An Bhruiséil,18.10.2023

COM(2023) 730 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

AN SÉÚ TUARASCÁIL FAOIN SÁSRA LENA gCUIRTEAR TARSCAOILEADH VÍOSAÍ AR FIONRAÍ


Clár

RÉAMHRÁ

I.TÍORTHA I gCOMHARSANACHT AN AONTAIS

1.Tíortha atá saor ó víosa ar feadh tréimhse is gairide ná 7 mbliana

AN tSEOIRSIA

AN ÚCRÁIN

2.Tíortha a bhí saor ó víosa ar feadh tréimhse is faide ná 7 mbliana

AN ALBÁIN

AN BHOISNIA AGUS AN HEIRSEAGAIVÉIN

POBLACHT NA MOLDÓIVE

MONTAINÉAGRÓ

AN MHACADÓIN THUAIDH

AN tSEIRBIA

II.TÍORTHA EILE ATÁ SAOR Ó VÍOSA

TÍORTHA SAOR Ó VÍOSA A OIBRÍONN SCÉIMEANNA SAORÁNACHTA D’INFHEISTEOIRÍ

VANUATU

STÁIT I MUIR CHAIRIB THOIR

CONCLÚID


RÉAMHRÁ

Tá léirscaoileadh víosaí ina chuid lárnach de chomhar an Aontais maidir le himirce, slándáil agus ceartas. Leis sin éascaítear soghluaisteacht agus teagmháil idir dhaoine.

Ceanglaítear ar an gCoimisiún le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2018/1806 (an ‘Rialachán Víosaí’) 1 faireachán iomchuí a áirithiú ar chomhlíonadh leanúnach na gceanglas maidir le tarscaoileadh víosa ag na tíortha sin a bhfuair a gcuid náisiúnach rochtain gan víosa ar an Aontas tar éis dóibh idirphlé maidir leis an léirscaoileadh víosa a chur i gcrích go rathúil. Chuige sin, ó bhí 2017 ann ghlac an Coimisiún cúig thuarascáil faoin Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí 2 , lena gcumhdaítear na tíortha saor ó víosa sna Balcáin Thiar (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an tSeirbia) agus i gComhpháirtíocht an Oirthir (an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive – dá dtagraítear thíos mar an Mholdóiv –, agus an Úcráin).

Ag tógáil ar thorthaí na dtuarascálacha sin, agus ar an bhfaireachán foriomlán ar na córais taistil gan víosa atá i bhfeidhm ag an Aontas ar fud an domhain 3 , ghlac an Coimisiún an 30 Bealtaine 2023 Teachtaireacht 4 lenar cuireadh i dtábhacht na príomhdhúshláin i réimsí na himirce neamhrialta agus na slándála atá nasctha le feidhmiú córas taistil gan víosa agus príomheasnaimh an tsásra atá ann faoi láthair lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí, agus comhairliúchán poiblí á leagan amach maidir leis na bealaí féideartha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus feabhas a chur ar an sásra.

Bhain ceann de na gnéithe a chumhdaítear leis an Teachtaireacht leis an ngá le faireachán treisithe a dhéanamh ar thíortha saor ó víosa, i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 9 Feabhra 2023 5 . Mar a fógraíodh sa litir ón Uachtarán von der Leyen chuig an gComhairle Eorpach an 20 Márta 2023, tá togra reachtach á chur i láthair inniu ag an gCoimisiún chun an sásra lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí a athbhreithniú 6 chomh maith le tuarascáil straitéiseach agus chuimsitheach nua maidir leis an sásra lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí. Ar cheann de phríomhchuspóirí an togra áirítear cúraimí faireacháin agus tuairiscithe an Choimisiúin a neartú, agus féidearthacht shainráite á tabhairt isteach chun go gcumhdófar leis an tuarascáil lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí limistéir gheografacha eile lastall de thíortha comharsanacha an Aontais, lena ndírítear ar na tríú tíortha sin a bhfuil fadhbanna sonracha ag baint leo, as a bhféadfaidh spreagadh an tsásra fionraíochta teacht mura dtugtar aghaidh orthu.

Ar thaobh amháin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2018/1806, leis an tuarascáil déantar measúnú ar an gcomhlíontacht leanúnach leis na ceanglais maidir le léirscaoileadh víosaí de chuid na dtíortha a chuir idirphlé maidir le léirscaoileadh víosa i gcrích tréimhse is gairide ná 7 mbliana ó shin (an tSeoirsia agus an Úcráin). Ar an taobh eile, an tuairisciú ar na tíortha a chuir idirphlé maidir le léirscaoileadh víosa i gcrích tréimhse is faide ná 7 mbliana ó shin (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Mholdóiv, Montainéagró agus an tSeirbia) 7 , dírítear é ar dhúshláin shonracha atá nasctha leis na córais taistil gan víosa leis na tíortha sin, amhail ailíniú an bheartais víosaí, scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí, comhar um athligean isteach agus iarratais ar thearmann gan bhunús.

Le haghaidh na n‑ocht dtír uile, saincheisteanna a bhaineann le tagarmharcanna ar a dtugtar aghaidh trí an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosa a chuir na tíortha i gcrích, déantar measúnú orthu mar chuid de phróiseas an mhéadaithe, faoi Chaibidil 23, na Breithiúna agus Cearta Bunúsacha, agus Caibidil 24, Ceartas agus Gnóthaí Baile, agus tuairiscítear orthu ar bhealach domhain sa phacáiste bliantúil um méadú ón gCoimisiún atá le teacht. Go háirithe, leis an bpacáiste um méadú tuairiscítear freisin go mionsonraithe ar na hiarrachtaí ó thíortha is iarrthóirí agus ó iarrthóirí ionchasacha chun neartú a dhéanamh ar an smacht reachta agus an t‑éilliú a chomhrac. Is codanna iad sin de na ‘prionsabail bhunúsacha’ mar a thugtar orthu, ar bunchloch den phróiseas aontachais iad agus lena gcinnfear luas foriomlán na gcomhpháirtithe ar a gconair i dtreo an Aontais.

Maidir leis na Balcáin Thiar, leis an tuarascáil tógtar ar chur chun feidhme leanúnach Phlean Gníomhaíochta an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an imirce feadh an bhealaigh a thug an Coimisiún i láthair an 5 Nollaig 2022 8 . Leis an bPlean Gníomhaíochta freagraíodh, i measc dúshláin eile, do bhorradh na himirce neamhrialta chuig an Aontas trí bhealach na mBalcán Thiar in 2022. Tháinig trasnuithe méadaithe theorainneacha seachtracha na mBallstát – go méid áirithe – as gluaiseachtaí tánaisteacha daoine a bhí ag dul tríd an réigiún agus imircigh gan víosa sna Balcáin Thiar a bhí ag taisteal ar aghaidh chuig an Aontas. Bhí an Plean Gníomhaíochta ina chuidiú lena áirithiú gur tháinig laghdú ar an líon imirceach, agus tá sé mar aidhm aige gníomhaíocht choiteann chomhordaithe a fhorbairt ar leibhéal an Aontais mar aon le comhar a neartú a thuilleadh idir an tAontas agus comhpháirtithe na mBalcán Thiar maidir le cúrsaí imirce. Leis an bPlean Gníomhaíochta cumhdaítear bainistiú teorainneacha, acmhainní tearmainn agus acmhainneachtaí glactha, smuigleáil imirceach a chomhrac, comhar um athligean isteach agus filleadh chomh maith le hailíniú an bheartais víosaí.

Ar an iomlán, coinníodh luas maith baint amach ar bun sna réimsí beartais sin uile, a bhuí le rannpháirtíocht agus for‑rochtain fheabhsaithe chuig comhpháirtithe uile na mBalcáin Thiar ar na leibhéil uile. Mar sin féin, is gá leanúint den obair ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta. Leanann imirce neamhrialta de bheith ina phríomhdhúshlán le haghaidh chomhpháirtithe na mBalcán Thiar. Is tosaíochtaí fós iad smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac. Cé gur tugadh ceanglais víosa isteach an athuair sa réigiún le haghaidh príomhnáisiúntachtaí áirithe a bhí taobh thiar den mhéadú ar imircigh neamhrialta in 2022, is gá ailíniú breise ar víosaí a áirithiú. Chuir an Coimisiún dlús lena thacaíocht airgeadais agus an cistiú iomlán le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le himirce sa réigiún faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) cothrom le EUR 291,9 milliún (2021‑2023).

In 2023, ón 31 Lúnasa, cláraíodh 62 967 dtrasnú teorann neamhrialta ar theacht isteach i mBallstáit an Aontais feadh bhealach na mBalcán Thiar 9 . Seasann sin do laghdú 28 % i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022, rud a thagann den chuid is mó as próiseas leanúnach an ailínithe ó thaobh víosaí de chuid pháirtithe na mBalcán Thiar. Tá Siriaigh, Afganastánaigh agus Turcaigh ar na príomhnáisiúntachtaí a fheictear ar an mbealach.

Leis an tuarascáil baintear leas as rannchuidithe as na hocht dtír a chumhdaítear, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus toscaireachtaí an Aontais, na gníomhaireachtaí ábhartha um cheartas agus gnóthaí baile de chuid an Aontais 10 agus na Ballstáit. Sholáthair 17 mBallstát rannchuidithe ar shamplaí ábhartha comhair leis na tíortha i gceist, i réimsí na himirce agus na slándála. Leis na rannchuidithe sin tugadh eolas maidir leis na measúnuithe ábhartha atá sa tuarascáil.

Leis an séú tuarascáil déantar measúnú ar ghníomhaíochtaí a rinne na tíortha lena mbaineann in 2022, agus tabhairt cothrom le dáta ann le haghaidh 2023, i gcás ina meastar go bhfuil tionchar suntasach orthu ar mholtaí na bliana seo. Tuairiscítear freisin inti ar an gcomhar oibriúcháin leis an Aontas agus leis na Ballstáit 11 , agus áirítear inti forbhreathnú ar threochtaí imirce 12 lena léirítear sonraí Eurostat le haghaidh bhliain staidrimh 2022, lena n‑áirítear athruithe i gcomparáid le 2021.

Mar a fógraíodh i dTeachtaireacht an 30 Bealtaine 2023, agus an cur chuige nua a leagtar amach sa togra reachtach maidir leis an athbhreithniú ar an sásra fionraíochta á chur chun feidhme cheana, leis an tuarascáil cumhdaítear, den chéad uair, limistéir gheografacha eile lastall de thíortha i gcomharsanacht an Aontais,  agus dírítear inti ar thíortha saor ó víosa inar tháinig saincheisteanna sonracha chun cinn agus inar féidir go mbeidh gá le tuilleadh comhair chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce agus/nó slándála shonracha ar a bhféadfaí measúnú a dhéanamh faoin sásra lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí. Agus obair leantach á déanamh ar cheann de na príomhdhúshláin a shainaithnítear sa Teachtaireacht thuasluaite, le Roinn II den tuarascáil déantar measúnú ar na tíortha saor ó víosa a oibríonn scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí. Scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí (nó cláir saoránachta trí infheistíocht, dá ngairtear ‘pasanna órga’ go comónta freisin) arna reáchtáil ag tríú tíortha ag a bhfuil rochtain gan víosa ar an Aontas, féadfaidh roinnt rioscaí slándála a bheith ag baint leo le haghaidh an Aontais. Leis na scéimeanna sin deonaítear cearta saoránachta ar bhonn infheistíochtaí áitiúla nó ar bhuntáille, agus ceanglais chónaithe ísle ann nó gan aon cheanglas cónaithe ann, seiceálacha slándála laga ann gan aon fhíornasc ann leis an tríú tír i gceist. Is minic a fhógraíonn na tríú tíortha lena mbaineann na scéimeanna sin mar ‘pasanna órga’ arb é is cuspóir sainráite dó sin taisteal gan víosa chuig an Aontas a cheadú do náisiúnaigh tríú tír a gceanglófaí víosa lena n‑aghaidh ar bhealach eile. Leis na scéimeanna sin is féidir a cheadú dá dtairbhithe dul timpeall ar nós imeachta víosa Schengen tráthrialta agus an measúnú domhain ar rioscaí imirceacha agus slándála aonair a bhaineann leis sin, lena n‑áirítear seachaint beart fhéideartha chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc 13 .

Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na tríú tíortha uile saor ó víosa a oibríonn scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí.  Faoi láthair, tá grinnscrúdú dlúth á dhéanamh ar roinnt tríú tíortha saor ó víosa de dheasca na rioscaí ionchasacha a bhaineann lena scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí, nó lena bpleananna chun na scéimeanna sin a bhunú.



I.TÍORTHA I gCOMHARSANACHT AN AONTAIS

1.Tíortha atá saor ó víosa ar feadh tréimhse is gairide ná 7 mbliana

AN tSEOIRSIA

1.Ailíniú an bheartais víosaí

Tá córas taistil gan víosa ag an tSeoirsia le 24 thír atá ar liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas víosa 14 : an Airméin, an Afraic Theas, an Araib Shádach, an Asarbaiseáin, Bairéin, an Bhealarúis, an Bheilís, an Bhotsuáin, an Chasacstáin, Catar, an Chirgeastáin, Cuáit, Eacuadór, an Iaráin, an Iordáin, an Liobáin, Óman, an Phoblacht Dhoiminiceach, an Rúis, an Táidsíceastáin, an Téalainn, an Tuirc, an Tuircméanastáin agus an Úisbéiceastáin.

Ní dhearna an tSeoirsia aon dul chun cinn i dtreo tuilleadh ailínithe ar an mbeartas víosaí in 2022.

2.Slándáil doiciméad, lena n‑áirítear bithmhéadracht

Tá pasanna bithmhéadracha eisithe ag an tSeoirsia ó bhí 2010 ann. Cuirfear deireadh le pasanna neamh‑bhithmhéadracha go hiomlán faoin 1 Eanáir 2025, nuair a rachaidh na cinn dheireanacha atá i gcúrsaíocht faoi láthair in éag. Mar chuid den chomhar le Interpol, malartaíonn an tSeoirsia faisnéis maidir le pasanna a cailleadh agus a goideadh.

3.Bainistiú comhtháite teorainneacha, bainistiú imirce, tearmann

Lean an tSeoirsia d’iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le hiarratais ar thearmann gan bhunús arna gcomhdú ag a saoránaigh sna Ballstáit. Bunaithe ar dhlí nua dul isteach/imeachta a tháinig i bhfeidhm in Eanáir 2021, in 2022 rinne údaráis na Seoirsia ‘seiceálacha rialaithe imeachta’ ag pointí trasnaithe teorann na Seoirsia. Tuairiscíonn an tSeoirsia gurb amhlaidh le linn na tréimhse 2021/2022 a ceadaíodh leis an gcóras sin cosc a chur le himeachtaí 4 677 saoránach san iomlán den tSeoirsia a measadh go raibh riosca imirce neamhrialta ag baint leo le haghaidh an Aontais.

Rinne údaráis na Seoirsia tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin trí ionchúiseamh coiriúil daoine agus grúpaí a raibh baint acu le smuigleáil imirceach, lena n‑áirítear iad sin a raibh baint acu le faisnéis bhréagach a sholáthar maidir le hionchais chun iarratais rathúla ar thearmann a chur isteach san Aontas. Mar sin féin, leanann an líon daoine a cúisíodh go héifeachtach de bheith íseal (11 in 2022).

Téann an tSeoirsia i gcomhar go tráthrialta leis na Ballstáit lena mbaineann den Aontas maidir le saincheisteanna a bhaineann le taisteal gan víosa, lena n‑áirítear cosc a chur le fanacht neamhrialta saoránach den tSeoirsia. In 2022, leis an gcomhar sin áiríodh imscaradh 16 oifigeach póilíneachta i mBallstáit áirithe den Aontas, chun cúnamh a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí áitiúla, agus rinneadh ocht n‑oibríocht chomhpháirteacha.

Tá comhar tráthrialta ag an tSeoirsia le Frontex, bunaithe ar Shocrú Oibre maidir le comhar oibríochtúil a athnuadh in 2021. Imscartar roinnt oifigigh Frontex chuig pointí trasnaithe teorann ar talamh agus ar muir agus chuig aerfoirt idirnáisiúnta Tbilisi agus Kutaisi chomh maith leis sin. Imscaradh oifigigh phóilíneachta de chuid na Seoirsia chuig aerfoirt Ballstát lena mbaineann den Aontas freisin. Tá sé de phríomhchuspóir ag an gcomhar sin cosc a chur ar shaoránaigh na Seoirsia taisteal gan víosa a mhí‑úsáid, lena n‑áirítear trí iarratais ar thearmann gan bhunús a thaisceadh.  

Chuaigh an tSeoirsia i ndlúthchomhar leis na Ballstáit maidir le hathligean isteach. Ar an meán, tá ráta na gcinntí dearfacha ó údaráis na Seoirsia maidir le hiarrataí ar athligean isteach cothrom le 98 % le haghaidh na tréimhse iomláine 2017‑2022. Chuaigh an tSeoirsia i ndlúthchomhar freisin maidir le filleadh, lena n‑áirítear maidir le heitiltí aisdúichithe chun críoch fillte. In 2022 ghlac tionlacaithe na Seoirsia páirt in oiliúint Frontex maidir le hoibríochtaí um fhilleadh lena mbailítear daoine 15 , chun na caighdeáin AE is airde a áirithiú le linn chur chun feidhme na n‑oibríochtaí sin. D’fháiltigh roinnt Ballstát chomh maith le Frontex roimh an dea‑chomhar leis an tSeoirsia maidir le heitiltí aisdúichithe a úsáid chun críoch fillte.

4.Faireachán ar threochtaí san imirce neamhrialta, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, filleadh agus athligean isteach 

In 2022, tháinig méadú 81 % ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnaigh de chuid na Seoirsia sna Ballstáit i gcomparáid le 2021, agus taisceadh 26 450 iarratas in 2022 (14 635 in 2021). Tháinig méadú ar an ráta aitheantais 16 ó 5 % in 2021 go 7 % in 2022.

In 2022, rinne náisiúnaigh de chuid na Seoirsia 25 thrasnú teorann neamhrialta chuig na Ballstáit. In 2022, tháinig méadú 87 % ar an líon náisiúnach de chuid na Seoirsia ar cinneadh go raibh siad ag fanacht go neamhrialta sna Ballstáit, agus 21 910 duine i gceist in 2022 in aghaidh 11 695 in 2021. Tháinig méadú 31 % ar an líon diúltuithe cead isteach a eisíodh do náisiúnaigh de chuid na Seoirsia ó 3 030 in 2021 go 3 970 in 2022.

In 2022, maidir leis an líon cinntí um fhilleadh a eisíodh do náisiúnaigh de chuid na Seoirsia, tháinig méadú 50 % air (16 275 in 2022 i gcomparáid le 10 820 in 2021), mar a tharla ar an líon daoine a filleadh (7 760 in 2022 i gcomparáid le 4 935 in 2021, ar méadú 57 % é sin). Cuireadh feabhas beagán ar an ráta fillte, ó 46 % in 2021 chuig 48 % in 2022.

Foinse: Eurostat

5.Ord poiblí agus an tslándáil

Lean an tSeoirsia dá hiarrachtaí chun an t‑éilliú a chomhrac. In 2022, ghlac an Pharlaimint reachtaíocht lena mbunaítear an Biúró Frith‑Éillithe, gníomhaireacht a bhfuil forbairt beartais in aghaidh an éillithe agus faireachán ar a chur chun feidhme faoina cúram. Áirítear lena inniúlacht faireachán a dhéanamh ar dhearbhuithe sócmhainní oifigeach ardleibhéil agus gníomhaíochtaí airgeadais páirtithe polaitiúla, sceithirí eolais a chosaint, chomh maith le coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a chosc in institiúidí poiblí.

Tá an creat le haghaidh comhordú beartas i bhfeidhm, ach níor tháinig príomhardán comhordúcháin an bheartais in aghaidh an éillithe, an Chomhairle Frithéillitheachta Náisiúnta, le chéile ó bhí 2019 ann. De bhun bhunaíocht an Bhiúró Frith‑Éillithe, sannadh roinnt gnéithe de chomhordú beartas don Bhiúró. Sainorduithe an Bhiúró agus na Comhairle, go háirithe sna réimsí a bhaineann le forbairt beartas agus faireachán, is gá iad a léiriú go soiléir. I ndeireadh mhí Mheán Fómhair 2023, sheol an tSeoirsia iarraidh ar thuairim chuig Coimisiún na Veinéise maidir leis na dlíthe atá aige cheana maidir leis an mBiúró Frith‑Éillithe agus leis an tSeirbhís Imscrúdaithe Speisialta a chur ar bun.

Ar an leibhéal oibríochtúil, is í Gníomhaireacht Frith‑Éillithe Sheirbhís Slándála Stát na Seoirsia (SSSG) atá freagrach as an éilliú a chomhrac. Rinne Biúró na Seirbhíse Sibhialta an cúram freisin, a thacaíonn le cur chun feidhme an bheartais in aghaidh an éillithe i measc státseirbhíseach sa tSeoirsia, arb é ceann de na príomhfhreagrachtaí dá chuid bainistíocht a dhéanamh ar an scéim dearbhaithe sócmhainní agus leasa le haghaidh oifigigh phoiblí. Sna chéad 9 mí de 2022, rinneadh 115 dhuine san iomlán a ionchúiseamh in éilliú agus ciontaíodh 95 díobh. Tá an fhreagracht as dearbhuithe sócmhainní aistrithe chuig an mBiúró Frith‑Éillithe anois.

Tá an t‑éilliú ardleibhéil ina réimse a bhfuil aghaidh le tabhairt air fós agus go háirithe an dúshlán a bhaineann le leasanna dílsithe mórscála agus a dtionchar sna réimsí polaitiúla, breithiúnacha agus eacnamaíocha araon. I mí Feabhra 2023, tharraing an tSeoirsia siar ó líonra faireacháin ECFE in aghaidh an éillithe le haghaidh Oirthear na hEorpa agus na hÁise Láir (ECFE/CAN).

Is stát rannpháirteach í an tSeoirsia den Ghrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO). Chuir sí ocht gcinn de na 16 mholadh atá sa Cheathrú Babhta den Tuarascáil Mheastóireachta chun feidhme nó dhéileáil sí leo. I mí na Bealtaine 2023, chuir an tSeoirsia chun feidhme moladh GRECO amháin a bhí fós le réiteach trí raon feidhme an chórais dearbhaithe sócmhainní a leathnú chun na hionchúisitheoirí uile a chumhdach. Tá moladh maidir le díolúine breithiúna a theorannú chuig gníomhaíochtaí a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcinnteoireacht bhreithiúnach (‘díolúine fheidhmiúil’) fós le cur chun feidhme.

Rinne an tSeoirsia iarracht chun feabhas a chur ar na huirlisí dlí maidir leis an troid in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta, trí chumhachtaí na Seirbhíse Faireacháin Airgeadais (SFA) a mhéadú agus Buan‑Choimisiún Idirghníomhaireachta a chruthú. Cuirtear de chúram ar an gcoimisiún an Straitéis AML/CFT agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta a fhorbairt agus a chur faoi bhráid an rialtais le haghaidh na tréimhse 2023‑2025. Reáchtáladh an chéad seisiún oibre den choimisiún an 20 Meán Fómhair 2022. Ar an leibhéal oibríochtúil, glacadh treoirlínte nua i mí na Bealtaine 2022 maidir le hairgeadra fíorúil a urghabháil, rud a úsáideann imscrúdaitheoirí agus ionchúisitheoirí go minic anois i gcásanna coiriúla maidir le sciúradh airgid.

Maidir le comhrac na sceimhlitheoireachta, i mí Eanáir 2022 glacadh Straitéis Frithsceimhlitheoireachta Náisiúnta nua 2022‑2026 agus a Plean Gníomhaíochta comhfhreagrach. Leis an straitéis áirítear glacadh sásra um smachtbhannaí airgeadais agus cuirtear san áireamh moltaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus moltaí Thuarascáil 2020 ó Moneyval maidir leis an tSeoirsia 17 . Lean Seirbhís Slándála Stát na Seoirsia (SSSG) de dhul i gcomhar go gníomhach le Europol, agus chuaigh sí isteach san Fhoireann Chomhpháirteach Idirchaidrimh Frithsceimhlitheoireachta (CT JLT) agus ghlac sí páirt i dtionscadail anailíseacha lena n‑áirítear an Clár um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú (TFTP).

Faoin Straitéis Náisiúnta um an gCoireacht Eagraithe a Chomhrac 2021‑2024, tá a n‑iarrachtaí á ndíriú ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí na Seoirse maidir le dul i ngleic leis an gcibearchoireacht agus le gáinneáil ar dhrugaí i dtreo an Aontais, agus gáinneáil ar dhrugaí ina foinse brabús mór le haghaidh grúpaí coiriúla. Thuairiscigh an tSeoirsia méadú ar an bpearsanra ábhartha in 2022, iarracht chun an comhar idirghníomhaireachta a mhéadú agus seoladh feachtas feasachta poiblí, go háirithe maidir le contúirtí nasctha leis an gcibearchoireacht. Rinne an tSeoirsia iarrachtaí freisin chun na coincheapa ‘Póilíneacht Dírithe ar an bPobal agus Póilíneacht Bunaithe ar Fhaisnéis’ a thabhairt isteach ina gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, bunaithe i measc nithe eile ar thorthaí an tionscadail arna chistiú ag an Aontas ‘Tacaigh leis an gComhrac in aghaidh na Coireachta Eagraithe sa tSeoirsia’ 18 .

Coinníonn an tSeoirsia líonra d’ataiséanna póilíneachta ar bun i roinnt Ballstát den Aontas agus Oifig Idirchaidrimh ag Europol. Tá an‑dlúthchomhar ann leis an Lárionad Eorpach um Choireacht Thromchúiseach agus Eagraithe (ESOCC) de Europol, a dhéileálann le grúpaí coiriúla atá bunaithe sna tíortha a chumhdaítear le Comhpháirtíocht an Oirthir. Tá an tSeoirsia rannpháirteach go gníomhach freisin i ngníomhaíochtaí an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT). In 2022, ghlac an tSeoirsia páirt in 8 bPlean Gníomhaíochta Oibriúcháin as 15 agus ainmníodh Comhordaitheoir Náisiúnta EMPACT (NEC). An 22 Meitheamh 2022 síníodh Socrú Oibre le CEPOL, rud a cuireadh in ionad an Chomhaontaithe Comhair roimhe sin.

I mí Mheán Fómhair 2022, shínigh an tSeoirsia an dara doiciméad socraithe oibre maidir le comhar teicniúil leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA). Tá roinnt córais bailiúcháin sonraí náisiúnta le fáil sa tSeoirsia, agus cuid acu comhoiriúnach le prótacail EMCDDA.

Tá an tSeoirsia ina tairbhí freisin den tionscadal ‘EMCDDA4GE’, rud atá dírithe ar aistriú eolais agus fothú acmhainneachta sna réimsí a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar dhrugaí agus ar iad a thuairisciú, a chosc agus a chóireáil.

An 28 Meán Fómhair 2022, thug an tSeoirsia socrú oibre i gcrích le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Mar chuid dá comhar le Eurojust, in 2022 ghlac an tSeoirsia páirt in dhá fhoireann chomhpháirteacha imscrúdaithe le contrapháirtithe an Aontais. Cheap an tSeoirsia Ionchúisitheoir Idirchaidrimh ag Eurojust.

6.Caidreamh seachtrach agus cearta bunúsacha

Sa Chúigiú Tuarascáil maidir leis an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí, mhol an Coimisiún go n‑ailíneodh an tSeoirsia an nós imeachta chun breithiúna na Cúirte Uachtaraí a cheapadh le moltaí Choimisiún na Veinéise 19 , agus go nglacfadh sí reachtaíocht agus go gcuirfeadh sí chun feidhme í lena ndéantar meastóireacht ar shláine agus feidhmíocht bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí.

Níor chuir an tSeoirsia na moltaí ábhartha ó Choimisiún na Veinéise chun feidhme go hiomlán fós. Ceart éifeachtach ar achomharc le haghaidh iarrthóirí i nós imeachta ceapacháin bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, tá an méid sin fós le háirithiú trí chineál ceangailteach chinneadh na Cúirte Uachtaraí a shoiléiriú le haghaidh na hArd‑Chomhairle Ceartais. Níor thionscain an tSeoirsia an próiseas a bhaineann le reachtaíocht a ullmhú maidir le seiceálacha sláine breise le haghaidh bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí agus saineolaithe idirnáisiúnta ag a bhfuil vóta réitigh rannpháirteach ann.

Sa Chúigiú Tuarascáil maidir leis an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí, mhol an Coimisiún freisin go n‑áiritheodh an tSeoirsia neamhspleáchas a húdaráis cosanta sonraí, an tSeirbhís um Chosaint Sonraí Pearsanta (PDPS). Glacadh dlí nua maidir le cosaint sonraí i mí an Mheithimh 2023 agus seoladh chuig Coimisiún na Veinéise é chun a thuairim a fháil i mí Mheán Fómhair 2023. Is é is aidhm don dlí reachtaíocht na Seoirsia a ailíniú le acquis an Aontais agus ar an iomlán déantar foráil leis maidir le feabhsuithe i gcomparáid le dlí 2011. Mar sin féin, tá aghaidh le tabhairt fós ar roinnt saincheisteanna, go háirithe maidir le rialacha maidir le haistrithe sonraí idirnáisiúnta agus díolúintí áirithe ó chearta cosanta sonraí nó teorainneacha áirithe leo.

7.Moltaí

Ar an iomlán, leanann an tSeoirsia de na tagarmharcanna léirscaoilte víosaí a chomhlíonadh agus tá gníomhaíocht déanta aici chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe seo. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí. Go háirithe, tá gá le haghaidh a thabhairt a thuilleadh ar na saincheisteanna seo a leanas:

a)Beartas víosaí na Seoirsia a ailíniú le liosta an Aontais de na tríú tíortha lena mbaineann ceanglas víosa, go háirithe maidir le tíortha a bhfuil rioscaí imirce neamhrialta nó slándála ag baint leo le haghaidh an Aontais.

b)Dlús a chur le gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le hiarratais ar thearmann gan bhunús agus fanachtaí neamhrialta sna Ballstáit.

c)Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí Phlean Gníomhaíochta Oibriúcháin EMPACT maidir le Smuigleáil Imirceach.

d)Oifig um Aisghabháil Sócmhainní agus Oifig Bainistíochta Sócmhainní a chur ar bun, agus dlús a chur le hiarrachtaí aisghabhála sócmhainní ó rianú, reo, bainistíocht, coigistiú agus diúscairt sócmhainne.

e)Straitéis Frithéillitheachta agus Plean Gníomhaíochta nua a ghlacadh, agus acmhainní leordhóthanacha á n‑áirithiú le haghaidh a gcur chun feidhme agus aird ar leith á tabhairt ar chásanna éillitheachta ardleibhéil a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú.

f)A áirithiú gurb amhlaidh le reachtaíocht maidir leis an mBiúró Frith‑Éillithe a thugann an tSeirbhís Imscrúdaithe Speisialta agus an tSeirbhís um Chosaint Sonraí Pearsanta aghaidh ar na moltaí ó Choimisiún na Veinéise.



AN ÚCRÁIN

An 24 Feabhra 2022, thosaigh an Rúis a cogadh foghach iomlán in aghaidh na hÚcráine. Thug an tAontas Eorpach agus an pobal idirnáisiúnta freagairt aontaithe air sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Is é a bhí mar phríomh‑chomhchuid den fhreagairt sin an cinneadh d’aon toil ó na Ballstáit maidir le togra ón gCoimisiún chun an Treoir um Chosaint Shealadach (TPD) a ghníomhachtú 20 , lenar deonaíodh cosaint shealadach do náisiúnaigh de chuid na hÚcráine (agus catagóirí eile daoine) a bhí easáitithe ón Úcráin an 24 Feabhra 2022 nó ina dhiaidh sin. Chomhaontaigh an Chomhairle an 28 Meán Fómhair 2023, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, síneadh a chur le TPD ón 4 Márta 2024 go dtí an 4 Márta 2025.

Ó shin i leith, leis an gcóras taistil gan víosa idir an tAontas agus an Úcráin éascaíodh taisteal chuig an Úcráin agus uaithi, agus tacaíocht á tabhairt do chosaint shealadach a chur chun feidhme san Aontas.

1.Ailíniú an bheartais víosaí

Tá córas taistil gan víosa ag an Úcráin le 15 thír atá ar liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas víosa: An Airméin, an Araib Shádach, an Asarbaiseáin, Bairéin, an Bhealarúis, an Chasacstáin, Catar, an Chirgeastáin, Cuáit, Eacuadór, an Mhongóil, Óman, an Táidsíceastáin, an Tuirc agus an Úisbéiceastáin.

Ní dhearnadh aon dul chun cinn i dtreo níos mó ailínithe le liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas víosa in 2022.

2.Slándáil doiciméad, lena n‑áirítear bithmhéadracht

Tá pasanna bithmhéadracha á n‑eisiúint ag an Úcráin ó 2015. Eisíodh na pasanna neamh‑bhithmhéadracha deireanacha in 2016, agus tá sé beartaithe iad a chéimniú amach go hiomlán in 2026 nuair a rachaidh siad in éag.

Oibríochtaí na Seirbhíse Imirce Stáit (SMS), atá mar chuid den Aireacht Gnóthaí Baile, a bhfuil pasanna faoina cúram, cuireadh ar fionraí iad an 24 Feabhra 2022, ach tosaíodh arís iad nuair a aistríodh an trealamh ba ghá chuig críoch shlán. Faoi láthair, tá córais faisnéise uile SMS ag feidhmiú ar bhonn tráthrialta, seachas i gcríocha faoi fhorghabháil neamhdhleathach na Rúise.

An 28 Feabhra 2022, glacadh beart eisceachtúil, lena ndearnadh foráil maidir le síneadh a chur le bailíocht pasanna ar feadh suas le 5 bliana agus cártaí grianghraif leanaí a chur isteach i bpasanna a dtuismitheoirí, chun a cheadú do shaoránaigh na hÚcráine taisteal chuig an Aontas. An 18 Deireadh Fómhair 2022, leathnaíodh an nós imeachta sealadach sin chun go gcumhdófaí cásanna ina raibh gá le taisteal éigeandála, e.g. géarghá le cóir leighis nó bás gaoil ar an gcoigríoch.

Malartú faisnéise maidir le doiciméid atá goidte nó caillte idir údaráis ábhartha na hÚcráine agus tarchur na faisnéise sin chuig bunachair sonraí INTERPOL maidir le doiciméid atá goidte agus caillte, rinneadh gan cur isteach é, lena n‑áirítear tar éis thús chogadh foghach na Rúise.

3.Bainistiú comhtháite teorainneacha, bainistiú imirce, tearmann

Le hionradh iomlán agus cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine spreagadh an ghluaisteacht imirceach is mó san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. Cuireadh iallach ar na milliúin Úcránach a n‑áiteanna cónaithe a fhágáil agus dul ar an gcoigríoch nó chuig réigiúin thiar na hÚcráine. Tá staid easáitithe daoine lena ndéantar difear de dheasca chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine de shíor ag athrú, de réir forbairt naimhdis.

Tar éis an 24 Feabhra 2022, bhí tionchar ag an mbainistíocht ar theorainneacha na hÚcráine de dheasca fhogha na Rúise. Bhí limistéir theorann áirithe faoi fhorghabháil na Rúise, tháinig cinn eile chun bheith ina limistéar cogaidh. I limistéir atá ag comhroinnt teorann leis an Rúis, leis an mBealarúis agus le cuid na Tras‑dnístria den teorainn leis an Moldóiv, dúnadh an 111 phointe trasnaithe uile ar chúiseanna slándála. Cailleadh (gabhadh nó scriosadh) cainníochtaí suntasacha de threalamh speisialaithe. Cé go raibh gardaí teorann de chuid na hÚcráine, cosúil le hinstitiúidí eile san earnáil gnóthaí baile go mór i mbun iarrachtaí cosanta agus cosanta sibhialta na tíre, bhí seicphointí teorann fós éifeachtach, agus athléimneacht agus acmhainní oibríochtúla ar leith á léiriú leo.

Cuireadh tús leis an ullmhúchán ar Phlean Gníomhaíochta bainistithe teorainneacha comhtháite nua le haghaidh 2023‑2025 agus ba cheart aghaidh a thabhairt leis sin ar athchóiriú bhainistiú teorainneacha na gcodanna de theorainn an stáit nach bhfuil faoi fhorghabháil. Go dtí go nglacfar Plean Gníomhaíochta nua, leantar den obair ar na gníomhaíochtaí atá fós le réiteach de Phlean Gníomhaíochta 2020‑2022.

I gcúinsí cogaidh tar éis an 24 Feabhra 2022, lean an Úcráin den chomhar maidir le bainistiú teorainneacha le comhpháirtithe an Aontais, leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí an Aontais araon, go háirithe Frontex. I measc nithe eile, rinneadh anailís chomhpháirteach ar bhagairtí ar shlándáil teorann leis an tSlóvaic, an Pholainn, an Ungáir, an Rómáin agus an Mholdóiv agus rinneadh anailís chomhpháirteach de chuid na hÚcráine agus na Gearmáine le Póilíní Cónaidhme na Gearmáine. Mar sin féin, rinneadh pearsanra Frontex a thacaíonn leis an Úcráin in aerfoirt agus ag pointí trasnaithe teorann a tharraingt siar de dheasca fhogha na Rúise.

Tá an méadú ionchasach ar smuigleáil arm tine ina ábhar imní le haghaidh an Aontais agus na hÚcráine. I mí Feabhra 2023, thosaigh an tAontas ar ‘liosta gníomhaíochta an Aontais’ a chur chun feidhme ‘chun atreorú arm tine agus arm beag agus armán éadrom eile a chomhrac i gcomhthéacs fhogha na Rúise in aghaidh na hÚcráine’. 21 Tá fócas ar leith ar lánúsáid a bhaint as bearta slándála teorann ar theorainneacha seachtracha an Aontais chun smuigleáil arm tine a bhrath agus i gcás inarb amhlaidh is iad na Ballstáit (go háirithe gardaí custaim agus teorann/gardaí cósta, Frontex, EMPACT, Europol agus Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh chuig an Moldóiv agus chuig an Úcráin (EUBAM) na príomhghníomhaithe.

Leanann an Úcráin de bheart a dhéanamh in aghaidh na himirce neamhrialta. In 2022, bhraith oifigigh inimirce 5 062 imirceach i staid neamhrialta, ar tháinig 336 díobh isteach sa chríoch ar bhealach neamhrialta, agus díchóimeáladh 26 ghrúpa choiriúla a raibh baint acu le smuigleáil imirceach.

Leanadh de scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann san Úcráin in 2022, agus chuir 205 dhuine isteach ar chosaint agus rinneadh 46 chinneadh dhearfacha. I ndeireadh 2022, bhí 2 523 dhídeanaí aitheanta taifeadta mar a bheith ina gcónaí san Úcráin.

4.Faireachán a dhéanamh ar threochtaí san imirce, cosaint shealadach, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, agus athligean isteach

Ó mhí Feabhra 2022, taifeadadh níos mó ná 16 mhilliún iontráil isteach san Aontas a bhain le daoine a bhí ar a dteitheadh ón gcogadh, agus bhain 14 mhilliún díobh le náisiúnaigh de chuid na hÚcráine, agus san am céanna bhí 11,4 milliún trasnú teorann i gceist leis na náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a thrasnaigh ón Aontas chuig an Úcráin. 22 Tháinig líon i bhfad níos airde daoine isteach le linn na chéad mhíonna d’fhogha na Rúise, agus 800 000 iontráil ann gach seachtain ar an meán, agus buaiceanna de níos mó ná 200 000 iontráil ann go laethúil ag teorainn an Aontais leis an Úcráin. Ó mhí Aibreáin 2022 ar aghaidh chobhsaigh an treocht ionas gur thart ar 240 000 iontráil a bhí ann in aghaidh na seachtaine agus chuaigh an líon trasnuithe teorann idir an tAontas agus an Úcráin ar ais chuig na leibhéil a bhí ann roimh an bhfogha agus roimh an bpaindéim 23 .

Tar éis ghníomhachtú thuasluaite na Treorach um Chosaint Shealadach, deonaíodh cosaint shealadach do 4 271 890 saoránach de chuid na hÚcráine san Aontas agus sna Tíortha Comhlachaithe in 2022. Ina theannta sin, in 2022, chuir 27 135 Úcránach isteach ar chosaint idirnáisiúnta sna Ballstáit (i gcomparáid le 6 250 duine in 2021), agus bhí ráta aitheantais 88 % ann (i gcomparáid le 17 % in 2021). Níor thuairiscigh na Ballstáit go raibh aon saincheist ann maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe um athligean isteach idir an tAontas agus an Úcráin.

5.Ord poiblí agus an tslándáil

Tar éis stádas mar iarrthóir a dheonú don Úcráin chun dul isteach san Aontas i mí an Mheithimh 2022, sheol rialtas na hÚcráine athchóiriú ar earnáil fhorfheidhmiú dlí foriomlán na hÚcráine, rud atá idir lámha.

Cé gurb amhlaidh le cúinsí cogaidh a rinneadh cúram fhorfheidhmiú an dlí níos casta, leanadh d’iarrachtaí sa chomhrac in aghaidh gáinneáil ar dhrugaí. Dréachtaíodh Straitéis Drugaí Beartais Stáit nua le haghaidh 2023‑2030. Chun cosc a chur le hatreorú/úsáid neamhliachta cógas ina bhfuil substaintí támhshuanacha nó síceatrópacha, an 1 Samhain 2022 tugadh isteach oibleagáid chun na táirgí sin a sholáthar ar oideas amháin.

Lean an Úcráin den chomhar idirnáisiúnta freisin sa réimse sin laistigh de EUBAM agus faoi chuimsiú EMPACT. Cé gur mhoilligh an comhar tar éis fhogha na Rúise, níor cuireadh isteach air. Tá sé beartaithe ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí na hÚcráine an comhar a threisiú le comhpháirtithe an Aontais sa réimse sin, go háirithe chun cur in aghaidh smuigleáil drugaí neamhdhleathacha ón Afganastáin, ón Iaráin agus ón bPacastáin.

I réimse an chomhraic in aghaidh na coireachta eagraithe, d’fhormheas an rialtas Plean Gníomhaíochta nua an 27 Meán Fómhair 2022. Leanadh den chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe, cé gur cuireadh deacracht leis de dheasca cúinsí cogaidh. Rinneadh iarracht ar leith in aghaidh dronga coirpeach a bhí ag féachaint le cabhair dhaonnúil agus cabhair eile, a bhí á dtabhairt isteach san Úcráin, a ghoid. Leanadh den chomhar le Europol agus Interpol. An 19 Deireadh Fómhair 2022, an Meabhrán Tuisceana maidir le Rúndacht agus Dearbhú Faisnéise idir an Úcráin agus Europol, tháinig sé i bhfeidhm; leis sin cumasaíodh malartú díreach faisnéise idir an Úcráin, Europol, Ballstáit an Aontais agus tríú tíortha.

Leanadh den chomhar ar an leibhéal oibríochtúil freisin le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí Bhallstáit an Aontais, go háirithe trí fhoirne comhpháirteacha imscrúdaithe (JIT) le haghaidh an chomhraic in aghaidh na gcoireanna trasnáisiúnta is contúirtí, agus le haghaidh na gcoireanna idirnáisiúnta is tromchúisí chomh maith leis sin a rinneadh i gcomhthéacs na coinbhleachta armtha idirnáisiúnta.

Le linn na hidirthréimhse athchóirithe ionchúisimh in 2019‑2021, rinneadh nós imeachta roghnúcháin trédhearcach, lena n‑áirítear seiceálacha sláine, gairmiúlachta agus ceannaireachta, a reáchtáil ar bhonn píolótach le haghaidh na n‑ionchúisitheoirí ar an leibhéal bainistíochta. Mar sin féin, ó athbhunaíodh Chomhairle na nIonchúisitheoirí san fhómhar 2021, níor leanadh de na cleachtais dhearfacha sin. Tá easpa trédhearcachta, tuilleamhlathais agus seiceálacha sláine inchreidte sa nós imeachta. Tá acmhainní agus inniúlachtaí Chomhairle na nIonchúisitheoirí chun a sainordú a dhéanamh sa réimse sin fós teoranta.

I mí Lúnasa 2023, ghlac Rialtas na hÚcráine an straitéis um aisghabháil sócmhainní le haghaidh 2023‑2025, lena leagtar amach stiúradh straitéiseach chun feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil agus institiúideach, i dteannta comhar idirsheirbhíse agus idirnáisiúnta. Tá an plean gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme na straitéise fós le forbairt.

Lean an Úcráin dá hiarrachtaí chun feabhas a chur ar an gcreat frithéillithe straitéiseach. An 20 Meitheamh 2022, ghlac an Pharlaimint an Straitéis Frithéillithe (ACS) le haghaidh 2021‑2025, lena n‑áirítear 72 chuspóir a bheidh le baint amach faoi 2025. In 2022 tugadh chun críche an nós imeachta roghnúcháin fada le haghaidh na bpost is airde in Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh Éilliú (SAPO); i mí Iúil 2022 líonadh poist cheann agus leascheann SAPO. Ina theannta sin, rinneadh stiúrthóir nua le haghaidh Bhiúró Frithéillithe Náisiúnta na hÚcráine (NABU) a roghnú agus a cheapadh i mí an Mhárta 2023, i bpróiseas trédhearcach bunaithe ar fhiúntas.

Ar an taobh eile, d’ainneoin an mholta a eisíodh sa dá thuarascáil roimhe sin maidir le Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí, ní dhearnadh aon dul chun cinn fós maidir le cúléisteacht teileafóin fhéinrialaitheach a bheith á bunú ag NABU. I mí Iúil 2023, síníodh socrú oibre maidir le comhar idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus NABU.  Ceannaire nua ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Shócmhainní a Dhíorthaítear ó Éilliú agus ó Choireanna eile a Aimsiú, a Rianú agus a Bhainistiú (ARMA) ceapadh ar deireadh é tar éis athsheoladh na hiomaíochta i mí an Mheithimh 2023, cé go bhfuil géarghá fós le hathchóiriú córasach a dhéanamh ar an nós imeachta bainistíochta sócmhainní iomlán.

Feidhmiú na ngníomhaireachtaí éagsúla atá freagrach as an éilliú a chomhrac rinneadh difear dó leis na cúinsí cogaidh, ach leanann a n‑éifeachtacht oibríochtúil fhoriomlán de bheith láidir. In 2022, thionscain NABU 456 imeacht choiriúla san iomlán (i gcomparáid le 633 in 2021 agus 792 in 2020) agus, le linn na chéad leithe de 2023, thionscain sé 286 imeacht. Bunaithe ar thorthaí imscrúdú NABU, agus faoi threoraíocht nós imeachta SAPO, rinneadh 54 dhíotáil maidir le cionta éillithe in aghaidh 132 dhuine a sheoladh chuig an gcúirt in 2022 (i gcomparáid le 57 ndíotáil in aghaidh 127 nduine in 2021 agus 67 ndíotáil in aghaidh 106 dhuine in 2020). Le linn na chéad leithe de 2023, seoladh 58 ndíotáil in aghaidh 147 nduine chuig an gcúirt.

6.Caidreamh seachtrach agus cearta bunúsacha

Ar an iomlán, comhlíonann an Úcráin ionstraimí agus caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, cé gur fhulaing saoránaigh na hÚcráine go mór de dheasca sáruithe mórscála ar chearta bunúsacha arna ndéanamh ag an Rúis, ar fhéach údaráis na hÚcráine agus an tsochaí shibhialta lena leigheas. Tugadh dlí airm isteach i dtús ionradh iomlán na Rúise lena sriantar cearta agus saoirsí, cé go raibh sé comhréireach den chuid is mó le riachtanais iarbhír agus gur cuireadh i bhfeidhm go cúramach é, agus leibhéal maith saoirse chun tuairimí a nochtadh á choinneáil ar bun d’ainneoin srianta ar thírdhreach na meán. Thairis sin, cláraíodh laghdú láidir ar chásanna d’idirdhealú in aghaidh mionlach, lena n‑áirítear daoine a bhaineann leis an bpobal LGBTIQ+, gníomhartha frithsheimíteachais nó mionlaigh náisiúnta.

Maidir le cearta na ndaoine a bhaineann le mionlaigh náisiúnta, níor chuir an Úcráin na moltaí chun feidhme go hiomlán fós, ar moltaí iad ón Tuairim ó Choimisiún na Veinéise de chuid Chomhairle na hEorpa i mí an Mheithimh 2023 i dtaca leis an dlí maidir le mionlaigh náisiúnta (pobail), a glacadh i mí na Nollag 2022.. Tá athchóirithe tábhachtacha eile á gcur chun feidhme, mar shampla maidir le dlí nua na meán, coinbhinsiún Iostanbúl agus Straitéis Stáit 2030 maidir le comhchearta a áirithiú idir mná agus fir, cé go bhfuil dúshláin fós ann i réimse athchóirithe príosúin agus staid na leanaí in institiúidí.

7.Moltaí

Ar an iomlán, tá na tagarmharcanna léirscaoilte víosaí á gcomhlíonadh ag an Úcráin i gcónaí agus tá gníomhaíocht déanta aici chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe seo. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí, i gcás inar féidir sa chomhthéacs atá ann faoi láthair. Go háirithe, tá gá le haghaidh a thabhairt a thuilleadh ar na saincheisteanna seo a leanas:

a)Beartas víosaí na hÚcráine a ailíniú le liosta an Aontais de na tríú tíortha lena mbaineann ceanglas víosa, go háirithe maidir le tíortha a bhfuil rioscaí imirce neamhrialta nó slándála ag baint leo le haghaidh an Aontais.

b)Leanúint d’iarrachtaí leanúnacha sa chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe, agus béim ar leith ar chur in aghaidh na smuigleála ar airm thine agus drugaí, d’ainneoin na ndúshlán a bhaineann leis an gcogadh.

c)Leanúint d’iarrachtaí leanúnacha san éilliú a chomhrac, lena n‑áirítear trí phlean gníomhaíochta a ghlacadh chun straitéis 2023‑2025 um aisghabháil sócmhainní a chur chun feidhme agus trí reachtaíocht ARMA a leasú maidir le sócmhainní urghafa a bhainistiú.



2.Tíortha a bhí saor ó víosa ar feadh tréimhse is faide ná 7 mbliana

AN ALBÁIN

1.Ailíniú an bheartais víosaí

Tá córas taistil gan víosa ag an Albáin le 13 thír atá ar liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas víosa, a bhfuil tarscaoileadh víosa buan ag ocht gcinn díobh (an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Chasacstáin, Cuáit, an Ghuáin, an tSín, an Tuirc) agus tá tarscaoileadh víosa séasúrach ag cúig cinn díobh chun teacht isteach san Albáin ar chúiseanna turasóireachta idir mí Aibreáin agus mí na Nollag (an Araib Shádach, Bairéin, Catar, Óman agus an Téalainn). Ina theannta sin, náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil cead cónaithe 10 mbliana in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, rud atá bailí 1 bhliain amháin ar a laghad tráth an teacht isteach, is féidir leo teacht isteach san Albáin gan víosa freisin.

Rinne an Albáin roinnt dul chun cinn i dtreo ailíniú an bheartais víosaí. In 2023, níor leathnaíodh an tarscaoileadh víosa séasúrach chuig an Rúis, an India ná an Éigipt, murab ionann in 2022. Ba cheart don Albáin leanúint dá beartas víosaí a ailíniú de réir a chéile leis an Aontas go háirithe maidir le tíortha a bhfuil rioscaí imirce nó slándála ag baint leo.

2.Faireachán ar threochtaí san imirce neamhrialta, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, filleadh agus athligean isteach 

Tháinig méadú 14 % idir 2021 agus 2022 ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisc náisiúnaigh de chuid na Albáine sna Ballstáit , agus 12 955 iarratas taiscthe in 2022. An ráta aitheantais 9 % in 2022, níor tháinig athrú air ó 2021.

In 2022, thuairiscigh na Ballstáit 746 thrasnú teorann neamhrialta arna ndéanamh ag náisiúnaigh de chuid an hAlbáine, sin 36 % níos lú ná in 2021 (1 160), agus tháinig méadú 11,5 % ar an líon náisiúnach de chuid na hAlbáine a cinneadh a bheith ag fanacht sna Ballstáit go neamhrialta i gcomparáid le 2021 (ó 34 840 in 2021 chuig 38 865 in 2022). Tháinig titim 18,5 % in 2022 ar an líon diúltuithe cead isteach le haghaidh náisiúnaigh de chuid na hAlbáine sna Ballstáit (ó 18 850 in 2021 chuig 15 350 in 2022).

Tháinig ardú 8 % ar an líon cinntí um fhilleadh in 2022 (24 180) i gcomparáid le 2021 (22 445). In 2022, tuairiscíodh 9 745 fhilleadh de náisiúnaigh de chuid na hAlbáine, i gcomparáid le 8 610 in 2021 (méadú 13 %). Tháinig méadú beagán ar an ráta fillte ó 38 % in 2021 chuig 40 % in 2022, lenar marcáladh athrú dearfach ar an treocht ó na blianta a chuaigh thart.

Foinse: Eurostat

3.Comhar maidir le himirce, bainistiú teorainneacha agus athligean isteach 

Rinne an Albáin plé dearfach leis an Aontas maidir le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis na Balcáin Thiar. Mhéadaigh ar acmhainneachtaí glactha imirceach na hAlbáine agus tugadh a plean teagmhais cothrom le dáta i gcás inar tháinig méadú tobann ar líon na ndaoine a tháinig isteach ach tá sé fós le buiséadú go hiomlán agus le glacadh. Ba cheart don Albáin Straitéis nua um Imirce a ghlacadh freisin, mar obair leantach ar Straitéis 2019‑2022. Saoráidí tiomnaithe le haghaidh mionaoisigh neamhthionlactha i measc imirceach agus iarrthóirí tearmainn, ba cheart iad a fhorbairt. Rochtain leordhóthanach ar an nós imeachta tearmainn, éifeachtacht fillidh dheonaigh agus comhar um athligean isteach leis na príomhthíortha tionscnaimh, is réimsí iad sin inar gá tuilleadh oibre a dhéanamh.

Lean an Albáin de dhul i gcomhar leis na Ballstáit maidir le bainistiú imirce agus teorainneacha. Ar na samplaí den chomhar maidir le bainistiú imirce agus teorainneacha áirítear: cuairteanna saineolaithe, malartuithe faisnéise agus dea‑chleachtas, trealamh teicniúil agus cúrsaí oiliúna. An tionscadal ‘Múscailt Feasachta agus Faisnéis le haghaidh Sábháilteachta agus Cumhachtú do Chách – an Albáin’ (Arise All) lean IOM de bheith á chur chun feidhme in 2022, agus tacaíocht á fáil aige ó Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht an Aontais, an Bheilg agus an Ísiltír 24 . Ba é is aidhm don fheachtas coisc sin feasacht a mhúscailt i measc shaoránaigh na hAlbáine maidir leis na rioscaí a bhaineann le himirce neamhrialta chuig an Eoraip agus faisnéis a sholáthar maidir le deiseanna eacnamaíocha agus oideachais atá ann cheana san Albáin agus cainéil imirce dhlíthiúla chuig an Eoraip. Cuireadh tús leis an tionscadal go luath in 2021 agus cuireadh deireadh leis i mí na Nollag 2022. Áiríodh ar na samplaí eile den chomhar cuairteanna staidéir le haghaidh phóilíní teorann na hAlbáine (agus misin chomhairleacha agus oiliúna).

Ar an iomlán, thuairiscigh na Ballstáit dea‑chomhar maidir le hathligean isteach. Lean an Albáin freisin de bheith ag dul i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), go háirithe tríd an Oibríocht Chomhpháirteach ‘Talamh na hAlbáine’ agus ‘Muir na hAlbáine’ a chur chun feidhme faoin gComhaontú Stádais idir an tAontas agus an Albáin. An 15 Meán Fómhair 2023 síníodh Comhaontú Stádais nua. Chuaigh an Albáin i gcomhar leis an nGníomhaireacht freisin agus oibríochtaí um fhilleadh á n‑eagrú agus tacaíocht á tabhairt dóibh le haghaidh saoránach de chuid na hAlbáine a fhanann go neamhrialta sa Fhrainc agus Ballstáit eile lena mbaineann. Shínigh Aireacht Gnóthaí Baile na hAlbáine agus Frontex Meabhrán Tuisceana maidir le sásra gearán maidir le cearta bunúsacha a chosaint i mí an Mheithimh 2023. Leanann oifigeach idirchaidrimh ó Frontex de bheith i láthair san Albáin. Ar an iomlán, d’fhorbair an Albáin comhar an‑fhairsing agus dearfach le Frontex maidir le bainistiú teorainneacha, rud a leathnófar a thuilleadh nuair a chuirfear an Comhaontú Stádais nua chun feidhme, rud a síníodh i mí Mheán Fómhair 2023.

A mhéid a bhaineann le comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), cuireadh síneadh leis an Treochlár um Chomhar le haghaidh na tréimhse 2021‑2022 go dtí deireadh 2023 agus leis sin ceadaíodh do EUAA tacaíocht a sholáthar d’údaráis na hAlbáine chun a gcórais tearmainn agus ghlactha a neartú.

4.Gníomhaíochtaí a rinneadh ar iarratais ar thearmann gan bhunús   

Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le hiarratais ar thearmann gan bhunús arna dtaisceadh ag náisiúnaigh de chuid na hAlbáine san Aontas, in 2022, ghlac an Albáin plean gníomhaíochta ‘maidir le cosc a chur leis an bhfeiniméan maidir le saoránaigh de chuid na hAlbáine a bheith ag iarraidh tearmainn i dtíortha Schengen/an Aontais’ agus neartaigh sí na rialuithe ar shaoránaigh de chuid na hAlbáine a thrasnaíonn an teorainn leis an Aontas. Lean an Albáin freisin de neartú a dhéanamh ar a comhar agus a malartú faisnéise leis na Ballstáit, go háirithe leo sin is mó dá ndéantar difear leis an bhfeiniméan sin. Go háirithe, lean an Albáin dá dhá plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, agus aghaidh á tabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le mionlaigh neamhthionlactha de chuid na hAlbáine san Iodáil agus ar an tsaincheist a bhaineann le hiarrthóirí tearmainn de chuid na hAlbáine sa Fhrainc, faoi seach.

Lean rialtas na hAlbáine d’fheasacht a mhúscailt freisin maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí atá nasctha le taisteal gan víosa san Aontas, i gcomhar le Frontex, le Europol, leis na Ballstáit agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chomh maith amhail IOM, UNHCR agus ESCE. Bileoga eolais ina bhfuil faisnéis ábhartha maidir leis na ceanglais le haghaidh taisteal gan víosa agus pionóis le haghaidh aon sárú ar na hoibleagáidí sin, dáiltear ag na pointí trasnaithe teorann uile iad.

5.Saoránacht trí infheistíocht

Sa chúigiú tuarascáil faoin sásra lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí, tuairiscíodh, in 2022, gur ghlac Rialtas na hAlbáine cinneadh lena dtugtar isteach bunús dlí le haghaidh na hAireachta Gnóthaí Baile chun nós imeachta um Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí a sheoladh chun scéim saoránachta d’infheisteoirí a chur chun feidhme. In 2023, d’fhógair an Albáin a cinneadh chun an tionscnamh maidir le bunú scéime saoránachta d’infheisteoirí a chur ar fionraí.

6.Comhar maidir le slándáil

In 2022, ghlac an Albáin páirt i líon méadaitheach oibríochtaí póilíneachta idirnáisiúnta agus bhí sí mar chuid de 16 fhoireann chomhpháirteacha imscrúdaithe leanúnacha. D’imscar an Albáin an dara hoifigeach idirchaidrimh chuig Europol i mí Feabhra 2023. In 2022, rinne Póilíní Stáit na hAlbáine méadú 16,9 % ar an líon teachtaireachtaí ón bhFeidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) arna chomhroinnt le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Tá an Albáin ar an tríú tír is gníomhaí a ghlacann páirt san Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT).

A bhuí leis an dul chun cinn maith a rinneadh i gcur chun feidhme an tSocraithe Cur Chun Feidhme maidir le Frithsceimhlitheoireacht faoin bPlean Gníomhaíochta Comhpháirteach um fhrithsceimhlitheoireacht le haghaidh na mBalcán Thiar, an 9 Nollaig 2022 shínigh an Albáin leis an gCoimisiún athbhreithniú ar an socrú lena n‑áirítear gníomhaíochtaí nua agus spriocanna níos uaillmhianaí.

7.Moltaí

Tá gníomhaíocht déanta ag an Albáin chun aghaidh a thabhairt ar fhormhór na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe sin. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh dul chun cinn, agus is gá aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

a)Beartas víosaí na hAlbáine a ailíniú a thuilleadh le liosta an Aontais de na tíortha lena mbaineann ceanglas víosa, go háirithe maidir leis na tíortha a bhfuil rioscaí imirce neamhrialta nó slándála ag baint leo le haghaidh an Aontais.

b)Leanúint den chomhar leis na Ballstáit is mó dá ndéantar difear le hiarratais ar thearmann gan bhunús ó náisiúnaigh de chuid na hAlbáine agus d’fheachtais faisnéise saincheaptha a chur chun feidhme maidir leis an gcóras taistil gan víosa.

c)Staonadh ó scéim saoránachta d’infheisteoirí a bhunú.



AN BHOISNIA AGUS AN HEIRSEAGAIVÉIN

1.Ailíniú an bheartais víosaí

Tá córas taistil gan víosa ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin le hocht dtír atá ar liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas víosa: an Asarbaiseáin, an Araib Shádach (go séasúrach), Catar, Cuáit, Óman, an Rúis, an tSín agus an Tuirc.

Ní dhearna an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin aon bheart in 2022 maidir le tuilleadh ailínithe ar an mbeartas víosaí. Mar sin féin, in 2023 thug sí isteach taisteal gan víosa le haghaidh náisiúnaigh na hAraibe Sádaí le haghaidh shéasúr turasóireachta an tsamhraidh agus chuir sí deireadh leis an gcóras taistil gan víosa le haghaidh Bhairéin ó mhí Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh.

2.Faireachán ar threochtaí san imirce neamhrialta, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, filleadh agus athligean isteach

In 2022, chuir náisiúnaigh de chuid na Boisnia agus na Heirseagaivéine 2 235 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta isteach sna Ballstáit, 17 % níos lú ná ab amhlaidh in 2021 (2 705). Tháinig méadú ar an ráta aitheantais ó 5 % in 2021 go 8 % in 2022.

In 2022, thuairiscigh na Ballstáit 23 thrasnú teorann neamhrialta arna ndéanamh ag náisiúnaigh de chuid na Boisnia agus na Heirseagaivéine ag teorainneacha seachtracha an Aontais, i gcomparáid le 17 in 2021. In 2022, tháinig méadú 19 % ar an líon náisiúnach de chuid ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin ar cinneadh go raibh siad ag fanacht go neamhrialta, agus 4 900 fanacht neamhrialta ann in 2022 i gcomparáid le 4 105 in 2021. Tháinig méadú beagán (5 %) ar an líon diúltuithe cead isteach in 2022, ó 5 035 chás in 2021 chuig 5 275 chás in 2022.

Tháinig titim 5 % ar an líon cinntí um fhilleadh a eisíodh chuig náisiúnaigh de chuid na Boisnia agus na Heirseagaivéine (2 745 in 2022 in aghaidh 2 900 in 2021), cé gur tháinig ardú 40 % ar an líon daoine a filleadh (1 260 in 2022 in aghaidh 900 in 2021). Mhéadaigh an ráta fillte ó 31 % in 2021 chuig 46 % in 2022.

Foinse: Eurostat

3.Comhar maidir le himirce, bainistiú teorainneacha agus athligean isteach

Rinne an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin plé dearfach leis an Aontas maidir le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis na Balcáin Thiar.

Ghlac an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an Plean Gníomhaíochta um Inimirce agus Tearmann (2021‑2025) agus formheas iomlán a chreata straitéisigh á chur i gcrích. Rinneadh iarrachtaí chun acmhainneachtaí glactha a leathnú ach tá tuilleadh dul chun cinn fós le déanamh chun mionaoisigh neamhthionlactha agus daoine leochaileacha a shainaithint agus a ghlacadh. Tá rochtain ar thearmann fós teoranta agus ní cheadaítear iarratais a thaisceadh ach i bpríomhchathair Shairéavó. Is gá dul chun cinn a dhéanamh freisin i bpróiseáil cásanna tearmainn.

Tá an straitéis um bainistiú comhtháite teorainneacha agus an plean gníomhaíochta a ghabhann léi le haghaidh na tréimhse 2019‑2023 á gcur chun feidhme ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin. Dlí nua maidir le rialú ag teorainneacha, a dréachtaíodh in 2022, dhiúltaigh an Pharlaimint dó go luath in 2023; ba cheart do Chomhairle na nAirí dréacht nua a fhormhuiniú go tapa le haghaidh nós imeachta parlaiminteach.

Níor chuir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin tús fós leis an gcaibidlíocht le haghaidh an Chomhaontaithe Stádais leis an Aontais lena gceadófaí don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) a buanchór a imscaradh ag teorainn na tíre, chun gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh i dteannta na bPóilíní Teorann.

Lean an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den dea‑chomhar maidir le hathligean isteach ar bhonn comhaontú leis an Aontas, rud a chuirtear chun feidhme ar bhealach éifeachtúil a mhéid a bhaineann le formhór na mBallstát. Mar sin féin, chuir dhá Bhallstát roinnt fadhbanna in iúl maidir le diúltuithe d’athligean isteach agus eisiúint thráthúil doiciméad taistil um fhilleadh faoi seach.

Chuir an tAontas ábhair imní in iúl maidir leis an mbrú imirce a bhí méadaithe go mór ó náisiúnaigh tríú tír a tháinig trí bhealach na mBalcán Thiar in 2022 agus d’iarr sé ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin an leibhéal is airde comhair a fheidhmiú. Go háirithe, d’iarr an tAontas go n‑áiritheofar i gcás inarb amhlaidh a dhiúltaítear do na hiarratais ar thearmann arna dtaisceadh ag na náisiúnaigh sin, go ndéanfaidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iad a athligean isteach le linn chur i bhfeidhm chlásal na náisiúnach tríú tír den chomhaontú um athligean isteach de chuid na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

Lean an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den chomhar déthaobhach freisin leis na Ballstáit. Faoin tionscadal arna chistiú ag an Aontas ‘Beart aonair chun neartú a dhéanamh ar an acmhainneacht freagartha chun sreabha imirce a bhainistiú sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin’ arna chur chun feidhme ag IOM, tá gníomhaíocht amháin tiomnaithe do thacú leis an Aireacht Slándála ó thaobh fothú acmhainneachta chun filleadh a dhéanamh go héifeachtach. Faoi chuimsiú an tsásra um bainistiú ar fhilleadh arna bhainistiú ag IOM, gheobhaidh an Aireacht tacaíocht theicniúil freisin ó na Ballstáit chun speictream iomlán an fhillidh a dhéanamh.

Cuireadh tús in 2014 leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. Formhuiníodh an chéad Treochlár i mí na Samhna 2020. Tá Treochlár an dara glúin á ullmhú chun an tréimhse 2023‑2025 a chumhdach.

4.Comhar maidir le slándáil

Tá a chomhar oibríochtúil leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin á neartú a thuilleadh ag Europol. I mí an Mheithimh 2023 bunaíodh pointe teagmhála náisiúnta aonair le Europol, agus na húdaráis forfheidhmithe dlí uile sa tír á nascadh le córas an Fheidhmchláir Líonra um Malartú Slán Faisnéise de chuid Europol (SIENA). Imscaradh oifigeach idirchaidrimh de chuid na Boisnia agus na Heirseagaivéine chuig ceanncheathrú Europol sa Háig. Tá comhordaitheoir phointe teagmhála Europol de chuid na Boisnia agus na Heirseagaivéine ina chomhordaitheoir EMPACT freisin.

Tá socrú déthaobhach ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac leis an gCoimisiún, rud a síníodh in 2019 25 , chun an plean gníomhaíochta comhpháirteach um fhrithsceimhlitheoireacht le haghaidh na mBalcán Thiar a chur chun feidhme 26 . Bhí moilleanna áirithe ar an gcur chun feidhme, ach cláraíodh dul chun cinn maith sa tuarascáil dheireanach ar an dul chun cinn in 2022. In 2022 ghlac an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin straitéis nua um fhrithsceimhlitheoireacht agus antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac. Is gá do na heintitis na pleananna gníomhaíochta ábhartha a ghlacadh. Is gá don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin reachtaíocht nua a ghlacadh maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, chun nach gcuirfear ar an liosta liath arís iad tar éis na meastóireachta atá le teacht ó Moneyval.

Tá Europol ina phríomhpháirtí leasmhar in EMPACT agus léiríonn torthaí oibríochtúla an dea‑chomhar leis an nGníomhaireacht.

5.Moltaí

Tá beart áirithe déanta ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí roimhe sin ón gCoimisiún. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh dul chun cinn, agus is gá aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

a)Bearta práinneacha a dhéanamh chun beartas víosaí na Boisnia agus na Heirseagaivéine a ailíniú le liosta an Aontais de na tíortha lena mbaineann ceanglas víosa, go háirithe maidir leis na tíortha a bhfuil rioscaí imirce neamhrialta nó slándála ag baint leo le haghaidh an Aontais;

b)Comhaontú Stádais Frontex leis an Aontas a chaibidliú, a shíniú agus a dhaingniú go tapa leis an Aontas;

c)Na saincheisteanna maidir le comhar um athligean isteach arna gcur in iúl ag na Ballstáit a réiteach.



POBLACHT NA MOLDÓIVE

1.Ailíniú víosaí

 córas taistil gan víosa ag an Moldóiv le 12 thír atá ar liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas víosa: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Chasacstáin, Catar, an Chirgeastáin, Cúba, Eacuadór, an Rúis, an Táidsíceastáin, an Tuirc agus an Úisbéiceastáin.

Ní dhearnadh aon dul chun cinn i dtreo níos mó ailínithe le beartas víosaí an Aontais in 2022.

2.Faireachán ar threochtaí san imirce neamhrialta, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, filleadh agus athligean isteach

Tháinig méadú 6 % ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnaigh de chuid na Moldóive sna Ballstáit idir 2021 agus 2022, agus taisceadh 7 900 iarratas in 2021 i gcomparáid le 8 365 iarratas in 2022. Bhí an ráta aitheantais cothrom le 2 % in 2022, i gcomparáid le 1 % in 2021.

In 2022, d’fhan iarrachtaí ó náisiúnaigh de chuid na Moldóive chun teorainneacha seachtracha an Aontais a thrasnú go neamhrialta íseal (29), (21 in 2021). An líon náisiúnach de chuid na Moldóive ar cinneadh go raibh siad ag fanacht go neamhrialta tháinig méadú air ó 40 945 in 2021 go 44 530 in 2022 (méadú 9 %). In 2022, bhí an líon náisiúnach de chuid na Moldóive ar diúltaíodh cead isteach dóibh sna Ballstáit cothrom le 7 305, rud atá 19,5 % níos lú ná in 2021 (9 075).

In 2022, an líon orduithe um fhilleadh a eisíodh chuig náisiúnaigh de chuid na Moldóive agus an líon fillidh, tháinig méadú 4 % (8 250 in 2022 i gcomparáid le 7 940 in 2021) agus 18,5 % (2 845 in 2022 i gcomparáid le 2 400 in 2021) faoi seach air, rud a rannchuidíodh leis an ráta fillte is airde 34 % in 2022 i gcomparáid le 30 % in 2021.

Foinse: Eurostat

3.Comhar maidir le himirce, bainistiú teorainneacha agus athligean isteach

Lean an Mholdóiv den chomhar idirnáisiúnta a chothú le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus leis na Ballstáit i réimse an bhainistithe teorainneacha. Tá a ról gníomhach á léiriú laistigh den tionscnamh ón Aontas maidir leis an Mol Tacaíochta le haghaidh na Slándála Inmheánaí agus Bainistiú Teorainneacha, lenar neartaíodh comhar na Moldóive laistigh de EMPACT agus le Frontex, Europol, CEPOL, Misean Cúnaimh Teorann AE chuig Poblacht na Moldóive agus an Úcráin (EUBAM), agus leis na Ballstáit, chomh maith leis sin.

In 2022 ghlac an Mholdóiv freisin a straitéis gnóthaí baile (2022‑2030) agus sé straitéis forbartha earnála, a bhfuil dhá cheann díobh tiomnaithe do bhainistiú imirce agus teorainneacha: ceann amháin maidir le bainistiú sreabh imirce, tearmainn agus imeasctha eachtrannach, agus ceann eile maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha.

Shínigh an Mholdóiv Comhaontú Stádais maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) sa Mholdóiv an 17 Márta 2022. Leis an gcomhaontú cuirtear é ar a chumas do Frontex tacaíocht iomlán chuimsitheach a leathnú chuig an Moldóiv agus soláthraítear an chosaint, na díolúintí agus an cumhdach slándála is gá do na hoifigigh bhuanchóir arna n‑imscaradh. Tá sé ar an gcéad Chomhaontú Stádais agus ar an gcéad oibríocht chomhpháirteach ag a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin sna tíortha a chumhdaítear le Comhpháirtíocht an Oirthir. Cuireadh tús leis an gcomhar oibríochtúil idir Frontex agus an Mholdóiv an 19 Márta 2022, le seoladh Oibríocht Chomhpháirteach na Moldóive, rud a bhí spriocdhírithe ar úsáid doiciméad calaoiseach ag pointí trasnaithe teorann.

Chun tacú le comhar leathnaithe leis an Moldóiv, ó bhí mí Iúil 2022 ann, rinneadh Oifigeach Idirchaidrimh Frontex (FLO) ag a bhfuil sainordú réigiúnach lena gcumhdaítear tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a imscaradh go sealadach chuig Císineá, go dtí go socraíonn an staid san áit imscartha a ndearnadh foráil maidir léi ar dtús – Cív. Ag gníomhú dó ó Chísineá, tá an FLO ag plé go gníomhach le hinstitiúidí i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir agus tá teagmhálacha tráthrialta á gcoinneáil ar bun aige le líonra na nOifigeach Idirchaidrimh Inimirce (ILO) sa Mholdóiv.

Lean an Mholdóiv de bheith ag dul i gcomhar leis na Ballstáit maidir le bainistiú imirce agus teorainneacha. Áiríodh ar na samplaí den chomhar cúrsaí oiliúna, trealamh, comhar oibríochtúil agus cuairteanna saineolaithe.

Tuairiscíonn Frontex agus na Ballstáit dea‑chomhar freisin maidir le hathligean isteach.

Mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, chuir an tAontas dlús lena chomhar leis an Moldóiv i réimse na slándála, agus aird ar leith á tabhairt ar bhainistiú teorainneacha. Shlóg an tAontas a bhosca uirlisí iomlán chun trealamh agus oiliúint bhreise a sholáthar, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

4.Comhar maidir le slándáil

Éifeachtaí iarmharta ó chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, bhí bagairt bhreise ag baint leo le haghaidh shlándáil na Moldóive. Tá rioscaí méadaithe maidir leis an gcoireacht trasteorann roimh fhórsaí teorann na Moldóive, lena n‑áirítear gáinneáil ar dhaoine, drugaí agus airm. Tá bagairtí hibrideacha treisithe roimh údaráis forfheidhmithe dlí na Moldóive, lena n‑áirítear rioscaí maidir le suaitheadh an tsoláthair leictreachais agus an téimh, ionsaithe cibearshlándála, iarrachtaí méadaitheacha ó shaoránaigh de chuid na Rúise chun teacht isteach sa Mholdóiv agus doiciméid chalaoiseacha á n‑úsáid.

I mí Iúil 2022, sheol an Coimisinéir Johansson agus Aire Gnóthaí Baile na Moldóive Mol Tacaíochta an Aontais le haghaidh na Slándála Inmheánaí agus Bainistiú Teorainneacha le haghaidh na Moldóive. Mar ardán oibríochtúil, tacaíonn Mol Tacaíochta an Aontais le comhar maidir le slándáil inmheánach agus bainistiú teorainneacha idir an tAontas, a Ghníomhaireachtaí, na Ballstáit agus údaráis na Moldóive. Oibríonn sé feadh na réimsí tosaíochta seo a leanas: gáinneáil ar airm thine, smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine, an sceimhlitheoireacht agus antoisceachas foréigneach, cibearchoireacht, gáinneáil ar dhrugaí agus gáinneáil ar ábhair cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN) a chomhrac agus a chosc.

Ina theannta sin, a bhuí leis an gcomhar a forbraíodh i gcomhthéacs Mhol Tacaíochta an Aontais, cuireadh dlús suntasach leis an gcomhar idir Europol, CEPOL agus Frontex sa Mholdóiv. D’imscar Europol Oifigeach Europol amháin agus dhá Aoi‑Oifigeach chuig an Moldóiv chun tacú le gníomhaíochtaí coiriúla atá nasctha le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine a bhrath go luath, lena n‑áirítear an comhrac in aghaidh líonraí coiriúla a dhéileálann le smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine agus gníomhaíochtaí coiriúla eile.

Tá an comhar idir Europol agus an Mholdóiv bunaithe ar Chomhaontú Oibriúcháin a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil 2015. Tá Oifigeach Idirchaidrimh na Moldóive postaithe ag Ceanncheathrú Europol ó bhí 2015 ann. Tá baint sheasta ag an Moldóiv san Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT). In 2022, ghlac an Mholdóiv páirt in 15 Ghníomhaíocht oibriúcháin i gcúig Phlean Gníomhaíochta Oibriúcháin agus d’ainmnigh sí Comhordaitheoir EMPACT Náisiúnta. An 22 Bealtaine 2023, faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, sheol Comhairle an Aontais Eorpaigh Misean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na Moldóive (EUPM na Moldóive) chun athléimneacht na hearnála slándála sa tír a fheabhsú i réimsí an bhainistithe géarchéime agus bagairtí hibrideacha.

I mí an Mhárta 2023, d’fhormheas an Chomhairle Eorpach pacáiste tacaíochta le haghaidh na Moldóive, agus aghaidh á tabhairt ar chúig phríomhthosaíocht lena n‑áirítear an tslándáil. Mar obair leantach, tá EUR 4 mhilliún á athdháileadh faoi láthair le haghaidh riachtanais slándála phráinneacha faoin gclár arna chistiú ag an Aontas ‘Ag Tacú le Cosaint, Idirthuras agus Filleadh agus Athimeascadh Deonach agus Feasach Shaoránaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir agus Náisiúnaigh Tríú Tíortha, ar saoránaigh agus náisiúnaigh iad lena ndéantar difear leis an gcoinbhleacht san Úcráin’. Leis na cistí tacófar le húdaráis teorann na Moldóive agus leis an Aireacht Gnóthaí Baile.

5.Moltaí

Tá gníomhaíocht déanta ag an Moldáiv chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe seo. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh dul chun cinn, agus is gá aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

a)Beartas víosaí na Moldóive a ailíniú a thuilleadh le liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas víosa, go háirithe maidir leis na tíortha a bhfuil rioscaí imirce neamhrialta nó slándála ag baint leo le haghaidh an Aontais;

b)Leanúint d’iarrachtaí leanúnacha sa chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe, go háirithe gníomhaíochtaí coiriúla trasnáisiúnta a tháinig chun cinn i gcomhthéacs fhogha na Rúise in aghaidh na hÚcráine.



MONTAINÉAGRÓ

1.Ailíniú an bheartais víosaí

Tá córas taistil gan víosa ag Montainéagró le 12 thír atá ar liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas, a bhfuil tarscaoileadh víosa buan ag seacht ceann díobh (an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, Catar, Cuáit, an Rúis, an tSín, an Tuirc) agus a bhfuil tarscaoileadh víosa séasúrach ag cúig cinn díobh chun teacht isteach i Montainéagró ar chúiseanna turasóireachta idir mí Aibreáin agus mí Dheireadh Fómhair (an Airméin, an Araib Shádach, an Chasacstáin, an Éigipt, an Úisbéiceastáin).

In 2023, rinne Montainéagró dul chun cinn i dtreo ailíniú an bheartais víosaí: cúlghaireadh an tarscaoileadh víosa le haghaidh náisiúnaigh Chúba, Eacuadór, agus le haghaidh náisiúnaigh tríú tír chomh maith leis sin ag a bhfuil cead cónaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

2.Faireachán ar threochtaí san imirce neamhrialta, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, filleadh agus athligean isteach 

Tháinig laghdú 3 % ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisc náisiúnaigh de chuid Mhontainéagró sna Ballstáit idir 2021 agus 2022, agus 420 iarratas taiscthe in 2022 i gcomparáid le 435 iarratas in 2021. Lean an ráta aitheantais 4 % in 2022 de bheith cobhsaí i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Níor thuairiscigh na Ballstáit ach trasnú teorann neamhrialta amháin in 2022 arna dhéanamh ag náisiúnach de chuid Mhontainéagró. Tháinig méadú 9,5 % ar an líon náisiúnach de chuid Mhontainéagró ar cinneadh go raibh siad ag fanacht go neamhrialta in 2022 (ó 1 000 in 2021 go 1 095 in 2022). In 2022, lean an líon diúltuithe cead isteach le haghaidh náisiúnach de chuid Mhontainéagró sna Ballstáit de bheith cobhsaí agus 525 dhiúltú ann in 2022 i gcomparáid le 520 in 2021.

Tháinig laghdú 12 % ar an líon cinntí um fhilleadh a eisíodh do náisiúnaigh na tíre (435 in 2022 in aghaidh 495 in 2021), agus bhain méadú beag 2 % ar an líon daoine a filleadh (265 in 2021 in aghaidh 270 in 2022). Mhéadaigh an ráta fillte faoi seach ó 54 % in 2021 chuig 62 % in 2022.

Foinse: Eurostat

3.Comhar maidir le himirce, bainistiú teorainneacha agus athligean isteach 

Rinne Montainéagró plé dearfach leis an Aontas maidir le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis na Balcáin Thiar.

Chun aghaidh a thabhairt ar an méadú ar an imirce neamhrialta, rinneadh aonad nua chun Smuigleáil Daoine agus Coireacht Trasteorann a Chur faoi Chois a chruthú sna póilíní teorann lenar méadaíodh rialuithe ar thrasnuithe teorann neamhrialta.

Neartaíodh inniúlacht an chórais tearmainn agus cuireadh leithdháileadh buiséid substaintiúil Stáit in áirithe chun acmhainneacht ghlactha a leathnú. Rinne Stiúrthóireacht Tearmainn Mhontainéagró iarrachtaí chun an riaráiste d’iarratais ar thearmann a laghdú.

Lean Montainéagró freisin den chomhar leis na Ballstáit maidir le bainistiú imirce agus teorainneacha, agus sholáthair siad oiliúint agus fothú acmhainneachta, trealamh agus malartuithe faisnéise. Cúnamh Teicniúil ó EUAA, Frontex, IOM agus UNHCR, soláthraíodh freisin é laistigh de thionscadal réigiúnach arna chistiú ag an Aontas. Ar an iomlán, thuairiscigh na Ballstáit dea‑chomhar freisin maidir le hathligean isteach.

Shínigh Montainéagró agus an tAontas Eorpach Comhaontú Stádais nua maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) i Montainéagró an 16 Bealtaine 2023. 27 Leis an gcomhaontú nua déanfar foráil maidir le himscarthaí Frontex aon áit ar chríoch Mhontainéagró, arna iarraidh sin d’údaráis na tíre. An dá oibríocht chomhpháirteacha atá á ndéanamh ar bhonn an Chomhaontaithe Stádais atá ann faoi láthair, leantar dá gcur chun feidhme: ag pointe trasnaithe teorann (BCP) leis an gCróit; agus in oibríocht mhuirí chomhpháirteach arb é is aidhm di faireachas teorainneacha gorma i Muir Aidriad a neartú. Ar an iomlán, tá comhar an‑dearfach ag Montainéagró le Frontex maidir le bainistiú teorainneacha, rud a threiseoidh le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Stádais nua.

Shínigh EUAA Treochlár Comhpháirteach le húdaráis Montainéagró i mí na Nollag 2021. Agus tacaíocht á fáil ó EUAA, cruthaíodh aonad nua a dhéileálann le faisnéis tíre tionscnaimh, forbraíodh modúil oiliúna, agus dréachtaíodh Nósanna Imeachta Oibríochta Caighdeánacha (SOPanna) chun na nósanna imeachta tearmainn a chuíchóiriú.

4.Comhar maidir le slándáil

I mí Mheán Fómhair 2014, shínigh Montainéagró agus Europol Comhaontú maidir le Comhar Oibríochtúil agus Straitéiseach. In imeacht na mblianta, cuireadh feabhas leanúnach ar cháilíocht na faisnéise a malartaíodh agus neartaíodh an comhar le Europol a thuilleadh – go háirithe trí EMPACT agus a bhuí leis, déanann Europol anailís ar thionscadail agus tionscnaimh eile. Ceithre aonad póilíní, lena n‑áirítear an tAonad um Fhaisnéis Airgeadais agus an t‑aonad atá i gceannas ar an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe, tá rochtain dhíreach acu ar chainéal cumarsáide slán SIENA de chuid EUROPOL, lenar féidir malartú faisnéise tapa, slán agus éifeachtúil a dhéanamh le Europol agus Ballstáit an Aontais.

Tá oifigeach idirchaidrimh amháin ag Montainéagró atá postaithe ag Ceanncheathrú Europol agus téann sé i gcomhar go gníomhach leis an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach (EMSC) de chuid Europol.

In 2019 shínigh Montainéagró socrú déthaobhach leis an gCoimisiún maidir le frithsceimhlitheoireacht chun an Plean Gníomhaíochta Comhpháirteach um Fhrithsceimhlitheoireacht le haghaidh na mBalcán Thiar a chur chun feidhme. Tá dul chun cinn maith déanta ag Montainéagró maidir le cur chun feidhme an tsocraithe.

5.Scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí 

An 31 Nollaig 2022 foirceannadh an scéim saoránachta d’infheisteoirí. Is forbairt é sin a bhfuil fáilte roimpi agus bearta leantacha coincréiteacha atá inti ar mholtaí an Chúigiú Tuarascáil faoin Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí.

Cé go bhfuil an scéim saoránachta d’infheisteoirí foirceanta, leanann Montainéagró de na hiarratais a cuireadh isteach go dtí 2022 a phróiseáil. Tar éis an mholta ón gCoimisiún an 28 Márta 2022 maidir le bearta láithreacha i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin i ndáil le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí agus scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí 28 , thug Montainéagró nósanna imeachta breise um scagadh isteach sa phróiseas iarratais chun a sheiceáil cé acu atá nó nach bhfuil iarratasóirí ar an liosta smachtbhannaí nó atá nó nach bhfuil siad aitheanta mar eintitis a dtagann a gcistí ó fhoinsí neamhdhleathacha. D’iarr an Aireacht Gnóthaí Baile freisin go ndéanfadh an Ghníomhaireacht Slándála Náisiúnta seiceálacha breise ar iarratais a fuarthas ó náisiúnaigh de chuid na Rúise agus na Bealarúise. Tá fíoruithe ex post ar bun freisin chun a chinneadh cé acu a deonaíodh nó nár deonaíodh saoránacht do dhaoine aonair faoi bhearta sriantacha idirnáisiúnta, arb amhlaidh a chúlghairfí saoránacht Mhontainéagróch sna cásanna sin.

Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar aon fhorbairt maidir leis sin go dtí go mbeidh na hiarratais uile atá ar feitheamh próiseáilte.

6.Moltaí

Tá gníomhaíocht déanta ag Montainéagró chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe seo. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh dul chun cinn, agus is gá aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

a)Bearta práinneacha a dhéanamh chun beartas víosaí Mhontainéagró a ailíniú le liosta an Aontais de na tíortha lena mbaineann ceanglas víosa, go háirithe maidir leis na tíortha a bhfuil rioscaí imirce neamhrialta nó slándála ag baint leo le haghaidh an Aontais;

b)A áirithiú go ndéanfar iarratais ar feitheamh faoin scéim saoránachta d’infheisteoirí a foirceannadh le déanaí a scagadh agus a phróiseáil i gcomhréir leis na caighdeáin slándála is airde is féidir.

AN MHACADÓIN THUAIDH

1.Ailíniú an bheartais víosaí

Tá dul chun cinn substaintiúil déanta ag an Macadóin Thuaidh i dtreo a beartas víosaí a ailíniú le beartas víosaí an Aontais. Go dtí seo, ní ann ach d’aon tír amháin atá saor ó víosa le haghaidh na Macadóine Thuaidh ach ní le haghaidh an Aontais (an Tuirc). I mí Eanáir 2023, thug an Mhacadóin Thuaidh ceanglas víosa isteach an athuair le haghaidh náisiúnaigh na Botsuáine agus Chúba. Ina theannta sin, an cinneadh lenar ceadaíodh go sealadach do náisiúnaigh na hAsarbaiseáine teacht isteach sa Mhacadóin Thuaidh gan víosa, chuaigh sé in éag i mí an Mhárta 2023 agus níor cuireadh síneadh leis.

2.Faireachán ar threochtaí san imirce neamhrialta, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, filleadh agus athligean isteach 

In 2022, tháinig méadú 24 % ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sna Ballstáit ó náisiúnaigh na Macadóine Thuaidh, agus taisceadh 6 715 iarratas in 2022 i gcomparáid le 5 415 in 2021. Tá an ráta aitheantais cothrom le 2 % (i gcomparáid le 1 % in 2021).

In 2022, rinneadh 9 dtrasnú teorann neamhrialta arna ndéanamh ag náisiúnaigh de chuid na Macadóine Thuaidh a thuairisciú ar leibhéal an Aontais, in aghaidh 12 in 2021. In 2022, an líon náisiúnach de chuid na Macadóine Thuaidh ar cinneadh go raibh siad ag fanacht go neamhrialta, tháinig méadú 9 % air i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus 7 030 fanacht neamhrialta ann in 2022 in aghaidh 6 450 fanacht in 2021. Tháinig méadú beagán 5 % ar an líon diúltuithe cead isteach, ó 2 950 diúltú in 2021 chuig 3 095 chás in 2022.

Bhí treocht mhéadaitheach ann anuraidh ar an líon díobh seo a leanas: (i) cinntí um fhilleadh a eisíodh chuig náisiúnaigh de chuid na Macadóine Thuaidh (2 910 in 2022 in aghaidh 2 320 in 2021, méadú 25 %); agus (ii) an líon daoine a filleadh (1 590 in 2022 in aghaidh 985 in 2021, méadú 61 %). Tuairiscíonn na Ballstáit dea‑chomhar maidir le filleadh agus athligean isteach agus mhéadaigh an ráta fillte in 2022 agus ráta 55 % i leith fillteacha ann i gcomparáid le 42 % in 2021.

Foinse: Eurostat

3.Comhar maidir le himirce, bainistiú teorainneacha agus athligean isteach 

Rinne an Mhacadóin Thuaidh plé dearfach leis an Aontas maidir le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis na Balcáin Thiar.

Tá ról gníomhach ag an Macadóin Thuaidh maidir le sreabha imirce measctha a bhainistiú ar cheann de na príomhbhealaí idirthurais le haghaidh imirce neamhrialta. Mar sin féin, leanann an líon imirceach a smuigleáiltear de bheith ard agus ní mór feabhas a chur ar líonraí smuigleála a chomhrac mar thosaíocht.

Tá an Mhacadóin Thuaidh ag obair ar a córas tearmainn a neartú maidir le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus mionaoisigh neamhthionlactha. Mar sin féin, tá gá le dul chun cinn fós maidir le clárú córasach imirceach. A plean teagmhais chun sreabha imirce móra a bhainistiú, is gá fós é a thabhairt chun críche agus a ghlacadh.

Lean an Mhacadóin Thuaidh de bheith ag dul i gcomhar leis na Ballstáit maidir le bainistiú imirce agus teorainneacha. Ar na samplaí den chomhar áiríodh: cuairteanna saineolaithe, malartuithe faisnéise agus dea‑chleachtas, trealamh teicniúil agus cúrsaí oiliúna.

Leantar de chomhaontuithe um athligean isteach a chur chun feidhme agus ar an iomlán, thuairiscigh na Ballstáit dea‑chomhar maidir le hathligean isteach, cé is moite de Bhallstát amháin a thuairiscigh gur gá feabhsuithe a dhéanamh.

Shínigh an Mhacadóin Thuaidh Comhaontú Stádais le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) sa Mhacadóin Thuaidh i mí Dheireadh Fómhair 2022 29 . Tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Stádais an 1 Aibreán 2023, seoladh Oibríocht Chomhpháirteach an 19 Aibreán 2023 le himscaradh 110 oifigeach chun tacaíocht a sholáthar le rialú ag teorainneacha agus bainistíocht a dhéanamh ar imirce neamhrialta agus coireacht trasteorann feadh na coda trasteorann iomláine leis an nGréig. Ar an iomlán, d’fhorbair an Mhacadóin Thuaidh comhar an‑fhairsing agus dearfach le Frontex maidir le bainistiú teorainneacha, rud a neartaíodh a thuilleadh i mí Aibreáin 2023 tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Stádais.

A mhéid a bhaineann le comhar le EUAA, lean an Treochlár um Chomhar le haghaidh na tréimhse ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 chuig mí Mheán Fómhair 2022 de bheith ina uirlis tábhachtach chun an córas tearmainn a neartú, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus mionaoisigh neamhthionlactha, oiliúint maidir le tearmann agus glacadh a neartú, cáilíocht cinntí tearmainn a mhéadú agus an córas glactha le haghaidh imircigh leochaileacha agus mionaoisigh neamhthionlactha a neartú. Tá Treochlár an tríú glúin á fhorbairt ag EUAA agus ag an Macadóin Thuaidh, cé gur leathnaíodh an dara glúin de chun a áirithiú nach mbeidh aon bhearna ann.

4.Comhar maidir le slándáil

Shínigh Europol Comhaontú Straitéiseach leis an Macadóin Thuaidh i mí Eanáir 2007 agus síníodh Comhaontú Oibriúcháin i mí Mheán Fómhair 2011. Is maith an leibhéal comhair agus malartaithe faisnéise le Europol agus mhéadaigh sé le linn 2022. Tá oifigeach idirchaidrimh ón Macadóin Thuaidh imscartha ag Europol ó bhí 2015 ann. Tá faisnéis á soláthar ag údaráis forfheidhmithe dlí na Macadóine Thuaidh maidir le hairm a urghabhadh agus daoine atá faoi dhrochamhras a gabhadh, agus tá aiseolas á sholáthar acu nuair a iarrtar sin orthu i ngníomhaíochtaí oibríochtúla. Tá páirt á glacadh freisin ag an Macadóin Thuaidh in EMPACT.

A bhuí leis an dul chun cinn maith a rinneadh i gcur chun feidhme an tSocraithe Cur Chun Feidhme maidir le Frithsceimhlitheoireacht faoin bPlean Gníomhaíochta Comhpháirteach um Fhrithsceimhlitheoireacht le haghaidh na mBalcán Thiar, an 9 Nollaig 2022 shínigh an Mhacadóin Thuaidh leis an gCoimisiún athbhreithniú ar an socrú lena n‑áirítear gníomhaíochtaí nua agus spriocanna níos uaillmhianaí.

5.Scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí 

Leis an Dlí maidir le Saoránacht na Macadóine Thuaidh déantar foráil maidir le saoránacht a fháil gan aon cheanglas cónaithe roimhe sin le haghaidh daoine a bhfuil ‘leas eacnamaíoch speisialta’ ag baint leo le haghaidh na tíre. Idir 2005 agus 2022, fuair 121 dhuine saoránacht le haghaidh leas eacnamaíoch speisialta (in aghaidh 40 cinneadh dhiúltacha) 30 . Athdhearbhaíonn an Coimisiún nach é ba cheart teacht as cur chun feidhme an dlí sin deonú córasach saoránachta i gcomaoin infheistíochta, ós rud é gur féidir go n‑úsáidfear é chun dul timpeall ar nós imeachta an Aontais maidir le víosaí gearrfhanachta agus ar an measúnú domhain ar rioscaí imirce agus slándála aonair a bhaineann leis, agus is féidir dá bhrí sin tionchar a bheith aige ar an gcóras taistil gan víosa.

6.Moltaí

Tá gníomhaíocht déanta ag an Macadóin Thuaidh chun aghaidh a thabhairt ar fhormhór na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe sin. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh dul chun cinn, agus is gá aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

a)Leanúint den dul chun cinn maith maidir le hailíniú an bheartais víosaí.

b)Staonadh ó éadáil chórasach na saoránachta ar mhaithe le leas eacnamaíoch speisialta.



AN tSEIRBIA

1.Ailíniú an bheartais víosaí

I dtús 2022, bhí córas taistil gan víosa ag an tSeirbia le 22 thír atá ar liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas víosa. Bhí an easpa ailínithe le beartas víosaí an Aontais i measc na dtosca as ar tháinig imirce neamhrialta mhéadaithe chuig an Aontas ar bhealach na mBalcán Thiar. Bhain an méid sin go háirithe le náisiúnaigh na Burúine, Chúba, na hIndia, na Túinéise agus na Tuirce, a bhí in ann teacht isteach sa tSeirbia gan víosaí agus ansin teorainneacha seachtracha na mBallstát a thrasnú go neamhrialta. Leis an tsaincheist spreagadh teagmhálaithe láithreacha agus cuimsitheacha idir an Coimisiún agus údaráis na Seirbia.

De thoradh an chomhair sin agus iarrachtaí comhordaithe, chuir an tSeirbia ceanglais víosa ar ais le haghaidh na Burúine (an 21 Deireadh Fómhair 2022, agus cuireadh chun feidhme láithreach iad), na Túinéise (an 21 Deireadh Fómhair 2022, agus cuireadh chun feidhme iad an 22 Samhain 2022), Ghuine Bissau (an 1 Nollaig 2022, agus cuireadh chun feidhme iad an 6 Nollaig 2022), na hIndia (an 9 Nollaig 2022, agus cuireadh chun feidhme iad an 1 Eanáir 2023), na Bolaive agus Chúba (an 27 Nollaig 2022, agus cuireadh chun feidhme faoi seach iad an 10 Feabhra 2023 agus an 13 Aibreán 2023).

Coinníonn an tSeirbia córas taistil gan víosa ar bun faoi láthair le 16 thír atá ar liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas víosa: an Airméin, an Asarbaiseáin, Bairéin, an Bhealarúis, an Chasacstáin, Catar, an Chirgeastáin, Cuáit, Iamáice, an Indinéis, an Mhongóil, Óman, an Rúis, an tSín, Suranam agus an Tuirc.

Tá coinne ag an gCoimisiún le tuilleadh ailínithe víosaí i gcomhréir leis an ngealltanas a thug údaráis na Seirbia agus tá sé ag súil le tuilleadh mionsonraí ón tSeirbia maidir leis an ‘plean um chomhchuibhiú víosaí’ a d’fhógair sí agus lena chur chun feidhme éifeachtach.

2.Faireachán ar threochtaí san imirce neamhrialta, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, filleadh agus athligean isteach

In 2022, chuir náisiúnaigh de chuid na Seirbia sna Ballstáit 4 265 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta isteach, méadú 24 % i gcomparáid le 2021 (3 430), rud a choinníonn an treocht ar bun ó bhlianta roimhe sin. Tháinig laghdú beagán 6 % in 2021 ar an ráta aitheantais chuig 5 % in 2022.

Braitheadh 32 thrasnú neamhrialta ar theorainneacha seachtracha na mBallstát arna ndéanamh ag náisiúnaigh de chuid na Seirbia (37 in 2021). Lean an líon náisiúnach de chuid na Seirbia ar cinneadh go raibh siad ag fanacht go neamhrialta sna Ballstáit treocht anuas agus 13 530 duine ann in 2022 i gcomparáid 14 490 duine in 2021 (laghdú 7 %). In 2022, tháinig laghdú 22 % ar an líon náisiúnach de chuid na Seirbia ar diúltaíodh cead isteach san Aontas dóibh (8 405 in 2021 in aghaidh 6 585 in 2022).

Leis an líon cinntí um fhilleadh a eisíodh chuig náisiúnaigh de chuid na Seirbia (5 705 in 2022 in aghaidh 6 045 in 2021) léiríodh laghdú 6 %, cé gur tháinig méadú 5 % ar an líon daoine a filleadh (3 190 in 2022 in aghaidh 3 035 in 2021) agus gur tháinig méadú 50 % in 2021 ar an ráta fillte chuig 56 % in 2022.

Foinse: Eurostat

3.Comhar maidir le himirce, bainistiú teorainneacha agus athligean isteach

Rinne an tSeirbia plé dearfach leis an Aontas maidir le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis na Balcáin Thiar agus rannchuidigh sí le bainistíocht a dhéanamh ar an sreabhadh imirce measctha i dtreo an Aontais, ó tháinig ardú tobann ar thrasnuithe teorann neamhrialta theorainneacha seachtracha na mBallstát in 2022.

I mí Lúnasa 2022, ghlac an tSeirbia straitéis nua um bainistiú comhtháite teorainneacha le haghaidh na tréimhse 2022‑2027 agus plean gníomhaíochta le haghaidh 2022‑2024. Faireachas ar theorainneacha a fheabhsú agus iarrachtaí a mhéadú chun smuigleáil dídeanaithe agus imirceach a bhrath, ba cheart an méid sin a bheith ina thosaíocht.

Iarrachtaí chun imircigh agus iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, lena n‑áirítear in ionaid ghlactha, a shainaithint agus a chlárú, ba cheart dlús a chur leo. Maidir le neartú a dhéanamh ar an gcóras tearmainn agus ar an inniúlacht chun imircigh nach bhfuil aon cheart dlíthiúil fanachta acu, is réimsí tábhachtacha iad sin fós le haghaidh tuilleadh oibre, inar méadaíodh an tacaíocht ón gCoimisiún.

In 2022, rinne an tSeirbia roinnt beart chun na ceanglais chun víosaí Seirbiacha a fháil agus teacht isteach sa tSeirbia a ghéarú. Foilsíodh na coinníollacha modhnaithe sin agus scaipeadh go forleathan iad ar shuíomhanna gréasáin rialtais, agus tugadh isteach in ardán oibríochtúil an Chomhlachais Aeriompair Idirnáisiúnta iad, rud a úsáideann aerlínte agus paisinéirí á seiceáil isteach le haghaidh eitiltí chuig an tSeirbia. Reáchtáil ionadaithe ó mhisin taidhleoireachta agus chonsalacha na Seirbia cainteanna le hoifigí na n‑aerlínte is mó i dtíortha a gcreidiúnúcháin, a sainaithníodh mar a bheith in úsáid ag taistealaithe a bhaineann mí‑úsáid as an gcóras taistil gan víosa. Reáchtáil údaráis na Seirbia cainteanna freisin le hionadaithe na bpríomh‑aerlínte uile i mBéalgrád, agus le heagraíochtaí turasóireachta chomh maith leis sin a oibríonn le tíortha tionscnaimh na ndaoine a d’fhéadfadh a bheith ag baint mí‑úsáid as córas taistil gan víosa na Seirbia.

Lean an tSeirbia de bheith ag dul i gcomhar leis na Ballstáit maidir le bainistiú imirce agus teorainneacha. Ar na samplaí den chomhar áiríodh cistiú, cúnamh teicniúil, patróil teorann chomhpháirteacha agus cúrsaí oiliúna. Le cúnamh teicniúil an Aontais tacaítear leis an straitéis um bainistiú comhtháite teorainneacha 2022‑2027, go háirithe maidir le clárú éifeachtúil imirceach neamhrialta, a bpróiseáil, ach maidir le comhordú i measc institiúidí laistigh den chóras bainistithe imirce chomh maith agus nósanna imeachta um fhilleadh chuig an tír thionscnaimh nó an tír inar thángthas isteach roimhe seo. Le cistiú ón Aontas tacaítear freisin le feidhmiú na n‑ionad glactha agus tearmainn arna mbainistiú ag an gCoimeasáracht le haghaidh Dídeanaithe agus na hImirce, lena n‑áirítear seirbhísí cúraim sláinte, cúnamh sóisialta agus oideachas le haghaidh leanaí agus grúpaí leochaileacha. Agus tacaíocht á fáil ón Aontas agus ó na Ballstáit, tá an clár um fhilleadh deonach cuidithe agus ath‑imeascadh (AVRR) á chur chun feidhme ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) lena bhfothaítear acmhainneacht chóras um fhilleadh na Seirbia agus lena n‑éascaítear rochtain ar fhilleadh cuidithe deonach.

Ar an iomlán, tuairiscíonn Frontex agus na Ballstáit dea‑chomhar freisin maidir le hathligean isteach.

Mar sin féin, sainaithníodh dúshláin maidir le hathligean isteach na náisiúnach tríú tír a fhanann go neamhrialta agus a shroich an tAontas trí bhealach na mBalcán Thiar. Sa chomhthéacs sin, d’iarr an Coimisiún ar an tSeirbia an leibhéal is airde comhair a fheidhmiú chun a áirithiú, i gcás ina ndiúltaítear do na hiarratais ar thearmann arna dtaisceadh ag na náisiúnaigh sin, go ndéanfaidh an tSeirbia iad a athligean isteach agus an clásal maidir le náisiúnaigh tríú tír den chomhaontú um athligean isteach idir an tAontas agus tSeirbia á chur i bhfeidhm.  

Thug an tSeirbia Comhaontú Stádais i gcrích le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an 31 nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) sa tSeirbia, a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021, agus foráil á déanamh maidir le himscaradh fhoirne Bhuanchór an Gharda Teorann agus Chósta Eorpaigh ag a bhfuil cumhacht feidhmiúcháin ar chríoch na Seirbia. Thosaigh an chéad oibríocht faoin gComhaontú Stádais an 16 Meitheamh 2021 ag an teorainn idir an tSeirbia agus an Bhulgáir. I mí na Nollag 2022, leathnaíodh an oibríocht chomhpháirteach sin chuig pointí trasnaithe teorann feadh theorainn na Seirbia leis an Ungáir. Cuireadh tús le caibidlíocht maidir le Comhaontú Stádais nua i mí na Bealtaine 2023 agus tá siad fós ar bun.

Tá Treochlár Comhpháirteach i bhfeidhm ag an tSeirbia le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann lena dtacaítear le córas tearmainn agus glactha a fhorbairt a thuilleadh i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. Tá an tSeirbia mar chuid de Líonra EUAA d’Údaráis Ghlactha.

4.Comhar maidir le slándáil

Lean an tSeirbia dá dea‑chomhar le Europol agus mhéadaigh sí an úsáid a bhaineann sí as an gcainéal slán SIENA. Tháinig méadú 15 % ar an líon teachtaireachtaí a malartaíodh idir 2021 agus 2022. Lean Eurojust agus an tSeirbia dá ndea‑chomhar in ábhair choiriúla, go háirithe tríd an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh de chuid na Seirbia (ar iasacht ó bhí mí an Mhárta 2020 ann) ag ceanncheathrú Eurojust.

Glacann an tSeirbia páirt ghníomhach in EMPACT. In 2022, ghlac an tSeirbia páirt in 67 nGníomhaíocht Oibriúcháin agus bhí sí ina ceannaire gníomhaíochta comhpháirtí ar Ghníomhaíocht Oibriúcháin amháin (sa Phlean Gníomhaíochta Oibriúcháin maidir le cannabas, cócaon agus hearóin). Lean an tSeirbia de pháirt a ghlacadh i Laethanta Comhghníomhaíochta EMPACT.

In 2019 shínigh an tSeirbia socrú déthaobhach maidir le frithsceimhlitheoireacht leis an gCoimisiún chun an Plean Gníomhaíochta Comhpháirteach um Fhrithsceimhlitheoireacht le haghaidh na mBalcán Thiar a chur chun feidhme. Chuir an tSeirbia tuarascálacha tráthrialta isteach, ach tá gá le tuilleadh dul chun cinn chun a mheas go bhfuil cur chun feidhme an tsocraithe sásúil, go háirithe níor ghlac an tSeirbia creat straitéiseach nua fós maidir le frithsceimhlitheoireacht agus antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac tar éis dhul in éag na straitéisí roimhe sin in 2021.

Níor thug an tSeirbia chun críche anailís ar róil agus cleachtais seirbhísí slándála ná na Comhairle Slándála Náisiúnta chun imscrúduithe coiriúla a dhéanamh maidir le coireacht thromchúiseach agus eagraithe, cé gur cuireadh tús leis an obair ullmhúcháin. Tá comhar seanbhunaithe ann le CEPOL, Eurojust, Europol agus Interpol, go háirithe maidir le gáinneáil ar airm, le gáinneáil ar dhrugaí agus leis an gcomhrac in aghaidh grúpaí coireachta eagraithe ardphróifíle. Is gá don tSeirbia inniúlacht theicniúil, airgeadais agus acmhainní daonna Oifig an Ionchúisitheora le haghaidh na Coireachta Eagraithe a mhéadú a thuilleadh chun go ndéanfaidh sí a dualgais ar bhealach neamhspleách (lena n‑áirítear áitreabh chun go mbeidh spás ann le haghaidh foireann nua). Ba cheart don tSeirbia a cur chuige bunaithe ar chásanna a oiriúnú do straitéis in aghaidh eagraíochtaí coiriúla, agus ó bheith ag díriú ar chásanna lena mbaineann tábhacht íseal nó mheánach chuig cásanna ardphróifíle a bhfuil sé d’aidhm acu eagraíochtaí móra agus idirnáisiúnta a dhíchóimeáil agus sócmhainní a urghabháil.

5.Saoránacht a fháil go mear

Sna chéad mhíonna de 2023, mhol rialtas na Seirbia leasuithe áirithe a dhéanamh ar an Dlí maidir le saoránacht lena ndéantar foráil maidir le féidearthacht go bhfaigheadh náisiúnaigh tríú tír saoránacht Sheirbiach go mear, ar náisiúnaigh iad nach raibh ina gcónaí sa tSeirbia ach ar feadh tréimhse ghairid, ag a bhfuil dioplóma ardoideachais a fuarthas sa tSeirbia nó arna aithint ag an tSeirbia, agus atá féinfhostaithe nó fostaithe ag cuideachta de chuid na Seirbia.

Cé go n‑urramaíonn an tAontas ceart ceannasach na Seirbia chun cinneadh a dhéanamh maidir lena saoránacht agus lena beartas eadóirseachta, chuir an Coimisiún a ábhair imní in iúl d’údaráis inniúla na Seirbia a mhéid a bhaineann leis na rioscaí slándála féideartha le haghaidh an Aontais atá nasctha le cearta taistil gan víosa a bheith á bhfáil go mear ag náisiúnaigh tíortha lena mbainfeadh ceanglas víosa ar bhealach eile le haghaidh an Aontais. Sa bhreis ar fhor‑rochtain an Choimisiúin maidir leis an ábhar sin, chinn rialtas na Seirbia an togra a tharraingt siar.

6.Moltaí

Tá gníomhaíocht déanta ag an tSeirbia chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh dul chun cinn, agus is gá aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

a)Beartas víosaí na Seirbia a ailíniú a thuilleadh le liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas víosa, go háirithe maidir leis na tíortha a bhfuil rioscaí imirce neamhrialta nó slándála ag baint leo le haghaidh an Aontais;

b)Caibidlíocht maidir leis an gComhaontú Stádais nua ó Frontex leis an Aontas a thabhairt chun críche go tapa;

c)Clásal an náisiúnaigh tríú tír den chomhaontú um athligean isteach idir an tAontas agus an tSeirbia a chur chun feidhme go hiomlán.



II.TÍORTHA EILE ATÁ SAOR Ó VÍOSA

TÍORTHA SAOR Ó VÍOSA A OIBRÍONN SCÉIMEANNA SAORÁNACHTA D’INFHEISTEOIRÍ

Cé go n‑urramaíonn an tAontas an ceart atá ag tíortha ceannasacha cinneadh a dhéanamh maidir lena nósanna imeachta eadóirseachta féin, scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí arna reáchtáil ag tríú tíortha atá saor ó víosa, atá ar neamhréir leis na prionsabail agus na coinníollacha is bun leis an tarscaoileadh víosa, d’fhéadfadh rioscaí slándála a bheith ag baint leo le haghaidh an Aontais agus a Bhallstát. 

Tá an tAontas buartha go háirithe maidir le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a chuirtear chun cinn ó thaobh tráchtála de mar scéimeanna lena soláthraítear rochtain gan víosa ar an Aontas. Is é is cuspóir do chomhaontuithe tarscaoilte víosa teagmháil idir dhaoine a éascú idir an tAontas agus tríú tíortha, gan é a chur ar a gcumas do náisiúnaigh tríú tír eile lena mbaineann ceanglas víosa dul timpeall ar nós imeachta an Aontais maidir le víosaí gearrfhanachta trí shaoránacht a fháil. Rochtain gan víosa ar an Aontas, níor cheart í a úsáid mar thráchtearra tráchtála atá le díol agus le ceannach.

D’ardaigh Parlaimint na hEorpa an tsaincheist sin freisin ina rún an 9 Márta 2022 le tograí don Choimisiún maidir le scéimeanna um shaoránacht agus cónaí trí infheistíocht 32 . I measc iarrataí eile, leis an rún glaodh ar an gCoimisiún an oiread brú is féidir a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfidh tríú tíortha ag a bhfuil scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí i bhfeidhm agus a thairbhíonn de thaisteal gan víosa faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 deireadh leis na scéimeanna sin, agus tograí a chur isteach chun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2018/1806 a leasú chun oibriú scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a áireamh mar fhoras chun tarscaoileadh víosa a chur ar fionraí.

VANUATU

Ó bhí 2015 ann, tá scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí á n‑oibriú ag Vanuatú inarb amhlaidh a dheonaigh sé saoránacht do náisiúnaigh de chuid tíortha eile nach raibh aon nasc acu roimhe sin le Vanuatú, agus cinntí dearfacha á n‑eisiúint acu maidir le formhór mór na n‑iarratas. Faoi mhí an Mhárta 2021, bhí níos mó na 10 500 pas eisithe ag Vanuatú faoi na scéimeanna sin, agus ráta diúltaithe an‑íseal ann.

Idir 2017 agus 2021, chuir an Coimisiún ábhair imní thromchúiseacha in iúl agus thug sé rabhadh do rialtas Vanuatú maidir leis an bhféidearthacht go dtabharfaí an ceanglas víosa isteach an athuair. Níor leor na mínithe a sholáthair Vanuatú chun na húdair imní sin a mhaolú. Ar an mbonn sin, an 12 Eanáir 2022 ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle chun an comhaontú tarscaoilte víosa le Vanuatú a chur ar fionraí 33 . Ba é sin an chéad togra riamh de chuid an Aontais chun comhaontú tarscaoilte víosa a chur ar fionraí le tríú tír. An 3 Márta 2022 ghlac an Chomhairle an cinneadh chun an cinneadh tarscaoilte víosa le Vanuatú a chur ar fionraí go páirteach 34 . Ós rud é nár leigheasadh na himthosca as ar tháinig an fhionraí pháirteach, an 12 Deireadh Fómhair 2022 mhol an Coimisiún Cinneadh ón gComhairle maidir leis an gcomhaontú a chur ar fionraí go hiomlán ón 4 Feabhra 2023. 35 Ghlac an Chomhairle an Cinneadh an 8 Samhain 2022. 36 Dá réir sin, an 1 Nollaig 2022, ghlac an Coimisiún Rialachán tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 8(6)(b) de Rialachán (AE) 2018/1806, agus é á shonrú go bhfuil an díolúine ón gceanglas víosa le haghaidh na náisiúnach uile de chuid Vanuatú curtha ar fionraí ón 4 Feabhra 2023 go dtí an 3 Lúnasa 2024 37 .

Ó theacht i bhfeidhm na fionraí páirtí, bhí an Coimisiún ag plé le húdaráis inniúla Vanuatú in idirphlé feabhsaithe 38 , chun na himthosca as ar tháinig fionraí an tarscaoilte víosa a leigheas agus a cheadú don Aontas an fhionraí a ardú.

I mí an Mhárta 2023, d’eisigh rialtas Vanuatú leasú ar a Ghníomh Saoránachta, arb é is aidhm dó sin slándáil a scéime saoránachta d’infheisteoirí a neartú. Tá measúnú an Choimisiúin ar na leasuithe reachtacha sin ar bun. Comhaontaíodh gurb amhlaidh ag an gcéad chruinniú eile faoin idirphlé feabhsaithe a mhíneoidh Vanuatú go mion na hathruithe reachtacha sna scéimeanna d’infheisteoirí a ghlac an rialtas i mí an Mhárta.

Leanfar de na malartuithe faisnéise le húdaráis Vanuatú go dtí go measann an Coimisiún go bhfuil faisnéis leordhóthanach faighte aige chun an measúnú a chur i gcrích, ar measúnú é a cheanglaítear chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na himthosca as ar tháinig an fhionraí leigheasta nó is ann nó nach ann dóibh fós. De réir thoradh an mheasúnaithe sin, molfaidh an Coimisiún an fhionraí a ardú nó an liosta de na tíortha lena mbaineann ceanglas víosa a aistriú chuig Vanuatú, mar a leagtar amach in Airteagal 8(7) de Rialachán (AE) 2018/1806.



STÁIT I MUIR CHAIRIB THOIR

Ó bhí 2020 ann, bhí an Coimisiún ag plé leis na cúig stát i Muir Chairib a oibríonn scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí (Antigua agus Barbúda, Doiminice, Greanáda, San Críostóir‑Nimheas agus Saint Lucia) chun faisnéis ábhartha agus sonraí a fháil maidir leis na scéimeanna sin, a aicmítear mar scéimeanna a bhféadfadh ardriosca a bheith ag baint leo le haghaidh shláine an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe le ECFE, agus amhras á tharraingt maidir le gníomhaíochtaí féideartha imghabhála cánach agus sciúrtha airgid 39 .

Bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas ó na húdaráis inniúla, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil líon ard iarratasóirí rathúla ag na scéimeanna uile d’infheisteoirí atá faoi mheasúnú, agus 88 000 pas ar a laghad san iomlán eisithe go dtí seo. Le haghaidh tíortha áirithe, tá an líon sin os cionn 30 000 (34 500 pas eisithe ag Doiminice; 36 742 ag San Críostóir‑Nimheas). An tráth céanna, tá an ráta diúltaithe an‑íseal (idir 3 agus 6 %), rud a tharraingíonn ceisteanna, i dteannta na n‑agaí próiseála gairide (tréimhse chomh gairid le 2 mhí i gcásanna áirithe), a mhéid a bhaineann le críochnúlacht an scagtha slándála.

Ar an hiarratasóirí rathúla áirítear náisiúnaigh a mbeadh víosa uathu ar bhealach eile chun teacht isteach san Aontas. Ar náisiúntachtaí na bpríomhiarratasóirí, de réir na faisnéise a fuarthas, áirítear an tSín agus an Rúis, chomh maith leis an tSiria, an Iaráin, an Iaráic, Éimin, an Nigéir agus an Libia, i measc cinn eile. Maidir leis sin, d’fháiltigh an Coimisiún roimh an gcinneadh ó mhí an Mhárta 2022 a rinne na cúig thír uile de chuid Mhuir Chairib chun an scrúdú ar iarratais ó náisiúnaigh na Rúise agus na Bealarúise a chur ar fionraí mar fhreagairt ar fhogha na Rúise in aghaidh na hÚcráine.

Faoi láthair, tá na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí de chuid Mhuir Chairib ar cheann de na scéimeanna is saoire ar domhan le haghaidh infheisteoirí aonair agus teaghlach. I gcásanna áirithe, tá an costas in aghaidh an duine aonair chomh híseal le USD 100 000. Níl na scéimeanna eile faoi mheasúnú ach beagán níos costasaí.

Malartú faisnéise le tír thionscnaimh iarratasóirí nó lena bpríomháit chónaithe roimhe sin bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas, tarlaíonn sin go pointe áirithe in 4 cinn as na 5 thír ar a ndearnadh measúnú. Mar sin féin, ní cosúil go dtarlaíonn sin ar bhealach córasach. Téann na cúig thír uile i gcomhar le Lárionad Cumarsáide Réigiúnach Comhpháirteach (JRCC) Ghníomhaireacht Cur Chun Feidhme um Choireacht agus Slándáil CARICOM, a thugann cúnamh le faisnéis rúnda a fháil maidir le gach comhalta den iarratas. Mar sin féin, ní cheanglaíonn aon cheann de na tíortha ar a ndearnadh measúnú cónaí ná láithreacht fhisiciúil fiú sa tír sular féidir saoránacht a dheonú, nó fiú le linn an phróisis iarratais.

I gcásanna áirithe, úsáideann na tíortha gníomhairí príobháideacha le linn an phróisis iarratais agus scagtha, lena n‑áirítear le haghaidh seiceálacha pearsanta agus fíorú ar na doiciméid arna gcur isteach ag iarratasóirí. Tá seachtrú an phróisis fíorúcháin chuig cuideachtaí príobháideacha ina thoisc bhreise lena n‑ardaítear ábhair amhrais a mhéid a bhaineann leis an rochtain ar fhaisnéis na n‑údarás forfheidhmithe dlí agus breithiúnach sa tír thionscnaimh nó sa phríomháit chónaithe roimhe sin.

Ar deireadh, go pointí áirithe, tugann na cúig thír uile an fhéidearthacht d’iarratasóirí rathúla a gcéannacht a athrú tar éis saoránacht trí infheistíocht a fháil. In Antigua agus Barbúda agus Doiminice, ceadaítear sin ó 5 bliana ar aghaidh tar éis saoránacht a fháil; i nGreanáda tar éis 1 bhliain amháin; i San Críostóir‑Nimheas, ceadaítear sin ar shaoránacht a fháil. I gcásanna áirithe, ceadaítear freisin athruithe ainm iomadúla (de réir na faisnéise atá ar fáil, ní dhéanann ach San Críostóir‑Nimheas é a theorannú chuig athrú amháin).

Ar an iomlán, na hagaí próiseála gairide, na táillí ísle, an líon ard iarratas agus na rátaí diúltaithe ísle, chomh maith le gnéithe áirithe de na nósanna imeachta um scagadh slándála, is eilimintí iad sin lena dtugtar le fios go bhféadfadh rioscaí áirithe a bheith ag baint le hoibriú na scéimeanna sin le haghaidh shlándáil Bhallstáit an Aontais. Ós rud é go gceadaítear d’iarratasóirí rathúla ansin a gcéannacht a athrú nuair a fhaightear an náisiúntacht nua, baineann tuilleadh rioscaí slándála ionchasacha leis sin.

Cé go bhfuil comhairliúcháin dhéthaobhacha ar bun, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na tríú tíortha sin chun réitigh fhadtéarmacha a aimsiú nuair a bheidh a mheasúnú curtha i gcrích aige. Sa chomhthéacs sin, comórfaidh an Coimisiún Comhchoistí na saineolaithe a bhunaítear leis na comhaontuithe tarscaoilte víosa déthaobhacha, a bhfuil sé d’aidhm acu faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcomhaontuithe agus díospóidí a eascraíonn as a gcur i bhfeidhm a shocrú.



CONCLÚID

Measann an Coimisiún go ndearna na hocht dtír chomharsanacha uile de chuid an Aontais ar a ndearnadh measúnú faoin tuarascáil seo beart chun aghaidh a thabhairt ar roinnt moltaí arna ndéanamh sa Chúigiú Tuarascáil faoin Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí. I gcás na Seoirsia agus na hÚcráine, a bhfuair a náisiúnaigh an díolúine víosa níos lú ná 7 mbliana ó shin agus a bhfuil gá fós le tuairisciú ar chomhlíonadh na dtagarmharcanna léirscaoilte víosaí ina leith, measann an Coimisiún go bhfuil na ceanglais léirscaoilte víosaí á gcomhlíonadh i gcónaí. Mar sin féin, is gá do na hocht dtír uile tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí ón gCoimisiún.

Tuairiscíonn na Ballstáit dea‑chomhar ar an iomlán leis na hocht dtír uile maidir leis an imirce agus leis an tslándáil araon. Is gá do roinnt de na tíortha sin leanúint d’aghaidh a thabhairt ar iarratais ar thearmann gan bhunús, lena n‑áirítear trí rannpháirtíocht in EMPACT a neartú agus leanúint d’fheachtais faisnéise spriocdhírithe a eagrú. Ba cheart do na tíortha uile leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh maidir le hailíniú an bheartais víosaí, chun cosc a chur leis an riosca go dtiocfaidh náisiúnaigh tríú tír isteach gan víosaí ina gcríocha agus go leanfaidh siad ar aghaidh ansin ag taisteal go neamhrialta i dtreo an Aontais. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí freisin sa chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus an éillithe.

Bhí léirscaoileadh víosaí ina chuid lárnach de chomhar an Aontais maidir le himirce, slándáil agus ceartas le tíortha na mBalcán Thiar agus le Comhpháirtíocht an Oirthir. Leis sin éascaítear soghluaisteacht agus teagmháil idir dhaoine agus is féidir príomh‑athchóirithe beartais a spreagadh leis freisin sna tíortha sin. Leanfar le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an bpróiseas sin, lena n‑áirítear trí chruinnithe idir oifigigh shinsearacha, trí chruinnithe tráthrialta Fhochoiste an Cheartais, na Saoirse agus Slándála, agus trí phlé idir an tAontas agus na tíortha a chumhdaítear sa tuarascáil. Faireachán ar shaincheisteanna a bhaineann leis na tagarmharcanna tarscaoilte víosaí, leanfar d’aghaidh a thabhairt air sin freisin sna tuarascálacha bliantúla ón gCoimisiún maidir le méadú.

Leanfaidh an Coimisiún freisin d’fhaireachán a dhéanamh ar na tíortha uile saor ó víosa a oibríonn scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí agus treiseoidh sé an t‑idirphlé leis na tíortha sin d’fhonn réitigh fhadtéarmacha a aimsiú a bhfuil sé d’aidhm acu cosc a chur le haon imchéimniú féideartha ar nós imeachta an Aontais maidir le víosaí gearrfhanachta agus leis an measúnú domhain ar rioscaí aonair imirce agus slándála a bhaineann leis sin.

Ar deireadh, leanfaidh an Coimisiún den chur chuige faireacháin cuimsitheach nua a fógraíodh ina Theachtaireacht an 30 Bealtaine 2023 a chur chun feidhme, lena gcumhdaítear na tríú tíortha uile atá saor ó víosa. Bunaithe ar thoradh an phróisis faireacháin sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag tuairisciú ar thríú tíortha saor ó víosa i ndáil le dúshláin imirceach agus slándála, lastall dá oibleagáidí tuairiscithe.

(1)

   Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, IO L 303, 28.11.2018, lch. 39.

(2)

   COM(2017) 815 final (an chéad tuarascáil); COM(2018) 856 final (an dara tuarascáil); COM(2020) 325 final (an tríú tuarascáil); COM(2021) 602 final (an ceathrú tuarascáil), COM/2022/715 final/2 (an cúigiú tuarascáil).

(3)

     Mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806.

(4)

     Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an bhfaireachán ar chórais saor ó víosa an Aontais, COM/2023/297 final.

(5)

     Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (an 9 Feabhra 2023) – Conclúidí, https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-1-2023-INIT/ga/pdf . Chuir an Chomhairle Eorpach i dtábhacht gur ‘den ríthábhacht agus den phráinn é go ndéanfaidh tíortha comharsanachta ailíniú ar a mbeartais víosaí ar mhaithe le bainistiú imirce agus freisin ar mhaithe le dea‑fheidhmiú agus inbhuanaitheacht fhoriomlán na gcóras taistil gan víosa i gcás inarb ábhartha’, agus leagann sí ‘béim ar a thábhachtaí atá sé go neartófaí an faireachán ar bheartais víosaí na dtíortha comharsanachta’.

(6)

     COM(2023)642.

(7)

   Le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2018/1806 ní cheanglaítear ar an gCoimisiún tuairisciú ach ar feadh tréimhse 7 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an léirscaoilte víosaí le haghaidh na dtríú tíortha sin; ina dhiaidh sin, féadfaidh an Coimisiún leanúint de bheith ag tuairisciú aon uair a mheasann sé is gá, nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle.

(8)

      https://home-affairs.ec.europa.eu/system/files/2022-12/Western%20Balkans_en.pdf  

(9)

     Sonraí oibríochtúla, Frontex, https://www.frontex.europa.eu/what-we-do/monitoring-and-risk-analysis/migratory-map/

(10)

   Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol).

(11)

   Le haghaidh na tuarascála seo, tagraítear leis an téarma ‘na Ballstáit’ do na Ballstáit a chuireann Rialachán (AE) 2018/1806 (‘an Rialachán Víosaí’) i bhfeidhm, i.e. na Ballstáit uile atá ann faoi láthair (seachas Éire) agus Tíortha Comhlachaithe Schengen.

(12)

   Cé go bhfuil na tagarmharcanna maidir leis an léirscaoileadh víosaí a bhaineann leis an imirce teoranta do bheartais imirce na dtríú tíortha lena mbaineann, léirítear leis an roinn maidir le treochtaí imirce neamhrialta chuig na Ballstáit, diúltuithe cead isteach arna n‑eisiúint ag na Ballstáit, agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna dtaisceadh sna Ballstáit ag náisiúnaigh na dtíortha a chumhdaítear leis an tuarascáil.

(13)

   Report from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on Investor Citizenship and Residence Schemes in the European Union [Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Scéimeanna Saoránachta agus Cónaithe d’Infheisteoirí san Aontas Eorpach], COM (2019) 12 final, leathanach 23.

(14)

     Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806.

(15)

     In oibríochtaí um fhilleadh lena mbailítear daoine, bailíonn údaráis na tíre cinn scríbe na fillithe ón aerfort imeachta. Soláthraíonn an tír sin nach tír den Aontas í an chóir iompair agus na hoifigigh thionlacain.

(16)

     Le haghaidh na tuarascála seo, déantar an rata aitheantais a ríomh mar an sciar de chinntí dearfacha ag céadchéim (lena n‑áirítear cosaint faoi Choinbhinsiún na Ginéive, cosaint choimhdeach, agus stádas daonnúil) sa líon iomlán cinntí ag an gcéadchéim. Chun sainmhíniú a fháil, féach https://home-affairs.ec.europa.eu/pages/glossary/recognition‑rate-procedures-international-protection_en

(17)

      https://rm.coe.int/moneyval-2020-20-5th-round-mer-georgia/1680a03271  

(18)

      https://police.ge/en/ministry/structure-and-offices/international-relations-department/donor-coordination/proeqtebis-shesakheb/ongoing-projects/teqnikuri-daxmareba-organizaciuli-danashauli  

(19)

     Moltaí a sholáthraítear i dtuairim N949/2019 ó Choimisiún na Veinéise, a glacadh an 24 Meitheamh 2019, agus an 30 Meán Fómhair 2020 agus an 1 Aibreán 2021 ansin freisin.

(20)

     Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach, ST/6846/2022/INIT, IO L 71, 4.3.2022, lgh. 1‑6.

(21)

      https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-6929-2023-INIT/en/pdf  

(22)

     Leis na figiúirí maidir leis an líon daoine a thagann isteach agus a imíonn léirítear an líon gluaiseachtaí trasteorann, seachas daoine aonair.

(23)

     Le haghaidh mionsonraí maidir leis an léiriú staide, féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ‘Cosaint shealadach dóibh siúd atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine: bliain níos déanaí’ COM(2023) 140 final.

(24)

      https://albania.iom.int/sites/g/files/tmzbdl1401/files/inline-files/arise-all-project-brief.pdf  

(25)

      https://home-affairs.ec.europa.eu/news/commission-and-authorities-bosnia-and-herzegovina-endorse-arrangement-counterterrorism-cooperation-2019-11-19_en

(26)

      https://home-affairs.ec.europa.eu/system/files/2018-10/20181005_joint-action-plan-counter-terrorism-western-balkans.pdf  

(27)

      https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-8354-2023-INIT/en/pdf  

(28)

      https://ec.europa.eu/home-affairs/recommendation-limit-access-individuals-connected-russian-belarusian-government-citizenship_en  

(29)

      https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-12896-2022-INIT/en/pdf  

(30)

     Tuarascáil maidir le Scagadh maidir leis an Macadóin Thuaidh, Iúil 2023, https://neighbourhood-enlargement.ec.europa.eu/system/files/2023-07/MK%20Cluster_1%20Draft%20screening%20report_external%20version.pdf

(31)

      https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A22020A0625%2801%29  

(32)

   Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2022 le tograí don Choimisiún maidir le scéimeanna um shaoránacht agus cónaí trí infheistíocht (2021/2026(INL)).

(33)

     Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach (COM/2022/6 final).

(34)

     Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle an 3 Márta 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach.

(35)

     Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí ina iomláine. COM(2022) 531 final.

(36)

     Cinneadh (AE) 2022/2198 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí ina iomláine.

(37)

     Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/222 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh uile Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach.

(38)

     Airteagal 8(6)(a) de Rialachán (AE) 2018/1806.

(39)

      https://www.oecd.org/tax/automatic-exchange/crs-implementation-and-assistance/residence-citizenship-by-investment/