21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 138/1


MOLADH ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

An 13 Aibreán 2023

chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique

(BCE/2023/10)

(2023/C 138/01)

TÁ COMHLAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe BCE agus a fhormheasann Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tháinig deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique, Mazars Réviseurs d’Entreprises/Mazars Bedrijfsrevisoren SCRL/CVBA, tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2022. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2023.

(3)

Roghnaigh Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique KPMG Bedrijfsrevisoren/KPMG Réviseurs d’Entreprises BV/SRL mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2028,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Moltar go gceapfaí KPMG Bedrijfsrevisoren/KPMG Réviseurs d’Entreprises BV/SRL mar iniúchóirí seachtracha ar Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2028.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 13 Aibreán 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE