An Bhruiséil,24.10.2023

COM(2023) 657 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le Cur Chun Feidhme Threoir 2009/31/CE maidir le Stóráil Gheolaíoch Dé-ocsaíde Carbóin


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le Cur Chun Feidhme Threoir 2009/31/CE maidir le Stóráil Gheolaíoch Dé-ocsaíde Carbóin

1.RÉAMHRÁ

Le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin 1 (an Treoir maidir le Gabháil agus Stóráil Carbóin, nó Treoir CCS), bunaítear creat dlíthiúil maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin (CO2) atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de. Is é is aidhm do Threoir CCS a áirithiú nach ann d’aon riosca mór sceite CO2 ná damáiste don tsláinte ná don chomhshaol, agus aon éifeacht dhíobhálach ar shlándáil an líonra iompair nó na láithreán stórála a chosc.

Cuimsítear sa tuarascáil seo an ceathrú tuarascáil cur chun feidhme maidir le Treoir CCS agus cumhdaítear leis an tréimhse idir mí na Bealtaine 2019 agus mí Aibreáin 2023. Déantar anailís léi ar an dul chun cinn a rinneadh ó bhí an tríú tuarascáil ar chur chun feidhme ann 2 . Tá an tuarascáil bunaithe ar na tuarascálacha arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ag na Ballstáit agus arna gcur faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE ag Stáit CSTE LEE, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin 3 , i gcomhréir le hAirteagal 27 de Threoir CCS. Chuir 25 thír 4 tuarascálacha isteach in am chun iad a mheas sa tuarascáil seo.

2.SAINCHEISTEANNA SONRACHA CUR CHUN FEIDHME SNA BALLSTÁIT

2.1 An reachtaíocht náisiúnta cur chun feidhme a athrú, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta

Ó bhí an tríú tuarascáil ar chur chun feidhme ann, thuairiscigh an Bhulgáir, an Danmhairg, an Ghréig, an Fhrainc, an Liotuáin, an Ungáir, an Fhionlainn, an tSualainn agus an Íoslainn athruithe ar a reachtaíocht lena gcuirtear Treoir CCS chun feidhme. Áirítear ar na hathruithe sin limistéir stórála a oscailt, nósanna imeachta ceadaithe a bhunú agus údaráis inniúla a ainmniú.

Tar éis don Íoslainn tionscadail taiscéalaíochta agus taighde a cheadú ó bhí 2015 ann, cheadaigh sí stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin (CO2) ar scála tionsclaíoch ar a críoch ó bhí 2021 ann. Leag an Ungáir síos rialacha mionsonraithe maidir le struchtúir gheolaíocha atá oiriúnach do stóráil dé-ocsaíde carbóin.

Bhunaigh an Danmhairg reachtaíocht chun limistéir áirithe a oscailt do dheonú leanúnach ceadanna le haghaidh taiscéalaíocht agus stóráil dé-ocsaíde carbóin, lena n‑ainmnítear an t‑údarás náisiúnta ceadaithe agus lena gcumasaítear rannpháirtíocht an stáit i ngach cead stórála. D’ainmnigh an Ghréig an t‑údarás inniúil agus bhunaigh sí nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil na cearta atá ann cheana acu maidir le taiscéalaíocht agus táirgeadh sna limistéir ábhartha.

Rinne an Fhrainc na nósanna imeachta le haghaidh na measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol is gá a shonrú agus a shimpliú i gcomhthéacs ceadanna taiscéalaíochta nó stórála. Tugann an Fhionlainn tús áite do thionscadail CCS maidir le ceadú comhshaoil. Thug an Bhulgáir agus an tSualainn soiléiriú ar an gcaoi a gcuireann siad chun feidhme na ceanglais iardhúnta a leagtar amach sa Treoir. Tá athbhreithnithe breise ar reachtaíocht cur chun feidhme ar siúl sa Bheilg agus san Íoslainn.

Ceadaítear stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin tráth an tuairiscithe sna Ballstáit uile, san Íoslainn, san Iorua, cé is moite den Ghearmáin, den Eastóin, d’Éirinn 5 , den Chipir, den Laitvia 6 , den Ostair, den Fhionlainn agus den tSlóivéin. Tá toirmeasc ar stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin sa Liotuáin ó bhí mhí Iúil 2020 ann.

2.2 Ceadanna taiscéalaíochta agus ceadanna stórála

a) Próiseas/iarratas ceadaithe

Rinne an Danmhairg, an Fhrainc, an Ungáir, an Ísiltír agus an Iorua próisis a bhunú trínar féidir le hiarratasóirí ar cheadanna stórála plé leis an údarás inniúil ceadaithe. Iarrann na Ballstáit ar iarratasóirí ionchasacha teagmháil agus plé a dhéanamh leis na húdaráis chun faisnéis agus comhairle a fháil. Tá sé beartaithe ag Málta plé réamhghníomhach a dhéanamh le hiarratasóirí féideartha amach anseo. Tá dul chun cinn á dhéanamh ag an bPortaingéil faoi láthair ar phróisis um iarratais ar cheadanna a bheidh ann amach anseo. Déantar foráil i ndlí na hÍoslainne maidir leis an rogha réamhchomhairliúchán mar chuid den mheasúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol. Le dlí na hIorua cuirtear d’oibleagáid ar údaráis na hIorua treoraíocht a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann.

b) Ceadanna stórála

Ó bhí an tríú tuarascáil ar chur chun feidhme ann, is í an Ísiltír an t‑aon tír tuairiscithe a d’eisigh ceadanna stórála. Eisíodh dhá chead in 2021 agus 2022, mar chuid de thionscadal Porthos, lena stórálfar CO2 i ngáscheantar ídithe sa Mhuir Thuaidh.

c) Ceadanna taiscéalaíochta

Ó bhí an tuarascáil ar chur chun feidhme deiridh ann, rinne an Danmhairg a céad phróiseas tairisceana le haghaidh ceadúnais amach ón gcósta chun CO2 a thaiscéaladh agus a stóráil ar scála iomlán i réimsí sonracha ar scairbh ilchríochach na Danmhairge. Bhronn an Danmhairg trí chead taiscéalaíochta amach ón gcósta.

D’eisigh an Ghréig cead taiscéalaíochta amháin le haghaidh stóráil CO2 chun taiscéaladh a dhéanamh ar an acmhainneacht stórála ag coimpléasc Prinos, i gcás ina bhfuil na cearta chun taiscéalaíochta agus táirgthe ola agus gáis ag sealbhóir an cheada faoi láthair.

Bhronn an Iorua trí chead taiscéalaíochta in 2022, dhá cheann maidir le limistéir sa Mhuir Thuaidh agus ceann maidir le limistéar i Muir Barents. Bhronn an Iorua dhá chead taiscéalaíochta eile sa Mhuir Thuaidh in 2023.

Níor bhronn na stáit thuairiscithe eile aon chead taiscéalaíochta sa tréimhse tuairiscithe agus níor thuairiscigh siad iarratais chomhdaithe.

d) Pleananna na n‑oibreoirí um iarratas a dhéanamh ar cheadanna stórála

Thug an Ísiltír fógra don Choimisiún Eorpach maidir le trí iarratas ar stóráil le haghaidh limistéir amach ón gcósta, is é sin K14-FA ó Shell International Exploration agus Production B.V. agus Shell Gas & Power Developments B.V., le haghaidh P18-6 ó TAQA Offshore B.V. agus EBN CCS B.V., agus L04-A ó TotalEnergies EP Nederland B.V..

Tugann an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua fógra maidir le hiarratais stórála d’Údarás Faireacháin CSTE (ÚME). Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ag ÚME ar iarratas ar chead stórála ón Íoslainn agus iarratas ón Iorua. Measann an Íoslainn go bhfaighidh sí iarratas eile go luath in 2024.

Measann na Ballstáit seo a leanas go bhfaighidh siad roinnt iarratas ar cheadanna stórála in 2023 agus sa chéad leath de 2024: An Ísiltír (2-3), an Ghréig (1), agus an Rómáin (1).

Measann an Danmhairg agus an Fhrainc go bhfaighidh siad tuilleadh iarratas sna blianta amach romhainn, luath in 2024 i gcás na Fraince agus faoi 2028 i gcás na Danmhairge, ag brath ar dhul chun cinn na dtionscadal atá ag dul ar aghaidh faoi láthair.

2.3 Limistéir a roghnú le haghaidh láithreáin stórála

Tuairiscíonn cúig Bhallstát go ndearna siad cinneadh maidir le limistéir óna bhféadfar láithreáin stórála a roghnú. Luaigh an Fhrainc agus an Spáinn a gcríoch iomlán mar láithreáin stórála fhéideartha. Níor luaigh an Ungáir, an Rómáin agus an Íoslainn aon teorainn shonrach ina limistéir, agus eisiann an Ísiltír limistéir ar tír. D’ainmnigh an Danmhairg limistéir shonracha le haghaidh stóráil gheolaíoch CO2 fhéideartha agus tá measúnú á dhéanamh aici faoi láthair chun suas le hocht láithreán stórála breise a roghnú. Tráth an tuairiscithe, bhí an tSualainn i mbun láithreáin stórála fhéideartha shonracha a imscrúdú agus a shainiú freisin. Cuireann an Pholainn in iúl gur shainigh sí limistéir stórála in 2014 agus nár shainigh sí aon cheann nua ó shin i leith.

Tá sé beartaithe ag an nGréig na limistéir bhreise a chinneadh óna bhféadfar láithreáin stórála a roghnú agus tá na staidéir gheolaíocha faoi seach á ndéanamh aici faoi láthair. Tráth an tuairiscithe, bhí an Pholainn, an Phortaingéil agus an tSlóivéin ag céimeanna éagsúla maidir le láithreáin stórála bhreise a imscrúdú agus a shainiú. Cuireann an tSeicia in iúl go mbeadh uiscígh sailíne, agus gáscheantair agus olacheantair atá ídithe go páirteach ar fáil mar láithreáin stórála, ach nach mbeadh ach acmhainneacht theoranta i gceist leo.

I measc na dtíortha a bhfuil sé beartaithe acu limistéir stórála bhreise a chinneadh, tugann deich gcinn díobh tús áite d’fhéidearthachtaí sonracha geolaíocha, is é sin, uiscígh sailíne (CZ, DK, EL, HU, PL, PT, SE, NO), ceantair hídreacarbóin ídithe (CZ, EL, PL, RO) nó foirmíochtaí carraige mafaí (EL, PT, IS).

Níl ach an Ísiltír agus an Rómáin ina dtíortha tuairiscithe nach bhfuil gá iontu le cead taiscéalaíochta i limistéir stórála chun an fhaisnéis is gá a ghiniúint chun láithreáin stórála a roghnú. Baineann sé sin le stóráil CO2 in olacheantair nó i ngáscheantair ídithe, nach n‑éilíonn gníomhaíochtaí taiscéalaíochta nua toisc go meastar go bhfuil an fhaisnéis atá ann cheana leordhóthanach. Sna tíortha tuairiscithe uile eile, is gá ceadanna taiscéalaíochta a bheith ag na cuideachtaí uile chun an fhaisnéis fho-ithreach is gá a ghiniúint.

Sé Bhallstát (an tSeicia, an Danmhairg, an Spáinn, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Rómáin) mar aon leis an Íoslainn, tuairiscíonn siad go bhfuil nó go mbeidh faisnéis ar fáil do shaoránaigh faoi na rioscaí comhshaoil agus/nó na rioscaí sláinte a bhaineann le stóráil gheolaíoch CO2. Cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil don phobal, mar aon leis na hiarratais faoi seach ar cheadanna, san Ísiltír agus sa Rómáin. In 2023 rinne an Fhrainc comhairliúchán poiblí maidir lena treoirlínte straitéiseacha tosaigh chun imscaradh teicneolaíochtaí Gabhála, Stórála agus Úsáide Carbóin (GÚSC) a threorú.

2.4 Rochtain chothrom agus oscailte tríú páirtí

Tráth an tuairiscithe, níl aon tír thuairiscithe ar an eolas faoi oibreoirí ionchasacha iompair agus/nó stórála a dhiúltaíonn rochtain ar a gcuid saoráidí ar bhonn easpa acmhainneachta. Mar sin féin, tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag roinnt tíortha tuairiscithe chun a áirithiú go mbeidh úsáideoirí féideartha in ann rochtain chothrom agus oscailte a fháil ar líonraí iompair agus ar láithreáin stórála. Tá bearta reachtacha i bhfeidhm chun na críche sin sa Bheilg, sa Danmhairg, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, san Ísiltír, san Ostair, sa Pholainn, sa Phortaingéil, sa tSlóivéin, san Íoslainn agus san Iorua.

2.5 Comhar trasteorann

Suíomhanna na ndeiseanna stórála tosaigh CO2 agus na dtionscal dianfhuinnimh ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú agus ina bhféadfadh CO2 a ghabháil, níl siad le fáil go cothrom i measc na mBallstát agus thíortha LEE. Tá gá le comhar trasteorann a mhéid a bhaineann le láithreáin stórála agus/nó iompair CO2.

Thacaigh roinnt tíortha tuairiscithe le 18 niarratas san iomlán ar Thionscadail ar Mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (PCI) nó ar Thionscadail Leasa Choitinn (PMI) lena gcumhdaítear iompar trasteorann CO2, i gcomhréir le Rialachán GTE-F a athbhreithníodh 7 (BE, DK, DE, ES, FR, HR, LV, LT, HU, NL, PL, SE, NO).

Thuairiscigh an Bheilg agus an Danmhairg tionscadal trasteorann atá ar siúl ina ndéantar CO2 a ghabhtar sa Bheilg a iompar go dtí an Danmhairg lena stóráil. Thuairiscigh an Ísiltír ar Thionscadal Leasa Choitinn ARAMIS atá ar siúl, arb é is aidhm dó CO2 a allmhairiú lena stóráil san Ísiltír.

Tuairiscíonn an Bheilg roinnt tionscadal iompair agus stórála trasnáisiúnta atá ar siúl faoi láthair. Tá an Chróit agus an Ungáir ag ullmhú tionscadail i dtaca le CO2 a iompar lena stóráil sa Chróit. Thacaigh an Liotuáin (2) agus an Pholainn (1) le hiarratais ar thionscadail a mbronnfar an stádas a bhaineann le Tionscadail ar Mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne orthu. Cuideachtaí na Sualainne a bhfuil sé beartaithe acu CO2 a ghabháil, tá siad i dteagmháil leis na hoibreoirí stórála san Iorua agus sa Danmhairg. San Íoslainn, is é is aidhm do thionscadal Chríochfort Coda CO2 a ghabhtar a allmhairiú le haghaidh stóráil gheolaíoch agus tacaíonn Ciste Nuálaíochta CTA leis.

Tá trí Bhallstát atá ina bpáirtithe i bPrótacal idirnáisiúnta 1996 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Chosc ar Mhuir-Thruailliú trí Fhuíoll agus Ábhar eile a Dhumpáil, 1972 (‘Prótacal Londan’) – an Bheilg, an Danmhairg agus an Ísiltír – tar éis Meabhráin Tuisceana chomhpháirteacha maidir le hiompar trasteorann CO2 a shíniú eatarthu chun críche stórála geolaíche.

Tá na Meabhráin Tuisceana sin teoranta do shaincheisteanna iarmharacha nach gcumhdaítear le dlí an Aontais, amhail comhar idir na húdaráis cheadaithe fhreagracha. Is iad Treoir 2009/31 agus Treoir 2003/87 an creat dlíthiúil is infheidhme atá i bhfeidhm sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch maidir le gabháil, iompar trasteorann agus stóráil shábháilte gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin idir Ballstáit an Aontais agus an LEE.

Dá réir sin, baineann aon oibreoir líonraí iompair CO2 agus/nó láithreáin stórála CO2 tairbhe iomlán as creat dlíthiúil an Aontais chun CO2 a allmhairiú nó a onnmhairiú. Gníomhaíonn creat dlíthiúil an Aontais 8 a cuireadh chun feidhme mar an ‘socrú’ ábhartha idir na Páirtithe de réir bhrí Airteagal 6(2) de Phrótacal Londan, i bhfianaise an ailínithe shubstaintigh le ceanglais Phrótacal Londan 9 .

2.6 Cláir agus tionscadail taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta

Tá cláir nó pleananna náisiúnta oibríochtúla i bhfeidhm ag formhór na dtíortha tuairiscithe (BE, DK, DE, ES, FR, LT, NL, PT, RO, SI, FI SE, IS, NO) chun tacú le taighde, taisealbhadh agus úsáid gabhála agus stórála dé-ocsaíde carbóin. Níl formhór na gclár sin tiomnaithe go heisiach do ghabháil agus stóráil carbóin.

Tá bearta/cláir i bhfeidhm ag seacht dtír tuairiscithe chun tacaíocht airgeadais a thabhairt d’fhorbairt nó d’imscaradh CCS. Is iad na tíortha sin an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír, an tSlóivéin agus an Iorua. Tá sé beartaithe ag an nGréig agus ag an tSualainn tacaíocht den sórt sin a thabhairt.

Tá 16 Bhallstát (BE, DK, DE, EE, EL, ES, FR, LT, MT, NL, AT, PL, PT, RO, FI, SE) rannpháirteach i dtionscadail taighde náisiúnta nó Eorpacha atá ar siúl faoi láthair lena dtugtar aghaidh ar ábhair atá ábhartha chun an Treoir a chur chun feidhme, amhail ENCASE 10  (arna chistiú tríd an gclár Fís Eorpach), SHARP agus RETURN (arna mhaoiniú trí ACT ERA-NET (Accelerating CCS Technologies)) 11 , CCS4CEE 12 agus PilotSTRATEGY 13 . Is iad an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Liotuáin, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an Fhionlainn agus an tSualainn na Ballstáit a bhfuil baint acu le tionscadail den sórt.

Taobh amuigh de na tionscadail sin, tuairiscíonn deich mBallstát go bhfuil tuilleadh pleananna acu chun tacú le breithmheas na láithreán stórála CO2 , chun ullmhú do bhonneagar iompair CO2 nó do mhoil agus cnuasacha CO2 a bhunú. Is iad an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Liotuáin, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn agus an tSualainn na Ballstáit sin. Is ag céimeanna éagsúla forbartha atá na pleananna sin.

2.7 Ullmhacht i dtaca le gabháil CO2

De bhun Airteagal 9a de Threoir 2001/80/CE 14 , nuair a dhéanann oibreoir iarratas ar cheadúnas chun gléasra dócháin a bhfuil aschur leictreach rátaithe 300 meigeavata nó níos mó aige a rith, ní mór dó measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch a bhaineann le gabháil, iompar agus stóráil dé-ocsaíde carbóin. Má fhaightear toradh dearfach sa mheasúnú, ní mór áit sa suíomh suiteála a chur i leataobh don trealamh is gá chun CO2 a ghabháil agus a chomhbhrú.

Is ag an mBeilg, ag an nGearmáin agus ag an bPolainn amháin atá gléasraí dócháin a bhfuil aschur leictreach rátaithe 300 meigeavata nó níos mó acu a fuair cead ó bhí an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme ann. Tráth an tuairiscithe, bhí cúig cinn de ghléasraí den sórt sin á bpleanáil sa Bheilg, agus tá sé beartaithe le ceithre cinn díobh áit a chur i leataobh chun aisfheistiú féideartha a dhéanamh sa teicneolaíocht gabhála carbóin.

Tá ocht stáisiún cumhachta den sórt sin sa Pholainn, ceithre cinn díobh a bhí beartaithe nó á dtógáil tráth an tuairiscithe, agus ceithre cinn díobh a bhí i mbun oibríochta an tráth sin. Sna gléasraí uile sin cuireadh limistéar sonrach i leataobh nó tá sé beartaithe acu limistéar sonrach a chur i leataobh chun saoráidí gabhála CO2 a shuiteáil.

Sa Ghearmáin, fuair dhá stáisiún cumhachta den sórt sin cead ó bhí an tuarascáil deiridh ann. Tháinig na gléasraí i mbun oibríochta in 2020 agus 2022, faoi seach, agus cuireadh limistéir i leataobh sa dá cheann díobh chun saoráidí gabhála CO2 a aisfheistiú. Sa Liotuáin, fuair stáisiún cumhachta amháin den sórt sin cead ó bhí an tuarascáil deiridh ann.

2.8. Eile

Tugann an Coimisiún Eorpach tacaíocht airgeadais do thionscadail chun 4.6 milliún tona CO2 a ghabháil in aghaidh na bliana agus roghnaigh sé roinnt tionscadal, ar fiú 5.8 milliún tona CO2 breise iad, le haghaidh comhaontuithe deontais faoi Chiste Nuálaíochta CTA i dtaca le buanstóráil in LEE 15 . Ó bhí an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme ann, na tionscadail a bhfuil iarratas déanta acu ar Chiste Nuálaíochta CTA, tá sé beartaithe acu níos mó ná 20 milliún tona CO2 a ghabháil, rud a léiríonn a phráinní atá sé láithreáin stórála dé-ocsaíde carbóin a chur chun cinn agus an nideog atá ann na láithreáin stórála CO2 a chur chun cinn i gcomhréir le Treoir CCS sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

3.CONCLÚIDÍ

Cuireadh Treoir CCS i bhfeidhm i gceart le linn na tréimhse tuairiscithe i mBallstáit an Aontais a chuir tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin faoi dheireadh mhí Iúil 2023.

Ó bhí an tríú tuarascáil ar chur chun feidhme ann in 2019, tuairiscíodh go ndearnadh dul chun cinn mór maidir le himscaradh na láithreán stórála CO2, go háirithe, ach ní hamháin, i réigiún na Mara Thuaidh i bhfoirm ceadanna taiscéalaíochta a bronnadh (nó a bhronnfar go luath), ar céim thábhachtach iad i dtreo cead stórála a fháil.

Leanann Ballstáit an Aontais agus an Iorua de thacaíocht a thabhairt nó tá sé beartaithe acu tacaíocht a thabhairt go luath amach anseo, trína gcláir náisiúnta nó trína gcistí náisiúnta, trí ghníomhaíochtaí taighde agus taisealbhaidh maidir le gabháil agus stóráil dé-ocsaíde carbóin. Thairis sin, tá roinnt mhaith tíortha rannpháirteach i roinnt tionscadal taighde agus comhoibritheach san Eoraip. Tacaíonn an Coimisiún Eorpach le gabháil agus stóráil dé-ocsaíde carbóin in éineacht le Ciste Nuálaíochta CTA, lena n‑áirítear tionscadail iomlána slabhra luacha ina gcomhcheanglaítear gabháil, iompar agus stóráil.

(1)

Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, IO L 140, 5.6.2009, lgh. 114-135

(2)

COM(2019) 566, Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Cur Chun Feidhme Threoir 2009/31/CE maidir le Stóráil Gheolaíoch Dé-ocsaíde Carbóin

(3)

Sa tuarascáil atá le teacht ó Údarás Faireacháin CSTE faoi Threoir CCS le haghaidh Stáit CSTE LEE

(4)

An Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chipir, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua

(5)

Faisnéis atá bunaithe ar thuairisciú roimhe seo.

(6)

 Ibid.

(7)

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv%3AOJ.L_.2022.152.01.0045.01.ENG&toc=OJ%3AL%3A2022%3A152%3ATOC

(8)

Le conradh LEE agus ionchorprú an dá threoir lena mbaineann i gcóras dlí LEE, soláthraítear an socrú is gá le comhpháirtithe LEE.

(9)

Chun CO2 a iompar ó Bhallstát amháin go Ballstát eile laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tá sé de cheangal fós ar na Ballstáit atá ina bpáirtithe i bPrótacal Londan dearbhú foirmiúil a thaisceadh le Rúnaíocht Phrótacal Londan maidir le cur i bhfeidhm sealadach leasú 2009 ar Phrótacal Londan, fiú mura bhfuil aon saincheist bhreise le cumhdach. Dá bhrí sin, ní gá comhaontú ná socrú déthaobhach a shíniú.

(10)

https://cordis.europa.eu/project/id/101094664

(11)

http://www.act‑ccs.eu/

(12)

https://ccs4cee.eu/

(13)

https://pilotstrategy.eu/about‑the-project

(14)

Treoir 2001/80/CE an 23 Deireadh Fómhair 2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí truailleán áirithe san aer ó ollghléasraí dócháin a theorannú

(15)

https://climate.ec.europa.eu/eu-action/funding-climate-action/innovation‑fund/what‑innovation‑fund_en