AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.11.2023
COM(2023) 764 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite
I.Réamhrá
Déantar athbhreithniú sa tuarascáil seo ar Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite (an Rialachán ón gComhairle).
Tá an Rialachán ón gComhairle ar cheann de na bearta éigeandála a ghlac an Chomhairle in 2022 chun freagairt don ghéarchéim fuinnimh tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá sé bunaithe ar Airteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá réir a fhéadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má thagann géardheacrachtaí chun cinn maidir le soláthar táirgí áirithe, i réimse an fhuinnimh go háirithe.
Tráth a glacadh an Rialachán ón gComhairle i mí na Nollag 2022, d’éiligh an comhthéacs geopholaitiúil foriomlán agus praghsanna fuinnimh an-ard go gcuirfí dlús práinneach le húsáid fuinnimh in-athnuaite san Aontas chun éifeachtaí na géarchéime fuinnimh a mhaolú trí shlándáil soláthair an Aontais a neartú, trí luaineacht sa mhargadh a laghdú agus trí phraghsanna fuinnimh a ísliú. Ós rud é go raibh ceadú fadálach casta ina bhacainn mhór ar luas agus ar scála na n‑infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus i mbonneagar gaolmhar, bhí sé d’aidhm ag an Rialachán ón gComhairle dlús láithreach a chur leis na nósanna imeachta deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail áirithe fuinnimh in-athnuaite agus leis teicneolaíochtaí is mó a d’fhéadfaí a chur in úsáid go tapa chun éifeachtaí na géarchéime fuinnimh a mhaolú. Chuige sin, tugadh isteach ar fud an Aontais leis an Rialachán bearta eisceachtúla spriocdhírithe a bhfuil teorainn ama leo.
Tá feidhm ag an Rialachán sin ón gComhairle maidir le gach próiseas deonaithe ceadanna a bhfuil dáta tosaigh aige laistigh de thréimhse a chur i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit an Rialachán ón gComhairle a chur i bhfeidhm freisin maidir le próisis leanúnacha deonaithe ceadanna nach raibh cinneadh críochnaitheach mar thoradh orthu roimh an 30 Nollaig 2022, ar choinníoll go ngiorraítear leis sin an próiseas deonaithe ceadanna agus go gcaomhnaítear cearta dlíthiúla tríú páirtí atá ann cheana.
Rud nach beag a thábhacht, an 9 Deireadh Fómhair 2023, glacadh Treoir (AE) 2023/2413
lena leasaítear an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (AE) 2018/2001 (‘an Treoir leasaitheach’ agus ‘RED athbhreithnithe’ faoi seach), lenar méadaíodh go suntasach leibhéal na huaillmhéine maidir le fuinneamh in-athnuaite nach mór don Aontas a bhaint amach go comhpháirteach faoi 2030: ón sprioc 32 % a bhí ann roimhe seo go sprioc 42.5 %, agus é mar uaillmhian 45 % a bhaint amach. Áirítear sa Treoir leasaitheach, a tháinig i bhfeidhm an 20 Samhain 2023, forálacha fairsinge chun nósanna imeachta ceadaithe is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú ar bhealach cuimsitheach trí phleanáil spásúil, simpliú agus giorrú nósanna imeachta. Áirítear sa Treoir leasaitheach forálacha lena gcumhdaítear na hábhair chéanna leis an Rialachán ón gComhairle. Tá cuid acu an-chosúil lena chéile, ach tá difríochtaí suntasacha i gcuid eile acu (féach roinn IV). Thairis sin, níor léiríodh sa Treoir cuid de na bearta is eisceachtúla atá i Rialachán (AE) 2022/2577, rud a chuir teorainn lena gcineál eisceachtúil agus sealadach. Ina ionad sin, tugadh isteach leis an Treoir córas buan cobhsaí fadtéarmach chun dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna lena mbunaítear céimeanna agus nósanna imeachta tiomnaithe lena gceanglaítear tréimhse cur chun feidhme níos faide. Ní mór roinnt de rialacha ceadaithe na treorach athbhreithnithe, i.e. na rialuithe ceadaithe uile seachas na rialacha sin a bhaineann le dlúslimistéir in-athnuaiteán, a thrasuí faoin 1 Iúil 2024 - díreach tar éis do bhailíocht an Rialacháin ón gComhairle dul in éag.
De bhun Airteagal 9 den Rialachán ón gComhairle, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí, i bhfianaise fhorbairt shlándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh agus i bhfianaise an ghá le dlús breise a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite, agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Foráiltear freisin le hAirteagal 9 den Rialachán sin ón gComhairle go bhféadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil sin, fadú na tuarascála sin a mholadh.
Chun a chinneadh an gá an Rialachán sin ón gComhairle a fhadú, ní mór na coinníollacha maidir le fadú den sórt sin a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs sin, ní mór don Choimisiún (i) measúnú a dhéanamh ar an éabhlóid a tháinig le déanaí ar shlándáil soláthair agus ar phraghsanna fuinnimh an Aontais, lena n‑áirítear an rannchuidiú a tháinig as imscaradh foinsí fuinnimh inathnuaite i ndáil leis sin; (ii) an gá atá le dlús breise a chur le foinsí fuinnimh inathnuaite agus (iii) éifeachtaí sonracha an Rialacháin sin ón gComhairle chun dlús den sórt sin a chur chun cinn. Thairis sin, i bhfianaise theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí, is iomchuí measúnú a dhéanamh ar an ngaol idir na forálacha a áirítear sa Rialachán sin ón gComhairle agus na forálacha ceadaithe a áirítear in RED athbhreithnithe.
Chun na críche sin, tugtar tuairisc sa tuarascáil seo ar na forbairtí is déanaí maidir le slándáil an tsoláthair, praghsanna fuinnimh agus rannchuidiú foinsí fuinnimh inathnuaite agus déantar scrúdú chomh maith ar an ngá atá le dlús breise a chur le himscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite (roinn II) agus ar an éifeacht a bhí ag an Rialachán sin ón gComhairle sa chomhthéacs sin (roinn III). Ar deireadh, breathnaítear san athbhreithniú ar raon feidhme an Rialacháin ón gComhairle agus ar na forálacha nua ceadaithe in RED athbhreithnithe (roinn IV) sula gcuirtear conclúidí agus moladh le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta ar fáil (roinn V).
II.Forbairtí maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus praghsanna fuinnimh; an gá atá le dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite
Maidir le forbairtí ar shlándáil an tsoláthair san Aontas, tá feabhas foriomlán tagtha ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas. Mar sin féin, tá rioscaí móra fós ann.
Maidir le soláthar gáis, tá laghdú tagtha ar allmhairí gáis ón Rúis i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU, a bhuí le hiarrachtaí éagsúlaithe agus coigiltis. Tá saoráidí stórála faoi thalamh an Aontais líonta ag i bhfad níos mó ná 90 % dá dtoilleadh agus tús á chur leis an séasúr téimh. Mar sin féin, leanann cogadh na Rúise ar an Úcráin ar aghaidh agus tá sé fós ina bhagairt thromchúiseach ar shlándáil sholáthar fuinnimh an Aontais. Mar gheall ar an laghdú mór ar allmhairí gáis ó phíblíne na Rúise le bliain anuas, tá laghdú mór tagtha ar infhaighteacht na soláthairtí gáis don Aontas i gcomparáid leis an staid a bhí ann roimh an ngéarchéim. Leis an leibhéal allmhairí gáis atá ann faoi láthair, meastar go bhfaighidh an tAontas tuairim agus 20 bcm d’allmhairí ó phíblíne na Rúise in 2023, tuairim agus 110 bcm níos lú ná in 2021.
Tá na margaí gáis domhanda fós an-docht agus meastar go bhfanfaidh siad amhlaidh go ceann tamaill. Mar a thug IEA dá aire,1 níor tháinig ach méadú beag ar sholáthar domhanda GNL in 2022 (4 %) agus in 2023 (3 %) mar gheall ar ‘bhreisithe teoranta acmhainneachta leachtaithe, éaradh seirbhíse ag saoráidí móra onnmhairithe agus laghdú ar sholáthar gáis fotha ag gléasraí GNL a chothaítear ó gháscheantair aosaithe’. Tá acmhainneacht shuntasach nua leachtaithe GNL le bheith ar fáil ar fud an domhain (go háirithe sna Stáit Aontaithe agus i gCatar) ó 2025 ar aghaidh ach ‘beidh cothromaíochtaí margaidh fós forbhásach go luath amach anseo’.2 Tá iarmhairtí diúltacha ag an staid sin ar phraghsanna gáis atá fós níos mó ná dhá oiread níos airde ná na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim (idir EUR 40/MWh agus EUR 50/MWh go luath i bhFómhar 2023) d’ainneoin é a bheith i bhfad níos ísle ná an buaicphointe a bhí ann i samhradh 2022 (nuair a ardaíodh praghsanna os cionn EUR 300/MWh) agus tá iarmhairtí dosheachanta aige sin ar chumhacht ceannaigh shaoránaigh an Aontais agus ar iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa. Tá luaineacht an mhargaidh mar thoradh freisin ar dhoichte an mhargaidh agus is riosca breise í do gheilleagar an Aontais. I samhradh agus i bhfómhar 2023, tharla roinnt eachtraí luaineachta móire lena léirítear go bhfuil na margaí gáis fós leochaileach agus go bhféadfaidís freagairt go rómhór d’aon suaitheadh tobann gan choinne don soláthar agus don éileamh, mar a tharla tar éis na stailce i saoráidí GNL na hAstráile, i ngéarchéim an Mheánoirthir agus tar éis an chur isteach ar idirnascaire Mhuir Bhailt. Faoi na dálaí sin, d’fhéadfadh an imní faoi ghanntanas frithghníomhartha móra a ghníomhachtú a mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha acu ar phraghsanna ar fud an Aontais.
Tá na géardheacrachtaí sin níos measa mar gheall ar roinnt rioscaí breise agus rachaidís go mór in olcas dá dtiocfadh na rioscaí sin chun cinn. Áirítear ar na rioscaí sin na nithe seo a leanas: teacht aniar in éileamh GNL san Áise lena laghdaítear infhaighteacht gáis ar an margadh gáis domhanda,34 dálaí adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta nó do tháirgeadh núicléach agus a d'fhágfadh gur gá dul níos mó i muinín na giniúna cumhachta gásadhainte, agus suaití eile a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca leis an soláthar gáis, lena n‑áirítear stop iomlán leis na hallmhairí gáis ón Rúis, nó suaitheadh ar an mbonneagar gáis criticiúil atá ann cheana. Thairis sin, bíonn tionchar ag coinbhleachtaí armtha ar roinnt réigiún atá ábhartha do sholáthar fuinnimh an Aontais, amhail an Úcráin, an Asarbaiseáin, nó an Meánoirthear.
Léiríonn samplaí a fuarthas le déanaí ábharthacht na rioscaí a bhaineann le suaitheadh an bhonneagair fuinnimh. I mí Mheán Fómhair 2022, rinneadh damáiste chomh mór sin do phíblíne NordStream 1 trí ghníomhartha sabaitéireachta nach féidir aon ghás a iompar inti faoi láthair agus nach mbeifear in ann déanamh amhlaidh go ceann i bhfad. I mí Dheireadh Fómhair 2023, cuireadh isteach ar idirnascaire Mhuir Bhailt, píblíne thábhachtach a nascann an Fhionlainn leis an Eastóin. Tar éis an teagmhais, d’fhógair údaráis na Fionlainne leibhéal foláirimh lena léirítear meath mór ar staid an tsoláthair gáis.5
Maidir le leictreachas, meastar go ginearálta gur fearr an leibhéal ullmhachta roimh an ngeimhreadh seo chugainn, agus dá bhrí sin ár slándáil soláthair san earnáil sin, ná mar a bhí anuraidh. Chomh maith le níos mó giniúna núicléiche a bheith ar fáil don gheimhreadh seo chugainn agus leibhéil stórála hidreachumhachta níos airde, tá feabhas tagtha ar an ionchas mar gheall ar chur ar bun acmhainneachtaí in-athnuaite nua. Mar sin féin, ní mór a bheith ar an airdeall fós. Mar thoradh air sin, déanfaidh na Ballstáit sin a bhfuil bearta éigeandála i bhfeidhm acu iad a choinneáil ar bun go dtí deireadh an gheimhridh ar a laghad. Thairis sin, tá sé beartaithe ag go leor Ballstát bearta coigiltis fuinnimh a choinneáil ar bun nó a chur i bhfeidhm athuair chomh maith.
Léirítear an staid fheabhsaithe maidir le slándáil an tsoláthair i bpraghsanna gáis agus leictreachais freisin. Ag buaic na géarchéime i samhradh 2022, shroich praghsanna gáis leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo os cionn 300 €/MWh, agus bhí iarmhairtí láithreacha aige sin ar phraghsanna leictreachais a d’ardaigh go tobann i bhfad os cionn 400 €/MWh. Ó shin i leith, tá laghdú mór tagtha ar phraghsanna gáis agus leictreachais, praghsanna atá ag luainiú faoi láthair thart ar 50 €/MWh agus 100 €/MWh faoi seach, cé go bhfuil siad fós níos mó ná dhá oiread níos airde ná an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim.
Beidh gá le méadú ollmhór ar acmhainneachtaí fuinnimh in-athnuaite ar fud an Aontais chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 a bhaint amach agus chun cuspóir fadtéarmach na haeráidneodrachta a bhaint amach. I bhfreagairt an Aontais ar an ngéarchéim fuinnimh faoi thionscnamh REPowerEU, iarrtar dlús mór a chur leis an bhfuinneamh in-athnuaite agus é a mhéadú go mór chun dlús a chur le deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise na Rúise ag an Aontas. Dá bhrí sin, tá ról bunúsach ag an dlús a chuirtear le himscaradh na hacmhainneachta in-athnuaite i straitéis fhadtéarmach an Aontais maidir le dícharbónú agus sa straitéis ghearrthéarmach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh. Bhí ról lárnach ag foinsí fuinnimh in-athnuaite maidir le slándáil an tsoláthair a mhéadú agus praghsanna fuinnimh a choinneáil faoi smacht le linn na géarchéime fuinnimh. Ba é an phríomhchúis leis sin fuinneamh in-athnuaite a chur in ionad an gháis nádúrtha, go háirithe in earnáil na cumhachta, a raibh tionchar aici ar an éileamh foriomlán ar ghás. Tháinig an ghiniúint bhreise cumhachta ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i mbliana in ionad thart ar 107 TWh de ghiniúint leictreachais iontaise-bhunaithe - méid atá coibhéiseach le thart ar 10 bcm gáis.
Ós rud é go raibh meánphraghas Shaoráid Aistrithe Teidil na hÍsiltíre thart ar 120 €/MWh in 2022, measann an Coimisiún gur baineadh amach coigilteas níos mó ná EUR 10 mbilliún a bhuí le hacmhainneacht bhreise in-athnuaite a imscaradh. Chomh maith leis sin, mheas an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh go mbeadh tionchair dhearfacha shuntasacha ag imscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite nua ar phraghsanna fuinnimh: de réir a ríomhanna, bheadh na meánphraghsanna mórdhíola leictreachais 8 % níos airde i margaí uile na hEorpa in 2022 gan an acmhainneacht shuiteáilte bhreise. A bhuí le hacmhainneacht fhótavoltach agus ghaoithe bhreise arna suiteáil, tá coinne leis go sábhálfaidh tomhaltóirí na hEorpa thart ar EUR 100 billiún ó 2021-2023. Suiteálacha fótavoltacha gaoithe agus gréine nua ar chostas íseal, tháinig siad in ionad 230 TWh measta de ghiniúint breosla iontaise ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin
. Ós rud é go bhfuiltear ag tuar go mbeidh 70 GW d’acmhainneacht in-athnuaite nua ar líne in 2023, d’fhéadfaí coigilteas breise a bhaint amach chun allmhairí gáis ón Rúis a laghdú a thuilleadh.
In earnáil an téimh in-athnuaite, tháinig méadú 39 % ar dhíol na dteaschaidéal in 2022 i gcomparáid le 2021, agus tháinig méadú 12 % ar an margadh teasa gréine, rud a chomhfhreagraíonn d’acmhainneacht iomlán suiteáilte 40.5 GW. Athrófaí coirí gáis, guail agus ola mar thoradh ar chuid de na fearais nua-shuiteáilte sin. Mar sin féin, níl aon sonraí ar fáil chun teacht ar chonclúidí maidir lena mhéid a tharla sé sin.
Mar chonclúid, le leathadh amach luathaithe foinsí fuinnimh in-athnuaite, cruthaíodh gur féidir na rioscaí do shlándáil sholáthar an Aontais a laghdú, go háirithe i gcás gáis agus leictreachais, agus chuidigh sé le praghsanna fuinnimh a laghdú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais.
Agus é á chur san áireamh go bhfuil rioscaí móra fós ann, is gá fuinneamh in-athnuaite a imscaradh go tapa a thuilleadh chun athléimneacht an Aontais a neartú a thuilleadh. Tá gá le suiteálacha nua in-athnuaite chun deireadh a chur go tapa leis na hallmhairí gáis ón Rúis atá fós á n‑allmhairiú. Dá luaithe a leathfar amach na foinsí fuinnimh in-athnuaite, is ea is airde an tionchar dearfach ar shlándáil sholáthar fuinnimh an Aontais, ar phraghsanna fuinnimh an Aontais agus ar neamhspleáchas an Aontais ó bhreoslaí iontaise na Rúise.
III.Éifeachtaí an Rialacháin ón gComhairle
I bhfianaise thréimhse theoranta chur i bhfeidhm an Rialacháin ón gComhairle, tá sé dúshlánach a éifeachtaí a chainníochtú ó thaobh dlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite. Is é is cúis leis sin, den chuid is mó, nach bhfuil aon staidreamh oifigiúil ar fáil maidir le himscaradh fuinnimh in-athnuaite don tréimhse ó tháinig sé i bhfeidhm ós rud é nach mbeidh staidreamh den sórt sin le haghaidh 2023 ar fáil go dtí deireadh 2024. Mar sin féin, tugadh roinnt forbairtí dearfacha faoi deara.
De réir Solar Power Europe, sna trí cheathrú de 2023 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, cuireadh níos mó acmhainneachtaí fótavoltacha gréine nua (os cionn 45 GW) ar fáil ar fud an Aontais ná a cuireadh ar bun in 2022 ar fad. Sa chéad sé mhí den bhliain chuir an Ghearmáin 6.5 GW (+ 10 %) breise leis an acmhainneacht gréine, chuir an Pholainn os cionn 2 GW (+ 17 %) léi agus chuir an Bheilg 1.2 GW ar a laghad (+ 19 %) léi. Shuiteáil an Iodáil 2.5 GW d’acmhainneacht gréine sna chéad 6 mhí de 2023 i gcomparáid le 3 GW san iomlán in 2022 ar fad. Meastar go méadóidh an Spáinn a himscaradh ó 4.5 GW in 2022 go 7 GW in 2023.
Maidir le ceadú, léiríonn na sonraí atá ar fáil gur tháinig méaduithe dhá dhigit ar mhéid na gceadanna a eisíodh le haghaidh tionscadail gaoithe ar tír i roinnt Ballstát ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm. Le forléargas Wind Europe ar éabhlóid na hacmhainneachta, léiríodh forbairtí dearfacha sa Fhrainc, a mhéadaigh go suntasach méid na hacmhainneachta gaoithe a fuair cead sna chéad trí ráithe de 2023. Cheadaigh Réigiún Pléimeannach na Beilge 300 MW d’acmhainneacht bhreise gaoithe sa chéad ocht mí de 2023, agus ar an gcaoi sin sháraigh sé an méid acmhainneachta a cheadaíodh sa bhliain iomlán 2022. Eisíodh 5.2 GW de cheadanna nua do thionscadail gaoithe ar tír sa Ghearmáin sna chéad naoi mí de 2023 agus cuireadh acmhainneacht nua 2.44 GW ar bun. I ndáil leis sin, thug an Ghearmáin le fios go meastar go dtiocfaidh méadú 75 % ar líon na dtionscadal gaoithe ar tír arna gceadú i mbliana i gcomparáid leis an mbliain seo caite.
Maidir le táirgeadh cumhachta in-athnuaite, bhí sciartha níos airde ná riamh ag 17 mBallstát le linn na chéad sé mhí den bhliain agus chuaigh an Ghréig agus an Rómáin thar 50 % den chéad uair agus chuaigh an Danmhairg agus an Phortaingéil thar 75 %. Sa Phortaingéil, fuinneamh gaoithe agus gréine a bhí i níos mó ná leath den ghiniúint iomlán i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine araon. Bhain an Ísiltír 50 % fuinnimh gaoithe agus gréine amach den chéad uair i mí Iúil, agus tháinig an Ghearmáin gar dó sin le sciar 49 %, an méid ba mhó riamh, sa mhí chéanna. D’ardaigh an ráta athchumhachtaithe d’fhuinneamh gaoithe sa Ghearmáin go 34 %.
Ina theannta sin, i mBallstát amháin ar a laghad, na tionscadail eangaí atá tábhachtach chun dul i bhfód le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú chuig os cionn 2 000 km san iomlán, tá siad ag tairbhiú den cheadú luathaithe.
Mar sin féin, mar a chuir páirtithe leasmhara in iúl freisin, an méid is féidir an méadú a thugtar faoi deara in imscaradh agus i dtáirgeadh foinsí in-athnuaite fuinnimh le linn na tréimhse sin a chur i leith éifeachtaí an Rialacháin ón gComhairle, is deacair an méid sin a shainaithint. Chuir tosca eile, amhail praghsanna arda fuinnimh, an aimsir nó beartais agus bearta eile arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit amhail scéimeanna tacaíochta nó cineálacha eile dreasachtaí, leis an méadú sin freisin.
Dá bhrí sin, chun léargas níos fearr a fháil ar éifeachtaí an Rialacháin seo, d’iarr an Coimisiún ionchur ó na Ballstáit agus ó pháirtithe leasmhara amhail ionadaithe ó earnáil an fhuinnimh in-athnuaite chomh maith le comhlachais chomhshaoil.
Maidir leis na Ballstáit, sheol an Coimisiún litir chuig na Ballstáit uile an 14 Meán Fómhair 2023 ag iarraidh aiseolas i scríbhinn a fháil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin. Amhail ón 15 Samhain 2023, thug 15 Bhallstát freagra ar an gceistneoir agus chuir siad ionchur ar fáil i scríbhinn. Pléadh cur i bhfeidhm an Rialacháin ón gComhairle freisin ag an gcruinniú deireanach den Ghníomhaíocht Chomhbheartaithe maidir leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (CA-RES) a bhí ar siúl an 18 Deireadh Fómhair 2023, inar chuir cúig Bhallstát ionchur ar fáil maidir lena dtaithí i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin ón gComhairle.
Sa bhreis ar na freagraí aonair, iarradh síneadh a chur leis an Rialachán ón gComhairle i litir chomhpháirteach ó ‘Friends of Renewables’ an 17 Deireadh Fómhair 2023, a shínigh Airí 11 Bhallstát (an Ostair, an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Phortaingéil). Mheabhraigh na sínitheoirí go gcuireann an fuinneamh in-athnuaite feabhas ar neamhspleáchas an Aontais ar fhoinsí seachtracha fuinnimh agus go laghdaíonn sé a leochaileacht i leith suaití geopholaitiúla agus suaití praghsanna seachtracha, agus go gcuireann sé le ceannaireacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch an Aontais agus le cruthú post an tráth céanna. Sa chomhthéacs sin, cuireadh i bhfios go láidir sa litir a thábhachtaí atá an Rialachán ón gComhairle chun tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an margadh fuinnimh a mhaolú, agus iarradh sa litir go gcuirfí síneadh leis an Rialachán ón gComhairle tar éis 2024 agus chomh fada agus is gá chun bacainní ar fhuinneamh in-athnuaite a cheadú a laghdú a thuilleadh.
An 26 Deireadh Fómhair, d’eagraigh an Coimisiún seisiún tuairimíochta le príomhpháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear comhlachais thionscal an fhuinnimh in-athnuaite, an líonra tarchurtha ENTSO-E agus eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil. Ina theannta sin, fuair sé páipéir sheasaimh ó roinnt páirtithe leasmhara.
Déantar achoimre sna foranna seo a leanas ar an ionchur a fuarthas maidir le forálacha éagsúla an Rialacháin.
1.Airteagal 1: Ábhar agus raon feidhme
Mhol Ballstát amháin gur cheart raon feidhme an chur i bhfeidhm a mhodhnú chun go mbeidh na Ballstáit in ann leanúint de chreat an Rialacháin ón gComhairle le haghaidh measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol a chur i bhfeidhm tar éis an 30 Meitheamh 2024. Mheas sé gur ghá sin chun soiléireacht a chur ar fáil do thionscadail nach raibh curtha i gcrích tráth dhul in éag an Rialacháin. Thairis sin, mhol sé go sonrófaí na ‘cearta tríú páirtí’ a luaitear in Airteagal 1 mar ‘chearta tríú páirtí chun athbhreithniú breithiúnach’.
Chuir Ballstát eile aiseolas ar fáil maidir leis an airteagal sin freisin inar tugadh le fios go raibh an fhoráil sin fíor-riachtanach chun cinnteacht a áirithiú maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a imscaradh. Go sonrach, mheas sé go raibh sé ríthábhachtach nach gá tionscadail fuinnimh in-athnuaite a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin sin ón gComhairle chun tairbhe a bhaint as na bearta a rialáiltear ann. Mheas an Ballstát sin freisin go raibh tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin róghearr toisc nach dtarlódh an túsphointe ceadaithe le haghaidh go leor tionscadal laistigh dá thréimhse ama, go háirithe na tionscadail chun bonneagar eangaí a fhorbairt a theastaíonn chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais.
2.Airteagal 2: Sainmhínithe
Fuair an Coimisiún aiseolas an-teoranta maidir leis na sainmhínithe. Cháin páirtí leasmhar amháin (Solar Heat Europe) gur léirmhíníodh an sainmhíniú ar threalamh grianfhuinnimh mar thagairt d’fhótvoltachas gréine amháin i roinnt cásanna, cé go dtagraíonn sé go sainráite do threalamh grianteirmeach agus trealamh fótavoltach gréine araon go sainiúil.
3.Airteagal 3: Leas Poiblí Sáraitheach
Ón aiseolas a fuarthas maidir le cur i bhfeidhm an airteagail seo, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil mearbhall áirithe i measc na mBallstát maidir le raon feidhme agus feidhmiú na toimhdean maidir le leas poiblí sáraitheach a áirítear in Airteagal 3, cé go bhfuil an Rialachán ón gComhairle infheidhme go díreach agus, dá bhrí sin, gur féidir le forbróirí tionscadail brath ar an toimhde sin i nósanna imeachta ceadaithe náisiúnta agus i ndlíthíocht chúirte gan gá a bheith le tuilleadh reachtaíochta náisiúnta. Mar sin féin, ceadaítear le hAirteagal 3 do na Ballstáit reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh chun cur i bhfeidhm na toimhdean sin a shrianadh do chineálacha áirithe teicneolaíochta nó do limistéir áirithe ar a gcríoch, i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar síos ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Má bhaineann na Ballstáit úsáid as na heisceachtaí sin, ní bheidh feidhm ag an toimhde sin ach amháin maidir le teicneolaíochtaí nó críocha áirithe.
Thug 14 Bhallstát aiseolas maidir le hAirteagal 3. Maidir le raon feidhme na toimhdean, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil claonadh ag na Ballstáit cur i bhfeidhm na toimhdean sin a theorannú do theicneolaíochtaí áirithe (is é sin fuinneamh gaoithe agus gréine, ach tionscadail bhonneagair freisin), agus go pointe níos teoranta do limistéir shonracha. Thuairiscigh Solar Power Europe gur chuir Ballstát amháin srian ar chur i bhfeidhm na toimhdean maidir le leas poiblí sáraitheach do thionscadail phoiblí amháin, agus d’fhág Ballstát eile díolúintí féideartha atá le sainmhíniú le foraithne. Ar an taobh eile, tá leathnú déanta ag Ballstát amháin ar raon feidhme na toimhdean sin ionas gur chun leas sáraitheach an phobail iad tionscadail in-athnuaite i dtaca leis an oidhreacht ailtireachta.
Thuairiscigh na Ballstáit a chuir an toimhde sin i bhfeidhm torthaí dearfacha go ginearálta, agus mheas siad gur uirlis úsáideach í chun dlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh nó bonneagair in-athnuaite nó gur toisc laghdaithe riosca í.
Thuairiscigh Ballstát amháin éifeachtaí dearfacha i gcásanna aonair (is é sin le haghaidh tionscadail ghaoithe, fhótavoltacha gréine agus eangaí), a d’eascair as cur i bhfeidhm na toimhdean sin ag údaráis cheadaithe agus ag cúirteanna araon. Chuir Ballstát eile béim ar bhreisluach na forála, rud a chabhraigh chun an caidreamh idir eintitis phoiblí éagsúla sa phróiseas pleanála a dhéanamh níos éifeachtúla. Chuir dhá Bhallstát eile in iúl nár ghá dóibh an toimhde sin a chur i bhfeidhm maidir le haon tionscadal ar leith go fóill (toisc, i measc cúiseanna eile, nach raibh céim an cheadaithe bainte amach go fóill ag roinnt mhaith tionscadal) ach ba dhíol sásaimh dóibh go bhféadfadh sé dlús a chur leis an gceadú le haghaidh tionscadail shonracha agus chuir siad in iúl gur spéis leo tairbhe a bhaint as go luath amach anseo. Ar an taobh eile, chreid Ballstát amháin go raibh a dtionscadail reatha gaoithe agus gréine ag bogadh ar aghaidh sách tapa agus, dá bhrí sin, ní raibh gá leis an bhforáil sin.
Mar sin féin, léirigh dhá Bhallstát dúshláin chun acmhainneacht iomlán na toimhdean maidir le leas poiblí sáraitheach a nochtadh. Go háirithe, meastar gur dúshlán é comhlíonadh coinníll eile sna Treoracha maidir le Gnáthóga agus Éin, lena n‑éilítear nach ann do réitigh mhalartacha eile, dúshlán lena gcuirtear teorainn le húsáideacht phraiticiúil na toimhdean maidir le leas poiblí sáraitheach. Dá bhrí sin, d’iarr Ballstát amháin modhnuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach ar Airteagal 3 chun foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht chun na coinníollacha eile le haghaidh na gcritéar maolaithe sa Treoir chomhshaoil ábhartha a chomhlíonadh, go háirithe an oibleagáid chun a thaispeáint nach bhfuil aon réiteach malartach eile ann. Mheas Ballstát amháin freisin go raibh an ceanglas bearta cúiteacha a leagan amach ina thoisc theoranta maidir le húsáideacht na forála maidir le leas poiblí sáraitheach.
Chuir Wind Europe, Solar Power Europe agus EREF aiseolas ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na toimhdean maidir le leas poiblí sáraitheach. Chuir na páirtithe leasmhara sin in iúl go raibh imní orthu nár chuir formhór na mBallstát stádas maidir le leas poiblí sáraitheach i bhfeidhm nó nár chuir siad i bhfeidhm ach go páirteach é le haghaidh tionscadail in-athnuaite nó gur thug údaráis cheadaithe neamhaird ar an toimhde agus gur thug siad tosaíocht do leasanna eile uaireanta. Mar sin féin, thug siad samplaí dearfacha freisin inar úsáideadh é sin go pointe áirithe agus léirigh siad cásanna sonracha inar chuidigh sé le roinnt tionscadal a bhogadh ar aghaidh. Thug Wind Europe le fios go raibh fonn ann go ginearálta úsáid níos mó a bhaint as an bhforáil sin, ach go raibh éiginnteacht ann maidir lena raon feidhme agus maidir leis an gcaoi ar cheart í a chur chun feidhme iarbhír.
Thagair Eintiteas AE do OCDanna d’acmhainneacht ard na toimhdean maidir le leas poiblí sáraitheach chun cabhrú le maolú a dhéanamh ar na baic a bhíonn ar thionscadail dáileacháin agus leag sé béim freisin ar luach siombalach Airteagal 3. Dúirt siad, áfach, gur ar éigean a bhí tionchar praiticiúil ag an Rialachán ón gComhairle ar thionscadail eangaí dáileacháin. Mhol Eintiteas AE do OCDanna síneadh a chur leis an Rialachán agus d’iarr sé ar an gCoimisiún cur chun feidhme iarbhír a áirithiú.
Roinn beirt pháirtithe leasmhara comhshaoil (BirdLife agus an Líonra um Ghníomhú ar son na hAeráide, ‘CAN Europe’) a mbarúlacha ginearálta faoin bhforáil sin. Chuir siad in iúl nach mór a bheith cúramach maidir le húsáid na hinsinte maidir le leas poiblí sáraitheach, rud a d’fhéadfadh, go praiticiúil, an caighdeán maidir le cosaint an chomhshaoil a dhéanamh níos scaoilte trí éascú a dhéanamh ar an gceadú le haghaidh tionscadail a bhfuil fadhbanna móra ag baint leo gan aon luach breise a thabhairt do thionscadail in-athnuaite a ghlac bearta agus coimircí iomchuí cheana féin. Mhaígh CAN Europe gur spreag an fhoráil a bhaineann leis an toimhde maidir le leas poiblí sáraitheach an reachtóir i mBallstát amháin naoi ngléasra hidreachumhachta a dhíolmhú ón gceanglas chun measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh, in ainneoin na dtionchar mór a bhí acu ar an gcomhshaol, agus gur dhearbhaigh sé an tráth céanna go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leo.
Ar an iomlán, is féidir teacht ar an gconclúid go meastar go ginearálta gur uirlis úsáideach í an toimhde atá in Airteagal 3 chun dlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite (fuinneamh gaoithe agus gréine den chuid is mó) agus tionscadal bonneagair sna Ballstáit inar cuireadh i bhfeidhm é. Ní hamháin go mbaineann sé sin le tionchair dhearfacha a thugtar faoi deara ar an láthair le haghaidh tionscadail shonracha, ach baineann sé freisin leis an tábhacht a chuirtear i leith imscaradh fuinnimh in-athnuaite ar bhonn níos ginearálta leis an toimhde sin, agus chun críoch eile thar na maoluithe sonracha dá bhforáiltear sna treoracha comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 3. Maidir leis na hábhair imní a cuireadh in iúl maidir le cur i bhfeidhm forleathan na forála sin agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar ardleibhéal cosanta comhshaoil, meabhraíonn an Coimisiún gur toimhde infhrisnéise í an toimhde maidir le leas poiblí sáraitheach i bhfabhar foinsí in-athnuaite fuinnimh, rud a chiallaíonn gur féidir leis na húdaráis cheadaithe agus na cúirteanna í a chur as feidhm i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil éifeachtaí díobhálacha móra ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol nach féidir a mhaolú ná a chúiteamh. Thairis sin, féadfaidh na Ballstáit a chur i bhfeidhm a theorannú do theicneolaíochtaí agus limistéir shonracha.
Ina theannta sin, d’fhéadfadh deis a bheith ann Airteagal 3 a chur i bhfeidhm ar bhonn níos mó go luath amach anseo nuair a bhainfidh níos mó tionscadal fuinnimh inathnuaite an chéim cheadaithe amach tar éis don Rialachán dul in éag. Thairis sin, is cosúil go bhfuil úsáideacht na forála sin teoranta mar gheall ar thosca amhail léirmhíniú sriantach ar choinníollacha eile chun tairbhe a bhaint as na maoluithe, e.g. an measúnú ar cé acu arb ann do réitigh mhalartacha nó nach ann.
4.Airteagal 4: Dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil
Chuir 12 Bhallstát aiseolas sonrach ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 4 nó maidir le trealamh gréine beag a shuiteáil ar bhonn níos ginearálta. Thuairiscigh roinnt de na Ballstáit sin méadú mór ar shuiteálacha gréine le blianta beaga anuas, ach gan an méadú sin a chur i leith an Rialacháin ón gComhairle go sonrach ach do thosca éagsúla amhail scéimeanna tacaíochta náisiúnta a bhfuil tóir orthu nó éabhlóid na bpraghsanna fuinnimh.
Thug an chuid is mó de na Ballstáit a d’fhreagair an pointe sin le fios gur chuir siad rialacha ceadaithe níos uaillmhianaí fós i bhfeidhm maidir le suiteálacha gréine beaga ná na rialacha a áirítear in Airteagal 4. Go sonrach, chuir seacht mBallstát in iúl nár ceanglaíodh ina reachtaíocht náisiúnta ceadanna sonracha le haghaidh suiteálacha gréine beaga ar struchtúir shaorga faoi choinníollacha áirithe nó le haghaidh trealamh gréine faoi thairseach acmhainne áirithe nó fiú go ginearálta. Chuir dhá Bhallstát in iúl nár ceanglaíodh cheana lena reachtaíocht náisiúnta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh ar thionscadail trealaimh grianfhuinnimh. Dá bhrí sin, is cosúil go bhfuil éifeachtaí dearfacha Airteagal 4 teoranta go leor sna Ballstáit sin a bhfuil reachtaíocht náisiúnta níos uaillmhianaí glactha acu.
Luaigh Ballstát amháin gur thug sé athruithe isteach ina chóras náisiúnta ceadaithe mar thoradh ar an Rialachán ón gComhairle. Go sonrach, thug sé isteach formheas intuigthe laistigh de mhí amháin tar éis iarratas a chur isteach ar chead tógála a eisiúint chun saoráidí gréine a shuiteáil chun leictreachas a tháirgeadh ó ghrianfhuinneamh chun críoch féintomhaltais, saoráidí ag a bhfuil toilleadh suiteáilte iomlán 20-50 kW, ar fhoirgnimh struchtúrtha agus struchtúir i limistéir uirbeacha, lena n‑áirítear na struchtúir dín agus aghaidhe agus a réadmhaoin talún chóngarach.
Thug Solar Power Europe agus Solar Heat Europe aiseolas maidir le héifeachtaí Airteagal 4. Thug Solar Power Europe le fios gur cuireadh Airteagal 4 chun feidhme go maith tríd is tríd cé gur tugadh roinnt srianta faoi deara. Mar shampla, i gcásanna áirithe, léirmhínigh na Ballstáit coincheap na struchtúr saorga go róchúng (á theorannú do dhíonta amháin), rud a éilíonn soiléiriú ar choincheap na ‘struchtúr saorga’. Ar an gcaoi chéanna, ní raibh formhór na mBallstát uaillmhianach go leor maidir le nascadh leis an eangach a shimpliú (ós rud é gur chuir siad an tairseach níos ísle de 10.8 kW i bhfeidhm seachas an tairseach 50 kW). Mar sin féin, chuir siad roinnt samplaí dearfacha ar fáil amhail cás Ballstáit amháin inar beartaíodh samhail shimplithe a úsáid chun fótavoltachas dín suas le toilleadh 200kW a shuiteáil. Thug Solar Heat Europe le fios nár bhraith a bhaill aon athrú suntasach ar na nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh suiteálacha grianteasa le bliain anuas.
Ón méid thuas, tugann an Coimisiún faoi deara, cé go bhfuil suiteáil trealaimh gréine ag méadú, gur deacair éifeachtaí an mhéadaithe sin a chur i leith an Rialacháin ón gComhairle go sonrach ós rud é go raibh ról tábhachtach ag tosca eile (amhail scéimeanna tacaíochta nó praghsanna arda fuinnimh). Is díol sásaimh don Choimisiún gur thuairiscigh Ballstát amháin ar a laghad gur thug sé athruithe isteach le déanaí chun an ceadú do shuiteálacha gréine a chuíchóiriú agus gur thug roinnt Ballstát forálacha isteach ina reachtaíocht náisiúnta atá níos uaillmhianaí fós ná forálacha Airteagal 4, amhail gan aon cheanglas ceada a bheith ann le haghaidh suiteálacha gréine beaga faoi choinníollacha áirithe agus gur féidir leo iarratas a dhéanamh go díreach ar nascadh leis an eangach. Tá Airteagal 4 fós ábhartha do na Ballstáit sin ós rud é go dtugtar isteach leis spriocdhátaí uasta freisin maidir leis na suiteálacha sin a nascadh leis an eangach (i.e. cumhdaítear an nascadh leis an eangach freisin leis na spriocdhátaí uasta de mhí amháin nó de thrí mhí agus tugtar cinnteacht leo d’iarratasóirí de bhua foráil formheasa intuigthe le haghaidh suiteálacha áirithe). Sainaithníonn an Coimisiún an tsaincheist maidir le nascadh leis an eangach mar réimse le haghaidh tuilleadh feabhais.
5.Airteagal 5: Gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú
Chuir 11 Bhallstát aiseolas ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5 agus an próiseas deonaithe ceadanna chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú ar bhonn níos ginearálta.
Chuir roinnt Ballstát in iúl nach raibh taithí shuntasach acu ar athchumhachtú go fóill toisc gur suiteáladh an chuid is mó de na gléasraí fuinnimh in-athnuaite le sách déanaí, nó nach raibh sonraí ábhartha acu ina leith sin. Níor thuairiscigh ach Ballstát amháin méadú ar iarratais, an chuid is mó acu le haghaidh athchumhachtú suiteálacha gréine, agus thug Ballstáit eile le fios nach bhféadfaidís méadú ar athchumhachtú faoin Rialachán ón gComhairle a bhrath. Mhínigh roinnt Ballstát gur thug siad isteach nósanna imeachta ceadaithe atá comhchosúil leo siúd a leagtar síos in Airteagal 5.
Chuir Ballstát amháin in iúl, de ghnáth, maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh athchumhachtú lena ngabhann méadú acmhainneachta, nach ndeachaigh sé thar 6 mhí i gcás tionscadail ghréine, cé go bhféadfadh an nós imeachta a bheith níos faide i gcásanna inar cheart measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh (d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis sin i gcás gléasraí cumhachta gaoithe). Cumhdaítear leis an spriocdháta a leagtar síos in Airteagal 5(1) gach cead ábhartha agus gach céim ábhartha den phróiseas deonaithe ceadanna, lena n‑áirítear measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is cosúil go gcomhlíontar an spriocdháta sin sa Bhallstát sin i gcás na dteicneolaíochtaí sin nach bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol ag teastáil ina leith, cé go bhféadfadh sé go mbeadh gá le tuilleadh oiriúnuithe chun an spriocdháta sin a chomhlíonadh nuair is gá measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh. Thairis sin, sa Bhallstát sin, ní gá cead ón Aireacht ábhartha chun gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú mura n‑athraítear an cineál giniúna leictreachais ná an acmhainneacht giniúna leictreachais iomlán atá ceadaithe mar thoradh ar an athchumhachtú.
Thuairiscigh roinnt Ballstát rialacha ceadaithe uaillmhianacha maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú. Ghlac ceann amháin acu dlí náisiúnta i mí Mheán Fómhair 2023 ina bhfuil bearta a bhaineann leis na hábhair chéanna a chumhdaítear in Airteagal 5 ach a bhfuil raon feidhme níos uaillmhianaí fós acu. Go sonrach, tugtar isteach leis an dlí sin spriocdháta míosa chun tuairim a eisiúint maidir le nascadh leis an eangach i gcás nuachóiriú láithreáin nuair a mheastar go dtiocfaidh méadú suas le 50 % ar an acmhainneacht shuiteáilte iomlán i gcomparáid leis an acmhainneacht atá ann cheana, rud atá níos uaillmhianaí ná Airteagal 5(3) ó thaobh spriocdháta agus méadú acmhainneachta de araon. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), ní cheanglaítear leis an dlí sin na nósanna imeachta comhshaoil a chur i bhfeidhm i gcás nach n‑úsáidfear talamh breise mar thoradh ar nuachóiriú an láithreáin agus ina gcomhlíonann nuachóiriú den sórt sin na bearta cosanta comhshaoil a forchuireadh ar an láithreán bunaidh.
Cuireann Ballstát eile rialacha ceadaithe uaillmhianacha i bhfeidhm freisin maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú. Mar shampla, maidir le nascadh leis an eangach, féadfar cumhacht shuiteáilte na suiteála athchumhachtaithe a mhéadú suas le teorainn 20 % de chumhacht an naisc, gan gá le méadú ar acmhainneacht an naisc.
Chuir Wind Europe imní in iúl nár chuir ach fíorbheagán Ballstát nós imeachta mear i bhfeidhm chun tionscadail a athchumhachtú. Mhaígh sé nach raibh ach eisceacht amháin ann ag a raibh an córas is uaillmhianaí i bhfeidhm, agus go raibh rialacha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát eile chun na críche sin go pointe áirithe. Thug Wind Europe le fios, ar an iomlán, go raibh éifeachtaí teoranta ag an Rialachán go dtí seo chun dlús a chur le hathchumhachtú tionscadal. Thug Wind Europe dá aire go bhféadfadh na rialacha a áirítear in Airteagal 5 a bheith níos uaillmhianaí fós. Mar shampla, measadh go raibh an tairseach 15 % dá bhforáiltear in Airteagal 5(3) ró-íseal i gcomparáid leis an aschur níos airde ó thuirbíní gaoithe nua.
Ón méid thuas, tugann an Coimisiún faoi deara, i dtaobh na staide maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú, gur staid measartha measctha í. Cé go bhfuil raon feidhme teoranta i roinnt Ballstát maidir le tionscadail a athchumhachtú i bhfianaise gur suiteáladh tionscadail fuinnimh in-athnuaite le déanaí, i mBallstáit eile tá acmhainneacht i bhfad níos mó ann, acmhainneacht atá ag fás agus nár úsáideadh, chun méid níos mó d’imscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach trí athchumhachtú gléasraí atá ann cheana a chur chun cinn agus a éascú. Tá tairbhí iomadúla ag baint le hathchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite toisc gur féidir úsáid leanúnach a bhaint as láithreáin a bhfuil acmhainneacht mhór fuinnimh in-athnuaite acu; baineann sé tairbhe as an nasc leis an eangach atá ann cheana, as an leibhéal níos airde glactha ag an bpobal is dócha a bheidh ann agus as eolas ar thionchair ar an gcomhshaol.
Is díol sásaimh don Choimisiún go bhfuil roinnt Ballstát a bhfuil an-acmhainneacht acu chun tionscadail fuinnimh inathnuaite a athchumhachtú tar éis bearta a thabhairt isteach chun a rialacha ceadaithe a shimpliú, agus go bhfuil bearta simpliúcháin glactha ag Ballstáit eile mar thoradh ar an Rialachán sin ón gComhairle, bearta atá níos uaillmhianaí go pointe áirithe ná na bearta a áirítear in Airteagal 5. Tá sé ina ábhar imní freisin ag an gCoimisiún, áfach, gur cheart do na Ballstáit a bhfuil an acmhainneacht athchumhachtaithe is mó acu dlús a chur leis na hiarrachtaí chun na nósanna imeachta ceadaithe gaolmhara a ghiorrú agus a shimpliú a thuilleadh.
6. Airteagal 6: Dlús a chur le próiseas deonaithe ceadanna na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite agus do bhonneagar eangaí lena mbaineann atá riachtanach chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras
Tá cur i bhfeidhm na forála seo roghnach do na Ballstáit. Thug 14 Bhallstát aiseolas maidir leis an airteagal sin. Astu sin, thuairiscigh trí cinn díobh gur chuir siad an fhoráil i bhfeidhm.
Dúirt dhá Bhallstát go raibh Airteagal 6 á chur i bhfeidhm acu faoi láthair chun limistéir shonracha in-athnuaiteán nó limistéir shonracha bhonneagair eangaí a shainaithint inar féidir tionscadail a dhíolmhú ó mheasúnuithe tiomnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol agus ó mheasúnuithe ar chosaint speiceas.
Chuir Ballstát amháin in iúl gur chuir sé an fhoráil sin chun feidhme chun limistéir shonracha le haghaidh fuinneamh gaoithe ar talamh agus amach ón gcósta a shainaithint chomh maith le limistéir shonracha le haghaidh eangacha leictreachais os cionn 110 kW. Thuairiscigh sé go raibh tionchar an-dearfach ann go dtí seo ar dhlús a chur le himscaradh na heangaí agus na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite. Go sonrach, thug sé faoi deara cheana gur deonaíodh na chéad cheadanna do ghléasraí cumhachta gaoithe faoin Rialachán ón gComhairle agus go raibh méadú ag teacht ar líon na dtionscadal cumhachta gaoithe rathúla. Measann sé go gcabhródh an Rialachán ón gComhairle agus go háirithe Airteagal 6 leis an gcuspóir uaillmhianach leathnaithe atá aige, is é sin thart ar 10 GW gaoithe ar talamh in aghaidh na bliana, a bhaint amach. Mura ndéanfaí an Rialachán ón gComhairle a fhadú, bheadh an baol ann, de réir an Bhallstáit sin, go gcuirfí isteach go mór ar luas imscaradh na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite; agus é ag maíomh go bhféadfaí moill a chur ar shuiteáil thart ar 41 GW de chumhacht ghaoithe ar tír agus go dtógfadh an tsuiteáil thart ar dhá bhliain níos mó nó go bhféadfaí stop iomlán a chur léi gan an Rialachán a fhadú.
Maidir le heangacha, chuir ceithre oibreoir tarchurtha de chuid na Gearmáine in iúl go raibh an Rialachán ón gComhairle ina thoisc shubstaintiúil luasghéaraithe de phróisis fhoirmiúla phleanála agus údaraithe chun eangacha leictreachais sa Ghearmáin a uasghrádú agus a leathnú agus mhol siad go gcuirfí síneadh leis an Rialachán go dtí earrach 2025 chun aistriú rianúil a áirithiú go dtí go ndéanfaí na forálacha ábhartha den Treoir leasaitheach a thrasuí sa dlí náisiúnta. Chomh maith leis sin, thug ENTSO-E aiseolas dearfach maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 sa Ghearmáin agus thuairiscigh sé acmhainneacht luathaithe 7 mí ar an meán i gcás fhormhór na dtionscadal eangaí a bhain tairbhe as Airteagal 6 (i.e. iad siúd a cuireadh isteach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin). Maidir le tionscadail amach ón gcósta, tá coinne ag ENTSO-E le hacmhainneacht luathaithe níos mó suas le trí bliana. Thug ENTSO-E le fios go mbíonn OCTanna i dteagmháil rialta le haireachtaí náisiúnta maidir le cur chun feidhme Airteagal 15e nua de RED athbhreithnithe a bhaineann le réimsí bonneagair. Mar sin féin, tá amhras mór orthu maidir le cibé a bhí trasuí na forála sin indéanta faoi mhí Iúil 2024 nó nach raibh agus dá bhrí sin d’iarr siad go gcuirfí síneadh leis an Rialachán ón gComhairle chun aistriú rianúil a áirithiú go dtí go ndéanfaí Airteagal 15e de RED athbhreithnithe a thrasuí go hiomlán. Luaigh an Ghearmáin go bhféadfaí an próiseas ceadaithe a bhaineann le go leor tionscadal eangaí a ghiorrú thart ar 12 mhí dá gcuirfí síneadh le hAirteagal 6, agus suas le 36 mhí fiú i gcás roinnt tionscadal.
Chinn Ballstát eile freisin úsáid a bhaint as Airteagal 6, cé go raibh tionscadail fuinnimh in-athnuaite fós ag céim na pleanála agus nach raibh siad ag céim an cheadaithe go fóill. Dá bhrí sin, mheas sé nach raibh a éifeacht iomlán bainte amach ag Airteagal 6 go fóill ach go raibh sé d’acmhainn aige déanamh amhlaidh go luath amach anseo.
Thuairiscigh formhór na mBallstát a sholáthair aiseolas nár bhain siad úsáid as an rogha a áirítear in Airteagal 6. Chuir ceann amháin acu in iúl go raibh cur i bhfeidhm an Airteagail sin fós á mheas aige ós rud é go raibh gá le reachtaíocht náisiúnta chun an fhoráil sin a fhorbairt a thuilleadh. Luaigh Ballstát eile go raibh bearta uaillmhianacha san áireamh ina reachtaíocht náisiúnta cheana féin a raibh rialacha agus critéir shoiléire ag gabháil leo chun teorannú a dhéanamh ar na tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar ghá scagadh a dhéanamh orthu nó measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh orthu. Chuir dhá Bhallstát eile in iúl, cé nár chuir siad Airteagal 6 i bhfeidhm, go raibh siad ag obair faoi láthair ar bhealaí chun na measúnuithe comhshaoil a bhaineann le ceadú foinsí fuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú a thuilleadh. Luaigh Ballstát eile nár chuir siad Airteagal 6 i bhfeidhm mar gheall ar a nós imeachta reachtach náisiúnta maidir le clásail ‘féadfaidh’ a áirítear i Rialacháin an Aontais a chur chun feidhme, lenar ceanglaíodh reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh chun forálacha den sórt sin a fhorbairt. Thairis sin, chuir an Ballstát sin i bhfios go láidir gur dhírigh na díolúintí agus na coinníollacha nua dá bhforáiltear in Airteagal 6 go príomha ar chosaint speiceas, ach is le cosaint gnáthóg den chuid is mó a bhain na moilleanna ar phróiseas ceadaithe suiteálacha foinsí fuinnimh in-athnuaite (go háirithe mórghléasraí cumhachta gaoithe) agus forbairtí eangaí. Mar sin féin, d’aithin sé gur beart dearfach siombalach é Airteagal 6 chun dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite agus mar chomhartha chun bacainní a réiteach. Luaigh ENTSO-E ina leith sin go mbeadh iarracht pholaitiúil ann an fhoráil seo a chur i bhfeidhm maidir le dhá thionscadal bonneagair amach ón gcósta.
Chuir roinnt páirtithe leasmhara (CAN Europe, BirdLife) imní ghinearálta in iúl maidir le cur i bhfeidhm díolúintí ó mheasúnuithe áirithe faoi reachtaíocht chomhshaoil an Aontais agus maidir leis na tionchair bhithéagsúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar dhlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite. Luaigh CAN Europe go raibh doimhneacht agus cáilíocht na Measúnuithe Straitéiseacha Comhshaoil éagsúil ó réigiún go chéile agus go bhféadfadh sé nach mbeadh siad mionsonraithe go leordhóthanach chun caighdeán cosanta inchomparáide a áirithiú. Mar sin féin, thug CAN Europe dá aire, i mBallstát amháin, gur soláthraíodh le cur i bhfeidhm Airteagal 6 réiteach maidir le cur chuige daonrabhunaithe i leith cosaint speiceas trí chiste cosanta speiceas a bhunú ar cuireadh acmhainní leis chun críoch sonrach. Chuir BirdLife imní in iúl maidir leis an laghdú ar thrédhearcacht d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus maidir le rannpháirtíocht laghdaithe an phobail áitiúil sa phróiseas pleanála.
Ón méid thuas, is féidir teacht ar an gconclúid gur uirlis úsáideach é Airteagal 6 chun dlús a chur le himscaradh an fhuinnimh in-athnuaite agus na dtionscadal bonneagair a bhaineann leo sna Ballstáit a roghnaigh úsáid a bhaint as an bhforáil sin. I gcás sonrach na Gearmáine, a bhain úsáid as an bhforáil sin, is cosúil go bhfuil torthaí dearfacha inbhraite ann ó thaobh líon na dtionscadal in-athnuaite rathúil agus na dtionscadal eangaí rathúil atá ag dul chun cinn agus ó thaobh acmhainneacht luathaithe agus ghiorrú na tréimhse ceadaithe. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfeictear gur rud dearfach í an fhoráil sin sna Ballstáit sin nár bhain úsáid as an bhforáil sin nó a chinn úsáid a bhaint aisti ach atá ag céim níos luaithe, mar gheall ar a luach siombalach agus toisc gur fachtóir laghdaithe riosca í.
Maidir leis na hábhair imní a cuireadh in iúl faoi na díolúintí ó mheasúnuithe faoi reachtaíocht chomhshaoil an Aontais agus faoin tionchar ar chosaint na bithéagsúlachta, meabhraíonn an Coimisiún go bhforchuireann Airteagal 6 coinníollacha sonracha chun tionscadail a dhíolmhú ó mheasúnuithe comhshaoil, arb é is aidhm dóibh cothromaíocht a áirithiú idir an gá le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a imscaradh i bhfad níos tapúla agus an gá atá le cosaint limistéar atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú.
7.Airteagal 7: Dlús a chur le himscaradh teaschaidéal
Chuir 12 Bhallstát aiseolas ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an airteagail sin agus an próiseas deonaithe ceadanna chun teaschaidéil a shuiteáil ar bhonn níos ginearálta. Dúirt dhá Bhallstát nach bhfuil sonraí maidir le teaschaidéil bailithe acu le déanaí, agus mar sin níorbh fhéidir meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin ar an teicneolaíocht sin.
Ar an gcaoi chéanna, maidir le suiteálacha gréine beaga, chuir roinnt Ballstát in iúl nach raibh gá acu le ceadanna le haghaidh teaschaidéal faoi choinníollacha áirithe (i gcás teaschaidéil bheaga, de ghnáth, amhail teaschaidéil suas le 1 m3, 500 kW nó suas le 30 kW i dtithe príobháideacha). Luaigh Ballstát amháin nach raibh gá le hiarratas go ginearálta maidir le teaschaidéil aerfhoinse, cé is moite de líon an-bheag eisceachtaí. Dá bhrí sin, tá an reachtaíocht sna tíortha sin níos uaillmhianaí ná Airteagal 7 den Rialachán ón gComhairle. Luaigh Ballstáit eile gur soláthraíodh lena reachtaíocht náisiúnta díolúintí pleanála maidir le teaschaidéil a shuiteáil nó díolúine ó mheasúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol.
Chuir Ballstát amháin imní in iúl maidir leis an gceanglas ceadanna a dheonú le haghaidh teaschaidéil suas le 50 MW laistigh de mhí amháin, á mhíniú go bhféadfadh an spriocdháta gearr sin ábhair imní theicniúla agus sábháilteachta a tharraingt anuas maidir leis an eangach leictreachais. Tugann an Coimisiún dá aire i ndáil leis sin go dtugtar isteach leis an Rialachán ón gComhairle solúbthacht do na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm an spriocdháta sin. Féadfaidh na Ballstáit limistéir nó struchtúir áirithe a eisiamh ó fhorálacha an airteagail sin, lena n‑áirítear ar chúiseanna sábháilteachta.
Thuairiscigh roinnt Ballstát méadú a tháinig le déanaí ar shuiteálacha teaschaidéal ach ní raibh siad cinnte dá mba rud é gurbh iad éifeachtaí an Rialacháin ón gComhairle ba chúis leis an méadú sin. Ina ionad sin, chuir siad an méadú sin i leith fachtóirí eile amhail cogadh na Rúise ar an Úcráin nó fóirdheontais náisiúnta. Shonraigh roinnt Ballstát nach ndearna an Rialachán ón gComhairle difear don fhorbairt mar gheall ar easpa ceanglas ceadaithe náisiúnta maidir le teaschaidéil áirithe.
Chuir an Comhlachas Eorpach um Theaschaidéil (EHPA) aiseolas mionsonraithe ar fáil maidir le stádas na nósanna imeachta ceadaithe is infheidhme maidir le teaschaidéil agus maidir le héifeachtaí Airteagal 7. Maidir leis an gcuid is mó de theaschaidéil (gan teaschaidéil gheoiteirmeacha a áireamh), is gnách nach raibh gá le ceadanna, ach i gcás teaschaidéil gheoiteirmeacha, is gnách go raibh gá le ceadanna. Mar sin féin, i gcás teaschaidéil suas le 25 kW de thoilleadh teirmeach, bhíothas in ann ceadanna a dheonú laistigh de mhí amháin.
Ós rud é nach mbíonn cead ag teastáil de ghnáth i gcás fhormhór na dteaschaidéal ar mhionscála (seachas teaschaidéil gheoiteirmeacha), is cosúil go bhfuil tionchar Airteagal 7 teoranta. Mar sin féin, bhí meon dearfach ag EHPA fós i leith na forála sin toisc gur cuireadh deimhneacht dhlíthiúil ar fáil le tabhairt isteach an spriocdháta uasta. D’fhonn úsáideacht na forála seo a mhéadú, mhol EHPA roinnt modhnuithe spriocdhírithe, i.e. an tréimhse cheadaithe a laghdú go dtí mí amháin le haghaidh teaschaidéil gheoiteirmeacha chónaithe suas le 25 kW, mar aon le formheas intuigthe, agus úsáid a bhaint as toilleadh teirmeach in ionad toilleadh leictreach (ach amháin nuair a thagraíonn sé go sonrach do nasc leis an eangach, i gcás ina bhféadfadh toilleadh leictreach a bheith níos iomchuí).
Ón méid thuas, is féidir teacht ar an gconclúid, cé nach cosúil gurb é an ceadú an príomhscrogall maidir le suiteáil teaschaidéal, gur chuidigh an Rialachán ón gComhairle, agus go sonrach tabhairt isteach spriocdhátaí uasta soiléire, le deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir leis an gcineál sin trealaimh a shuiteáil, go háirithe i gcás teaschaidéil gheoiteirmeacha agus teaschaidéil níos mó. Is díol sásaimh don Choimisiún gur cosúil, i roinnt Ballstát, go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm níos uaillmhianaí fós ná inneachar Airteagal 7 ós rud é nach bhfuil cead ar bith ag teastáil le haghaidh teaschaidéil bheaga.
8.Airteagal 8: Amlínte don phróiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil, gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú agus teaschaidéil a imscaradh
Ní bhfuarthas aon aiseolas ó na Ballstáit ná ó pháirtithe leasmhara maidir leis an airteagal sin, lena sonraítear nach n‑áirítear sna hamlínte maidir le deonú ceadanna an t‑am chun bonneagar eangaí riachtanach gaolmhar a thógáil nó a athchumhachtú agus an t‑am le haghaidh céimeanna riaracháin áirithe is gá le haghaidh uasghráduithe móra ar an eangach.
IV.Raon feidhme an Rialacháin Éigeandála agus na bhforálacha nua ceadaithe in RED athbhreithnithe
Mar a luadh thuas, áirítear in RED athbhreithnithe forálacha chun cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta ceadaithe is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite, lena n‑áirítear rialacha maidir leis na hábhair chéanna nó chomhchosúla leo siúd a chumhdaítear leis an Rialachán ón gComhairle. Cé go gcumhdaíonn roinnt de na rialacha sin na hábhair chéanna a áirítear sa Rialachán, tá roinnt difríochtaí tábhachtacha idir an dá théacs:
-Le hAirteagal 16f rialaítear an toimhde maidir le leas poiblí sáraitheach, rud a rialaítear freisin in Airteagal 3 den Rialachán. Mar sin féin, tá dara mír in Airteagal 3 den Rialachán ina n‑iarrtar tosaíocht a thabhairt do na tionscadail a aithnítear a bheith ar mhaithe le leas poiblí sáraitheach i gcás ina gceanglaítear cothromaíocht idir leasanna dlíthiúla sa chás aonair.
-Tá rialacha sonracha in Airteagal 16d maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil, rialacha a chumhdaítear freisin in Airteagal 4 den Rialachán ón gComhairle. Tá foclaíocht an dá fhoráil an-chosúil lena chéile cé go n‑áirítear tairseach níos airde 100 kW (seachas 50 kW) in Airteagal 16d, mír 2 de RED athbhreithnithe, rud a fhágann gur féidir méadú a dhéanamh ar líon na suiteálacha a thagann faoin nós imeachta aon mhíosa amháin um cheadú atá an-ghearr.
-Tá rialacha in Airteagal 16c (agus in Airteagal 16b) is infheidhme maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú lasmuigh de dhlúslimistéir in-athnuaiteán, rialacha a chumhdaítear freisin le hAirteagal 5 den Rialachán. Is é an phríomhdhifríocht idir na téacsanna go bhfuil spriocdháta gearr sé mhí in Airteagal 5 den Rialachán le haghaidh gach cead is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú, agus san am céanna tá spriocdháta bliana in RED athbhreithnithe le haghaidh tionscadail lasmuigh de dhlúslimistéir in-athnuaiteán (laistigh de dhlúslimistéir in-athnuaiteán, foráiltear le hAirteagal 16a spriocdháta sé mhí freisin, ach tá spriocdháta cur chun feidhme níos faide, is é sin spriocdháta 27 mí, ag baint le hainmniú na limistéar sin).
-Tá rialacha in Airteagal 16e maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna i ndáil le teaschaidéil, rialacha a chumhdaítear freisin in Airteagal 7 den Rialachán. Tá foclaíocht an dá fhoráil an-chosúil lena chéile cé go bhfuil beachtais bhreise in RED athbhreithnithe maidir le spriocdhátaí do naisc leis an eangach (spriocdháta coicíse le haghaidh naisc leis an eangach tarchurtha nó dáileacháin).
-Le hAirteagal 15c forchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit dlúslimistéir in-athnuaiteán a ainmniú le haghaidh aon teicneolaíocht inathnuaite amháin ar a laghad. Le hAirteagal 15e tugtar isteach an fhéidearthacht do na Ballstáit limistéir a ainmniú le haghaidh bonneagar eangaí agus stórála is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais. Sna limistéir sin, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag díolúintí spriocdhírithe ó mheasúnú comhshaoil, faoi réir coinníollacha. Le hAirteagal 6 den Rialachán, tugtar isteach foráil roghnach lena gceadaítear do na Ballstáit limistéir shonracha a shainaithint inar féidir leo tionscadail a dhíolmhú ó mheasúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus ó mheasúnuithe ar chosaint speiceas. Cé go mbaineann na forálacha in RED athbhreithnithe agus in Airteagal 6 den Rialachán le limistéir shonracha a shainaithint chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a imscaradh níos tapúla, tá difríocht shuntasach idir inneachar na bhforálacha sin:
oCeann de na príomhdhifríochtaí is ea go ndéantar foráil in RED athbhreithnithe maidir le nós imeachta ‘scagtha’ a bhféadfadh gá a bheith le measúnú tiomnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh mar thoradh air, agus foráiltear go díreach in Airteagal 6 den Rialachán go gcuirfear bearta maolaithe nó cúitimh i bhfeidhm.
oFaoi Airteagal 6 den Rialachán, is féidir tionscadail a dhíolmhú freisin ó na measúnuithe ar chosaint speiceas faoi Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus faoi Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE. In RED athbhreithnithe, ní dhéantar foráil maidir leis na díolúintí sin ach amháin do thionscadail eangaí agus stórála i limistéir thiomnaithe, seachas do thionscadail fuinnimh in-athnuaite.
oNí dhéantar foráil in Airteagal 6 den Rialachán maidir le díolúine ó Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE. In RED athbhreithnithe, is féidir díolúine den sórt sin a dheonú i gcás na dtionscadal uile (le haghaidh suiteálacha fuinnimh in-athnuaite, tionscadail eangaí agus tionscadail stórála).
-Soiléirítear in Airteagal 16(8) cé na céimeanna nach n‑áirítear i spriocdhátaí an phróisis deonaithe ceadanna, i.e. soiléirítear nach féidir na céimeanna a mheas mar chuid de na hamlínte a leagtar amach sa treoir. Tá sé sin cosúil le hAirteagal 8 den Rialachán. Is é an phríomhdhifríocht go bhfuil pointe breise in Airteagal 16(8) de RED athbhreithnithe chun a shoiléiriú nach n‑áirítear an t‑am le haghaidh aon achomharc nó leigheas breithiúnach, imeachtaí eile os comhair cúirte nó binse, agus sásraí malartacha um réiteach díospóidí, lena n‑áirítear nósanna imeachta gearáin agus achomhairc agus leigheasanna neamhbhreithiúnacha, le linn an nós imeachta deonaithe ceadanna, ach amháin má tá sé i gcomhthráth le céimeanna riaracháin eile den nós imeachta deonaithe ceadanna.
Ní mór roinnt de na rialacha sin a bhaineann le ceadú ó RED athbhreithnithe (i.e. na rialuithe ceadaithe uile seachas na rialacha sin a bhaineann le dlúslimistéir in-athnuaiteán) a thrasuí faoin 1 Iúil 2024, díreach tar éis do bhailíocht an Rialacháin dul in éag. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás Airteagail 15e (roghnach), 16(8), 16c, 16ú, 16f. Tá dáta trasuite 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm RED athbhreithnithe ag na forálacha ceadaithe eile (i.e. na forálacha sin a bhaineann le dlúslimistéir in-athnuaiteán). Thairis sin, tá spriocdháta cur chun feidhme 27 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin ón gComhairle ag Airteagal 15c, lena dtugtar isteach an oibleagáid dlúslimistéir in-athnuaiteán a ainmniú.
Dá bhrí sin, roinnt de na bearta a tugadh isteach leis an Rialachán, áiríodh iad in RED athbhreithnithe. Mar sin féin, níor léiríodh sa Treoir cuid de na bearta is eisceachtúla atá i Rialachán (AE) 2022/2577, rud a chuir teorainn lena gcineál eisceachtúil agus sealadach.
Ar an iomlán, is iad na difríochtaí substainteacha is mó idir na forálacha in RED athbhreithnithe agus sa Rialachán ón gComhairle na difríochtaí a áirítear in Airteagal 3(2) maidir le leas poiblí sáraitheach, an spriocdháta uasta le haghaidh athchumhachtaithe a áirítear in Airteagal 5(1) agus Airteagal 6 den Rialachán ón gComhairle. Ón aiseolas a fuarthas ó na Ballstáit agus ó pháirtithe leasmhara, dealraíonn sé go gcuireann na forálacha sin dlús suntasach le ceadú na dtionscadal fuinnimh inathnuaite agus na dtionscadal eangaí gaolmhar sna Ballstáit sin a bhfuil na forálacha sin curtha i bhfeidhm acu. Is iomchuí síneadh a chur leis na bearta éigeandála roghnaithe sin a bhfuil an acmhainneacht is mó acu maidir le dlús a chur le foinsí fuinnimh in-athnuaite, atá infheidhme láithreach agus go díreach ar fud an Aontais agus atá éagsúil leis na cinn a áirítear in RED Inathnuaite agus ar féidir leo, dá bhrí sin, é a chomhlánú. Mar sin féin, chun comhsheasmhacht leis na rialacha a leagtar síos in RED athbhreithnithe a áirithiú, tar éis an 30 Meitheamh 2024 agus tar éis an dáta sin amháin, ba cheart feidhm a bheith ag an spriocdháta gearr 6 mhí chun athchumhachtú a cheadú maidir le hathchumhachtú tionscadal fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe i limistéar tiomnaithe in-athnuaiteán de bhun Airteagal 6 den Rialachán sin.
V.Conclúid maidir le fadú an bhirt agus moladh
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an Rialachán sin ón gComhairle a fhadú.
Mar a mhínítear i roinn II, tá feabhas suntasach tagtha ar shlándáil sholáthar an Aontais i gcomparáid leis an ngeimhreadh seo caite agus tá laghdú tagtha ar phraghsanna gáis agus leictreachais. Eascraíonn sé sin den chuid is mó as na gníomhaíochtaí gasta a glacadh ar leibhéal an Aontais, go háirithe na bearta éigeandála a glacadh ar bhonn Airteagal 122 CFAE, lena n‑áirítear an Rialachán sin ón gComhairle agus an dul i bhfód foinsí fuinnimh in-athnuaite níos airde a eascraíonn as sin. Mar sin féin, tá rioscaí tromchúiseacha fós ann agus i gcomhthéacs na luaineachta leanúnaí i bpraghsanna fuinnimh agus i gcomhthéacs ábhair imní maidir le cinnteacht an tsoláthair, tá gá fós le móriarrachtaí breise ó thaobh imscaradh fuinnimh in-athnuaite d’fhonn an staid a chobhsú a thuilleadh.
Cé go bhfuil sé deacair tionchar an Rialacháin sin ón gComhairle a chainníochtú go beacht i bhfianaise a thréimhse theoranta cur i bhfeidhm agus a easpa staidrimh oifigiúil, léirítear i roinn III gur chuidigh na bearta spriocdhírithe a áirítear sa Rialachán sin ón gComhairle go dearfach le dlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite. Rinne siad amhlaidh ar dhá phríomhbhealach: (i) trí na nósanna imeachta is infheidhme maidir le próisis shonracha deonaithe ceadanna a chuíchóiriú, agus (ii) trí fheasacht pholaitiúil a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le dlús a chur le ceadú foinsí fuinnimh in-athnuaite, mar a dhearbhaigh roinnt Ballstát agus páirtithe leasmhara.
Tugann an Coimisiún tionchar dearfach faoi deara maidir le gach réimse a chumhdaítear leis an Rialachán ón gComhairle, cé go mbíonn sé deacair uaireanta éifeachtaí sonracha a chur i leith an Rialacháin. Bhí tionchar níos teoranta ag roinnt beart den Rialachán (i.e. Airteagail 4 agus 7), i bpáirt toisc go gcuireann na Ballstáit rialacha ceadaithe níos uaillmhianaí i bhfeidhm cheana féin chun suiteálacha gréine beaga agus teaschaidéil a shuiteáil, agus mar thoradh ar bhearta eile (go háirithe Airteagail 3 agus 6) tá éifeachtaí suntasacha nithiúla agus inláimhsithe ann maidir le simpliú sna Ballstáit a chuir i bhfeidhm iad.
D’iarr go leor Ballstát agus cúig pháirtí leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo (ENTSO-E, European Renewable Energy Federation, Solar Heat Europe, Solar Power Europe, agus Wind Europe) síneadh a chur leis an Rialachán nó le hairteagail shonracha. D’iarr roinnt acu freisin go dtabharfaí isteach modhnuithe spriocdhírithe.
Gné thábhachtach le cur san áireamh maidir le fadú an Rialacháin ón gComhairle is ea go bhfuil roinnt beart in RED athbhreithnithe chun nósanna imeachta ceadaithe a chuíchóiriú, ar bearta iad atá ag forluí go pointe áirithe leis na cinn a áirítear sa Rialachán ón gComhairle. Go sonrach, déantar Airteagail 3(1), 4, 5(2), 5(3) agus 5(4) agus 7 den Rialachán ón gComhairle a mhacasamhlú beagnach mar an gcéanna in Airteagail 16c, 16d agus 16e de RED athbhreithnithe, le roinnt modhnuithe beaga, a mhínítear i roinn IV. Thairis sin, mar thoradh ar dheireadh luath shainordú Pharlaimint na hEorpa agus an t‑am is gá de ghnáth chun reachtaíocht a ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach, ní raibh an nós imeachta sin ina rogha iomchuí chun na bearta sealadacha a chur i bhfeidhm in am.
Mar a luaitear thuas, is iad na difríochtaí substainteacha is mó idir na forálacha in RED athbhreithnithe agus sa Rialachán ón gComhairle na difríochtaí a áirítear in Airteagail 3(2), 5(1) agus 6 den Rialachán ón gComhairle. Ón aiseolas a fuarthas ó na Ballstáit agus ó pháirtithe leasmhara, dealraíonn sé go gcuireann na forálacha sin dlús tábhachtach le ceadú na dtionscadal fuinnimh inathnuaite agus na dtionscadal eangaí gaolmhar sna Ballstáit sin a bhfuil na forálacha sin curtha i bhfeidhm acu nó a bhfuil acmhainneacht shuntasach acu chun déanamh amhlaidh go luath amach anseo. Dá bhrí sin, is iomchuí síneadh a chur leis na forálacha sonracha sin ar bhealach spriocdhírithe. I bhfianaise na ndúshlán a tharraing roinnt Ballstát anuas maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 3, d’fhéadfadh údar maith a bheith le bearta breise chun leas iomlán a bhaint as tairbhí na forála sin ar cuireadh síneadh léi.
Chun síneadh a chur le hAirteagail 3(2), 5(1) agus 6 den Rialachán ón gComhairle, cheanglófaí síneadh a chur le hAirteagal 1, lena sainítear ábhar agus raon feidhme an Rialacháin, agus le hAirteagal 2(1), ina sainmhínítear ‘próiseas deonaithe ceadanna’, téarma a úsáidtear in Airteagal 3(2).
Dá bhrí sin, molann an Coimisiún síneadh spriocdhírithe a chur le hAirteagail 1, 2(1), 3(2), 5(1) agus 6 den Rialachán ón gComhairle, lena n‑áirítear modhnuithe spriocdhírithe ar na forálacha sin i gcás inarb iomchuí.