AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.12.2023
COM(2023) 789 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú na cumhachta a thugtar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh le Rialachán (AE) 2019/1700 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle
1RÉAMHRÁ
Le Rialachán (AE) 2019/1700 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2BUNÚS DLÍ
Éilítear an tuarascáil seo faoi Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2019/1700, lena dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 5 bliana ón 03 Samhain 2019. Luaitear i Rialachán (AE) 2019/1700 go bhfuil tarmligean na cumhachta le fadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. Ceanglaítear ar an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta (i.e. faoin 2 Feabhra 2024)
3.AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ
1.I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1700, ghlac an Coimisiún na rialacháin tharmligthe seo a leanas ón gCoimisiún lena mbunaítear nó lena n‑oiriúnaítear an phleanáil rollach ilbhliantúil:
2019
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí phleanáil rollach ilbhliantúil a bhunú .
2020
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2175 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 lena mbunaítear pleanáil rollach ilbhliantúil .
2022
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/167 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 lena mbunaítear pleanáil rollach ilbhliantúil .
Rinneadh comhairliúcháin iomchuí, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, le linn na hoibre ullmhúcháin le haghaidh na ngníomhartha tarmligthe a bhaineann leis an bpleanáil rollach ilbhliantúil. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na grúpaí saineolaithe ‘Stiúrthóirí Eorpacha an Staidrimh Shóisialta’ agus ‘Institiúidí Staidrimh Náisiúnta an Chórais Staidrimh Eorpaigh’.
2.I gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/1700, ghlac an Coimisiún, le haghaidh na bhfearann a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1700, na rialacháin tharmligthe seo a leanas ón gCoimisiún:
Fearann an lucht saothair:
2019
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/257 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teidil na n‑athróg le haghaidh réimse an lucht saothair a shonrú .
2020
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1640 ón gCoimisiún an 12 Lúnasa 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uimhir agus teideal na n‑athróg a shonrú d’ábhar ad hoc 2022 maidir le ‘scileanna oibre’ agus na n‑athróg ocht mbliana maidir le ‘pinsean agus rannpháirtíocht sa mhargadh saothair’ i réimse an lucht saothair .
2022
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2447 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n‑athróg 8 mbliana i réimse an lucht saothair a shonrú maidir le ‘daoine óga i margadh an tsaothair’, ‘gnóthachtáil oideachais — sonraí, lena n‑áirítear oideachas a stopadh nó a tréigeadh’ agus ‘saol na hoibre agus saol an teaghlaigh a thabhairt chun réitigh’ .
Fearann ioncaim agus dálaí maireachtála:
2019
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/258 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teidil na n‑athróg le haghaidh réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála a shonrú .
2020
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/466 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n‑athróg a shonrú do réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála ar an tsláinte agus ar an gcaighdeán maireachtála atá ag na daoine .
2021
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/29 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uimhir agus teideal na n‑athróg a shonrú i réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála maidir le Margadh an tsaothair agus leis an tithíocht, Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí o ghlúin go glúin, Deacrachtaí tithíochta, agus ábhar ad hoc 2023 i dtaca le hÉifeachtúlacht fuinnimh an teaghlaigh .
2022
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/212 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n‑athróg a shonrú maidir le rochtain ar sheirbhísí i bhfearann an ioncaim agus na ndálaí maireachtála .
Fearann an oideachais agus na hoiliúna:
2021
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/859 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teidil na n‑athróg don tacar sonraí i bhfearann an oideachais agus na hoiliúna a shonrú .
Fearann úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide:
2020
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1432 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n‑athróg a shonrú maidir le fearann úsáid staidreamh na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na bliana tagartha 2021 .
2021
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1898 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n‑athróg a shonrú maidir le fearann úsáid staidreamh na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na bliana tagartha 2022 .
2022
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2279 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n‑athróg a shonrú maidir le fearann úsáid staidreamh na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na bliana tagartha 2023 .
2023
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1797 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n‑athróg a shonrú maidir le fearann úsáid staidreamh na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na bliana tagartha 2024 .
Fearann an tomhaltais:
2022
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/126 ón gCoimisiún An 21 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n‑athróg i ndáil le fearann an tomhaltais a shonrú .
Rinneadh comhairliúcháin iomchuí, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, le linn na hoibre ullmhúcháin ar na gníomhartha tarmligthe thuasluaite arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/1700. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an sainghrúpa ‘Staidreamh ar Mhargadh an tSaothair’ maidir leis na dréachtghníomhartha tarmligthe i réimse mhargadh an tsaothair; an sainghrúpa ‘Ioncam agus Dálaí Maireachtála’ maidir leis na dréachtghníomhartha tarmligthe i réimsí an ioncaim, na ndálaí maireachtála agus an tomhaltais; agus an sainghrúpa ‘Oideachas agus Oiliúint’ maidir leis an dréachtghníomh tarmligthe i réimse an oideachais agus na hoiliúna. Thairis sin, maidir leis na gníomhartha sna réimsí sin uile, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na grúpaí saineolaithe ‘Stiúrthóirí Eorpacha an Staidrimh Shóisialta’ agus ‘Institiúidí Staidrimh Náisiúnta an Chórais Staidrimh Eorpaigh’.
Maidir leis na dréachtghníomhartha tarmligthe i réimse an staidrimh faisnéise agus cumarsáide, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an sainghrúpa ‘Staidreamh um an tSochaí Faisnéise’ agus leis an sainghrúpa ‘Institiúidí Staidrimh Náisiúnta an Chórais Staidrimh Eorpaigh’.
Cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon ar an eolas go cuí faoi na comhairliúcháin maidir leis na gníomhartha tarmligthe uile a glacadh i gcomhréir le hAirteagail 4(1) agus 6(1) de Rialachán (AE) 2019/1700.
A luaithe a ghlac an Coimisiún na rialacháin tharmligthe, thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Níor eisigh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle aon agóid in aghaidh na ngníomhartha tarmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 17(6) de Rialachán (AE) 2019/1700. Ar dhul in éag don tréimhse sin, foilsíodh na rialacháin tharmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tháinig gach ceann acu i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe faoi seach.
4.CONCLÚID
D’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe i gceart agus iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aird.
Measann an Coimisiún gur cheart dó leanúint de chumhachtaí tarmligthe a bheith aige de bhun Rialachán (AE) 2019/1700. Chun a áirithiú go gcuirfear Rialachán (AE) 2019/1700 chun feidhme i gceart, tá tuilleadh gníomhartha tarmligthe á nglacadh nó is gá iad a ghlacadh:
·chun an phleanáil rollach ilbhliantúil a leasú; agus
·líon agus teideal na n‑athróg a shonrú tuilleadh le haghaidh na bhfearann uile a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1700 (an lucht saothair, ioncam agus dálaí maireachtála, sláinte, oideachas agus oiliúint, úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, úsáid ama agus tomhaltas), lena n‑áirítear athróga na n‑ábhar ad hoc atá le bailiú i bhfearainn an lucht saothair agus an ioncaim agus na ndálaí maireachtála.
Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé gur ghá don Choimisiún gníomhartha tarmligthe eile a ghlacadh amach anseo chun an dul chun cinn i modheolaíochtaí staidrimh a léiriú agus chun a áirithiú maidir le staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí iontaofa, go bhfuil sé uileghabhálach, inchomparáide, agus comhlíontach le riachtanais bheartais.