28.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 226/1


MOLADH ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 20 Meitheamh 2023

do Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banco de España (BCE/2023/16)

(2023/C 226/01)

TÁ COMHLAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe BCE agus a fhormheasann Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tháinig deireadh le sainordú na n-iniúchóirí seachtracha atá ag Banco de España faoi láthair, comhlachas sealadach na ngnóthas Mazars Auditores, S.L.P. – Mazars, S.A., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2022. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh don bhliain airgeadais 2023.

(3)

Tá Deloitte & Touche S.p.A. roghnaithe ag Banco de España mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2023 go 2027,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Moltar go gceapfaí KPMG Auditores S.L mar iniúchóirí seachtracha ar Banco de España do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 20 Meitheamh 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE