Strasbourg, 21.11.2023

COM(2023) 901 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AGUS CHUIG AN mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA

An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2024


Infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí iomaíoch an Aontais:

Suirbhé Bliantúil 2024 maidir leis an Fás Inbhuanaithe

1.Réamhrá

Tar éis téarnamh láidir in 2022, tá moill tagtha ar ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas i bhfianaise boilsciú ard agus coinníollacha maoiniúcháin níos déine. Le freagairt bheartais ghasta chinntitheach chomhordaithe, tháinig feabhas ar an ngeilleagar agus bhíothas in ann dul i ngleic le hiarmhairtí socheacnamaíocha phaindéim COVID-19 agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. D’éirigh leis an Aontas an ghéarchéim fuinnimh a d’eascair as sin a láimhseáil, rud a laghdaigh a spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise gan gá le ciondáil gáis agus a sheachain cúlú eacnamaíoch. Cé gur tháinig moill ar an ngeilleagar in 2023 agus go bhfuil na rioscaí agus na héiginnteachtaí ard, lena n-áirítear mar thoradh ar an staid sa Mheánoirthear, is mó ná riamh an méid daoine atá ag obair san Aontas, agus tá an ráta dífhostaithe ag leibhéal íseal nach bhfacthas riamh, cé go bhfuil éagsúlacht ann ó Bhallstát go chéile agus ó réigiún go chéile. Cé go bhfuil dúshláin struchtúracha fós ann, léiríonn an méid a baineadh amach le déanaí gur fearr a oibríonn an Eoraip nuair a oibríonn sí le chéile.

Mar a cuireadh i bhfios go láidir i nDearbhú Granada, tá an tAontas tiomanta a iomaíochas fadtéarmach a neartú agus do bhonn eacnamaíoch athléimneach a fhorbairt trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin struchtúracha atá aige. Léirigh imeachtaí geopholaitiúla suaiteacha gur gá don Aontas a uathriail straitéiseach oscailte a neartú a thuilleadh agus leanúint de bheith iomaíoch i margadh domhanda, agus a áirithiú san am céanna nach bhfágfar aon duine ar lár. Leanfaidh an tAontas dá bheartas trádála oscailte agus cóir a shaothrú, infheistíocht a dhéanamh i gcomhpháirtíochtaí agus é féin a chosaint ar chleachtais éagóracha, ón tSín cuir i gcás. Tá slabhraí soláthair athléimneacha éagsúlaithe de dhíth ar an Aontas chun an tslándáil eacnamaíoch a threisiú, go háirithe maidir le hamhábhair chriticiúla, comhpháirteanna teicneolaíochta agus trealamh. Chun buntáiste iomaíoch an Aontais a fheabhsú a thuilleadh, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar na hinniúlachtaí agus na scileanna is gá don aistriú glas agus don aistriú digiteach a fhorbairt, an t-athrú déimeagrafach a bhainistiú, agus san am céanna, infheistíochtaí a mhéadú agus an nuálaíocht a chothú. Tacaíonn bosca uirlisí déimeagrafaíochta an Choimisiúin leis na Ballstáit beartais a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le sochaí atá ag dul in aois. Tá sé chomh ríthábhachtach céanna an leas is fearr is féidir a bhaint as an margadh aonair, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt a thuilleadh chun tacú le hinfheistíochtaí príobháideacha.

Tá an tAontas ag imeacht ó bhreoslaí iontaise. Ar bhonn na ngealltanas faoin gComhaontú Glas don Eoraip, tá an Eoraip ag éileamh go ndéanfaí tionscail, fuinneamh, foirgnimh agus iompar a dhícharbónú agus tá dlús suntasach curtha aici leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Trí thionscal láidir teicneolaíochta glaine a chruthú agus trína chur in úsáid a chumasú, lena n-áirítear tríd an togra ón gCoimisiún maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais (GDIP) 1 a chur chun feidhme, tacófar leis an iomaíochas. Le nósanna imeachta ceadaithe níos tapúla mar a tugadh isteach sa Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus rialachán éigeandála maidir le ceadú, beidh an fuinneamh in-athnuaite níos flúirsí. Thairis sin, thíolaic an Coimisiún togra chun feabhas a chur ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais agus ar a chosaint ar chúbláil mhargaidh, agus chun borradh a chur faoi infheistíocht nua fuinnimh.

Tá ionstraimí maoiniúcháin an Aontais ag cur borradh faoin aistriú glas agus aistriú digiteach, faoi scileanna agus faoin bhfostaíocht chun iomaíochas an Aontais a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Maidir le cur chun feidhme leanúnach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), lena n-áirítear caibidlí tiomnaithe REPowerEU a thabhairt isteach i bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI), agus úsáid chistí an bheartais comhtháthaithe, leanann siad de ról lárnach a bheith acu maidir le cláir oibre athchóirithe agus infheistíochta a mhúnlú sna Ballstáit uile. Leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) atá beartaithe, áiritheofar sineirgí breise idir ionstraimí an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear an clár InvestEU, chun teicneolaíochtaí criticiúla a chur in úsáid go tapa. Go dtí seo, tá os cionn EUR 175 bhilliún d’íocaíochtaí déanta ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, eisíocadh os cionn EUR 210 billiún faoi chistí an bheartais comhtháthaithe ó thús phaindéim COVID-19, agus formheasadh EUR 13.44 billiún i ráthaíochtaí AE agus 119 n-oibríocht faoi InvestEU. Tá os cionn EUR 24 bhilliún slógtha ag an gclár Fís Eorpach don eolaíocht agus don nuálaíocht. San am céanna, rinne an Coimisiún measúnú dearfach ar chláir oibre infheistíochta agus athchóirithe faoi REPowerEU ar fiú EUR 54 bhilliún iad. Chun leanúint de chistiú a áirithiú agus acmhainní a bharrfheabhsú le haghaidh thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, ní mór an t-athbhreithniú spriocdhírithe ar chreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais a ghlacadh go pras.

Le timthriall 2024 an tSeimeastair Eorpaigh, déanfar cur chun feidhme leanúnach na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus chláir an bheartais comhtháthaithe a mheas, lena scrúdófar conas a chomhlánaíonn siad a chéile ó thaobh cistiú agus torthaí beartas de. Díreofar go háirithe ar na comhlántachtaí idir an plean téarnaimh agus athléimneachta agus cistí an bheartais comhtháthaithe, lena léireofar an chaoi a bhfuil athchóirithe ag gníomhú mar phríomhchumasóirí le haghaidh infheistíochtaí ar leibhéil éagsúla. Cuirfear treoirlínte ar fáil freisin i bhfianaise an athbhreithnithe meántéarma atá le bheith ann ar chláir an bheartais comhtháthaithe. Deis a bheidh ann measúnú a dhéanamh ar na cláir agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais agus na dúshláin atá ag teacht chun cinn i mBallstáit an Aontais Eorpaigh agus ina réigiúin.

Ba cheart an tAthbhreithniú ar an Rialachas Eacnamaíoch a thabhairt i gcrích go pras. Tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ag obair ar na tograí ón gCoimisiún chun rialacha fioscacha an Aontais a athchóiriú, tograí a tíolacadh an 26 Aibreán 2023. Cruthóidh an creat athchóirithe soiléireacht agus intuarthacht do bheartas fioscach amach anseo, agus inbhuanaitheacht fiachais agus fás eacnamaíoch á gcur chun cinn san am céanna. A luaithe a ghlacfar an creat fioscach athchóirithe, tosóidh na Ballstáit ag ullmhú a gcéad phleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha, pleananna ina leagfar amach beartais fhioscacha, struchtúracha agus infheistíochta le haghaidh na chéad 4 go 5 bliana eile. Iarrann an Coimisiún ar na comhreachtóirí teacht ar chomhaontú gan mhoill maidir le creat athchóirithe.

I Suirbhé Bliantúil na bliana seo don Fhás Inbhuanaithe, leagtar béim ar chlár oibre beartais socheacnamaíoch an Aontais, agus an tírdhreach maicreacnamaíoch, sóisialta agus geopholaitiúil atá ag teacht chun cinn á chur san áireamh. Leanann an treoraíocht cur chuige struchtúrtha atá bunaithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch, agus tá sí ailínithe le hobair an Aontais chun dul chun cinn leanúnach a dhéanamh i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Leagtar amach sa Teachtaireacht freisin príomhghnéithe thimthriall 2024 an tSeimeastair Eorpaigh.

2.Na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch

2.1 Cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch

Tá geilleagar an Aontais fós athléimneach d’ainneoin moill a bheith tagtha air. In 2022, bhí an ghníomhaíocht eacnamaíoch fós ag téarnamh, agus tháinig méadú 3.4 % ar OTI i bhfianaise an mhéadaithe ar an mboilsciú. Le linn 2023, bhí fás níos laige ann mar thoradh ar an mboilsciú atá fós ard ach ag laghdú de réir a chéile, agus mar thoradh ar ghéarú ar an mbeartas airgeadaíochta. Ar an taobh eile, tá forbairtí i margadh an tsaothair fós dearfach, agus tá an ráta dífhostaithe ag leibhéal nach mór chomh híseal lena raibh sé riamh. I réamhaisnéis an fhómhair, meastar go dtiocfaidh fás an-bheag 0.6 % ar gheilleagar an Aontais in 2023, agus ansin go dtiocfaidh méadú 1.3 % air in 2024 agus 1.7 % in 2025. Tá an chuma ar an scéal go leanfaidh an boilsciú de bheith ag laghdú, agus go mbainfear amach ráta 2.4 % san Aontas in 2025. Cabhróidh sé sin, in éineacht le pá níos airde agus margadh saothair atá fós láidir, le cumhacht ceannaigh teaghlach a fheabhsú de réir a chéile. 

Tá na rioscaí a bhaineann le fiachais arda agus éagsúlachtaí i bpraghsanna ábhartha i gcónaí. Cé gur éascaigh an timpeallacht boilscithe díghiaráil níos tapúla a dhéanamh ó fhiacha arda, d’fhéadfadh sé go mbeadh méadú ar an teannas a bhaineann le fiachas ard, san earnáil phríobháideach agus phoiblí araon, mar thoradh ar na coinníollacha maoiniúcháin níos déine. Bheadh tionchar aige sin go háirithe ar na Ballstáit ina n-éilíonn seirbhísiú fiachais tar-rolladh mór fiachais, nó ina bhfuil méaduithe móra ar íocaíochtaí úis le sárú ag an earnáil phríobháideach. Ina theannta sin, le difríochtaí leanúnacha sna méaduithe ar phraghsanna agus ar chostais i dtíortha éagsúla, tá ionchas ann go mbeidh caillteanais iomaíochais sna Ballstáit ina bhfuil na méaduithe is mó ar phraghsanna. Is riosca ar leith é sin i measc thíortha an limistéir euro toisc nach rogha é na costais agus na praghsanna intíre a athailíniú trí athruithe ar an ráta malairte ainmniúil 2 . Sa Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh tá anailís an Choimisiúin ar éabhlóid na míchothromaíochtaí agus na rioscaí atá ag teacht chun cinn 3 . An earrach seo chugainn, ullmhófar grinn-athbhreithnithe le haghaidh 12 Bhallstát. Maidir leis an gCipir, leis an bhFrainc, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an Spáinn, leis an Ungáir, leis an Iodáil, leis an Ísiltír, leis an bPortaingéil, leis an Rómáin agus leis an tSualainn, déanfar obair leantach sna grinn-athbhreithnithe ar na míchothromaíochtaí nó ar na míchothromaíochtaí iomarcacha a sainaithníodh an earrach seo, agus i gcás na Slóvaice déanfar measúnú sa ghrinn-athbhreithniú ar an mbaol a bhaineann le míchothromaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn.

Leis an gclásal éalaithe ginearálta faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a rachaidh in éag ag deireadh 2023, ní mór don bheartas fioscach tacú leis an mbeartas airgeadaíochta maidir leis an mboilsciú a laghdú agus an inbhuanaitheacht fhioscach a chosaint, agus, san am céanna, a dhóthain spáis a chur ar fáil d’infheistíochtaí breise agus tacú leis an bhfás fadtéarmach 4 . Tá comhordú an bheartais fhioscaigh ríthábhachtach chun cuidiú leis an mbeartas airgeadaíochta an boilsciú a tharraingt ar ais chuig a sprioc mheántéarmach ar bhealach tráthúil. Ba cheart do na rialtais beartais fhioscacha chomhordaithe stuama a ghlacadh chun an fiachas a choinneáil ar leibhéil stuama nó chun cóimheasa fiachais a chur ar chonair anuas shochreidte. Ba cheart dóibh deireadh a chur le bearta tacaíochta fuinnimh a bhaineann le géarchéimeanna a luaithe is féidir agus leas a bhaint as an gcoigilteas a eascraíonn as sin chun easnaimh a laghdú. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach a bheith solúbtha i bhfianaise na héiginnteachta ard, trí staid fhioscach chrapthach a bhaint amach, mar a bhí coinne leis in 2023 agus in 2024, cuideofar le maoláin fhioscacha a athbhunú le himeacht ama agus, ar an gcaoi sin, le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí i roinnt Ballstát. Chomh maith leis an ngá atá le straitéis fhioscach stuama a choinneáil ar bun, ní mór an infheistíocht phoiblí a choinneáil ar bun agus, i gcás inar gá, í a mhéadú, chun tacú leis an bhfás fadtéarmach agus leis an aistriú glas. Chuige sin, ba cheart do na rialtais ardleibhéal infheistíochta poiblí a choinneáil ar bun chun tacú leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach, ar mhaithe leis an táirgiúlacht agus an athléimneacht a neartú. Chuige sin, beidh gá le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chomhdhéanamh an airgeadais phoiblí ar thaobh an ioncaim agus an chaiteachais araon, tríd an meascán cánach a bharrfheabhsú, mar shampla. Beidh sé ríthábhachtach freisin dlús a chur le cur chun feidhme na bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, lena n-áirítear a gcaibidlí REPowerEU, agus leas iomlán a bhaint as cláir an bheartais comhtháthaithe.

Na bearta éigeandála fioscacha a glacadh chun freagairt do shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, ba cheart deireadh a chur leo a luaithe is féidir. Maidir le tacaíocht fhioscach fhadtréimhseach neamh-spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, ní hí sin an uirlis cheart sa staid reatha, ós rud é go méadaíonn sí brúnna boilscitheacha agus go gcuireann sí le dianbheartas airgeadaíochta fadtréimhseach. Cuireann sé sin teorainn freisin leis an spás fioscach le haghaidh caiteachas táirgiúil, maidir le hinfheistíochtaí glasa agus digiteacha cuir i gcás. Ba cheart tacaíocht do theaghlaigh leochaileacha a chur ar fáil ar bhealach spriocdhírithe trí chórais cosanta sóisialta agus trí líontáin sábhála shóisialta atá ann cheana. I gcás ina mbeadh gá le bearta tacaíochta, ba cheart iad a dhíriú ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, ar a bheith inacmhainne go fioscach agus ar dhreasachtaí a chaomhnú chun an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.

Mar a fógraíodh sa treoraíocht maidir leis an mbeartas fioscach le haghaidh 2024 5 , molfaidh an Coimisiún don Chomhairle tús a chur, in Earrach 2024, leis na Nósanna Imeachta um Easnamh Iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh le haghaidh 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.

2.2. Inbhuanaitheacht comhshaoil

Chuidigh na gníomhaíochtaí a rinne an tAontas agus na Ballstáit le praghsanna fuinnimh a thabhairt níos gaire do na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim, agus chuidigh infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh ghlain leis an soláthar amach anseo a chobhsú. Tá laghdú thart ar 84 % tagtha ar phraghsanna an gháis nádúrtha i gcomparáid leis na leibhéil is airde riamh a bhí ann anuraidh, ach tá siad fós 78 % os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim agus tháinig laghdú freisin ar phraghsanna mórdhíola leictreachais (laghdú -78 % i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh). Mar sin féin, tá praghsanna fuinnimh san Aontas fós ard ar an meán i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim agus leis an gcuid eile den domhan. Cé go bhfuil athléimneacht a chórais fuinnimh méadaithe ag an Aontas, tá na dálaí margaidh fós faoi réir éiginnteachta, lena n-áirítear mar gheall ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear. Ó bhí mí Feabhra 2022 ann, tá deireadh curtha ag an Aontas le hallmhairí guail ón Rúis, tháinig laghdú thart ar 90 % ar allmhairí ola ón Rúis agus tháinig laghdú thart ar dhá thrian ar allmhairí foriomlán gáis ón Rúis agus leanfaidh an tAontas de na hiarrachtaí sin amach anseo. Tá leibhéil stórála an gháis nádúrtha níos airde ná riamh roimh ré, agus leibhéil 100 % iontu i mí na Samhna 2023. Le cur chun feidhme rathúil chreat an Aontais maidir le laghdú ar éileamh ag na Ballstáit, neartaíodh ullmhacht an Aontais don gheimhreadh seo, agus tá torthaí nithiúla á mbaint amach ag an uirlis le haghaidh comhiomlánú éilimh, AggregateEU. I bhfianaise na ndálaí feabhsaithe sna margaí fuinnimh chomh maith leis an ngá atá le beartais fhioscacha stuama a ghlacadh, ba cheart do na Ballstáit deireadh a chur go gasta le fóirdheontais breoslaí iontaise. Níor cheart dóibh feidhm a bhaint as bearta tacaíochta fuinnimh spriocdhírithe ach amháin má thagann méadú breise ar phraghsanna fhuinnimh agus ba cheart dóibh cur in úsáid tapa agus céimniú isteach roghanna malartacha inacmhainne i leith fuinneamh glan do theaghlaigh agus do ghnólachtaí a éascú trí athchóirithe agus infheistíochtaí iomchuí.

Tá na Ballstáit ag díriú a n-iarrachtaí ar chaibidlí REPowerEU na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, arna gcomhlánú le cistí an bheartais comhtháthaithe. Go dtí seo, thíolaic 23 Bhallstát a gcaibidlí REPowerEU, ar fiú imchlúdach EUR 54 bhilliún iad. Áirítear ar bhearta REPowerEU nósanna imeachta ceadaithe a chuíchóiriú chun dlús a chur le leathadh amach foinsí in-athnuaite fuinnimh agus saoráidí stórála, bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú chun an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú agus tacú le forbairt slabhraí luacha in amhábhair agus teicneolaíochtaí criticiúla atá riachtanach don aistriú glas. Tá ról tábhachtach freisin ag tacaíocht chistí an bheartais comhtháthaithe d’infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, san fhuinneamh in-athnuaite agus i gcórais chliste fuinnimh faoin chuspóir an bheartais ‘Eoraip Níos Glaise’ maidir le roinnt príomhghníomhaíochtaí faoi thionscnamh REPowerEU a chur chun feidhme. Maidir le maoiniú ón Aontas le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin ó na cuspóirí beartais ar fad agus ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC), is fiú EUR 47 mbilliún an maoiniú sin. Ciallaíonn infhaighteacht na n-ionstraimí cistiúcháin éagsúla sin gur féidir cuspóirí coiteanna a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí, mar shampla trí mheascán d’athchóirithe RRF/REPowerEU maidir le níos mó foinsí in-athnuaite fuinnimh a cheadú agus a nascadh leis an eangach trí infheistíochtaí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach.

Ní mór na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna) nuashonraithe a fhorbairt ina n-iomláine agus a chur chun feidhme go pras. Ba cheart do PNFAnna nuashonraithe na mBallstát beartais aeráide agus fuinnimh níos uaillmhianaí a chur chun cinn i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030. Tá coinne leis go gcuirfidh siad na moltaí tírshonracha is déanaí san áireamh go hiomlán, moltaí a foilsíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go léireoidh siad bearta fuinnimh agus aeráide ina bplean téarnaimh agus athléimneachta, agus go bhféachfaidh siad ar shineirgí le hionstraimí pleanála eile faoi bheartas comhtháthaithe an Aontais. Eiseoidh an Coimisiún moltaí Ballstát-bhunaithe le haghaidh a ndréacht-PNFAnna i mí na Nollag 2023 agus tá an Coimisiún ag súil leis go gcuirfear na moltaí sin san áireamh go hiomlán sna PNFAnna deiridh, atá le teacht faoi mhí an Mheithimh 2024. Cuideoidh na PNFAnna le pleanáil straitéiseach a chomhdhlúthú, le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh 6 agus le cinnteacht d’infheisteoirí a neartú chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 55 % faoi bhun leibhéil 1990 ar a laghad. Ba cheart é sin a chomhcheangal le hiarrachtaí chun caillteanas acmhainní nádúrtha a aisiompú, cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe a fhorbairt, seirbhísí éiceachórais a chaomhnú agus oiriúnú níos fearr agus níos tapúla d’aeráid níos díobhálaí, go háirithe i réimse na hathléimneachta uisce. Chun an chobhsaíocht bhuiséadach a chaomhnú agus suaití airgeadais a chosc amach anseo, tá méadú ag teacht ar an ngá atá ann do na Ballstáit an tionchar fioscach a bhíonn ag teagmhais adhaimsire agus guaiseacha aeráide eile a mheas ina bpleanáil bhuiséadach mheántéarmach agus ullmhú don tionchar sin.

Tá sé ríthábhachtach tionscal glan-nialasach an Aontais a neartú chun na teicneolaíochtaí agus na comhpháirteanna is gá a chur ar fáil chun an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach agus chun go leanfaidh tionscal na hEorpa de bheith iomaíoch. Déanfar iomaíochas thionscal glan-nialasach an Aontais amach anseo a chinneadh trí sholáthar cobhsaí fuinnimh inacmhainne, ar fuinneamh é atá ag éirí níos glaine, infhaighteacht lucht saothair ardoilte agus maoiniú leordhóthanach príobháideach agus poiblí. Tá infhaighteacht amhábhar inacmhainne, oscailteacht trádála leanúnach, agus timpeallacht ghnó thacúil ríthábhachtach freisin. Ag cur le láidreachtaí an mhargaidh aonair, is é is aidhm do GDIP agus don Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta timpeallacht níos tacúla a chur ar fáil chun acmhainneacht monaraíochta an Aontais le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasacha a mhéadú. Cuirfidh an togra STEP borradh faoi chumas infheistíochta an Aontais tacú leis an méadú sin, agus forbairt scileanna iomchuí ag gabháil leis, agus san am céanna cuideoidh sé leis an gcomhtháthú agus leis an Margadh Aonair a chosaint. Maidir le riachtanais infheistíochta iomlána shlabhraí soláthair an Aontais le haghaidh cúig theicneolaíocht ghlan-nialasachta (gaoth, grian, ceallraí, teaschaidéil agus leictrealóirí), is fiú EUR 92 bhilliún é sin go dtí 2030. I ndáil leis an méid sin, tacóidh an Pacáiste Eorpach um Chumhacht Gaoithe le cuideachtaí in earnáil na gaoithe agus cuirfidh sé feabhas ar a n-iomaíochas. Ar bhonn níos ginearálta, cuideoidh rannpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara tionsclaíocha, lena n-áirítear idirphlé maidir leis an aistriú glan, le tionscal an Aontais chun a shamhail ghnó don chlaochlú glas a fhorbairt. Beidh ról ríthábhachtach ag T&N sa chlaochlú sin agus beidh gá le creat beartais atá fabhrach don nuálaíocht. Chun an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, ní mór do thionscal an Aontais an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a neartú freisin, go háirithe maidir le haisghabháil agus ionadú amhábhar criticiúil agus glacadh amhábhar tánaisteach chun an choinneáil luacha a uasmhéadú. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit díriú ar fhóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol a bhaint, meastar gur fiú suas le EUR 300 billiún in aghaidh na bliana na gnóthachain bhuiséadacha a d’fhéadfadh a bheith ann 7 . Ina theannta sin, cuideoidh an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha le haistriú aeráide thionscal an Aontais, rud a chuideoidh le cothrom iomaíochta a choinneáil le táirgeoirí nach táirgeoirí den Aontas iad agus le sceitheadh carbóin a sheachaint.

2.3 Táirgiúlacht

Cé gurb í an táirgiúlacht is mó a spreagann an t-iomaíochas, tá meánfhás na táirgiúlachta san Aontas marbhánta le 10 mbliana anuas. Ó 2015 i leith, níl ach méadú 6 % tagtha ar tháirgiúlacht saothair in aghaidh na huaire an chloig a oibríodh. Beidh an Tuarascáil nua maidir leis an Margadh Aonair agus Iomaíochas a fhoilseoidh an Coimisiún i mí Eanáir 2024 mar bhonn do thimthriall bliantúil rialachais agus do phlé ar an margadh aonair agus ar iomaíochas agus táirgiúlacht fhadtéarmach, mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach. Is bacainní móra ar fhás na táirgiúlachta iad claochlú digiteach atá míchothrom agus mall i gcoitinne agus ganntanais scileanna in earnálacha éagsúla. Tá gá le gníomhaíocht beartais chinntitheach chun tacú le cistiú príobháideach T&N trí dhreasachtaí cánach a dheartar mar is ceart, trí chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus trí choinníollacha níos fearr le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí atá i mbun fáis amhail tríd an gComhairle Nuálaíochta Eorpach, a bunaíodh faoin gClár Fís Eorpach. Tá tábhacht ar leith ag baint le taighde agus nuálaíocht mhéadaithe i ngnólachtaí agus san earnáil phoiblí chun an táirgiúlacht a neartú i réigiúin ina raibh fás mall le blianta beaga anuas. Cé go gcríochnaíonn níos mó daoine óga san Aontas an t-oideachas treasach, is féidir an táirgiúlacht a neartú a thuilleadh trí líon na gcéimithe ETIM a mhéadú, trí aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí inscne agus trí fheabhas a chur ar ábharthacht an mhargaidh saothair. 

Borradh a chur faoin táirgiúlacht, sin rud atá ag brath ar fheabhas a chur ar na dálaí creata, ar an margadh aonair a dhoimhniú agus ar urraim don smacht reachta. Tá bacainní riaracháin ina n-ualach ar ghnólachtaí an Aontais sa lá atá inniu ann, rud a chuireann bac ar a gcumas infheistíocht a dhéanamh thar theorainneacha agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur i gcrích go héifeachtach. Ní mór iarrachtaí comhpháirteacha a dhéanamh chun na rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú, chun bacainní a bhaint, agus chun réimsí le haghaidh tuilleadh comhtháthaithe a fhiosrú 8 . Tá na chéad tograí reachtacha curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún chun oibleagáidí tuairiscithe a laghdú 25 % ar an leibhéal Eorpach, gan an bonn a bhaint de chuspóirí beartais na dtionscnamh lena mbaineann. Ní mór do na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, dlús a chur lena n-iarrachtaí sa réimse sin chun an leibhéal uaillmhéine sin a mheaitseáil. Chun an táirgiúlacht a ardú, tá gá le dreasachtaí láidre tríd an gcóras cánach agus sochar agus oideachas agus oiliúint éifeachtach chun an soláthar saothair agus infhaighteacht lucht saothair solúbtha agus oilte a mhéadú. Tá margaí caipitil an Aontais atá domhain agus comhtháite ríthábhachtach d’iomaíochas domhanda an Aontais, mar bhealach chun infheistíocht phríobháideach a fhoinsiú i ngeilleagar an Aontais, lena n-áirítear don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí freisin chun glacadh na nuálaíochta a éascú agus chun scrogaill agus bacainní i margaí táirgí agus seirbhísí a laghdú. Tá urraim don smacht reachta, go háirithe córais cheartais atá neamhspleách, ar ardcháilíocht agus éifeachtúil, deimhneacht dhlíthiúil agus comhionannas os comhair an dlí ina bpríomhchinntithigh freisin maidir le timpeallacht ghnó a chothaíonn infheistíocht agus nuálaíocht.

Tá sé ríthábhachtach timpeallacht ghnó atá cothrom agus fabhrach do FBManna a chothú chun an margadh aonair a neartú. Áirítear sa Phacáiste Fóirithinte do FBManna togra chun dul i ngleic le híocaíochtaí déanacha. Is é is aidhm dó cothroime a thabhairt d’idirbhearta tráchtála, leachtacht agus athléimneacht FBManna a fheabhsú agus borradh a chur faoi iomaíochas ghnólachtaí an Aontais. Áirítear sa phacáiste freisin tograí chun toscaire tiomnaithe FBManna a cheapadh agus togra maidir le Cánachas Ceannoifige (HOT) a thabhairt isteach chun an creat cánachais do FBManna a fheidhmíonn thar theorainneacha a shimpliú. Leis an togra ‘An Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim’, déanfar an saol níos éasca do ghnólachtaí agus d’údaráis chánach araon trí shraith aonair rialacha a thabhairt isteach chun bonn cánach a chinneadh do ghrúpaí cuideachtaí a oibríonn i níos mó ná tír amháin. Leis an ngné sin den chlár InvestEU a bhaineann le FBManna, cuidítear le FBManna iad féin a chur in oiriúint do chleachtais ghnó inbhuanaithe agus cistí a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta a fhorbraíonn teicneolaíochtaí inbhuanaitheachta nua. Meastar go mbeidh níos mó ná EUR 200 billiún i gceist leis an tacaíocht do FBManna go dtí 2027 faoi chláir chistiúcháin an Aontais 9 .  

Braitheann conair fáis an Aontais go mór ar ghlacadh an aistrithe dhigitigh Cé go gcuireann teicneolaíochtaí digiteacha buntáistí iomaíocha, seirbhísí feabhsaithe agus margaí leathnaithe ar fáil do ghnólachtaí móra, tá leibhéal digitithe FBManna fós míchothrom ar fud na mBallstát agus na n-earnálacha. Níl na hacmhainní ná na scileanna ag cuid mhaith FBManna traidisiúnta chun tairbhe iomlán a bhaint as an digitiú, rud a leagann béim ar an ngá atá le dul chun cinn sa réimse sin. Is é is aidhm don chomhpháirtíocht scileanna digiteacha ar mhórscála cuidiú le spriocanna Dheacáid Dhigiteach an Aontais a bhaint amach, mar atá bunscileanna digiteacha a thabhairt do 80 % de dhaoine, cóineasú inscne a bhaint amach, agus 20 milliún speisialtóir TFC a bheith fostaithe faoi 2030. Leagfar amach i dtreochláir straitéiseacha náisiúnta na Deacáide Digití na bearta nithiúla a bhfuil sé beartaithe ag gach Ballstát a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí, i gcomhréir le torthaí na chéad tuarascála ar Staid na Deacáide Digití. Le roinnt forbairtí rialála, lena n-áirítear an creat le haghaidh na hIntleachta Saorga, an Gníomh um Shonraí, na Seirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha, neartófar acmhainneacht na hEorpa dul san iomaíocht ar an leibhéal domhanda. Is é togra an Aontais le haghaidh creat dlíthiúil maidir leis an intleacht shaorga, an chéad chreat cuimsitheach dá chineál; agus cé go bhfuil sé d’aidhm aige na rioscaí a mhaolú ar bhealach comhréireach, soláthraíonn sé an deimhneacht dhlíthiúil is gá chun intleacht shaorga iontaofa a chur i bhfeidhm ar scála Eorpach.

Chun bearnaí táirgiúlachta san Aontas a laghdú, ní mór díriú freisin ar na réigiúin sin ina bhfuil an táirgiúlacht marbhánta agus a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as comhlántachtaí idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí an bheartais comhtháthaithe ar an leibhéal réigiúnach. Is mó na difríochtaí sa rochtain ar oideachas agus oiliúint, ar chúram sláinte, ar thaighde, ar nuálaíocht, ar shoghluaisteacht agus ar bhonneagar digiteach ar ardchaighdeán sna ceantair thuaithe agus sna ceantair is forimeallaí. Léirítear é sin freisin i gceantair uirbeacha ina bhfuil iomaíochas níos airde agus leibhéil níos airde caipitil dhaonna 10 . Mar shampla, tá oideachas iar-mheánscoile faighte ag níos lú ná 25 % den daonra idir 25-64 bliana d’aois i réigiúin tuaithe an Aontais, i gcomparáid le 44 % i gcathracha 11 . Tá sineirgí idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistiú an bheartais comhtháthaithe ríthábhachtach chun tacaíocht a thabhairt ar an leibhéal réigiúnach.

2.4 Cothroime

Leanann margadh saothair an Aontais de bheith ag feidhmiú go láidir ar an iomlán d’ainneoin fás eacnamaíoch níos moille a bheith ann, cé go bhfuil éagothromaíochtaí réigiúnacha fós ann, agus is lú an tairbhe a bhaineann roinnt grúpaí den daonra as. Shroich an ráta fostaíochta 75.4 %, leibhéal ab airde ná riamh, in R2-2023, agus thit an ráta dífhostaíochta go 6.0 %, arb é an ráta is ísle a taifeadadh riamh don Aontas. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag roinnt Ballstát, thaifead Ballstáit eile rátaí dífhostaíochta os cionn 11 % 12 . San am céanna, léiríonn torthaí mhargadh an tsaothair difríochtaí suntasacha réigiúnacha laistigh de na Ballstáit.

Tá leibhéil arda na nganntanas saothair agus scileanna ina mbac mór ar an bhfás inbhuanaithe, ar an nuálaíocht agus ar an iomaíochas agus tá gníomhaíocht spriocdhírithe ag teastáil ina leith. Sa mhargadh saothair teann seo, ní féidir le breis agus dhá thrian d’fhostóirí teacht ar an tallann a theastaíonn uathu 13 . Is gnáth ganntanais a bheith ann sa chúram sláinte, ETIM (go háirithe TFC), gairmeacha glasa agus gairmeacha seirbhíse áirithe. Tá géarghá le buanna na mban, na ndaoine óga agus na ndaoine scothaosta, na ndaoine ar bheagán oiliúna, na ndaoine faoi mhíchumas agus na ngrúpaí eile atá faoi mhíbhuntáiste agus faoi ghannionadaíocht i margadh an tsaothair 14 . Tá os cionn 20 % den daonra in aois oibre neamhghníomhach, lena n-áirítear 8 milliún duine óg nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna. Ba cheart comhdheiseanna a áirithiú do chách, lena n-áirítear trí na straitéisí a bhaineann le hAontas an Chomhionannais a chur chun feidhme 15 .

Ba cheart gníomhaíochtaí beartais ar na leibhéil iomchuí a dhíriú ar rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a mhéadú chun torthaí fostaíochta agus sóisialta a fheabhsú. Áirítear leis sin beartais ghníomhacha neartaithe maidir leis an margadh saothair, rochtain ar oideachas agus cúram luath-óige atá ar ardchaighdeán agus inacmhainne, chomh maith le córais le haghaidh cúram fadtéarmach, cánach agus sochar lena dtacaítear leis an obair (lena n-áirítear trí chánachas a aistriú ó chuspóirí saothair go cuspóirí comhshaoil agus aeráide), dálaí oibre leormhaithe agus deiseanna le haghaidh imirce dhleathach bhainistithe, agus cearta saothair agus cosanta sóisialta 16 á n-áirithiú san am céanna. Le húsáid níos mó a bhaint as bainistiú algartamach agus intleacht shaorga san ionad oibre, is féidir cuidiú ó thaobh aghaidh a thabhairt ar ghanntanais ach tá gá le forairdeall. Is príomhthosaíocht i gcónaí é oideachas agus oiliúint chuimsitheach ar ardcháilíocht a neartú, chomh maith le hiarrachtaí uas-scilithe agus athscilithe níos láidre don dá aistriú. Mar gheall ar easpa bunscileanna chomh maith le heaspa ardscileanna ETIM, bearnaí foghlama agus ganntanais múinteoirí, cruthaítear dúshláin níos mó do chórais oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear ó thaobh daoine óga ag dul isteach i margadh an tsaothair. Ba cheart leanúint de mhóiminteam na dtionscnamh a seoladh faoin mBliain Eorpach um Scileanna 17 .

D’ainneoin méaduithe suntasacha ar phá san Aontas in 2022 agus i dtús 2023, d’fhan siad sin faoi bhun na rátaí arda boilscithe agus mar thoradh air sin tháinig laghdú ar an gcumhacht cheannaigh, rud a rinne difear den chuid is mó do na hioncaim is ísle. Tháinig laghdú 3.7 % ar fhíorphá san Aontas in 2022, rud a mhéadaigh baol na bochtaineachta i measc an lucht oibre 18 . Amach anseo, beidh ar fhorbairtí pá cothromaíocht a bhaint amach idir cumhacht cheannaigh caillte na n-oibrithe a fháil ar ais, éifeachtaí dara babhta ar bhoilsciú a sheachaint agus iomaíochas an Aontais a chosaint. Tá idirphlé sóisialta láidir agus cómhargáil éifeachtach níos tábhachtaí ná riamh chun torthaí cothroma maidir le socrú pá a bhaint amach.

Tá géarghá i gcónaí le beartais leormhaithe agus inbhuanaithe maidir le cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. I bhfianaise athruithe déimeagrafacha agus margaí saothair atá ag athrú go tapa, tá córais cosanta sóisialta inbhuanaithe bunriachtanach, agus rochtain ar chosaint shóisialta agus tacaíocht ioncaim leordhóthanach á háirithiú san am céanna. Tá gá leis sin freisin chun tionchar an bhoilscithe aird agus an chumhacht cheannaigh laghdaithe a mhaolú agus chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh. Ba cheart é a chomhcheangal le tacaíocht do lánpháirtiú i margadh an tsaothair agus le rochtain ar sheirbhísí riachtanacha do dhaoine nach bhfuil acmhainní acu 19 .  gá le haistrithe cothroma do chách, mar shampla chun a áirithiú go mbeidh nuálaíochtaí glasa agus digiteacha inacmhainne do dhaoine ar ioncam níos ísle agus nach bhfágfar aon réigiún ar lár. 

Le cistí an bheartais comhtháthaithe, in éineacht leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, tacaítear leis na Ballstáit ó thaobh dul chun cinn a dhéanamh i dtreo a spriocanna 2030 maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú bochtaineachta. Agus na Ballstáit ag áireamh athchóirithe agus infheistíochtaí suntasacha i margadh an tsaothair agus i mbeartais shóisialta ina gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta, cuireann EUR 140 billiún (thart ar 28 %) de chostais mheasta na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta le beartais shóisialta, lena n-áirítear thart ar EUR 73 bhilliún le haghaidh oideachais agus scileanna 20  agus thart ar EUR 43 bhilliún le haghaidh cúram sláinte. Faoi chistí an bheartais comhtháthaithe, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), déantar EUR 109 mbilliún a infheistiú i réimse an bheartais shóisialta freisin. Tá sineirgí idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí an bheartais comhtháthaithe le feiceáil go soiléir. Mar shampla, tá roinnt Ballstát tar éis athchóirithe a thabhairt isteach ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta lena gcruthaítear teidlíochtaí dlíthiúla le haghaidh oideachais agus chúram na luath-óige (ECEC). San am céanna, úsáidtear cistí an bheartais comhtháthaithe (go háirithe CSE+ agus CFRE), a fhaigheann cabhair ó infheistíochtaí RRP i gcásanna áirithe, go háirithe chun seirbhísí oideachas agus cúram luath-óige a fhorbairt agus chun naíscoileanna a thógáil mar fhreagairt ar an éileamh méadaithe. Is minic a chuireann cistí an bheartais comhtháthaithe le hathchóirithe a tionscnaíodh faoi na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus maoiníonn siad cuid de na riachtanais cheana féin. Is féidir leo díriú freisin ar riachtanais réigiúnacha ar leith nó ar ghrúpaí sonracha den daonra amhail na Romaigh (e.g. trí infheistíocht a dhéanamh ar an leibhéal réigiúnach san oideachas cuimsitheach nó trí bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a mhaoiniú).

Is tosaíocht beartais fós é go leanfar de chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar mhaithe le cóineasú sóisialta aníos a chur chun cinn san Aontas. Chun anailís níos córasaí a dhéanamh ar fhorbairtí fostaíochta agus sóisialta sna Ballstáit, 21 áirítear sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2024 fócas níos láidre de réir tíre i bhfoirm anailís de réir tíre, bunaithe ar phrionsabail Creata um Chóineasú Sóisialta 22 .

3.An tAontas ag maoiniú an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh

Tá sé léirithe gur uirlis fhíor-riachtanach é cistiú ón Aontas chun na gníomhaíochtaí is gá a mhaoiniú ar mhaithe le hinbhuanaitheacht iomaíoch a chothú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Trí úsáid éifeachtach agus sholúbtha a bhaint as ionstraimí atá ann cheana faoi bhuiséad an Aontais, go háirithe cistí an bheartais comhtháthaithe, agus trí ionstraimí nua a thabhairt isteach, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus a chaibidlí REPowerEU, cuirtear ar chumas an Aontais dul i ngleic leis na príomhdhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta atá aige, in éineacht leis na Ballstáit agus a réigiúin. Tríd an gclár InvestEU, tá ráthaíochtaí á gcur ar fáil ag an Aontas chun infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh le haghaidh príomhthosaíochtaí beartais amhail an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, an nuálaíocht agus infheistíochtaí sóisialta agus scileanna, chomh maith le tacaíocht do FBManna. Agus tá an Ciste um Aistriú Cóir ag cabhrú leis na réigiúin is mó atá thíos leis an aistriú glas chun a ngeilleagair a éagsúlú agus poist nua a chruthú. Chuidigh gach ionstraim ó thaobh dul i ngleic le bearnaí cistiúcháin agus scrogaill infheistíochta trína fócas agus a láidreachtaí féin, agus tá sineirgí ag éirí níos soiléire. Is féidir comhlántacht a fheiceáil ar roinnt bealaí éagsúla, go háirithe maidir le cineál na n-athchóirithe, gné gheografach na n-infheistíochtaí agus an t-uainiú, agus is féidir í a chothú trí thacaíocht a sholáthraítear faoin ionstraim um thacaíocht theicniúil.

Comhlánaíonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta cistí an bheartais comhtháthaithe le hathchóirithe claochlaitheacha. Trí athchóirithe a chumasú, cuidítear le scrogaill infheistíochta a bhaint agus le leathadh amach na gcistí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a éascú agus a luathú. Áirítear leis sin na hathchóirithe claochlaitheacha a dtugtar tacaíocht dóibh i ngach plean téarnaimh agus athléimneachta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, in éineacht le coinníollacha cumasúcháin a cheanglaítear faoi chistí an bheartais comhtháthaithe. Mar shampla, athchóirithe faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena mbaintear leas as próisis cheadaithe le haghaidh an aistrithe ghlais faoi scáth REPowerEU freisin, lena gcuirtear feabhas ar dhigitiú an riaracháin phoiblí agus lena gcruthaítear timpeallacht atá fabhrach don infheistíocht trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní rialála, amhail an maorlathas a laghdú. Le hathchóirithe forleathana i margadh an tsaothair sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, mar aon leis na coinníollacha cumasúcháin i gcláir an bheartais comhtháthaithe, tugtar aghaidh ar dhúshláin struchtúracha atá seanbhunaithe go minic, agus comhlánaítear infheistíochtaí i scileanna agus i gcosaint shóisialta, mar shampla. Ar deireadh, baineann na cistí uile tairbhe as na hathchóirithe sin lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, amhail na hathchóirithe sin a théann i ngleic leis an éilliú nó a thugann aghaidh ar fhadhbanna a bhaineann leis an smacht reachta.

Le chéile, le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le hinfheistíochtaí an Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, áirithítear cumhdach cuimsitheach atá náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear tar éis 2026. Chomh maith leis an mbeartas comhtháthaithe, is deis é cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta chun díriú ar réimsí éagsúla. Thairis sin, agus tráthchlár níos faide a bheith acu, leanfaidh na cláir chomhtháthaithe den mhóiminteam a gineadh tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a choinneáil ar bun agus ar an gcaoi sin déanfar ardleibhéil infheistíochta poiblí a áirithiú agus infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil san fhadtéarma. Mar chuid d’athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe, tá an deis ag na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar chláir chomhtháthaithe lena leithdháiltear cistí chun dul i ngleic leis na réimsí sin ina bhfuil riachtanais phráinneacha agus dúshláin atá ag teacht chun cinn, agus sineirgí a uasmhéadú san am céanna.

Bosca 1. Samplaí den chomhlántacht idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí an bheartais comhtháthaithe faoi chlárthréimhse 2021-2027

-Sa Spáinn, tá feabhas á chur ar an mbainistiú uisce ag gníomhaíocht chomhcheangailte na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus chistí an bheartais comhtháthaithe. Leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, tugtar isteach athchóiriú lena nuashonraítear an Dlí Uisce, a rialacháin agus reachtaíocht thánaisteach eile chun creat dlíthiúil a áirithiú a chuidíonn ó thaobh infheistíochtaí in earnáil an bhainistithe uisce a neartú agus a mhéadú, agus le cistí an bheartais comhtháthaithe maoinítear córais bainistithe uisce lena laghdaítear caillteanas acmhainní agus lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht sna córais dáileacháin.

-Sa Chróit, tacaíonn an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta le seal amháin a thabhairt isteach i ngach bunscoil mar bhonn chun samhail scoile an lae iomláin a thabhairt isteach. Cuireann cistí an bheartais comhtháthaithe go mór leis sin trí mhaoiniú a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de nuachóiriú institiúidí a sholáthraíonn bunoideachas, lena n-áirítear trí bhonneagar agus trealamh a mhaoiniú chun gur féidir samhail scoile an lae iomláin a chur chun feidhme i scoileanna atá ag feidhmiú de réir seal amháin cheana féin.

-Áirítear i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Slóivéine athchóiriú lena ndéanfar iompar poiblí paisinéirí na Slóivéine níos éifeachtúla trí eintiteas comhordúcháin nua a bhunú. Éascóidh sé sin cur chun feidhme infheistíochtaí an bheartais comhtháthaithe san earnáil sin, amhail na hiarnróid a uasghrádú agus tacú le modhanna iompair inbhuanaithe.

4.Gnéithe Sheimeastar Eorpach 2024

Beidh cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus comhlántacht le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais ina gcreat don Seimeastar Eorpach in 2024. Cé go leanfaidh cur chun feidhme leanúnach na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a chur i gcrích, ag freagairt do mholtaí tír-shonracha, breathnófar sa timthriall seo freisin ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn gníomhaíochtaí faoin na pleananna téarnaimh agus athléimneachta le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais chun comhspriocanna beartais a bhaint amach.

Sainaithneofar sna tuarascálacha tíre agus sna grinn-athbhreithnithe dúshláin struchtúracha agus dúshláin atá ag teacht chun cinn chun an acmhainneacht iomaíochais i ngach Ballstát a dhíghlasáil. Áireofar i dtuarascálacha tíre 2024 meastóireacht ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear spriocanna 2030 maidir le fostaíocht, scileanna, oideachas agus laghdú na bochtaineachta, agus maidir le dul i ngleic le réimse bacainní roimh an tionsclaíocht a chuireann bac ar an dá aistriú. Leanfaidh an Seimeastar Eorpach de bheith ina phríomhuirlis chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun an dul chun chun sin a chur chun cinn, agus aird níos mó á tabhairt ar fholláine atá inbhuanaithe agus cuimsitheach thar OTI.

Díreofar moltaí tírshonracha 2024 ar rogha theoranta dúshlán agus sonrófar iontu príomhriachtanais infheistíochta don athbhreithniú meántéarma ar chláir an bheartais comhtháthaithe le haghaidh 2021-2027. Cé go bhfuil na pleananna téarnaimh agus athléimneachta á gcur chun feidhme agus gur cuireadh bearta breise leo trí chaibidlí REPowerEU, sainaithneofar dúshláin bheartais atá fós ann nó dúshláin bheartais nua sna tuarascálacha tíre agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhthéacs athbhreithnithe doimhne. Beidh na tuarascálacha tíre, mar aon leis na tograí le haghaidh moltaí tírshonracha, ina bpacáiste Earraigh de chuid Sheimeastar Eorpach 2024 atá le glacadh i mí an Mheithimh 2024. Beidh an timthriall nua ina bhonn eolais freisin don athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe atá ar na bacáin.

Beidh rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, na gcomhpháirtithe sóisialta agus na bpríomhpháirtithe leasmhara eile ina príomhghné i gcónaí. Tá dlúthchomhar ríthábhachtach, rud a bhaintear amach trí chruinnithe rialta ag príomhchéimeanna an tSeimeastair agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Iarrtar ar na Ballstáit dul i dteagmháil go gníomhach le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, chomh maith le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta. Leanfar den idirphlé idirinstitiúideach le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, lena n-áiritheofar cuntasacht dhaonlathach agus comhar maidir le rialachas eacnamaíoch.

5.Conclúid

Mar fhreagairt ar dhomhan atá ag athrú, tá an tAontas tiomanta a iomaíochas fadtéarmach a fheabhsú trí aistriú glas agus aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta á háirithiú san am céanna. Faoin Seimeastar Eorpach, leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán géar a dhéanamh ar na tionchair shóisialta agus eacnamaíocha agus molfaidh sé moltaí chun leas a bhaint as acmhainneacht iomaíochais gach Ballstáit, lena gcuirfear chun cinn uathriail straitéiseach oscailte agus fás glan-nialasach mar aon le haistriú glas agus aistriú digiteach atá cóir, agus éagothromaíochtaí réigiúnacha á laghdú san am céanna. I ndáil leis sin, díreofar go sonrach i dtimthriall 2024 an tSeimeastair Eorpaigh ar shineirgí agus comhlántachtaí a mhéadú agus a áirithiú idir cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus chláir an bheartais comhtháthaithe, agus réimsí á sainaithint ina bhfuil tuilleadh infheistíochta agus athchóirithe ag teastáil ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach.

(1)

     COM(2023) 62 final.

(2)

COM (2023) 903 agus SWD (2023) 903

(3)

COM (2023) 902 agus SWD (2023) 902

(4)

COM (2023) 900.

(5)

COM(2023) 141 final. 

(6)

Ar an iomlán, beidh gá le hinfheistíochtaí breise de bhreis agus EUR 620 billiún in aghaidh na bliana chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus REPowerEU a bhaint amach chomh maith le hinfheistíochtaí EUR 92 bhilliún go dtí 2030 chun cuspóirí an ghnímh um an tionscal glan-nialasachta a bhaint amach.

(7)

An Coimisiún Eorpach, 2022, Bosca uirlisí chun fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol a athchóiriú san Eoraip.

(8)

Teachtaireacht, 30 bliain den Mhargadh Aonair, COM (2023) 162 final.

(9)

Pacáiste Fóirithinte do FBManna, leathanach 12, fonóta 61: Pacáiste Fóirithinte do FBManna (europa.eu) .

(10)

Innéacs an Aontais um Iomaíochas Réigiúnach 2.0-eagrán 2022; https://ec.europa.eu/regional_policy/sources/work/rci_2022/eu-rci2_0-2022_en.pdf

(11)

Eurostat, EDAT_LFS_9913.

(12)

Thaifead ES agus EL rátaí dífhostaíochta > 11 % in R2-2023, agus thaifead ES, EL, IT, RO agus SE rátaí dífhostaíochta > 20 % i measc na n-óg (agus bhí SK, HR, agus PT díreach faoin tairseach). Foinse: Eurostat.

(13)

An Coimisiún Eorpach (2023), Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip.

(14)

Mar shampla, ba é 70.3 % ráta fostaíochta na mban in R2-2023, 5.1 pointe céatadáin faoi bhun mheán an lucht saothair. Coinníonn freagrachtaí cúraim neamhíoctha breis agus 7 milliún bean san Aontas ó mhargadh an tsaothair.

(15)

Le  straitéisí Aontas an Chomhionannais , cuirtear comhionannas agus cuimsiú na mban agus na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste chun cinn, amhail daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil cúlra imirceach, cúlra cine mionlaigh nó mionlaigh eitnigh acu, lena n-áirítear na Romaigh.

(16)

Go háirithe trí Linn Tallann an Aontais Eorpaigh, a seoladh an 15 Samhain 2023 mar chuid den  phacáiste maidir le Soghluaisteacht Scileanna agus Tallainne .

(17)

  An Bhliain Eorpach um Scileanna (europa.eu) .

(18)

Eurofound (2023), Pá íosta in 2023: Athbhreithniú bliantúil.

(19)

  I gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach .

(20)

Sonraí amhail ón 6 Samhain 2023, bunaithe ar mhodheolaíocht clibeála colún le haghaidh Scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Comhfhreagraíonn sonraí maidir le hoideachas agus scileanna do bhearta a leithdháiltear ar an réimse beartais ‘Oideachas agus cúram luath-óige’, ‘Oideachas ginearálta, gairmoideachas agus ardoideachas’, ‘Foghlaim aosach’, ‘Caipiteal daonna sa digitiú’ nó ‘Scileanna agus poist ghlasa’ mar réimse beartais príomhúil nó tánaisteach.

(21)

Togra ón gCoimisiún le haghaidh Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2024 — COM(2023) 904

(22)

Pléadh agus forbraíodh an Creat um Chóineasú Sóisialta i gcomhar leis na Ballstáit. Féach https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9481-2023-INIT/en/pdf .