16.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 214/43


P9_TA(2023)0010

An Comhbheartas Slándála agus Cosanta a chur chun feidhme – tuarascáil bhliantúil 2022

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2023 ar chur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2022 (2022/2050(INI))

(2023/C 214/05)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Caibidil a Dó, Roinn a Dó de maidir le forálacha i dtaca leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (1) (EDF),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (2),

ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Ghnímh um thionscal cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) (COM(2022)0349),

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (3),

ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le comhshocrú sibhialtach CBSC a bhunú, a ghlac an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ag an gcruinniú a bhí aici ar an 19 Samhain 2018,

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána (4) (EPF),

ag féachaint do Chinntí (CBES) 2021/748 (5), (CBES) 2021/749 (6) agus (CBES) 2021/750 (7) ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le rannpháirtíocht Cheanada, Ríocht na hIorua agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtionscadal Soghluaisteachta Míleata PESCO,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/1143 ón gComhairle an 12 Iúil 2021 maidir le Misean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i Mósaimbíc (EUTM Mhósaimbíc) (8),

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/638 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialtaí san Úcráin (EUAM Ukraine) (9),

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena mbunaítear an Misean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (10),

ag féachaint do chinneadh (CBES) 2022/1970 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM Georgia) (11),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 22 Deireadh Fómhair 2021 agus an 24-25 Márta, an 30-31 Bealtaine agus an 23-24 Meitheamh 2022,

ag féachaint do chonclúidí ó Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an 12 Nollaig 2022,

ag féachaint do chinneadh (CBES) 2022/2444 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) (12),

ag féachaint do chinneadh (CBES) 2022/1970 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 (13) lena mbunaítear acmhainneacht faireacháin an Aontais a bhunú san Airméin agus do chinneadh an 19 Nollaig 2022 ón gComhairle maidir le foireann um chúnamh pleanála idirthréimhseach a imlonnú san Airméin,

ag féachaint do Dhearbhú Versailles a glacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gceannairí stáit nó rialtais an 11 Márta 2022,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 22 Eanáir 2018 maidir leis an gcur chuige comhtháite i leith coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha agus an 24 Eanáir 2022 maidir le staid slándála na hEorpa,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 25 Samhain 2013, an 18 Samhain 2014, an 18 Bealtaine 2015, an 27 Meitheamh 2016, an 14 Samhain 2016, an 18 Bealtaine 2017, an 17 Iúil 2017, an 25 Meitheamh 2018, an 17 Meitheamh 2019, an 10 Nollaig 2019, an 17 Meitheamh 2020, an 12 Deireadh Fómhair 2020, an 20 Samhain 2020, an 7 Nollaig 2020 agus an 10 Bealtaine 2021 maidir le CBSC,

ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 2020 maidir leis an óige i ngníomhaíocht sheachtrach,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Aibreán 2021 maidir le comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – clár oibre nua don Mheánmhuir’,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin/Oibríocht EUFOR Althea,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 24 Eanáir 2022 maidir leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas Eorpach maidir le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime go dtí an chéad leibhéal eile: Tosaíochtaí 2022-2024,

ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 21 Feabhra 2022 lena leathnaítear agus lena bhfeabhsaítear Coincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe i Murascaill na Guine,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 maidir leis an bhforbairt ar sheasamh cibearshlándála an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha an 16 Bealtaine 2022 agus do chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha le hAirí Cosanta an 17 Bealtaine 2022,

ag féachaint don straitéis dhomhanda dar teideal Shared Vision, Common Action: A Stronger Europe – A Global Strategy for the European Union’s Foreign and Security Policy [Fís Chomhroinnte, Gníomhaíocht Chomhchoiteann: Eoraip níos láidre – Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh], ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) an 28 Meitheamh 2016,

ag féachaint do Strategic Compass for Security and Defence – For a European Union that protects its citizens, values and interests and contributes to international peace and security [Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint — I gcás Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta], a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Márta 2022,

ag féachaint do Threochlár na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) um Athrú Aeráide agus Cosaint an 6 Samhain 2020 agus don rún ón bParlaimint an 7 Meitheamh 2022 ina leith (14),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 6 Márta 2014, dar teideal For an open and secure global maritime domain: elements for a European Union maritime security strategy [Ar mhaithe le réimse muirí domhanda a bheadh oscailte agus slán: gnéithe le haghaidh straitéis slándála muirí an Aontais Eorpaigh] (JOIN(2014)0009),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála (COM(2020)0605),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 maidir le rannchuidiú an Choimisiúin leis an gcosaint Eorpach (COM(2022)0060),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 dar teideal Roadmap on critical technologies for security and defence (COM(2022)0061), [Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta],

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh” (JOIN(2022)0024),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Nollaig 2020 dar teideal The EU’s Cybersecurity Strategy for the Digital Decade [Straitéis Chibearshlándála an Aontais don Deacáid Dhigiteach] (JOIN(2020)0018),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2021 dar teideal Action Plan on synergies between civil, defence and space industries [Plean Gníomhaíochta maidir le sineirgí idir tionscail shibhialta, chosanta agus spáis] (COM(2021)0070),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Samhain 2022 dar teideal Action plan on military mobility 2.0 [Plean Gníomhaíochta 2.0 maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata] (JOIN(2022)0048),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Samhain 2022 dar teideal EU Policy on Cyber Defence [Beartas AE maidir leis an gCibearchosaint] (JOIN(2022)0049),

ag féachaint don dara clár oibre bliantúil de chuid an Chiste Eorpaigh Cosanta le haghaidh 2022, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 25 Bealtaine 2022,

ag féachaint do Chonradh an Atlantaigh Thuaidh,

ag féachaint don Dearbhú ó Chruinniú Mullaigh Mhaidrid, a d’eisigh na Cinn Stáit agus Rialtais a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh i Maidrid an 29 Meitheamh 2022,

ag féachaint do na hiarratais ón tSualainn agus ón bhFionlainn ar dhul isteach in ECAT, a tíolacadh go comhpháirteach an 18 Bealtaine 2022, agus do shíniú na bPrótacal Aontachais le haghaidh na Fionlainne agus na Sualainne ag Comhghuaillithe ECAT an 5 Iúil 2022,

ag féachaint do Choincheap Straitéiseach ECAT 2022 a ghlac Cinn Stáit agus Rialtais ECAT ag Cruinniú Mullaigh ECAT i Maidrid an 29 Meitheamh 2022,

ag féachaint do na trí Dhearbhú Chomhpháirteacha maidir leis an gcomhar idir AE agus ECAT a síníodh an 8 Iúil 2016, an 10 Iúil 2018 agus an 10 Eanáir 2023,

ag féachaint don tacar comhchoiteann de 74 thogra chun Dearbhú Comhpháirteach Vársá a chur chun feidhme a d’fhormhuinigh Comhairlí AE agus ECAT an 6 Nollaig 2016 agus an 5 Nollaig 2017,

ag féachaint don seachtú tuarascáil ar dhul chun cinn an 20 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme an tacair chomhchoitinn de thograí a d’fhormhuinigh Comhairlí AE agus ECAT an 6 Nollaig 2016 agus an 5 Nollaig 2017,

ag féachaint do na tuarascálacha agus do na moltaí ábhartha arna nglacadh ag Tionól Parlaiminteach ECAT (TP ECAT),

ag féachaint don ráiteas ó chruinniú mullaigh AE-na Stát Aontaithe dar teideal Towards a Renewed Transatlantic Partnership [I dtreo Comhpháirtíocht Thrasatlantach Athnuaite] an 15 Meitheamh 2021,

ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach ó Rúnaí Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí an 3 Nollaig 2021 maidir le hidirphlé slándála agus cosanta AE-Stát Aontaithe Mheiriceá a sheoladh chomh maith leis na cruinnithe ar an idirphlé sin ina dhiaidh sin,

ag féachaint do chogadh gan údar gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine, dá hionradh agus a hionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus ar réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia, chomh maith le forghabháil réigiúin na hAbcáise agus na hOiséite Theas sa tSeoirsia agus réigiún Transnistria i bPoblacht na Moldóive,

ag féachaint do theicneolaíochtaí nua amhail an intleacht shaorga (IS), cumais spáis agus an ríomhaireacht chandamach lena gcuirtear deiseanna nua ar fáil don chine daonna, ach freisin lena gcruthaítear dúshláin nua i réimse na cosanta agus an bheartais eachtraigh lena n-éilítear straitéis shoiléir agus comhthoil i measc comhghuaillithe,

ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,

ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, go háirithe Airteagal 2.4 de lena dtoirmisctear forneart a úsáid agus d’Airteagal 51 maidir leis an gceart bunúsach chun féinchosanta aonair agus comhchoitinne,

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,

ag féachaint do Rúin 1325 (2000), 1889 (2013), 2122 (2013), 2242 (2015) agus 2493 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil agus do Rúin 2250 (2015), 2419 (2018) agus 2535 (2020) maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil,

ag féachaint do na rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCipir,

ag féachaint d’Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí de chuid na Comhdhála um Shlándáil agus Comhar san Eoraip 1975,

ag féachaint do rún an 12 Meán Fómhair 2018 uaithi maidir le córais arm uathrialaitheach (15),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Nollaig 2018 maidir le soghluaisteacht mhíleata (16),

ag féachaint don rún uaithi an 12 Márta 2019 maidir le hacmhainneacht AE i ndáil le coinbhleachtaí a chosc agus idirghabháil a dhéanamh ina leith (17),

ag féachaint dá seasamh an 26 Samhain 2019 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus Treoir 2008/118/CE maidir leis na socruithe ginearálta do dhleacht mháil a mhéid a bhaineann leis an iarracht chosanta laistigh de chreat an Aontais (18),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le honnmhairiú Arm: Comhsheasamh 2008/944/CBES a chur chun feidhme (19),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 ar chur chun feidhme Threoir 2009/81/CE, maidir le soláthar i réimsí na cosanta agus na slándála (An Treoir maidir le Soláthar Poiblí), agus Threoir 2009/43/CE, maidir le haistriú táirgí a bhaineann le cosaint (20),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2021 ar an gcomhar idir AE agus ECAT i gcomhthéacs an chaidrimh thrasatlantaigh (21),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le staid chumais chibearchosanta AE (22),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2021 (23),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta – tuarascáil bhliantúil 2021 (24),

ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2022 maidir le fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine (25),

ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis (26),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir leis na conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 24-25 Márta 2022, lena n-áirítear na forbairtí is déanaí maidir leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine agus smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise agus a gcur chun feidhme (27),

ag féachaint do mholadh uaithi an 8 Meitheamh 2022 don Chomhairle agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta AE tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (28),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an tslándáil i limistéar Chomhpháirtíocht an Oirthir agus ról an chomhbheartais slándála agus cosanta (29),

ag féachaint dá moladh an 14 Meán Fómhair 2022 chuig an gCoimisiún agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh / Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcomhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – clár oibre nua don Mheánmhuir,

ag féachaint dá rún reachtach an 14 Nollaig 2022 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais +) (30),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0296/2022),

A.

de bhrí go bhfuil an Eoraip ag tabhairt aghaidh ar an gcumasc is casta de bhagairtí míleata agus neamh-mhíleata araon ó dheireadh an Chogaidh Fhuair, ar bagairtí iad a ngéaraítear orthu le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cogadh neamhdhleathach gan chúis gan údar é; de bhrí go n-áirítear ar na bagairtí neamh-mhíleata bréagaisnéis, cibirionsaithe, ionsaithe ar bhonneagar criticiúil, feallmharuithe, gníomhartha sabaitéireachta, brú eacnamaíoch, dúmháil bia agus fuinnimh, ionstraimiú na himirce, agus tionchar polaitiúil treascrach; de bhrí nach féidir glacadh le haon chur isteach a dhéantar d’aon ghnó ar bhonneagar gníomhach fuinnimh na hEorpa agus gur cheart go n-eascródh an fhreagairt is láidre is féidir as; de bhrí gur ionsaí ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe é ionradh na Rúise ar an Úcráin; de bhrí gur ionsaí é an cogadh foghach sin ar ailtireacht slándála na hEorpa a tógadh tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus tar éis dheireadh an Chogaidh Fhuair a raibh an Rúis páirteach ann; de bhrí gur roghnaigh an tUachtarán Putin, ina chogadh i gcoinne na hÚcráine agus ina ionsaí in aghaidh na hEorpa agus an Iarthair, géarú d’aon turas bunaithe ar thionscnaimh amhail eagrú bréag-reifreann i gcríocha na hÚcráine faoi fhorghabháil, ionghabháil chríocha Luhansk, Donetsk, Kherson agus Zaporizhzhia, slógadh páirteach fhórsaí na Rúise agus bagairtí leanúnacha agus géaraitheacha, lena n-áirítear an bhagairt go n-úsáidfí airm núicléacha; de bhrí go raibh foraithne an Uachtaráin Vladimir Putin an 21 Meán Fómhair 2022, lenar fógraíodh slógadh páirteach i gCónaidhm na Rúise, ina cúis le brú imirce ó Rúisigh a bhí ag teitheadh óna dtír thar na teorainneacha leis an tSeoirsia, leis an gCasacstáin agus leis na tíortha Baltacha, ach thar aon ní eile, leis an ionsaí brúidiúil i gcoinne na hÚcráine agus leis an gcinedhíothú atá á dhéanamh ar mhuintir na hÚcráine, gur chruthaigh sé fulaingt dhoshamhlaithe, ónar eascair an sruth dídeanaithe is mó ón Dara Cogadh Domhanda i leith; de bhrí nach amháin go bhfuil an Úcráin ag cosaint a ceannasachta agus a hiomláine críochaí, ach tá sí ag cosaint luachanna coiteanna Eorpacha an daonlathais freisin; de bhrí nach raibh aon bhearta láidre agus éifeachtacha i bhfeidhm chun ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine a dhíspreagadh; de bhrí go ndearna an Rúis cogadh núicléach a bhagairt arís agus arís eile ar an Úcráin, ar ECAT agus ar Bhallstáit AE;

B.

de bhrí go mbaineann bua na hÚcráine freisin le hinchreidteacht AE agus a beartais slándála agus cosanta;

C.

de bhrí, mar fhreagairt ar na bagairtí sin, nach mór do AE feabhas a chur go práinneach ar éifeachtacht a bheartais eachtraigh, slándála agus cosanta chun a leasanna, a luachanna agus a shaoránaigh a chosaint, laistigh agus lasmuigh dá theorainneacha araon, agus thar aon ní eile ina chomharsanacht, chun síocháin, slándáil an duine, forbairt inbhuanaithe agus daonlathas a chur ar fáil agus chun tacú lena chomhpháirtithe; de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an gCompás Straitéiseach an treoir straitéiseach agus na huirlisí réalaíocha agus oibríochtúla is gá a thabhairt don Aontas chun bogadh i dtreo beartas cosanta comhleanúnach agus inchreidte, agus chun go mbeidh sé ina sholáthraí slándála éifeachtach agus cumasach agus ina ghníomhaí teanntásach domhanda; de bhrí go bhfuil práinn nua le borradh a chur faoi chumais slándála agus chosanta an Aontais, lena n-áirítear cur leis an tacaíocht nach bhfacthas a leithéid cheana don Úcráin, go háirithe tríd an tSaoráid Eorpach Síochána (EPF), agus comhlántacht le ECAT a áirithiú; de bhrí go bhfágann ionsaí hibrideach na Rúise gur gá an chosaint d’Eoraip shaor a dhearadh ar bhealach cuimsitheach agus ilghnéitheach lena n-ionchorpraítear na réimsí criticiúla uile, ó acmhainneachtaí míleata traidisiúnta a fheabhsú, go bonneagar criticiúil do shibhialtaigh, slabhraí soláthair agus saoráidí fuinnimh a chosaint, chomh maith leis an gcomhrac gníomhach i gcoinne na bréagaisnéise agus bagairtí cibearshlándála; de bhrí gur chuir ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine béim ar an easpa infheistíochta atá ann sa tslándáil agus sa chosaint i roinnt mhaith Ballstát AE agus ECAT; de bhrí go bhfuil na mílte fórsaí cosanta talún, aeir agus muirí breise imscartha ag ECAT chuig a chliathán thoir; de bhrí go bhfuil ECAT ag cuidiú le hiarrataí ar chúnamh a chomhordú thar ceann na hÚcráine; de bhrí gur ionsaí spriocdhírithe ar bhonneagar criticiúil AE a bhí sa phléascadh a rinne damáiste do phíblínte gáis Nord Stream; de bhrí go bhfuil lámh anois ag an mBealarúis i gcogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

D.

de bhrí gur chinn an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an 12 Nollaig 2022 méadú EUR 2 bhilliún a dhéanamh ar an uasteorainn fhoriomlán airgeadais in 2023, agus go bhféadfaí an uasteorainn sin a mhéadú arís amach anseo;

E.

de bhrí gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú i mí na Nollag 2022 maidir le pacáiste tacaíochta EUR 18 mbilliún a bheidh le haistriú chuig an Úcráin mar thacaíocht i rith 2023;

F.

de bhrí, de réir an Chompáis Straitéisigh, “go gcuirfidh AE níos láidre agus níos cumasaí i réimse na slándála agus na cosanta go dearfach leis an tslándáil dhomhanda agus thrasatlantach agus go bhfuil sé comhlántach le ECAT, arb é is bonn i gcónaí don chosaint chomhchoiteann dá chomhaltaí. Tá an péire fite fuaite lena chéile.”

G.

de bhrí go bhforáiltear le cur chuige comhtháite AE maidir le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha d’úsáid chomhleanúnach acmhainneachtaí éagsúla AE, inar cheart dá bheartas slándála agus cosanta uirlisí sibhialta eile a chomhlánú agus a mhalairt, chun rannchuidiú le slándáil an duine agus leis an tsíocháin inbhuanaithe san Eoraip agus sa domhan mór;

H.

de bhrí gur mhéadaigh Daon-Phoblacht na Síne a caiteachas cosanta faoi thart ar 600 % le 10 mbliana anuas agus go bhfuil sí ag baint úsáid as a cumhacht mhíleata chun imeaglú agus bagairt a dhéanamh ar a comharsana, go háirithe an Téaváin, mar a léiríodh le déanaí le an mbeartaíocht mhíleata tar éis chuairt Nancy Pelosi, Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe, ar an Téaváin i mí Lúnasa 2022; de bhrí go dtarlaíonn gníomhartha dainséaracha míleata agus gríosú na Síne ar bhonn laethúil; de bhrí nach bhfuil seasamh soiléir á ghlacadh ag Daon-Phoblacht na Síne i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a sháraíonn croíphrionsabail an dlí idirnáisiúnta; de bhrí gur tháinig méadú suntasach ar chomhar míleata Rúiseach-Síneach in 2022, mar a léirítear in iliomad druileanna míleata comhpháirteacha;

I.

de bhrí gur leag dhá chomhpháirtí thábhachtacha de chuid an Aontais, an tSeapáin agus an Choiré Theas, béim ag deireadh mhí na Nollag 2022 ar an ngá atá le comhar leis an Aontas Eorpach ina straitéisí slándála nuashonraithe; de bhrí, thairis sin, gur fhógair an tSeapáin go ndéanfaí caiteachas cosanta a dhúbailt chun 2 % den olltáirgeacht intíre (OTI) a bhaint amach; de bhrí go bhfuil an tSeapáin agus an Chóiré Theas araon ag tabhairt aghaidh ar dhúshlán slándála triarach a eascraíonn as bagairtí ón Rúis, ón tSín agus ón gCóiré Thuaidh; de bhrí go ndearna an Chóiré Thuaidh níos mó ná 90 tástáil diúracán in 2022, an líon is airde riamh, agus go bhfuil ráflaí ag scaipeadh faoin 7ú tástáil núicléach, an chéad tástáil ó 2017 i leith, rud dhéanfadh níos measa go mór an tslándáil réigiúnach agus dhomhanda;

J.

de bhrí go bhfuil gá ag Comharsanacht an Oirthir agus ag na Balcáin Thiar le coinbhleachtaí a réiteach go síochánta, le cobhsaíocht agus slándáil fheabhsaithe, agus le comhar frithpháirteach méadaithe; de bhrí go bhfuil tionchar diúltach ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar an tslándáil sna réigiúin sin;

K.

de bhrí go bhfuil an réigiún Artach ag éirí níos tábhachtaí don gheopholaitíocht, don fhorbairt eacnamaíoch agus don iompar, agus go bhfuil sé ag tabhairt aghaidh, ag an am céanna, ar dhúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide, leis an míleatú agus leis an imirce; de bhrí gur cúis imní gníomhaíocht mhíleata mhéadaitheach agus méadú na Rúise san Artach;

L.

de bhrí gur tháinig forbairt ar thionchar na Rúise san Afraic, go háirithe mar gheall ar lorg méadaitheach Ghrúpa Wagner ar an mór-roinn; de bhrí go bhfuil Wagner ag baint greim láidir amach i dtíortha amhail Mailí agus Poblacht na hAfraice Láir (PAL); de bhrí go dtuairiscítear go ndearna Grúpa Wagner ainghníomhartha san Úcráin, i Mailí, sa Libia, sa tSiria agus i bPoblacht na hAfraice Láir; i Mailí, treisítear é sin le seasamh neamh-chomhoibríoch na n-údarás i leith chomhpháirtithe an Iarthair (lena n-áirítear Misean Oiliúna an Aontais Eorpaigh (EUTM) i Mailí), eagraíochtaí réigiúnacha agus Mhisean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i Mailí (MINUSMA);

M.

de bhrí go bhfuil costas idir EUR 25 bhilliún agus EUR 100 billiún in aghaidh na bliana ar ilroinnt thionsclaíoch a dhéanamh ar fhorbairt agus soláthar acmhainneachtaí míleata Eorpacha feadh teorainneacha idir tíortha agus go bhfuil tionchar suntasach aige sin ar iomaíochas foriomlán na hearnála cosanta; de bhrí nach ndearna na Ballstáit, i gcomhar le chéile, ach thart ar 11 % dá dtrealamh iomlán a sholáthar in 2020, agus 8 % in 2021, in ainneoin cómhaoiniú trí chláir arna gcistiú ag buiséad AE amhail an Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta (PADR) agus an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (EDIDP), agus in ainneoin gur gheall siad 35 % de sholáthar comhchosanta a bhaint amach; de bhrí, ó 1999 go 2021, gur tháinig méadú 20 % ar chaiteachas cosanta comhcheangailte AE i gcomparáid le 66 % sna Stáit Aontaithe, 292 % sa Rúis agus 592 % sa tSín; de bhrí gur tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le níos mó caiteachais cosanta agus caiteachas cosanta níos fearr, ar cheart é a dhíriú go príomha ar thionscnaimh chomhoibritheacha agus a ailíniú le gealltanais chomhaltaí ECAT AE maidir le caiteachas cosanta; de bhrí gur gá do AE borradh breise a chur faoin taighde, faoin bhforbairt theicneolaíoch agus faoin nuálaíocht i réimse na slándála agus na cosanta; de bhrí gur ann d’uaillmhian AE a bheith ina ghníomhaí slándála cumasach le 20 bliain, cé go bhfuil na torthaí maidir le hacmhainneachtaí, idir-inoibritheacht agus comhar costéifeachtach fós sách teoranta in ainneoin gur bunaíodh struchtúir agus próisis éagsúla, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, an Plean Forbraíochta um Chumas, Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO), an Cumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC) agus an tAthbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD); de bhrí gur seoladh 61 thionscadal PESCO san iomlán ó 2017 i leith gan torthaí nithiúla a bheith bainte amach ag aon cheann acu; de bhrí gur mhol an Coimisiún agus SEGS go mbunófaí an Gníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (EDIRPA), ar ionstraim ghearrthéarmach de chuid AE é atá dírithe ar sholáthar comhpháirteach a dhreasú chun freastal ar na riachtanais is criticiúla atá againn; de bhrí go mbeidh EUR 500 milliún ó bhuiséad AE mar thaca leis de bhreis ar infheistíochtaí na mBallstát féin; de bhrí in 2023, tar éis bailchríoch a chur ar EDIRPA, go bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh an Coimisiún rialachán a chur ar aghaidh lena mbunaítear Clár Eorpach Infheistíochta um Chosaint (EDIP) lena leagtar síos coinníollacha maidir le soláthar comhpháirteach ag na Ballstáit agus tairbhe á baint ag an am céanna as díolúine ó CBL agus as tacaíocht airgeadais AE; de bhrí go bhfuil an chosaint fós ar cheann de phríomhinniúlachtaí na mBallstát;

N.

de bhrí go bhfuil 12 mhisean shibhialtacha agus ocht n-oibríocht mhíleata ar siúl ag CBSC le thart ar 5 000 pearsanra atá imscartha ar thrí mhór-roinn; de bhrí nach bhfuil ach trí cinn díobh sin ina n-oibríochtaí a bhfuil sainordú feidhmiúcháin acu (Atalanta, Oibríocht Irini Fhórsa Cabhlaigh an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EU NAVFOR MED IRINI), EUFOR Althea); de bhrí go bhfuil misin agus oibríochtaí CBSC thíos le cinnteoireacht mhall agus micreabhainistíocht iomarcach ón gComhairle, rud is measa fós mar gheall ar chomhordú neamhleor idir gníomhaíochtaí oiliúna agus soláthar trealaimh mhíleata do chomhpháirtithe; de bhrí go bhfuil laghdú leanúnach tagtha ar an líon iomlán pearsanra atá imscartha ag na Ballstáit le blianta beaga anuas, agus go bhfuil misin agus oibríochtaí ag fulaingt go leanúnach i ngeall nach bhfuil na Ballstáit ag comhlíonadh a ngealltanas i leith pearsanra leordhóthanach míleata nó sibhialta a sholáthar; de bhrí go gcuireann teipeanna oibríochtúla den sórt sin bac ar éifeachtacht fhoriomlán mhisin agus oibríochtaí CBSC; de bhrí go neartaíonn misin agus oibríochtaí CBSC athléimneacht agus cobhsaíocht chomharsanacht na hEorpa go mór; de bhrí gurb é comhshocrú sibhialtach CBSC an phríomhionstraim chun CBSC sibhialtach a neartú; de bhrí gur minic a thagann bagairtí hibrideacha salach ar mhisin agus oibríochtaí CBSC AE, lena n-áirítear bréagaisnéis, rud a chuireann a n-éifeachtacht i mbaol a mhéid a bhaineann leis an tír ina n-úsáidtear iad a chobhsú agus, ina ionad sin, a threisíonn an éagobhsaíocht atá ann cheana, arb iad tríú stáit mhailíseacha amháin a bhaineann tairbhe aisti; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag EUFOR Althea cur i bhfeidhm chomhaontuithe Dayton a caibidlíodh in 1995 a ráthú agus go bhfuil ról ríthábhachtach aige fós do shlándáil agus do chobhsaíocht na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus an réigiúin; de bhrí gur chuir Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe síneadh bliana eile le sainordú EUFOR Althea; de bhrí gur chun leasa na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus an réigiúin é leanúint de EUFOR Althea; de bhrí go bhfuil Misean Cúnaimh Teorann AE sa Libia agus EU NAVFOR MED IRINI ag rannchuidiú le síocháin, slándáil agus cobhsaíocht inbhuanaithe tríd an trádbhac arm arna fhorchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar an Libia a chur chun feidhme, agus trí airm aindleathacha agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac;

O.

de bhrí go mbíonn tionchar díréireach ag coinbhleachtaí ar mhná agus ar chailíní agus, i measc nithe eile, go dtreisíonn siad an foréigean inscnebhunaithe mar a léiríodh freisin le cogadh foghach gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí gur cheart rannpháirtíocht na mban in oibríochtaí síochánaíochta agus míleata a spreagadh agus a threisiú; de bhrí gurb ionann mná agus 24 % de na rannpháirtithe i misin shibhialtacha CBSC agus nach bhfuil iontu ach 5 % i misin mhíleata agus 6 % in oibríochtaí míleata (31); de bhrí, i bhfianaise a thábhachtaí atá comhionannas inscne agus rannchuidiú na mban le próisis síochána, go bhfuil sé bunriachtanach gné na hinscne a áireamh i mbeartas slándála agus cosanta AE;

P.

de bhrí gur ionstraimí bunriachtanacha iad comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta, mar aon le comhar inbhuanaithe i réimse na slándála agus na cosanta, chun tacú le huaillmhian an Aontais a bheith ina ghníomhaí domhanda; de bhrí gur colún lárnach de CBSC é an comhar idir AE agus ECAT agus comhpháirtíochtaí eile amhail leis na Náisiúin Aontaithe, le ESCE, leis na Stáit Aontaithe, leis an Ríocht Aontaithe, le Ceanada, leis an Iorua, leis an Úcráin, leis an tSeoirsia, le tíortha na mBalcán Thiar, leis an tSeapáin, leis an Astráil, leis an Aontas Afracach agus le tíortha áirithe san Afraic;

Q.

de bhrí go bhfuil gné uilíoch ag baint leis an oidhreacht chultúrtha mar fhianaise ar an stair atá doscartha ó fhéiniúlacht daoine, rud nach mór don phobal idirnáisiúnta a chosaint agus a chaomhnú do na glúine atá le teacht; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag an éagsúlacht chultúrtha maidir le cosc coinbhleachtaí, athmhuintearas agus frith-antoisceachas a chur chun cinn;

R.

de bhrí go bhfuil sonraí agus teicneolaíochtaí nua amhail IS ag éirí níos criticiúla chun iomaíochas míleata a choinneáil ar bun agus go n-úsáidtear iad chun cumais mhíleata nua nó fheabhsaithe a fhorbairt amhail cibear-armáin atá cumhachtaithe ag IS, ladrainn agus airm agus feithiclí uathrialaitheacha nó leathuathrialacha, agus uirlisí faisnéise agus feasachta staide, a bhfuil tionchar claochlaitheach acu uile ar oibríochtaí míleata agus ar straitéis mhíleata;

S.

de bhrí go neartaítear fondúireachtaí daonlathacha an Aontais le ról gníomhach Pharlaimint na hEorpa i dtaca le beartais CBSC a chumadh; de bhrí gur féidir le Parlaimint na hEorpa rialú agus maoirseacht pholaitiúil a fheidhmiú go dlisteanach ar an bhfeidhmeannas ar leibhéal an Aontais; de bhrí go bhfuil easpa cumhachtaí foirmiúla grinnscrúdaithe ann maidir le EPF agus EDF; de bhrí gur modh cruthaithe agus comhlántach é taidhleoireacht Pharlaimint na hEorpa chun cumarsáid straitéiseach agus infheictheacht agus éifeachtacht mhisin agus oibríochtaí CBSC a fheabhsú;

Móiminteam a úsáid chun CBSC a fheabhsú

1.

á thabhairt chun suntais go bhfuil meath suntasach tagtha ar shlándáil na hEorpa mar thoradh ar fogha míleata gan údar, gan chúis agus neamhdhleathach a thug an Rúis faoin Úcráin; á chur i bhfáth go n-éilíonn an staid sin go gcuirfidh an tAontas dlús lena uathriail straitéiseach agus iarrachtaí comhpháirteacha chun na cumais chosanta a bhfuil gá leo a bhaint amach agus go léireoidh sé níos mó toilteanais chun leanúint de bheith ag gníomhú ar bhealach aontaithe chun an tslándáil a bhfuil saoránaigh an Aontais ag dréim leis a sholáthar;

2.

á chur i bhfios go láidir freagairt aontaithe gan fasach an Aontais ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear trealamh míleata a sholáthar trí EPF; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta i gcónaí do thacú le cosaint na hÚcráine ar a hiomláine chríochach, ar a ceannasacht agus ar luachanna na hEorpa; á iarraidh ar AE a iarrachtaí a mhéadú agus dlús a chur leo agus an chabhair agus an trealamh airgeadais, daonnúil agus míleata is gá a chur ar fáil don Úcráin, lena n-áirítear trealamh marfach agus go háirithe armra trom, lena n-áirítear tancanna Leopard agus córais aerchosanta, a bhfuil gá leis chun an cogadh sin a bhuachan; á chur in iúl gur geal léi go mór an cinneadh ón gComhairle misean cúnaimh mhíleata a chur ar bun, tar éis iarraidh ón bParlaimint roimhe seo, chun tacú leis an Úcráin (EUMAM Ukraine), a bheidh dírithe ar chumas míleata fhórsaí armtha na hÚcráine a fheabhsú chun oibríochtaí míleata a stiúradh go héifeachtach, chun go mbeidh an Úcráin in ann a hiomláine chríochach a chosaint laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, a ceannasacht a fheidhmiú go héifeachtach agus sibhialtaigh a chosaint; á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena gcúnamh míleata don Úcráin, go háirithe soláthar arm mar fhreagairt ar riachtanais atá sainaitheanta go soiléir; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar Sheansailéir na Gearmáine Scholz cuibhreannas Eorpach de thíortha ábhartha na hEorpa a thionscnamh chun dhá phríomhthanc chatha Leopard a sheachadadh chuig an Úcráin gan a thuilleadh moille; á iarraidh ar AE agus ar a Ballstáit cabhrú leis an Úcráin feabhas a chur ar a cumas a fórsaí a athghiniúint agus oibríochtaí a dhéanamh go héifeachtach chun cabhrú leis an tír a hiomláine chríochach a athbhunú agus a ceannasacht a fheidhmiú go héifeachtach, sibhialtaigh a chosaint agus freagairt d’ionsaithe míleata na Rúise; á iarraidh go bhforchuirfí smachtbhannaí breise i gcoinne daoine aonair, eintitis agus comhlachtaí atá freagrach as na coireanna éagsúla a dhéantar i gcoinne na hÚcráine;

3.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, go háirithe leo siúd a bhfágann a suíomh geografach go bhfuil siad neamhchosanta go díreach ar gharbhagairtí agus ar ghardhúshláin éagsúla ar tír, ar muir nó san aer; ag tacú go hiomlán leis na hiarrachtaí chun Airteagal 42(7) CAE a oibríochtú ina leith sin;

4.

ag cáineadh, sna téarmaí is láidre is féidir, ionghabháil neamhdhleathach na Rúise ar an gCrimé agus ar cheithre oblast na hÚcráine de Luhansk, Donetsk, Zaporizhzhia agus Kherson, agus ag cáineadh bagairtí na Rúise airm núicléacha a úsáid; á chur i bhfáth go bhfuil forfheidhmiú na mbeart sriantach i gcoinne na Rúise fós ar cheann de na príomhghnéithe i mbosca uirlisí AE chun cur i gcoinne fhogha míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi an naoú pacáiste de bhearta sriantacha ón gCoimisiún mar fhreagairt ar na reifrinn neamhdhleathacha a eagraíodh i réigiúin na hÚcráine, slógadh choinscríofaigh na Rúise agus bagairt Putin airm núicléacha a úsáid agus á chur in iúl gur geal léi na hullmhúcháin don naoú pacáiste; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tsaoirse ó phionós a lean ionradh na Rúise ar an tSeoirsia in 2008 ar cheann de na tosca as ar eascair cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

5.

á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus na Ballstáit go ndéanfaí an bhearna idir cúnamh míleata “geallta” agus cúnamh míleata “seachadta” chuig an Úcráin a laghdú go suntasach; á iarraidh orthu go ndéanfaidís na scrogaill pholaitiúla a shárú, ar scrogaill iad atá ag cur bac ar dhiúracáin fadraoin, tancanna agus feithiclí armúrtha a sheachadadh i gcainníochtaí leordhóthanacha chuig an Úcráin chun tacú le seoladh frithionsaithe uas-scálaithe; á iarraidh ar an Aontas agus a chomhpháirtithe, i gcomhair leis an Úcráin, go gcuirfí tús le pleanáil mheántéarmach agus fhadtéarmach chun an fhorbairt a d’fhéadfadh teacht ar láthair an chatha a mheasúnú agus chun an t-éileamh a d’fhéadfadh a bheith ar armáin agus armlón, mar aon le treoir agus raon feidhme cúnamh a d’fhéadfadh a bheith ann, a thuar;

6.

á chur in iúl gur geal léi go láidir go bhfuiltear ag leanúint de thacaíocht mhíleata thábhachtach chun acmhainneachtaí aerchosanta agus coisithe na hÚcráine a threisiú; á iarraidh ar bhaill AE agus ECAT a gcúnamh míleata a mhéadú, go háirithe tríd an armra trom is gá a sheachadadh;

7.

á chur in iúl gur baineadh stangadh mór aisti go ndearnadh ionsaí agus forghabháil ar roinnt stáisiún núicléach san Úcráin, agus go raibh siad ina láthair cogaíochta arís agus arís eile ó thosaigh an Rúis ar a cogadh foghach neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil fórsaí na Rúise fós ag áitiú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhzhia (ZNPP) arb é an gléasra cumhachta núicléiche is mó san Eoraip é, agus go bhfuil a fhoireann, a fuadaíodh cuid acu go sealadach, ag obair i gcónaí faoi bhró ó na fórsaí forghabhála; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin gur gearradh siar arís agus arís eile ar sholáthairtí cumhachta chuig an ngléasra cumhachta mar gheall ar an gcomhrac sa ghléasra agus timpeall air, rud a chuireann go mór leis an mbaol go dtarlódh tubaiste núicléach; á éileamh go dtarraingeofaí pearsanra míleata na Rúise siar láithreach ó laistigh de ZNPP agus timpeall air, agus go gcruthófaí crios dímhíleataithe timpeall an ghléasra, ag aithint go bhféadfadh mórthubaiste a mbeadh iarmhairtí doshamhlaithe aige a bheith mar thoradh ar throid timpeall an ghléasra; ag tathant ar AE cabhrú leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach agus le heagraíochtaí eile na bearta sábháilteachta núicléiche is gá a chur chun feidhme gan mhoill; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit toirmeasc iomlán ar ionsaithe míleata ar shuiteálacha núicléacha nó ó laistigh díobh a chur chun cinn, gan eisceacht, faoin dlí idirnáisiúnta;

8.

á iarraidh ar an Aontas agus ar Bhallstáit go ndéanfaí réitigh a chur san áireamh maidir le saoráidí cothabhála, seirbhísí agus deisithe a neartú chun athsholáthar trealaimh mhíleata dheisithe ó na tíortha comhpháirtíochta a mhéadú;

9.

á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh nua AE chun feabhas a chur ar shlándáil agus cosaint na hEorpa, chomh maith le cumais Bhallstáit AE, go háirithe Dearbhú Versailles, an Compás Straitéiseach agus an teachtaireacht chomhpháirteach maidir le bearnaí in infheistíocht sa chosaint; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán chun soláthar comhpháirteach a dhreasú (EDIRPA) agus béim á leagan ag an am céanna ar an ngá atá le hacmhainní buiséadacha a leithdháileadh, go háirithe trí na Ballstáit agus a mbuiséid chosanta mhéadaithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart féachaint an bhféadfaí feabhas a chur ar róil agus freagrachtaí GEC i dtionscadail chomhpháirteacha soláthair amach anseo; á iarraidh go mbeadh uaillmhian mhéadaithe ann maidir le caiteachas infheistíochta cosanta agus soláthar comhpháirteach ag na Ballstáit; á chur in iúl gur geal léi an cur i láthair a d’fhógair an Coimisiún ar an Rialachán maidir leis an gClár Eorpach Infheistíochta um Chosaint (EDIP) tar éis bailchríoch a chur ar EDIRPA in 2023, ar cheart a bhuiséad a mhéadú go suntasach freisin; á thabhairt chun suntais gur céim mhór iad sin i dtreo Aontas Eorpach um Chosaint a bhaint amach; á iarraidh go méadófar deiseanna cistiúcháin do thionscal cosanta na hEorpa ar choinníoll go ndéanfar iad a infheistiú i dtionscadail chomhoibríocha agus go nginfear breisluach leo; á chur in iúl gur geal léi Tionscnamh Straitéiseach um Shlándáil na hEorpa (SESI) an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta a fógraíodh an 10 Márta 2022 arb é is aidhm dó EUR 6 bhilliún d’infheistíocht a shlógadh chun tacú le córais slándála agus cosanta dé-úsáide na hEorpa agus á mholadh dó féachaint ar na roghanna cistiúcháin uile a d’fhéadfadh a bheith ann do thionscadail chomhoibríocha thionscal cosanta na hEorpa, lena n-áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar a rialacha; á iarraidh go ndéanfar buiséad leormhaith a leithdháileadh ar na hionstraimí Eorpacha cosanta uile, go háirithe an Ciste Eorpach Cosanta, an tSoghluaisteacht Mhíleata, EDIRPA agus EDIP a bheidh ann amach anseo agus, dá bhrí sin, á iarraidh go mbeadh buiséad leormhaith ann do na hionstraimí Eorpacha cosanta uile; á chur i bhfios go láidir sprioc 2 % ECAT, a athdheimhníodh ag Cruinniú Mullaigh ECAT i mí Mheán Fómhair 2014 sa Bhreatain Bheag, agus á chur in iúl gur geal léi gur bhog formhór Bhallstáit ECAT AE i dtreo an chuspóra sin le déanaí, ar cheart caitheamh léi mar sprioc íosta, ach d’ainneoin na mbagairtí slándála is mó a tharla le blianta fada anuas, nach bhfuil sé sin gnóthaithe go dtí seo ach ag roinnt stát i gcás na hEorpa — go príomha ag na stáit sin ar thaobh an Oirthir; á chur i bhfios go láidir, áfach, i bhfianaise leibhéal na ndúshlán atá ann faoi láthair, go mbeidh gá le tuilleadh infheistíochtaí in earnáil na cosanta;

10.

á chur in iúl gur geal léi an uaillmhian nua sa Chompás Straitéiseach chun fís, comhchultúr straitéiseach cosanta agus na huirlisí a chur ar fáil don Aontas chun bheith ina sholáthraí éifeachtach slándála chomh maith le slándáil agus cosaint AE a fheabhsú trí athléimneacht AE a mhéadú agus trína dhéanamh níos cumasaí agus níos freagrúla, ionas gur féidir leis gníomhú go tapa chun ár leasanna, ár bprionsabail agus ár luachanna a chosaint agus chun AE agus a shaoránaigh a chosaint; á chur in iúl gur geal léi an tiomantas láidir sa Chompás Straitéiseach do shlándáil an duine a chur chun cinn agus a fheabhsú ar fud CBSC; á mheabhrú nach mór don Chompás Straitéiseach a bheith ina phróiseas dinimiciúil, nach mór a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus a oiriúnú ar bhonn na hanailíse ar bhagairtí coiteanna; á mheas gur spreagadh mór é an Compás Straitéiseach a d’fhéadfadh an móiminteam is gá a ghiniúint i dtreo fíor-Aontas Eorpach um Chosaint a bhaint amach, a chuirfeadh le cur chuige comhtháite AE, agus a chuirfeadh ar chumas AE gníomhú mar ghníomhaí slándála cumasach agus mar chomhpháirtí iontaofa; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go tráthúil agus go hoibríochtúil na thart ar 80 gníomhaíocht nithiúil agus go ndéanfaí iad a thabhairt cothrom le dáta go rialta mar aon leis an Anailísiú ar Bhagairtí de chuid an Aontais; á chur i bhfáth go neartóidh an anailís choiteann sin ar bhagairtí cultúr straitéiseach AE chomh maith le treoir a chur ar fáil maidir le tosaíocht a thabhairt do chuspóirí beartais agus maidir leis na coigeartuithe is gá a dhéanamh i réimse na slándála agus na cosanta; á chur in iúl gur geal léi an bhéim ar leith ar chomhpháirtithe Oirthear na hEorpa sa Chompás Straitéiseach agus á iarraidh ar AE an comhar slándála leis an Úcráin, leis an tSeoirsia agus le Poblacht na Moldóive a neartú, go háirithe i réimsí amhail an chibearshlándáil agus cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus bréagaisnéise; á thabhairt dá haire go mbaineann an fhreagairt ar na saincheisteanna slándála seachtraí nua atá os comhair an Aontais agus a Bhallstát, thar aon ní eile, le cumais a dheimhniú agus a chur chun feidhme ar an láthair lena bhféadfar feabhas a chur ar an meastóireacht ar ghéarchéimeanna, cinntí a dhéanamh níos gasta agus gníomhú ar bhealach níos cinntithí; á iarraidh go mbeidh toil pholaitiúil mharthanach ag na Ballstáit agus ag institiúidí uile an Aontais sa phróiseas sin chun a áirithiú go mbeidh an tAontas sásta aghaidh a thabhairt ar an raon leathan bagairtí míleata agus neamh-mhíleata; á athdhearbhú an iarraidh ar chomhar níos doimhne le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Afracach, agus a mhisin síochánaíochta i láithreacha comhpháirteacha, agus ESCE maidir leis an tslándáil, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin; á iarraidh ar SEGS tuairisciú go rialta agus go cuimsitheach don Fhochoiste um Shlándáil agus Cosaint maidir le cur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta i gceapadh CBSC;

11.

á chur in iúl gur geal léi go mór an pacáiste tacaíochta EUR 18 mbilliún a chomhaontaigh AE i mí na Nollag 2022 agus á mheas gur cruthúnas é ar thacaíocht bhuanseasmhach AE agus a Bhallstát don Úcráin agus gur teist chumhachtach é go leanfar leis an tacaíocht sin fad is a bheidh gá léi;

12.

á chur in iúl gur geal léi an úsáid shuntasach a bhaintear as EPF le linn 2022 chun tacú le comhpháirtithe coinbhleacht a chosc, an tsíocháin a chaomhnú, agus an tslándáil agus an chobhsaíocht idirnáisiúnta a neartú; á iarraidh ar na Ballstáit buiséad EPF a mhéadú chun cur ar chumas AE athléimneacht agus cumais chosanta na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia a neartú; á mheabhrú go bhfuil gá le cúnamh míleata agus seachadtaí arm ó EPF chun ceanglais oibríochtúla mhéadaitheacha fhórsaí armtha na hÚcráine a chomhlíonadh agus Comhsheasamh AE maidir le honnmhairiú arm, an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil á chomhlíonadh go hiomlán, chomh maith le trédhearcacht agus cuntasacht leormhaith a sholáthar;

13.

á iarraidh ar AE tacú le prionsabail Chomhshocrú Slándála Chív mar réiteach láithreach eatramhach ar shlándáil na hÚcráine;

14.

á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gComhairle i mí na Nollag 2022 buiséad EPF a mhéadú agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go pras é ach á chur i bhfáth gur dócha nach mbeidh an méadú sin leordhóthanach agus, dá bhrí sin, á athdhearbhú gur gá uasteorainn EPF a ardú tuilleadh agus imchlúdach EPF ar leith a chruthú don Úcráin lena ráthaítear tacaíocht leormhaith don tír; á chur i bhfios go láidir gur gá leanúnachas a áirithiú leis an tacaíocht a thugtar do chomhpháirtithe na hAfraice, i bhfianaise líon na ngéarchéimeanna atá os comhair na mór-roinne agus gan faillí a dhéanamh ar réigiúin tosaíochta eile, lena n-áirítear ár ngarchomharsanacht; á iarraidh go ndéanfaí méadú suntasach ar thacaíocht mhíleata i ngach gné di, lena n-áirítear oiliúint agus comhroinnt faisnéise le tíortha eile atá thar a bheith leochaileach amhail Poblacht na Moldóive, an tSeoirsia agus tíortha na mBalcán Thiar; á iarraidh go rannchuideodh tacaíocht uile EPF do sholáthar trealaimh freisin le Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta (EDTIB) de chuid AE a neartú agus, i gcás inarb ábhartha do cheannasacht Eorpach, go ndéanfaí é i gcomhar le comhpháirtithe uile AE, lena n-áirítear ECAT, chun éifeachtúlacht a mhéadú agus dúbailt neamhriachtanach a sheachaint; á athdhearbhú go bhfeidhmíonn EPF freisin mar rogha chistiúcháin do chostais choiteanna na n-oibríochtaí míleata laistigh de CBSC; ag aontú leis an gCompás Straitéiseach gur féidir raon feidhme na gcostas coiteann a leathnú chun úsáid níos mó a bhaint as EPF agus giniúint fórsaí a dhreasú do mhisin agus d’oibríochtaí míleata CBSC; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht éifeachtach ar chur chun feidhme bhearta cúnaimh EPF agus ar a dtionchar ar dhinimicí coinbhleachta sna tíortha comhpháirtíochta;

15.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá PESCO maidir le cumais chosanta an Aontais a fheabhsú; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil na Ballstáit fós ag baint leas iomlán as creat PESCO agus go bhfuil dul chun cinn maidir le cur chun feidhme i bhfad níos lú ná na hionchais; á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) agus ar na Ballstáit athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar thorthaí thionscadail PESCO agus ar a n-ionchais, lenar cheart go n-áireofaí freisin an fhéidearthacht tionscadail nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach acu a chumasc, a athghrúpáil agus a dhúnadh fiú agus iarrachtaí a atreorú i dtreo líon beag tionscadal tosaíochta a bhfuil sé beartaithe gníomhaíochtaí nithiúla a bheith mar thoradh orthu mar a luaitear sa Chompás Straitéiseach; á chur in iúl gur oth léi go mór nach bhfuil an Pharlaimint in ann grinnscrúdú cuí a dhéanamh ar thionscadail PESCO;

16.

á chur in iúl gur geal léi a thábhachtaí atá feasacht staide agus fadbhreathnaitheacht straitéiseach atá fréamhaithe in acmhainneachtaí faisnéisbhunaithe laistigh den Chompás Straitéiseach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá faisnéis chruinn agus thráthúil le haghaidh cinnteoireacht agus bainistiú géarchéime éifeachtach AE chomh maith leis an ngá atá le feabhas suntasach a chur ar chomhroinnt faisnéise agus ar chomhar i measc na mBallstát, lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais, agus le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo; á iarraidh go gcruthófaí aonaid faisnéise, i gcás inar gá, i misin agus oibríochtaí CBSC, a chuirfeadh faisnéis ar fáil do Lárionad Faisnéise agus Anailíse AE (EU IntCen), EUMS, MPCC agus CPCC; á iarraidh ar mhisin agus oibríochtaí uile CBSC feabhas a chur ar a gcomhar agus ar a gcomhroinnt faisnéise le EU IntCen, EUMS, MPCC agus CPCC; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cumarsáid shlán le haghaidh faisnéis iontaofa; á iarraidh go mbeadh sreabhadh leanúnach faisnéise ann ó na Ballstáit chuig AE maidir le saincheisteanna eachtracha agus slándála a tharlaíonn lasmuigh den Aontas; á iarraidh go neartófaí EU IntCen agus Lárionad Freagartha Géarchéime SEGS trí fheabhas a chur ar a acmhainní agus ar a chumais agus é mar aidhm ag na Ballstáit faisnéis a roinnt go sábháilte, cultúr straitéiseach comhchoiteann a cheapadh agus faisnéis straitéiseach a chur ar fáil chun géarchéimeanna laistigh den Aontas agus lasmuigh de a réamh-mheas agus freagairt dóibh ar bhealach níos fearr; ag tabhairt dá haire á chur i bhfios go láidir an obair thábhachtach atá á déanamh ag Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (EU SatCen) agus á chur i bhfios go láidir nach mór do AE acmhainní leordhóthanacha a bheith aige i réimsí na n-íomhánna spáis agus an bailithe faisnéise, go háirithe chun íomháú satailíte ardtaifigh a chur ar fáil chun tacú le misin agus oibríochtaí CBSC;

17.

á chur i bhfáth gur gá an fócas ar fud na sochaí ar athléimneacht agus ar an bhfreagairt ar bhagairtí hibrideacha a neartú go suntasach; á iarraidh go ndéanfaí na hionstraimí de chuid an Aontais atá ann cheana a chur i bhfeidhm ionas gur féidir leo rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí le bagairtí hibrideacha a chosc agus a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht chomhpháirteach ar chreat beartais cibearchosanta AE agus an cinneadh chun bosca uirlisí hibrideach AE a fhorbairt chun freagairt chomhordaithe a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit feabhas a chur ar a gcumas bagairtí hibrideacha a shainaithint; á chur i bhfáth gur gá beartas agus cumais chibearchosanta AE a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear foirne mearfhreagartha cibirtheagmhas a bhunú; ag cur béim ar an ngá atá leis an mbréagaisnéis agus an bholscaireacht dhíobhálach a chomhrac; á chur i bhfios go láidir gur gá aird ar leith a thabhairt ar shócmhainní, áitribh agus gníomhaíochtaí SEGS thar lear agus ar shábháilteacht fhoireann AE arna dtarmligean chuig tíortha neamhdhaonlathacha a bhfuil réimis dhiansmachtúla acu; á athdhearbhú go bhfuil géarghá lena gcumas cumarsáide straitéisí a fhorbairt, lena n-áirítear córais chumarsáide shlána agus acmhainneacht mhearfhreagartha; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cúnamh a thabhairt, i ndlúthchomhar le ECAT, do thíortha comhpháirtíochta sna Balcáin Thiar agus i gComhpháirtíocht an Oirthir, chun cibirionsaithe agus cogaíocht hibrideach a chomhrac go héifeachtach; á chur i bhfáth, chun na bagairtí atá ag dul i méid agus an méadú atá ag teacht ar insintí frith-Eorpacha ag tríú tíortha a chomhrac, nach mór don Aontas dlús a chur lena iarrachtaí tacaíocht, oiliúint agus fothú acmhainneachta a chur ar fáil le tíortha comhpháirtíochta atá ar aon intinn leo;

18.

á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht bhreise d’oiliúint agus d’fhothú acmhainneachta i mbainistiú teorainneacha agus géarchéime do thíortha atá thíos le sreabha imirce suntasacha, lena n-áirítear na tíortha sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar insreabhadh shaoránaigh na Rúise atá ag teitheadh ó Chónaidhm na Rúise ó tharla an slógadh, agus a gcearta bunúsacha á n-urramú go hiomlán, go háirithe do na Ballstáit agus do thíortha a bhfuil misin nó oibríochtaí CBSC atá ann cheana ar a gcríoch; á chur i bhfáth go mbraitheann athléimneacht sa ré dhigiteach freisin ar spleáchais a laghdú d’ábhair chriticiúla amhail miotail tearc-chré, comhpháirteanna criticiúla amhail sliseanna, agus teicneolaíochtaí criticiúla amhail ladrainn agus trealamh míleata uathrialach; á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as ladrainn leathuathrialaitheacha agus uathrialaitheacha in oibríochtaí míleata agus i gcothabháil agus slándáil suiteálacha bonneagair criticiúla; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di a soláthar agus a n-úsáid mhailíseach;

19.

á chur i bhfáth go bhfuil an spleáchas ar réimis ollsmachtacha agus fhorlámhacha in earnálacha criticiúla, lena n-áirítear earnáil an fhuinnimh, ina riosca tromchúiseach slándála do AE; á iarraidh ar AE tosaíocht a thabhairt don spleáchas sin a laghdú agus oibriú lenár gcomhghuaillithe daonlathacha chun slabhraí soláthair slána agus athléimneacha a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le measúnú cuimsitheach agus gníomhaíochtaí cuimsitheacha chun píblínte ola agus gáis eischósta, cáblaí agus sócmhainní bonneagair straitéiseacha eile a dhaingniú; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh i margadh fuinnimh AE chun soláthar cobhsaí fuinnimh a áirithiú;

20.

á thabhairt chun suntais gur gá bonneagar agus slabhraí soláthair ríthábhachtacha Eorpacha a dhaingniú agus a chosaint, amhail iad siúd sna hearnálacha fuinnimh, leictreachais, cumarsáide, iompair nó tionsclaíocha ar shabaitéireacht agus ar thrasnaíocht eachtrach agus córais faireacháin agus faireachais éifeachtacha a chur i bhfeidhm; ag cáineadh na sabaitéireachta amhrasta ar phíblínte Nord Stream i Muir Bhailt agus á iarraidh go ndéanfar imscrúdú críochnúil agus freagairt chomhréireach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go n-áireofaí mar thosaíocht cosaint an bhonneagair faoin bhfarraige, amhail píblínte agus cáblaí snáthoptaice;

21.

á chur in iúl gur geal léi an Treochlár um Athrú Aeráide agus Cosaint, lena n-aithnítear gur “iolraitheoir bagairtí é an t-athrú aeráide a dhéanann difear bunúsach dár slándáil fhadtéarmach” agus lena leagtar amach gníomhaíochtaí nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar an nasc idir an aeráid agus an tslándáil atá ag éirí níos tábhachtaí; á mholadh go ndéanfaí impleachtaí don athrú aeráide a mheas le linn phleanáil agus chur chun feidhme mhisin agus oibríochtaí CBSC; á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíochtaí sa chosaint “glas” a mhéadú, go háirithe trí sciar níos airde den nuálaíocht mhíleata agus dhé-theicneolaíochta a thiomnú do bhreoslaí atá neodrach ó thaobh carbóin de agus do chórais tiomána d’aerárthaí míleata, do longa agus d’fheithiclí eile; á chur i bhfios go láidir gur cheart do ghníomhaíocht sheachtrach AE agus d’fhórsaí armtha na mBallstát oibriú chun a lorg carbóin féin a laghdú chun a dtionchar ar an athrú aeráide agus ar an gcomhshaol a mhaolú; ag athdhearbhú a hiarrata ar AE cur chuige a ghlacadh lena n-ionchorpraítear an lorg fuinnimh, carbóin agus comhshaoil trí dhearadh agus cistí ábhartha AE á gcur chun feidhme;

22.

ag tabhairt dá haire na dúshláin slándála atá ag teacht chun cinn san Artach mar gheall ar an timpeallacht athraitheach, an míleatú atá ag dul i méid agus an leas geopholaitiúil sa réigiún atá ag dul i méid; á chur i bhfios go láidir gur gá beartas Artach an Aontais a áireamh in CBSC; á chur i bhfáth nach mór do AE dul i mbun comhar éifeachtach le ECAT, lena n-áirítear comhar maidir le feasacht staide; á chur i bhfáth nach mór don Artach leanúint de bheith ina limistéar comhair shíochánta, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar na réaltachtaí slándála nua a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus ag tabhairt rabhadh i gcoinne míleatú méadaithe sa réigiún; ag spreagadh Bhallstáit AE PESCO a úsáid mar ardán chun oiliúint agus cleachtaí feabhsaithe cuardaigh agus tarrthála a chur chun cinn san Artach, chomh maith le bainistiú géarchéime níos fearr ar thubaistí comhshaoil, amhail doirteadh ola;

23.

á chur i bhfios go láidir gur gá ról AE mar sholáthraí slándála muirí domhanda a neartú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú ar Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh agus á chur i bhfáth gur gá an straitéis athbhreithnithe a ailíniú leis an gCompás Straitéiseach agus deiseanna agus dúshláin nua a léiriú; á chreidiúint gur cheart athbhreithnithe comhchosúla a dhéanamh ar bheartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus dá bhrí sin á chur in iúl gur geal léi an chumarsáid atá le teacht maidir leis an spás agus CBSC, a bhfuiltear ag súil léi go luath in 2023; á chur i bhfáth, i bhfianaise an teannais gheopholaitiúil atá ag dul i méid ar muir, nach mór do AE saoirse loingseoireachta a choimirciú agus a áirithiú go ndéanfar faireachán éifeachtach ar a theorainneacha seachtracha muirí chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chosc; á iarraidh ar na Ballstáit a gcumais cabhlaigh míleata a chomhdhlúthú d’fhonn láithreacht agus infheictheacht AE san earnáil mhuirí a fheabhsú;

24.

ag aithint a thábhachtaí atá láithreachtaí muirí comhordaithe (CMP) mar uirlis ríthábhachtach chun rannpháirtíochtaí slándála muirí an Aontais a neartú ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir an méid a chuireann CMP píolótach i Murascaill na Guine le teagmhais slándála muirí a laghdú agus á chur in iúl gur geal léi síneadh a chur leis go dtí 2024; á chur in iúl gur geal léi leathnú CMP go dtí Iarthuaisceart an Aigéin Indiaigh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dlúthchomhar agus gníomhaíocht chomhlántach le hoibríochtaí CBSC eile sa réigiún, lena n-áirítear oibríocht EU NAVFOR Atalanta, i measc oibríochtaí eile; ag tacú le hobair luachmhar mhisin CBSC EUBAM na Libia agus EU NAVFOR MED IRINI, atá ag rannchuidiú le síocháin, slándáil agus cobhsaíocht inbhuanaithe; ag tacú fós le príomhchúram IRINI, go háirithe, an trádbhac arm ar an Libia arna fhorchur ag na Náisiúin Aontaithe a chur chun feidhme;

25.

á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le hinfheistíocht a mhéadú go suntasach i rialú arm réigiúnach agus domhanda, i neamhleathadh agus i ndí-armáil, go háirithe i gcuir chuige iltaobhacha; á chur i bhfáth go bhfuil gá le trédhearcacht agus cóineasú níos fearr ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach maidir le honnmhairiú arm, go háirithe in oirchill tréimhse caiteachais mhéadaithe ar chosaint; á chur i bhfios gur gá do na Ballstáit Comhsheasamh AE maidir le hOnnmhairiú Arm a urramú agus a n-inniúlachtaí a aithint ina mbeartais éadála cosanta; á iarraidh ar na Ballstáit Comhsheasamh 2008/944/CBES an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (32) arna leasú le Cinneadh (CBES)2019/1560 ón gComhairle (33) a chomhlíonadh go hiomlán, agus critéar 4 maidir le cobhsaíocht réigiúnach a chur chun feidhme go docht agus ceadúnú onnmhairithe arm a stopadh má tá baol soiléir ann go bhféadfadh an faighteoir beartaithe na hairm a úsáid go hionsaitheach i gcoinne tíre eile, go ginearálta, agus i gcoinne na mBallstát, go háirithe; ag aithint inniúlachtaí na mBallstát ina mbeartais soláthair cosanta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé measúnú críochnúil a dhéanamh ar iarratais ar údarú chun teicneolaíocht agus trealamh míleata a onnmhairiú; á chur in iúl gur oth léi úsáid diúracán hipearsonach Rúiseach san Úcráin agus á chreidiúint gur cheart do AE iarracht a dhéanamh iomaíocht armála idirnáisiúnta diúracán hipearsonach a chosc;

26.

á mheabhrú gur gá beartais maidir le honnmhairiú arm a shainiú mar chuid den bheartas slándála agus beartas éifeachtach onnmhairithe arm ar leibhéal AE a bhunú go práinneach lena ráthaítear go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na hocht gcritéar atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le honnmhairiú arm, nach gcothaíonn a n-onnmhairí náisiúnta teannas réigiúnach ná nach mbaineann siad an bonn de shlándáil na mBallstát eile, na gcomhghuaillithe, na gcomhpháirtithe nó an Aontais Eorpaigh ina iomláine, agus tacaíocht iomlán á tabhairt do riachtanais dhlisteanacha slándála agus cosanta na gcomhghuaillithe agus na dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe iad siúd a sáraítear a n-iomláine chríochach agus a fheidhmíonn a gceart chun féinchosanta mar a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe;

27.

á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le tiomantas an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát don Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT); á áitiú gur gá a áirithiú go mbeidh ról láidir agus cuiditheach ag AE maidir le hiarrachtaí domhanda maidir le neamhleathadh atá bunaithe ar rialacha a fhorbairt agus a threisiú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nár thángthas ar aon toradh ag an Deichiú Comhdháil Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach toisc nach bhfuil an Rúis toilteanach páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh;

28.

á thabhairt dá haire go bhféadfadh na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an athchóiriú ar an bpróiseas cinnteoireachta d’fhonn an acmhainneacht shuntasach neamhshaothraithe atá sna Conarthaí a fhíorú, go háirithe trí Airteagal 31 CAE a ghníomhachtú lena leathnófaí vótáil trí thromlach cáilithe (QMV) chuig réimsí a bhaineann le CBSC agus lena mbainfí lánúsáid as na “clásail passerelle” agus as raon feidhme na n-airteagal lena bhfeabhsaítear dlúthpháirtíocht agus cúnamh frithpháirteach an Aontais i gcás géarchéimeanna agus lena ndaingnítear ceannas an Aontais; ag moladh go mbreithneofaí athruithe ar na Conarthaí i gcás CBSC, a dhéanfaí a phlé agus a chinneadh laistigh de choinbhinsiún a leanfaidh as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, a thabharfadh aghaidh ar (1) athrú ó aontoilíocht go vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh cinntí ón gComhairle a bhfuil impleachtaí míleata acu cé is moite den chlásal cosanta frithpháirtí in Airteagal 42(7), maidir le hábhair chosanta i gcásanna nach bhfuil feidhm ag clásail passerelle, agus i gcás ina seoltar trealamh míleata nó misin CBSC nach mbaineann sainordú feidhmiúcháin leo, agus sa chás sin amháin, (2) forálacha a thabhairt isteach in Airteagal 42 agus Airteagal 46 CAE lena gcumasaítear soláthar comhpháirteach trealaimh cosanta agus caiteachas eile a bhaineann leis an tslándáil ó bhuiséad an Aontais mar aon le bunú aonad míleata ilnáisiúnta comhpháirteach agus buanstáisiúnaithe, lena n-áirítear struchtúir cheannais, agus (3) athbhreithniú ar Airteagal 346 CFAE chun teorainn a chur leis na deiseanna atá ann do EUMS imeacht ó fhorálacha na Treorach maidir le Soláthar chomh maith leis an gceanglas a thabhairt isteach maidir le bonn cirt a thabhairt d’éagsúlachtaí den sórt sin a dhéanfaidh an Coimisiún a mheasúnú agus a chur in iúl don Pharlaimint;

29.

á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as acmhainneacht fhorálacha an Chonartha a bhaineann le CBSC agus aird thromchúiseach a thabhairt ar shocruithe cur chun feidhme le haghaidh Airteagal 44 CAE maidir le cur chun feidhme chúram CBSC a chur ar ghrúpa Ballstát chun CBSC a dhéanamh níos solúbtha agus níos éifeachtúla sa réimse, agus gné láidir chomhchoiteann Eorpach á coinneáil ag an am céanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leanúint cleachtaí a dhéanamh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé leanúint d’Airteagal 42(7) CAE maidir le cúnamh frithpháirteach a chur i ngníomh sa ghearrthéarma agus soiléiriú a dhéanamh ar an gcomhleanúnachas idir an méid sin agus Airteagal 5 de Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, ós rud é nach comhaltaí de ECAT iad Ballstáit uile AE; á chur i bhfáth nár sainíodh riamh go soiléir na coinníollacha maidir le hAirteagal 42(7) a ghníomhachtú agus na socruithe chun an cúnamh is gá a sholáthar; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí le modhnú ar an gConradh ionsaithe sceimhlitheoireachta, ionsaithe hibrideacha, feachtais bhréagaisnéise agus comhéigean eacnamaíoch tríú tíortha a shainmhíniú mar chásanna ina ndéanfaí Airteagal 42(7) CAE a ghníomhachtú;

Cumais a neartú trí chaiteachas méadaithe, comhpháirteach agus níos cliste

30.

á chur in iúl gur geal léi uaillmhian an Aontais i dtaobh a chumais mhíleata agus shibhialtacha a neartú; á chur i bhfáth gur gá leas iomlán agus níos fearr a bhaint as tionscnaimh agus as buiséid an Aontais, go háirithe na rialacháin atá beartaithe maidir le EDIRPA agus Clár Eorpach Infheistíochta um Chosaint EDIP, EDF, PESCO, CARD agus an tSoghluaisteacht Mhíleata chomh maith le comhshocrú sibhialtach CBSC, chun bearnaí criticiúla cumais a dhúnadh agus chun imscaradh tapa fórsaí armtha a áirithiú, stoic ídithe a athshlánú, ilroinnt in earnáil an tsoláthair cosanta a laghdú, idir-inoibritheacht iomlán ár bhfórsaí a bhaint amach, slabhraí soláthair EDTIB a threisiú trí fhiontair státchleamhnaithe a eisiamh ó stáit neamh-chomhpháirtíochta a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol d’athléimneacht EDTIB, do charachtar nuálach agus d’iomaíochas trí rialuithe onnmhairiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann nó trí ghadaíocht maoine intleachtúla trí spiaireacht; ag tathant go mbeadh an chomhsheasmhacht is mó is féidir ann idir na tionscnaimh sin chun forluí a chosc agus infheistíochtaí poiblí éifeachtúla a ráthú, go háirithe idir tionscadail PESCO agus CEF, ar gá na naisc ina leith a shoiléiriú; á chur in iúl gur geal léi an plean gníomhaíochta maidir le sineirgí idir tionscail shibhialta, chosanta agus spáis agus á iarraidh go gcuirfi dlús lena chur chun feidhme; ag spreagadh aistrithe teicneolaíochta ón earnáil cosanta chuig an earnáil shibhialtach; á iarraidh ar na Ballstáit díriú, agus cumais mhíleata AE á neartú acu, ar riachtanais phearsanra mhíleata agus oiliúint speisialaithe chun déileáil le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn (e.g. an t-athrú aeráide); á chur i bhfios go láidir go neartódh aon dul chun cinn sa phríomhréimse sin an colún Eorpach laistigh de ECAT freisin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur léirigh rannchuidiú luachmhar na bhfórsaí armtha le linn phaindéim COVID-19 a thábhachtaí atá úsáid shocmhainní agus acmhainneachtaí míleata na mBallstát chun tacú leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;

31.

á chur in iúl gur geal léi fógraí na mBallstát maidir le pleananna infheistíochta cosanta atá dírithe ar sholáthar míleata agus ar fheabhsú a gcuid fórsaí cosanta; ag cur leis an tsamhail CEF agus mar a léiríodh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le bearnaí san infheistíocht i réimse na cosanta; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach na bearnaí infheistíochta cosanta sainaitheanta a líonadh, amhail stoc-chairn a athshlánú, go háirithe córais ón ré Shóivéadach a ionadú, córais chosanta aeir agus diúracán a threisiú, lena n-áirítear plé ar indéantacht córas cosanta frithdhiúracán ar fud na hEorpa agus á iarraidh go ndéanfaí idirchaidreamh leis an Tionscnamh Eorpach um Chosaint Aerspáis ó ECAT, go ndéanfaí “Eurodrone” a oibríochtú, go leathnófaí cumais tanc-catha agus cumais armúrtha feithiclí atá ann cheana, go neartófaí acmhainneacht tógála long agus fórsaí cabhlaigh na hEorpa, go dtreiseofaí comhar muirí chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha i gcoinne cáblaí agus píblínte amach ón gcósta atá ríthábhachtach do shlándáil fuinnimh agus nascachta na hEorpa, go n-infheisteofaí i bhfeabhas a chur ar nascacht shlán atá bunaithe ar shatailítí, agus go ndéanfaí infheistiú níos mó i gcomhpháirtíochtaí tionscail lena dtugtar tús áite don chomhar le FBManna agus infheistíocht níos láidre sa taighde agus san fhorbairt (T &D) agus, ag an am céanna, rannchuidiú le héiceachóras cibearchosanta Eorpach níos láidre agus clár soghluaisteachta míleata an Aontais a leathnú;

32.

á chur i bhfios go láidir gur gá na tionscnaimh forbartha cumais a chomhlánú le sásraí comhpháirteacha soláthair; á chur i bhfáth gur uirlis riachtanach é soláthar comhpháirteach táirgí cosanta a fhorbraítear agus a mhonaraítear san Eoraip le haghaidh caiteachas poiblí éifeachtúil agus, dá bhrí sin, ag tathant ar na Ballstáit EDIRPA a úsáid chun táirgí cosanta a sholáthar go comhpháirteach agus iomaíocht a sheachaint, coigilteas costais a éascú, EDTIB a neartú agus idir-inoibritheacht a chur chun cinn;

33.

ag tathant ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt go dtiocfaidh méadú suntasach ar an gcistiú do shásraí comhpháirteacha soláthair AE atá beartaithe, amhail EDIRPA agus EDIP, trí chistiú leormhaith a chur ar fáil agus gníomhaíocht ghasta agus chríochnúil a dhéanamh sa réimse ríthábhachtach sin agus idir-inoibritheacht le ECAT á háirithiú ag an am céanna; á mheas gur cheart go mbeadh na rialacha is infheidhme maidir le EDIRPA cosúil leis na rialacha a glacadh don Chiste Eorpach Cosanta; á mheabhrú gur cheart go rachadh an tacaíocht airgeadais dá bhforáiltear le EDIRPA agus le EDIP a bheidh ann amach anseo chun tairbhe do thionscal na hEorpa mar ábhar tosaíochta; á iarraidh ar na Ballstáit é a ghlacadh a luaithe is féidir tar éis an chaibidlíocht idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún a thabhairt chun críche; á iarraidh ar an gComhairle an tacaíocht airgeadais is gá a chur ar fáil di; á mheas gur cheart go mbeadh na rialacha is infheidhme maidir le EDIRPA cosúil leis na rialacha a glacadh don Chiste Eorpach Cosanta, ar léiríodh a bhfiúntas, go háirithe maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha; á iarraidh ar na Ballstáit oibriú chun cumais chosanta arna ndearadh agus arna dtáirgeadh laistigh de AE a sholáthar agus a fhorbairt; á mheas nach leor díolúine CBL leis féin chun go mbeidh EDIP a bheidh ann amach anseo cinntitheach ó thaobh tacú le EDTIB; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar shásraí dreasachta airgeadais éagsúla chun tacú le EDTIB; ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit saoráid airgeadais sheachbhuiséid eile a bhunú lena gcomhthiomsófaí codanna de bhuiséid náisiúnta cosanta agus lena dtabharfaí aghaidh go práinneach ar shaolré iomlán na gcumas míleata ar leibhéal AE chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil ó thaighde agus forbairt chomhoibríoch agus soláthar comhpháirteach go cothabháil chomhpháirteach, oiliúint agus slándáil an tsoláthair;

34.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le fíormhargadh Eorpach a bhunú do threalamh cosanta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tacaíocht airgeadais mhéadaithe d’iarrachtaí taighde agus forbartha an Aontais agus do tháirgeadh i gcórais cosanta ardteicneolaíochta a bheadh róchostasach do Bhallstáit aonair murach sin chun a áirithiú go leanfaidh EDTIB de bheith iomaíoch, go mbeidh sé in ann freastal ar fhíor-riachtanais na bhfórsaí armtha, ar éilimh na bhfórsaí armtha agus ar na huaillmhianta méadaitheacha atá acu, go ndéanfaí iad a oiriúnú do bhagairtí atá ag teacht chun cinn, agus go laghdófar an spleáchas ar pháirtithe eachtracha; á chur i bhfios, sa bhreis ar fhorbairt cumais, gur cheart do CEF rannchuidiú freisin le comhdhlúthú EDTIB; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ar CEF roimh an athbhreithniú meántéarma ar CAI, d’fhonn a bhuiséad a neartú más gá; ag spreagadh tionscnaimh bhreise a bhunú chun rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide agus nuálaíocht sa tionscal cosanta agus míleata a mhéadú; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar theicneolaíochtaí nua amhail intleacht shaorga agus ríomhaireacht chandamach trí naisc láidre idir an nuálaíocht mhíleata agus shibhialtach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an spleáchas ar theicneolaíochtaí criticiúla agus ar shlabhraí luacha a laghdú chun go mbeidh AE in ann bogadh i dtreo cumais oibríochtúla níos fearr;

35.

á thabhairt chun suntais na héifeachtaí dearfacha a bhíonn ag infheistíochtaí sa tionscal cosanta i dtéarmaí eacnamaíocha agus teicneolaíocha; á iarraidh go mbeadh níos mó infheistíochtaí cosanta agus infheistíochtaí níos cliste ann chun comhar tionsclaíoch, coigilteas costais agus idir-inoibritheacht mhéadaithe a chothú; ag athdhearbhú gur bealach é gníomhú laistigh de chreat an Aontais chun ilroinnt a laghdú agus dúbláil a sheachaint; á iarraidh go ndéanfaí sineirgí le hionstraimí airgeadais eile an Aontais a ghiaráil agus rochtain ar chistiú príobháideach a éascú don tionscal cosanta; á mheabhrú go bhfuil CEF agus PESCO ríthábhachtach chun fíor-Aontas Cosanta Eorpach a fhorbairt trí chomhar cosanta idir na Ballstáit a fheabhsú; á iarraidh go mbeadh beartais eile AE comhsheasmhach le hiarrachtaí AE tionscal na cosanta a neartú;

36.

á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú go pras ar CAI chun na cistí is gá a sholáthar d’ionstraimí AE i réimse na cosanta; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí CEF a neartú; ag spreagadh AE chun measúnú a dhéanamh ar cathain a bheadh athbhreithniú ar CAI iomchuí; á chur i bhfáth gur cheart do chomhaltaí ECAT AE aon acmhainní breise a leithdháiltear chun sprioc ECAT a chomhlíonadh maidir le 2 % de OTI a chaitheamh ar chosaint a úsáid ar bhealach comhordaithe agus comhoibritheach; á iarraidh go neartófaí rochtain na dtionscal ar chistiú príobháideach chun a áirithiú go mbeidh rochtain leordhóthanach ag tionscal cosanta na hEorpa ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach agus ar infheistíocht ar bhonn inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar pharaiméadair a fhorbairt le haghaidh táirge airgeadais a bhfuil sé mar aidhm leis tacú le hinfheistíochtaí i slándáil na hEorpa, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a dhéanann tionscal na cosanta; á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí in earnálacha criticiúla, amhail cibear-earnálacha, a dhreasú;

Misin agus oibríochtaí CBSC a threisiú

37.

ag tacú leis an athbhreithniú agus leis an atreisiú ar mhisin shibhialtacha agus oibríochtaí míleata uile CBSC chun iad a ailíniú níos dlúithe le fíor-riachtanais na dtíortha lena mbaineann; ag tacú le feabhas a chur ar ghiniúint fórsaí agus ar fhothú acmhainneachta do mhisin agus d’oibríochtaí uile CBSC, go háirithe iad siúd a ndéanann timpeallacht bagairtí a bheith ag dul in olcas difear dóibh, trí shainorduithe níos láidre agus níos solúbtha a chur ar fáil dóibh, chomh maith leis na hacmhainní riachtanacha, soláthar foirne, cistiú, oiliúint, uirlisí cumarsáide straitéisí agus trealamh chun na ceanglais maidir le cuspóirí misin níos spriocdhírithe a chomhlíonadh; ag aithint go bhfuil gá le hoiliúint éifeachtach agus le cumais oibríochtúla chun coinneáil suas le timpeallacht bagairtí atá ag síorathrú; á chur i bhfáth gur gá a n-athléimneacht agus a n-éifeachtacht a neartú trína chur ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar dhúshláin slándála hibrideacha, amhail trí chomhordú níos fearr le gníomhaithe eile de chuid an Aontais agus le Gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile, chomh maith le comhpháirtithe atá ar aon intinn lasmuigh den Aontas, feabhas a chur ar chumarsáid straitéiseach agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i gcumais chibearchosanta;

38.

á mheas go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh misin agus oibríochtaí CBSC bunaithe ar thuiscint shoiléir ar na cineálacha géarchéime agus coinbhleachta a bhféachann AE le freagairt dóibh le hionstraimí sibhialta agus míleata, go háirithe i gcás nach bhfuil daoine eile toilteanach nó in ann idirghabháil a dhéanamh nó i dtimpeallachtaí naimhdeacha nó neamh-inghlactha; á mheabhrú nach mór do rannpháirtíochtaí uile AE a bheith inchreidte i súile na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, go háirithe ós rud é go bhfuil páirtithe eile, a bhíonn níos urchóidí go minic, breá sásta gníomhú chun aon bhearnaí a líonadh; á mheabhrú nach mór do mhisin aird ar leith a thabhairt ar dhinimicí coinbhleachta, ar phróisis láidre measúnaithe riosca agus maolaithe, agus nach mór faireachán agus meastóireacht tioncharbhunaithe níos mó ar idirghabhálacha CBSC a áireamh iontu chomh maith le tuilleadh sásraí comhairliúcháin agus aiseolais; á chur i bhfáth go bhfuil gá ar leith le forálacha éagtha a bheith ag oibríochtaí míleata chun imeacht inbhuanaithe a cheadú; ag tabhairt dá haire nach bhfuil sainordú feidhmiúcháin ach ag trí cinn as na hocht n-oibríocht mhíleata atá ann faoi láthair; ag meabhrú rannpháirtíocht fhoriomlán AE sa tSaiheil agus i gCorn na hAfraice trí shé mhisean shibhialtacha agus sé oibríocht mhíleata;

39.

á iarraidh go nglacfar Comhshocrú Sibhialtach CBSC nua faoi lár-2023 lena gcuirfear cuspóirí ar fáil maidir le cineál, líon agus méid na misean sibhialtach agus lena n-iarrtar go mbunófar próiseas forbartha cumais shibhialtaigh faoi 2024, mar a shonraítear sa Chompás Straitéiseach; á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach go nglacfaí Comhshocrú Sibhialtach CBSC 2.0 le linn an chéad leath de 2023 chun leanúnachas a áirithiú sa phróiseas maidir le cumais shibhialtacha a fhorbairt; á iarraidh ar SEGS féachaint an athuair ar na comhaontuithe rannpháirtíochta le tríú tíortha d’fhonn a rannpháirtíocht i misin CBSC a neartú;

40.

á chur i bhfáth a phráinní atá sé an Cumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC) a bhunú mar an struchtúr ceannais agus rialaithe is fearr le haghaidh oibríochtaí míleata AE, go háirithe maidir le húsáid an Chumais Mhear-Imscartha (RDC) a bheidh ann amach anseo; á éileamh gur cheart a Chumas Oibriúcháin Iomlán a bhaint amach láithreach, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2018, inar beartaíodh spriocdháta do 2020; á éileamh freisin gur cheart leibhéal foirne MPCC a mhéadú go suntasach suas go 250 pearsanra; á chreidiúint gur cheart ceann de na ceithre Cheanncheathrú Oibríochta náisiúnta atá ann cheana a cheapadh mar rogha chúltaca; ag athdhearbhú a hiarrata malartú slán faisnéise rúnaicmithe a chumasú, lena n-áirítear leis na Ballstáit agus le misin nó oibríochtaí CBSC; á chur i bhfáth gur gá do MPCC gach misean míleata a phleanáil agus a sheoladh le slabhra ceannais soiléir agus go gcuirfear an pearsanra, na cistí agus an bonneagar is gá ar fáil dó; á chur i bhfios go bhfuil dul chun cinn i ndáil leis sin níos práinní mar gheall ar chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

41.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar chúbláil faisnéise, bréagaisnéise agus bagairtí hibrideacha agus ionsaithe a eascraíonn, go háirithe, ón Rúis agus ón tSín ach freisin ó ghníomhaithe eile, a dhéanann difear do roinnt amharclann agus do mhisin agus oibríochtaí CBSC go díreach; á chur i bhfáth gur gá do AE an comhar le tíortha comhpháirtíochta atá ar aon intinn a mhéadú agus tacaíocht, oiliúint agus fothú acmhainneachta a chur ar fáil leo chun cur i gcoinne ionramháil naimhdeach agus trasnaíocht naimhdeach faisnéise eachtraí; á iarraidh ar SEGS céimeanna nithiúla a ghlacadh chun tacú le misin agus le hoibríochtaí CBSC chun an bhréagaisnéis agus an bholscaireacht a chomhrac agus chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus na bolscaireachta, chomh maith le hacmhainneachtaí roinn StratCom a neartú lena n-áirítear a thascfhórsaí;

42.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an fhadhb struchtúrach leanúnach a bhaineann lena áirithiú go mbeidh foireann iomlán ag misin agus oibríochtaí CBSC; ag tathant ar na Ballstáit obair leantach a dhéanamh ar a gcinntí chun misin agus oibríochtaí a sheoladh tríd an bpearsanra is gá a chur ar fáil; á mheabhrú go gcuirtear i bhfios go láidir sa Chompás Straitéiseach go bhfuil pearsanra níos oilte ag teastáil ó mhisin agus oibríochtaí CBSC; ag tathant go láidir ar na Ballstáit uile a ngealltanais a chomhlíonadh ionas go mbeidh a rannpháirtíocht iarbhír ar aon dul lena n-uaillmhianta; ag tathant ar AE trealamh agus oiliúint leormhaith a chur ar fáil do phearsanra atá ag gabháil do mhisin agus d’oibríochtaí; ag tathant go láidir ar na Ballstáit cearta sóisialta agus oibre an phearsanra mhíleata a chur san áireamh nuair a chuirtear oiliúint orthu agus nuair a imscartar iad le chéile i gcreat AE;

43.

á iarraidh, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé d’ollstruchtúr slándála agus cosanta an Aontais, go ndéanfaí an togra ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir le hAcmhainneacht Mhear-Imscartha (RDC) a chumhdaítear sa Chompás Straitéiseach a chur chun feidhme a luaithe is féidir agus faoi 2025 ar a dhéanaí, chun a áirithiú go mbeifear in ann freagairt go mear agus go cinntitheach le linn géarchéimeanna, agus chun freastal ar shaoránaigh, leasanna agus luachanna an Aontais agus iad a chosaint ar fud an domhain; á iarraidh ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt bearnaí criticiúla i gcumasóirí straitéiseacha a chúngú go suntasach faoi 2025, go háirithe na bearnaí sin a bhaineann le RDC;

44.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhionannas inscne agus cearta na mban a bheith ina ngné lárnach de bhearta slándála agus cosanta; ag cáineadh go láidir coireanna cogaidh i gcoinne na bpobal sibhialtach, lena n-áirítear foréigean gnéasach a úsáid mar arm cogaidh;

45.

á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit dlús a chur le cur chun feidhme ghealltanais an Chompáis Straitéisigh a bhaineann le hinscne chun príomhshruthú éifeachtach inscne a áirithiú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá bearta cibearshlándála chun faireachán agus cosc a dhéanamh ar gháinneáil ar mhná a bhfágann an choinbhleacht lorg orthu; ag spreagadh na mBallstát chun bacainní gairme do mhná laistigh dá bhfórsaí cosanta a laghdú;

46.

á thabhairt chun suntais go gcuireann rannpháirtíocht na mban i misin agus oibríochtaí CBSC lena n-éifeachtacht agus gur spreagadh í d’inchreidteacht AE mar thogróir do chearta comhionanna d’fhir agus do mhná ar fud an domhain, agus Plean Gníomhaíochta AE maidir le hInscne (GAP) III (2020-2024) á mheabhrú, lena n-éilítear gné na hinscne a chomhtháthú go córasach i mbeartais agus gníomhaíochtaí seachtracha uile AE lena n-áirítear CBSC; ag tathant ar SEGS méadú ar líon na mban in oibríochtaí míleata CBSC go háirithe agus cothromaíocht inscne níos fearr i bpearsanra agus i gceannaireacht mhisin agus oibríochtaí CBSC a chur chun cinn; á mheas go bhfuil cur chuige neamhfhulaingthe maidir le ciapadh gnéasach agus inscnebhunaithe agus teacht i dtír gnéasach laistigh de mhisin agus oibríochtaí uile CBSC ríthábhachtach; ag cur béim ar an obair thábhachtach atá á déanamh ag comhairleoirí inscne i misin agus oibríochtaí CBSC agus ar an ngá atá ann iad a mhaoiniú; á iarraidh go mbeadh comhar ann idir misin agus oibríochtaí CBSC agus an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne; á iarraidh ar SEGS tuairisc a thabhairt don Fhochoiste um Shlándáil agus um Chosaint (SEDE) maidir lena dhul chun cinn i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hinscne;

47.

ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag daoine óga agus ag eagraíochtaí óige maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil a chothabháil agus a chur chun cinn; á iarraidh ar SEGS gealltanas a thabhairt daoine óga a chomhtháthú ar bhealach níos córasaí ina clár oibre don óige, don tsíocháin agus don tslándáil (YPS), agus creat straitéiseach cuimsitheach a shaothrú agus a ghlacadh chun clár oibre YPS a chur chun feidhme; á iarraidh ar SEGS daoine óga a rannpháirtiú mar chomhpháirtithe i ndearadh agus i gcur chun feidhme iarrachtaí dí-armála, díshlógadh agus ath-lánpháirtithe (DDR);

48.

á chur in iúl gur geal léi seoladh mhisean cúnaimh mhíleata CBSC neamhfheidhmiúcháin don Úcráin (EUMAM Ukraine); ag dréim leis go gceadóidh sé oiliúint sholúbtha a chur ar fhórsaí armtha na hÚcráine trí chomhairle straitéiseach, tacaíocht neamhfheidhmiúcháin, fothú acmhainneachta, agus tacaíocht mhíleata fhoriomlán chun ionsaitheacht na Rúise a chomhrac agus cabhrú le scaoileadh saor na réigiún atá faoi fhorghabháil san Úcráin; á mheas go mbeidh EUMAM éifeachtach ar choinníoll go ndéanfar MPCC a threisiú, agus go mbeidh sé in ann ceannas agus rialú straitéiseach a fheidhmiú ar an misean; á iarraidh ar SEGS an misean sin a oscailt do rannpháirtíocht tríú stáit; á iarraidh ar na Ballstáit an tacaíocht is gá a chur ar fáil dá chur chun feidhme; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a chur in iúl do mhuintir na hÚcráine go seasfaidh AE leo le linn thréimhse ionsaitheach na Rúise;

49.

ag moladh agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá obair Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh d’Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine); ag tabhairt dá haire a cúraimí nua, lena n-áirítear tacaíocht a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí chun sreabhadh dídeanaithe ón Úcráin chuig na Ballstáit chomharsanachta a éascú, teacht isteach na cabhrach daonnúla san Úcráin agus comhairle, oiliúint agus tacaíocht d’institiúidí an smachta reachta chun imscrúdú agus ionchúiseamh coireanna idirnáisiúnta a éascú; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú agus neartú ar shainordú Mhisean Cúnaimh Teorann AE (EUBAM) do Phoblacht na Moldóive agus don Úcráin chun dul in oiriúint don réaltacht gheopholaitiúil nua; á iarraidh go neartófaí líon foirne, cumas freagartha, acmhainní agus cumarsáid straitéiseach mhisin agus oibríochtaí CBSC sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, san Úcráin agus sa tSeoirsia agus go ndéanfaí láithreacht taidhleoireachta AE i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus sna Balcáin Thiar a atreisiú;

50.

á chur in iúl gur geal léi an comhar idir AE agus ECAT sna Balcáin Thiar, lena n-áirítear trí oibríochtaí EUFOR Althea agus Fhórsa na Cosaive; á mheabhrú go bhfuil luach suntasach ag baint leis an taithí agus na ceachtanna a foghlaimíodh ón dá oibríocht maidir le misin agus oibríochtaí míleata agus sibhialtacha uile CBSC atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; á iarraidh go neartófaí EUFOR Althea sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin i ndlúthchomhar le ECAT agus le comhghuaillithe eile, chun an chobhsaíocht is gá a ráthú don tír agus don réigiún ina iomláine; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht aonchiallach AE chun síneadh a chur le sainordú EUFOR Althea; á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas déthaobhach a chur ar an gcomhar slándála míleata leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin i gcomhthráth le creat EUFOR;

51.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le dlúthchomhar leanúnach le comhpháirtithe Afracacha agus idirnáisiúnta chun iarracht chomhchoiteann a áirithiú chun cobhsú agus forbairt a bhaint amach, lena mbeidh baint go háirithe ag an Aontas Afracach, ag an Údarás Idir-rialtasach Forbartha, ag na Náisiúin Aontaithe agus ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, chomh maith le príomhghníomhaithe déthaobhacha agus réigiúnacha eile; á chur i bhfios go láidir tiomantas domhanda AE don tSaiheil agus do Chorn na hAfraice trí ocht misean shibhialtacha (EUCAP Sahel Mali, EUCAP Sahel Niger, EUCAP Somalia) chomh maith le misin mhíleata (EUTM Mali, EUTM Somalia, EU NAVFOR ATALANTA, EU NAVFOR MED IRINI, EUMPM Niger);

52.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na forbairtí i réigiún na Saiheile agus na coups d’état sa réigiún le déanaí; á thabhairt chun suntais an tábhacht straitéiseach a bhaineann leis an réigiún sin do AE; ag cáineadh láithreacht mhéadaitheach Ghrúpa Wagner, le tacaíocht na Creimile, sa tSaiheil agus ceantair eile de chuid mhór-roinn na hAfraice; á chreidiúint go daingean go bhfuil rannpháirtíocht Ghrúpa Wagner san Afraic Thiar i gcontrárthacht leis an gcuspóir an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht a thabhairt chuig an réigiún; á aithint nach bhfuil a bpríomhsprioc maidir le síocháin mharthanach sa Saiheil bainte amach ag na misin idirnáisiúnta éagsúla go fóill agus go bhfuil gá, dá bhrí sin, le próiseas machnaimh maidir le sainorduithe agus róil na misean agus na mbeartas idirnáisiúnta; i réigiúin na Saiheile; á chur in iúl gur cúis bhuartha di chomh mór céanna an méadú atá tagtha ar láithreacht agus gníomhaíocht grúpaí sceimhlitheoireachta Ioslamacha, go háirithe Al-Qaeda, Daesh agus Al-Shabaab sa Mheánoirthear agus san Afraic; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chomhpháirteach agus comhleanúnachas beartais níos mó idir idirghabhálacha éagsúla AE agus comhpháirtithe sa tSaiheil; á chur in iúl gur saoth léi an meath atá ag teacht ar an timpeallacht slándála i Mailí agus á chur in iúl gur geal léi an cinneadh maidir le gach oiliúint oibríochtúil agus seachadadh trealaimh mhíleata chuig an tír a chur ar fionraí; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit cúnamh éifeachtach a chur ar fáil atá saincheaptha do riachtanais na dtíortha lena mbaineann;

53.

á chreidiúint nach mór d’aon tacaíocht slándála idirnáisiúnta sa réigiún tosaíocht a thabhairt d’fheabhas a chur ar chosaint na sibhialtach, dinimic choinbhleachta a mhaolú, agus dea-rialachas na hearnála slándála a chur chun cinn; ag cur béim ar an ngá atá le níos mó rannpháirtíochta polaitiúla leis na rialtais ábhartha chun trédhearcacht níos fearr a áirithiú, chun éilliú a chomhrac, chun cuimsitheacht a chothú agus chun dul i dteagmháil le saoránaigh chun srian a chur le méadú ollmhór coinbhleachtaí armtha agus eitneacha;

54.

á chur in iúl gur geal léi athnuachan CBSC EUCAP Sahel ar feadh 2 bhliain agus á áitiú a thábhachtaí atá sé comhordú a dhéanamh le EUBAM na Libia chun acmhainneachtaí teorann stáit na Saiheile a fhorbairt faoi stiúir an Aontais; á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí comhpháirteacha idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe chun aghaidh a thabhairt ar an díchobhsú agus ar an bhforéigean i Mailí agus oibriú le fórsaí áitiúla chun cobhsaíocht agus slándáil a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire go bhfuil leathnú agus athdhiriú á dhéanamh ar EUAM agus ar EUTM i bPoblacht na hAfraice Láir agus gur cúis mhór imní di i gcónaí an meath leanúnach ar an staid pholaitiúil agus slándála ansin; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta cheana féin ag EUTM Mhósaimbíc agus á iarraidh ar SEGS machnamh a dhéanamh ar airm mharfacha a sheachadadh faoi EPF chuig fórsaí Mhósaimbíc agus dlús a chur leis an seachadadh trealaimh; á iarraidh go mbeadh díospóireacht leathan phoiblí ann maidir le rannpháirtíocht an Aontais i Mósaimbíc agus plé poiblí ar an gcineál cur chuige comhtháite agus fóinteach a d’fhéadfadh a bheith ann lena dtugtar aghaidh ar bhunchúiseanna na corraíola in Cabo Delgado; ag meabhrú na dtuairiscí faoi ionsaithe córasacha agus foréigneacha arna ndéanamh ag fórsaí slándála i gcoinne slaodanna móra den phobal áitiúil, easáitiú éigeantach ag fórsaí slándála, ardleibhéil neamhionannais, faillí réigiúnach ag an rialtas lárnach, coinbhleachtaí maidir le hacmhainní nádúrtha, ardleibhéil éillithe agus sáruithe ar chearta éagsúla; ag tacú leis an athchóiriú ar fhórsaí armtha Mhósaimbíc agus á áitiú gur gá cur chuige comhtháite a shaothrú maidir leis an ngéarchéim in Cabo Delgado; á chur in iúl gur geal léi cúnamh EPF d’fhórsaí armtha na Nigéire agus á chur i bhfios go láidir gur gá tacaíocht mhíleata CBSC a chur ar fáil don Nígir; á iarraidh ar an gComhairle dlús a chur le hoibríochtaí comhordaithe muirí i Murascaill na Guine; á iarraidh go gcuirfí síneadh le sainordú EU NAVFOR Atalanta, a rachaidh in éag ag deireadh 2022, chun an phíoráideacht a chomhrac tuilleadh;

55.

á chur in iúl gur oth léi an méadú atá ag teacht ar neamhdhóthanacht mhisin EUTM a bhí beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála thíortha na Saiheile agus na hAfraice Láir (Mailí agus PAL); á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú críochnúil ar chuspóirí agus ar threoirphrionsabail EUTManna; á mheas gur cheart sainorduithe EUTM a leathnú chuig bearta tionlacain go háirithe, chun a chur ar chumas chomhairleoirí an Aontais ar an láthair a fhíorú chomh cruinn agus is féidir a mhéid agus a cuireadh cláir oiliúna chun feidhme go cuí agus atá i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla na bhfórsaí armtha áitiúla; á chur i bhfios go láidir an breisluach a bhaineann le misin chomhairleacha do struchtúir cheannais an mhisin agus, dá réir sin, ag spreagadh rannpháirtíocht na mBallstát in EUTManna, go háirithe i gcáil chomhairleach i gcás ina bhféadfadh oifigigh nua tacaíocht shuntasach a thabhairt i dtaobh oibríochtaí a sheoladh, chomh maith le cúnamh míleata iltaobhach;

56.

á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an misean comhpháirtíochta míleata chun tacú leis an Nígir (EUMPM Niger), lena ndírítear ar fheabhas a chur ar chumas Fhórsaí Armtha na Nígire na bagairtí ar an tír a shrianadh, an daonra sa tír a chosaint agus timpeallacht shábháilte shlán a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí um chearta an duine agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

57.

á chur i bhfáth, maidir leis an ngné mhuirí de IRINI, na hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cuardach agus tarrtháil daoine atá i nguais ar muir; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ngníomhóidh IRINI i gcomhréir iomlán leis an dlí muirí, go háirithe oibleagáidí a bhaineann le cuardach agus tarrtháil; á athdhearbhú gur cúis mhór imní di an méid atá i ndán d’imircigh, d’iarrthóirí tearmainn agus do dhídeanaithe sa Libia, ina leantar den mheath ar a staid atá tubaisteach cheana féin; á iarraidh ar údaráis agus ar mhílístí na Libia saoráidí coinneála d’imircigh a dhúnadh; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sé beartaithe longa a tharraingt siar ó aon limistéar ar leith ina bhfuil láithreacht shuntasach imirceach; á éileamh go ndéanfaí soiléiriú ar an bpróiseas cinnteoireachta atá beartaithe agus ar na módúlachtaí maidir le haon chinneadh a dhéanfar amach anseo a bhaineann le “héifeacht na toisce tarraingthe”, mar a thugtar air, nach bhfuil aon fhianaise eolaíoch ann ina leith faoi láthair;

58.

ag athdhearbhú a hiarrata ar an Aontas lántairbhe a bhaint as a sheasamh agus a chlú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach mar ghníomhaí domhanda inchreidte agus neamhspleách ar son na síochána i bhfianaise na hiomaíochta geopholaitiúla atá ag dul i méid idir cumhachtaí domhanda agus réigiúnacha sa réigiún; á mheabhrú go mbaineann breisluach rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach le raon cuimsitheach a bheart cúnaimh shibhialta agus mhíleata, lena n-áirítear rannchuidithe neamh-mhíleata dea-fhorbartha;

59.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di méadú mear míleata na Síne i Muir na Síne Theas chomh maith leis an mbrú míleata leanúnach, na cleachtaí ionsaithe, sáruithe ar an aerspás agus gníomhaíochtaí míleata eile sa chrios liath lena n-áirítear cibirfheachtais agus feachtais bhréagaisnéise i gcoinne na Téaváine; ag tathant ar an tSín deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí sin go léir, ar bagairt iad do chobhsaíocht an réigiúin ina iomláine agus a bhfuil tionchar díreach acu, ar an iomlán, ar shlándáil agus ar rathúnas na hEorpa; á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an gcomhar idir an tAontas agus an Téaváin;

60.

á chur in iúl gur geal léi go mór na tagairtí láidre do chomhar AE sa nuashonrú a rinne an tSeapáin le déanaí ar a Straitéis Slándála Náisiúnta agus ar straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach na Cóiré Theas; ag athdhearbhú na comhpháirtíochta láidre leis an tSeapáin agus leis an gCóiré Theas araon agus á iarraidh ar AE a chomhar míleata agus cosanta leis an dá phríomh-chomhpháirtí a dhoimhniú tuilleadh;

61.

ag cáineadh go soiléir an iliomad tástálacha diúracán a rinne an Chóiré Thuaidh in 2022 agus á chur i bhfios go láidir gur gá don chomhphobal idirnáisiúnta cur leis na hiarrachtaí chun an Chóiré Thuaidh a shrianadh agus í a chosc ó thástáil núicléach bhreise a dhéanamh in 2023, a bheadh ina ghéarú tromchúiseach agus ina bagairt ar an tslándáil réigiúnach agus dhomhanda; á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht ar leith ar an tSín agus ar an Rúis maidir leis an gCóiré Thuaidh agus á iarraidh orthu a dtionchar a úsáid chun aon ghéarú breise a chosc;

62.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di seachadadh arm ag an gCóiré Thuaidh chuig Grúpa Wagner agus á chur i bhfios go láidir, leis sin, gur gá do AE agus dá Bhallstáit a bhfócas a mhéadú ní hamháin ar leithinis na Cóiré ach ar an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ina iomláine;

63.

ag cáineadh go láidir an Iaráin as dróin agus diúracáin a sholáthar don Rúis lena húsáid ina cogadh neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine, agus á mheabhrú go bhfuil Rún 2231(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe á shárú aici tríd an méid sin a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 smachtbhannaí breise a ghlacadh i gcoinne na hIaráine mar gheall ar sháruithe leanúnacha ar chearta an duine dá muintir féin agus mar gheall ar thacaíocht ghníomhach na hIaráine don Rúis, atá á húsáid i gcoinne mhuintir na hÚcráine;

64.

á iarraidh ar an gComhairle agus ar SEGS gné maidir le cosaint na hoidhreachta cultúrtha a áireamh i misin agus oibríochtaí CBSC chun cúnamh agus oideachas a sholáthar do chomhpháirtithe áitiúla chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála a bhaineann le caomhnú agus cosaint na hoidhreachta cultúrtha; á iarraidh ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar na bagairtí comhsheasmhacha agus méadaitheacha ar chosaint agus ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus dul i ngleic le smuigleáil déantúsán cultúrtha, go háirithe i limistéir choinbhleachta; ag tabhairt dá haire go bhfágtar sochaithe níos leochailí i leith an radacaithe trína n-oidhreacht chultúrtha agus a bhfréamhacha stairiúla a cheilt orthu; á iarraidh ar an Aontas straitéis leathan a fhorbairt chun gníomhú in aghaidh bagairtí den chineál sin; á mheabhrú gurb é EUAM Iraq an t-aon mhisean CBSC a bhfuil gné maidir le cosaint na hoidhreachta cultúrtha aige; ag dréim leis go gcomhlíonfaidh EUAM Iraq gach gné dá shainordú, lena n-áirítear cosaint na hoidhreachta cultúrtha agus an comhrac i gcoinne na gáinneála ar dhéantúsáin; á iarraidh go ndéanfaí na forálacha sin a ghinearálú maidir le gach misean nó sainordú oibríochta de chuid CBSC;

Córasú comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta

65.

á iarraidh go ndéanfaí comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta a neartú, nuair atá sé ábhartha go straitéiseach, le comhpháirtithe atá ar aon intinn ar fud an domhain chun leibhéal uaillmhéine an Aontais mar sholáthraí slándála a chomhlíonadh; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach saincheisteanna slándála agus cosanta a áireamh ar bhealach níos córasaí in idirphlé polaitiúil an Aontais le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis; á chur in iúl gur geal léi na pleananna chun an chéad Fhóram de chuid an Aontais um Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta a thionól; á iarraidh go mbeadh seasamh níos teanntásaí, níos aontaithe agus níos comhsheasmhaí ann i leith stáit neamhdhaonlathacha a chuireann slándáil na hEorpa agus an t-ord idirnáisiúnta i mbaol;

66.

á chur i bhfios go láidir na luachanna daonlathacha comhroinnte bunúsacha atá i gcroílár an Aontais agus ECAT; á iarraidh go ndéanfaí an caidreamh idir an tAontas agus ECAT a dhoimhniú ar bhonn phrionsabail na cuimsitheachta, na cómhalartachta, na hoscailteachta frithpháirtí agus na trédhearcachta, i gcomhréir le neamhspleáchas cinnteoireachta agus nósanna imeachta cinnteoireachta ár n-eagraíochtaí faoi seach agus gan dochar do chineál sonrach beartais slándála agus cosanta d’aon cheann dár gcomhaltaí; á chur in iúl gur geal léi an tríú Dearbhú Comhpháirteach idir an tAontas Eorpach agus ECAT agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá céimeanna breise dírithe ar an gcomhpháirtíocht sin a dhoimhniú, ag tógáil ar ábhar Chompás Straitéiseach an Aontais agus Choincheap Straitéiseach nua ECAT agus ar chéimeanna nithiúla chun an comhar a fheabhsú tuilleadh, go háirithe i réimsí na soghluaisteachta míleata, an bhonneagair dé-úsáide agus na hathléimneachta chomh maith le freachnaimh chomhpháirteacha mhéadaithe; á chur i bhfios go láidir gur gá an chomhpháirtíocht straitéiseach le ECAT a uasghrádú go láidir chun í a bhunú ar neartú na haontachta polaitiúla agus na dlúthpháirtíochta agus ar idirphlé polaitiúil feabhsaithe maidir le gach gné de dhúshláin choiteanna agus de shaincheisteanna atá ábhartha go straitéiseach, lena n-áirítear dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus an digiteáil mhear; ag moladh freagairtí comhordaithe i sásraí bainistithe géarchéime agus i sásraí chun coinbhleachtaí a chosc chun dul i ngleic le bagairtí coiteanna atá ag teacht chun cinn i limistéir gheografacha agus i réimsí leasa choitinn; á chur i bhfios go neartaíonn forbairt cumais an Aontais an colún Eorpach laistigh de ECAT agus go rannchuidítear dá réir sin leis an tslándáil thrasatlantach; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, na tréimhsí doimhne agus leanúnacha teannas idir Ballstáit an Aontais agus an Tuirc, comhghuaillí de chuid ECAT, atá ag cur bac ar an gcomhar idir an tAontas agus ECAT;

67.

agus aitheantas á thabhairt don tábhacht agus don acmhainneacht a bhaineann le comhpháirtíocht straitéiseach leis an Tuirc, á chur in iúl gur oth léi an ról díchobhsaitheach foriomlán atá ag an Tuirc in a lán réimsí imní don Aontas agus ina chomharsanachtaí, lena gcuirtear an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht réigiúnach i mbaol; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus bagairtí gníomhaíochta míleata na Tuirce i gcoinne Bhallstáit an Aontais, go háirithe an Ghréig agus an Chipir, sa Mheánmhuir Thoir; á chur in iúl gur saoth léi, in ainneoin iarrachtaí díghéaraithe, go leanann an Tuirc dá gníomhaíochtaí gríosaitheacha aontaobhacha agus de neamhchomhlíonadh rún Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an trádbhac arm ar an Libia i ndáil le hoibríocht IRINI, lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta lena n-áirítear UNCLOS agus cearta ceannasacha Bhallstáit an Aontais sa limistéar; á athdhearbhú go gcáineann an tAontas síniú an dá mheabhrán tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le comhar cuimsitheach slándála agus míleata agus maidir le teorannú limistéar muirí, atá i gcoinne an dlí idirnáisiúnta; á athdhearbhú go bhfuil an tAontas ullamh le gach ionstraim agus rogha atá ar fáil dó a úsáid, lena n-áirítear na hionstraimí agus na roghanna faoi Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE, chun a leasanna agus leasanna a Bhallstát a chosaint, agus chun cobhsaíocht réigiúnach a chaomhnú; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Tuirc i láthair ar bhonn níos minice i limistéir ina bhfuil príomhleasanna slándála agus misin CBSC ag an Aontas, agus á iarraidh ar an Tuirc staonadh ón mbonn a bhaint ó leasanna agus ó mhisin an Aontais sna limistéir sin; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc ailíniú a dhéanamh le smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise; á iarraidh ar na Ballstáit Comhsheasamh 2008/944/CBES a chomhlíonadh go hiomlán maidir leis an Tuirc, lena n-áirítear cur i bhfeidhm docht chritéar 4 maidir le cobhsaíocht réigiúnach;

68.

ag tacú go láidir le Beartas Iontráil Oscailte ECAT; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá aontachas na Fionlainne agus na Sualainne le ECAT toisc go gcuirfeadh sé slándáil an Aontais agus Chomhghuaillithe ECAT araon chun cinn; á chur in iúl gur geal léi gur dhaingnigh formhór Chomhghuaillithe ECAT prótacail aontachais ECAT na Fionlainne agus na Sualainne agus á chur in iúl gur saoth léi nár dhaingnigh an Tuirc iarratais na Sualainne agus na Fionlainne go fóill chun dul isteach in ECAT; ag cur béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar ábhair imní slándála agus cosanta na mBallstát nach cuid de ECAT iad; á iarraidh ar an Aontas agus ar ECAT an comhar a threisiú maidir le tacú le fothú acmhainneachta ár gcomhpháirtithe;

69.

á mheas go bhfuil sineirgí agus comhleanúnachas le cur chun feidhme Choincheap Straitéiseach ECAT agus le Compás Straitéiseach an Aontais bunriachtanach, go háirithe sna réimsí maidir le cur i gcoinne an fhogha atá ar bun ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine agus cur i gcoinne réimeas Lukashenka, comhpháirtí na Rúise sa Bhealarúis, lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le beartais chomhéigneacha na Síne, le scaipeadh na bréagaisnéise urchóidí, chomh maith le cibearchosaint, bagairtí hibrideacha agus tacaíocht do chomhpháirtithe;

70.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cumais chosanta atá comhleanúnach, comhlántach agus idir-inoibritheach a fhorbairt chun slándáil an limistéir Eora-Atlantaigh a mhéadú i gcomhréir le prionsabal na foinse aonair fórsaí; á iarraidh ar an Aontas agus ar ECAT ceannaireacht theicneolaíoch dhomhanda i gcumais mhíleata a choinneáil ar bun; á chur i bhfáth gur gá comhleanúnachas aschuir a áirithiú idir próisis pleanála forbartha cumais an Aontais agus ECAT faoi seach; á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas a chumais chosanta féin agus a neamhspleáchas straitéiseach féin a fhorbairt chun feabhas a chur ar a acmhainneacht chun bheith ina chomhpháirtí níos láidre dá chomhghuaillithe; á iarraidh ar Bhallstáit ECAT AE a mbuiséid mhíleata a mhéadú go 2 % de OTI ar a laghad i gcomhréir le treoirlínte ECAT;

71.

á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Stát Aontaithe, Cheanada agus na hIorua i dtionscadal PESCO maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata, atá bunriachtanach chun an Eoraip a chosaint agus atá tábhachtach chun comhleanúnachas a mhéadú idir iarrachtaí an Aontais agus ECAT faoi seach chun gluaiseacht fórsaí míleata a éascú; á mheabhrú, mar sin féin, nach mór rannpháirtíocht tríú tíortha i dtionscadail aonair PESCO a chinneadh ar bhonn cás ar chás, nuair is chun leas straitéiseach an Aontais í an rannpháirtíocht sin; á chur in iúl gur geal léi an t-iarratas a rinne an Ríocht Aontaithe le déanaí ar dhul isteach i dtionscadal PESCO maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata; á mheabhrú do Bhallstáit rannpháirteacha PESCO gur gá a ngealltanais oibríochtúla agus chomhoibríocha a chur chun feidhme go mear; á chur in iúl gur geal léi an tIdirphlé Struchtúrtha idir an tAontas agus ECAT maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata; á chur in iúl gur geal léi Plean Gníomhaíochta 2.0 maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata mar a thíolaic an Coimisiún agus an Leas-Uachtarán/Ardionadaí é an 10 Samhain 2022 agus á iarraidh go ndéanfar é a chur chun feidhme go mear i sineirge le tionscadal PESCO maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata; á iarraidh go neartófaí an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa maidir le tionscadail soghluaisteachta míleata; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhú chun nósanna imeachta le haghaidh soghluaisteacht mhíleata a shimpliú agus a chomhchuibhiú agus chun na hamlínte maidir le cead a thabhairt a ghiorrú chun a chur ar chumas Bhallstáit an Aontais gníomhú níos tapúla agus éifeachtúlacht na freagartha a mhéadú; á chur i bhfáth nach mór a áirithiú leis an bPlean Gníomhaíochta nua maidir le Soghluaisteacht Mhíleata go ndéanfar ceanglais i réimsí an bhonneagair, na hathléimneachta agus na lóistíochta a mheasúnú ó thaobh straitéis mhíleata de; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cistiú breise don tionscnamh suaitheanta comhair seo idir an tAontas agus ECAT; á iarraidh ar an Aontas breithniú a dhéanamh ar iarraidh ar an Úcráin, ar an tSeoirsia agus ar Phoblacht na Moldóive a bheith rannpháirteach i dtionscadail PESCO amhail soghluaisteacht mhíleata;

72.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá dlúthchaidreamh an Aontais leis na Stáit Aontaithe, atá bunaithe ar chomhluachanna an daonlathais, na saoirse agus an smachta reachta; á chur in iúl gur mór aici tiomantas agus rannpháirtíocht na Stát Aontaithe agus a rialtais reatha do chosaint chríochach na hEorpa, go háirithe i bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine rud atá ina bhagairt don mhór-roinn ina hiomláine; ag tabhairt dá haire go bhfuil dúshlán na Stát Aontaithe á thabhairt freisin sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach chun cur i gcoinne sheasamh míleata méadaitheach na Síne agus á chur i bhfáth nach mór do Bhallstáit an Aontais dlús a chur lena n-iarrachtaí feabhas a chur ar chumais chosanta na hEorpa chun an bealach a réiteach d’aistriú ualaigh san fhadtéarma, agus níos mó freagrachta á glacadh ag an Aontas ó thaobh cosanta de;

73.

á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le slándáil agus cosaint mar chloch mhíle thábhachtach i gcomhar trasatlantach níos dlúithe; ag spreagadh an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí aird ar leith a thabhairt ar an tslándáil i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir agus an Deiscirt san idirphlé sin, chun réimsí amhail tionscnaimh fhrithpháirteacha slándála agus cosanta, misin agus oibríochtaí CBSC, dí-armáil agus neamhleathadh, an fhrithsceimhlitheoireacht, malartú faisnéise idir seirbhísi faisnéise a fheabhsú, tionchar na dteicneolaíochtaí suaiteacha, an t-athrú aeráide, bagairtí hibrideacha, an chibearchosaint, an tsoghluaisteacht mhíleata, bainistiú géarchéime agus an caidreamh le hiomaitheoirí straitéiseacha a áireamh sa phlé;

74.

ag athdhearbhú a hiarrata ar chomhar slándála agus cosanta institiúidithe a bheith ann leis an Ríocht Aontaithe; ag spreagadh na Ríochta Aontaithe chun dul i mbun rannpháirtíochta i ndáiríre leis an Aontas maidir le dúshláin phráinneacha straitéiseacha trí chomhlántacht agus sineirgí gníomhaíochtaí a áirithiú; ag moladh don Leas-Uachtarán/Ardionadaí a iarraidh ar an Ríocht Aontaithe, ar bhonn ad hoc, teacht chuig cruinnithe neamhfhoirmiúla airí gnóthaí eachtracha (agus cosanta) na Comhairle chun tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna ar ábhar leasa choitinn iad agus lánchosaint á déanamh ar neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais ag an am céanna; á chur i bhfios gur úsáid neamhéifeachtúil acmhainní iad na tionscadail chomhthreomhara chun forbairt a dhéanamh ar chórais aerchomhraic don todhchaí agus á mholadh, dá bhrí sin, gur cheart an dá thionscadal a chumasc; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht na Ríochta Aontaithe don Úcráin;

75.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá tagtha ar éagobhsaíocht ár gcomharsanachta, rud a tharlaíonn go minic mar thoradh ar ghníomhaíochtaí a dhéanann gníomhaithe urchóideacha atá ag lagú athchóirithe daonlathacha, trí ghníomhaíochtaí éagsúla, chun an tAontas a lagú i ndeireadh na dála; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dlúthnasc idir slándáil an Aontais agus slándáil ár gcomharsana is gaire dúinn i gcomharsanacht Oirthear agus Dheisceart an Aontais agus sna Balcáin Thiar; á iarraidh go ndéanfaí an comhar míleata-slándála a dhoimhniú le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir (EaP) atá ar aon intinn leis, lena n-áirítear trí ghné shlándála Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú agus trí idirphlé maidir leis an mbeartas slándála agus cosanta a fheabhsú, go háirithe leis an Úcráin, leis an tSeoirsia agus le Poblacht na Moldóive; á iarraidh go mbeadh comhar méadaithe ann i réimse na slándála agus na cosanta le comhpháirtithe i gComharsanacht an Deiscirt; á iarraidh ar an Aontas ról suntasach a bheith aige sa Mheánmhuir, agus é ina ghníomhaí a bhfuil ar a chumas cobhsaíocht an réigiúin a ráthú, lena n-áirítear i ndáil leis an tslándáil fuinnimh; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann le tíortha comhpháirtíochta sa Mheánmhuir chun an t-antoisceachas, an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus an trádáil aindleathach in airm a chomhrac;

76.

á iarraidh go neartófaí an comhar idir an tAontas agus ECAT maidir le cliathán thoir na Comhghuaillíochta agus go méadófaí pearsanra míleata na hEorpa sa Mhuir Dhubh; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach stádas straitéiseach na Mara Duibhe a aithint agus leas a bhaint as i gcomhthéacs chogadh na Rúise san Úcráin agus infheistíocht a mhéadú i dtionscadail mhíleata Eorpacha sa réigiún, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena tionscal míleata agus a bonneagar míleata a nuachóiriú agus a neartú;

77.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an teannas méadaitheach agus na ráigeanna a tharlaíonn arís agus arís eile sa chogaíocht idir an Asarbaiseáin agus an Airméin, áit a ndearnadh ionsaithe ar an Airméin laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus inar staon an Rúis ó ról cobhsaíochta a bheith aici ina leith; ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí a bheith rannpháirteach go hiomlán sna hiarrachtaí chun seasamh leis an sos comhraic; á chur in iúl gur geal léi seoladh acmhainneacht faireacháin shibhialtach an Aontais san Airméin agus imscaradh foirne um chúnamh pleanála idirthréimhseach chun feasacht AE ar an staid slándála a fheabhsú, agus chun rannchuidiú le misean sibhialtach CBSC a d’fhéadfadh a bheith sa tír a phleanáil agus a ullmhú;

78.

á chur i bhfáth nach bhfuil an Rúis fós ag cloí go hiomlán le comhaontú an tsosa comhraic idir an tSeoirsia agus an Rúis a ndearna an tAontas idirghabháil ina leith an 12 Lúnasa 2008; ag cáineadh go láidir láithreacht mhíleata neamhdhleathach agus forghabháil neamhdhleathach na Rúise i réigiúin na hAbcáise agus Tskhinvali/na hOiséite Theas sa tSeoirsia; á iarraidh ar SEGS tuarascáil chríochnúil a ullmhú maidir le sáruithe ar chomhaontú sos cogaidh an 12 Lúnasa 2008, comhaontú a bhfuil freagracht speisialta ar an Aontas ina leith mar idirghabhálaí, na forálacha nach bhfuil comhlíonta fós ag Cónaidhm na Rúise a shainaithint agus a chur in iúl go soiléir agus moltaí a thíolacadh, lena bhféadfaí Cónaidhm na Rúise a spreagadh chun a hoibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, go háirithe chun a fórsaí míleata a tharraingt siar ó chríocha na Seoirsia faoi fhorghabháil agus chun lamháil do shásra slándála idirnáisiúnta a chur ar bun sna críocha sin, agus ligean do Mhisean Faireacháin an Aontais (EUMM) rochtain gan bhac a bheith aige ar chríoch iomlán na Seoirsia, de bhun a sainordaithe;

79.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh dlúth-ailíniú le seasaimh CBES ag tíortha is iarrthóirí AE agus ag tíortha is iarrthóirí ionchasacha; maidir leis na Balcáin Thiar, ag tabhairt aird ar chaidreamh na Seirbia leis an Rúis agus ar a heaspa cáinte ar ghníomhaíochtaí neamhdhlisteanacha agus neamhdhlisteanacha na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar iarmhairtí an chaidrimh sin sna Balcáin Thiar; á iarraidh go mbeadh comhar míleata agus slándála níos láidre ann, lena n-áirítear comhar sibhialtach/míleata mar aon le comhar póilíneachta/míleata le tíortha na mBalcán Thiar atá ar aon intinn, go háirithe i réimsí amhail athléimneacht, cibearshlándáil, bagairtí hibrideacha, bainistiú teorainneacha, an fhrithsceimhlitheoireacht agus cur i gcoinne na bréagaisnéise; á iarraidh, ina leith sin, ar SEGS ról thoscaireachtaí an Aontais agus misin CBSC i dtríú tíortha a neartú chun treisiú a dhéanamh ar a gcumas feachtais bhréagaisnéise arna n-eagrú ag gníomhaithe stáit eachtracha a bhrath agus a dhíspreagadh;

80.

á iarraidh go mbeadh caidreamh agus comhar níos dlúithe ann le comhpháirtithe i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib chun spriocanna agus leasanna coiteanna a bhaint amach i réimsí na slándála agus na cosanta;

Grinnscrúdú Pharlaimint na hEorpa ar CBSC a fheabhsú

81.

á chur i bhfáth gur gá Parlaimint na hEorpa a rannpháirtiú ar bhealach níos gníomhaí in CBSC agus sa chinnteoireacht maidir le beartas cosanta tionsclaíoch, go háirithe maidir le cur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh, EDF, EDIRPA, EDIP, EPF agus na beartais agus na tionscnaimh éagsúla a dhéanann difear do chosaint agus do shlándáil na hEorpa, nó a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo do chosaint agus do shlándáil na hEorpa; ag moladh na dtograí le haghaidh gníomhaíocht bhreise ó Pharlaimint na hEorpa, agus go háirithe a Fochoiste um Shlándáil agus Cosaint, chun a thionchar ar CBSC a fheabhsú, agus chun éifeachtacht, comhsheasmhacht, cuntasacht dhaonlathach agus grinnscrúdú parlaiminteach leordhóthanach ar bheartas agus tionscnaimh shlándála agus chosanta an Aontais a áirithiú tríd an méid seo a leanas:

an Fochoiste um Shlándáil agus Cosaint a áireamh mar choiste comhchinnteoireachta i gcomhréir le riail 58 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa sna comhaid reachtacha uile a bhfuil impleachtaí substaintiúla ábhartha acu don tslándáil agus don chosaint,

úsáid a bhaint as an athbhreithniú meántéarma ar EDF agus as an gcaibidlíocht maidir le EDIRPA atá beartaithe chun cearta grinnscrúdaithe pharlaimintigh leordhóthanacha agus fóinteacha a chur chun feidhme trí ghníomhartha tarmligthe le haghaidh cláir oibre do na príomhchláir thionsclaíocha i réimse na cosanta,

Comhairle Cosanta lánfheidhme a chruthú,

Coiste iomlán um Shlándáil agus Cosaint a chur ar bun,

comhar a neartú ar fud choistí Pharlaimint na hEorpa ina bpléitear cúrsaí slándála agus cosanta,

soiléiriú a dhéanamh ar cheart chun faisnéise Pharlaimint na hEorpa agus ar a rochtain ar fhaisnéis faoi Airteagal 36 CAE,

idirphlé agus comhar idirpharlaiminteach leis na parlaimintí náisiúnta maidir le slándáil agus cosaint na hEorpa a threisiú, lena n-áirítear tríd an gComhdháil Idirpharlaiminteach maidir le CBES/CBSC, a bhfuil mar aidhm leis cuntasacht an bheartais slándála agus cosanta agus grinnscrúdú ina leith a threisiú;

82.

á iarraidh go ndéanfaí caidreamh Pharlaimint na hEorpa le Tionól Parlaiminteach ECAT a neartú tuilleadh, faoi chuimse inar cheart do Pharlaimint na hEorpa tacú le bunú Lárionad ECAT um Athléimneacht Dhaonlathach, arb é is aidhm dó faireachán a dhéanamh ar dhúshláin don daonlathas, do chearta an duine agus don smacht reachta agus iad a shainaithint, agus éascú a dhéanamh ar an daonlathas agus ar chúnamh rialachais do na Ballstáit agus do na stáit chomhpháirtíochta;

o

o o

83.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig Uachtarán an Choimisiúin agus chuig Coimisinéirí inniúla, chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, chuig Ardrúnaí ECAT, chuig Uachtarán Thionól Parlaiminteach ECAT, chuig gníomhaireachtaí an Aontais atá ag obair i réimsí na slándála agus na cosanta, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1)  IO L 170, 12.5.2021, lch. 149.

(2)  IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.

(3)  IO L 331, 14.12.2017, lch. 57.

(4)  IO L 102, 24.3.2021, lch. 14.

(5)  IO L 160, 7.5.2021, lch. 106.

(6)  IO L 160, 7.5.2021, lch. 109.

(7)  IO L 160, 7.5.2021, lch. 112.

(8)  IO L 247, 13.7.2021, lch. 93.

(9)  IO L 117, 19.4.2022, lch. 38.

(10)  IO L 270, 18.10.2022, lch. 85.

(11)  IO L 270, 18.10.2022, lch. 93.

(12)  IO L 319, 13.12.2022, lch. 86.

(13)  IO L 270, 18.10.2022, lch. 93.

(14)  IO C 493, 27.12.2022, lch. 19.

(15)  IO C 433, 23.12.2019, lch. 86.

(16)  IO C 388, 13.11.2020, lch. 22.

(17)  IO C 23, 21.1.2021, lch. 16.

(18)  IO C 232, 16.6.2021, lch. 71.

(19)  IO C 385, 22.9.2021, lch. 47.

(20)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 54.

(21)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 105.

(22)  IO C 132, 24.3.2022, lch. 102.

(23)  IO C 342, 6.9.2022, lch. 148.

(24)  IO C 342, 6.9.2022, lch. 167.

(25)  IO C 125, 18.3.2022, lch. 2.

(26)  IO C 347, 9.9.2022, lch. 61.

(27)  IO C 434, 15.11.2022, lch. 59.

(28)  IO C 493, 27.12.2022, lch. 136.

(29)  IO C 493, 27.12.2022, lch. 70.

(30)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0439.

(31)  Report on the Lean-up Baseline Study on Integrating Human Rights and Gender Equality in the European Union’s Security and Defence Policy [Tuarascáil ar an Staidéar Leantach Bonnlíne maidir le Cearta an Duine agus Comhionannas Inscne a Chomhtháthú i gComhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh].

(32)  IO L 335, 13.12.2008, lch. 99.

(33)  IO L 239, 17.9.2019, lch. 16.