. Ní hamháin go bhfuil luach ann féin sa tacaíocht airgeadais agus theicniúil a thugann an tAontas do thíortha ísealioncaim agus meánioncaim le haghaidh an tionsclaithe agus an aistrithe ghlais agus chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh, agus go gcruthaíonn an tacaíocht sin éifeachtaí dearfacha do na pobail áitiúla, ach cuireann sí lenár n-athléimneacht eacnamaíoch freisin trí gheilleagar domhanda níos éagsúlaithe a chur chun cinn.

I ndáil leis an méid sin, déanfaidh Global Gateway agus an Chomhpháirtíocht le haghaidh Infheistíochtaí Bonneagair Dhomhanda rannchuidiú ríthábhachtach le slándáil eacnamaíoch a dtairbhithe, ag láidriú a nasc eacnamaíoch leis na geilleagair dhomhanda agus á gcomhtháthú iontu. Cabhróidh na tionscnaimh sin leis an Aontas agus lena chomhpháirtithe dul i ngleic le dúshláin mhóra le chéile, dúshláin ar nós an t-athrú aeráide a chomhrac, bonneagair dhigiteacha shlána a chur in úsáid, córais sláinte a fheabhsú, agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, sin agus roghanna inbhuanaithe a chur ar fáil dár gcomhpháirtithe de rogha ar chleachtais infheistíochta a chuirfeadh le baol an chomhéigin eacnamaíoch óna gcreidiúnaithe. Cuireann siad freisin le slándáil eacnamaíoch an Aontais, go háirithe trí chabhrú le slabhraí soláthair a éagsúlú agus slabhraí luacha a chomhtháthú le comhpháirtithe in earnálacha tábhachtacha.

Leanfaidh an tAontas de chineálacha eile comhair a fhorbairt le comhpháirtithe éagsúla maidir le ceisteanna is spéis dúinn, mar shampla maidir le hamhábhair chriticiúla laistigh de Chlub Amhábhar Criticiúil.

Comhar iltaobhach

Ar an leibhéal domhanda, is é an comhar iltaobhach agus an creat atá bunaithe ar rialacha is bunús do shlándáil eacnamaíoch an Aontais agus gach tíre sa chomhphobal idirnáisiúnta. Fiú amháin i dtimpeallacht iomaíochta straitéisí agus eacnamaíche, tá scóip ann le haghaidh comhar idirnáisiúnta maidir le dúshláin choiteanna agus tá gá le rialacha soiléire lena ráthófar trádáil oscailte chothrom, óir beidh siad ina gcosaint ar an treocht i dtreo chóras ‘cloíonn neart ceart’ agus i dtreo na hilroinnte eacnamaíche nó na caomhnaitheachta.

Dá bhrí sin, is é leas an Aontais an comhar iltaobhach a neartú trí fhóraim agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail G20, na Náisiúin Aontaithe nó na Bainc Forbartha Iltaobhacha. I réimse na trádála, leanfaidh an tAontas de na hiarrachtaí athchóiriú a dhéanamh ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus a feidhm réitithe díospóidí a athbhunú, i bhfianaise an ról ríthábhachtach atá ag EDT éifeachtach chun an riosca a bhaineann le hiompar treallach a íoslaghdú agus raon feidhme aon srianta trádála a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú.

Na chéad chéimeanna eile

Déanfaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí, faoi chuimsiú a gcuid inniúlachtaí faoi seach, an méid seo a leanas:

Øcreat a fhorbairt i gcomhar leis na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann do shlándáil eacnamaíoch an Aontais; áirítear leis sin liosta a bhunú de theicneolaíochtaí atá ríthábhachtach don tslándáil eacnamaíoch agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leo d’fhonn bearta maolaitheacha iomchuí a cheapadh.

Ødul i mbun idirphlé struchtúrtha leis an earnáil phríobháideach chun comhthuiscint ar an tslándáil eacnamaíoch a fhorbairt agus iad a spreagadh chun dícheall cuí agus bainistíocht riosca a dhéanamh i bhfianaise ábhair imní slándála eacnamaíche.

Øtacaíocht bhreise a thabhairt do cheannasacht theicneolaíoch an Aontais agus d’athléimneacht shlabhraí luacha an Aontais, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt trí STEP.

Øathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Scagadh Infheistíochta Dírí Coigríche.

Øféachaint ar roghanna chun tacaíocht spriocdhírithe leordhóthanach a chinntiú le haghaidh taighde faoi theicneolaíochtaí dé-úsáide agus lena bhforbairt.

Ørialachán an Aontais maidir le rialuithe ar onnmhairí dé-úsáide a chur chun feidhme go hiomlán agus togra a dhéanamh chun a éifeachtacht agus a éifeachtúlacht a chinntiú.

Øtionscnamh a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála a bhaineann le hinfheistíochtaí amach.

Øbearta a mholadh chun slándáil na taighde a fheabhsú, bearta lena n-áiritheofar forfheidhmiú dian córasach na n-uirlisí atá ann cheana agus lena aithneofar aon bhearnaí atá fós ann. 

Øféachaint an bhféadfaí úsáid spriocdhírithe a bhaint as ionstraimí CBES chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú, lena n-áirítear na boscaí uirlisí Hibrideacha agus Cibear-Thaidhleoireachta agus an bosca uirlisí maidir le hionramháil eachtrach ar fhaisnéis agus cur isteach eachtrach (FIMI).

ØTreoir a thabhairt d’Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise an Aontais Eorpaigh (SIAC) oibriú go sonrach ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do shlándáil eacnamaíoch an Aontais a bhrath.

Øa áirithiú go ndéanfar cosaint agus cur chun cinn shlándáil eacnamaíoch an Aontais a chomhtháthú go hiomlán i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh agus dlús a chur leis an gcomhar le tríú tíortha maidir le saincheisteanna slándála eacnamaíocha.

Conclúid

I ndomhan idirnasctha, ní féidir le haon tír gníomhú ina haonar chun a slándáil eacnamaíoch a chinntiú. Sa lá atá inniu ann, is annamh is féidir leasanna, leochaileachtaí agus freagairtí na mBallstát ó thaobh slándáil eacnamaíoch agus slándáil náisiúnta de a aithint ar leithligh ó leasanna, leochaileachtaí, agus freagairtí na mBallstát eile nó an Aontais trí chéile. Tá dlúthbhaint idir leasanna na mBallstát aonair agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, sláine bheartas trádála an Aontais agus leasanna slándála an Aontais trí chéile.

In éagmais cur chuige Aontais i leith na slándála eacnamaíche, déanfaidh ár gcomhpháirtithe a rogha féin comhghuaillíochtaí, agus féachfaidh páirtithe is lú dea-thoil lenár scaradh agus ár dtreascairt. Dá bhrí sin, tá gníomhaíocht choiteann chomhordaithe ón Aontas ar fud na réimsí beartais, trí chomhar idir an tAontas agus na Ballstáit, ríthábhachtach do shlándáil eacnamaíoch an Aontais. Éireoidh linn má chuirimid le chéile.