An Bhruiséil,28.11.2023

COM(2023) 757 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Eangacha, an nasc atá ar iarraidh: Plean Gníomhaíochta an Aontais le haghaidh Eangach


1.Réamhrá

Cnámh droma de mhargadh fuinnimh dea‑fheidhmiúil is ea eangacha leictreachais idirnasctha agus cobhsaí. Tá ceann de na líonraí leictreachais is fairsinge agus is athléimní ar domhan ag an Aontas Eorpach 1 , agus é ag síneadh trasna 11 mhilliún ciliméadar ar fud a mhargaidh inmheánaigh agus ar líonra é lena náirithítear go soláthraítear leictreachas d’ardchaighdeán chuig a thomhaltóirí gach aon lá.

A bhuí le Rialachán an Aontais maidir le bonneagar fuinnimh trasEorpach (‘GTE-F’), roghnaigh an tAontas Eorpach níos mó ná 100 Tionscadal Leasa Choitinn (‘TLCanna’) sa leictreachas, agus d’éascaigh sé a gceadú agus a dtógáil, lena náirítear tríd an gcistiú – go háirithe trí mheán chistí na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE). Chuidigh an méid sin le bonneagar cumhachta fisiceach a fhorbairt atá oiriúnach d’fhíor‑Mhargadh Aonair agus chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na sprice idirnasctha leictreachais 15 % faoi 2030 2 . Le linn na géarchéime fuinnimh, tháinig tairbhí luachmhara ó mhargaí leictreachais a bhí idirnasctha go maith i dtéarmaí slándáil mhéadaithe an tsoláthair, rochtain ar leictreachas ar phraghsanna iomaíocha ó thíortha comharsanacha agus comhtháthú níos tapa na bhfuinneamh in‑athnuaite. Agus cúpláil iomlán déanta ar mhargaí an Aontais anois, is é críochnú an líonra bonneagair an chéad chéim eile chun tairbhí na cumhachta inacmhainne agus glaine a uasmhéadú do thomhaltóirí.

D’ainneoin an dul chun cinn sin, tá dúshláin nua agus shuntasacha os comhair líonraí cumhachta na hEorpa. Beidh orthu freastal ar éileamh méadaitheach atá nasctha leis an tsoghluaisteacht ghlan, an téamh agus an fuarú, leictriú an tionscail agus ar an tús atá á chur leis an táirgeadh hidrigine ísealcharbóin. Meastar go dtiocfaidh méadú thart ar 60 % ar thomhaltas leictreachais idir seo agus 2030. Beidh ar na líonraí freisin sciar mór de chumhacht in‑athnuaite athraitheach a chomhtháthú freisin. Ní mór toilleadh na giniúna gaoithe agus gréine a mhéadú ó 400 GW in 2022 chuig 1 000 GW ar a laghad faoi 2030, lena náirítear carnadh mór d’fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh amach ón gcósta suas le 317 GW 3 , a bheidh le ceangal leis an líonra ar tír. Dá bhrí sin, ní foláir na heangacha a oiriúnú do chóras leictreachais atá níos díláraithe, digiteáilte agus solúbtha ina mbeidh na milliúin grianphainéal ar bharr díonta agus pobal fuinnimh áitiúil ag comhroinnt a nacmhainní.

Ní mór pleanáil agus oibriú líonraí tarchurtha agus dáileacháin leictreachais na hEorpa a chomhghaolú freisin le pleanáil agus le hoibriú an bhonneagair hidrigine nua, na stórála fuinnimh, an bhonneagair luchtaithe don leictrea‑shoghluaisteacht agus bonneagair CO2.

De thoradh na dtreochtaí sin, ní mór líonra na hEorpa a uasghrádú agus a leathnú go tapa. Léirítear i bPlean Forbartha Gréasáin 10 mbliana (TYNDP) de chuid ENTSO-E gur cheart an bonneagar tarchurtha trasteorann a dhúbailt sna 7 mbliana romhainn amach, agus go ndéanfar 23 GW breise de thoilleadh faoi 2025 agus 64 GW breise anuas air sin faoi 2030 a ionchorprú 4 .

Seachas na riachtanais thrasteorann, is laistigh de theorainneacha a dhéanfar an chuid is mó den infheistíocht, ar na leibhéil tarchurtha agus dáileacháin araon. Go sonrach, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú agus athrú ar eangacha dáileacháin chun méideanna móra giniúna in‑athnuaite díláraithe, agus éileamh solúbtha nua (‘lóid’) amhail teaschaidéil agus stáisiúin luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha a nascadh 5 . Gheobhaidh siad róil nua, ag éirí ina néascaitheoirí do réimse réiteach nua a bheidh de dhíth ar an gcóras. Ní foláir dóibh éirí ina neangacha cliste, éirí digiteach, agus ní foláir faireachán fíor-ama á dhéanamh orthu, iad a bheith in‑chianrialaithe agus slán ó thaobh na cibearshlándála de, agus ról tábhachtach á fheidhmiú ag an taighde agus nuálaíocht. Thairis sin, tá timpeall ar 40 % d’eangacha dáileacháin na hEorpa os cionn 40 bliain d’aois, agus ní foláir iad a nuachóiriú. De réir meastacháin ón tionscal tá gá le hinfheistíocht idir EUR 375 bhilliún agus EUR 425 bhilliún a dhéanamh in eangacha dáileacháin faoi 2030 6 . Ar an iomlán, measann an Coimisiún go mbeidh gá le EUR 584 bhilliún d’infheistíochtaí 7 sna heangacha leictreachais sna 10 mbliana amach romhainn. Is ionann an méid sin agus cuid mhór den infheistíocht fhoriomlán is gá le haghaidh an aistrithe ghlais san earnáil leictreachais.

Is léir cheana féin an gá atá le dul i ngleic leis na dúshláin sin. I roinnt mhaith tíortha, tá agaí feithimh fada os comhair tionscadail giniúna in‑athnuaite chun cearta nasctha a fháil. Tá na hagaí feithimh le haghaidh ceadanna do threisithe eangaí idir 4-10 mbliana, agus idir 8-10 mbliana i gcás voltas ard. Tá na riaráistí nasctha san eangach dáileacháin ag dul i méid go tapa, agus cúpla míle iarraidh nua ann in aghaidh na míosa ar oibreoir córais dáileacháin meánmhéide (OCD) aonair. Nuair nach bhfuil aon soiléireacht ná deimhneacht faoi amlínte nasctha agus costais, éirítear as nó cuirtear stad leis na tionscadail ghiniúna nua atá beartaithe. Cé go gcumhdaítear an rialachán is ábhartha do OCDanna le reachtaíocht an Aontais cheana féin, leis an bPlean Gníomhaíochta seo tá gníomhaíocht á cur chun cinn ag an gCoimisiún den chéad uair atá dírithe ar líonraí dáileacháin. Féadfaidh scrogaill mhóra soláthair teacht aníos sa chás seo nuair a fhéachfaidh gnólachtaí agus teaghlaigh le rochtain a fháil ar fhuinneamh glan inacmhainne, agus ar na réitigh atá ann air sin tá sócmhainní fuinnimh solúbtha amhail feithiclí astaíochtaí nialasacha a chomhtháthú sa fhreagairt don éileamh agus infheistíochtaí i bhfostáisiúin agus cinn eile nach iad. Thairis sin, ar fud na hEorpa, bíonn tionscadail idirnasctha thíos le róchaiteachas de bharr an bhoilscithe agus rátaí úis atá ag ardú, agus baineann deacrachtaí dóibh freisin le trealamh a fháil in am trátha amhail cáblaí nó fostáisiúin. Géarú ar na fadhbanna sin is ea lucht saothair oilte a bheith in easnamh. Is féidir le hagaí feithimh le haghaidh táirgí nua síneadh amach go 2032.

Ní ceist don Eoraip amháin í an fhadhb seo. Aithnítear ar bhonn domhanda go mbeidh gá le heangacha a leathnú. Measann SAM go mbeidh gá ann a gcóras tarchurtha leictreachais a leathnú 60 % faoi 2030. Tá Corparáid Eangaí Stáit na Síne tar éis infheistíocht dar luach CNY 1 020 billiún (EUR 132 bhilliún) a fhógairt sna heangacha leictreachais in 2022-23. Measann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh go mbeidh gá le os cionn 80 milliún km d’eangacha ar fud an domhain faoi 2040 – a choibhéis chéanna d’eangach iomlán na cruinne atá ann sa lá atá inniu ann – agus measann go bhfuil timpeall ar 1 500 GW de thionscadail in‑athnuaite ag ardchéim forbartha sna scuainí nasctha eangaí 8 .

Tá an tAontas ag cur eangacha i lár a chláir oibre. Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, 9 déantar cuíchóiriú ar cheadú na líonraí is gá chun foinsí fuinnimh in‑athnuaite a chomhtháthú. Sa Rialachán agus sa Treoir 10 le haghaidh margadh inmheánach don leictreachas tá na rialacha is ábhartha maidir le heangacha a fhorbairt a mhéid a bhaineann le pleanáil, taraifí líonraí agus róil ENTSO-E agus Eintiteas AE do OCDanna. San áireamh i raon feidhme an togra le haghaidh an Ghnímh um an Tionscal Glan‑nialasachta tá teicneolaíochtaí eangaí. I bhfianaise scála an dúshláin áfach, tá gá le haird a dhíriú ar bheartas tiomnaithe chun a áirithiú go néireoidh eangacha ina gcumasóirí, seachas ina scrogaill i dtaca le haistriú tapa glan an Aontais 11 . Thairis sin, tá saoránaigh an Aontais ag iarraidh feabhas ar chur ar nuachóiriú agus idirnascacht na heangaí leictreachais, a gcothabháil a áirithiú agus iad a athrú ó bhonn chun an taistriú chuig foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chumasú 12 . Ar na cúiseanna sin, rinne an Coimisiún teagmháil le páirtithe leasmhara le plé a dhéanamh ar na fadhbanna agus ar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh.

Anuas ar an obair sin, cuireann an Coimisiún an Teachtaireacht seo i láthair ina bhfuil plean gníomhaíochta 14 phointe chun eangacha leictreachais na hEorpa a dhéanamh níos láidre, níos idirnasctha, níos digiteáilte agus níos athléimní ó thaobh cibearchúrsaí de. Dírítear na bearta a liostaítear ar chur chun feidhme an chreata dhlíthiúil arna chomhaontú agus ba cheart iad a sholáthar go tapa chun difríocht a dhéanamh in am trátha do chuspóirí 2030.

2.Plean Gníomhaíochta Eorpach maidir le hEangacha

Tá an Coimisiún tar éis aird a tharraingt ar cheist na neangach i roinnt fóram agus próisis chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara, lena náirítear an Fóram um Bonneagar Fuinnimh 13 i gCóbanhávan agus Laethanta TLC 14 sa Bhruiséil agus, le déanaí, Cruinnithe Mullaigh TLC um Eangacha Cliste 15 arna neagrú ag tionscnóirí TLC le tacaíocht ón gCoimisiún i Liúibleána agus sa Bhratasláiv. Thairis sin, d’eagraigh ENTSO‑E Fóram Ardleibhéil faoi ‘Todhchaí ár nEangach’ an 9 Meán Fómhair 2023 16 , faoi phátrúnacht an Choimisiúin, chun plé a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara mar ionadaithe don slabhra soláthair iomlán ar an ionchas agus na dúshláin roimh fhorbairt na neangacha.

Ar bhonn thoradh na hoibre sin, shainaithin an Coimisiún seacht ndúshlán chothrománacha chun dlús a chur le luas na forbartha eangaí san Eoraip. Is iad sin 1) dlús a chur le cur chun feidhme na TLCanna atá ann cheana agus tionscadail nua a fhorbairt; 2) an phleanáil líonra fhadtéarmach a fheabhsú; 3) creat rialála a thabhairt isteach a bheidh tacúil agus a sheasfaidh an aimsir; 4) úsáid níos fearr a bhaint as na heangacha atá ann cheana agus iad a dhéanamh cliste; 5) feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú; 6) próisis cheadaithe níos tapa agus níos barainní a áirithiú; agus 7) na slabhraí soláthair a neartú.

I gcás na seacht réimse sin faoi seach, déantar achoimre sna ranna seo a leanas den Phlean Gníomhaíochta ar na príomhchúiseanna leis an bhfadhb agus sainaithnítear príomhghníomhaíochtaí agus moltaí saincheaptha faoi conas aghaidh a thabhairt orthu idir an gearrthéarma agus an meántéarma.

I.DLÚS A CHUR LE CUR CHUN FEIDHME NA dTIONSCADAL LEASA CHOITINN (TLCanna) AGUS TIONSCADAIL NUA A FHORBAIRT

Ó bhí 2013 ann, is é an creat GTE-F an príomhmheán chun na hidirnaisc leictreachais laistigh den Mhargadh Aonair a threisiú. Chuidigh sé chun riachtanais bhonneagair trasteorann a shainaithint, Tionscadail Leasa Choitinn (‘TLC’) a roghnú, tacaíocht pholaitiúil a fháil agus dlús a chur lena gcur chun feidhme tríd an gceadú cuíchóirithe. Bhí an stádas TLC ríthábhachtach freisin chun coinníollacha maoiniúcháin tacúla a fháil, mar lipéad a aithnítear go forleathan lena dtugtar compord breise d’institiúidí maoiniúcháin faoi luach ard tionscadail, lena náirítear an Banc Eorpach Infheistíochta 17 .

Amach anseo, tabharfar tábhacht bhreise don chreat GTE-F, i gcomhréir leis an bhfás a bhfuil coinne leis ar riachtanais na n‑eangach trasteorann, chun méideanna móra den leictreachas in‑athnuaite nua ar fud na hEorpa a chomhtháthú agus a iompar chuig an áit is mó éileamh air. Tacóidh na TLCanna leis na Ballstáit freisin chun an sprioc idirnasctha leictreachais 15 % a bhaint amach. Baineann acmhainneacht mhór le hidirnaisc thrasteorann níos fearr chun costais a choigilt ar leibhéal an chórais: is féidir le tionscadail trasteorann costais ghiniúna a laghdú EUR 9 mbilliún in aghaidh na bliana go dtí 2040, agus tá luach EUR 6 bhilliún in aghaidh na bliana ar na hinfheistíochtaí atá de dhíth sa toilleadh trasteorann agus sa stóráil thrasteorann.

Maidir le céad liosta an Aontais faoin GTE-F athbhreithnithe a glacadh an 28 Samhain 2023 , tá sé ina chuidiú le líonra bonneagair a chruthú a bheidh oiriúnach do thodhchaí dhícharbónaithe trí 166 TLC agus Tionscadal Comhleasa (TCLanna) a shainaithint 18 . Áirítear ann béim úr ar an leictreachas le 68 dtionscadal (12 cheann díobh a bhaineann le stóráil), 5 thionscadal a bhaineann le heangacha cliste agus, den chéad uair, catagóir nua maidir le bonneagar amach ón gcósta ina bhfuil 12 thionscadal.

Tugtar aghaidh leis na 85 thionscadal sin ar na scrogaill is measa ar líonraí GTE-F an Aontais. Tá timpeall ar a leath díobh pleanáilte lena gcoimisiúnú idir 2027-2030. Baineann ríthábhacht lena gcríochnú tráthúil chun a áirithiú gur féidir tionchar a bheith leo sa deacáid seo. Chun na sáruithe agus na moilleanna a chuir bac ar chríochnú na TLCanna san am atá caite a chosc, ní foláir iarracht bhreise a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun scrogaill agus bacainní ar an gcur chun feidhme a bhaint go tapa.

Thairis sin, sainaithnítear in TYNDP cuimsitheach uile‑Aontais GTE-F riachtanais bhreise mhóra maidir leis an gcóras le haghaidh 2040 agus ina dhiaidh sin.. Ba cheart iad siúd a chomhlánú le TLCanna nua ar liostaí an Aontais ina dhiaidh seo sna blianta atá amach romhainn. Ionas go dtarlóidh sé sin, tá gá le hiarracht chun dlús a chur le píblíne láidir tionscadal nua a cheapadh agus a fhorbairt, rud atá le háireamh sna liostaí TLCanna nuashonraithe, gach 2 bhliain.

Cé nach foláir tromlach na riachtanas maoiniúcháin le haghaidh tionscadail amach anseo a chumhdach le maoiniú ón margadh, tá brú ag ardú chun tacaíocht bhreise phoiblí a thabhairt do thionscadail trasteorann, chun teorainn a chur leis an tionchar ar tharaifí, agus dá dhroim sin, ar chostais fuinnimh le haghaidh tomhaltóirí deiridh. Mar sin féin, tá neamhréir ann idir na riachtanais mhéadaitheacha atá sainaitheanta agus acmhainní an Aontais atá ar fáil. Laghdaíodh an buiséad atá ar fáil faoi SCE-Fuinneamh 2021-27 sa Rialachán deiridh i gcomparáid leis an togra bunaidh ón gCoimisiún agus bhí sé ceaptha chun freastal ar líon teoranta catagóirí tionscadal mar a leagtar amach sa leagan roimhe de Rialachán GTE-F. Leathnaíodh a raon feidhme leis an athbhreithniú ar GTE-F in 2022, chuig catagóirí nua don bhonneagar amach ón gcósta, leictrealóirí, bonneagar hidrigine, stóráil fuinnimh, stóráil CO2 agus eangacha cliste gáis, cé nár tháinig athrú ar an leithdháileadh buiséadach.

Laghdaítear tionchar na hionstraime leis na riachtanais mhéadaitheacha líonra agus le buiséad teoranta a scaiptear i measc tuilleadh catagóirí, agus cruthaítear bearna fhéideartha chistiúcháin le haghaidh líonraí fuinnimh trasteorann. Thairis sin, tá SCE‑Fuinneamh teoranta do TLCanna agus ní chumhdaítear éilimh áitiúla OCD leis. Bíonn féidearthachtaí cistiúcháin eile ón Aontas ar fáil amhail an Ciste Comhtháthaithe, CFRE, STA nó an Ciste don Nuachóiriú le haghaidh eangacha leictreachais, ach baintear tearcúsáid as roinnt acu. Leis na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta 19 leithdháiltear thart ar EUR 13 bhilliún d’eangacha, lena gcumhdaítear athchóirithe agus infheistíochtaí sa bhonneagar eangaí, córais chliste fuinnimh, saoráidí stórála fuinnimh agus digiteáil na líonraí dáileacháin agus tarchurtha.

Ós rud é go bhfuil an infheistíocht neamh‑leordhóthanach sna heangacha dáileacháin agus sa stóráil ag cur bac cheana féin ar iarrachtaí saoránach agus gnólachtaí, is gá cur chuige nua a ghlacadh chun tionscadail eangaí áitiúla a shainaithint agus chun tacú leo chun bearnaí amach anseo a chosc.

Gníomhaíocht 1: Treiseoidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na hOibreoirí Córais Tarchurtha (OCTanna) a dtacaíocht le hullmhú TLC agus TCL, le cur chun feidhme agus cistiúchán níos tapúla

Chun dlús a chur le tabhairt i gcrích na TLCanna ó liosta an Aontais, tabharfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus tionscnóirí tionscadail tús áite do chur chun feidhme na TLCanna agus na TCLanna a sainaithníodh cheana féin. Thairis sin, ní foláir forbairt tionscadal tosaíochta nua a chur chun cinn.

-Ar bhonn faireachán treisithe ar chur chun feidhme tionscadal, ba cheart do thionscnóirí tionscadal na Ballstáit agus an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthrialta maidir leis an dul chun cinn agus na fadhbanna atá le réiteach a shainaithint, lena náirítear cinn atá bainteach leis an gceadú. Chun na críche sin, ba cheart do gach ceann de na Grúpaí Ardleibhéil atá ann cheana tionscadail tosaíochta a leanúint go dlúth, lena náirítear trí mheán cruinnithe aireachta bliantúla chun treoir pholaitiúil agus dlúthbhearta leantacha ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme a áirithiú le rannpháirtíocht ó thíortha comhpháirtíochta, de réir mar is ábhartha. Tacóidh na Grúpaí Ardleibhéil freisin le tionscadail tosaíochta fhéideartha amach anseo a shainaithint.

-Agus súil á caitheamh chun cinn, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na riachtanais infheistíochta maidir le cistiú poiblí amach anseo le haghaidh tionscadail bhonneagair ag pointí tarchurtha agus dáileacháin araon, lena gcumhdófar freisin stóráil, hidrigin agus bonneagar CO2.

II.FEABHAS A CHUR AR PHLEANÁIL FHADTÉARMACH EANGACH FAOI CHOMHAIR SCIAR NÍOS AIRDE D’FHOINSÍ IN‑ATHNUAITE FUINNIMH AGUS LEICTRIÚ MÉADAITHE

I bhfianaise na n‑athruithe tapa atá ag teacht ar réimse an fhuinnimh, éilítear pleanáil fhadtéarmach dhinimiciúil agus chuimsitheach ar an gcóras tarchurtha leictreachais chun comhtháthú na measúnuithe amach ón gcósta agus ar talamh, agus ar bhonn trasearnála, a áirithiú lena n‑áirítear hidrigin, bonneagar athluchtaithe d’earnáil an iompair, téamh agus fuarú, dé‑ocsaíd charbóin, próisis thionsclaíocha leictrithe, agus gás.

Tá easpa infheictheacht fhadtéarmach ann i dtaca le riachtanais an líonra freisin, go háirithe ar leibhéal OCD, áit a bhfuil fás ag teacht ar na riachtanais. Ina theannta sin, le haghaidh eangach leictreachais a sheasfaidh an aimsir éilítear aird mhéadaithe ar an gcomhordú sa phleanáil líonra agus sa mhalartú sonraí idir OCTanna, OCDanna, gineadóirí, comhbhailitheoirí, oibreoirí pointí athluchtaithe, oibreoirí bonneagair hidrigine agus riaracháin a bhíonn taobh thiar de chur chun úsáide na dteaschaidéal, le tuiscint choiteann a fháil ar riachtanais an líonra amach anseo.

Seachas na lóid nua is gá le haghaidh na leictrea‑shoghluaisteachta, bíonn tionchar substaintiúil ag comhtháthú an athluchtaithe chliste agus dhéthreoch ar na heangacha leictreachais. Chuige sin beidh trasuí tráthúil an RED athbhreithnithe de dhíth, mar aon le cur chun feidhme an rialacháin a glacadh le déanaí maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid (‘AFIR’) agus glacadh cóid líonra nua maidir le solúbthacht ar thaobh an tsoláthair 20 . Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile 21 , an obair a fheabhsú d’fhonn na réitigh riachtanacha ó thaobh beartais, rialála agus caighdeánaithe de a mholadh le haghaidh luchtú cliste agus déthreoch san Eoraip.

Gníomhaíocht 2: Le ENTSO‑E, cuirfear feabhas ar an bpleanáil ón mbarr anuas i dtreo 2050 trí shainaithint riachtanais an chórais amach ón gcósta agus ar talamh a chomhtháthú agus trí thuilleadh breithnithe a dhéanamh ar an hidrigin

Tógann forbairt an bhonneagair tarchurtha trasteorann ar dheacáid de thaithí sa phleanáil líonra uile‑Eorpach trí bhíthin na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana (TYNDP). Le Rialachán GTE-F athbhreithnithe a glacadh in 2022, chuathas céim eile chun cinn tríd an treo fadtéarmach arna shocrú ag na Ballstáit maidir le huaillmhianta réigiúnacha amach ón gcósta go 2050 a cheapadh mar an túsphointe don chleachtadh pleanála líonra amach ón gcósta, agus an bhearna á druidim idir ionchais bheartais agus forbairt na heangaí. An loighic straitéiseach fhadtéarmach sin arna cur chun feidhme sna chéad phleananna forbartha gréasáin amach ón gcósta (ONDPanna) atá dlite i mí Eanáir 2024, ba cheart í a leathnú chuig an gcuid eile den líonra Eorpach agus é de chuspóir aici an phleanáil líonra amach ón gcósta agus ar talamh a thabhairt le chéile faoi chreat comhchoiteann tríd an gcéad phróiseas TYNDP eile.

A mhéid a bhaineann leis sin, oibreoidh an Coimisiún, ó R1 2024 tar éis fhoilsiú na gcéad ONDPanna, go dlúth le ENTSO-E chun an TYNDP a fhorbairt a thuilleadh. Ina theannta sin, chun an phleanáil i leith córas fuinnimh comhtháite a áirithiú, ba cheart an t‑iompar hidrigine a léiriú níos fearr chun ionchais fhónta a chur ar fáil maidir le riachtanais an bhonneagair hidrigine, ar cheart straitéisí hidrigine na mBallstát a mheas ina leith, i gcás inar ann dóibh, lena n‑áirítear chun hidrigin amach ón gcósta a tháirgeadh agus chun í a iompar ina dhiaidh sin chuig lucht a héilimh. Chun na críche sin, ba cheart rannpháirt níos dlúithe a bheith ag páirtithe leasmhara ón earnáil hidrigine le hullmhú ONDPanna amach anseo. Ba cheart do ENTSO-E na sineirgí idir na hiompróirí fuinnimh difriúla sa TYNDP a neartú a thuilleadh, chun rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha a áirithiú le haghaidh na n‑earnálacha dáileacháin, stórála, hidrigine, CO2, agus gáis i bhfianaise na pleanála i leith córas fuinnimh comhtháite de réir a chéile a luaithe a bhainfidh na hearnálacha sin aibíocht leormhaith amach.

Sa deireadh thiar thall, ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na hÚdaráis Rialála Náisiúnta (NRAnna) a áirithiú go ndéanfaidh oibreoirí córais measúnú breise ar na riachtanais maidir le solúbthacht dá gcórais fuinnimh agus iad ag pleanáil líonraí tarchurtha, lena náirítear acmhainneacht na stórála fuinnimh 22 . Ba cheart an méid sin a dhéanamh i gcomhréir leis an gcreat reachtach athbhreithnithe atá ag teacht maidir le Dearadh an Mhargaidh Leictreachais.

Ba cheart do OCTanna agus do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar líon leordhóthanach tionscadal tarchurtha leictreachais a dhearadh, a phleanáil agus a fhorbairt chun riachtanais bhonneagair an Aontais arna sainaithint le haghaidh 2030, 2040 agus 2050 a chomhlíonadh, agus na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna) á gcur san áireamh. I gcás ina sainaithnítear éilimh forbartha líonra ach go bhfuil easpa tionscadail choincréiteacha ann chun freastal ar na riachtanais sin, ba cheart do na Ballstáit agus dá n‑údaráis rialála spreagadh a thabhairt do OCTanna chun coincheapa faoi thionscadail nua a fhorbairt.

Gníomhaíocht 3: Tacóidh Eintiteas AE do OCDanna le pleanáil eangaí OCD trí mhapáil a dhéanamh ar chruthú na bpleananna forbartha dáileacháin agus ar a gcuid saintréithe

Beidh pleananna forbartha líonra dáileacháin (NDPanna) iontaofa, cuimsitheacha, réamhbhreathnaitheacha agus trédhearcacha fíor‑riachtanach chun foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus éileamh solúbtha a ionchorprú agus chun moilleanna i ndáil le hiarrataí ar nascadh a laghdú amach anseo. Tá sainordú dlíthiúil cheana féin ag OCDanna 23 faoin Treoir maidir leis an Margadh Inmheánach Leictreachais chun NDPanna débhliantúla 5 go 10 mbliana a fhorbairt agus iad a chur faoi bhráid a NRAnna tar éis dul i gcomhairle le gach úsáideoir córais ábhartha. Thairis sin, tá cúraimí dlí ar Eintiteas AE do OCDanna atá cumhdaithe sa Rialachán maidir leis an Margadh Inmheánach Leictreachais chun pleanáil na líonraí dáileacháin a chur chun cinn i gcomhordú le pleanáil na líonraí tarchurtha agus chun dul i gcomhar le ENTSO‑E agus dea‑chleachtais a ghlacadh maidir le pleanáil chomhordaithe na gcóras tarchurtha agus dáileacháin, lena náirítear malartú sonraí idir oibreoirí chun líonraí a phleanáil. Cumhdaíonn thart ar 2 560 OCD san Aontas 10 milliún ciliméadar d’eangacha dáileacháin 24 , ina bhfuil speictream leathan de mhéideanna cuideachtaí agus éagothromaíochtaí i gcomhchruinnithe náisiúnta. Féadfaidh dúshláin bhreise a bheith roimh OCDanna beaga mar gheall ar acmhainní teoranta. Tá breis agus 900 OCD – beag, meánmhéide agus mór – ina gcomhaltaí d’Eintiteas AE do OCDanna.

Leis an ngníomhaíocht seo comhlánaítear agus tacaítear leis an obair thosaigh ar cheanglais dhlíthiúla. Ba cheart d’Eintiteas AE do OCDanna, faoi lár 2024, iniúchadh a dhéanamh ar chásstaidéir agus dea‑chleachtais agus moltaí a fhoilsiú chun pleanáil líonraí dáileacháin a fheabhsú 25 i ndlúthchomhar le ENTSO‑E agus OCTanna, chomh maith le hionadaithe ábhartha na núsáideoirí líonra, amhail foinsí in‑athnuaite fuinnimh, leictrea‑shoghluaisteacht nó téamh agus fuarú, agus na neamhchinnteachtaí is mó a dhéanann difear do ghníomhaíochtaí na OCDanna, agus méid ilchineálach OCDanna á gcur san áireamh 26 . Malartuithe trédhearcacha tráthrialta le páirtithe leasmhara, idir ionadaithe réigiúnacha um fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh, um leictrea‑shoghluaisteacht, um théamh agus fuarú, um thomhaltóirí agus um an tsochaí sibhialta, beidh siad fíor‑riachtanach maidir le hullmhú na NDPanna dáileacháin. Mar shampla, beidh tionchar substaintiúil ag pleananna gnólachtaí náisiúnta, bardasacha agus príobháideacha ar bhonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha, soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí, cur chun úsáide teaschaidéal nó, de rogha air sin, cur chun úsáide téimh ceantair ar an ngá atá le heangacha dáileacháin leictreachais a atreisiú, rud a chumasaíonn, dá bhrí sin, deiseanna do mhargaí solúbthachta nua, agus is gá iad a chomhtháthú i bpleanáil líonraí, chun a áirithiú go ndéanfar an fhorbairt líonra is gá go tapa.

Tacóidh comhroinnt sonraí leordhóthanach freisin le OCDanna maidir le riachtanais an líonra a phleanáil chun agaí naisc eangaí a ghiorrú. Chun na críche sin, ba cheart d’úsáideoirí líonra sonraí a sholáthar maidir lena nacmhainneachtaí cumhachta agus a láithreacha tionscadal faoi seach chun tacú le OCDanna patrúin nua sreafa cumhachta laistigh dá neangacha a thuiscint. Thairis sin, ba cheart do na NRAnna, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus Comhairle Rialálaithe Fuinnimh na hEorpa (CEER), faoi R4 2024, treoraíocht a sholáthar d’OCDanna maidir le pleanáil agus comhsheasmhacht i measc na bpleananna a chur chun cinn 27 . Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht le hEintiteas AE do OCDanna, a thacaíocht a atreisiú freisin, ó 2024 ar aghaidh, i ndáil le dearadh agus cur isteach iarratas PCI do thionscadail maidir le heangacha cliste.

Dá bhrí sin, is é an phríomhchúis le cinntí a dhéanamh maidir le pleananna infheistíochta pleananna cuimsitheacha forbartha gréasáin a bheith i bhfeidhm. Mar chomhlánú orthu sin, féadfaidh Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a bheith ina n‑uirlisí éifeachtacha chun tacú le forbairt líonraí dáileacháin, go háirithe trí athchóirithe atá le déanamh ag na Ballstáit. Áireoidh an Coimisiún gníomhaíochtaí a bhaineann le heangacha sa phróiseas atriallach leis na Ballstáit ar a bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

III.DREASACHTAÍ RIALÁLA A THABHAIRT ISTEACH LE hAGHAIDH FHORBAIRT RÉAMHBHREATHNAITHEACH NA hEANGAÍ

I measc na bpríomhchúiseanna a mbíonn tionchar acu ar leibhéal agus éifeachtacht na n‑infheistíochtaí i bhforbairt líonra tá an creat rialála. De ghnáth is sócmhainní rialaithe iad eangacha agus íocann gach tomhaltóir as infheistíochtaí trí tharaifí líonra. Dá bhrí sin, de ghnáth beidh méadú ar tharaifí líonra mar thoradh ar chostais forbartha córais fuinnimh níos airde, agus dá bhrí sin ar phraghsanna tomhaltóirí, cé nach mór do phraghsanna tomhaltóirí deiridh leanúint de bheith inacmhainne. Ina theannta sin, d’fhéadfaí méadú a dhéanamh ar chostais an chórais amach anseo agus, dá bhrí sin, ar chostais do thomhaltóirí dá ndéanfaí forbairt tionscadal a theorannú dóibh siúd atá bunaithe ar riachtanais reatha an chórais. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, comhaontú na bpáirtithe lena mbaineann a bhaint amach maidir leis an ngá atá le hinfheistíochtaí réamh‑mheasta.

Le foinsí in‑athnuaite fuinnimh amach ón gcósta go háirithe, beidh tairbhí ollmhóra ann don tsochaí, tairbhí ar dócha go rachaidh siad thar theorainneacha na mBallstát óstach. Cruthaíonn sé sin castachtaí i ndáil le teacht ar chomhaontú maidir le comhroinnt iomchuí costas, lena n‑áirítear i gcás idirnascairí hibrideacha.

Cuirfear tús le dreasachtaí rialála iomchuí a sholáthar trí chreat rialála tacúil a bhunú a thugann deimhneacht infheistíochta. Éilíonn sé sin comhaontú tapa maidir le hathchóiriú Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais ionas go n‑aithneofar ina fhorálacha an tábhacht a bhaineann le hinfheistíochtaí réamh‑mheasta, ráthaíocht i ndáil le rochtain ar tharchur i gcás foinsí in‑athnuaite fuinnimh amach ón gcósta agus caiteachas caipitiúil agus costais oibriúcháin araon a chur san áireamh i dtaraifí líonra.

Mar sin féin, chun ollchóiriú mór den sórt sin a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí taraife, is gá an chothromaíocht cheart a bheith ann idir, ar thaobh amháin, riachtanais bhonneagair amach anseo a réamh‑mheas, glacadh le leibhéal níos airde neamhchinnteachta go bhféadfadh sé nach mbainfí leas iomlán as sócmhainn bhonneagair óna coimisiúnú agus lamháil a fhágáil d’aisghabháil luath na gcostas gaolmhar ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, inacmhainneacht do thomhaltóirí a iompraíonn na costais trí tharaifí líonra. Maidir leis na caillteanais leasa shocheacnamaíocha de bharr moill a chur ar uasghráduithe an líonra atá riachtanach chun foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus éileamh solúbtha a nascadh, is minic a bheidh siad níos mó ná an costas tosaigh breise a bhaineann le hinfheistíochtaí réamh‑mheasta. Thairis sin, i bhfianaise shaolré fhada na sócmhainní líonra, féadfaidh laghduithe costais móra tarlú sa todhchaí nuair a bheidh infheistíochtaí an lae inniu curtha i gcrích, agus na riachtanais atá le teacht á gcur san áireamh cheana féin.

Gníomhaíocht 4: Tá an Coimisiún chun prionsabail threoracha a mholadh lena sainaithneofar na coinníollacha faoinar cheart infheistíochtaí réamh‑mheasta i dtionscadail eangaí a dheonú

Léirítear go soiléir sa togra maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar dhearadh an mhargaidh leictreachais a rinne an Coimisiún gur cheart infheistíochtaí réamh‑mheasta a úsáid le haghaidh na dtionscadal líonra ábhartha. An tráth céanna, ba cheart dá úsáid leanúint de bheith comhréireach leis na héilimh.

Féadfaidh infheistíochtaí réamh‑mheasta a bheith ábhartha, mar shampla, chun infheistíocht a dhéanamh i líonraí amach ón gcósta a sheasfaidh an aimsir, ar líonraí iad ina mbeifear in ann eangacha mogallacha amach ón gcósta a leathnú amach anseo; i gcás limistéir ina bhfuil acmhainneacht ard PV ar talamh nár baineadh úsáid aisti go fóill, amhail dlúslimistéir in-athnuaiteán arna socrú i gcomhréir le RED; i gcás naisc eangaí le calafoirt chun soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar, nó chun eangacha cliste a thógáil a thacaíonn le pleananna náisiúnta um bonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha nó pleananna bardasacha le haghaidh cur chun úsáide teaschaidéal.

Mar chomhlánú ar an obair ar infheistíochtaí réamhmheasta atá á déanamh ag Fóram Chóbanhávan 28 , molfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó ACER, ENTSO‑E agus Eintiteas AE do OCDanna agus i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha ó thaobh an tsoláthair leictreachais agus an éilimh araon de, faoi R1‑2025, treoraíocht lena sainaithnítear coinníollacha faoinar cheart coinne a bheith le formheas infheistíochtaí réamhmheasta de ghnáth, agus leibhéil éagsúla de dheimhneacht forbartha na dtionscadal agus bealaí chun aghaidh a thabhairt ar na leibhéil éagsúla, amhail trí na hinfheistíochtaí réamhmheasta a sholáthar go coinníollach, á gcur san áireamh.

Gníomhaíocht 5: Eiseoidh an Coimisiún treoraíocht maidir le comhroinnt costas trasteorann do thionscadail amach ón gcósta

Beidh líonraí amach ón gcósta comhdhéanta de thionscadail maidir le tarchur gathach agus tarchur hibrideach a fhorbróidh i dtreo eangach mhogallach sa todhchaí. Tiocfaidh tairbhí móra don tsochaí as oileáin fuinnimh agus tionscadail mhóra eile amach ón gcósta a nascadh, tairbhí ar dócha go rachaidh siad thar theorainneacha na dtíortha óstacha. Cruthaíonn sé sin dúshláin i ndáil le teacht ar chomhaontú maidir le comhroinnt iomchuí na gcostas, agus tairbhí tomhaltóirí agus táirgeoirí mar aon leis an neamhchinnteacht atá ina cuid dílis d’infheistíochtaí sa todhchaí agus a n‑uainiú á gcur san áireamh. Beidh gnéithe breise le sárú ag tionscadail hibrideacha a idirnascann tíortha agus iad ag nascadh foinsí in‑athnuaite fuinnimh amach ón gcósta. Éileoidh sé sin freisin bonneagar iompair a mhéadú ó réigiúin chósta go réigiúin thalamhiata san Eoraip chun líon níos mó tionscadal gaoithe ar talamh agus amach ón gcósta a scaoileadh.

Agus riachtanais forbartha an líonra amach ón gcósta á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit agus d’údaráis rialála dul i mbun plé ar phrionsabail le haghaidh comhair – lena n‑áirítear costais – atá ag an gcéim lena sainaithnítear riachtanais an líonra cheana féin chun dlús a chur le teacht chun cinn tionscadal trasteorann nua. Ba cheart do ENTSO‑E uirlisí samhaltaithe éifeachtacha a fhorbairt a thuilleadh chun cuntas níos fearr a choinneáil ar riachtanais na mBallstát maidir le faisnéis atá ábhartha chun tús a chur le malartuithe den sórt sin. Thairis sin, ba cheart castachtaí nua a chur san áireamh le cineálacha cur chuige atá ann faoi láthair maidir le leithdháileadh costas, amhail tionscadail hibrideacha amach ón gcósta. Tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar na dúshláin sin i dtreoraíocht arb é is aidhm di tacú leis na Ballstáit agus leis na NRAnna i ngníomhaíochtaí den sórt sin faoi Mheitheamh 2024. Le cruinnithe tiomnaithe leis na Ballstáit ar leibhéil pholaitiúla agus theicniúla, déanfar an obair ar chomhroinnt costais a threorú. Ina theannta sin, eagróidh an Coimisiún sraith cruinnithe leis na Ballstáit chun smaointe a mhalartú agus chun tacú leo teacht ar chomhaontuithe ar thionscadail áirithe.

IV.ÚSÁID NÍOS FEARR NA nEANGACH A DHREASÚ

Cuireann scuainí nasctha eangaí moilleanna fada ar fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh a thabhairt isteach. Is minic is toradh iad sin ar fhaisnéis neamhleordhóthanach do thionscnóirí tionscadail ach ar mhódúlachtaí an phróisis cheadaithe freisin. Dá réir sin, cuidíonn sé le hiarrataí ar nascadh a dhíriú chuig na háiteanna is fusa déileáil leo trí infheictheacht a chruthú i ndáil leis na hacmhainneachtaí eangaí atá ar fáil. Tá léarscáileanna acmhainneachta óstála eangaí curtha ar fáil ag roinnt mhaith oibreoirí córais, ach tá soiléireacht agus cáilíocht éagsúil ag baint leo 29 . Ar an taobh eile, tá bealaí praiticiúla cruthaithe ag roinnt riarachán chun iarratais a chur in ord tosaíochta nó chun éilimh mhíúsáide a dhídhreasú, rud a chuidíonn leis an riaráiste a laghdú agus agaí feithimh a laghdú dá réir sin.

Chun feabhas a chur ar úsáid na n‑eangach atá ann cheana, ní mór aghaidh a thabhairt ar easpa feasachta tionscnóirí tionscadail ar éabhlóid thapa na dteicneolaíochtaí maidir le heangacha cliste éifeachtúla, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí arna gcur chun cinn ag an gclár Fís Eorpach, méid úsáide na n‑eangach sin ar fud na hEorpa agus na tairbhí a soláthraíodh cheana féin do thionscadail eile.

Ar deireadh, níl dóthain dreasachtaí ann chun eangacha cliste, éifeachtúlacht líonra agus teicneolaíochtaí nuálacha a ghlacadh i ngeall ar na struchtúir taraifí atá i réim agus béim á leagan ar chaiteachas caipitiúil. Cúiteamh neamh‑leordhóthanach na gcostas oibriúcháin, atá nasctha go mór go dtí seo le costais acmhainní daonna, ní léiríonn siad na costais ardaithe a bhaineann le digiteáil, próiseáil sonraí ná soláthar solúbthachta.

Gníomhaíocht 6: Tá ENTSO‑E agus Eintiteas AE do OCDanna chun teacht ar chomhaontú maidir le sainmhínithe comhchuibhithe don acmhainneacht óstála eangaí atá ar fáil d’oibreoirí córais agus bunóidh siad forbhreathnú uile‑Aontais

Ba cheart d’oibreoirí córais faisnéis thrédhearcach, intuigthe, ghráinneach agus faisnéis a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta a sholáthar maidir le hacmhainneachtaí óstála eangaí agus méideanna na n‑iarrataí ar nascadh, i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais. Ba cheart do na húdaráis rialála creataí a bhunú le haghaidh comhaontuithe neamhdhochta nasctha, i gcás inarb ábhartha.

Ó dháta foilsithe an Phlean Gníomhaíochta seo ar aghaidh, ba cheart do ENTSO‑E agus d’Eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le húdaráis rialála, oibriú i dtreo sainmhínithe comhchuibhithe don acmhainneacht óstála eangaí atá ar fáil. Ba cheart forbhreathnú uile‑Aontais ar na hacmhainneachtaí óstála eangaí atá ar fáil 30 a bheith ann mar thoradh air sin, rud a dhéanfaidh úsáideoirí líonra nua a nascadh, mar aon le faisnéis ar mhéideanna na niarrataí ar nascadh atá á bpróiseáil a chur ar fáil. Le forbhreathnú den sórt sin ba cheart na mapálacha acmhainneachta atá déanta cheana féin ag OCTanna agus OCDanna a bhreithniú, nuair is infheidhme. Faoi lár 2025, ba cheart do ENTSO‑E agus d’Eintiteas AE do OCDanna forbhreathnú uile‑Aontais a bhunú lenar cheart infheictheacht a thabhairt d’fhorbróirí tionscadail agus a gcuid tionscadal á gcoincheapadh, amhail tionscadail bhonneagair nua um fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh nó um athluchtú feithiclí leictreacha agus lenar cheart cuidiú le forbróirí an riosca a bhaineann le moilleanna formheasa i ndáil le hiarrataí ar nascadh a mheas agus, dá réir sin, réamhaisnéis níos soiléire a bheith acu maidir le cathain is féidir le tionscadail tosú le hioncaim a fháil. Rachaidh sé sin chun sochair do thionscadail nua maidir le foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus éileamh solúbtha amhail stóráil nó feithiclí leictreacha. Soláthraíonn roinnt oibreoirí córais an infheictheacht sin go háitiúil cheana féin. Thairis sin, ba cheart do ENTSO‑E agus d’Eintiteas AE do OCDanna tacú le hoibreoirí córais agus nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar nascadh eangaí á ndigitiú agus á gcuíchóiriú acu, mar shampla trí threoraíocht agus moltaí a eisiúint, faoi lár 2025 ar a dhéanaí.

Le forbhreathnú den sórt sin is féidir tacaíocht bhreise a thabhairt do NRAnna chun tuiscint a fháil ar cá háit sa líonra a bhféadfadh naisc sholúbtha (neamhdhochta) a bheith tairbheach don chóras go dtí go dtarlóidh forbairt na neangach is gá. I gcás inarb í forbairt líonra an réiteach struchtúrach ar fhadhb na hacmhainneachta, ba cheart creataí um naisc neamhdhochta a dhearadh ionas nach gcuirfidh oibreoirí córais moill ar fhorbairt na neangach. I gcásanna eile, ina bhféadfadh sé nach réiteach eacnamaíoch í forbairt na neangach, d’fhéadfaí naisc neamhdhochta a mheas mar réiteach fadtéarmach 31 .

Ba cheart do NRAnna creat soiléir a sholáthar freisin chun an t‑iarratas ar iarraidh ar nascadh a dhídhreasú i gcás nach bhfuil an iarraidh cuí‑réasúnaithe le tionscadal láidir agus nach léiríonn forbróir tiomantas leordhóthanach ina leith, nó iarrataí ar ró‑acmhainneachtaí thar a bhfuil riachtanach don tionscadal a dhídhreasú, ionas nach dtabharfar forchoimeád acmhainneachtaí nasctha do thionscadail ar lú an seans go dtabharfar i gcrích iad nó arb é a bpríomhphlean gnó an ceart chun naisc a dhíol, i gcás ina gceadaítear é sin. Mar shampla, maidir le tionscadail ghiniúna atá faoi cheangal airgeadais nó a íocann as na costais nasctha eangaí nuair a dhéanann siad iarraidh ar nascadh, is lú an seans nach rachaidh siad ar aghaidh lena dtionscadail.

Gníomhaíocht 7: Tá ENTSO‑E agus Eintiteas AE do OCDanna chun glacadh eangacha cliste, éifeachtúlachta líonra agus teicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn

Tá teicneolaíochtaí tráchtála lenar féidir feidhmiú na neangach leictreachais a fheabhsú go mór ar fáil go héasca ach ní úsáidtear go leordhóthanach iad 32 . Mar sin féin, d’fhéadfadh costais níos ísle a bheith mar thoradh ar theicneolaíochtaí den sórt sin do thomhaltóirí trí chaillteanais líonra a laghdú 33 . Is féidir argóintí soiléire a thabhairt do thionscnóirí tionscadail atá fós ag smaoineamh ar a núsáid trína bheith ar an eolas faoin bpíblíne tionscadal atá ann faoi láthair ina bhfuil teicneolaíochtaí den sórt sin léirithe cheana féin, mar aon leis na tairbhí cainníochtaithe a bhain leo. Dá bhrí sin, ba cheart méadú a bheith ann ar infheictheacht na sócmhainní teicneolaíochta atá ar fáil lena gcur chun úsáide go tapa chomh maith le réitigh nuálacha maidir le heangacha cliste agus éifeachtúlacht líonra níos fearr, amhail rátáil líne dhinimiciúil (DLR), cáblaí sársheoltóra ardteochta (HTS), cúititheoirí sioncrónacha statacha (STATCOM), tiontairí foinse voltais (VSC) i gcórais HVDC, scoradáin HVDC nó claochladáin aistrithe céime (PST) 34 .

Ba cheart do ENTSO‑E agus d’Eintiteas AE do OCDanna an Technopedia a thabhairt cothrom le dáta 35 i gcomhpháirt, chun soiléireacht a thabhairt maidir le heilimintí den sórt sin agus chun a áirithiú go gcumhdófar na teicneolaíochtaí atá in úsáid i dtreoirthionscadail ar fud na hEorpa atá ábhartha do thionscadail a bhaineann le heangach chliste fuinnimh agus chun éifeachtúlacht líonra a mhéadú, lena náirítear na teicneolaíochtaí sin a forbraíodh faoi na cláir Fís Eorpach nó Fís2020. Le Technopedia, ba cheart faisnéis a thabhairt maidir le cásanna úsáide agus tairbhí agus ba cheart é a thabhairt cothrom le dáta faoi dheireadh 2024 agus ar bhonn bliantúil ar a laghad, ionas gur féidir le tionscnóirí iad a mheas go hiomchuí i gcoincheapú a dtionscadal faoi seach, agus gur féidir le húdaráis rialála a núsáid a spreagadh do thionscnóirí. Ba cheart nuashonruithe a scaipeadh ag Cruinnithe Mullaigh um Eangacha Cliste Fuinnimh amach anseo a eagrófar le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó Eintiteas AE do OCDanna.

Chun eangacha cliste, éifeachtúlacht líonra agus teicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn a thuilleadh, éascóidh an Coimisiún a thuilleadh na cóid líonra atá le teacht maidir le rannpháirtíocht acmhainní díláraithe fuinnimh chuig na margaí.

Gníomhaíocht 8: Tá ACER, ina chéad tuarascáil taraife eile, chun dea‑chleachtais a mholadh i ndáil le heangacha cliste agus teicneolaíochtaí éifeachtúlachta líonra a chur chun cinn trí dhearadh taraifí, ag díriú ar chostais oibriúcháin a bhreithniú chomh maith le caiteachas caipitiúil agus comhroinnt sochar

Go hiondúil, déantar eangacha a mhaoiniú trí tharaifí líonra, arna gcomhlánú le hioncam ó phlódú le haghaidh tionscadail tarchurtha trasteorann. Ba cheart taraifí líonra tarchurtha agus dáileacháin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, le breithniú éifeachtúil ar chostais oibriúcháin agus caiteachas caipitiúil araon, chun cuntas a choinneáil ar an gcóras fuinnimh atá ag athrú i dtreo an dícharbónaithe agus ról níos gníomhaí na OCDanna. Is gá a admháil go bhfuil méadú tagtha ar chostais oibriúcháin maidir le cur chun úsáide agus oibriú ár líonraí, lena náirítear le haghaidh slándáil fhisiceach agus cibearshlándála. Spreagann ceanglais éifeachtúlachta na hoibreoirí líonra chun costais a laghdú agus oibriú ar bhealach níos éifeachtúla 36 . Ba cheart do na NRAnna athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar a socruithe nó ar a modheolaíochtaí um taraifí líonra, lena náirítear an chaoi a socraíonn siad dreasachtaí fadtéarmacha, a dtacaíonn siad le haistriú buaicéilimh agus a dtugann siad dreasacht do chur in úsáid teicneolaíochtaí a mhéadaíonn éifeachtúlacht agus inoibritheacht na neangach (féach an ghníomhaíocht roimhe seo), amhail trí scéimeanna luacha saothair atá bunaithe ar aschur nó ar fheidhmíocht. Dá bhrí sin, ní mór do tharaifí líonra athrú i gcomhréir leis an gcóras fuinnimh. Is féidir le cineálacha cur chuige nuálacha amhail comhroinnt tairbhí 37 cur le hathléimneacht an chórais fuinnimh ar phraghsanna réasúnta. Tá cleachtais nua á dtabhairt isteach ag roinnt Ballstát, mar shampla tá NRA na hIodáile 38 ag aistriú ó rialáil ionchurbhunaithe go préimheanna chun acmhainneacht aistrithe agus dreasachtaí maidir le héifeachtúlacht caiteachais chaipitiúil a mhéadú agus déanfaidh sé costais oibriúcháin agus caiteachas caipitiúil araon a bhreithniú in 2024. Ba cheart do ACER tacaíocht bhreise a thabhairt do NRAnna trí dhea‑chleachtais a mholadh sa chéad tuarascáil taraife eile 39  atá dlite i mí Eanáir 2025, bunaithe ar chomhairliúcháin chríochnúla leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile, agus ina dhiaidh sin tacaíocht a thabhairt do NRAnna maidir lena gcur chun feidhme.

Mar a bhunaítear leis an Rialachán Leictreachais, le modheolaíochtaí taraife soláthrófar dreasachtaí iomchuí, lena n‑áirítear san fhadtéarma, lena n‑áiritheofar frithchaiteacht costais, rud a fheabhsaítear trí bhreithniú cúramach ar dháileadh na gcostas idir táirgeoirí agus tomhaltóirí. Tá sé sin ábhartha go háirithe ós rud é gurb é an gá atá le limistéir a nascadh inar féidir foinsí in‑athnuaite fuinnimh a ghiniúint a spreagann an fhorbairt líonra níos mó ná riamh, treocht ba cheart a léiriú sa leibhéal iomchuí muirear insteallta agus muirear nasctha chun costais ghaolmhara a chumhdach.

V.FEABHAS A CHUR AR ROCHTAIN AR MHAOINIÚ

Chun na hathneartuithe agus na hoiriúnuithe eangaí is gá a chistiú, beidh gá le húsáid acmhainní ollmhóra, gar do leath‑thrilliún, i gcomhthéacs ina bhfuil srian ar acmhainní poiblí agus ina bhfuil boilsciú agus rátaí ardaithe úis ag cur isteach ar thionscadail. Tá saincheisteanna ag teacht chun cinn freisin maidir le rátáil chreidmheasa agus rochtain ar chaipiteal do thionscnóirí tionscadail. Tá méadú gan fasach ar mhéid an chaiteachais caipitil i gcás oibreoirí eangaí, ar na leibhéil tarchurtha agus dáileacháin araon. Mar shampla, d’fhéadfadh méid agus leathnú tapa cláir infheistíochta cuideachta difear a dhéanamh dá rátáil chreidmheasa, agus d’fhéadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith ann maidir lena rochtain ar mhaoiniú. Leis na nithe sin uile éilítear iarracht nua chun táirgí agus ionstraimí maoiniúcháin saincheaptha a shainaithint chun tacú le hinfheistíochtaí eangaí.

Gníomhaíocht 9: Tá an Coimisiún chun samhlacha maoiniúcháin saincheaptha a shainaithint agus idirphlé a neartú chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar mhaoiniú príobháideach

Ag tógáil ar Idirphlé na nInfheisteoirí ar Fhuinneamh, seolfaidh an Coimisiún faoi dheireadh 2023 próiseas atreisithe le hinfheisteoirí (lena n‑áirítear cistí pinsin), gníomhaireachtaí creidmheasa, institiúidí airgeadais, údaráis rialála agus oibreoirí córais chun constaicí ar mhaoiniú a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, lena n‑áirítear trí iasachtaí bainc, ionstraimí margadh‑bhunaithe (fiachas agus cothromas), ráthaíochtaí agus maoiniú measctha. Agus sainiúlachtaí shamhlacha gnó na n‑oibreoirí córais á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ó pháirtithe leasmhara ábhartha, ionstraimí maoiniúcháin a iniúchadh chun na réitigh is iomchuí a sholáthar chun freastal ar na riachtanais infheistíochta, lena n‑áirítear ráthaíochtaí nó sásraí cistiúcháin comhchosúla a spreagann maoiniú príobháideach.

Déanfaidh an Coimisiún agus BEI tuilleadh iniúchta ar an ngá atá le huirlisí agus ionstraimí maoiniúcháin chun tacú le hinfheistíochtaí eangaí i gcoitinne, i gcomhthéacs InvestEU. 

Áiritheoidh an Coimisiún comhordú agus sineirgí idir an obair sin agus obair ábhartha maidir le rochtain ar mhaoiniú mar a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um Chumhacht Ghaoithe (gníomhaíocht 8) agus teicneolaíochtaí in‑athnuaite eile chun comhtháthú comhleanúnach an chórais leictreachais amach anseo a áirithiú.

Gníomhaíocht 10: Tá an Coimisiún chun infheictheacht a mhéadú maidir leis na deiseanna a bheidh ann ó chláir chistiúcháin AE le haghaidh eangacha cliste agus nuachóiriú na n‑eangach dáileacháin

Tá eangacha dáileacháin incháilithe do mhaoiniú faoi ionstraimí cistiúcháin AE éagsúla. Is iad na príomhfhoinsí maoiniúcháin na cistí réigiúnacha (CFRE), na cistí comhtháthaithe (CF) agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), lena náirítear a comhpháirt REPowerEU. Féadfaidh CFRE agus CF forbairt córas, eangach agus tionscadal stórála um fhuinneamh cliste a chómhaoiniú. Ina gcláir oibríochtúla le haghaidh na tréimhse 2021-27, níor leithdháil na Ballstáit go dtí seo ach EUR 4,7 billiún san iomlán, as ar tháinig infheistíochtaí EUR 6 bhilliún. Tá éagsúlacht mhór sna méideanna leithdháilte i measc na mBallstát freisin ós rud é gur bhain roinnt Ballstát úsáid as STA chun tacú le hinfheistíochtaí den sórt sin. An Ciste don Nuachóiriú, arna mhaoiniú trí chuid de na hioncaim ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) 40 , mar aon le STA, féadfaidh siad rannchuidiú le cuid de na riachtanais infheistíochta.

Má dhéanann siad modhnú ar a gcláir oibriúcháin le haghaidh na gcistí réigiúnacha agus comhtháthaithe, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil géarghá acu le nuachóiriú na n‑eangach dáileacháin agus le cur chun úsáide áitiúil eangach cliste na roghanna atá ar fáil chun leithdháiltí a mhéadú don earnáil seo a bhreithniú. Cuirfidh an Coimisiún tús ó R1 2024 le próiseas chun oibriú leis na Ballstáit ar dheiseanna cistiúcháin le haghaidh eangacha dáileacháin, lena n‑áirítear trí chruinniú tiomnaithe ardleibhéil. Cuirfidh an Coimisiún cúnamh teicniúil tiomnaithe ar aghaidh freisin laistigh den Ionstraim Tacaíochta Teicniúla chun cuidiú le fiontair a n‑iarratais ar chistiú a ullmhú agus rachaidh sé i gcomhar le hEintiteas AE do OCDanna chun feasacht a ardú ar an ngníomhaíocht sin i measc a chomhaltaí OCD.

VI.DLÚS A CHUR LE CUR CHUN ÚSÁIDE TRÍ CHEADÚ AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT PHOIBLÍ NÍOS TAPÚLA

Bíonn nósanna imeachta casta fada um cheadú ag baint le tionscadail bhonneagair ós rud é go gcumhdaíonn siad achair fhada a thrasnaíonn roinnt dlínsí go han‑mhinic. Is éard atá i gceist leis sin do bhealach a dhéanamh trí nósanna imeachta difriúla um cheadú i dteangacha éagsúla le socruithe agus sprioc‑amanna éagsúla. Tá baint ag cuid de na fadhbanna sin le srianta ar fhoireann agus ar dhigiteáil na n‑údarás inniúil. Uaireanta bíonn an próiseas chun an ceadú comhshaoil is gá a fháil le haghaidh tionscadail trasteorann deacair, go háirithe i gcás tionscadal a thrasnaíonn limistéir nádúrtha faoi chosaint nó gnáthóga speiceas áirithe, go háirithe nuair nach bhfuil eolas iomlán ar na gnáthóga agus na speicis faoi chosaint atá ann. Thairis sin, is minic a bhíonn imní shuntasach ag an bpobal i ndáil le cur chun feidhme tionscadal bonneagair, a bhféadfadh nósanna imeachta cúirte fada a bheith mar thoradh orthu sna cásanna is measa. Is minic nach mbíonn íoscheanglais reachtacha leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na bpobal áitiúil a mbíonn tionchar ag tógáil tionscadail/tionscadal ina gcomharsanacht orthu, agus ba cheart d’uaillmhian maidir le rannpháirtíocht an phobail dul thar an méid a bhfuil fíorghá leis.

Tugann Rialachán GTE‑F agus, le déanaí, Rialachán éigeandála (AE) 2022/2577 ón gComhairle réitigh ar na saincheisteanna sin, ach níl glacadh leordhóthanach acu fós, áfach.

Gníomhaíocht 11: Tá an Coimisiún chun tacú le dlús a chur le ceadú, ag soláthar treoraíocht agus tacaíocht theicniúil maidir le conas uirlisí reachtacha atá ann cheana a chur chun feidhme agus tá na Ballstáit chun bearta luasghéaraithe a chur chun feidhme

Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na forálacha deonacha faoin Rialachán éigeandála ón gComhairle 41  (Airteagal 6) agus spreagtar iad chun an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite (RED) a thrasuí go tapa d’fhonn dlús a chur le forbairt líonraí eangaí tarchurtha agus dáileacháin chun foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chomhtháthú sa chóras. Tá forbairt líonra á tiomáint níos mó ag an ngá atá le méideanna móra foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chomhtháthú sa chóras, agus dá réir sin d’fhéadfadh acmhainneacht thábhachtach a bheith ann do na Ballstáit chun limistéir bhonneagair thiomnaithe a ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán agus leis an Treoir faoi seach.

Cruthaíodh gur fóram úsáideach é Ardán na nÚdarás Náisiúnta Inniúil atá i gceannas ar cheadú a bunaíodh in 2022 chun dea‑chleachtais a mhalartú agus chun soiléirithe agus tacaíocht threorach a sholáthar. Déanfar obair an Ardáin a threisiú. Go sonrach, eagrófar cruinniú aireachta tiomnaithe chun stiúradh polaitiúil a áirithiú chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna sainaitheanta a bhaineann le ceadú. Chun tuilleadh tacaíochta a fháil, déanfaidh an Coimisiún staidéar in 2024 lena ndéanfar measúnú ar chur chun feidhme fhorálacha ceadaithe Rialachán GTE‑F. Cumasóidh sé sin go háirithe sainaithint agus scaipeadh na ndea‑chleachtas. Ar bhonn thorthaí an staidéir, ba cheart do na Ballstáit bearta sonracha a shainaithint atá le déanamh chun dlús a chur lena gcórais cheadaithe. Tacóidh an Coimisiún leis an measúnú sin agus lena chur chun feidhme trí Ardán na nÚdarás Náisiúnta Inniúil atá i gceannas ar cheadú.

Oibreoidh an Coimisiún le haireachtaí ábhartha agus le húdaráis cheadaithe, lena n‑áirítear i gcomhthéacs Chúnant na Méaraí, chun cur i bhfeidhm fhorálacha RED III agus an Rialacháin éigeandála ón gComhairle agus RED athbhreithnithe a mhéid a bhaineann le heangacha dáileacháin a scaipeadh agus tacóidh sé leis an gcur i bhfeidhm sin. Thairis sin, déanfaidh Ardán na nÚdarás Náisiúnta Inniúil malartú breise ar na gnéithe ceadaithe de na heangacha cliste fuinnimh agus é d’aidhm aige na nósanna imeachta faoi seach a chuíchóiriú.

Faoi lár 2025 ar a dhéanaí, i bhfianaise na mbacainní ceadaithe a bhíonn le sárú ag tionscadail bonneagair fuinnimh, soláthróidh an Coimisiún treoraíocht maidir le hainmniú limistéar bonneagair tiomnaithe do thionscadail eangaí is gá chun foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chomhtháthú mar a fhoráiltear in RED athbhreithnithe. Tabharfaidh an Coimisiún cothrom le dáta faoi R4 2024, más gá, an treoraíocht atá ann cheana maidir le measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol le haghaidh TLCanna 42 agus TCLanna a chuíchóiriú agus an treoraíocht maidir le bonneagar tarchurtha fuinnimh agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra 43 de réir mar is gá chun iad a oiriúnú do chreataí reachtacha athbhreithnithe GTE‑F agus RED agus dá bhforálacha lena gceadaítear cuíchóiriú.

Ar deireadh, ó 2024 ar aghaidh, tacóidh an Coimisiún le digiteáil na nósanna imeachta um cheadú do thionscadail eangaí tríd an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla (STI). Déantar foráil le Rialachán STI 44 go bhféadfaidh na Ballstáit saineolas teicniúil a fháil, trí thionscadail aonair nó ilnáisiúnta, maidir le dlús a chur le ceadú. Spreagtar na Ballstáit chun úsáid a bhaint as an STI a sholáthraíonn an Coimisiún chun a gcórais a uasghrádú chun déileáil le hiarratais ar nósanna imeachta um cheadú agus um nascadh, mar shampla trí dhigiteáil. Ina theannta sin, mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe 45 , faoi dheireadh na bliana seolfaidh an Coimisiún uirlis thiomnaithe ar líne chun tacú leis na Ballstáit, i measc nithe eile, trí fhreagraí a sholáthar ar cheisteanna praiticiúla a chuireann na Ballstáit go minic, ar ceisteanna iad a bhaineann le cur chun feidhme na bhforálacha ceadaithe athbhreithnithe.

Gníomhaíocht 12: Tá an Coimisiún chun Comhshocrú um Rannpháirtíocht a sheoladh i gcomhair rannpháirtíocht luath, thráthrialta agus fhóinteach le páirtithe leasmhara agus i gcomhair tacaíocht rialála

D’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach cainníochtú agus airgeadú a dhéanamh ar choinbhleachtaí agus moilleanna a sheachaint go rathúil i gcreat rialála casta chun bonneagar a thógáil a thrasnaíonn roinnt dlínsí agus inniúlachtaí. Cé go ndéantar dea‑chleachtais a chur chun cinn agus a chomhroinnt i measc tionscnóirí tionscadail, tá gá leis an gcreat rannpháirtíochta i leith páirtithe leasmhara a atreisiú ina iarracht thráthrialta agus chomhchoiteann chun an tionchar ar phobail agus ar an dúlra a mhaolú, agus tairbhí a athdháileadh ar phobail agus a bheith ag cur le cosaint an dúlra an tráth céanna.

Chun aghaidh a thabhairt ar agóid fhéideartha ón bpobal agus chun an caighdeán is airde a áirithiú i ndáil le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara, seolfaidh an Coimisiún, le hócáid eagrán 2023 de Laethanta Fuinnimh PCI, Comhshocrú um Rannpháirtíocht le Ballstáit, NRAnna, oibreoirí córais agus an tsochaí shibhialta le haghaidh rannpháirtíocht luath, thráthrialta agus fhóinteach le páirtithe leasmhara agus an gá atá le tacaíocht leordhóthanach rialála (féach Iarscríbhinn II).

VII.SLABHRAÍ SOLÁTHAIR EANGAÍ A NEARTÚ

Tá tionscal an Aontais chun tosaigh ar fud an domhain i monaraíocht comhpháirteanna do chórais chumhachta, amhail cáblaí agus fostáisiúin HVDC, ar eilimintí bunúsacha iad chun uaillmhianta an Aontais amach ón gcósta a bhaint amach.

Mar sin féin, cuireann tionscnóirí tionscadail eangaí in iúl d’amanna fada tionscanta atá ag dul i méid chun comhpháirteanna eangaí sonracha a sholáthar, uaireanta ar feadh roinnt blianta fiú do na Tionscadail Leasa Choitinn is práinní, lena n‑áirítear mar gheall ar sholáthar docht roinnt comhpháirteanna nó praghsanna amhábhar atá ag méadú. An tráth céanna, tá bacainní roimh mhonaróirí AE chun tairbhiú de bharainneachtaí scála de bharr éagsúlachtaí i sainiúlachtaí táirgí. D’fhéadfadh an fás láidir ar éileamh domhanda ar theicneolaíochtaí eangaí leictreachais síneadh níos faide fós a chur ar amanna tionscanta. Dá bhrí sin, tá méadú mór ag teacht ar acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais, agus neartóidh comhpháirtíocht an Aontais na slabhraí luacha a thuilleadh.

Is an‑dearfach an méadú ar an iomaíocht dhomhanda sa mhargadh do cháblaí agus córais HVDC, a sholáthraítear go príomha go hintíre san Eoraip, ar choinníoll go bhfuil cothroime iomaíochta i bhfeidhm. Chun athléimneacht an chórais fuinnimh a chothú, is gá aird chúramach a thabhairt chun a áirithiú go leanfaidh cothroime iomaíochta de bheith i bhfeidhm agus nach mbeidh aon spás ann do chleachtais éagóracha trádála.

Thairis sin, ní mór a áirithiú nach dtagann rioscaí slándála chun cinn. D’fhéadfadh rioscaí slándála a bheith i gceist, áfach, trí bheith ag brath ar sholáthróirí tríú tíortha, go háirithe ó thíortha nach bhfuil ailínithe le luachanna agus seasaimh an Aontais, chun freastal ar riachtanais chriticiúla an Aontais i dtaca le bonneagar fuinnimh 46 – go díreach i dtéarmaí cibearshlándála 47 agus chomh maith leis sin i ndáil leis an armáil a d’fhéadfaí a dhéanamh ar spleáchais slabhra soláthair den sórt sin.

Trí bheith ag brath ar sholáthróirí tríú tír ardriosca le haghaidh comhpháirteanna criticiúla, féadfar cibear‑leochaileachtaí a chruthú don eangach, lena náirítear idirnascairí le tríú tíortha. Leis an Treoir maidir le Córais Líonra agus Faisnéise (NIS 2) 48 ceanglaítear ar eintitis in earnáil an fhuinnimh bearta slándála a dhéanamh i ndáil lena slabhraí soláthair mar chuid de bhearta bainistithe riosca cibearshlándála. Leis an nGníomh um Chibear‑Athléimneacht atá le teacht, atá á chaibidil faoi láthair ag na comhreachtóirí, feabhsófar go mór slándáil an tslabhra soláthair trí chibearshlándáil de réir dearaidh a éileamh do tháirgí crua‑earraí agus bogearraí a bhfuil gnéithe digiteacha acu agus a bhfuil rochtain acu ar mhargadh an Aontais, chomh maith le hoibleagáidí ar mhonaróirí comhlíontacht a áirithiú le ceanglais chibearshlándála ar feadh shaolré an táirge.

Thairis sin, tá dúshláin roimh oibreoirí eangaí an Aontais maidir le rochtain leordhóthanach a fháil ar amhábhair, amhail copar nó cruach. I bhfianaise na gcuspóirí uaillmhianacha maidir le cur chun úsáide, ní mór dul sa tóir ar bhonn intíre agus trí chomhaontuithe AE nó trí chomhpháirtíochtaí le tríú tíortha iontaofa, faoi seach, chun acmhainneachtaí táirgthe intíre a threisiú agus chun éagsúlú a dhéanamh ar sholáthairtí amhábhar agus príomh‑chomhpháirteanna. Cuideoidh an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Eoraip na cuspóirí sin, lena n‑áirítear trí tháirgeadh intíre agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha. Tá an Coimisiún ag obair chun rochtain ar amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha a dhaingniú. Rannchuideoidh saorthrádáil agus comhaontuithe déthaobhacha eile, lena gcumhdaítear fuinneamh, amhábhair agus slabhraí soláthair teicneolaíochta glaine, agus Global Gateway, chun na críche sin freisin.

Ba cheart a chur i dtábhacht freisin nár cheart go gcruthódh tionscadail idirnaisc leictreachais le tríú tíortha, amhail TCLanna, arb é is aidhm dóibh méideanna móra leictreachais in‑athnuaite a onnmhairiú chuig an Aontas, spleáchais nua i dtéarmaí slándáil an tsoláthair fuinnimh.

Ar deireadh, déanann an easpa oibrithe oilte difear do riachtanais foirne mhéadaithe na noibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin, na monaróirí cábla HVDC agus na soláthróirí córais cumhachta eile. Áirítear leis sin an gá atá le hardscileanna digiteacha agus teicneolaíochta breise a fháil, amhail uathoibriú, rialú, mórshonraí agus ard‑anailísíocht, chun dúshláin líonra a bhrath agus a rialú chomh maith leis na teicneolaíochtaí riachtanacha a fhorbairt 49 .

Tugadh aghaidh ar na riachtanais thábhachtacha thuasluaite maidir le slabhraí soláthair monaraíochta eangaí atá athléimneach agus éifeachtach sa togra le haghaidh an Ghnímh um an Tionscal Glan‑nialasachta (moltar teicneolaíochtaí eangaí i measc na dteicneolaíochtaí glan‑nialasachta straitéiseacha agus tugann Acadaimh Ghlan‑nialasachta aghaidh ar dhúshláin scileanna) agus an Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe (lena méadaítear deimhneacht maidir le héileamh eangaí trí ardán digiteach AE a bhunú le haghaidh pleanáil ceant cumhachta gaoithe agus gealltanais náisiúnta). Le glacadh agus cur chun feidhme tapa an Ghnímh um an Tionscal Glan‑nialasachta, cumasófar tacaíocht a thabhairt do shlabhra soláthair eangaí athléimneach, go háirithe trí cheadú níos tapúla d’acmhainneacht mhonaraíochta nua, lucht saothair oilte méadaithe agus trí thairiscintí poiblí agus ceantanna atá deartha go hiomchuí.

Tá uirlisí forfheidhmithe eile de chuid an Choimisiúin ar fáil do thionscal an Aontais chun cothroime iomaíochta a chur chun cinn, chun dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála 50 , nó chun neamhshiméadrachtaí idir an tAontas agus tríú tíortha maidir le hoscailteacht an mhargaidh sna hearnálacha soláthair phoiblí a leigheas (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta). Thairis sin, maidir le rioscaí a bhaineann leis an tslándáil agus leis an ord poiblí, le Rialachán an Aontais maidir le hInfheistíocht Dhíreach Choigríche (IDC) a Scagadh 51 , cumasaítear measúnú a dhéanamh ar rioscaí slándála IDCanna. Thairis sin, tá comhaontuithe trádála AE dírithe ar infheistíochtaí in‑athnuaite a chur chun cinn, lena náirítear trí rochtain ar eangacha fuinnimh, d’fhonn foinsiú a éagsúlú agus rochtain ar an margadh a chumasú i dtríú tíortha agus slándáil an tsoláthair á caomhnú.

Tacóidh gníomhaíocht bhreise agus chomhlántach spriocdhírithe sa Phlean Gníomhaíochta seo le tuilleadh feabhsuithe ar shlabhraí soláthair na n‑eangach. Chuirfeadh iarrachtaí ar dhearadh táirgí a ailíniú ar fud an Aontais ar a gcumas do sholáthróirí díriú ar chainníocht a sheachadadh, in ionad am agus acmhainní daonna a úsáid i ndearadh agus monaraíocht shaincheaptha. Ní hamháin go n‑ardódh ailínithe den sórt sin rochtain na soláthróirí ar an margadh inmheánach, ach chuirfidís le hiomaíocht, laghdóidís costais agus mhéadóidís aschur monaraíochta leis na hacmhainneachtaí monaraíochta céanna freisin.

Gníomhaíocht 13: Tá ENTSO‑E agus Eintiteas AE do OCDanna chun dul i gcomhar le soláthróirí teicneolaíochta chun sonraíochtaí teicneolaíochta coiteanna a fhorbairt agus chun infheictheacht píblínte tionscadal eangaí a fheabhsú, chun infheistíochtaí in acmhainneacht mhonaraíochta agus slabhraí soláthair slána a éascú

Tá caighdeáin, a thugann aghaidh ar shlabhra luacha iomlán na n‑eangach agus an trealaimh leictreachais, criticiúil chun sábháilteacht agus slándáil na suiteálacha leictreacha a áirithiú, chun slándáil an tslabhra soláthair agus idir‑inoibritheacht a éascú, chun infheistíochtaí sa líonra leictreachais a chumasú, chun costais a choigilt agus, dá bhrí sin, chun cur chun úsáide agus nuachóiriú a bhrostú.

Mar chéad éileamh agus éileamh láithreach, is minic a bhíonn sonraíochtaí tairisceana reatha na OCTanna i leith monaróirí eangach an‑saincheaptha, rud a chiallaíonn gur gá iarrachtaí agus acmhainní an tslabhra soláthair a úsáid ar iarrataí um dhearadh speisialta do bheagnach gach OCT san Eoraip. Leis an gcomhar idir OCTanna i dtreo iarrataí ar shonraíocht choiteann a chomhaontú, laghdófaí costais, chuirfí dlús le seachadadh tionscadail, mhéadófaí an méid aschuir leis na saoráidí monaraíochta atá ann cheana féin is féidir le soláthróirí a tháirgeadh agus chuirfí ar a gcumas do sholáthróirí ar fud an Aontais rochtain níos fearr a fháil ar mhargaí eile laistigh den Eoraip. Rinneadh na chéad iarrachtaí chun comhcheanglais a chomhaontú, arna dtionscnamh ag Fís Eorpach an Aontais 52 agus i gcásanna áirithe ag roinnt OCTanna 53 , agus iad fós curtha chun feidhme ar bhealaí éagsúla ag OCTanna éagsúla. Chuir ENTSO‑E i dtábhacht sna cainteanna faoin imeacht ardleibhéil ar Thodhchaí ár nEangach 54 an gá atá le dul i gcomhar a thuilleadh ina leith sin agus le sonraíochtaí a chuíchóiriú.

Iarrfaidh an Coimisiún go soláthróidh na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú (ESOanna) táirge insoláthartha um Chomhaontú Ceardlainne, lena dtabharfar rannpháirt do na páirtithe leasmhara ábhartha uile (ENTSO‑E, OCTanna agus monaróirí) maidir le sonraíochtaí coiteanna táirgí ar cheart a chomhaontú faoi dheireadh 2024. Ba cheart do OCTanna na sonraíochtaí táirge sin a chur in úsáid ar fud an Aontais ina gcuid soláthairtí féin agus ba cheart d’údaráis rialála iad a spreagadh i ndearaí taraifí. Ba cheart an obair a chomhordú go dlúth le meitheal an Fhóraim Ardleibhéil ar Chaighdeánú Eorpach ar an gcóras leictreachais ghlais. As seo amach, má mheastar go bhfuil gá leis, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chéad chéim i dtreo sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt agus, ar deireadh, i dtreo caighdeáin an Aontais a fhorbairt do shlabhra luacha na heangaí leictreachais ina iomláine.

I gcomhar leis an snáithe oibre thuasluaite ó na ESOanna, sainaithneoidh an Fóram Ardleibhéil bearnaí caighdeánaithe agus molfaidh sé treochlár faoi R1 2024. Díreofar ar shaincheisteanna straitéiseacha atá bunaithe ar threochtaí reatha margaidh agus gnó, lena n‑áirítear srianta geopholaitiúla, an tionchar ar ghnó san Eoraip agus éascú na trádála domhanda.

Ba cheart do ENTSO‑E agus d’Eintiteas OCD an Aontais, in éineacht le hoibreoirí eangaí, sásraí a bhunú faoi R4 2024 chun infheictheacht mhéadaithe a sholáthar do mhonaróirí ina bpleananna soláthair trealaimh agus córais atá le teacht ar gach leibhéal voltais. D’fhéadfadh an ghníomhaíocht sin cuidiú le monaróirí teicneolaíochtaí eangaí a n‑acmhainneachtaí táirgeachta agus a lucht saothair oilte a ullmhú ar bhealach níos fearr agus/nó sliotáin táirgeachta a phleanáil chun freastal in am trátha do riachtanais leathnaithe na n‑eangach. Mar thoradh air sin, d’fhéadfaí scrogaill a d’fhéadfadh a bheith sna slabhraí soláthair teicneolaíochta a sheachaint. Ba cheart don ghníomhaíocht sin inspioráid a fháil ó ardán digiteach idirghníomhach an Aontais ar a bhfoilseofar pleanáil ceantála na mBallstát, mar a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta an Aontais um Chumhacht Ghaoithe.

Gníomhaíocht 14: Tá an Coimisiún chun ceanglais theicniúla choiteanna a chur chun cinn maidir le giniúint agus éileamh ar nascadh

Tá impleachtaí tábhachtacha ar dhearadh agus ar cheanglais an táirge ag sonraíochtaí a leagtar síos i ndáil le tionscadail éilimh nua agus tionscadail ghiniúna nua a nascadh. Sa lá atá inniu ann, tá ceanglais theicniúla den sórt sin an‑éagsúil ar fud na hEorpa, rud a éilíonn ar mhonaróirí oiriúnú d’iarrataí den sórt sin go háitiúil agus a chuireann isteach ar a rochtain ar mhargadh aonair an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún measúnú agus molfaidh sé bearta chun ceanglais theicniúla choiteanna a chur chun cinn in athbhreithnithe ar na cóid líonra i ndáil le ceanglais maidir le gineadóirí agus cód naisc éilimh, faoi 2025, chun a áirithiú go bhféadfaidh monaróirí lántairbhe a bhaint as an rochtain ar an margadh aonair.

1.CONCLÚIDÍ

Is fíorghaisce Eorpach iad eangacha leictreachais i ndáil le comtháthú, comhar agus tacaíocht fhrithpháirteach. Mar gheall ar ról fíor‑riachtanach na n‑eangach leictreachais san aistriú fuinnimh, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirtear na dreasachtaí cearta i bhfeidhm, agus go n‑íoslaghdaítear bacainní agus rioscaí míchuí. Tá géarghá le nuachóiriú agus leathnú na n‑eangach agus le hiad a dhéanamh níos cliste ó thaobh na leibhéal tarchurtha de agus, níos mó ná riamh, ó thaobh na leibhéal dáileacháin de, chun an t‑aistriú fuinnimh thar na hearnálacha eacnamaíocha uile a chumasú. Ní mór na heangacha a bheith réidh do riachtanais nua an chórais, go háirithe chun foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus éileamh solúbtha a chomhtháthú. Bíonn na dúshláin sin i bhforbairt líonra ina gcúis le riachtanais arda infheistíochta a shroichfidh méid de leath‑thrilliún Euro faoi 2030.

Sainaithnítear sa Phlean Gníomhaíochta Eorpach seo um Eangacha roinnt beart idirnasctha is féidir a chur i gcrích laistigh de na 18 mí atá romhainn chun creat infheistíochta leordhóthanach a sholáthar le haghaidh eangach. Mar shampla, le pleanáil líonra iontaofa agus ardcháilíochta mar aon le creat cumasúcháin le haghaidh infheistíochtaí réamh‑mheasta i réimsí ina bhfuil pleananna dochta do chur in úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh, leictrea‑shoghluaisteachta nó teaschaidéil, mar aon le nósanna imeachta cuíchóirithe um cheadú do na tionscadail eangaí sin, is féidir acmhainneachtaí óstála eangaí do na tionscadail eangaí sin a mhéadú go substaintiúil d’fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh nua agus d’fhoinsí solúbthachta nua don chóras.

Cé gur cheart do na heagraíochtaí faoi seach na gníomhaíochtaí a sainaithníodh a thosú san amlíne atá beartaithe, ní féidir leo a lánéifeacht a bhaint amach ach amháin trí ghealltanas láidir fadtéarmach na ngníomhaithe ábhartha uile, idir phoiblí agus phríobháideach, chun dul i gcomhar maidir lena gcur chun feidhme. Is trí oibriú le chéile amháin a bheifear in ann an móiminteam a choinneáil ar bun chun go mbeidh ár n‑eangacha in oiriúint don dúshlán.

Ar an ábhar sin, bunóidh an Coimisiún laistigh d’Fhóram um Bonneagar Fuinnimh Chóbanhávan ardán tiomnaithe, i gcomhar leis na Ballstáit, ACER, ENTSO‑E agus Eintiteas AE do OCDanna, BEI, monaróirí agus ENRanna, chun faireachán tráthrialta a dhéanamh ar an dul chun cinn agus tuairisciú a dhéanamh ag cruinniú bliantúil an Fhóraim maidir le seachadadh an phlean gníomhaíochta seo.



IARSCRÍBHINN I – AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA UM AN EANGACH EORPACH I mBEAGÁN FOCAL

CATAGÓIR

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

AMLÍNE

Dlús a chur le cur chun feidhme na TLCanna agus tionscadail nua a fhorbairt

1.Treiseoidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na OCTanna a dtacaíocht le hullmhú TLCanna agus TCLanna agus le cur chun feidhme agus cistiú níos tapúla

Ó 2024

Feabhas a chur ar phleanáil fhadtéarmach eangach faoi chomhair sciar níos airde d’fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh agus leictriú méadaithe

2.Feabhsóidh ENTSO‑E an phleanáil ón mbarr anuas i dtreo 2050 trí shainaithint riachtanais an chórais amach ón gcósta agus ar talamh a chomhtháthú agus trí thuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an hidrigin

Ó R1 2024

3.Tacóidh Eintiteas AE do OCDanna le pleanáil eangaí OCD trí mhapáil a dhéanamh ar na pleananna forbartha dáileacháin atá ann agus ar a gcuid saintréithe

Faoi lár 2024

Dreasachtaí rialála a thabhairt isteach le haghaidh fhorbairt réamhbhreathnaitheach na n‑eangach

4.Tá an Coimisiún chun prionsabail threoracha a mholadh lena sainaithneofar na coinníollacha faoinar cheart infheistíochtaí réamhmheasta i dtionscadail eangaí a dheonú

R1 2025

5.Eiseoidh an Coimisiún treoraíocht maidir le comhroinnt costas trasteorann do thionscadail amach ón gcósta

Faoi lár 2024

Úsáid níos fearr na n‑eangach a dhreasú

6.Tá ENTSO‑E agus Eintiteas AE do OCDanna le teacht ar chomhaontú maidir le sainmhínithe comhchuibhithe don acmhainneacht óstála eangaí atá ar fáil d’oibreoirí córais agus bunóidh siad forbhreathnú uile‑Aontais

Ón dáta glactha

7.Tá ENTSO‑E agus Eintiteas AE do OCDanna chun glacadh eangacha cliste, éifeachtúlachta líonra agus teicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn

R4 2024

8.Tá ACER, ina chéad tuarascáil taraife eile, chun dea‑chleachtais a mholadh i ndáil le heangacha cliste agus teicneolaíochtaí éifeachtúlachta líonra a chur chun cinn trí dhearadh taraifí, ag díriú ar chostais oibriúcháin a bhreithniú chomh maith le caiteachas caipitiúil agus comhroinnt sochar

R1 2025

Feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú

9.Tá an Coimisiún chun samhlacha maoiniúcháin saincheaptha a shainaithint agus idirphlé a neartú chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar mhaoiniú 

Ón dáta glactha

10.Tá an Coimisiún chun infheictheacht a mhéadú maidir leis na deiseanna a bheidh ann le haghaidh cláir chistiúcháin AE le haghaidh eangacha cliste agus nuachóiriú na neangach dáileacháin

Ó R1 2024

Dlús a chur le cur chun úsáide trí cheadú agus rannpháirtíocht phoiblí níos tapúla

11.Tá an Coimisiún chun tacú le dlús a chur le ceadú, ag soláthar treoraíocht agus tacaíocht theicniúil maidir le conas uirlisí reachtacha atá ann cheana a chur chun feidhme agus tá na Ballstáit chun bearta luasghéaraithe a chur chun feidhme

2024-25

12.Tá an Coimisiún chun Comhshocrú um Rannpháirtíocht a sheoladh i gcomhair rannpháirtíocht luath, thráthrialta agus bhríoch le páirtithe leasmhara agus i gcomhair tacaíocht rialála

Ón dáta glactha

Slabhraí soláthair eangaí a neartú

13.Tá ENTSO‑E agus Eintiteas AE do OCDanna chun dul i gcomhar le soláthróirí teicneolaíochta chun sonraíochtaí teicneolaíochta coiteanna a fhorbairt agus chun infheictheacht píblínte tionscadal eangaí a fheabhsú, chun infheistíochtaí in acmhainneacht mhonaraíochta agus slabhraí soláthair slána a éascú

R4 2024

14.Tá an Coimisiún chun ceanglais theicniúla choiteanna a chur chun cinn maidir le nascadh giniúna agus éilimh

Faoi 2025



IARSCRÍBHINN II – COMHSHOCRÚ UM RANNPHÁIRTÍOCHT

Rannpháirtíocht luath, thráthrialta agus fhóinteach le páirtithe leasmhara i ndáil le forbairt eangaí a áirithiú

Beidh córas leictreachais ina bhunchloch dár n‑aistriú fuinnimh agus dár dtéarnamh eacnamaíoch lena gcuirfidh fuinneamh in‑athnuaite le thart ar leath den ghiniúint in 2030 agus a dhéanfar a dhícharbónú go hiomlán i bhfad roimh 2050. Beimid ag cur chun úsáide acmhainneacht fuinnimh in‑athnuaite ar luas atá i bhfad níos tapúla ná mar atá ann faoi láthair, rud a éileoidh bonneagar Eorpach atá comhtháthaithe agus idirnasctha. Dá réir sin, tá géarghá le forbairt eangach leictreachais i gcomhthráth leis an méadú ollmhór ar fhuinneamh in‑athnuaite chun uaillmhianta na hEorpa maidir le slándáil fuinnimh agus aeráide a chur chun cinn.

Ní féidir aon cheann den mhéid sin a bhaint amach ar leithlis ná cosaint comhshaoil ár ngnáthóg is leochailí a bheith thíos leis. Leanfaidh Rialachán athbhreithnithe GTE‑F de bheith ina chreat treorach chun Tionscadail Leasa Choitinn (TLCanna) a shainaithint agus a thógáil más gá agus nuair is gá chun éileamh agus soláthar ar fud na hEorpa a nascadh. Neartaíodh próisis chinnteoireachta, cibé acu ag an gcéim roghnúcháin don lipéad TLC nó níos déanaí, le linn ródú talún agus tógála, le bheith níos ionchuimsithí, níos trédhearcaí agus níos cuntasaí i leith tuairimí agus riachtanais na bpobal sin a ndéanann an tógáil difear dóibh. Cé go ndéantar dea‑chleachtais a chur chun cinn agus a chomhroinnt i measc tionscnóirí tionscadail, tarlaíonn moilleanna ar fhorbairt eangaí ar an leibhéal tarchurtha agus dáileacháin araon mar gheall ar easpa glactha ag pobail a ndéanann tionscadail bonneagair fuinnimh difear dóibh. D’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach cainníochtú agus airgeadú a dhéanamh ar thairbhí na rannpháirtíochta rathúla le páirtithe leasmhara agus moilleanna a sheachaint i gcreat rialála casta chun bonneagar a thógáil a thrasnaíonn roinnt dlínsí agus inniúlachtaí. Tá gá leis an gcreat rannpháirtíochta i leith an phobail a atreisiú ina chomhiarracht thráthrialta agus bhríoch a bhaineann leas as muinín agus rannpháirtíocht i bhforbairt eangaí, a mhaolaíonn an tionchar ar phobail agus ar an dúlra, a athdháileann tairbhí agus a chuireann le cosaint an dúlra.

Ina Theachtaireacht Grids, the missing link: An EU Action Plan for Grids [Eangacha, an nasc atá ar iarraidh: Plean Gníomhaíochta an Aontais le haghaidh Eangach], fógraíonn an Coimisiún seoladh Comhshocrú um Rannpháirtíocht chun rannpháirtíocht luath, thráthrialta agus bhríoch le páirtithe leasmhara i bhforbairt eangaí a áirithiú, in éineacht leis na Ballstáit, ACER agus údaráis rialála náisiúnta, ENTSO‑E agus oibreoirí córais tarchurtha, Eintiteas AE do OCDanna agus oibreoirí córais dáileacháin, tionscnóirí tionscadail agus an tsochaí shibhialta, ag iarraidh:

1.Iarrachtaí cumarsáide náisiúnta agus Eorpacha a dhearadh agus a chur i gcrích maidir le príomhról na neangach tarchurtha agus dáileacháin mar chumasóirí an aistrithe fuinnimh;

2.Comhiarracht um chomhar idir údaráis náisiúnta agus áitiúla chun cur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha ceadaithe le haghaidh tionscadail eangaí agus tionscadail um fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh a áirithiú, mar aon le dea‑chleachtais arna nglacadh agus/nó arna moladh ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais;

3.Gealltanas ó na Ballstáit chun a rannpháirtíocht sna fóraim um chomhar réigiúnach amhail na Grúpaí Ardleibhéil bunaithe a neartú chun dlús a chur le cur chun feidhme TLCanna, ag tabhairt tús áite do na cinn is aibí agus is coincréití. Beidh oibreoirí córais tarchurtha agus tionscnóirí tionscadail, chomh maith le rialtóirí agus páirtithe leasmhara náisiúnta páirteach san obair sin;

4.Idirphlé oscailte idir aireachtaí, údaráis rialála agus oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin maidir le tacaíocht leordhóthanach rialála do ghníomhaíochtaí um rannpháirtíocht luath, thráthrialta agus bhríoch le páirtithe leasmhara ar bhonn caibidlí tiomnaithe maidir le rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara a ghabhann le pleananna infheistíochta eangaí;

5.Foráil a dhéanamh maidir leis na coinníollacha eagraíochtúla riachtanacha i measc na bpáirtithe uile a bhfuil baint acu le próisis cheadaithe nó próisis um rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara atá ailínithe leis na riachtanais shuntasacha maidir le cur chun úsáide eangaí.

Oibreoidh an Coimisiún go dlúth leis na páirtithe uile a chloíonn leis an gComhshocrú um Rannpháirtíocht laistigh d’fhóraim chomhair iomchuí a bhaineann le heangacha, amhail na Laethanta Fuinnimh TLC, an Fóram um Bonneagar Fuinnimh (Fóram Chóbanhávan) agus Ardán na nÚdarás Náisiúnta Inniúil chun tacú le cur chun feidhme na gceithre colún den Chomhshocrú. Laistigh de na fóraim sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán freisin ar dhul chun cinn na dtionscnamh sin, chomh maith le malartú cleachtas a chur chun cinn a spreagfaidh tuilleadh iarrachtaí ó na páirtithe uile chun próisis rannpháirtíochta a fhorbairt agus a chothú, ar próisis iad a thugann aghaidh ar dhúshlán eangaí an Aontais.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit, ar údaráis rialála náisiúnta, ar oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin, ar thionscnóirí tionscadail agus ar an tsochaí shibhialta a bheith páirteach sa Chomhshocrú um Rannpháirtíocht agus rannchuidiú trína ngníomhaíochtaí comhchoiteanna le creat cumasúcháin le haghaidh rannpháirtíocht luath, thráthrialta agus fhóinteach le páirtithe leasmhara i bhforbairt eangaí.

(1)

  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/speech_23_4377  

(2)

An Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide (AE) 2018/1999 Airteagal 2(11)

(3)

I mí Eanáir 2023, d’aontaigh na Ballstáit ar bhonn réigiúnach ar uaillmhianta coiteanna óna dtiocfaidh spriocanna carnacha amach ón gcósta timpeall ar 111 GW faoi 2030 agus 317 GW faoi 2050. Tá sé sin i gcomparáid le timpeall ar 971 MW de thoilleadh iomlán suiteáilte ar tír agus amach ón gcósta in 2023 (meastacháin an Choimisiúin de 971 452 MW bunaithe ar shonraí tíre Ardán Trédhearcachta ENTSO-E )

(4)

  System needs study – Opportunities for a more efficient European power system in 2030 and 2040[Staidéar ar riachtanais an chórais – Deiseanna do chóras cumhachta Eorpach níos éifeachtúla in 2030 agus 2040] , TYNDP 2022, ENTSO-E, Bealtaine 2023

(5)

Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le Promotion of e-mobility through buildings policy [Cur chun cinn na leictrea‑soghluaisteachta tríd an mbeartas foirgneamh] , mí Feabhra 2023

(6)

Féach Connecting the dots, arna stiúradh ag Eurelectric i gcomhar le E.DSO. Tá athrú de réir a chéile tar éis teacht ar sciar na neangacha de chostais iomlána soláthair fuinnimh ó 27 % ar an meán sa deacáid roimhe seo, chuig 37 % sa deacáid seo – féach Measúnú ar riachtanais infheistíochta  SWD(2023) 68 final ón gCoimisiún

(7)

  Implementing the REPower EU Action Plan [Plean Gníomhaíochta REPower EU a chur chun feidhme] , SWD(2022) 230 final

(8)

  Electricity Grids and Secure Energy Transitions , IEA, Deireadh Fómhair 2023

(9)

  https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2023/10/09/renewable-energy-council-adopts-new-rules/  

(10)

  Rialachán (AE) 2019/943 agus Treoir (AE) 2019/944

(11)

  https://www.ft.com/content/4c843612-1890-49bb-83eb-ddbe4495d6c9  

(12)

  Conclusions of the Conference on the Future of Europe [Conclúidí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa] , togra 3 maidir leis an athrú aeráide, fuinneamh agus iompar, beart 4 (lch. 45)

(13)

  https://energy.ec.europa.eu/topics/infrastructure/energy-infrastructure-forum_en  

(14)

  https://energy.ec.europa.eu/topics/infrastructure/projects-common-interest/pci-energy-days_en  

(15)

2023: https://www.pcisummit.eu/live-stream/ ; 2022: https://www.sincrogrid.eu/en/News/ArticleID/442/Recordings-of-the-Smart-Grid-PCIs-Summit  

(16)

  https://www.entsoe.eu/eugridforum/  

(17)

  The European Investment Bank’s role in cross-border infrastructure projects [Ról an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i dtionscadail bhonneagair trasteorann] , BEI, mí na Bealtaine 2023

(18)

Leis na TCLanna nascfar Ballstáit an Aontais le tíortha comharsanacha, rud atá ina rannchuidiú le spriocanna 2030 an Aontais maidir le fuinneamh agus an aeráid, agus lena bhféadfaí mar shampla tacú le gealltanais dícharbónaithe na bPáirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh

(19)

Bunaithe ar na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta lena n‑áirítear caibidlí REPowerEU de chuid 21 Bhallstát (HR, EE, EL, HU, IT, PL, RO, MT, AT, ES, SI, SK, CZ, PT, LT, LV, CY, DE, BE, BG, FI)

(20)

In RED athbhreithnithe tá ceanglais ar na Ballstáit chun a áirithiú gur féidir le pointí athluchtaithe cumhachta tacú le feidhmiúlachtaí athluchtaithe chliste agus, i gcás inarb iomchuí, leis an athluchtú déthreoch, agus ba cheart dóibh bearta a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir le feithiclí leictreacha agus ceallraí rannpháirt a ghlacadh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach sna seirbhísí solúbthachta. Le AFIR socraítear spriocanna sainordaitheacha maidir le cur chun úsáide le haghaidh bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ceanglaítear, ó thús 2024, go mbeidh gach pointe athluchtaithe nua nó athchóirithe atá inrochtana don phobal in ann athluchtú cliste a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh faoi dheireadh 2024 ar rannchuidiú féideartha an luchtaithe dhéthreoch chun costais úsáideoirí agus córais a laghdú agus sciar an leictreachais in‑athnuaite sa chóras leictreachais a mhéadú, agus, más gá, bearta iomchuí a dhéanamh. Leis an gcód líonra maidir le solúbthacht ar thaobh an tsoláthair atá le teacht, a bhfuiltear á dhréachtú faoi láthair, socrófar an creat rialála do rannpháirtíocht an luchtaithe dhéthreoch i seirbhísí eangaí in éineacht le teicneolaíochtaí eile ar mhaithe le solúbthacht a chur ar fáil arb é is aidhm dó sin aghaidh a thabhairt ar aon bhacainn rialála atá fágtha. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún an cód líonra a ghlacadh i gcaitheamh 2025.

(21)

Amhail an Fóram Iompair Inbhuanaithe agus an Sainghrúpa maidir le Fuinneamh Cliste

(22)

C/2023/1729 Moladh ón gCoimisiún an 14 Márta 2023 maidir le Stóráil Fuinnimh

(23)

Féadfar OCDanna beaga a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir nó córais bheaga iargúlta a dhíolmhú

(24)

Meastachán an Choimisiúin go mbeidh 2 558 OCD ann ar bhonn shonraí Eurelectric: Distribution grids in Europe, Facts and Figures 2020 , Nollaig 2020

(25)

Mar shampla, is féidir sonraí tomhais ó chlaochladáin, ó inbhéartóirí agus ó thomhaltóirí ar leibhéal ísealvoltais a úsáid mar ionchur i ríomhanna ar shreabhadh an lóid trínar féidir an tionchar a bhíonn ag naisc PV nua ar voltas agus lóid a ríomh bunaithe ar chúlchistí aonair na roinne eangaí comhfhreagraí, agus pleanáil forbartha eangaí a theorannú don méid atá ag teastáil iarbhír ( Distribution grids:  The energy transition’s backbone , Geode, mí na Bealtaine 2023)

(26)

Féach, mar shampla, iad siúd a ndearnadh imscrúdú orthu san Fhaireachlann um an Oibreoir Córais Dáileacháin 2022 de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) (caibidil 4.7), JRC, mí Aibreáin 2023

(27)

  CEER Views on Electricity Distribution Network Development Plans , CEER, mí na Samhna 2021

(28)

 https://energy.ec.europa.eu/system/files/2023-06/Conclusions%209th%20EIF_13%20June%20FINAL.pdf

(29)

  Power System of the Future:  Keys to delivering capacity on the distribution grid , Eurelectric, Meán Fómhair 2023

(30)

Féach samplaí ar leibhéal an dáileacháin sa Spáinn agus i bPoblacht na Seice

(31)

  Comhairle Rialálaithe Fuinnimh na hEorpa Paper on Alternative Connection Agreements , CEER, Bealtaine 2023

(32)

  The benefits of innovative grid technologies , CurrENT, mí na Nollag 2021

(33)

Mar shampla, mar gheall ar na leibhéil voltais níos airde (agus an sruth níos ísle), bíonn caillteanais líonra níos ísle i dtéarmaí coibhneasta in eangacha tarchurtha ná mar a bhíonn siad in eangacha dáileacháin: thart ar 0,5 %‑3 % in eangacha tarchurtha vs 2‑14 % in eangacha dáileacháin. Report on Power Losses , CEER, Márta 2020

(34)

An Fhaireachlann um Theicneolaíocht Fuinnimh Ghlain: Smart grids in the European Union [Eangacha cliste san Aontas Eorpach] , Airmheán Comhpháirteach Taighde, mí Dheireadh Fómhair 2023

(35)

  https://entsoe.eu/Technopedia/  

(36)

  Report on regulatory frameworks for European energy networks 2022 , CEER, mí Eanáir 2023

(37)

  Benefit-based incentive regulation to promote efficiency and innovation in addressing system needs , Florence School of Regulation, mí an Mheithimh 2023

(38)

  https://energy.ec.europa.eu/events/9th-energy-infrastructure-forum-2023-06-12_en  

(39)

  https://www.acer.europa.eu/Publications/ACER_electricity_network_tariff_report.pdf  

(40)

Úsáideann an Ciste don Nuachóiriú cuid de na hioncaim ó CTA AE chun tacú le hinfheistíochtaí i nuachóiriú na n‑eangach fuinnimh sna 13 Bhallstát den Aontas ar ioncam íseal. Le linn na tréimhse 2021-2023, beidh EUR 57 mbilliún ar fáil faoin gCiste don Nuachóiriú, ag glacadh leis go mbeidh praghas CTA AE EUR 75/tCO₂ ann.

(41)

  Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in‑athnuaite , IO L 335, 29.12.2022, lgh. 36–44

(42)

  Streamlining environmental assessment procedures for energy infrastructure Projects of Common Interest (PCIs) [Nósanna imeachta um measúnú comhshaoil a chuíchóiriú do Thionscadail Leasa Choitinn (TLCanna) a bhaineann le bonneagar fuinnimh] , an Coimisiún Eorpach, 2013

(43)

  Guidance on energy transmission infrastructure and EU nature legislation [Treoraíocht maidir le bonneagar tarchurtha fuinnimh agus reachtaíocht dúlra an Aontais] , an Coimisiún Eorpach, 2018

(44)

  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim Tacaíochta Teicniúla IO L 57, 18.2.2021, lgh. 1–16

(45)

COM(2023) 669 final An Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe

(46)

  Treoir (AE) 2022/2557 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil  

(47)

  Moladh (AE) 2019/553 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2019 maidir le cibearshlándáil in earnáil an fhuinnimh

(48)

  Treoir (AE) 2022/2555 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais

(49)

  Forbairtí i ndáil le riachtanais scileanna, córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna san earnáil leictreachais atá ag athrú , ag an gCeardchumann Eorpach industriAll, Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann Seirbhíse Poiblí (EPSU) agus Eurelectric, le tacaíocht ón Aontas

(50)

Féach ar imscrúdú trádála ar cháblaí snáithíní optúla a osclaíodh le déanaí, in IO C 2023/891 Fógra tionscnaimh faoi cháblaí snáithíní optúla

(51)

Rialachán (AE) 2019/452 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach a scagadh

(52)

  https://interopera.eu/  

(53)

E.g. Clár TenneT 2 GW d’eangacha amach ón gcósta ( https://www.tennet.eu/about-tennet/innovations/2gw-program )

(54)

  Conclúidí imeacht ENTSO-E dar teideal ‘Future of our Grids’ seisiún 3 ar ‘People and procurement’