29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 349/87


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bonneagar agus líonraí dáileacháin uisce atá inbhuanaithe agus athléimneach

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 349/14)

Rapóirtéir:

Thomas KATTNIG

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25.1.2023

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

26.6.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

580

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

199/10/17

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

I bhfianaise ghéarchéim na haeráide agus i bhfianaise an ghanntanais uisce atá ann de dheasca na géarchéime sin, is deimhin le CESE go gcaithfear gach beart is gá a chur chun feidhme leis an sceitheadh uisce a laghdú, le dáileadh cothrom na n-acmhainní uisce a áirithiú, agus lena chinntiú gur féidir an t-uisce a bhainistiú go hinbhuanaithe feasta. Uisce óil atá glan inacmhainne a sholáthar do na daoine, sin rud a gcaithfear tús áite a thabhairt dó i gcónaí fad atá an dáileadh agus an úsáid i gceist, go háirithe nuair atá ganntanas uisce ann. Is rud é a gcaithfear tús áite a thabhairt dó thar úsáid an uisce i ngort na tionsclaíochta, na turasóireachta agus na talmhaíochta. An cur chuige atá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur i bhfeidhm, is cur chuige é a bheadh bunaithe ar chearta, cur chuige maidir leis na beartais uisce ar fad. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht uisce freisin, agus ar an dul sin ailíniú a dhéanamh le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chomh maith. Molann CESE cur chuige coiteann a chur chun cinn chun an bhochtaineacht uisce a thuiscint ar leibhéal an Aontais agus sainmhíniú cuimsitheach ar an mbochtaineacht uisce a fhorbairt, chun go mbeidh gach Ballstát in ann a shainmhíniú comhthéacsúil féin a fhorbairt i gcomhréir leis an sainmhíniú Eorpach.

1.2.

Síleann CESE gur earra poiblí é soláthar an uisce, ós soláthar é sin den chineál a chuireann roimhe seirbhísí ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta a chur i dtábhacht. Tá costais mhóra ag gabháil leis na dúshláin arb í géarchéim na haeráide is cúis leo, agus tá costais mhóra ag gabháil leis na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh sa bhonneagar uisce chomh maith. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil difríocht idir bainistíocht phoiblí agus phríobháideach uisce agus go bhfuil dea-shamplaí agus drochshamplaí ar fáil ar an leibhéal poiblí agus ar an leibhéal príobháideach araon. Toisc an bhéim a bheith ar an mbrabús san earnáil phríobháideach, is deacair uilíocht na seirbhíse a áirithiú, i.e. freastal ar 100 % den phobal, ainneoin gur bunriachtanas é. Creideann CESE, in ainneoin na n-uasteorainneacha dochta airgeadais agus na dteorainneacha maorlathacha a ghabhann le bainistiú uisce poiblí, gur fearr is féidir leis an gcóras bainistíochta sin rochtain uilíoch ar chórais uisce agus séarachais a ráthú ar phraghas réasúnta agus le caighdeáin cháilíochta leordhóthanacha, agus gur fearr is féidir leis éiceachórais a athbhunú agus a chosaint chomh maith leis na hinfheistíochtaí is gá sa bhonneagar a áirithiú. Molann CESE arís eile (1)‘riail óir’ a thabhairt isteach nuair atá infheistíocht á déanamh i mbonneagar poiblí chun an táirgiúlacht a chosaint agus chun an bonn sóisialta agus comhshaoil a chosaint ar mhaithe leis na glúnta atá le teacht.

1.3.

Tá an t-uisce riachtanach don saol, is leas coiteann é, agus is cuid de chearta an duine é, mar a aithníodh sa chéad Tionscnamh ó na Saoránaigh ‘Right2Water’, tionscnamh ar éirigh go geal leis agus a spreag an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le hUisce Óil, arna glacadh ag an Aontas in 2020. Áirítear airteagal atá tiomnaithe don rochtain ar an uisce sa Treoir sin. I ndáil leis sin, molann CESE don Aontas creataí rialála maidir le comhaontuithe lamháltais uisce a ghlacadh agus a neartú, chun rochtain ar uisce agus ar chórais séarachais a ráthú ar phraghas réasúnta agus le caighdeáin cháilíochta leordhóthanacha, chun éiceachórais a athbhunú agus a chosaint agus chun na hinfheistíochtaí is gá sa bhonneagar a áirithiú. Na díolúintí atá deonaithe i gcás an uisce agus i gcás an fhuíolluisce, a bhuíochas sin leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh ‘Right2Water’, tionscnamh ar éirigh go geal leis faoi Threoir 2014/23/AE (2), is díolúintí iad ar cheart cloí leo san am atá romhainn. Tá CESE in aghaidh oibleagáid ar bith chun liobrálaithe in earnáil íogair an uisce agus an fhuíolluisce, go háirithe i gcomhthéacs ghéarchéim na haeráide.

1.4.

Nuair is in olcas atá dáileadh na n-acmhainní uisce ag dul i láthair na huaire, ba mhaith le CESE a chur in iúl gur cheart an geilleagar a eagrú ionas go bhféadfaí laghdú a chur ar an méid uisce a bhíonn á úsáid, mar aon le feabhas a chur ar athúsáid an uisce, go mór mór in earnáil na talmhaíochta agus i dtionscail eile atá amplach ar uisce. Chun na críche sin, beidh gá freisin le ceanglais agus le moltaí náisiúnta agus moltaí AE chun úsáid an uisce a rialáil ar bhealach ní b’fhearr agus chun tacaíocht airgeadais ní b’éifeachtaí a chur ar fáil do bhonneagar an uisce. Tá CESE ag iarraidh ar institiúidí an Aontais tús áite a thabhairt do cheist an uisce, sin agus ‘Comhaontú Gorm’ a chur á fhorbairt.

1.5.

Is de thiomantas CESE neartú a dhéanamh ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe an té a íocfaidh as an truailliú, agus is dá chuid tiomantais fós dul i ngleic le truailleáin ar láthair na foinse, ní dul i muinín réiteach ‘i gceann an phíobáin’ leis na truailleáin a ghlanadh as an bhfuíolluisce. Ní mór féachaint go buan leanúnach le truailliú na n-uiscí agus an screamhuisce a laghdú lena áirithiú nach rud é soláthar an uisce óil, diúscairt agus cóireáil an fhuíolluisce agus íonú an uisce a bheidh ag éirí róchostasach. Is céim thábhachtach amháin sa phróiseas seo atá sna feabhsuithe spriocdhírithe ar chóireáil an fhuíolluisce, sin agus an chóireáil sin a nascadh go dlúth le scéim atá bunaithe ar fhreagracht an táirgeora, faoi mar a mhol an Coimisiún sa Treoir athmhúnlaithe maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh (UWWTD), treoir a bhfuil CESE ag tacú leis. Mar sin féin, is mithid a áirithiú go ndéanfar rialú poiblí ar eagraíochtaí um fhreagracht na dtáirgeoirí, sin agus gur neamhspleách a dhéanfaidh eagraíochtaí na dtáirgeoirí gach infheistíocht i ngléasraí cóireála fuíolluisce gan tionchar a imirt orthu.

1.6.

Ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar na dúshláin mhóra atá os comhair na mbardas i ndáil le forbairt na limistéar uisce agus le caoi mhaith a choinneáil ar na limistéir sin. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin, ba cheart an comhar idir-bhardasach a fhorbairt a thuilleadh, agus ba cheart é a éascú go mór. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an scóip atá sa dlí i gcomhair na hinlíochta, go háirithe fad a bhaineann le dlí an tsoláthair phoiblí.

1.7.

An infheistíocht i mbainistiú uisce agus fuíolluisce a bhfuil gá léi chun ‘aistriú gorm’ inbhuanaithe iomaíoch cothrom a chruthú, is ar na cóimheasa costais agus tairbhe comhshaoil agus eacnamaíocha is fearr is féidir a áirithiú ba cheart a díriú, go háirithe ar ghrúpaí leochaileacha sa daonra. An taighde agus an nuálaíocht, mar aon le feachtais faisnéise i gcomhair lucht tionsclaíochta, lucht talmhaíochta agus i gcomhair na dteaghlach, sin trí ní a bhfuil tábhacht mhór leo freisin chun coigilt an uisce a chur chun cinn i saol an gheilleagair agus i nósmhaireacht na ndaoine.

1.8.

Ba mhaith le CESE béim a chur ar mheath na bithéagsúlachta, rud atá ag tarlú de dheasca ghéarchéim na haeráide, agus é ag dul in olcas mar gheall ar bhearta mar athshruthú uisce atá róthe isteach sna haibhneacha. Ní mór sin a chur san áireamh nuair a bheidh an bonneagar uisce á dhearadh lena chinntiú go bhféachfar le réiteach a fháil ar na fadhbanna sin a mhéid is féidir seachas iad a ligean in ainseal. San am céanna, ní mór bearta cuimsitheacha a dhéanamh chun an cuspóir 1,5 oC a bhaint amach faoi 2050.

1.9.

Tá CESE ag moladh don Choimisiún Eorpach próiseas comhairliúcháin phoiblí uile-Eorpaigh a sheoladh lena ndéanfar riachtanais na hEorpa maidir leis an uisce a mheas chun bheith mar bhonn leis na hidirghabhálacha a dhéanfar sna blianta amach romhainn mar chuid den ‘Comhaontú Gorm don Aontas’.

2.   Cúlra

2.1.

Is sócmhainn é an t-uisce nach mbeifí beo dá uireasa, sócmhainn atá riachtanach don duine, don dúlra agus d’fheidhmiú an gheilleagair agus na sochaí. Is in earnáil na talmhaíochta (70 %) is airde atá éileamh ar uisce. Is í earnáil na tionsclaíochta an dara hearnáil is airde éileamh (22 %) air, agus is ar an teaghlach atá an tríú héileamh is airde (8 %). San am céanna, is fiú EUR 100 billiún an meánchaiteachas bliantúil ar uisce agus ar shláintíocht ar fud an Aontais. Méadóidh sé sin go dtí tuairim is EUR 250 billiún chun rialacha an Aontais maidir le cóireáil fuíolluisce agus soláthar uisce óil a chomhlíonadh (3).

2.2.

Ionas nach mbeidh easpa uisce ann san am atá le teacht, beidh an bonneagar uisce le feabhsú agus an toilleadh stórála le méadú. Ionas go bhféadfar sin a dhéanamh, teastaíonn raon leathan beart: uisce na báistí a bhailiú i ndabhacha móra faoin talamh; taiscumair agus píobáin fáinne a thógáil; laghdú a chur ar an méid de dhromchla na talún atá séalaithe d’fhonn acmhainn stórála na hithreach a mhéadú. I gcás tuilte, ar cineálacha difriúla sreafaí uisce is cúis leo, ba ghá iarracht a dhéanamh an bharraíocht uisce a chur chuig taiscumair rialaithe lena stóráil. Ba cheart toilleadh maolánach a bhunú ag pointí difriúla feadh na sreafaí uisce ionas go ligfear d’aon bharraíocht uisce sruthú amach de réir a chéile agus d’fhonn buaicphointí barraíochta uisce a mhaolú. Caithfear déanamh réidh do chásanna mar sin trí infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar roimh ré.

2.3.

Tá aitheantas tugtha ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe don cheart atá ag an duine ar uisce, agus in 2010 (4) tugadh aitheantas don tsláintíocht mar cheart ar leith inti féin. Is den mhórphráinn na chéad chéimeanna a thabhairt d’fhonn an ceart sin a thrasuí, ceart atá leagtha amach i dTreoir (AE) 2020/2184 (5) agus sa togra ón gCoimisiún le haghaidh athmhúnlú Threoir 91/271/CEE (6). Is den ghealltanas atá á dhéanamh ag na Ballstáit go bhfeabhsóidh siad an rochtain atá ag cách san Aontas ar uisce óil glan inacmhainne faoi 2030, sin agus go bhfeabhsóidh siad an rochtain atá acu ar an tsláintíocht dá réir. De réir an eolais atá ag an gCoimisiún (7), tá tuairim agus 10 milliún duine san Aontas gan rochtain ar shaoráidí sláintíochta i láthair na huaire. Ní mór do na Ballstáit an méid sin a chur san áireamh mar is ceart sa phróiseas cur chun feidhme. Is é is aidhm do thionscnamh an Chomhaontaithe Ghoirm barr a chur ar an dícheall atá á dhéanamh chun na sprice sin.

2.4.

Is mór an tionchar atá géarchéim na haeráide a imirt ar bhainistiú an uisce ar fud an domhain. Cuid den sliocht atá ar an ngéarchéim is ea an t-ardú ar leibhéil na mara: de bharr an ardaithe sin, tá breis uisce i limistéir an chósta. Tuilleadh den sliocht atá air is ea an t-ísliú i leibhéil na n-aibhneacha agus i leibhéil an screamhuisce i réigiún go leor. Sin rud atá ag cur leis an nganntanas bia freisin, mar tá cineálacha éagsúla bia ann nach féidir a chur ar an mbord mura bhfuil fionnuisce ar fáil (8).

2.5.

Faoi thionchar ghéarchéim na haeráide, is ag laghdú atá na hacmhainní uisce atá ann faoi láthair. Tá an talamh ag triomú in áiteanna, agus tá an t-uisce ag déanamh gaile (9). Tá farraigí an domhain mhóir ag téamh leo, agus tá na gnáthóga á scriosadh: imríonn sin tionchar ar an éiceachóras ina iomláine diaidh ar ndiaidh.

2.6.

Ní mhairfidh na saoránaigh gan soláthar uisce arae is cuid é den bhonneagar is tábhachtaí dá bhfuil ar an saol. Ionas gur féidir uisce óil a thabhairt chomh fada leis na saoránaigh, is iondúil go mbíonn fuinneamh ag teastáil chun na caidéil a oibriú. Tá sé ag tarlú cheana féin gur córais sheanchaite atá á n-úsáid ag cuid de na soláthraithe uisce óil, sin agus foinsí fuinnimh dá gcuid féin, sa riocht nach mbeidh orthu soláthar uisce a gcuid custaiméirí a ghearradh má chliseann ar an aibhléis.

2.7.

Le blianta beaga anuas, tá na seirbhísí uisce agus na seirbhísí fuíolluisce á gcur faoi scáth an bhardais arís i dtíortha go leor san Aontas. De dheasca a mhíshásúla a bhí an scéal i ndiaidh phríobháidiú na seirbhísí, is éard atá déanta ag cuid de na cathracha agus ag cuid de na bardais seirbhísí arb iad leas an phobail iad a chur faoi chuntas an sparáin phoiblí. Is iomaí fo-éifeacht a bhí ag an bpríobháidiú: laghdú infheistíochta sa bhonneagar, na dálaí oibre ag dul in olcas, méadú ar an sciar de na costais atá le glanadh ag na tomhaltóirí, sin agus idir smacht ar an soláthar agus fios na hoibre a bheith in easnamh chomh maith (10). Cúram an uisce a thabhairt faoi scáth na mbardas arís, sin rud a d’fhágfadh gur faoi anáil na gcathracha agus na mbardas a bheadh an chumhacht pholaitiúil agus an rialú daonlathach fad atá soláthar an uisce i gceist (11).

2.8.

Is mór an tábhacht atá leis an uisce go polaitiúil agus go sóisialta, agus is rud é a bhfuil cur chuige fadtéarmach ag teastáil ina leith, cur chuige atá glan ar fhéilire na dtoghchán. Is rud é dá réir nach féidir a riar ó thaobh chostais na hinfheistíochta de, sin ná ó thaobh na hoibríochta agus na cothabhála de, gan dua agus dícheall lucht déanta na gcinntí poiblí. Ionas go mbeidh sé ar chumas na saoránach an rialú daonlathach a fheidhmiú go hiomlán, is gá a áirithiú go mbeidh eolas acu ar thimthriall an uisce agus ar chostas an timthrialla sin.

3.   Barúlacha ginearálta

An taobh sochaíoch de scéal an uisce

3.1.

Is acmhainn ríthábhachtach é an t-uisce, ach is acmhainn é atá ag éirí gann de bharr ghéarchéim na haeráide. Nuair is amhlaidh atá, tá CESE ag iarraidh go mbunófaí Comhaontú Gorm don Aontas chun feasacht a mhúscailt maidir leis an acmhainn ríthábhachtach seo. Is éard atá á mholadh ag CESE go ndéanfaí mapáil ar an mbonneagar uisce agus infhaighteacht an uisce i ngach Ballstát chun faisnéis atá cothrom le dáta a fháil faoi staid an bhonneagair uisce, sin agus chun riachtanais na hinfheistíochta a bhfuil práinn leo a shainaithint.

3.2.

Cuireann CESE i bhfios go láidir nach earra tráchta é an t-uisce mar gach earra eile, ach earra de chuid oidhreacht an duine atá le cumhdach agus le cosaint (12). Creideann CESE gur cheart caitheamh leis an rochtain uilíoch ar uisce óil agus le soláthar na sláintíochta ardcháilíochta ar phraghsanna inacmhainne don phobal mar a bheadh leas poiblí ann, seachas mar earra tráchta, i gcomhréir iomlán le hAirteagal 14 CFAE agus le Prótacal 26 atá i gceangal le CAE agus CFAE. I ndáil leis sin, molann CESE don Aontas creataí rialála maidir le comhaontuithe lamháltais uisce a ghlacadh agus a neartú, chun rochtain uilíoch ar uisce agus ar chórais séarachais a ráthú ar phraghas réasúnta agus le caighdeáin cháilíochta leordhóthanacha, chun éiceachórais a athbhunú agus a chosaint agus chun na hinfheistíochtaí is gá sa bhonneagar a áirithiú. Na díolúintí atá deonaithe i gcás an uisce agus i gcás an fhuíolluisce, a bhuíochas sin leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh ‘Right2Water’ (13), tionscnamh ar éirigh go geal leis faoi Threoir 2014/23/AE maidir le dámhachtain na gconarthaí lamháltais, is díolúintí iad ar cheart cloí leo san am atá romhainn. I bhfianaise ghéarchéim na haeráide, tá CESE go mór i gcoinne oibleagáid ar bith chun liobrálaithe in earnálacha íogaire an uisce agus an fhuíolluisce agus is éard atá sé a iarraidh ina leaba sin go neartófaí na seirbhísí poiblí leasa ghinearálta in earnáil an uisce agus thar an earnáil sin amach.

3.3.

An cur chuige atá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur i bhfeidhm, is cur chuige é a bheadh bunaithe ar chearta, cur chuige maidir leis na beartais uisce ar fad. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht uisce freisin, agus ar an dul sin ailíniú a dhéanamh le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chomh maith. Molann CESE cur chuige coiteann a chur chun cinn chun an bhochtaineacht uisce a thuiscint ar leibhéal an Aontais agus sainmhíniú cuimsitheach ar an mbochtaineacht uisce a fhorbairt, chun go mbeidh gach Ballstát in ann a shainmhíniú comhthéacsúil féin a fhorbairt i gcomhréir leis an sainmhíniú Eorpach. Ba cheart cistí poiblí a chur ar fáil chun bonneagar a fhorbairt, d’fhonn aird ar leith a thabhairt ar úinéirí maoine ar bheagán acmhainní agus ar limistéir uirbeacha agus tuaithe atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta a bhfuil athchóiriú bonneagair de dhíth orthu.

3.4.

Cuireann CESE chun suntais nach cúrsaí maoiniúcháin amháin atá i gceist leis an ‘aistriú cóir’ óir áirítear leis freisin an cuspóir maidir le hobair chuibhiúil, poist ardcháilíochta agus slándáil shóisialta a chruthú, agus iomaíochas ghnólachtaí an Aontais a chothabháil, agus tá gá le gníomhaíocht shonrach ar gach leibhéal, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach, má táthar chun an t-aistriú sin a chur i gcrích.

3.5.

Is ag dul i líonmhaire atá na réigiúin a bhfuil ganntanas uisce ag déanamh tinnis dóibh (14). Is maith an teist é sin ar a riachtanaí atá sé bonneagar uisce athléimneach a fhorbairt, sin agus thar aon ní eile toilleadh stórála a chruthú. I gcás ganntanas uisce, níor mhór soláthar uisce a áirithiú le haghaidh na ndaoine, mar aon le bunriachtanais an duine a áirithiú chomh maith, agus tosaíocht a thabhairt don dá ní sin thar úsáid an uisce in earnálacha na tionsclaíochta, na turasóireachta agus na talmhaíochta. Ní mór do na Ballstáit ráthaíocht a thabhairt ina leith sin. Ba riachtanach sin chun coinbhleachtaí faoi chúrsaí uisce a chosc, coinbhleachtaí a bhfuil a leithéid ag teacht chun follais cheana in áiteanna eile ar domhan. Dá bhrí sin, tá géarghá ag an Aontas leis an gComhaontú Gorm mar tá tuilleadh airde le tabhairt ar sholáthar agus ar dháileadh an uisce sna blianta atá romhainn, chomh maith le neartú an taighde agus na nuálaíochta.

Cáilíocht an uisce agus glanadh an uisce

3.6.

Is éard ab áil le CESE an prionsabal úd gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as an truailliú agus prionsabal an réamhchúraim a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr chun cáilíocht an uisce a fheabhsú agus chun na costais a chur ar na truaillitheoirí seachas ar na tomhaltóirí. Ba cheart an screamhuisce féin a bheith glan a dhóthain le hól. Dá mbeadh sé chomh glan sin, ní bheadh aon chóireáil le déanamh air, cóireáil atá costasach, cóireáil a chaitheann an iomarca fuinnimh.

3.7.

Thar aon ní eile, de thoradh sceitheadh ó earnáil na talmhaíochta, ó earnáil an bhia agus ó earnáil na tionsclaíochta, cuirtear leis an truailliú de dheasca níotráití agus lotnaidicídí a bheith á leathadh sa talamh. Is é toradh is minic air sin screamhuisce a bhfuil ceimicí ann. Dá bhrí sin, ní mór an reachtaíocht a mhúnlú in earnáil na talmhaíochta (e.g. CBT), in earnáil na tionsclaíochta agus in earnáil na ceimice (e.g. an Rialachán maidir le Lotnaidicídí) ionas nach mbeidh dochar á dhéanamh do na héiceachórais uisce.

Úsáid agus ró-úsáid an uisce

3.8.

Ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar na dúshláin mhóra atá os comhair na mbardas i ndáil le forbairt na limistéar uisce agus le caoi mhaith a choinneáil ar na limistéir sin. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ba cheart tuilleadh forbartha a chur ar an gcomhar idirbhardasach, agus an comhar sin a éascú go mór chun feidhmíocht na seirbhísí soláthair uisce agus diúscartha agus cóireála fuíolluisce agus forbairt agus cothú na limistéar uisce a neartú, sin agus chun inmharthanacht na seirbhísí leasa ghinearálta sin i gceantair thuaithe a áirithiú go fadtéarmach. Dá bhrí sin, ba mhaith le CESE iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme an dlí a leathnú, go háirithe fad a bhaineann an scéal le dlí an tsoláthair phoiblí.

3.9.

Measann an Coimisiún gurb é costas iomlán athmhúnlú UWWTD a bheidh ann rud os cionn EUR 3,8 billiún in aghaidh na bliana. Is ar chrann na dteaghlach (15) a thitfeadh formhór na gcostas, rud a d’fhágfadh arís ar ais go dtiocfadh méadú ar na costais sláintíochta, méadú a bhuailfeadh buille a mbasctha ar na grúpaí sa tsochaí is lú a bhfuil airgead ina bpóca. Dá bhrí sin, is éard ab áil le CESE roinnt na gcostas agus na bhfáltas a bheith á déanamh ar bhealach a d’fhágfadh nach iad na teaghlaigh a íocfaidh an farasbarr.

3.10.

Creideann CESE gur gá laghdú mór a chur ar an méid uisce a bhíonn ag sceitheadh leis go fánach nuair is ina sceitheadh a imíonn suas le 20 % (16) den uisce i gcuid de Bhallstáit an Aontais. Ar an dul céanna, níor mhór laghdú mór a chur ar an diomailt uisce in earnáil na tionsclaíochta, in earnáil na tógála agus in earnáil na turasóireachta. D’fhéadfadh na hearnálacha sin comaoin a chur ar an réiteach ach lámh a chur i dtaighde agus i nuálaíocht i dtaca le cleachtais atá éifeachtúil ó thaobh úsáid an uisce de, sin agus eolas atá ann cheana a chur chun feidhme ar bhealach ní b’fhearr (e.g. uisciú a dhéanamh le trealamh braoiníní, barra sábhála uisce a shaothrú, an geilleagar ciorclach a neartú, táirgeadh bia a chur in oiriúint do dhálaí áitiúla, etc.).

3.11.

An saoránach atá ar an eolas faoin nganntanas, is lú uisce a chaithfidh sé nó sí féin sa bhaile. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE na ceanglais bhreise atá ann feasta faoi scáth reachtaíocht an Aontais maidir le faisnéis a bheith á tabhairt ag na soláthróirí uisce óil agus ag an lucht bainistithe fuíolluisce do na teaghlaigh.

Uiscebhealaí

3.12.

Tá géarchéim na haeráide ag imirt tionchar nach beag ar na bealaí iompair ar uisce ar fud an domhain. Thar aon ní eile, tá leibhéal íseal an uisce sna haibhneacha, an t-athrú i bpatrúin na frasaíochta, an t-athrú ar mhinicíocht na hadhaimsire, mar aon leis an ardú i leibhéil na mara ag imirt tionchair ar iompar earraí agus ar iompar na ndaoine.

3.13.

Cuid de na cainéil a mbítear ag seoladh iontu, níl an doimhneacht chéanna iontu is a bhíodh, rud a fhágann nach bhfuil neart air ach bonneagar na gcalafort agus na loc a chur in oiriúint do na himthosca nua. Ciallaíonn sé sin go mbeidh costais níos airde agus amanna feithimh níos faide ar na longa, agus ciallaíonn sé dá réir sin go mbeidh moill ann nuair atá earraí á n-iompar.

3.14.

Ní mór bearta a dhéanamh chun bonneagar na gcalafort agus na loc a oiriúnú agus chun feabhas a chur ar phleanáil na gcainéal seolta agus na mbealaí loingseoireachta ionas gur féidir iompar ar uisce a dhéanamh go sábháilte agus go héifeachtúil san am atá le teacht.

3.15.

Measann CESE gur rud lárnach forbairt agus idirnascadh níos fearr a dhéanamh ar na huiscebhealaí san Aontas. Ba cheart an idirmhódúlacht a chur san áireamh freisin, rud a luaitear i dtuairim TEN/764 (17).

Fuinneamh

3.16.

Léirigh na margaí fuinnimh i mí Lúnasa 2022 nach bhféadfaidh foinse fuinnimh ar bith a bheith iontaofa 100 % mar gheall ar ghéarchéim na haeráide. Féachaimis mar shampla tionchar an triomaigh ar an bhfuinneamh atá á tháirgeadh le cumhacht an uisce agus le cumhacht núicléach.

3.17.

Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun cumhacht an uisce a úsáid chun aibhléis in-athnuaite a ghiniúint agus a stóráil. Mar sin féin, is rud é atá á thabhairt dá aire aige gur diúltach an tionchar atá ag an nganntanas uisce ar tháirgeadh agus ar stóráil na haibhléise, ganntanas arb í géarchéim na haeráide is ciontach leis. Laghdaíonn sé sin an táirgeadh, rud ba dhochar don eangach leictreachais freisin. Ba cheart leanúint den tacaíocht atá á tabhairt d’fhorbairt na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, go háirithe i réimsí fhuinneamh na gréine agus fhuinneamh na gaoithe, dhá réimse ba cheart a bhrú chun cinn d’fhonn aon easpa uisce a d’fhéadfadh a bheith ann sna stáisiúin hidreachumhachta a chúiteamh.

3.18.

Tugann CESE dá aire chomh maith go bhféadfaidh sé go dtiocfaidh méadú ar úsáid an uisce mar thoradh ar leictriú an chórais iompair, á chur san áireamh go dteastaíonn méid suntasach uisce i dtaobh na leictrilítí a úsáidtear i dtáirgeadh ceallraí. Ina fhianaise sin, ba ghá pleanáil chúramach a dhéanamh le haghaidh bunú monarchana ceallraí.

3.19.

Tugann CESE dá aire gur gnách nach dteastaíonn an méid céanna uisce le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite agus a theastaíonn le haghaidh bhaint agus phróiseáil na mbreoslaí iontaise traidisiúnta. Is ann, áfach, d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a n-úsáidtear an-chuid uisce chucu, mar atá na bithbhreoslaí. Teastaíonn cuid mhór uisce le haghaidh uisciú agus phróiseáil na mbarr a mbítear á bhfás chun bithbhreoslaí a tháirgeadh. Ní mór an t-uisce sin a chur ar fáil trí leas a bhaint as bonneagar agus líonraí dáileacháin uisce.

3.20.

Tá CESE á thabhairt chun suntais go mbíonn soláthar mór uisce ag teastáil leis an trealamh a fhuarú san áit a mbíonn cumhacht núicléach á giniúint. Bíonn an teocht ag éirí de bharr ghéarchéim na haeráide, agus san am céanna bíonn leibhéal na n-aibhneacha ag ísliú leis. De réir mar a bhíonn an teocht ag ardú, beidh ar na stáisiúin cumhachta núicléiche a gcuid oibre a laghdú mar gheall ar ghanntanas uisce. Anuas air sin, de bharr an iomarca teasa a bheith san uisce fuaraithe atá á ligean sna haibhneacha ag an stáisiúin sin, is amhlaidh atá níos lú ocsaigine sna haibhneacha feasta, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar éiceolaíocht an uisce agus ar chúrsaí bithéagsúlachta araon (18).

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Cáineann CESE an easpa comhleanúnachais idir beartas uisce an Aontais agus beartais eile de chuid an Aontais, agus iarrann sé ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht chun beartais agus spriocanna atá ag dul in aghaidh a chéile a sheachaint.

4.2.

Is díol sásaimh do CESE gur chinn an Coimisiún in athmhúnlú na Treorach maidir le hUisce Óil an sceitheadh uisce as na píobáin a laghdú oiread is féidir (19). Ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar an ngéarghá agus ar an bpráinn atá le bearta agus le hinfheistíocht idir phoiblí agus phríobháideach i mbonneagar an uisce chun diomailt uisce a sheachaint agus chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht an phríomhbhonneagair uisce a áirithiú go fadtéarmach. Ba cheart déileáil le sceitheadh uisce mar a bheadh éigeandáil ann. I gcásanna dá shórt, ba ríthábhachtach foireann saineolaithe agus trealamh a bheith ann chun stop a chur leis an sceitheadh go pras.

4.3.

Maidir le maoiniú na dtionscadal bhonneagair, is rud é a léiríodh arís agus arís eile gurb iad na rialacha diana fioscacha an bhacainn is mó atá ag cosc an bhealaigh ar na húdaráis phoiblí. Dá bhrí sin, is aidhm is mithid a bheith ann díolmhú ó riail ar bith dá gcuireann cosc ar infheistíocht phoiblí den chineál sin a thabhairt do na tionscadail atá faoi scáth an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, mar aon le tionscadail i réimse an neamhspleáchais fuinnimh, sin agus tionscadail san earnáil dhigiteach chomh maith. Dá bhrí sin, i gcomhréir le tuairimí eile a bhí ann roimhe seo (20), is éard a mholann CESE an ‘riail óir’ a chur i bhfeidhm ar an infheistíocht phoiblí.

4.4.

Tacaíonn CESE leis an athbhreithniú atá beartaithe ar Threoir 2006/118/CE (21) agus ar Threoir 2008/105/CE (22) agus le luachanna teorann a chur i gcion ar cheimiceáin shárfhluairínithe (PFCanna) agus ar mhicreaphlaistigh. I dtuarascáil speisialta de chuid Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar béim ar an gcur i bhfeidhm lag gan iarmhairt atá á dhéanamh in earnáil an uisce ar an bprionsabal úd gurb é údar an truaillithe an té a chaithfidh íoc as an truailliú ainneoin na gcostas mór oibriúcháin agus infheistíochta atá ann (23).

4.5.

Ba mhaith le CESE a chur in iúl go bhfuil gá le lucht saothair oilte agus le speisialtóirí, sin agus le bainistiú iomchuí eolais, chun bonneagar uisce agus líonraí dáileacháin atá inbhuanaithe athléimneach a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, is é sin gníomhaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla a bhaineann an leas optamach as eolas. Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí na struchtúir agus na dálaí oibre riachtanacha ar bun ionas go bhféadfar an obair a láimhseáil go héifeachtach agus gan bhac sa réimse seo, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh foireann speisialaithe leordhóthanach ar fáil chun na bearta is gá a chur chun feidhme.

4.6.

Tugann CESE dá aire go bhfuil an digitiú leanúnach in earnáil an uisce ag cur le líon na rioscaí i réimsí na slándála sonraí agus na cosanta sonraí. Ba thábhachtach a áirithiú gur rud é láimhseáil na sonraí a bailíodh a bheadh i gcomhréir leis an gcóras cosanta sonraí ba dhéine agus ab fhéidir. San am céanna, i bhfianaise an mhéadaithe ar bhagairt na gcibirionsaithe ar an mbonneagar criticiúil, is ról lárnach a chaithfidh a bheith ag an gcibearshlándáil i mbonneagar an uisce agus sna líonraí dáileacháin.

4.7.

Is beag comhtháthú atá á dhéanamh ar chuideachtaí atá páirteach i dtáirgeadh agus i ndáileadh an uisce óil, ná ar bhainistiú an fhuíolluisce agus ar íonú an uisce i mBallstáit go leor. Síleann CESE gur chúnamh a bheadh ann i laghdú na gcostas agus i méadú na héifeachtúlachta cúram na forbartha agus an bainistithe a bheith faoi aon eagraíocht phoiblí amháin.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Féach, mar shampla, Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean REPowerEU (COM(2022) 230 final) agus Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann sé le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060, Rialachán (AE) 2021/2115, Treoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (COM(2022) 231 final — 2022/0164(COD)) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 185), Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hInfheistíocht phoiblí sa bhonneagar fuinnimh mar chuid den réiteach ar shaincheisteanna aeráide (tuairim féintionscnaimh) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 67) agus Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Fís straitéiseach maidir le haistriú fuinnimh a chuirfidh ar chumas an Aontais uathriail straitéiseach a bhaint amach (tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.02.2023, lch. 102), etc.

(2)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(3)  https://www.aquapublica.eu/sites/default/files/article/file/20230310_Joint%20statement_EPR%20scheme.pdf.

(4)  https://www.un.org/Depts/german/gv-64/band3/ar64292.pdf.

(5)  Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).

(6)  Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).

(7)  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/qanda_22_6281.

(8)  https://wires.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.1002/wat2.1633.

(9)  Europe’s next crisis: Water – POLITICO.

(10)  Getzner, Köhler, Krisch, Plank (2018) – Tuarascáil deiridh (leagan fada): ‘Vergleich europäischer Systeme der Wasserversorgung und Abwasserentsorgung’, San fhoilseachán: Informationen zur Umweltpolitik, lch. 197.

https://emedien.arbeiterkammer.at/viewer/ppnresolver?id=AC15177626.

(11)  https://www.epsu.org/search?f%5B0%5D=policies%3A56.

(12)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1), aithris 1.

(13)  https://right2water.eu/.

(14)  https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC133025.

(15)  Dáileadh de réir an mheasúnaithe tionchair: 51 % de i measc na dteaghlach, 22 % ina chaiteachas poiblí agus 27 % de i ngort na dtionscal.

(16)  https://emedien.arbeiterkammer.at/viewer/ppnresolver?id=AC15249737.

(17)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (COM(2022) 384/2 final – 2021/0420 (COD)) (IO C 75, 28.02.2023, lch. 190).

(18)  https://www.dw.com/de/wie-k%C3%BChlen-hei%C3%9Fe-l%C3%A4nder-ihre-kernkraftwerke/a-49758541.

(19)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ga/TXT/HTML/?uri=CELEX:32020L2184.

(20)  Féach fonóta 1.

(21)  Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).

(22)  Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).

(23)  https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR21_12/SR_polluter_pays_principle_EN.pdf.