An Bhruiséil,24.10.2023

COM(2023) 669 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

An Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe


1.RÉAMHRÁ

Tá an chumhacht ghaoithe in‑athnuaite, tá sí ar fáil go forleathan san Aontas agus tá sí slán. Is cumhacht ríthábhachtach í chun cuspóirí dícharbónaithe an Aontais a chomhlíonadh agus chun leictreachas glan inacmhainne slán a chur ar fáil dár dteaghlaigh, dár dtionscal agus, níos mó ná riamh, dár n‑earnáil iompair. Trí fhuinneamh gaoithe agus an tionscal gaoithe a leathnú ar fud an Aontais, cruthófar poist ardcháilíochta agus cuirfear feabhas ar ár slándáil fuinnimh.

Is dóchasach iad na réamh‑mheastacháin maidir le cur in úsáid na gaoithe ag an Aontas agus ag an domhan. Le sprioc an Aontais maidir le 42,5 % foinsí in‑athnuaite fuinnimh ar a laghad a bhaint amach faoi 2030, éileofar an acmhainneacht shuiteáilte chun fás a bhaint amach ó 204 GW in 2022 go dtí níos mó ná 500 GW in 2030 1 . Ar bhonn domhanda, ba cheart do bhreiseanna bliantúla ar acmhainneacht ghaoithe ar a laghad 329 GW in aghaidh na bliana a shroicheadh go dtí 2030 chun astaíochtaí glan‑nialasacha a bhaint amach faoi 2050, is é sin, níos mó ná ceithre oiread na leibhéal cur in úsáid atá ann inniu (75 GW) 2 .

Mar sin féin, tá deacrachtaí ag an tionscal gaoithe Eorpach le déanaí maidir lena ghnó a oibriú. Thuairiscigh na monaróirí tuirbíní gaoithe is mó uile caillteanais oibriúcháin nach beag in 2022 3 . Agus le 16 GW de thionscadail ghaoithe nua a suiteáladh in 2022 4 , nílimid gar in aon chor don 37 GW in aghaidh na bliana a bhfuil gá leis mar rannchuidiú chostéifeachtach chun spriocanna 2030 an Aontais a bhaint amach.

Tá gá le beart láithreach sa chás seo. Ní fhéadfaidh an tAontas luas chur in úsáid an fhuinnimh gaoithe a mhéadú faoi dhó gan slabhra soláthair sláintiúil, inbhuanaithe iomaíoch a bheith aige. Agus ní fhéadfaidh an tionscal gaoithe a bheith sláintiúil gan píblíne shoiléir shlán de thionscadail a bheith aige, an maoiniú is gá a mhealladh agus dul in iomaíocht ar pháirc imeartha chothrom ar fud an domhain.

Thairis sin, tá na rioscaí a eascraíonn as ró‑spleáchas ar sholáthróir ceannasach, eachtrach breoslaí iontaise curtha i dtábhacht tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, agus tá tábhacht na gaoithe agus foinsí fuinnimh in‑athnuaite eile do chobhsaíocht agus slándáil an chórais fuinnimh léirithe dá bharr sin. Agus aistriú tapa glas agus digiteach ar siúl ar fud an domhain, tá teicneolaíochtaí glana ríthábhachtach d’uathriail straitéiseach oscailte na hEorpa. Dá bhrí sin, ina haitheasc ar Staid an Aontais, an 13 Meán Fómhair 2023, d’aithin an tUachtarán von der Leyen go bhfuil meascán dúshlán faoi leith roimh thionscal gaoithe an Aontais agus d’fhógair sí pacáiste Eorpach um chumhacht ghaoithe. Is é cuspóir an phlean gníomhaíochta seo tacú le cuideachtaí an Aontais san earnáil gaoithe agus feabhas a chur ar a n‑iomaíochas chun a áirithiú go bhféadfaidh an tionscal gaoithe leanúint de phríomhról a imirt san aistriú glas.

Sa phlean gníomhaíochta, leagtar amach bearta ba cheart a dhéanamh go práinneach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Tacóidh an plean gníomhaíochta seo go hindíreach le hearnálacha cumhachta glaine eile sa tionscal gréine freisin, ós rud é go bhfuil roinnt de na bearta molta do na foinsí in‑athnuaite uile. Leagtar an plean amach ina shé phríomhcholún gníomhaíochta comhbheartaithe atá le déanamh ag an gCoimisiún Eorpach, na Ballstáit agus an tionscal: (i) Dlús a chur leis an gcur in úsáid trí intuarthacht mhéadaithe agus ceadú níos tapúla; (ii) dearadh ceant feabhsaithe; (iii) rochtain ar mhaoiniú; (iv) timpeallacht idirnáisiúnta atá cothrom iomaíoch a chruthú; (v) scileanna; agus (vi) rannpháirtíocht tionscail agus gealltanais na mBallstát.

2.STAID AN TIONSCAIL GAOITHE SAN EORAIP

Is colún lárnach inár gcóras leictreachais cheana féin é an fuinneamh gaoithe, idir fhuinneamh ar talamh (92 % den acmhainneacht ghaoithe shuiteáilte) agus fhuinneamh amach ón gcósta. In 2022, sholáthair sé 16 % den leictreachas a ídíodh san Aontas, ar an meán, agus is minic a shroicheann sé níos mó ná 30 % in aghaidh an lae 5 . Na teicneolaíochtaí chun leas a bhaint as fuinneamh gaoithe a forbraíodh agus a méadaíodh san Eoraip, tá siad i bhfad níos saoire le 10 mbliana anuas, a bhuí leis an nuálaíocht agus le barainneachtaí scála 6 . I roinnt mhaith páirteanna den Eoraip, is é fuinneamh gaoithe an fhoinse leictreachais is saoire 7 .

Go dtí seo, is í an earnáil monaraíochta gaoithe intíre go príomha a sholáthraíonn na suiteálacha gaoithe arna gcur in úsáid san Aontas. Bhí sciar 85 % de mhargadh fuinnimh gaoithe an Aontais (94 % san earnáil amach ón gcósta) ag na príomh‑mhonaróirí Eorpacha 8 . Déantar monaraíocht tuirbíní agus a gcomhpháirteanna (lanna, naoisilí agus túir, giarbhoscaí, bunsraitheanna, fostáisiúin, gineadóirí, etc.) ar fud an Aontais. Fágann sin gur soláthraí post tábhachtach í an earnáil monaraíochta gaoithe: meastar go gcuireann an earnáil fuinnimh gaoithe iomlán idir 240 000 agus 300 000 post díreach agus indíreach ar fáil san Aontas, agus go bhfuil tuairim is 45 000 (28 % de na poist dhíreacha) suite ag monaróirí tuirbíní agus comhpháirteanna 9 .

Sealbhaíonn cuideachtaí Eorpacha sciar nach beag de mhargadh an trealaimh gaoithe domhanda, ar margadh é atá ag leathnú. Thit an sciar sin ó 42 % in 2020 chuig 35 % in 2022, áfach 10 . Is amhlaidh atá, cuid mhaith, mar gheall ar chur in úsáid gasta an fhuinnimh gaoithe sa tSín, a bhraitheann ar a hearnáil monaraíochta intíre atá ag fás, go príomha. As na 10 gcuideachta monaraíochta tuirbíní gaoithe is mó sa domhan (lena gcuimsítear breis agus 80 % den éileamh ar thuirbíní gaoithe ar fud an domhain), tá a gceanncheathrú ag 4 cinn díobh san Aontas agus tá 4 cinn suite sa tSín.

Tá oibreoirí agus forbróirí tionscadal gaoithe gníomhach ar fud an domhain freisin, ach murab ionann agus monaróirí trealaimh gaoithe, thaifead siad brabúis nach beag in 2022 agus sna blianta roimhe sin. Tá níos mó agus níos mó tionchair á imirt ag fadhbanna mhonaróirí an Aontais ar fheidhmíocht oibreoirí gaoithe an Aontais, áfach, agus bíonn moilleanna ar thionscadail nó éirí as tionscadal mar thoradh air sin. Ina theannta sin, tá níos mó agus níos mó bacainní rochtana os comhair mhonaróirí an Aontais i margaí eachtracha.

Tá mar fhadhb ag an tionscal gaoithe freisin rochtain ar amhábhair, amhail copar, mianraí tearc‑chré, cruach, nicil, snáithín gloine nó sileacan. Braitheann an Eoraip ar thríú tíortha chun na hábhair sin a sholáthar, ar ábhair iad a méadaítear an t‑éileamh orthu de réir mar a fhorbraítear an earnáil ar fud an domhain, agus a bhfuil a bpraghsanna faoi réir luaineachta.

3.NA PRÍOMH‑CHÚISEANNA LE DEACRACHTAÍ AN TIONSCAIL MONARAÍOCHTA GAOITHE SAN AONTAS

D’ainneoin na forbartha dearfaí uile san am atá caite, tá fadhbanna ollmhóra os comhair thionscal ghaoithe na Eorpa faoi láthair. Is féidir na príomh‑chúiseanna le deacrachtaí monaróirí trealaimh gaoithe san Aontas a roinnt ina gcúig phríomhchatagóir.

An chéad chatagóir, tearc‑úsáid acmhainneachtaí táirgthe arb é éileamh neamh‑leordhóthanach agus éiginnte ar thuirbíní gaoithe san Aontas is cúis léi. Faoi láthair, níl forbhreathnú leormhaith ag monaróirí ar an gcur in úsáid fuinnimh gaoithe atá beartaithe ag na Ballstáit, rud as a leanann deacrachtaí ó thaobh táirgeadh agus infheistíochtaí a phleanáil. Ina theannta sin, éilítear ceadú speisialta chun páirteanna agus comhpháirteanna tuirbíní gaoithe a iompar, agus tá sé difriúil ar fud na mBallstát, rud as a leanann moilleanna ar iad a iompar óna suíomh táirgthe go dtí na feirmeacha gaoithe pleanáilte

Is ceadú mall casta le haghaidh tionscadail fuinneamh in‑athnuaite is mó is cúis leis an tearc‑úsáid freisin. Meastar sa tionscal go bhfuil 80 GW d’acmhainneacht fuinnimh gaoithe ag dul trí nósanna imeachta um cheadú ar fud an Aontais, i.e. cúig oiread níos mó ná an cur in úsáid iomlán gaoithe anuraidh. Tá go leor den acmhainneacht sin sa phróiseas um cheadú leis na blianta de bharr nósanna imeachta um cheadú atá mall neamhéifeachtúil.

An dara catagóir, tá seasamh airgeadais na monaróirí creimthe le rochtain ar amhábhair, boilsciú ard agus praghsanna arda tráchtearraí 11 , in éineacht le fálú teoranta ag monaróirí trealaimh gaoithe in aghaidh luaineacht praghsanna. Is measa fós é sin de bharr rátaí úis atá ag méadú agus deacrachtaí ó thaobh teacht ar mhaoiniú.

An tríú catagóir, is minic nach dtugann dearadh tairiscintí náisiúnta cúiteamh iomchuí ar ardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta táirgí Eorpacha, agus is minic nach gcuireann siad san áireamh an gá le hathléimneacht slabhraí soláthair i ndearadh tairiscintí náisiúnta, de bharr go bhfuil na tairiscintí sin bunaithe ar chritéir praghais go hiomlán nó go príomha. Is amhlaidh an cás maidir le formhór na gceantanna, cé gur thosaigh roinnt Ballstát, e.g. an Ísiltír agus an Fhrainc, ag tabhairt isteach critéir nach bhfuil bunaithe ar phraghas. Roinnt de na tairiscintí le haghaidh gaoth amach ón gcósta, amhail iad sin a eagraítear ar bhonn ‘tairiscint dhiúltach neamhchaidhpeáilte’, bíonn tairiscintí anard ó oibreoirí mar thoradh orthu. D’fhéadfadh sé sin méadú a chur ar an riosca maidir le tionscadail a chur i gcrích go hiomlán agus go tráthúil, in éineacht le cásanna nach ngearrtar aon phionós leormhaith as gan tionscadail a thabhairt i gcrích. Thairis sin, baineann ilchineálacht ard le dearadh ceantanna ar fud an Aontais. Fágann an méid sin go léir go bhfuil sé casta do mhonaróirí infheistíocht a phleanáil, go ndéantar difear do chobhsaíocht línte táirgeachta, agus go laghdaítear na buntáistí a bhaineann le barainneachtaí scála 12 .

An ceathrú catagóir, tá an brú ó iomaitheoirí idirnáisiúnta ar earnáil monaraíochta gaoithe an Aontais tar éis méadú. Mar shampla, tá comhardú trádála an Aontais leis an tSín san earnáil fuinnimh gaoithe diúltach, agus easnamh gan fasach de EUR 462 mhilliún ann in 2022 13 . Is soláthróir tábhachtach amhábhar agus comhpháirteanna do mhonaróirí san Aontas agus ar fud an domhain í an tSín, ach tá sí ag teacht chun bheith ina hiomaitheoir mór i margaí tríú tír freisin, ar margaí iad atá tábhachtach do chuideachtaí Eorpacha. A bhuí le praghsanna atá 20 % níos ísle, ar an meán, ná praghsanna a gcontrapháirtithe san Eoraip agus in SAM 14 , uaireanta, de réir an tionscail, le tacaíocht ó íocaíochtaí iarchurtha tarraingteacha, tá méadú cobhsaí ag teacht ar láithreacht cuideachtaí Síneacha ar an gcoigríoch. Cé go spreagann an tiomaíochas nuálaíocht agus feabhsúcháin ar tháirgí, d’fhéadfadh éagothroime iomaíochta difear diúltach a dhéanamh do mhonaróirí trealaimh fuinnimh gaoithe san Aontas agus d’fhéadfadh sí a n‑iomaíochas ar mhargadh an Aontais a laghdú.

Tá monaróirí Síneacha ag tairbhiú freisin de shamhlacha gnó comhtháite a bhfuil slabhraí soláthair níos giorra acu, mar gheall ar cheannasacht na Síne i dtáirgeadh cruach agus amhábhar, agus de choinníollacha airgeadais thar a bheith tarraingteach freisin, b’fhéidir. Déanann an méid sin uile dochar mór do chumas chuideachtaí an Aontais dul san iomaíocht faoi chúinsí cothroma.

Agus an cúigiú catagóir, d’fhéadfadh infhaighteacht oibrithe oilte san earnáil monaraíochta gaoithe difear a dhéanamh do luas an mhéadaithe ar an acmhainneacht táirgeachta san Eoraip 15 . I réimse na gaoithe amach ón gcósta go háirithe, is deacair teacht ar oibreoirí oilte soithí, craenacha nó ardaitheoirí troma. Beidh tuilleadh oibrithe de dhíth sa tionscal, lena n‑áirítear innealtóirí agus ceardaithe.

Meastar gur féidir an chuid is mó den éileamh atá ann faoi láthair ar thuirbíní gaoithe san Aontas a chumhdach le monaraíocht Eorpach 16 . Ach chun a n‑iomaíochas a choinneáil ar bun i margadh atá ag fás le spreagadh ó uaillmhianta an Aontais maidir le gaoth ar talamh agus amach ón gcósta, bheadh ar mhonaróirí Eorpacha a n‑acmhainneachtaí a uas‑scálú go gasta. I gcás nach dtarlóidh sé sin, d’fhéadfadh scrogaill soláthair teacht chun cinn as a leanfadh cur in úsáid níos moille nó méadú ar allmhairithe chun an bhearna a líonadh.

4.GNÍOMHAÍOCHT ATÁ DÉANTA AG AN gCOIMISIÚIN GO dTÍ SEO

Tá tionscnaimh curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún cheana féin lena dtugtar aghaidh ar roinnt de na príomh‑shaincheisteanna atá os comhair earnáil monaraíochta gaoithe an Aontais.

Sa Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite (RED) 17 , leagtar síos sprioc cheangailteach íosta de sciar 42,5 % d’fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh faoi 2030 agus uaillmhian chun 45 % a bhaint amach. Leagtar amach inti an bealach chun dlús gasta a chur le cur in úsáid fuinnimh in‑athnuaite agus cuirtear ceisteanna beartais eile san áireamh san am céanna, amhail ilúsáid talún. Beidh uas‑scálú ollmhór tionscadal foinsí in‑athnuaite fuinnimh de dhíth, rud a spreagfaidh an t‑éileamh ar trealamh gaoithe, inter alia .

Chun dlús a chur le cur in úsáid fuinnimh in‑athnuaite sa ghearrthéarma, chuir an Coimisiún rialachán éigeandála maidir le ceadú 18 ar aghaidh, lena simplítear agus lena ngiorraítear nósanna imeachta um cheadú le haghaidh foinsí in‑athnuaite fuinnimh, lena n‑áirítear athchumhachtú chomh maith le heangacha. Tá an rialachán i bhfeidhm ó dheireadh 2022 agus tá sé le dul in éag faoi lár 2024. Tá céimeanna glactha ag an gCoimisiún chun na nósanna imeachta um cheadú maidir le hiompar comhpháirteanna tuirbíní gaoithe a shimpliú agus a chuíchóiriú, ar nósanna imeachta iad a éilíonn roinnt údaruithe chun mórbhealaí a úsáid, fiú amháin laistigh den Bhallstát céanna 19 .

Cuireadh an Rialachán chun feidhme ar bhealaí éagsúla ar fud na mBallstát, ach tá na chéad torthaí uaidh le feiceáil cheana féin. Mar shampla, tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin, eisíodh líon gan fasach de cheadanna nua in 2023 sa Ghearmáin agus tháinig ardú go dtí 34 % ar an ráta athchumhachtaithe, an ráta ab airde le 9 mbliana anuas. Leis an RED athbhreithnithe, nuair a chuirfear chun feidhme é, déanfar na nósanna imeachta um cheadú a shimpliú agus a ghiorrú ar bhealach níos cuimsithí agus níos struchtúrtha. I dteannta an ollchóirithe rialála sin, tá beagnach gach Ballstát ag déanamh athchóirithe maidir le ceadú ina bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, lena n‑áirítear an méid sin sna caibidlí ar glacadh leo le déanaí faoi REPowerEU. Foráiltear leis an Rialachán maidir leis an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla (TSI) 20 go bhféadfaidh na Ballstáit saineolas teicniúil a fháil, trí thionscadail aonair nó ilnáisiúnta, maidir le dlús a chur le ceadú i gcomhair fuinneamh gaoithe. Tá leas bainte ag sé Bhallstát as an ionstraim sin cheana féin mar thacaíocht chun dlús a chur le ceadú. Áirítear san athbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an nGréasán Fuinnimh Tras‑Eorpach (GTE‑F) 21 ar glacadh leis, na forálacha um cheadú do thionscadail bhonneagair trasteorann, amhail idirnascairí hibrideacha amach ón gcósta, a chuíchóiriú. Cuidíonn creat GTE‑F le príomhthionscadail bhonneagair leictreachais trasteorann a chur chun feidhme nó a thosú le tacaíocht airgeadais ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le haghaidh Fuinnimh.

Is é is aidhm don togra maidir le hathchóiriú ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais (EMD) 22   comharthaí infheistíochta cobhsaí a sholáthar d’infheistíochtaí fuinnimh in‑athnuaite trí chonraitheoireacht fhadtéarmach a chur chun cinn trí bhíthin conarthaí difríochta (CFDanna) agus comhaontuithe ceannaigh cumhachta (PPAnna). An tráth céanna, leagtar síos rialacha sa togra chun córas cumhachta níos solúbtha a chruthú a fhéadfaidh dlús a chur le comhtháthú foinsí fuinnimh in‑athnuaite éagsúla, amhail an ghaoth.

Ag breathnú go sonrach ar earnáil monaraíochta na dteicneolaíochtaí glan‑nialasachta, lena n‑áirítear gaoth, thug an Coimisiún tacaíocht shubstaintiúil dá hathléimneacht le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais agus leis na tograí maidir leis an nGníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta (NZIA) agus an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla (CRMA) 23 . Leis an togra le haghaidh NZIA, go háirithe, tugtar critéir inbhuanaitheachta agus athléimneachta isteach sa soláthar poiblí agus i gceantanna chun tacú le fuinneamh in‑athnuaite. Ina theannta sin, cuirfidh sé dlús le ceadú chun saoráidí monaraíochta a chur ar bun, cuirfidh sé feabhas ar uas‑sciliú agus athsciliú agus cothóidh sé nuálaíocht agus comhordú níos fearr idir na Ballstáit. Is é is aidhm do thogra CRMA slabhra luacha amhábhar criticiúil a neartú, roinnt díobh a úsáideann an tionscal gaoithe, chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn – cur chuige fíor‑riachtanach chun an spleáchas ar amhábhair a laghdú – agus an tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú san am céanna. 

Le Straitéis Slándála Muirí athbhreithnithe an Aontais, 24 tugtar aghaidh ar bhagairtí ar bhonneagar muirí criticiúil, lena n‑áirítear suiteálacha gaoithe amach ón gcósta, feabhas a chur ar fhaireachán, cosaint agus athléimneacht bonneagair de dheasca gnáthionsaithe, ionsaithe hibrideacha, agus cibirionsaithe.

Chun tacú leis na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo, sa bhreis ar na féidearthachtaí le haghaidh tacaíochta faoi na Treoirlínte maidir le Cabhair Réigiúnach, tá roinn nua tugtha isteach ag an gCoimisiún sa Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe (TCTF) lena dtugtar go dtí an 31 Nollaig 2025 le haghaidh cabhair infheistíochta i monaraíocht trealaimh straitéisigh don aistriú i dtreo geilleagar glan‑nialasach, lena n‑áirítear, i measc nithe eile, tuirbíní gaoithe agus a bpríomh‑chomhpháirteanna agus na hamhábhair chriticiúla ghaolmhara  25 . Ar bhonn na roinne nua sin, tá scéimeanna tacaíochta á gcur ar bun ag roinnt Ballstát chun monaraíocht teicneolaíochta glaine a leathnú amach. Ó bhí mí an Mhárta 2023 ann, tá scéimeanna a chuir roinnt Ballstát ar bun formheasta ag an gCoimisiún le buiséad iomlán tuairim is EUR 6,9 billiún agus tá cinn bhreise á meas aige faoi láthair.

Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit tacú leis an earnáil gaoithe faoin mBlocdhíolúine Ghinearálta 26 , faoi Chreat RDI 27 , faoi na Treoirlínte maidir leis an Aeráid, Cosaint an Chomhshaoil agus Fuinneamh 28 agus faoi na Treoirlínte maidir le Cabhair Réigiúnach 29 .

In mí an Mheithimh 2023, mhol an Coimisiún an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) chun tacú le hinfheistíocht i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus atá criticiúil agus ábhartha maidir leis an aistriú glas agus digiteach 30 . Le STEP, bheifí in ann an cistiú atá ann cheana agus cistiú breise ón Aontas a threorú, faoi roinnt clár de chuid an Aontais, chuig réimsí teicneolaíochta atá ríthábhachtach do cheannaireacht na hEorpa, go háirithe sa mhonaraíocht teicneolaíochta glaine, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cothroime iomaíochta d’infheistíochtaí ar fud an mhargaidh aonair.

Le cláir chaiteachais an Aontais, tugtar deiseanna tacaíochta don tionscal gaoithe. Faoin gCiste don Nuálaíocht, atá in ann tacú le tionscadail mhonaraíochta nuálacha a uas‑scálú, roghnaíodh 6 thionscadal ó bhí 2020 ann chun tacaíocht a fháil dar luach EUR 150 milliún san iomlán. Áiríodh sa ghlao mórscála deireanach 31 deis shonrach don mhonaraíocht teicneolaíochta glaine agus tá tuilleadh glaonna beartaithe. Tá leas á bhaint ag roinnt Ballstát as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tacú le forbairt acmhainneachta tionsclaíche le haghaidh teicneolaíochtaí in‑athnuaite

Leis na PTAnna atá ann cheana, déantar foráil maidir le bearta chun suas le 15,9 GW d’acmhainneacht bhreise cumhachta gaoithe agus gréine a chur in úsáid 32 , agus chun suas le EUR 5,6 billiún a chur ar leataobh do thionscadail a bhaineann le cumhacht ghaoithe agus ghréine. Áirítear ar na bearta a dhíríonn go sonrach ar chumhacht ghaoithe, feirmeacha fuinnimh gaoithe amach ón gcósta nó ar talamh a thógáil agus an bonneagar gaolmhar amhail oileáin fuinnimh nó bonneagar do chríochfoirt amach ón gcósta.

Thairis sin, is féidir tacú le hinfheistíocht i monaraíocht agus cur in úsáid leis an gclár InvestEU, faoina bhfuil níos mó ná EUR 1,8 billiún d’iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) le haghaidh tionscadail ghaoithe formheasta go dtí seo. Soláthraíodh tuairim is EUR 250 milliún do thopaicí a bhaineann le gaoth faoin gclár taighdeFís Eorpach. Leis an gCiste Comhtháthaithe, le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an gCiste um Aistriú Cóir tugtar tacaíocht don nuálaíocht, d’fhorbairt acmhainneachta tionsclaíche, go háirithe in FBManna, agus do chur in úsáid i réimse an fhuinnimh gaoithe, ar bhonn na gclár náisiúnta agus réigiúnach um Beartais Chomhtháthaithe. Tá coinne leis go dtabharfar tacaíocht dar luach níos mó ná EUR 580 milliún don chur in úsáid amháin faoin mBeartas Comhtháthaithe sa tréimhse 2021‑2027, rud a fhágann go mbeidh méid iomlán EUR 819 milliún ann agus na ranníocaíochtaí náisiúnta á gcur san áireamh.

Thacaigh an Coimisiún leis an gComhpháirtíocht Scileanna ar Mórscála a chruthú freisin. Páirtithe leasmhara atá taobh thiar den chomhpháirtíocht sin agus is é is aidhm di faisnéis a bhailiú faoi riachtanais scileanna in earnáil an fhuinnimh in‑athnuaite, rannchuidiú le scileanna iomchuí a sholáthar agus treoraíocht agus moltaí a thabhairt do na húdaráis phoiblí.

In éineacht leis an bplean gníomhaíochta sin, tá teachtaireacht á glacadh ag an gCoimisiún maidir leis an straitéis um fhuinneamh in‑athnuaite amach ón gcósta, lena n‑áirítear sraith gníomhaíochtaí atá tiomnaithe go sonrach don fhuinneamh in‑athnuaite amach ón gcósta.

5.PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA MAIDIR LE CUMHACHT GHAOITHE

Ba cheart níos mó a dhéanamh, áfach, chun tacú leis an earnáil gaoithe Eorpach. Dá bhrí sin, áirítear sa phlean gníomhaíochta Eorpach seo um chumhacht ghaoithe, a chuireann leis na gníomhaíochtaí atá déanta ag an gCoimisiún cheana féin, gníomhaíochtaí breise chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear. Leagtar na bearta sin amach ina sé phríomhcholún: (i) dlús a chur le cur in úsáid trí intuarthacht mhéadaithe agus ceadú níos tapúla, (ii) dearadh ceant feabhsaithe, (iii) rochtain ar mhaoiniú, (iv) timpeallacht idirnáisiúnta atá cothrom agus iomaíoch a chruthú, (v) scileanna agus (vi) rannpháirtíocht tionscail agus gealltanais na mBallstát.

I.DLÚS A CHUR LEIS AN gCUR IN ÚSÁID TRÍ INTUARTHACHT MHÉADAITHE AGUS CEADÚ NÍOS TAPÚLA

Chun na tionscadail atá ann cheana sa chéim údaraithe a dhíghlasáil agus chun dlús a chur le tionscadail nua, éilítear próisis níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí um cheadú, soláthar foirne níos fearr agus oiliúint níos fearr a chur ar na húdaráis náisiúnta um cheadú, agus an creat rialála nua maidir le ceadú a chur chun feidhme níos tapúla. Chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin, díreoidh an Coimisiún ar dhigiteáil an phróisis um cheadú a rolladh amach i mBallstáit uile an Aontais. Tabharfar luach breise chuig an bpróiseas mar thoradh ar mhalartú níos fearr idir na Ballstáit maidir leis na cleachtais atá ann cheana chun glacadh na bpobal áitiúil a fháil.

Ar an iomlán, faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tá bearta molta ag na Ballstáit chun tacú leis na húdaráis náisiúnta um cheadú le méid atá cothrom le EUR 31 mhilliún. Tá coinne leis go neartófar é sin a thuilleadh le bearta breise trí bhíthin na gcaibidlí faoi REPowerEU i bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta na mBallstát.

Sa bhreis air sin, d’ainneoin na bhforálacha dlíthiúla sonracha atá i bhfeidhm 33 , tá an phleanáil mhionsonraithe le haghaidh ceantanna d’fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh neamh‑iontaofa nó in easnamh i mórán Ballstát. Oibreoidh an Coimisiún níos dlúithe leis na Ballstáit chun pleanáil thrédhearcach le haghaidh ceantanna d’fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh a áirithiú, agus i gcás nach leordhóthanach é sin, déanfaidh sé beart chun cur chun feidhme ceart na bhforálacha ábhartha sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a áirithiú.

Ar deireadh, tá beartais chun cur in úsáid an fhuinnimh gaoithe trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite a éascú ar iarraidh. Má tá na peirspictíochtaí ar na méideanna cur in úsáid sna blianta amach romhainn míshoiléir, beidh drogall ar mhonaróirí an Aontais táirgeadh agus acmhainneachtaí a leathnú. Le pleanáil ceantanna níos cuimsithí agus níos gráinní, beidh níos mó muiníne ag an tionscal i ndeiseanna gnó gearrthéarmacha agus fadtéarmacha.

Gníomhaíocht 1: Tá an Coimisiún agus na Ballstáit chun oibriú go comhpháirteach chun ceadú a luasghéarú. ‘Accele-RES’ – tús áite a thabhairt do thrasuí agus cur chun feidhme an RED athbhreithnithe. Córas éigeandála sealadach

Seolfaidh an Coimisiún an tionscnamh ‘Accele-RES’ atá comhdhéanta, inter alia, de na gníomhaíochtaí sonracha seo a leanas:

·Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht do dhlús a chur le ceadú trí bhéim láidir a chur ar dhigiteáil na bpróiseas náisiúnta um cheadú ar fud an Aontais, chomh maith le tacú le rolladh amach oiliúna d’údaráis náisiúnta um cheadú. Tabharfar tacaíocht don ghníomhaíocht sin i mBallstáit roghnaithe trí bhíthin na gcaibidlí faoi REPowerEU ina bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta. Molfaidh an Coimisiún do na Ballstáit úsáid a bhaint as an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla (TSI) 34 chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chur chun feidhme tapa na bhforálacha um cheadú in RED.

·Roimh dheireadh na bliana, seolfaidh an Coimisiún uirlis thiomnaithe ar líne chun tacú leis na Ballstáit sa phróiseas um cheadú. I measc nithe eile, soláthróidh an uirlis freagraí ar cheisteanna praiticiúla a chuireann na Ballstáit go minic a bhaineann le cur chun feidhme na bhforálacha athbhreithnithe maidir le ceadú.

·Chun tacú le cur chun feidhme tapa na rialacha maidir le ceadú, molfaidh an Coimisiún go láidir do na Ballstáit uile pleananna cur chun feidhme mionsonraithe a chur ar bun don RED athbhreithnithe.

·Faoi mhí Aibreáin 2024, déanfaidh an Coimisiún an Moladh maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite 35 agus an Treoraíocht maidir le dea‑chleachtais chun dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite agus maidir le héascú na gcomhaontuithe ceannaigh cumhachta a ghabhann léi 36  a thabhairt cothrom le dáta, agus soláthrófar treoraíocht bhreise ar thopaicí amhail athchumhachtú, nósanna imeachta comhshaoil a shimpliú, nó ceadú le haghaidh eangacha, de réir mar is gá. Eiseoidh an Coimisiún treoraíocht do na Ballstáit freisin maidir leis na limistéir bhrostaithe um fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh a ainmniú 37 .

·Déanfaidh an Coimisiún an grúpa saineolaithe neamhfhoirmiúil maidir le ceadú a uasghrádú chuig fóram tiomnaithe chun dea‑chleachtais a mhalartú go tráthrialta agus chun na bacainní a bheidh fágtha a shainaithint, lena n‑áirítear bacainní rialála, lena n‑éileofar gníomhaíocht bhreise ar leibhéal an Aontais. Déanfar fóraim chomhair eile leis na Ballstáit, amhail an Ghníomhaíocht Chomhbheartaithe ar RED (CA-RES) agus an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) a shlógadh chun tacú le cur chun feidhme na reachtaíochta nua 38 .

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar an Rialachán Éigeandála maidir le ceadú i gcomhthéacs an mheasúnaithe leanúnaigh ar an ngá le bailíocht na rialachán éigeandála a fhadú. Tá dlús á chur cheana féin ag an Rialachán leis na nósanna imeachta um cheadú sna Ballstáit, sula ndéanfar forálacha an RED athbhreithnithe a thrasuí go héifeachtach (tá oibleagáid ar na Ballstáit roinnt de na forálacha sin a thrasuí faoin 1 Iúil 2024). Feicimid gur tháinig cobhsaíocht ar an margadh fuinnimh i gcomparáid le 2022, ach tá an tAontas fós ag plé le hiarmhairtí na géarchéime fuinnimh. Cé gur treisíodh ár n‑ullmhacht agus struchtúr ár slándála soláthair, tá rioscaí fós ann, amhail cur isteach ar ár n‑allmhairí fuinnimh. Tá na praghsanna leictreachais ar leibhéal ard agus tá siad luaineach go fóill. An gá le dlús a chur le cur in úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh ar fud an Aontais, go háirithe fuinneamh gaoithe, is airde é ná riamh ós rud é go gcuidíonn sé sin le haghaidh a thabhairt ar rioscaí maidir le slándáil soláthair agus le fáil réidh le breoslaí iontaise ón meascán fuinnimh, agus go gcuidíonn sé linn ár spriocanna uaillmhianacha le haghaidh 2030 a bhaint amach.

Faoi mhí na Samhna, cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe seo i láthair agus breithneoidh sé síneadh a chur le réimeas éigeandála sealadach. Le réimeas sealadach den sórt sin, thabharfaí buntáistí coincréiteacha d’fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh agus sheolfaí comhartha láidir don tionscal agus do na Ballstáit faoin ngá le dlús práinneach a chur le cur in úsáid fuinnimh gaoithe agus foinsí in‑athnuaite fuinnimh eile. Chun a áirithiú go ndéanfar na coinníollacha fabhracha a cruthaíodh leis an Rialachán Éigeandála a choinneáil ar bun gan bhriseadh agus ar bhealach struchtúrtha, moltar go láidir do na Ballstáit tús áite a thabhairt do thrasuí fhorálacha an RED athbhreithnithe.

Gníomhaíocht 2: Tá na Ballstáit chun infheictheacht na píblíne um thionscadail ghaoithe a mhéadú trí ghealltanais ghaoithe, trí fhoilsiú na sceideal ceantanna meántéarmacha agus trí phleananna fadtéarmacha le haghaidh cur in úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh

Faoi RED, tá oibleagáid ar na Ballstáit cheana féin sceideal fadtéarmach a fhoilsiú maidir leis an leithdháileadh tacaíochta a bhfuil coinne leis d’fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh lena gcumhdófar ar a laghad na chéad 5 bliana eile, agus bearta a thabhairt isteach chun a áirithiú go rannchuideoidh comhaontuithe ceannaigh cumhachta leis an gcur in úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh a bhfuil gá leis 39 . I gcomhar leis na Ballstáit, áiritheoidh an Coimisiún infheictheacht agus intuarthacht na bpleananna náisiúnta maidir le cur in úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh, trí chur chun feidhme na bhforálacha ábhartha in RED a áirithiú agus trí uirlisí digiteacha trédhearcacha a chur in úsáid. Chuideodh sé sin leis an tionscal a gcuid infheistíochtaí in acmhainneacht mhonaraíochta a phleanáil níos fearr, a n‑iontaofacht ó thaobh brabúis de a mhéadú agus cur lena gcás gnó. Tá roinnt Ballstát, amhail an Danmhairg agus an Pholainn, ag obair ar chláir tairisceana choincréiteacha d’infheistíochtaí móra amach ón gcósta cheana féin.

Chuige sin:

·Bunóidh an Coimisiún ardán digiteach idirghníomhach an Aontais ar a bhfoilseofar pleanáil ceantanna na mBallstát. Áiritheofar leis sin infheictheacht níos airde na gceantanna a bheidh ar na bacáin agus na méideanna cur in úsáid a bhfuil coinne leo, agus beidh cuideachtaí in ann pointe aonair faisnéise a bheith acu le haghaidh na gceantanna uile arna bpleanáil san Aontas.

·Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit gealltanas a dhéanamh i ndáil le gealltanais shonracha choincréiteacha maidir le méideanna cur in úsáid fuinnimh gaoithe don tréimhse 2024-2026 ar a laghad, lena soláthrófar forbhreathnú soiléir inchreidte ar chur in úsáid fuinnimh gaoithe sna blianta amach romhainn, agus atá le cur ar bhonn foirmiúil faoi dheireadh 2023. Ba cheart don ghealltanas sin cur leis na gealltanais uaillmhianacha maidir le fuinneamh amach ón gcósta dar méid 111 GW ar feadh na n‑imchuach farraige uile san Aontas faoi 2030.

·Neartóidh an Coimisiún an comhar leis na Ballstáit, le tionscnóirí tionscadail agus le hoibreoirí eangaí i gcomhthéacs na ngrúpaí ardleibhéil réigiúnacha 40 chun tionscadail choincréiteacha le haghaidh gaoithe agus foinsí in‑athnuaite fuinnimh eile a shainaithint, atá réidh le tosú, lena n‑áirítear tionscadail trasteorann, agus chun tacú lena gcur chun feidhme gasta. Sampla maith de sin is ea Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (NSEC), a ghlac ráiteas comhpháirteach 41 inar leagadh amach spriocanna comhiomlána uaillmhianacha nua maidir le 260 GW ar a laghad d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach faoi 2050, agus spriocanna idirmheánacha maidir le 76 GW faoi 2030 agus 193 GW faoi 2040 ar a laghad. Bainfidh an Coimisiún úsáid as fóraim um chomhar réigiúnach freisin chun pleanáil a chomhordú do thionscadail gaoithe amach ón gcósta agus do thionscadail in‑athnuaite eile a bhfuil tionchair réigiúnacha acu, mar a mhínítear freisin sa Teachtaireacht maidir le Fuinneamh In‑athnuaite Amach ón gCósta.

·I mí na Nollag 2023, i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar na dréachtphleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna), déanfaidh an Coimisiún moltaí a bhaineann le ceadú agus pleanáil fhadtéarmach d’fhorbairt foinsí in‑athnuaite fuinnimh a eisiúint. Ba cheart do na Ballstáit pleananna cuimsitheacha 10 mbliana maidir le foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chur in úsáid, go háirithe fuinneamh gaoithe, a fhorbairt ina bPNFAnna nuashonraithe, sa bhreis ar na hoibleagáidí dlíthiúla atá i bhfeidhm faoi láthair, agus ionchas go dtí 2040 a thabhairt. Ba cheart acmhainneachtaí suiteáilte spriocdhírithe agus/nó méideanna nó táirgeadh, próifíl ar na tionscadail, dáileadh spásúil agus gnéithe maidir le comhtháthú córais fuinnimh a bheith san áireamh sna pleananna. Leis sin, tabharfar infheictheacht don tionscal monaraíochta, chomh maith le oibreoirí eangacha, chun forbairt thráthúil a dhéanamh ar na heangacha a bhfuil gá leo chun foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chomhtháthú (trí phleananna forbartha gréasán).

Gníomhaíocht 3: Tá an Coimisiún chun plean gníomhaíochta a ghlacadh chun síneadh starrach eangach a éascú

I ndiaidh na comhdhála Ardleibhéil maidir le hEangacha Leictreachais i mí Mheán Fómhair 2023, glacfaidh an Coimisiún plean gníomhaíochta maidir le heangacha i mí na Samhna 2023, lena n‑áirítear an leibhéal tarchuir agus an leibhéal dáilte araon. Ag tógáil ar an gcreat maidir leis an ngréasán fuinnimh tras‑Eorpach (GTE‑F), cuideoidh an plean gníomhaíochta go háirithe le dlús a chur le príomhthionscadail bonneagair leictreachais trasteorann atá le cur san áireamh ar an gcéad liosta tionscadal leasa choitinn agus tionscadal chomhleasa tar éis an rialachán athbhreithnithe maidir leis an nGréasán Fuinnimh Tras‑Eorpach a ghlacadh. Beidh na tionscadail sin ríthábhachtach chun méideanna foinsí in‑athnuaite fuinnimh atá ag dul i méid a chomhtháthú agus chun comhtháthú córas fuinnimh a bhrú chun cinn.

Beidh bearta san áireamh sa phlean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill a chuireann isteach ar threisiú agus méadú eangach, lena n‑áirítear comhroinnt costas trasteorann, agus monaraíocht, atá ríthábhachtach chun cuidiú le líon níos airde tionscadal gaoithe ar talamh agus amach ón gcósta a dhíbhlocáil, chun infheistíocht i dtionscadail ghaoithe i mBallstáit ar an gcósta a spreagadh agus infheistíocht i mbonneagar iompair a threorú chuig réigiúin thalamhiata san Eoraip, agus chun éileamh breise ar threalamh gaoithe a chruthú dá bharr sin. Éascófar infheistíochtaí oircheallacha leis an plean gníomhaíochta eangach freisin, chun an fhorbairt eangaí a bhfuil gá léi a áirithiú. Beidh mar aidhm leis dlús a chur le cur in úsáid bonneagair nua trí aghaidh a thabhairt ar scrogaill maidir le ceadú, chomh maith le húsáid níos fearr a bhaint as an eangach atá ann cheana a áirithiú, trí mhéadú a chur ar infheictheacht acmhainneachtaí atá ann cheana, mar shampla.

II.DEARADH FEABHSAITHE CEANTANNA

An bealach a dhearann na Ballstáit a gceantanna chun tacú le foinsí in‑athnuaite fuinnimh, bíonn tionchar aige sin ar chur in úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus ar na comharthaí infheistíochta a sheoltar ar feadh an tslabhra luacha. Féadtar tacaíocht níos fearr a thabhairt do thionscal monaraíochta gaoithe nuálach agus iomaíoch le critéir dhámhachtana réamhcháiliúcháin agus neamhphraghais atá dea‑dheartha, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach, a thugann luach saothair do tháirgí a bhfuil breisluach níos airde acu agus a chuireann uas‑scálú tionsclaíoch chun cinn. Le critéir amhail saolré níos faide suiteálacha, agus bearta maidir le cion carbóin nó leis an ngeilleagar ciorclach, laghdaítear lorg comhshaoil feirmeacha gaoithe agus cuidítear lenár spleáchas ar amhábhair chriticiúla a laghdú. Trí aghaidh a thabhairt ar an riosca maidir le moilleanna ar thionscadail nó gan iad a chur i gcrích, soláthraítear intuarthacht agus cinnteacht níos airde do chuideachtaí agus d’infheisteoirí. Ar bhealach níos ginearálta, le tuilleadh comhchuibhithe ar phrionsabail na mBallstát maidir le dearadh ceantanna, laghdófaí costais beartaíochta agus d’fhéadfaí cuidiú lena áirithiú go bhfuil na ceantanna oiriúnach don fheidhm, agus deis leordhóthanach do sholúbthacht agus nuálaíocht ar leibhéal na mBallstát a fhágáil san am céanna. Ba cheart an tionchar buiséadach do na Ballstáit agus an gá le simplíocht a chur san áireamh agus na heilimintí sin á n‑úsáid i ndearadh ceantanna.

Gníomhaíocht 4: Tá na Ballstáit chun critéir agus bearta a bheidh cáilíochtúil, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach a áireamh ina gcuid cuspóirí ceant chun ráta fhorfheidhmiú na dtionscadal a uasmhéadú, le tacaíocht ó mholtaí agus treoraíocht ón gCoimisiún

Díreach tar éis an plean gníomhaíochta a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún idirphlé a sheoladh leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí chun dearadh ceantanna fuinnimh in‑athnuaite a fheabhsú agus a shimpliú agus chun comhsheasmhacht a sholáthar ina leith, chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh a eascraíonn as moilleanna ar thionscadail nó éirí astu. Déanann an éiginnteacht sin díobháil do ghníomhaithe i margadh gaoithe na hEorpa agus do na Ballstáit agus déanann sí dochar do bhaint amach sprioc an Aontais maidir le foinsí in‑athnuaite fuinnimh. Mar thoradh ar an idirphlé, glacfar moladh agus treoraíocht ón gCoimisiún chomh luath agus is féidir, arb é is aidhm dóibh eilimintí caighdeánacha molta a sholáthar do cheantanna, a bheadh ar aon dul go hiomlán le NZIA, chomh maith le dearadh ceantanna a dhéanamh níos aonfhoirmí agus níos éifeachtúla. San fhadtéarma, bheadh an Coimisiún réidh chun dearadh ceant níos aonfhoirmí a áirithiú trí na forálacha sin a dhéanamh níos ceangailtí ó thaobh dlí de trí Ghníomh Cur chun Feidhme sa Ghníomh um an Tionscal Glan‑Nialasachta.

Áireofar leis an ngníomhaíocht sin:

·tacar de chritéir réamhcháiliúcháin a mholadh atá neamh‑idirdhealaitheach, oibiachtúil agus trédhearcach a bhaineann le cibearshlándáil (comhlíonadh NIS°1 agus NIS°2) agus aistriú idirnáisiúnta sonraí, i gcomhréir le dlí an Aontais agus oibleagáidí idirnáisiúnta, chomh maith le critéir eile amhail inbhuanaitheacht/an comhshaol/cosaint imchuach farraige agus an cumas chun soláthar a dhéanamh;

·neart a chur le soiléire critéar dámhachtana neamhphraghais atá criticiúil i dtaca le hinbhuanaitheacht, nuálaíocht, comhtháthú córas fuinneamh, táirgí ar ardcháilíocht, agus rannchuidiú athléimneach leis an slabhra soláthair;

·forbairt cóid iompair gnó don Eoraip a shaothrú lena gcuirfí trédhearcacht sa slabhra soláthair, as measc nithe eile, chun cinn agus a d’fheadfaí a mholadh le haghaidh ceantanna gaoithe a bheidh ann amach anseo;

·cibear‑athléimneacht suiteálacha gaoithe agus an bhonneagair lena bhfuil siad nasctha a atreisiú;

·forghníomhú iomlán agus tráthúil tionscadal a áirithiú trí dhreasachtaí iomchuí. Ba cheart clásail phionóis a áireamh sa mhéid sin i gcás neamh‑fhorghníomhú tionscadal agus innéacsaithe praghsanna chun cuidiú leis an tionsclaíocht freastal níos fearr ar mhéaduithe costas a tharlaíonn de bharr boilscithe;

·measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí tairiscintí diúltacha agus réitigh a shaothrú chun tionchar diúltach ar luas agus scála cur in úsáid agus ar an slabhra luacha a sheachaint.

·Agus gealltanais ó na Ballstáit i leith cur in úsáid méideanna fuinnimh gaoithe idir 2024‑2026 agus ina dhiaidh sin á mbailiú aige, fiafróidh an Coimisiún de na Ballstáit an bhfuil sé beartaithe acu tairiscint dhiúltach a úsáid, go háirithe tairiscint dhiúltach neamh‑chaidhpeáilte a bhféadfadh tairiscintí an‑ard le haghaidh tionscadail ghaoithe agus méadú ar an riosca i ndáil le soláthar iomlán agus tráthúil na dtionscadal sin a bheith mar thoradh uirthi. I gcás inarb ábhartha seolfaidh an Coimisiún idirphlé leis na Ballstáit maidir le cé ach is féidir struchtúir tairisceana den sórt sin a sheachaint nó nach féidir; agus

·tabharfar aghaidh san idirphlé sin ar thairseacha a mbíonn suibscríobh easnamhach i gceantanna mar thoradh orthu.

Is é is aidhm do Ghníomhaíocht°4 feabhsuithe tapa agus inláimhsithe agus tuilleadh comhchuibhithe a chur i bhfeidhm maidir le dearadh ceantanna fuinnimh in‑athnuaite. Tugtar aghaidh ar bhealach struchtúrach ar chuid de na saincheisteanna a bhfuil sé beartaithe aige dul i ngleic leo sa togra Dearadh an Mhargaidh Leictreachais (EMD) agus sa Ghníomh um an Tionscal Glan‑Nialasachta (NZIA). Agus an Coimisiún ag cuimhneamh ar an méid sin, iarrann sé ar na comhreachtóirí teacht ar chomhaontú go pras maidir le Dearadh an Mhargaidh Leictreachais (EMD) (faoi dheireadh°2023) agus maidir leis an nGníomh um an Tionscal Glan‑Nialasachta (NZIA) (faoi mhí°an°Mhárta°2024).

Tacóidh an Coimisiún leis na comhreachtóirí maidir le forálacha a thabhairt isteach sa Ghníomh um an Tionscal Glan‑Nialasachta (NZIA) a bhaineann le critéir réamhcháiliúcháin oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh‑idirdhealaitheacha le haghaidh ceantanna, agus maidir le méadú a dhéanamh ar úsáid chritéar dámhachtana nach mbaineann le praghas, lena n‑áirítear go háirithe gnéithe a bhaineann le hiompar gnó, le cibearshlándáil agus le slándáil sonraí, chomh maith leis an gcumas an tionscadal a sholáthar go hiomlán agus in am.

Thairis sin, má chinneann na comhreachtóirí é, beidh an Coimisiún réidh chun a mholadh go pras go gcuirfí gníomh cur chun feidhme leis an nGníomh um Coimisiún Tionscal Glan‑Nialasachta (NZIA) chun go ndéanfaí dea‑chleachtas maidir le dearadh ceantanna i ndáil le foinsí in‑athnuaite fuinnimh a ionchorprú sa reachtaíocht Eorpach, agus dearadh ceantanna a chuíchóiriú a thuilleadh.

Nuair a ghlactar forálacha Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais (EMD) maidir le húsáid conarthaí difríochta agus comhaontuithe ceannaigh cumhachta, d’fhéadfaí tacú le cobhsaíocht ioncaim sa tionscal gaoithe leo.

Gníomhaíocht 5: Dul i ngleic le rioscaí cibearshlándála agus aghaidh a thabhairt ar ghnéithe cosanta sonraí

Déanfaidh an Coimisiún na rioscaí cibearshlándála a shainaithint atá ábhartha maidir le suiteálacha fuinnimh gaoithe agus bonneagar gaolmhar, lena n‑áirítear sonraí maidir le gnéithe cosanta, i bhfianaise measúnú a dhéanamh ar cé acu arbh fhéidir nó nárbh fhéidir na rioscaí sin a shaothrú chun dochar a dhéanamh do shlándáil eacnamaíoch san Aontais nó do shlándáil an tsoláthair leictreachais ann. Déanfar an tsainaithint agus an measúnú sin i gcomhthéacs an chleachtaidh meastóireachta riosca atá á stiúradh ag an gCoimisiún faoi láthair in éineacht leis an Ardionadaí agus Grúpa Comhair NIS, dá dtagraítear sa Mholadh ón gComhairle an 8 Nollaig°2022 maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú 42 . Maidir leis an anailís shonrach sin, ionas go gcuirfear leis an meastóireacht níos leithne ar riosca, úsáidfidh an Coimisiún grúpaí saineolaithe freisin amhail an Grúpa Saineolaithe maidir le Fuinneamh Cliste a bunaíodh le déanaí agus a mheitheal ar chibearshlándáil, in éineacht le hionadaithe ón tionscal, lena n‑áirítear díoltóirí agus gnóthais leictreachais. D’fhéadfadh an obair ar mheasúnú riosca a bheith bunaithe i bpáirt ar an taithí a fuarthas le 5G agus chomhlánófaí an bonneagar slándála atá ann cheana agus go háirithe an Cód Gréasáin maidir le cibearshlándáil sreafaí trasteorann leictreachais a mbeartaítear é a ghlacadh in R1°2024. Leis na torthaí sin d’fhéadfaí tacú le próisis soláthair agus dearadh ceant, le déanamh beart breise chomh maith le scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche.

Raon leathan a bheidh i gceist leis an anailís ar chibearshlándáil agus áireofar suiteálacha inti freisin.

Gníomhaíocht 6: Coimisiún chun cur le húsáid an tsoláthair straitéisigh i gcomhthéacs Global Gateway 

I mí°na°Nollag°2021, sheol an Coimisiún straitéis Global Gateway trína ndéanann an tAontas infheistíocht, i gcur chuige ‘Fhoireann na hEorpa’ i dtionscadail fuinnimh ghlain agus bhonneagair ar fud an domhain, lena n‑áirítear le haghaidh fuinneamh gaoithe. Molfaidh an Coimisiún go méadófar úsáid an tsoláthair straitéisigh i gcomhthéacs Global Gateway. Áiritheofar leis sin go mbeidh na tionscadail ar ardchaighdeán comhshaoil, sóisialta agus rialachais agus go gceadófar do chonraitheoirí agus do tháirgeoirí a chomhlíonann na caighdeáin sin cás gnó inmharthana a aimsiú, agus san am céanna forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i margaí atá ag teacht chun cinn agus i dtíortha atá i mbéal forbartha. Maidir le tionscadail lena mbaineann cur in úsáid teicneolaíochtaí straitéiseacha glan‑nialasacha amhail teicneolaíochtaí in‑athnuaite fuinnimh, beidh critéir amhail iad siúd a áirítear sa Ghníomh um an Tionscal Glan‑Nialasachta (NZIA), a luaithe a ghlacfar iad, ina dtagairt maidir le teagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Ina theannta sin, féachfaidh an Coimisiún le fáil amach arbh fhéidir le lucht cur chun cinn príobháideach ceanglais chomhchosúla a chur i bhfeidhm ar sholáthar i dtionscadail Global Gateway.

III.ROCHTAIN AR MHAOINIÚ

Mar gheall ar an timpeallacht bhoilscitheach lena mbaineann ardú ar phraghsanna amhábhar, an méadú ar rátaí úis agus an gá le ráthaíochtaí láithreacha a sholáthar go minic chun conarthaí a dhaingniú, tá meath tagtha ar an rochtain ar mhaoiniú san earnáil gaoithe, maidir le monaraíocht agus cur in úsáid araon. Chun spriocanna NZIA a bhaint amach, áfach, teastaíonn méid measta de EUR 6 bhilliún d’infheistíochtaí isteach san acmhainneacht mhonaraíochta ón tionscal gaoithe. Laistigh d’Aontas na Margaí Caipitil (CMU) agus de chreat an Aontais le haghaidh maoiniú airgeadais, tá obair déanta ag an gCoimisiún chun rialacha margaí caipitil a sholáthar atá tarraingteach d’infheisteoirí ó thaobh na hinfheistíochta fadtéarmaí de, chomh maith le bearta chun maoiniú príobháideach a shlógadh i leith gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus deiseanna ón gComhaontú Glas don Eoraip. Is maith is eol don Choimisiún go mbeidh infheistíocht phríobháideach ríthábhachtach i ndáil le huaillmhianta an phlean gníomhaíochta sin a chomhlíonadh agus rachaidh sé i mbun gnímh sa réimse sin, i dteannta shlógadh foinsí infheistíochta an Aontais agus foinsí eile infheistíochta chomh maith.

Gníomhaíocht 7: Tá an Coimisiún chun rochtain ar mhaoiniú ón Aontas a éascú

Cuirfidh an Coimisiún leis an bhféidearthacht atá ann tacú le monaraíocht fuinnimh gaoithe faoin gCiste don Nuálaíocht, is é sin tríd an mbuiséad le haghaidh maoiniú tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glaine a dhúbláil go EUR 1,4 billiún, lena n‑áirítear tionscadail le haghaidh monaraíocht tuirbíní gaoithe agus a gcomhpháirteanna, sa chéad ghlao eile ar thograí an 23 Samhain 2023.

Tá iomlán de EUR 40 billiún ag an gCiste don Nuálaíocht don tréimhse°2020‑2030 43 . Sa bhuiséad foriomlán EUR 4 bhilliún de chuid an Chiste don Nuálaíocht i mbliana, chomh maith leis an téama monaraíochta teicneolaíochta glaine tiomnaithe, beidh táirgeadh nuálach fuinnimh gaoithe agus tionscadail phíolóta incháilithe freisin faoi na téamaí eile sa ghlao ar thograí atá le teacht an 23 Samhain 2023. Ar an gcaoi chéanna, tabharfar tosaíocht do thionscadail fuinnimh gaoithe faoin ghlao sin.

Chun tacú le forbróirí tionscadal agus chun a áirithiú go mbeidh píblíne sholadach de thionscadail nuálacha á tógáil, ba cheart freisin tús áite a bheith ag tionscadail fuinnimh gaoithe a mhéid a bhaineann leis an gcúnamh forbartha de EUR 90 milliún ón gCiste don Nuálaíocht, ar cúnamh é a sholáthrófar i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta i gcaitheamh na 3 bliana amach romhainn. Tá tacaíocht chomhairleach le fáil ó Mhol Comhairleach InvestEU freisin. Thairis sin, le cumasc de chistiú ón gCiste don Nuálaíocht agus maoiniú arna sholáthar ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile agus ag bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, lena n‑áirítear faoin gclár InvestEU is féidir tacú freisin le tionscadail a fhaigheann dámhachtain chun go gcuideofar le teacht ar chinneadh deiridh i ndáil le hinfheistíocht.

Faoi dheireadh na bliana seo, cuirfidh an Coimisiún neart freisin le gníomhaíochtaí a bhaineann le gaoth faoin bPlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET 44 ) athbhreithnithe, agus méadóidh sé an tacaíocht le taighde agus nuálaíocht san earnáil monaraíochta gaoithe, ionas go mbeidh na teicneolaíochtaí Eorpacha ábhartha iomaíoch i gcónaí mar atá, go háirithe maidir le saincheisteanna atá nasctha le ciorclaíocht agus inbhuanaitheacht, agus go bhfeabhsófar na próisis thionsclaíocha agus an digitiú.

Leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) osclófar deiseanna nua freisin chun tacú le hinfheistíocht arb é is aidhm dóibh monaraíocht teicneolaíochtaí glana ag an Aontas a ghéarú, lena n‑áirítear cumhacht ghaoithe, ar deiseanna iad trína bhféadfadh réigiúin lagfhorbartha atá ag athrú tairbhiú go háirithe agus réigiúin forbartha chomh maith i mBallstáit ag a bhfuil Olltáirgeacht Intíre (OTI) per capita atá faoi bhun mheán an Aontais. Tairbheoidh na réigiúin sin de dhreasachtaí airgeadais agus solúbthacht níos fearr in úsáid leithdháiltí an Chiste Comhtháthaithe, Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Chiste um Aistriú Cóir lena dtairgtear tacaíocht le haghaidh infheistíochtaí táirgiúla i gcuideachtaí móra i ndáil le hinfheistíochtaí sna hearnálacha straitéiseacha a rannchuidíonn le cuspóirí STEP.

Gníomhaíocht 8: Tá an Banc Eorpach Infheistíochtaí chun uirlisí di‑rioscaithe agus ráthaíochtaí a sholáthar do chuideachtaí gaoithe an Aontais

I mí Iúil°2023, d’fhormheas an Banc Eorpach Infheistíochta an dara pacáiste REPowerEU dá chuid. D’fhógair an Banc a uaillmhian chun a iasachtú a mhéadú faoi dhó nach mór agus rannchuidiú mar sin le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Glas agus le NZIA, chun tuairim is EUR°150 billiún a shlógadh go carnach le linn thréimhse 5°bliana. Beidh sásra ráthaíochta InvestEU mar bhonn taca páirteach faoin bplean sin. Beidh monaróirí Eorpacha na dteicneolaíochtaí glan‑nialasachta straitéiseacha, na gcomhpháirteanna réamhtheachtacha comhlachaithe agus na n‑amhábhar straitéiseach ar cheann de réimsí tosaíochta/gníomhaíochta na hiarrachta sin. Áireofar leis acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais sa tionscal gaoithe ar talamh agus amach ón gcósta.

Tá an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta ag obair i gcomhpháirt ar bhonn fíor‑phráinneach ar ionstraim thiomnaithe chun neamhchosaintí creidmheasa banc tráchtála in aghaidh príomh‑sholáthróirí sa tionscal gaoithe a fhrithráthú, agus rochtain ar réamhíocaíocht agus línte ráthaíochta feidhmíochta á méadú. Is é cuspóir coiteann an Choimisiúin agus BEI saoráid nua a sheoladh idir 3°nó 6°mhí amach anseo. Maolófar léi sin an brú airgeadais a bhíonn mar thoradh ar leabhar orduithe a bheith ag fás agus an brú sin a bheith ag éirí níos measa mar gheall ar dhúshláin mhaicreacnamaíocha, lena n‑áirítear boilsciú atá ag ardú, rátaí úis chomh maith le cur isteach nach beag ar an slabhra soláthair.

Tá sé molta ag an gCoimisiún freisin mar chuid de STEP ráthaíocht an Aontais a mhéadú EUR 7,5 billiún trí fhuinneog tiomnaithe InvestEU, rud lena méadófaí inniúlacht Ghrúpa BEI agus comhpháirtithe cur chun feidhme eile tacú le hinfheistíocht i bhforbairt agus monaraíocht na dteicneolaíochtaí, idir ghlan agus eile, lena n‑áirítear don earnáil gaoithe.

Leis an obair ar an gcomhordú a fheabhsú idir uirlisí airgeadais seachtracha – trína bhfuil gníomhaireachtaí creidmheasa easpórtála na mBallstát ag obair in éineacht le soláthróirí maoinithe forbartha, go háirithe i gcomhthéacs Global Gateway – tacófar inter alia le tionscadail in‑athnuaite, lena n‑áirítear tionscadail ghaoithe.

Gníomhaíocht 9: Tá na Ballstáit chun úsáid iomlán a bhaint as an tsolúbthacht a sholáthraítear faoi rialacha maidir leis an Státchabhair a bhaineann le slabhra luacha gaoithe an Aontais

Ba cheart do na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as na deiseanna a sholáthraítear le rialacha an Chreata Shealadaigh Géarchéime agus Aistrithe um Státchabhair (rialacha TCTF) chun tacú le monaraíocht ghaoithe san Aontas. A mhéid a bhaineann le ranna áirithe TCTF i ndáil le géarchéimeanna agus atá le dul in éag faoi dheireadh na bliana, tá an Coimisiún tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus déanfaidh sé cinneadh go luath ar cibé arbh fhéidir na ranna sin a fhadú, ag cur san áireamh an gá atá le cothrom na Féinne a áirithiú laistigh den Aontas. Tá ranna eile le fáil go dtí deireadh°2025 a mbeartaítear tacú leis an aistriú go dtí geilleagar glan‑nialasach leo ar ranna iad lena gcumasaítear na Ballstáit chun dlús a chur le rolladh amach fuinnimh in‑athnuaite, lena n‑áirítear cumhacht ghaoithe, agus tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha le haghaidh monaraíocht trealaimh a bhfuil gá leis don aistriú chuig glan‑nialasachta, lena n‑áirítear tuirbíní gaoithe, a bpríomh‑chomhpháirteanna agus amhábhair chriticiúla ghaolmhara.

Gníomhaíocht 10: Tá an Coimisiún chun neart a chur leis an idirphlé le hinfheisteoirí chun tarraingteacht infheistíochtaí in earnáil gaoithe an Aontais a chaomhnú

Tá an Coimisiún i mbun rannpháirtíocht ghníomhach le páirtithe leasmhara, go háirithe le hinfheisteoirí fadtéarmacha caipitil i gcomhthéacs Idirphlé Infheisteoirí maidir le Fuinneamh, maidir le réitigh chun tionscal gaoithe an Aontais a dhéanamh níos iomaíche ó thaobh infheistíocht ar an leibhéal domhanda a mhealladh de. Leis sin cuideofar le laghdú an ghá le tacaíocht phoiblí. Dírítear ar na deiseanna agus ar an leochaileachtaí san earnáil – i ndáil le hoibriú, airgeadais agus iomaíocht – agus ar bhealaí chun feabhas a chur ar neart na hEorpa agus aghaidh a thabhairt ar na laigí.

Go ceann dheireadh 2023, eagróidh an Coimisiún cruinnithe tiomnaithe le hinfheisteoirí fadtéarmacha chun go mbeidh ann do thuiscint níos fearr ar na bacainní is mó lena gcuirtear cosc ar tharraingteacht infheistíochta in earnáil gaoithe an Aontais agus ar na bealaí is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin. Cumhdófar leis sin deiseanna chun rochtain níos tapúla ar mhaoiniú príobháideach agus cur in úsáid níos tapúla an mhaoinithe sin a áirithiú, chomh maith le hidirphlé ar an timpeallacht infheistíochta san Eoraip, lena n‑áirítear timpeallacht rialála éifeachtach agus, i gcás inarbh fhéidir, simplithe le haghaidh infheistíochtaí san earnáil gaoithe.

IV.TIMPEALLACHT IDIRNÁISIÚNTA CHOTHROM IOMAÍOCH A ÁIRITHIÚ

Tá sé léirithe ag tionscal monaraíochta gaoithe an Aontais go bhfuil sé, faoi dhálaí córa, an‑iomaíoch ar fad ina mhargadh baile agus i margaí eachtracha araon. Ba cheart don Aontas timpeallacht fhabhrach a chruthú chun go mbeidh tionscal an Aontais in ann a bheith iomaíoch, nuálach, infheistíocht a dhéanamh agus onnmhairiú go dtí margaí eachtracha i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta.

Gníomhaíocht 11: Tá an Coimisiún chun rochtain na monaróirí ar mhargaí eachtracha an Aontais a éascú

Leanfaidh an Coimisiún d’úsáid a bhaint as a líonra mór de chomhaontuithe trádála chun iomaíochas thionscal gaoithe an Aontais a neartú, lena n‑áirítear trí chur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach 45 . Ar an gcaoi chéanna is mór ag an gCoimisiún an tábhacht a bhaineann le caibidlíocht leantach i ndáil le trádáil d’fhonn caibidlí láidre maidir le fuinneamh agus amhábhair a chur i gcrích, chomh maith le forálacha ábhartha eile le haghaidh an tionscail gaoithe. Leis na comhaontuithe sin cuidítear leis an tionscal gaoithe éagsúlú a dhéanamh agus déantar a chuid slabhraí soláthair a dhí‑rioscú, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha, go háirithe ar amhábhair agus táirgí idirmheánacha eile. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún an chaibidlíocht maidir le comhaontuithe trádála a threisiú a thuilleadh ar comhaontuithe iad lena gcuirfí neart le seasamh chuideachtaí an Aontais, lena n‑áirítear san earnáil gaoithe, agus lena n‑áiritheofaí rochtain gan saobhadh ar mhargaí eachtracha. Chomh maith leis sin tacóidh na Comhpháirtíochtaí Tionsclaíochta Glan‑nialasachta le láithreacht cuideachtaí Eorpacha sna príomh‑mhargaí. Ina theannta sin, féachfaidh an Coimisiún le comhar agus tionscnaimh níos straitéisí san earnáil sin a aimsiú i gcomharsanacht an Aontais.

Ina theannta sin, oibreoidh an tAontas lena chomhpháirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) chun an leabhar rialacha maidir le fóirdheontais a fhorbairt, d’fhonn trédhearcacht a mhéadú maidir le hidirghabháil ón stát agus an rás le haghaidh fóirdheontais a sheachaint, rud lena méadaítear coinbhleachtaí trádála agus lena mbaintear an bonn den chomhar is gá chun na cuspóirí aeráide domhanda a bhaint amach. Tá sé beartaithe tús a chur leis an obair ag Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála i mí°Feabhra 2024.

Leis an Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta(IPI) 46 soláthraítear giaráil don Aontas i dtaca lena chuid comhpháirtithe trádála nach bhfuil gealltanais tugtha acu fós i réimse an tsoláthair phoiblí (i gcomhaontú EDT maidir le Soláthar Rialtais (GPA) nó i gcomhaontuithe saorthrádála déthaobhacha) a áitiú chun a margaí soláthair a oscailt do ghnólachtaí an Aontais. Más ann do líomhaintí cuí‑réasúnaithe ó thionscal an Aontais faoi rochtain theoranta ar earraí agus seirbhísí a bhaineann le cumhacht ghaoithe i dtír nach tír den Aontas í i réimse an tsoláthair phoiblí, féadfaidh an Coimisiún imscrúdú IPI a sheoladh d’fhonn an margadh sin a oscailt d’oibreoirí an Aontais trí dhul i gcomhairle leis an tír nach tír den Aontas Eorpach í lena mbaineann. Le IPI ceadaítear don Aontas freisin rochtain ar a chuid margaí soláthair phoiblí a shrianadh trí bhearta IPI ábhartha a fhorchur i gcás nach nosclaítear margadh na tíre nach tír den Aontas í mar thoradh ar an gcomhairliúchán thuasluaite de réir mar a measadh.

Gníomhaíocht 12: An margadh inmheánach a chosaint ar shaobhadh trádála agus ar bhagairt don tslándáil agus don ord poiblí  

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhpháirtíocht le tionscal gaoithe na hEorpa, faireachán dlúth ar chleachtais éagóracha trádála a d’fhéadfadh a bheith ann a bhíonn chun tairbhe monaróirí eachtracha gaoithe. Is éard a bheidh i gceist leis sin grinnscrúdú dlúth a dhéanamh ar fhóirdheonú ionchasach táirgí a bhaineann le gaoth agus a allmhairítear isteach san Aontas. Má tá údar cuí leis, cuirfidh an Coimisiún a chuid ionstraimí cosanta trádála i ngníomh. A mhéid a bhíonn rath mar gheall ar fhóirdheontais eachtracha saofa ar mhonaróirí gaoithe a fhaigheann iad i nósanna imeachta soláthair phoiblí nó i gcomhchruinnithe a mbíonn sprioc‑chuideachtaí de chuid an Aontais rannpháirteach iontu, bainfidh an tAontas úsáid freisin as na bearta dá bhforáiltear leis an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha. Spreagtar tionscal gaoithe na hEorpa chun tuilleadh fianaise a chur isteach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfianaise uile i ndáil le cleachtais éagóracha líomhnaithe a chuireann an tionscal ar aghaidh nó a thagann ó fhoinsí neamhspleácha eile.

Spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit chun rioscaí a bhaineann le bonneagar fuinnimh criticiúil a chur san áireamh nuair a chuireann siad a sásraí scagtha chun feidhme ar fhorais slándála nó ordaithe phoiblí. Bainfidh an Coimisiún úsáid iomlán as an sásra comhair faoin Rialachán maidir le hInfheistíochtaí Díreacha Coigríche isteach san Aontas a Scagadh 47 chun cosc a chur ar bhagairtí don tslándáil agus don ord poiblí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le hinfheistíochtaí coigríche i dtionscal gaoithe an Aontais.

Gníomhaíocht 13: Feabhas a chur ar an gcaighdeánú san earnáil fuinnimh gaoithe

Sa chéim ag a bhfuil forbairt an tionscail gaoithe faoi láthair, tá caighdeáin theicniúla ina bpríomhionstraim chun idir‑inoibritheacht a áirithiú, costais a laghdú agus dlús a chur le teicneolaíochtaí um fhuinneamh gaoithe ar tír agus fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a chur in úsáid ar an margadh ar tír agus amach ón gcósta. Cé go bhfuil raon leathan de chaighdeáin glactha ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (EIC), atá glactha mar chaighdeáin Eorpacha ag CENELEC, le caighdeáin bhreise, d’fhéadfaí rannchuidiú le héifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht trealaimh fuinnimh gaoithe agus leis na bacainní ar a rolladh amach ar fud an Aontais a bhaint. Tá an geilleagar ciorclach tábhachtach go háirithe chun neamhspleáchas straitéiseach a áirithiú i bpríomhearnáil amhail an tionscal gaoithe, agus a thionchar ar an gcomhshaol á laghdú san am céanna i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Maidir leis na caighdeáin, d’fhéadfaidís an t‑éiceachóras tionsclaíoch a neartú, go háirithe dá mbeidís comhcheangailte le hobair chomhthreomhar ar dhearadh ceantanna fuinnimh in‑athnuaite. Tríd an bpróiseas caighdeánaithe a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta agus trí rannpháirtíocht ghníomhach an Aontais a áirithiú, tacófar freisin le cumas thionscal gaoithe na hEorpa a bheith níos iomaíche ó thaobh na cáilíochta de in aghaidh iomaitheoirí domhanda.

Chun glacadh chaighdeáin an Aontais agus caighdeán idirnáisiúnta don earnáil gaoithe a chur chun cinn, faoi dheireadh°2023, déanfar na gníomhaíochtaí seo a leanas:

·mar chuid den Fhóram Ardleibhéil um Chaighdeánú Eorpach atá bunaithe, sainaithneofar i seisiún oibre ar leith maidir leis an teicneolaíocht gaoithe na riachtanais chaighdeánaithe Eorpacha agus idirnáisiúnta, sainaithneofar aon bhacainn atá ann cheana agus ardófar feasacht i measc na mBallstát agus an tionscail chun rannpháirtíocht a gcuid saineolaithe a áirithiú i ngníomhaíochtaí socraithe caighdeán; agus

·iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochta Eorpacha um Chaighdeánú táirgí insoláthartha um chaighdeánú a dhréachtú chun tacú le cuspóirí NZIA.

V.SCILEANNA

Meastar go mbeidh gá le tuairim is 100 000°post breise san earnáil gaoithe faoi°2030, agus go bhféadfadh iomlán na hinfheistíochta comhlachaithe i scileanna a bheith cothrom le tuairim agus EUR°850°milliún 48 . I mí°an°Mhárta°2021 agus i°mí°an Mhárta°2023, bhunaigh comhlachais trádála fuinnimh in‑athnuaite, ionadaithe suiteálaithe teicneolaíochtaí glana, soláthróirí oideachais agus oiliúna, ionaid taighde agus líonraí réigiúnacha lena n‑áirítear páirtithe leasmhara ó thionscal an fhuinnimh gaoithe, le tacaíocht ón gCoimisiún, comhpháirtíochtaí mórscála scileanna don éiceachóras tionsclaíoch um fhuinneamh in‑athnuaite faoin gComhshocrú um Scileanna. Tá na comhpháirtíochtaí ag feidhmiú ach is gá forbairt bhreise a dhéanamh chun go soláthrófar a cuspóirí.

Gníomhaíocht 14: Comhpháirtíochtaí scileanna ar mhórscála don fhuinneamh in‑athnuaite chun tionscadail a dhearadh a thacaíonn le forbairt scileanna d’earnáil an fhuinnimh in‑athnuaite, lena n‑áirítear an ghaoth

Spreagtar na comhpháirtíochtaí mórscála scileanna le haghaidh fuinneamh in‑athnuaite agus le haghaidh fuinneamh in‑athnuaite amach ón gcósta na cláir sin agus na tionscnaimh scileanna sin de chuid an Aontais lena dtairgtear an creat is fearr le haghaidh cur chun feidhme tionscadal lena gcumasaítear na riachtanais scileanna san earnáil a mhapáil a shainaithint a luaithe is féidir, mar aon le tionscadail ina ndéantar athbhreithniú ar phróifílí post, ina bhforbraítear agus ina n‑oibrítear modúil nua oiliúna atá ábhartha do mhargadh an tsaothair agus ábhair ghaolmhara agus/nó ina dtacaítear le forbairt na scileanna a bhfuil gá práinneach leo in earnáil na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh, ag díriú ar mhná, ar dhaoine óga (nach bhfuil in oideachas ná i bpoist ná faoi oiliúint) agus ar dhaoine níos sine go háirithe. Ag díriú go háirithe ar inbhuanaitheacht agus ar chleachtais bhonneagair chiorclaigh. D’fhéadfaí a áireamh air sin an t‑iarratas chuig glaoch Erasmus+ ar threoirphlean le haghaidh comhar earnála maidir le scileanna. Féadfaidh an chomhpháirtíocht tairbhiú freisin de thionscnaimh atá ann cheana amhail an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí agus na hIonaid Barr Feabhais Gairme 49 .

Ina theannta sin, éascóidh NZIA seoladh na n‑acadamh Eorpach um scileanna tionsclaíochta glan‑nialasaí a dearadh chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun oibrithe a uas‑sciliú agus a athsciliú. Forbróidh na hacadaimh ábhar foghlama agus ábhair a chuirfidh siad ar fáil do sholáthróirí oideachais agus oiliúna sna Ballstáit chun an t‑éileamh ar oibrithe oilte i dtionscadail ghlan‑nialasacha a chomhlíonadh . Beidh sé d’aidhm ag na hacadaimh 100 000°foghlaimeoir a chur faoi oiliúint gach bliain laistigh de 3°bliana tar éis a mbunaithe, agus díreoidh gach ceann díobh ar theicneolaíocht amháin den tionscal glan‑nialasach, lena n‑áireofar ceann amháin a sheolfar agus í tiomnaithe don earnáil gaoithe.

VI.RANNPHÁIRTEACHAS TIONSCAIL AGUS GEALLTANAIS NA mBALLSTÁT

Chomh maith leis na bearta arna ndéanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit, le gníomhaíochtaí a dhéanann tionscal gaoithe na hEorpa é féin, rannchuideofar freisin le timpeallacht ghnó níos cobhsaí agus níos brabúsaí. Baineann sé sin le, as measc nithe eile, fálú níos gníomhaí a dhéanamh in aghaidh boilsciú agus luaineacht praghsanna i bpríomh‑ionchur, amhail amhábhair, comhpháirtíochtaí fadtéarmacha eile idir monaróirí gaoithe agus oibreoirí gaoithe a d’fhéadfadh a bheith tairbheach go frithpháirteach a fhorbairt a thuilleadh.

Gníomhaíocht 15: Cairt an Aontais Eorpaigh um an nGaoth

Chun cur in úsáid agus acmhainneacht mhonaraíochta gaoithe a mhéadú san Aontas, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit agus ar ionadaithe an tionscal gaoithe páirt a ghlacadh, roimh dheireadh°2023, i ngealltanais dheonacha mar chuid de chairt ghaoithe. Agus obair leantach á déanamh aige ar an Idirphlé Infheisteoirí maidir le Fuinneamh, féachfaidh an Coimisiún le hinfheisteoirí airgeadais a áireamh sa chairt um an ngaoth nó leis an gcairt a leathnú chuig na gníomhaithe sin a luaithe is indéanta.

Is é is cuspóir don chairt, atá á forbairt de réir an phlean gníomhaíochta sin agus ar a mbeartas, gníomhaíochtaí an Choimisiúin, na mBallstát agus pháirtithe leasmhara an tionscail a ailíniú agus a chur chun feidhme go pras, agus iarracht chomónta chomhordaithe á léiriú i gcomhthráth i ndáil leis na dálaí cumasúcháin a fheabhsú do thionscal gaoithe na hEorpa. Oibreoidh an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara an tionscail chun gealltanais bheachta na cairte a fhorbairt, i gcomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta. Leis an athdhearbhú a leanfaidh as an bplean gníomhaíochta sin agus as an gcairt, ba cheart don tionscal a bheith in ann dlús a chur le hinfheistíochtaí agus méadú a acmhainneachta monaraíochta a áirithiú, chun freastal ar an éileamh méadaithe ar thionscadail ghaoithe a bhfuil coinne leis do na blianta atá romhainn amach.

6.CONCLÚIDÍ AGUS AN BEALACH CHUN CINN

Is foinse uabhair don Eoraip é an tionscal gaoithe. Tá bonn soladach monaraíochta ag an Aontas agus roinnt mhaith forbróirí láidre d’fheirmeacha gaoithe ar forbróirí iad a bhfuil raon domhanda acu. Tá cumhacht mhór nuálaíochta agus intleachtachta ag an earnáil agus tá sí mar thalamh thorthúil ó thaobh scileanna nua a fhorbairt. Is gníomhaithe ríthábhachtacha i gclaochlú leantach ár gcórais fuinnimh agus i ngnóthú ár spriocanna uaillmhianacha fuinnimh iad na cuideachtaí Eorpacha atá gníomhach san earnáil gaoithe. In éineacht le tionscail ghlan‑nialasacha eile, is maith atá an tAontas in ann, de bharr an tionscail gaoithe, claochlú i dtreo gheilleagar glan ciorclach na todhchaí. Cruthaíonn earnáil fuinnimh an Aontais go maith de bharr na hiomaíochta agus mar gheall air sin, is ceannaire domhanda í. Is bunaitheoir treochta agus bunaitheoir caighdeán í don domhan. Trí chomhar Eorpach maidir le fuinneamh gaoithe le comhpháirtithe idirnáisiúnta cruthaítear margaí nua agus soláthraítear réitigh dhomhanda chun fáil réidh le breoslaí iontaise.

Is é sin an fáth nach mór do thionscal gaoithe na hEorpa méadú agus infheistiú anois chun cur ar a gcumas do thionscal an Aontais agus do shaoránaigh deiseanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na n‑iarrachtaí i leith dícharbónú ar fud an domhain a thapú.Chun go mbeidh sin indéanta, tá gá an an tionscal le tuilleadh intuarthachta agus píblíne tionscadal sholadach atá infheicthe go soiléir. Éilítear samhail ghnó láidir lena n‑áiritheofar brabúsacht iomchuí agus rochtain ar mhaoiniú chun go bhfásfaidh sé agus go meallfaidh sé infheisteoirí. Tá gá aige le heangacha méadaithe agus neartaithe chun a fhuinneamh féin a chomhtháthú. Agus tá gá aige le hiomaíocht chóir.

Níl aon am le spáráil. Is é is aidhm don phlean gníomhaíochta, dá bhrí sin, torthaí nithiúla a dhaingniú sna míonna atá romhainn amach. Le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta sin ag an Aontas, ag na Ballstáit agus ag an tionscal, tacófar leis an earnáil monaraíochta gaoithe Eorpach i sárú na ndeacrachtaí agus i bhfeabhsú a hiomaíochais chun a áirithiú go rannchuideoidh an earnáil sin leis an athrú leantach fuinnimh.

Leis an bplean gníomhaíochta, soláthraítear athdhearbhú don tionscal gaoithe Eorpach go bhfuil a chás gnó san Aontas láidir, inbhuanaithe agus fadtéarmach. Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit agus ar an tionscal an plean gníomhaíochta sin a fhormhuiniú agus na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme de réir na róil atá acu. Iarann an Coimisiún ar an bParlaimint, ar an gComhairle, agus ar institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh rannchuidiú leis an obair seo trí thacú le cuspóirí an phlean gníomhaíochta sin.



IARSCRÍBHINN I – AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA EORPACH UM CHUMHACHT GHAOITHE I mBEAGÁN FOCAL

Catagóir

Gníomhaíochtaí/ionstraimí

Amlíne

Dlús a chur leis an gcur in úsáid trí intuarthacht mhéadaithe agus ceadú níos tapúla

1.Tá an Coimisiún agus na Ballstáit chun oibriú go comhpháirteach chun an ceadú a luasghéarú. ‘Accele-RES’ – tús áite a thabhairt do thrasuí agus cur chun feidhme an RED athbhreithnithe. Córas éigeandála sealadach

Ag tosú i mí°na°Samhna°2023

2.Tá na Ballstáit chun infheictheacht na píblíne um thionscadail ghaoithe a mhéadú trí ghealltanais ghaoithe, foilsiú sceideal na gceantanna meántéarmacha agus trí phleananna fadtéarmacha le haghaidh cur in úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh

Ag tosú i mí°na°Samhna°2023

3.Tá an Coimisiún chun plean gníomhaíochta a ghlacadh chun síneadh starrach eangach a éascú

Samhain 2023

Dearadh feabhsaithe ceantanna

4.Tá na Ballstáit chun critéir agus bearta a bheidh cáilíochtúil, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach a áireamh ina gcuid cuspóirí ceant chun ráta fhorfheidhmiú na dtionscadal a uasmhéadú, le tacaíocht ó mholtaí agus treoraíocht ón gCoimisiún

a luaithe is féidir

5.Dul i ngleic le rioscaí cibearshlándála agus aghaidh a thabhairt ar ghnéithe cosanta sonraí

Ag tosú in 2024

6.An Coimisiún chun cur le húsáid an tsoláthair straitéisigh i gcomhthéacs Global Gateway

Ón nglacadh ar aghaidh

Rochtain ar mhaoiniú

7.Tá an Coimisiún chun rochtain ar mhaoiniú ón Aontas a éascú

Faoi dheireadh 2023

8.Tá an Banc Eorpach Infheistíochtaí chun uirlisí di‑rioscaithe agus ráthaíochtaí a sholáthar do chuideachtaí gaoithe an Aontais

R4 2023

9.Tá na Ballstáit chun úsáid iomlán a bhaint as an tsolúbthacht a sholáthraítear faoi rialacha maidir leis an Státchabhair a bhaineann le slabhra luacha gaoithe an Aontais

Ón nglacadh ar aghaidh

10.Tá an Coimisiún chun neart a chur leis an idirphlé le hinfheisteoirí chun tarraingteacht na hinfheistíochta in earnáil gaoithe an Aontais a chothú

Faoi dheireadh 2023

Timpeallacht idirnáisiúnta atá cothrom agus iomaíoch a chruthú

11. Tá an Coimisiún chun rochtain monaróirí an Aontais ar mhargaí eachtracha a éascú  

Ón nglacadh ar aghaidh

12.An margadh inmheánach a chosaint ar shaobhadh trádála agus ar bhagairt don tslándáil agus don ord poiblí

Ón nglacadh ar aghaidh

13.Feabhas a chur ar an gcaighdeánú san earnáil fuinnimh gaoithe

Le tosú faoi dheireadh 2023

Scileanna

14.Comhpháirtíochtaí scileanna ar mórscála don fhuinneamh in‑athnuaite chun tionscadail a dhearadh a thacaíonn le forbairt scileanna d’earnáil an fhuinnimh in‑athnuaite, lena n‑áirítear an ghaoth

Faoi lár 2024

Rannpháirteachas tionscail agus gealltanais na mBallstát

15.Cairt an Aontais Eorpaigh um an nGaoth

Nollaig 2023

(1) An cás MIX sna cásanna beartais chun an Comhaontú Glas don Eoraip a thabhairt i gcrích (le fáil ag https://energy.ec.europa.eu/data-and-analysis/energy-modelling/policy-scenarios-delivering-europeangreendeal_en )
(2) IRENA World Energy Transitions Outlook [Ionchas maidir le hAistrithe Domhanda Fuinnimh] 2023
(3) Tuarascáil Rystad (2023) The State of the European Wind Energy Supply Chain [Staid Shlabhra Soláthair Fuinneamh Gaoithe na hEorpa]
(4)

WindEurope (2023) Wind Energy in Europe-2022 Statistics and the outlook for 2023-2027 [Fuinneamh Gaoithe san Eoraip – Staidreamh 2022 agus an t‑ionchas le haghaidh 2023-2027]

(5) Ríomhshonraí ENTSO‑E (Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais).
(6) Irena (2023) Renewable power generation costs in 2022 [Costais giniúna cumhachta in‑athnuaite in 2022].
(7) Georgakaki, A et al. (2022) - Clean Energy Technology in the European Union: Overall Strategic Analysis of Clean Energy Technology in the European Union [Faireachlann um Theicneolaíocht Fuinnimh Ghlain: Anailís Straitéiseach Fhoriomlán ar Theicneolaíocht Fuinnimh Ghlain san Aontas] – Tuarascáil Stádais 2022.
(8) SWD(2023) 68 final an 23 Márta 2023.
(9) Telsnig, T. et al. Clean Energy Technology Observatory: Wind Energy in the European Union – 2022 Status Report on Technology Development, Trends, Value Chains and Markets, [Faireachlann um Theicneolaíocht Fuinnimh Ghlain: Fuinneamh Gaoithe san Aontas Eorpach – Tuarascáil Stádais 2022 maidir le Treochtaí Forbartha Teicneolaíochta, Slabhraí Luacha agus Margaí], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh,
(10)

 SWD(2023) 68 final an 23 Márta 2023

(11)   Tuarascáil Rystad (2023) The State of the European Wind Energy Supply Chain [Staid Shlabhra Soláthair Fuinneamh Gaoithe na hEorpa]
(12) Sampla tipiciúil is ea fás tapa tuirbíní gaoithe, rud a chuireann oibleagáid ar mhonaróirí a línte táirgeachta a oiriúnú go leanúnach d’infheistíochtaí nua.
(13) JRC, Tuarascáil 2023 ón bhFaireachlann um Theicneolaíocht Fuinnimh Ghlain, le teacht.
(14) Sonraí BloombergNEF (2023) https://about.bnef.com/blog/cost‑of-clean‑energy-technologies-drop-as-expensive-debt‑offset‑by-cooling-commodity-prices/
(15) Féach Tuarascáil Bhliantúil 2023 maidir le hiomaíochas teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain (le foilsiú an 25 Deireadh Fómhair 2023).
(16) De réir na Comhairle Domhanda um Fhuinneamh Gaoithe (Global Wind Energy Council (GWEC)), tá tuairim is 30 GW d’acmhainneacht mhonaraíochta tuirbíní gaoithe ag an Eoraip ina hiomláine.
(17) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM/2021/557). 
(18) Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in‑athnuaite, IO L 335, 29.12.2022, lgh. 36–44.
(19) Togra chun Treoir 96/53/CE maidir leis na meáchain agus na toisí údaraithe uasta (COM (2023) 445) a leasú.
(20) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla, IO L 57, 18.2.2021, lgh. 1–16.
(21) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022
(22) COM (2023)148 final an 14 Márta 2023.
(23) Faoi seach: COM(2023) 62 final an 1 Feabhra 2023, COM(2023) 161 an 16 Márta 2023 agus COM(2023) 160 an 16 Márta 2023
(24) JOIN/2023/8 Teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis an nuashonrú ar Straitéis Mhuirshlándála an Aontais agus ar an bPlean Gníomhaíochta: Plean Gníomhaíochta ‘Straitéis fheabhsaithe Slándála Muirí an Aontais le haghaidh bagairtí muirí atá ag síorathrú
(25) Teachtaireacht ón gCoimisiún 2023/C 101/03
(26) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh.
(27) Teachtaireacht ón gCoimisiún - Creat do Státchabhair le haghaidh taighde agus forbairt agus nuálaíochta 2022/C 414/01.
(28) Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2022 C/2022/481.
(29) Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach 2021/C 153/01.
(30) COM/2023/335 final an 20 Meitheamh 2023
(31) https://climate.ec.europa.eu/eu-action/eu-funding-climate-action/innovationfund/calls-proposals/large-scale-calls_en
(32) Tá spriocanna comhroinnte maidir le cur in úsáid ag formhór na mbeart a dtugtar tacaíocht dóibh faoi PTAnna, lena gcumhdaítear cumhacht ghréine agus cumhacht ghaoithe araon, gan aon dí‑chomhiomlánú de réir an chineáil teicneolaíochta.
(33) Airteagal 6.3 sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite.
(34) https://commission.europa.eu/funding-tenders/find-funding/eu-funding-programmes/technical-support‑instrument/technical-support‑instrument‑tsi_en  
(35)  Moladh ón gCoimisiún C/2022/3219 final
(36) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Treoraíocht do na Ballstáit maidir le dea‑chleachtais chun dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite agus maidir le Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta a éascú. Ag gabháil leis an doiciméad, Moladh ón gCoimisiún maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite agus maidir le Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta a éascú, SWD/2022/0149 final
(37) Ní mór do na Ballstáit limistéir bhrostaithe um fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh a ainmniú do theicneolaíocht fuinneamh in‑athnuaite amháin ar a laghad de bhun Airteagal 15.c den RED athbhreithnithe.
(38) Leanfaidh SMET dá chuid oibre ar dheireadh a chur le bacainní próisis maidir le tionscadail fuinnimh gaoithe agus grianfhuinnimh a cheadú. Tacóidh sé le malartú dea‑chleachtas freisin maidir le hionaid ilfhreastail, ceadú digiteach, faisnéis shoiléir agus sprioc‑amanna soiléire.
(39) Airteagal 6.3 de Threoir (AE) 2018/2001: ‘Foilseoidh na Ballstáit sceideal fadtéarmach ina dtuarfar leithdháileadh measta na tacaíochta lena gcumhdófar mar phointe tagartha, na chéad 5 bliana eile amach rompu ar a laghad nó, i gcás srianta maidir le pleanáil an bhuiséid, na chéad 3 bliana eile, sceideal a n‑áireofar leis an uainiú táscach, minicíocht na nósanna imeachta tairisceana i gcás inarb iomchuí, an acmhainneacht mheasta agus an buiséad measta, nó an tacaíocht aonadach uasta a mheastar a leithdháilfear, agus na teicneolaíochtaí incháilithe a bhfuiltear ag súil leo, más infheidhme. Tabharfar an sceideal sin cothrom le dáta ar bhonn bliantúil nó nuair is gá chun na forbairtí a rinneadh sa mhargadh le déanaí nó an leithdháileadh measta tacaíochta a léiriú’.
(40)  BEMIP, CESEC, Uiscí an Iardheiscirt agus NSEC
(41) https://energy.ec.europa.eu/system/files/2022-09/220912_NSEC_Joint_Statement_Dublin_Ministerial.pdf
(42) Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (2023/C 20/01), (IO C 20, 20.1.2023, lch. 1)
(43) Ar mheánphraghas carbóin de EUR 75 in aghaidh an tona
(44) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar Phlean SET (atá le glacadh i mí°Dheireadh°Fómhair°2023)
(45) Bíonn forálacha i gcomhaontuithe trádála an Aontais lena gcuirtear toirmeasc ar shrianta allmhairithe agus onnmhairithe, ar cheanglais i ndáil le hábhar áitiúil agus ar rochtain ar sholáthar poiblí a oscailt chomh maith.
(46) Tháinig Rialachán (AE)°2022/1031 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha i bhfeidhm an 29 Lúnasa 2022.
(47) Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh, IO L 79I, 21.3.2019, lgh. 1–14
(48) Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le ‘Forbairtí Fostaíochta agus Sóisialta san Eoraip. Aghaidh a Thabhairt ar Easpa Lucht Saothair agus ar Bhearnaí i Scileanna san Aontas Eorpach’, https://ec.europa.eu/social/BlobServlet?docId=26989&langId=en
(49) Mar shampla, is é is aidhm do ‘Scileanna Teicniúla le haghaidh Fuinneamh In‑Athnuaite Comhchuibhithe Amach ón gCladach’ (T‑shore), arna maoiniú le Ionad Barr Feabhais Gairme Erasmus+ cláir oiliúna agus acmhainní a fhorbairt chun na scileanna agus na hinniúlachtaí a theastaíonn ó oibrithe chun rath a bhaint amach sa tionscal gaoithe amach ón gcósta a sholáthar dóibh.