AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,25.10.2023
COM(2023) 667 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Spás Riaracháin Eorpach (ComPAct) a fheabhsú
Agus an domhan ag síorathrú, domhan ina bhfuil athruithe casta ag teacht ar chúrsaí eacnamaíocha, sóisialta, agus comhshaoil, agus aistrithe éagsúla ar bun, tá sé ríthábhachtach riaracháin phoiblí ardcháilíochta a bheith ann ar mhaithe le dea-rialachas agus le go mbeidh gníomhaíocht an Aontais agus na mBallstát éifeachtach. Ní mór don earnáil phoiblí a bheith dírithe ar ghníomhaíochtaí, aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna nua, agus muinín an phobail a neartú ag an am céanna. Chomh maith le dul i ngleic le suaití tromchúiseacha seachtracha cosúil le paindéim COVID-19 agus fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá sé ríthábhachtach go leanfadh an tAontas d’aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide agus chomhshaoil, go dtógfadh sé geilleagair athléimneacha inbhuanaithe agus sochaithe cothroma, go gcothódh sé iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais, go múnlódh sé aistriú digiteach na seirbhísí agus na timpeallachta oibre, go gcuirfeadh sé an daonlathas chun cinn agus go n-imreodh sé ról láidir sa domhan.
Tá cur i bhfeidhm an chláir oibre beartais sin ag brath ar riaracháin phoiblí ardcháilíochta, chumasacha, nuálacha agus athléimneacha a bheith ar gach leibhéal sna Ballstáit. Déanann riaracháin phoiblí bearta agus reachtaíocht an Aontais a thiontú ina ngníomhaíochtaí ina dtír féin atá dea-cheaptha, áitbhunaithe, fianaise-bhunaithe, réidh don digitiú agus slán i bhfad na haimsire. Déanann siad beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme atá ríthábhachtach chun an aeráidneodracht agus clár oibre inbhuanaitheachta 2030 a shaothrú. Tá ról lárnach acu maidir leis an Aontas a chur in oiriúint don ré dhigiteach trí sheirbhísí poiblí digiteacha atá rianúil, slán agus idir-inoibritheach a áirithiú le haghaidh Margadh Aonair atá lánfheidhmiúil. Ar an gcaoi sin áiritheofar go rachaidh daoine i mbun fhoghlaim na scileanna digiteacha sa tsochaí trí chéile, cothófar glacadh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus neartófar cuntasacht agus formhaoirseacht phoiblí ar a n-úsáid. Déanann riarachán poiblí, an earnáil phríobháideach, comhpháirtithe sóisialta agus institiúidí oideachais iomaíochas an lucht saothair agus an ghnó a mhúnlú trí scileanna na todhchaí a chur chun cinn.
Tá riaracháin phoiblí ar an leibhéal lárnach, réigiúnach agus áitiúil freagrach as bainistiú fónta agus inbhuanaithe bhuiséid an Aontais agus na mbuiséad náisiúnta. Cruinníonn siad cistí poiblí agus ioncaim agus cuireann siad chun feidhme go díreach thart ar aon trian de bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear Cistí Comhtháthaithe, Next Generation EU, agus an chuid is tábhachtaí den phacáiste sin, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá riaracháin phoiblí ríthábhachtach maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí a cheapadh agus a chur chun feidhme faoi na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, chomh maith le straitéisí forbartha réigiúnacha atá mar bhonn taca d’úsáid éifeachtach na gCistí Comhtháthaithe. Déanann riaracháin phoiblí bainistiú ar an earnáil phoiblí, earnáil atá freagrach as 51.5 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais, earnáil ina bhfuil thart ar 21 % de lucht saothair an Aontais fostaithe, earnáil a ghineann 19.8 % d’oll-bhreisluach iomlán an Aontais agus a chruthaíonn margadh dar luach thart ar EUR 670 billiún gach bliain trí chonarthaí le haghaidh oibreacha agus soláthar poiblí.
Tá ról lárnach ag riaracháin phoiblí maidir leis an bhfás a chur chun cinn sna réigiúin trí chéile. Is réamhriachtanas é cáilíocht na n-institiúidí poiblí ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil do bheartais áitbhunaithe, don iomaíochas réigiúnach agus don tarraingteacht le haghaidh infheistíochta. Tá an méid sin tábhachtach chun gaistí forbartha a sheachaint, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula.
Tá riaracháin phoiblí bunriachtanach le haghaidh an rialachais dhaonlathaigh agus chun an smacht reachta a chaomhnú. Ní mór do riaracháin phoiblí muinín an phobail a choinneáil agus a mhéadú agus an daonlathas a chaomhnú trí ardchaighdeáin sláine, trédhearcachta agus cuntasachta agus tríd an éilliú a chosc agus a chomhrac. Áirithíonn siad ceapadh beartas rannpháirteach, cáilíocht, cuimsitheacht agus gaireacht seirbhísí, creata rialála iomchuí ag baint úsáid as an eolas agus an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear úsáid eiticiúil na hintleachta saorga agus teicneolaíochtaí digiteacha eile, agus trí inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chosaint. Freastalaíonn riaracháin phoiblí dhea-fheidhmiúla ar riachtanais na ndaoine, agus aird ar leith á tabhairt ar na daoine is leochailí, agus ar ghnólachtaí trí dheireadh a chur leis na bacainní atá fós rompu, an t-ualach riaracháin a laghdú agus feidhm an Mhargaidh Aonair agus cur i bhfeidhm na gceithre shaoirse bhunúsacha a dhoimhniú.
Ina theannta sin is pointe tagartha iad caighdeáin cháilíochta riaracháin phoiblí na mBallstát freisin do thíortha an mhéadaithe, tíortha a dhéanann a ndlíthe agus a gcleachtais a ailíniú le dlíthe agus cleachtais an Aontais agus a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu, mar shampla an dá aistriú agus an t-athrú déimeagrafach. Bunriachtanas le haghaidh an aontachais cheana féin is ea riarachán poiblí d’ardchaighdeán, ach an oiread leis an smacht reachta.
Ba cheart feabhas a chur ar éifeachtacht na rialtas ar fud an Aontais. Go ginearálta d’éirigh le riaracháin phoiblí feidhmeanna criticiúla a choinneáil ar bun le linn ghéarchéim COVID-19, ach mhéadaigh an ghéarchéim sin bearnaí san ullmhacht dhigiteach agus sna cumais bainistithe géarchéime. Tá difríochtaí suntasacha fós ann idir na Ballstáit ó thaobh cháilíocht na seirbhísí agus an cheaptha beartas de. Le linn an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe san iarscríbhinn thiomnaithe maidir le riarachán poiblí sna tuarascálacha tíre, tá an Coimisiún ag leagan béim níos mó ar cháilíocht an riaracháin phoiblí.
Beartais an Aontais a chur chun feidhme níos fearr agus feidhmíocht riaracháin níos fearr, d’fhéadfadh na nithe sin na billiúin euro a choigilt gach bliain do cháiníocóirí agus do ghnólachtaí an Aontais. D’fhéadfadh na Ballstáit EUR 64.2 billiún a choigilt gach bliain trí fheabhas a chur ar a bhfeidhmíocht riaracháin. D’fhéadfadh cuideachtaí EUR 2.2 billiún a choigilt gach bliain ar leibhéal an Aontais dá mbeadh na nósanna imeachta agus na costais riaracháin chun gnó a bhunú ailínithe le nósanna imeachta agus costais na mBallstát is fearr feidhmíocht. I suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí, chuir muintir na hEorpa in iúl go bhfuil siad ag súil nach mbeadh riaracháin phoiblí chomh maorlathach (48 %), go n-éireoidís níos tapúla ó thaobh seirbhísí a sholáthar (47 %), níos trédhearcaí agus níos gaire do na daoine. Ina theannta sin féachann siad ar an gCoimisiún mar éascaitheoir le haghaidh freagairt níos fearr ar ghéarchéimeanna agus mar éascaitheoir tábhachtach comhair agus malartaithe eolais chun riaracháin phoiblí a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.
Ní mór do riaracháin phoiblí athruithe a réamh-mheas, chomh maith le freagairt dóibh. Chuige sin ní mór dóibh cur lena gcumas pleanáil ar bhealach uile-rialtais, a gcuid modhanna oibre a chur in oiriúint d’athrú tapa teicneolaíoch, agus ceapadh beartas agus soláthar seirbhísí atá dírithe ar shaoránaigh a athbhreithniú agus a nuáil ar bhonn leanúnach. Ag an am céanna, seachas pleanáil straitéiseach leanúnach faoi chuimsiú cleachtadh buiséid ilbhliantúil nó chlársceidealú Chistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe an Aontais, ba cheart do riaracháin phoiblí gníomhaíochtaí agus cumais réamhbhreathnaitheacha a chur chun cinn, amhail fadbhreathnaitheacht straitéiseach i gcomhar leis an saol acadúil, taighdeoirí agus meithleacha machnaimh tiomnaithe.
Tá méadú ag teacht ar na deacrachtaí a bhíonn ag lucht riaracháin phoiblí maidir le lucht saothair gairmiúil agus cobhsaí a áirithiú. Níl ach duine amháin as gach seachtar Eorpach den tuairim gur fostóir tarraingteach iad na riaracháin phoiblí. Bíonn níos mó bacainní fós roimh riaracháin réigiúnacha agus áitiúla nach bhfuil chomh forbartha agus a bhfuil daonra níos lú acu tallann a mhealladh. Léiríonn sonraí déimeagrafacha go mbeidh an t-aosú i roinnt Ballstát ina chúis le rabhartaí móra scoir ina státseirbhísí sna 10 mbliana amach romhainn. Le riachtanais shonracha agus amanna fada earcaíochta, bíonn córais riaracháin phoiblí neamhchosanta ar rioscaí tromchúiseacha maidir le leanúnachas, cobhsaíocht, inoiriúnaitheacht agus dea-fheidhmíocht a áirithiú. Tá an fhoghlaim aosach íseal i roinnt Ballstát, rud a chuireann teorainn leis an linn scileanna ar féidir le riaracháin leas a bhaint aisti. Ina theannta sin, is gnách go laghdaíonn saineolas seachfhoinsithe cumas na riarachán poiblí foghlaim agus taithí a fhorbairt chun cúraimí níos casta a bhainistiú.
Agus na dúshláin thuasluaite á n-aithint aige, tá réimse uirlisí curtha in úsáid ag an gCoimisiún chun tacú le claochlú riaracháin na mBallstát. Tacaíonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le réimse athchóirithe agus infheistíochtaí chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht seirbhísí poiblí ar gach leibhéal. Cuireann an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla
saineolas ar fáil chun raon leathan athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme. Ina theannta sin, cuidíonn an Coimisiún leis na Ballstáit trí anailís tíre agus théamach, trí fhorbairt acmhainní, trí threoir a thabhairt agus trí éascú a dhéanamh ar mhalartú piaraí. Leis an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise de chuid an Choimisiúin, tugadh tacaíocht do riaracháin phoiblí na mBallstát chun reachtaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus chun dea-chleachtais an Aontais a chomhroinnt.
Tá caidreamh leanúnach ag an gCoimisiún le piar-riaracháin go háirithe trí dhá líonra chomhlántacha, an Sainghrúpa um an Riarachán Poiblí
agus an Líonra Eorpach um an Riarachán Poiblí (EUPAN), arb é is aidhm dóibh eolas agus cleachtais a chomhroinnt. Neartaíodh an comhoibriú sin trí chruinnithe rialta de chuid an tSainghrúpa agus trí chruinnithe neamhfhoirmiúla níos minice idir airí, as ar eascair conclúidí maidir leis na dúshláin choiteanna atá os comhair na riarachán poiblí, go háirithe na Conclúidí ó Chruinniú Neamhfhoirmiúil na nAirí i Liospóin
agus Dearbhú Strasbourg
. Tugtar aghaidh sna malartuithe ar roinnt príomhréimsí amhail tarraingteacht fhoriomlán na riarachán poiblí a mhéadú agus a mbrandáil a athchóiriú mar fhostóirí nua-aimseartha, claochlú digiteach agus glas, acmhainneacht a fhorbairt sa riarachán poiblí ar gach leibhéal nó sineirgí a chothú idir tionscadail arna gcur chun feidhme faoin ionstraim tacaíochta teicniúla, faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoi chláir eile atá á gcistiú ag an Aontas nó ag an leibhéal náisiúnta.
Tacaíocht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le hinfheistíochtaí i riaracháin phoiblí
Tá an nuachóiriú ar riaracháin phoiblí le feiceáil go suntasach i roinnt pleananna téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh buiséad measta EUR 1.8 billiún. Tugann athchóirithe agus infheistíochtaí suaitheanta aghaidh, i measc nithe eile, ar dhigitiú an riaracháin phoiblí, cibearshlándáil (an Bhulgáir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, an Liotuáin, an Pholainn, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn,), córais cheartais agus cáilíocht an phróisis reachtaigh (an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, Málta, an Rómáin, an Spáinn, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic), an comhrac i gcoinne éilliú agus cosaint sceithirí (an Chipir, an Chróit, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghréig, Lucsamburg, an Laitvia, an Rómáin, an tSlóvaic, an Spáinn).
|
Léiríonn taithí ó chláir an Aontais, lena n-áirítear an ionstraim tacaíochta teicniúla, chomh maith leis na Conclúidí thuasluaite ó chruinnithe neamhfhoirmiúla na nAirí faoi EUPAN, léiríonn sé leas na mBallstát maidir le comhar níos leithne agus níos doimhne eatarthu féin agus leis an gCoimisiún. Dá bhrí sin, tá sraith gníomhaíochtaí (dá ngairtear an ‘ComPAct’ anseo feasta) á cur ar aghaidh ag an gCoimisiún sa Teachtaireacht seo chun cabhrú níos fearr le riaracháin na mBallstát ullmhú do na riachtanais athchóirithe atá ann faoi láthair agus treochtaí a bheidh ann amach anseo a thuar, bunaithe ar phrionsabail an riaracháin phoiblí.
An Spás Riaracháin Eorpach a fheabhsú
In ainneoin na héagsúlachta móire atá ann maidir le socruithe institiúideacha agus traidisiún dlí, roinneann riaracháin phoiblí na mBallstát tacar luachanna, cúraimí agus tuiscint ar dhea-riarachán, rud a fhágann gur ann do Spás Riaracháin Eorpach.
Tá tacar coiteann de phrionsabail uileghabhálacha mar bhonn taca ag cáilíocht an riaracháin phoiblí:
·Fís agus ceannaireacht straitéiseach lena n-áirithítear cumas, athléimneacht agus muinín leanúnach an phobail.
·Ceapadh beartais atá comhleanúnach, fadbhreathnaitheach, bunaithe ar fhianaise, rannpháirteach, réidh don digitiú, agus cuimsitheach.
·Státseirbhís atá neamhchlaonta, ghairmiúil, bunaithe ar fhiúntas, comhoibríoch agus éifeachtach, ag feidhmiú i ndálaí maithe oibre.
·Seirbhísí poiblí ardcháilíochta, duinelárnacha agus inrochtana.
·Coimhdeacht, comhordú, cuntasacht, oscailteacht an riaracháin phoiblí, sláine, agus formhaoirseacht ar phróisis riaracháin.
·Airgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe, a bhfuil córais chuntasaíochta phoiblí atá comhtháite agus cuimsitheach ar bhonn fabhraithe mar bhonn taca leis.
Le ComPAct, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún an Spás Riaracháin Eorpach a fheabhsú trí na prionsabail sin a chur chun cinn agus trína thacaíocht do nuachóiriú riaracháin na mBallstát a threisiú. Urramaíonn ComPAct inniúlachtaí agus saintréithe sonracha na mBallstát gan iad a athrú. Maoineofar na gníomhaíochtaí laistigh de shásraí cistiúcháin an Aontais atá ann cheana agus trí líonraí comhair atá ann cheana. Le ComPAct, bainfear an leas is fearr as an taithí a fuarthas cheana trí chláir an Aontais, lena n-áirítear an ionstraim tacaíochta teicniúla chomh maith leis na malartuithe atá ann cheana i gcomhthéacs Shainghrúpa an Choimisiúin maidir le Riarachán Poiblí agus Rialachas agus EUPAN, agus cuirfidh sé deiseanna nua feabhsaithe ar fáil do riaracháin ar gach leibhéal sna Ballstáit comhoibriú agus foghlaim óna chéile. Déantar cur síos in ComPAct freisin ar thaithí an Choimisiúin ar chur i bhfeidhm a straitéisí maidir le hAcmhainní Daonna, Digitiú agus Glasú.
Freagra is ea ComPAct ar éileamh na mBallstát, Pharlaimint na hEorpa agus Choiste na Réigiún go gcothódh an Coimisiún comhar agus idirphlé beartais chomh maith le cuidiú le feabhas a chur ar acmhainneacht agus ar cháilíocht na riarachán poiblí ar an leibhéal lárnach, réigiúnach agus áitiúil san Eoraip.
Cuideoidh ComPAct freisin le tíortha méadaithe an Aontais agus iad ag iarraidh riaracháin phoiblí níos fearr a thógáil trí dheiseanna a chur ar fáil dóibh a rannpháirtíocht i malartú piaraí agus i bhfoghlaim piaraí a mhéadú. Is féidir é sin a dhéanamh freisin tríd an rochtain ar an ionstraim tacaíochta teicniúla do thíortha an mhéadaithe a éascú.
Comhtháthú luathaithe: Rannpháirtíocht thíortha an mhéadaithe mar bhreathnóirí i dtionscadail na hionstraime tacaíochta teicniúla
Ceann de na bunriachtanachas le haghaidh aontachas leis an Aontas Eorpach is ea riarachán poiblí gairmiúil agus dea-fheidhmiúil a fhorbairt. I gcomhthéacs tionscnamh maidir le ‘comhtháthú luathaithe’, is féidir le hiarrthóirí ar mhéadú an Aontais páirt a ghlacadh i dtionscadail éagsúla de chuid na mBallstát anois, agus iad ag dul i ngleic le fadhbanna comhchoiteanna le chéile. Mar shampla, glacann an Albáin páirt mar bhreathnóir i dtionscadal leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ísiltír maidir le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar rannpháirtíocht shibhialta agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Is breathnóirí iad an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Mholdóiv i dtionscadal leis an Eastóin maidir le beartas soláthair phoiblí straitéiseach agus inbhuanaithe.
|
Tá trí cholún in ComPAct:
·Colún 1. An Clár Oibre Scileanna don Riarachán Poiblí
Comhar riaracháin a chothú idir riaracháin phoiblí ar gach leibhéal chun cuidiú a lucht saothair a fhorbairt chun dul i ngleic le dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
·Colún 2. Acmhainneacht do Dheacáid Dhigiteach na hEorpa
Acmhainneacht na riarachán poiblí a neartú maidir lena gclaochlú digiteach.
·Colún 3. An acmhainneacht an t-aistriú glas a stiúradh
Acmhainneacht na riarachán poiblí a neartú maidir leis an aistriú glas a stiúradh agus athléimneacht a chothú.
Colún 1. An Clár Oibre Scileanna don Riarachán Poiblí
Tá claochluithe struchtúracha ag teacht ar mhargaí an tsaothair, go háirithe mar gheall ar an athrú déimeagrafach agus an dá aistriú. I bhfianaise an mhéid sin, bíonn ar riaracháin phoiblí dul i ngleic le hiomaíocht láidir do dhaoine cumasacha, go háirithe i réimsí ina bhfuil tacair nua scileanna, eolais agus inniúlachtaí ag teastáil. Éilíonn an claochlú digiteach freisin méadú suntasach ar rannpháirtíocht na státseirbhíseach i ngníomhaíochtaí foghlama aosaí, chomh maith le hathmhachnamh a dhéanamh ar phróisis oibre chun leas a bhaint as acmhainneacht an uathoibrithe, na sonraí agus na hidir-inoibritheachta. Ba cheart go mbreithneofaí bealaí nua comhair leis an earnáil phríobháideach, go háirithe le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, mar thoradh air sin. Chun an t-aistriú glas a stiúradh, tá gá le cur chuige ildisciplíneach maidir le ceapadh beartas, comhordú láidir agus acmhainneachtaí pleanála ar gach leibhéal den riarachán poiblí agus scileanna láidre cumarsáide. Éilíonn na riachtanais sin atá ag síorathrú don lucht saothair, chomh maith le héabhlóid an ionaid oibre, gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun timpeallacht tharraingteach oibre a chruthú. Leis an idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta, ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal réigiúnach araon, rannchuidítear le timpeallacht chumasúcháin a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin éagsúla sin.
Tacóidh an Clár Oibre Scileanna don Riarachán Poiblí leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí riaracháin phoiblí a bheidh athléimneach, tarraingteach, trédhearcach agus a fheidhmeoidh go maith a fhorbairt trí raon leathan uirlisí a thabhairt dóibh chun a lucht saothair a uas-sciliú agus a athsciliú. Comhlánóidh sé bearta arna gcur chun feidhme faoi na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, bearta ina mbíonn uas-sciliú digiteach ag gabháil le digitiú na seirbhísí poiblí go minic, lena n-áirítear scileanna maidir le hanailísíocht sonraí, intleacht shaorga agus cibearshlándáil a fheabhsú. I roinnt pleananna téarnaimh agus athléimneachta tá athchóirithe arb é is aidhm dóibh ionaid inniúlachta a bhunú do státseirbhísigh agus bainistiú acmhainní daonna i riaracháin phoiblí a fheabhsú.
Déanfaidh na gníomhaíochtaí faoin gcolún seo beart de réir Chlár Oibre Scileanna an Aontais Eorpaigh agus na ngníomhaíochtaí faoi Bhliain Eorpach na Scileanna agus beidh siad comhsheasmhach leo. Is féidir leo rannchuidiú le príomhsprioc 2030 an Aontais a bhaint amach, is é sin 60 % ar a laghad de na daoine fásta ar fad a bheith faoi oiliúint gach bliain, agus leis na spriocanna náisiúnta. Cuirfear na gníomhaíochtaí faoin gcolún seo chun feidhme tríd an ionstraim tacaíochta teicniúla go príomha. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún an comhar le piar-riaracháin a ghiaráil laistigh den Sainghrúpa um an Riarachán Poiblí agus um an Rialachas agus líonra EUPAN, Líonra Stiúrthóirí na nInstitiúidí agus na Scoileanna Riaracháin (DISPA) agus an Scoil Riaracháin Eorpach. Beidh baint ag líonraí agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus líonraí agus comhlachtaí idirnáisiúnta leis.
1.Malartú Comhair Riaracháin Phoiblí (PACE)
D’iarr na Ballstáit ‘treisiú na soghluaisteachta le haghaidh oibrithe poiblí san Eoraip’
, d’fhonn comhar a spreagadh i measc lucht riaracháin agus pobail chleachtais a chruthú. Tacaíonn roinnt ionstraimí de chuid an Aontais cheana féin le malartuithe taithí agus foghlama frithpháirtí de réir earnála.
Chun an malartú taithí idir riaracháin phoiblí na mBallstát agus comhroinnt eolais agus dea-chleachtas a chur chun cinn a thuilleadh, tá an Coimisiún réidh chun an tacaíocht a thugann sé do PACE a mhéadú agus a chomhdhlúthú. Forbairt ar dhea-eispéireas is ea an clár sin, i.e. clár malartaithe píolótach do mheánbhainisteoirí a bhunaigh na Ballstáit agus an Coimisiún in 2021 mar sprioc insoláthartha a socraíodh i gcruinniú neamhfhoirmiúil de chuid EUPAN idir airí a tharla faoi Uachtaránacht na Portaingéile
. Tacóidh na malartuithe sin, ar bhonn éilimh, le riachtanais eagraíochtúla shonracha na riarachán poiblí amhail athchóirithe a chur chun feidhme, tionscnaimh bheartais a fhorbairt nó cineálacha nua cur chuige bainistíochta a thabhairt isteach. Rannchuideoidh siad le pobal Eorpach státseirbhíseach a chruthú.
Malartuithe idir riaracháin phoiblí na mBallstát
Faoi chlár suaitheanta PACE STI 2023
, glacann os cionn 300 státseirbhíseach páirt i níos mó ná 70 malartú beartaithe arna n-éascú ag TAIEX. Tá 18 mBallstát rannpháirteach sa mhalartú taithí ar bhealaí nua oibre, ar bheartais ghlasa a chur chun feidhme, ar dhigitiú a threisiú sa riarachán poiblí, ar straitéisí agus samhlacha chun tallann a mhealladh agus ar mhaithe le forbairt gairme, ar fheidhm a n-acmhainní daonna a nuachóiriú, ar cheannaireacht, foghlaim eagraíochtúil, eitic agus frith-éilliú a chur chun cinn. Tacaíonn an Coimisiún go dlúth leis an gcomhroinnt eolais, cuireann sé leis an gcomhroinnt sin agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh mar phiar-riarachán. Cuireann na malartuithe le tionscadail dhéthaobhacha a rinneadh roimhe seo agus cuireann siad ar chumas na mBallstát comhar agus foghlaim fhrithpháirteach a leathnú.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·PACE a uas-scálú go clár malairte bliantúil mar chuid den ionstraim tacaíochta teicniúla, chun soghluaisteacht státseirbhísigh na hEorpa ar fud na mBallstát a éascú, le tacaíocht agus rannpháirtíocht ón gCoimisiún. Cuirfidh PACE comhchreat oibríochtúil agus maoiniú leordhóthanach ar fáil le haghaidh malartuithe spriocdhírithe ina mbeidh na státseirbhísigh leabaithe i riarachán eile ar feadh tréimhse socraithe. [ó Ráithe 1 2024]
Moltar do na Ballstáit páirt ghníomhach a ghlacadh in PACE agus in uirlisí malartaithe piaraí eile de chuid an Aontais trí thosaíocht a thabhairt do riachtanais agus trí chomhordú a dhéanamh ar riachtanais, trí mhalartuithe a óstáil, agus trí aiseolas a thabhairt maidir le bealaí chun feabhas a chur orthu. Is féidir leo rannpháirtíocht i malartuithe a leathnú trí oiliúint i dteangacha iasachta dá státseirbhísigh a chur chun cinn.
2. Comhar maidir le hoiliúint agus forbairt acmhainní
Cúraimí ollmhóra i riaracháin phoiblí is ea athsciliú agus uas-sciliú, i bhfianaise na 9 milliún ball foirne a mheastar a bheidh i riaracháin lárnacha, réigiúnacha agus áitiúla ar fud na mBallstát agus i bhfianaise tuairim is 41 mhilliún fostaí san earnáil phoiblí ar fud an Aontais
. Tá ról lárnach ag institiúidí náisiúnta, ag scoileanna riaracháin phoiblí nó ag institiúidí oiliúna tiomnaithe i bhformhór na mBallstát maidir le hinniúlachtaí agus cumais státseirbhíseach a fhorbairt chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar bheartais phoiblí. Is minic a bhíonn bac ar an oiliúint agus ar an bhforbairt acmhainní mar gheall ar mheascán d’ardiomaíocht i dtaca le maoiniú, ualach mór oibre, agus easpa deiseanna oiliúna. Thairis sin, mar gheall ar an éagsúlacht mhór d’ábhair núíosacha, is deacair gach gné a chumhdach ar an leibhéal náisiúnta. Is féidir le comhar treisithe idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin sin, chomh maith le malartuithe gníomhacha le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le dea-chleachtais.
Clár oiliúna Custaim an Aontais Eorpaigh – Saineolas Bainistithe Custaim a Thógáil le chéile.
Faoin gClár Oiliúna Custaim, aithníonn an Coimisiún agus na Ballstáit na hIonaid Saineolais Oiliúna ar ábhair shonracha chustaim i gcomhaontú comhpháirtíochta. Cuireann an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann oiliúint ar fáil do Bhallstáit eile gach bliain, coimeádann siad cothrom le dáta ar an ábhar agus oibríonn siad le hoiliúnóirí agus ranna oiliúna ó Bhallstáit eile. Ó bhí 2014 ann, cuireadh oiliúint ar thart ar 1 000 oifigeach custaim agus eagraíodh thart ar 130 imeacht foghlama choiteanna.
Le cur chun cinn na ríomhfhoghlama ar ábhair a bhaineann le riarachán poiblí, beifear in ann rochtain dhíreach a bheith ag gach státseirbhíseach ar fud na mBallstát agus éascófar an fhoghlaim ‘ar do luas féin’ freisin. D’fhéadfaí for-rochtain na gcúrsaí oiliúna agus na n-ábhar oiliúna a leathnú go suntasach le haistriúchán go teangacha an Aontais, rud a d’fhágfadh go mbeadh rochtain níos leithne ag riaracháin bheaga.
Tá deiseanna ríomhoiliúna forbartha ag an gCoimisiún cheana féin, mar shampla maidir le hidir-inoibritheacht, claochlú digiteach, fiontraíocht, inniúlacht airgeadais agus inbhuanaitheachta, líonraí foghlama agus pobail chleachtais.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·Líonra d’Ionaid Barr Feabhais a chur ar bun chun oiliúint théamach a chur ar fáil do státseirbhísigh ar fud an Aontais. Cruthóidh an líonra catalóg oiliúna choiteann agus éascóidh sé an tairiscint oiliúna do státseirbhísigh trí na hIonaid Barr Feabhais sna Ballstáit maidir le hábhair shonracha, amhail custaim, an smacht reachta, cosc agus sláine éillithe, an t-aistriú glas, soláthar poiblí nuálach, úsáid fianaise eolaíche i gceapadh beartas nó IS. Cuideoidh an tsamhail sin le catalóg níos mó d’oiliúint ardcháilíochta a chur ar fáil do na riaracháin phoiblí ar fud an Aontais agus le hinbhuanaitheacht airgeadais na hoiliúna agus éifeachtúlacht na hinfheistíochta á méadú ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, tacóidh an Coimisiún a thuilleadh le heagraíochtaí oiliúna náisiúnta chun a gcumas measúnú a dhéanamh ar riachtanais oiliúna a fhorbairt agus a mbeartais oiliúna do státseirbhísigh a neartú. [ó Ráithe 1 2024]
·Clár Ceannaireachta Riaracháin Phoiblí de chuid an Aontais a bhunú a bheidh dírithe ar bhainisteoirí sinsearacha i riaracháin phoiblí na mBallstát. Le cur chuige uile-Aontais lena n-áirítear curaclaim choiteanna, cleachtaí foghlama frithpháirtí a dhearadh agus dea-chleachtais a chomhroinnt, beifear in ann bainisteoirí a ullmhú ar bhealach níos fearr do chastacht na ceannaireachta poiblí, go háirithe ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le hathchóirithe a thabhairt chun cinn agus a chur chun feidhme sa riarachán poiblí, tallann a chur chun tairbhe agus nuálaíocht a spreagadh. [ó Ráithe 1 2024]
·Rannóg riaracháin phoiblí a fhorbairt ar ardán Acadamh an Aontais Eorpaigh ina mbeidh cúrsaí agus cláir oiliúna thiomnaithe, idir chúrsaí cothrománacha, amhail ceapadh beartas, modhanna comhchruthaithe agus plé chun saoránaigh a chur i mbun pleanála, an smachta reachta, cosc agus sláine an éillithe, bainistiú tionscadal agus tionscadail níos speisialaithe, amhail an t-aistriú glas a bhainistiú, idir-inoibritheacht nó cibearbhagairtí a bhainistiú. D’fhéadfaí cúrsaí ríomhfhoghlama a chomhlánú le hábhar treorach agus oiliúna atá ann cheana a d’ullmhaigh an Coimisiún maidir le hábhair a bhaineann leis an Aontas agus d’fhéadfaí naisc chuig foinsí náisiúnta agus idirnáisiúnta a áireamh iontu. [ó Ráithe 2 2024]
D’fhéadfadh na Ballstáit glacadh forleathan deiseanna oiliúna a chomhlánú le hacmhainní le haghaidh uas-sciliú agus fothú acmhainneachta faoin mBeartas Comhtháthaithe.
3. Comhar maidir le hacmhainneacht riaracháin ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil
Is iad na riaracháin phoiblí réigiúnacha agus áitiúla na húdaráis is gaire do dhaoine agus tá ról lárnach acu maidir le seirbhísí gaireachta a chur ar fáil. Cuireann siad chun feidhme 70 % de reachtaíocht uile an Aontais, 90 % de na beartais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, agus 65 % de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
. Spreagann siad an clár oibre nuálaíochta poiblí, déanann siad infheistíochtaí a phleanáil agus a chur chun feidhme trí chistí an Aontais a úsáid trí réitigh áitbhunaithe, agus tá siad ar thús cadhnaíochta maidir le tionchar an athraithe aeráide, an chosaint shibhialta agus an comhtháthú sóisialta. Is iad is gaire freisin do na riachtanais áitiúla agus na hábhair imní áitiúla, ó thaobh chosaint an chomhshaoil, na tithíochta, na soghluaisteachta, an chultúir agus an oideachais de.
An chuid is mó de na dúshláin atá roimh na riaracháin phoiblí lárnacha, tá siad roimh riaracháin phoiblí réigiúnacha agus áitiúla freisin, cé go mbaineann sainiúlacht leis na riarachán sin freisin. Tá an chuid is mó de na riaracháin áitiúla sách beag, is minic nach mbíonn a ndóthain acmhainní acu agus bíonn easpa saineolaithe orthu. Éilíonn réimse freagrachtaí teagmháil dhíreach le daoine. Is gnách go mbíonn an tsoghluaisteacht ghairmiúil agus an rochtain ar oiliúint agus ar eolas sách teoranta, is gnách go mbíonn gairmeacha níos faide, agus braitheann an comhthiomsú scileanna ar leibhéal foriomlán na forbartha áitiúla agus na gníomhaíochta eacnamaíche. I bhfianaise na dteorainneacha sin, chomh maith leis na comhthéacsanna socheacnamaíocha agus geografacha éagsúla, tá tacaíocht shonrach de dhíth ar riaracháin réigiúnacha agus áitiúla chun iad a ullmhú chun beartais a cheapadh atá saincheaptha do shainiúlachtaí áitiúla, chomh maith le straitéisí a fhorbairt ar an scála críochach ceart lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna casta amhail idirghníomhaíocht idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe, soláthar glas, nuálaíocht, agus tosca spreagtha eile a bhaineann le forbairt chothromúil áitiúil. Ina theannta sin is féidir le hacmhainneacht agus cumais theoranta riaracháin phoiblí na mBallstát ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil bac a chur ar úsáid éifeachtach an chistithe atá ar fáil, lena n-áirítear an cistiú a dhéantar tríd an mBeartas Comhtháthaithe.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·Leanúint ar aghaidh ag méadú na rochtana atá ag eintitis réigiúnacha agus áitiúla ar an ionstraim tacaíochta teicniúla, ar bhonn éilimh, lena n-áirítear trí thionscnaimh amhail clár suaitheanta na hionstraime tacaíochta teicniúla maidir le ‘Bacainní ar fhorbairt réigiúnach a shárú’. [ó Ráithe 4 2023]
·Lá bliantúil Riaracháin Phoiblí Áitiúil a eagrú i gcomhthéacs Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha, a dhéanfaidh an Coimisiún a chomhóstáil. Tabharfaidh an t-imeacht deis do riaracháin réigiúnacha agus áitiúla na dúshláin rialachais shonracha atá rompu a phlé. Beidh Coiste na Réigiún agus brateagraíochtaí an Aontais Eorpaigh de riaracháin réigiúnacha agus áitiúla ag rannchuidiú leis an bplé agus leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach. Sainaithneofar san imeacht bealaí sonracha praiticiúla inar féidir leis an gCoimisiún tacú le riaracháin réigiúnacha agus áitiúla ina gcuid iarrachtaí nuachóirithe agus fothaithe acmhainneachta. Ina theannta sin, féachfaidh an Coimisiún ar bhealaí breise chun cruthú cuibhreannas agus comhpháirtíochtaí idir údaráis áitiúla a éascú, ar cuibhreannais agus comhpháirtíochtaí iad a d’fhéadfadh na hinniúlachtaí is gá a chomhthiomsú chun tionscadail mhórscála a láimhseáil. [ó Ráithe 3 2024]
·A thaighde a dhoimhniú maidir leis na teorainneacha agus na deiseanna a bhaineann le hacmhainneacht riaracháin na n-údarás réigiúnach agus áitiúil; agus staidéir agus suirbhéanna spriocdhírithe a dhéanamh, a bheidh mar bhonn eolais do na chéad eagráin eile den tuarascáil faoin gComhtháthú. [ó Ráithe 3 2024]
4. Uirlisí bainistithe acmhainní daonna sa riarachán poiblí
Chun acmhainn chobhsaí agus gairmiúlacht a áirithiú, ní mór do riaracháin phoiblí forbairt fhadtéarmach a lucht saothair agus na scileanna a bheidh ag teastáil uathu a réamh-mheas. Mar sin féin, is réasúnta teoranta atá pleanáil lucht saothair, anailís chórasach sonraí acmhainní daonna agus réamhaíocht ar phróifílí poist fós. Bheadh catalóg tagartha de chreataí inniúlachta, ‘Pas croí-inniúlachtaí’, ina chabhair chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin agus feabhas a chur ar chineálacha cur chuige earcaíochta agus forbartha gairme.
Beidh an ‘Pas’ bunaithe ar chreataí inniúlachta de chuid an Aontais ar chreataí inniúlachta náisiúnta atá ann cheana, amhail beartais a cheapadh, cistí a bhainistiú, soláthar poiblí, cánachas, custaim, idir-inoibritheacht na hearnála poiblí agus bainistiú tionscadal. Leathnófar é chun réimsí nua a chumhdach amhail scileanna digiteacha, scileanna fiontraíochta, scileanna ceannaireachta, bainistiú infheistíochtaí, chomh maith le nuálaíocht.
An tsamhail inniúlachta ‘Ceapadh Beartais Nuálaíoch’ le haghaidh ceapadh beartas
Is é an Coimisiún a d’fhorbair
an creat inniúlachta sin
agus cumhdaíonn sé inniúlachtaí trasearnálacha atá ábhartha do lucht ceaptha beartas ar feadh an timthrialla beartais. Leagtar amach ann peirspictíocht atá dírithe ar an todhchaí do róil éagsúla sa cheapadh beartas. Tá na 36 inniúlacht roinnte ina seacht gcnuasach: comhairle a chur ar an leibhéal polaitiúil, nuáil, obair le fianaise, bheith eolach ar chúrsaí na todhchaí, teagmháil a dhéanamh le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara, comhoibriú agus cumarsáid a dhéanamh. Comhlánaíonn an creat sin an creat atá dírithe ar thaighdeoirí (‘Eolaíocht le haghaidh beartais’), a bhfuil a n-inniúlachtaí roinnte ina gcúig chnuasach: beartas a thuiscint, páirt a ghlacadh i gceapadh beartais, cumarsáid a dhéanamh, dul i dteagmháil le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara, agus comhoibriú.
Bunaithe ar na creataí inniúlachta atá ann cheana, d’fhorbair an Coimisiún roinnt uirlisí chun measúnú a dhéanamh ar na scileanna is gá do réimsí éagsúla inniúlachta agus fiosróidh sé an gá atá ag na Ballstáit le huirlisí comhchosúla.
Ina theannta sin, teastaíonn sonraí agus faisnéis théamach ó riaracháin phoiblí chun bonn eolais níos fearr a chur faoi riachtanais oiliúna agus forbairt inniúlachtaí. Tá na sonraí comparáideacha maidir leis an riarachán poiblí réasúnta teoranta fós.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·‘Pas croí-inniúlachtaí’ a fhorbairt a bheidh infheidhme maidir le poist agus róil i riaracháin phoiblí, lena n-áirítear scileanna ceannaireachta. Cuideoidh an ‘Pas’ leis na riaracháin phoiblí beartais nua-aimseartha agus ardfhorbartha a dhearadh chun a n-acmhainní daonna a fhorbairt, chun ullmhú do riachtanais scileanna a bheidh ann amach anseo agus chun cuidiú le soghluaisteacht na státseirbhíseach laistigh den Aontas. [ó Ráithe 1 2024]
·Tacú leis na Ballstáit a mbeartais acmhainní daonna a nuachóiriú, tríd an aistriú creataí inniúlachta agus uirlisí acmhainní daonna (mar shampla, chun bearnaí scileanna ina lucht saothair a shainaithint) a threorú agus a stiúradh isteach ina gcomhthéacs eagraíochtúil. [ó Ráithe 1 2024]
·Bosca Uirlisí Cháilíocht an Riaracháin Phoiblí a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú chun nuachóiriú na riarachán poiblí a threorú. [ó Ráithe 1 2024]
·Modheolaíochtaí a fhorbairt le haghaidh táscairí ábhartha don riarachán poiblí, cuidiú le feabhas a chur ar na huirlisí atá ann cheana chun sonraí a tháirgeadh, staidéir uile-Aontais a dhéanamh ar ábhair ábhartha, amhail tarraingteacht an riaracháin phoiblí, éifeachtaí na n-athruithe déimeagrafacha agus todhchaí na bpost sa riarachán poiblí. Cuirfidh sé raon leathan sonraí agus faisnéise chun cinn ar Thairseach Riaracháin Phoiblí lena léireofar stádas agus feidhmíocht na riarachán poiblí ar fud an Aontais. [ó Ráithe 1 2024]
Colún 2. Acmhainneacht do Dheacáid Dhigiteach na hEorpa
Leagtar amach sa Deacáid Dhigiteach na spriocanna, faoi 2030, maidir le 100 % de na príomhsheirbhísí poiblí a bheith inrochtana ar líne do dhaoine agus do ghnólachtaí, rochtain a thabhairt do gach duine ar a dtaifid leighis ar líne agus ar mhodh slán ríomh-shainaitheantais (eID) a aithnítear ar fud an Aontais agus riachtanais daoine nach bhfuil rochtain iomlán acu ar sheirbhísí digiteacha nó nach bhfuil ach cumas teoranta acu á gcur san áireamh. Réamhriachtanais thábhachtacha is ea nósanna imeachta riaracháin a dhigitiú, tabhairt faoi ullmhúcháin theicniúla chun Tiachóga na Céannachta Digití de chuid an Aontais a sholáthar faoi 2026, malartú uathoibríoch fianaise agus faisnéise a mhéadú
chun seirbhísí poiblí digiteacha úsáideoir-lárnacha a sholáthar agus scileanna digiteacha na mball foirne a fheabhsú chun na spriocanna sin a bhaint amach. Is féidir le riaracháin phoiblí gnóthachain éifeachtúlachta a ghiniúint arb ionann iad agus idir EUR 439 milliún agus EUR 1.3 billiún in aghaidh na bliana trí úsáid seirbhísí poiblí digiteacha a mhéadú suas le 80 % faoi 2030. D’fhéadfadh gnóthachain éifeachtúlachta suas le EUR 6.3 milliún do dhaoine agus idir EUR 5.7 billiún agus EUR 19.2 billiún do ghnólachtaí a bheith mar thoradh ar idir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí poiblí digiteacha a fheabhsú. Tugann cuspóirí na Deacáide Digití treoir do riaracháin phoiblí trína gclaochlú digiteach féin agus tacaíonn siad lena gcur in oiriúint d’athruithe teicneolaíochta.
Chun go dtiocfaidh forbairt thapa ar theicneolaíochtaí digiteacha agus ar a n-úsáid, ní mór an creat dlíthiúil a oiriúnú go gníomhach: idir úsáid uirlisí digiteacha agus infhaighteacht agus malartú sonraí, idir hidir-inoibritheacht, agus úsáid eiticiúil na hintleachta saorga agus teicneolaíochtaí digiteacha eile. Sa bhreis ar uas-sciliú agus athsciliú digiteach, ní mór do riaracháin phoiblí glacadh le hidir-inoibritheacht, giaráil a dhéanamh ar infhaighteacht mhéadaithe ar líon mór sonraí, nósanna imeachta riaracháin a dhigitiú, agus a bheith réidh don intleacht shaorga. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a gcomhar maidir le rialachas digiteach san Aontas a neartú chun réitigh a chomhroinnt agus a fhorbairt go comhpháirteach, ilroinnt a sheachaint, acmhainní próiseála sonraí a chomhthiomsú, agus comhroinnt sonraí a fheabhsú. Laghdódh sé sin an deighilt dhigiteach trí sheirbhísí poiblí a dhéanamh níos cuimsithí agus níos inrochtana do chách.
Cuirfear na gníomhaíochtaí faoin gcolún seo chun feidhme go príomha trí ionstraim tacaíochta teicniúla agus trí shásraí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach, Clár an Mhargaidh Aonair agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2.
5. Riarachán poiblí digiteach a sheasfaidh an aimsir
Ní mór do riaracháin phoiblí teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh agus an bealach ina n-oibríonn siad a athrú ag an am céanna. Meastar go gcuirfidh siad seirbhísí ar fáil ar bhealach rianúil soláimhsithe do dhaoine, do ghnólachtaí agus dá bhfoireann féin. Is minic a bhíonn claochlú mór (digiteach) i gceist leis sin chun próisis reatha a athdhearadh nó beartais athraithe a athrú, saol laethúil na ndaoine a shimpliú agus an timpeallacht ghnó a fheabhsú trí mhaorlathas a laghdú.
Trí reachtaíocht dhigiteach an Aontais a fhorfheidhmiú, is féidir le riaracháin phoiblí comhoibriú ar bhealach níos éifeachtaí, a n-iarrachtaí a ailíniú le cuspóirí uile-Aontais, agus bonneagair agus seirbhísí digiteacha agus sonraí atá níos athléimní agus níos inbhuanaithe a bhunú. Cuireann reachtaíocht an Aontais creat ar fáil ar mhaithe le sonraí a mhalartú ar bhealach éifeachtach agus slán agus idir-inoibritheacht idir riaracháin phoiblí. Tá sásra comhair struchtúrtha idir oifigí um chlaochlú digiteach na mBallstát, na Príomhoifigigh Faisnéise de ghnáth, ríthábhachtach d’idir-inoibritheacht earnáil phoiblí an Aontais. Éascaíonn sé sin tionscadail nuálaíochta chomhpháirteacha, fágann sé gur féidir teicneolaíochtaí a tástáladh a athúsáid, agus laghdaítear costas agus riosca infheistíochta, rud a fhágann gur féidir seirbhísí poiblí digiteacha nasctha a leathadh amach ar bhealach níos tapúla agus níos sábháilte. Thairis sin, ceanglaítear le Treoir NIS2
ar riaracháin phoiblí bearta cibearshlándála iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh agus soláthar slán a gcuid seirbhísí a áirithiú. In 2023, leithdháileadh EUR 30 milliún sa Chlár don Eoraip Dhigiteach chun tacú le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil agus straitéisí náisiúnta cibearshlándála.
Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar thionchar an chlaochlaithe dhigitigh ar rialachas poiblí ar fud an Aontais trí shonraí a bhailiú agus a anailísiú, ó shásraí faireacháin atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn
, agus trí thorthaí agus moltaí a chomhroinnt. Tá staidéar á dhéanamh aige freisin ar thionchar, ar rioscaí agus ar dheiseanna IS agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn do riaracháin phoiblí
.
Thacaigh an ionstraim tacaíochta teicniúla cheana féin le 180 athchóiriú ar an gclaochlú digiteach ar fud na mBallstát chun straitéisí a fhorbairt chun teicneolaíochtaí digiteacha nua a ghlacadh, an rialachas digiteach a neartú, fréamhshamhlacha a chruthú, nó réitigh nua a thástáil. Ag an am céanna, tacaíonn pleananna téarnaimh agus athléimneachta le claochlú digiteach na riarachán poiblí, agus 37 % den chaiteachas digiteach, nó EUR 53 bhilliún, dírithe ar sheirbhísí poiblí digiteacha agus ar ríomhrialtas. Is é is aidhm do na hathchóirithe réitigh ríomhrialtais a thabhairt isteach nó a fheabhsú, amhail imlonnú ríomh-shainaitheantais, idir-inoibritheacht na n-ardán poiblí digiteach a áirithiú, agus feabhas a chur ar bhailiú agus bainistiú sonraí. Is é is aidhm d’infheistíochtaí ardteicneolaíochtaí a chomhtháthú i bpróisis rialtais, chomh maith leis an gcibearshlándáil a neartú. Is fiú níos mó ná EUR 39 mbilliún na hinfheistíochtaí atá beartaithe i mBeartas Comhtháthaithe 2021-2027 lena dtacaítear leis an aistriú digiteach. Áirítear leis sin EUR 11.2 billiún atá beartaithe le haghaidh seirbhísí digiteacha agus digitiú gnó agus riarachán poiblí.
Ina theannta sin tacaíonn an Coimisiún le comhar ‘GovTech’ idir eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha a spreagann nuálaíocht san earnáil phoiblí agus a chuidíonn le seirbhísí poiblí a dhéanamh níos inrochtana, níos cuimsithí agus níos éifeachtúla. Cuirtear glacadh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail saol fíorúil agus Gréasán 4.0, san earnáil phoiblí (Public Sector Tech Watch) chun cinn trí mhol eolais agus trí thaithí fhíorúil spáis a thaispeáint. Comhchistíonn an Coimisiún Saoráidí Tástála agus Turgnaimh IS do Chathracha agus Pobail Chliste trí thionscadal cúig bliana agus EUR 40 milliún a dhíríonn ar an aeráid, ar an gcomhshaol, ar an tsoghluaisteacht agus ar bhonneagair áitiúla eile.
Is féidir sineirgí níos fearr a bhunú idir tacaíocht theicniúil a sholáthar agus na gníomhaíochtaí leanúnacha chun an Deacáid Dhigiteach a chur chun feidhme. Chuige sin, leanfaidh an Coimisiún de dhea-chleachtais a roinnt agus de ghlacadh píolótach agus oibríochtúil samhlacha agus fréamhshamhlacha arna bhforbairt faoi chláir éagsúla eile de chuid an Aontais a chur chun cinn go gníomhach faoin ionstraim tacaíochta teicniúla (go háirithe Fís 2020 agus Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach, Ceartas).
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·Tacú le riaracháin phoiblí reachtaíocht dhigiteach agus reachtaíocht a bhaineann le sonraí a chur chun feidhme agus cur lena n-ullmhacht teicneolaíochtaí intleachta saorga a chomhtháthú ina n-oibríochtaí ar bhealach sábháilte iontaofa, maoirseacht a dhéanamh ar theicneolaíochtaí intleachta saorga, an chibearshlándáil a neartú agus beartais phoiblí a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear tacú le cóineasú cleachtas soláthair phoiblí. [ó Ráithe 1 2024]
·Úsáid inbhuanaithe agus éifeachtach na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn ag riaracháin phoiblí a chur chun cinn, mar shampla trí chaighdeáin oscailte a fhorbairt nó trí thacaíocht a thabhairt do sheirbhísí poiblí trasteorann a úsáideann teicneolaíochtaí díláraithe amhail teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra). [ó Ráithe 1 2024]
Moltar do na Ballstáit leas a bhaint as deiseanna atá ann cheana agus as deiseanna nua chun a n-ullmhacht dhigiteach a mhéadú, lena n-áirítear trí thacaíocht theicniúil agus trí rannpháirtíocht i bpobail chleachtais. Moltar dóibh freisin na deiseanna sin a chur chun cinn laistigh dá riaracháin agus tacú le comhtháthú slán na hintleachta saorga agus teicneolaíochtaí digiteacha eile ina gcuid oibríochtaí. Go háirithe, tacóidh an tArdán um Intleacht Shaorga ar Éileamh leis an tionscal agus leis an earnáil phoiblí teicneolaíochtaí intleachta saorga atá iontaofa, eiticiúil agus trédhearcach a ghlacadh. Ina theannta sin, is féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh i gCuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo le haghaidh treochtaí agus cláir atá ag teacht chun cinn amhail domhain fhíorúla, Teicneolaíochtaí Teanga agus CitiVerses.
6. Creataí, treoirlínte, agus uirlisí le haghaidh an chlaochlaithe dhigitigh
Tá sé d’aidhm ag an Aontas a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach duine ar sheirbhísí gan idirdhealú, i gcomhréir le luachanna agus prionsabail chomhaontaithe sa réimse digiteach amhail prionsabal na haonuaire agus an duinelárnacht. Tá sé ríthábhachtach an idir-inoibritheacht a mhéadú i ndáil leis sin, ós rud é go gcumasaíonn sé comhchuibhiú dlíthiúil, eagraíochtúil, séimeantach agus teicniúil le haghaidh malartú trasteorann sonraí, mar a mholtar sa Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta. Tá an idir-inoibritheacht ríthábhachtach freisin chun deireadh a chur le bacainní ar an Margadh Aonair agus chun seirbhísí poiblí digiteacha idirnasctha a sheachadadh. Forbraíodh réitigh idir-inoibritheacha shonracha i réimsí éagsúla, amhail custaim, soláthar poiblí, nó reachtaíocht. Ina theannta sin, tá bearta sonracha molta ag an gCoimisiún chun comhordú na gcóras slándála sóisialta a fheabhsú trí dhigitiú breise. Lena rannpháirtíocht sa ghluaiseacht ‘Living-in.EU’, molann an Coimisiún do chathracha agus do phobail cur le réitigh dhigiteacha idir-inoibritheacha a chomhaontaítear go comhchoiteann chun seirbhísí níos eolasaí, níos nuálaí agus ardcháilíochta a chur ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí.
Is ilghnéitheach iad na hiarrachtaí i dtreo na hidir-inoibritheachta agus áirítear orthu idirnascadh na mbonneagar ábhartha, amhail bonneagair néalríomhaireachta, an creat dlíthiúil atá ar na bacáin maidir le céannacht dhigiteach, lena bhforáiltear do shonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh Thiachóga na Céannachta Digití de chuid an Aontais, agus na spásanna sonraí don riarachán poiblí.
An Córas Teicniúil Aonuaire
Leis an
Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach
, soláthraítear an creat dlíthiúil chun spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a chruthú do riaracháin phoiblí chun faisnéis a chomhroinnt ar bhealach iontaofa. Faoi mhí na Nollag 2023, bunóidh an Coimisiún agus na Ballstáit spás sonraí idir rialtais, ar a dtabharfar an Córas Teicniúil Aonuaire. Déanfaidh sé nósanna imeachta riaracháin trasteorann a éascú agus a bhrostú go mór chun sonraí agus doiciméid a chumhdaítear leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a chomhroinnt. Dá bhrí sin, beidh sé níos éasca do dhaoine staidéar a dhéanamh, aistriú, dul ag obair, dul ar scor agus do ghnólachtaí agus fiontair bheaga agus mheánmhéide gnó a dhéanamh ar fud an Aontais. Déanfaidh an córas údaráis phoiblí ar fud an Aontais a nascadh le chéile ionas go mbeidh siad in ann na doiciméid agus na sonraí oifigiúla is gá le haghaidh na nósanna imeachta riaracháin sin a mhalartú arna iarraidh sin do shaoránaigh nó do chuideachtaí.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·Tacú le seirbhísí riaracháin ar líne atá inrochtana go hiomlán a sholáthar trí úsáid a bhaint as an Tairseach Aonair Dhigiteach, an tionscnamh r-Rialtais chun an riarachán poiblí a dhigitiú agus malartú uathoibríoch fianaise a bhainistítear leis an gCóras Teicniúil Aonuaire agus barántúlacht fianaise a fhíorú trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh
. Leanfaidh sé d’idiroibriú Spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a éascú agus malartú leictreonach faisnéise idir riaracháin phoiblí thar theorainneacha a chur chun cinn a thuilleadh, arna chumasú ag Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus ag Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta. [ó Ráithe 4 2023]
·Uirlisí a fhorbairt le haghaidh idir-inoibritheacht mhéadaithe agus chun seirbhísí gan uaim a sholáthar, go háirithe d’fhéadfadh sé Lárionad Tacaíochta um Eoraip Idir-inoibritheach a bhunú, lena dtacófaí le riaracháin phoiblí measúnuithe idir-inoibritheachta a chur ar bun agus an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta a chur chun cinn, chomh maith lena speisialtóireacht, amhail an ceann do chathracha agus pobail chliste. [ó Ráithe 1 2024]
·Forléargas a fhoilsiú ar na deiseanna cistiúcháin le haghaidh claochlú digiteach riarachán poiblí agus na sineirgí atá eatarthu. [ó Ráithe 4 2024]
·Tacú le cónascadh néalacmhainneachtaí sna riaracháin phoiblí chun a mbonn teicneolaíoch a chothú agus chun feabhas a chur ar a soláthar seirbhísí poiblí. Chuige sin, soláthróidh an Coimisiún ardán meánearraí cliste foinse oscailte, foilseoidh sé treoir maidir le soláthar poiblí néalseirbhísí agus cothóidh sé idirnascadh agus idir-inoibritheacht néalseirbhísí riaracháin phoiblí. [ó Ráithe 4 2024]
Moltar do na Ballstáit leas a bhaint as deiseanna chun tacú lena gclaochlú digiteach, amhail an ionstraim tacaíochta teicniúla agus sásraí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, chomh maith le hoiliúint agus uirlisí spriocdhírithe. Is féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí an Choimisiúin malartú leictreonach sonraí a éascú idir riaracháin phoiblí thar theorainneacha agus a n-idir-inoibritheacht a fheabhsú. Is féidir leo leas a bhaint freisin as tacaíocht an Choimisiúin chun a gcórais cheartais a dhigitiú trí reachtaíocht, trí mhaoiniú, trí uirlisí TF a fhorbairt agus trí ionstraimí náisiúnta comhordúcháin agus faireacháin a chur chun cinn.
Colún 3. An acmhainneacht an t-aistriú glas a stiúradh
Tá gealltanas tugtha ag an Aontas a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 agus borradh a chur faoi úsáid éifeachtúil acmhainní, agus ceartas sóisialta agus cuimsitheacht á n-áirithiú ag an am céanna. Garsprioc ríthábhachtach is ea dícharbónú tapa an táirgthe leictreachais agus na húsáide fuinnimh, agus ní mór é sin a chomhlánú le hathruithe níos doimhne in earnálacha amhail earnáil na tógála, earnáil an iompair, earnáil na tráchtála, earnáil na talmhaíochta, bainistiú dramhaíola agus bainistiú uisce. Tá cathracha ríthábhachtach chun na spriocanna aeráide a bhaint amach toisc gurb iad a ghineann 70-80 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus gurb iontu a bhfuil cónaí ar 80 % de dhaonra an Aontais. De dheasca an athraithe aeráide, ní mór borradh a chur faoi athléimneacht an bhonneagair, chomh maith leis an acmhainneacht dul i ngleic le dúshláin amhail adhaimsir, tubaistí nádúrtha rialta, ganntanais uisce, etc. Meastar go mbeidh tionchar diúltach acu sin ar an mbithéagsúlacht, agus go mbeidh éifeachtaí móra acu ar an gcomhshaol, agus dá réir sin ar tháirgeadh bia agus linnte carbóin.
Tá ról lárnach ag riaracháin phoiblí maidir leis na dálaí a mhúnlú do gheilleagair agus do shochaithe chun spriocanna uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach agus ba cheart dóibh dea-shampla a thabhairt. Ní mór dóibh an t-aistriú glas a phríomhshruthú i ngach réimse beartais agus ar gach leibhéal rialachais, bunaithe ar phleanáil chomhtháite, ar mheastóireachtaí láidre agus ar mheasúnuithe tionchair, agus ar chomhairliúcháin leathana chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár. Ní mór dóibh an t-airgeadas poiblí a oiriúnú chun tacú leis an aistriú glas agus leis an gcothroime shóisialta trí bheartais chánach iomchuí, soláthar poiblí glas, maoiniú inbhuanaithe, agus infheistíochtaí lena n-urramaítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Ba cheart dóibh comhtháthú córasach beart a chur chun cinn chun tacú le héiceachórais shláintiúla, le bonneagar glas, agus le réitigh dhúlra-bhunaithe i gcinntí poiblí agus príobháideacha. Ní mór dóibh acmhainneacht leordhóthanach a áirithiú le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí glasa ar gach leibhéal rialtais.
Cuirfear na gníomhaíochtaí faoin gcolún seo chun feidhme tríd an ionstraim tacaíochta teicniúla go príomha.
7. An t-aistriú glas a mhúnlú
Tá iarrachtaí leanúnacha déanta ag an gCoimisiún creat cuimsitheach a fhorbairt chun maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil agus éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach san Aontas. Mar shampla, cuireann an Coimisiún, in éineacht leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, cúnamh teicniúil ar fáil do na Ballstáit maidir le measúnuithe ex post ar bheartais agus ar bhearta, agus maidir le tuairisciú agus faireachán ar astaíochtaí. Tacaíonn an Coimisiún le hullmhú na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus straitéisí fadtéarmacha, cur chun feidhme an aistrithe chóir, buiséadú glas agus prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Cuireann sé leis an gcumas dea-chleachtais beartas agus beart a shainaithint agus a chomhroinnt agus idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh a chur ar bun.
Ní mór do riaracháin phoiblí a áirithiú go gcuirfear athruithe claochlaitheacha sna córais fuinnimh chun feidhme go héifeachtach. Thairis sin, i bhfianaise na mbagairtí atá ag teacht chun cinn maidir le slándáil agus athléimneacht na mbonneagar criticiúil fuinnimh, tá acmhainneacht leordhóthanach freagartha éigeandála de dhíth orthu. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart dóibh feabhas a chur ar a gcomhar, go háirithe trí fheabhas a chur ar chomhroinnt eolais agus dea-chleachtas, trí anailís ar idirthuilleamaíochtaí trasearnála agus trasteorann a éascú agus trí chleachtaí tástála a dhéanamh. Ar bhonn níos forleithne, ní mór dóibh dlús a chur leis na hathchóirithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, ar an tsoghluaisteacht, ar an ngeilleagar ciorclach, ar an mbithéagsúlacht agus ar réitigh dhúlra-bhunaithe, ar bhainistiú dramhaíola agus uisce, ar cháilíocht an aeir, ar mheasúnuithe riosca aeráide agus ar fhorbairt cásanna, ar úsáid talún agus ar fhoraoiseacht.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·Tacú leis na Ballstáit a straitéisí agus a bpleananna náisiúnta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a thabhairt cothrom le dáta, i gcomhréir leis na treoirlínte, chomh maith le hoibleagáidí nua a chomhlíonadh, amhail iad siúd a eascraíonn as athmhúnlú na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. [ó Ráithe 1 2024]
·Cur chun feidhme an phrionsabail ‘gan dochar a dhéanamh’ a chur chun cinn, lena n-áirítear glacadh le treoraíocht maidir le díonadh aeráide agus treoraíocht eile atá ábhartha don chomhshaol. Cuideoidh sé sin le hacmhainneacht agus uirlisí a fhorbairt le haghaidh buiséadú poiblí glas, infheistíochtaí poiblí agus soláthar glas a ghlasú (mar shampla, trí úsáid cineálacha cur chuige a neartú lena léirítear costais agus tairbhí fadtéarmacha sochaíocha agus comhshaoil, lena n-áirítear luachanna an chaipitil nádúrtha, agus critéir éifeachtúlachta fuinnimh). [ó Ráithe 1 2024]
·Uirlisí agus modhanna maidir le measúnuithe riosca aeráide agus cosc rioscaí a chur chun cinn, amhail measúnuithe riosca a bhaineann go sonrach le hearnáil nó le beartas (an Measúnú Riosca Náisiúnta um Bainistiú Tubaistí faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta; measúnuithe macra-airgeadais) agus measúnuithe riosca áitiúla (mar atá sa Bhosca uirlisí um oiriúnú don athrú aeráide). [ó Ráithe 1 2024]
·Tacú leis na Ballstáit acmhainneachtaí a fhorbairt chun bearta athchóirithe éiceachórais agus réitigh dhúlra-bhunaithe a phleanáil, a dhearadh agus a chur chun feidhme, mar bhearta costéifeachtacha atá dearfach ó thaobh an chomhshaoil de chun seirbhísí riachtanacha éiceachórais a chothabháil. [ó Ráithe 2 2024]
·Leas a bhaint as an Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil chun na bunchúiseanna atá le cur chun feidhme neamhéifeachtúil na reachtaíochta agus na mbeartas comhshaoil ag na Ballstáit a shainaithint d’fhonn bearta tacaíochta a cheapadh chun rialachas comhshaoil a fheabhsú. [ó Ráithe 2 2025]
8. Glasú an riaracháin phoiblí a chur chun cinn
Chomh maith leis an aistriú glas a mhúnlú, ba cheart do riaracháin phoiblí ar gach leibhéal dea-shampla a thabhairt, trína mbainistíocht eagraíochtúil féin a oiriúnú agus feasacht na foirne maidir le glasú a chur chun cinn. Is féidir a áireamh ar ghlasú an riaracháin phoiblí cleachtais le haghaidh úsáid inbhuanaithe acmhainní agus bainistiú sócmhainní, lena n-áirítear foirgnimh agus spásanna oibre atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, íoschaighdeáin saolré maidir le trealamh TF agus trealamh eile a úsáid, athchúrsáil, soláthar glas, astaíochtaí carbóin dílse a laghdú agus fuinneamh in-athnuaite a úsáid. Tacaíonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Beartas Comhtháthaithe go forleathan le hathchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh riaracháin phoiblí agus áiríodh i roinnt Ballstát bearta maidir lena bhflíteanna a ghlasú agus bealaí solúbtha oibre a chur chun cinn do státseirbhísigh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.
I gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, le bunphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh
, ní mór réitigh éifeachtúlachta fuinnimh a chur san áireamh i gcinntí maidir le pleanáil, beartas agus infheistíocht san earnáil fuinnimh agus san earnáil neamhfhuinnimh, mar shampla. Le cur i bhfeidhm na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, leagtar síos spriocanna le haghaidh laghdú bliantúil ar thomhaltas fuinnimh do gach riarachán poiblí, d’athchóiriú foirgneamh poiblí, agus do cheanglais éifeachtúlachta fuinnimh agus acmhainní sa soláthar poiblí.
Thairis sin, is féidir le cleachtais trádáil chóir agus bia inbhuanaithe a chur chun cinn, agus rannpháirtíocht i dtionscadail lena gcuirtear an bhithéagsúlacht agus an inbhuanaitheacht chun cinn i gcomhthéacsanna uirbeacha agus neamhuirbeacha; agus iompar a bhfostaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a spreagadh (e.g., agus iad ag taisteal i gcomaitéireacht nó ag taisteal ar mhaithe le cúrsaí gnó).
Scéim an Aontais um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS)
Bhunaigh an Coimisiún an scéim seo chun cabhrú le heagraíochtaí feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil trí fhuinneamh agus acmhainní eile a choigilt, agus ag an am céanna díriú ar chomhlíonadh dlí agus rannpháirtíocht foirne a chur chun cinn. Cuireann sé modh ar fáil chun meastóireacht agus laghdú a dhéanamh ar a dtionchar ar an gcomhshaol agus ar chóras rialachais ina ndéantar fíorú neamhspleách tríú páirtí ar mhaithe le hinchreidteacht níos fearr. Tá gealltanas tugtha cheana féin ag 286 riarachán poiblí ar fud na hEorpa a lorg comhshaoil a laghdú agus tá siad cláraithe sa scéim.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·Tuilleadh treorach a fhorbairt maidir le húsáid Scéim an Aontais um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil, chun dlús a chur le laghdú lorg comhshaoil eagraíochtaí, agus chun tacú le riaracháin phoiblí an scéim a ghlacadh. [ó Ráithe 4 2023]
·Cur in úsáid modheolaíochtaí a chur chun cinn agus tacú leo chun measúnú a dhéanamh ar lorg carbóin eagraíochtúil; malartú dea-chleachtas maidir leis an aistriú éiceolaíoch a éascú. [ó Ráithe 2 2024]
·Rochtain ar thacaíocht theicniúil agus ar threoir le haghaidh dícharbónú a éascú agus inbhuanaitheacht fhoriomlán foirgneamh a fheabhsú, chomh maith le téamh éifeachtúil i riaracháin phoiblí, go háirithe ar an leibhéal áitiúil. [ó Ráithe 2 2024]
An bealach chun cinn
Le ComPAct, cuirtear chun cinn gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme de réir a chéile, go príomha tríd an ionstraim tacaíochta teicniúla agus trí shásraí cistiúcháin eile de chuid an Aontais d’fhonn comhroinnt eolais idir riaracháin phoiblí ar fud na hEorpa a chur chun cinn agus glacadh prionsabal atá i gcroílár lánpháirtiú na hEorpa a éascú. Tuairisceoidh an Coimisiún maidir le cur chun feidhme an chomhshocraithe faoi cheanglais tuairiscithe na hionstraime tacaíochta teicniúla. Beidh na ceachtanna a foghlaimíodh ina dtreoir ag an gCoimisiún maidir le díriú ar uirlisí níos fearr fós de chuid an Aontais chun tacú le riaracháin phoiblí amach anseo.
Is féidir leis na Ballstáit a bheith rannpháirteach sa chomhshocrú ar a luas féin agus de réir a riachtanas agus a suíomhanna institiúideacha féin. Féadfaidh siad rogha a dhéanamh as na gníomhaíochtaí a chuirtear ar aghaidh le ComPAct, atá faoi thionchar an éilimh. Cuideoidh na huirlisí, na modheolaíochtaí, an tacaíocht piaraí, an taithí agus na malartuithe cleachtais a chuirtear chun cinn leis na riaracháin phoiblí foghlaim, nuáil agus feabhas a chur ar chleachtas agus ar fheidhmíocht.
Cuirfidh ComPAct le cineálacha eile comhair atá ann cheana féin i measc Bhallstáit an Aontais, amhail an Líonra Eorpach um Riarachán Poiblí (EUPAN), Líonra Stiúrthóirí na nInstitiúidí agus Scoileanna an Riaracháin Phoiblí (DISPA), agus i bhfóraim idirnáisiúnta agus idir líonraí saineolaithe.
Ní bheidh ComPAct in ann leas iomlán a bhaint as a acmhainneacht ach amháin trí rannpháirtíocht láidir gníomhaithe agus páirtithe leasmhara uile an Spáis Riaracháin Eorpaigh. Chun ComPAct a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún idirghníomhú le húdaráis sna Ballstáit a bhainistíonn forbairt an riaracháin phoiblí ar leibhéil éagsúla, le hinstitiúidí a chuireann oiliúint ar fáil, le heintitis eile de réir mar is iomchuí, agus le páirtithe leasmhara amhail na comhpháirtithe sóisialta, an saol acadúil agus saineolaithe. Beidh an rannpháirtíocht leanúnach sin ríthábhachtach freisin chun téamaí ábhartha agus gníomhaíochtaí a dhéanfar amach anseo a shainaithint inar féidir breisluach a bheith ag baint le tacaíocht ón Aontas do riaracháin phoiblí. Leanfaidh Sainghrúpa an Choimisiúin um Riarachán Poiblí agus um Rialachas de bheith ina phríomhardán don idirphlé. Tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí rannchuidiú leis an idirphlé polaitiúil ag na cruinnithe aireachta a eagraítear faoi Uachtaránachtaí an Aontais. Beidh rannpháirtíocht ghníomhach na mBallstát agus a dtoilteanas treisithe a dtaithí maidir le hathchóiriú ar an riarachán poiblí a roinnt, foghlaim ó Bhallstáit eile agus tacaíocht a thabhairt dóibh, beidh an méid sin cinniúnach chun spriocanna agus uaillmhian an chomhshocraithe a bhaint amach.