AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.10.2023
COM(2023) 655 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Cáilíocht an bhreosla peitril agus díosail a úsáidtear don iompar ar bóthar san Aontas Eorpach
(Bliain tuairiscithe 2021)
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Cáilíocht an bhreosla peitril agus díosail a úsáidtear don iompar ar bóthar san Aontas Eorpach
(Bliain tuairiscithe 2021)
1.
Réamhrá
De bhun Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE
a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail (dá ngairtear feasta ‘An Treoir maidir le Cáilíocht Bhreosla’) agus Airteagal 5 de Threoir (AE) 2015/652 ón gComhairle lena leagtar síos modhanna áirimh agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE
, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil bhliantúil a thabhairt maidir leis an déine gás ceaptha teasa (GCT) a bhaineann leis na breoslaí agus leis an bhfuinneamh a sholáthraítear ina gcríoch. Bhí feidhm leis an oibleagáid tuairiscithe sin den chéad uair do bhliain tuairiscithe 2017, tar éis chur i bhfeidhm agus thrasuí Threoir (AE) 2015/652 ón gComhairle. Sa tuarascáil bhliantúil seo tá na sonraí a tuairiscíodh don bhliain 2021.
Thairis sin, de bhun Airteagal 8(3) de Threoir 98/70/CE ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a thabhairt maidir le sonraí náisiúnta cáilíochta breosla don bhliain féilire roimhe sin.
Sa tuarascáil bhliantúil seo tugtar achoimre ar an bhfaisnéis a sholáthair na Ballstáit i ndáil leis na ceanglais tuairiscithe thuasluaite. Tá sí bunaithe ar na sonraí a chuir na Ballstáit faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain 2021.
2.
Toirteanna agus déine gás ceaptha teasa ar feadh na saolré de chuid cineálacha breosla agus fuinnimh
In Airteagal 7a den Treoir maidir le Cáilíocht Bhreosla, i gcomhar le Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle, leagtar amach ceanglais tuairiscithe maidir leis na nithe seo a leanas:
·toirt iomlán gach cineáil breosla nó fuinnimh a sholáthraítear i gcomhair iompar ar bóthar agus innealra soghluaiste neamhbhóthair (lena n‑áirítear soithí uiscebhealaí intíre nuair nach mbíonn siad ar muir), tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, agus árthaí áineasa nuair nach mbíonn siad ar muir;
·astaíochtaí GCT ar feadh na saolré in aghaidh an aonaid fuinnimh, lena n‑áirítear meán-luachanna sealadacha na n‑astaíochtaí measta i dtaca le hathrú indíreach ar an talamhúsáid (ILUC) ó bhithbhreoslaí
;
·an bunábhar agus an chonair táirgeachta bithbhreoslaí a úsáidtear le haghaidh gach bithbhreosla a sholáthraítear i gcríocha na mBallstát.
Leis an Treoir maidir le Cáilíocht Bhreosla cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit a cheangal ar sholáthróirí breosla laghdú 6 % ar a laghad, faoin 31 Nollaig 2020, a chur ar dhéine GCT na mbreoslaí iompair ar feadh na saolré, i.e., astaíochtaí GCT ar feadh na saolré in aghaidh an aonaid fuinnimh ó bhreosla agus fuinneamh a sholáthraítear i gcomparáid leis an gcaighdeán bunlíne don bhreosla do 2010, is é sin 94,1 gCO2eq/MJ. Ní chuirtear san áireamh astaíochtaí GCT ILUC agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na sprice íosta laghdú 6 % a bhaint amach. Déantar foráil leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-Athnuaite (AE) 2018/2001
maidir le roinnt beart chun aghaidh a thabhairt ar ILUC lena n‑áirítear uasteorainn a chur le bithbhreoslaí bia-bhunaithe agus beatha-bhunaithe, trí bhíthin a ghnímh tharmligthe
lena leagtar amach critéir mhionsonraithe maidir le bunábhar lena mbaineann ardriosca ILUC atá le céimniú amach de réir a chéile faoi 2030 a chinneadh, agus na critéir maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena mbaineann riosca íseal ILUC a dheimhniú.
Sa bhliain 2021 sholáthair na 27 mBallstát uile, an Ríocht Aontaithe (lena gcumhdaítear Tuaisceart Éireann
), an Iorua agus an Íoslainn sonraí maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san fhormáid iomchuí. Tagraíonn na comparáidí idir na figiúirí comhiomlánaithe do AE-27 le haghaidh na mblianta tagartha uile.
2.1
Astaíochtaí gás ceaptha teasa agus an fad go dtí sprioc 2020
De réir na sonraí a soláthraíodh, 89 gCO2eq/MJ ab ea meándéine GCT na mbreoslaí agus an fhuinnimh a soláthraíodh sna 27 mBallstát a thuairiscigh in 2021, rud a thugann ann do choigilteas 60 Mt de choibhéis dé-ocsaíde carbóin (CO2eq) le linn na bliana 2021. Tá sé sin 5,5 % níos ísle ná bunlíne 2010, is é sin 94,1 gCO2eq/MJ (a chomhfhreagraíonn do leibhéal comhchosúil laghdaithe a bhain 27 mBallstát an Aontais amach in 2020), rud a chiallaíonn go bhfuil gá le laghdú breise 0,5 % ar dhéine GCT na mbreoslaí iontaise, na mbithbhreoslaí agus an fhuinnimh uile a sholáthraítear má táthar chun an sprioc laghdú 6 % a bhaint amach.
Sna sonraí a tuairiscíodh do 2021 léirítear go bhfuil éagsúlachtaí móra sa dul chun cinn a bhain soláthróirí breosla an Aontais amach ó Bhallstát go chéile. Bhain 13 Bhallstát (an Bheilg, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ísiltír, Lucsamburg, Málta, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSualainn agus an Ungáir) a gcuspóir amach ó thaobh laghdú 6 % a chur ar dhéine GCT na mbreoslaí iompair faoi 2020, i gcomparáid le 2010, is é sin dhá Bhallstát níos mó ná an bhliain roimhe sin (féach Fíor 1). An Fhionlainn agus an tSualainn a rinne an dul chun cinn is mó agus iad ag gnóthú méaduithe 6,0 agus 2,5 pointe céatadáin idir 2020 agus 2021, in aghaidh bhunlíne 2010, agus an Phortaingéil ina dhiaidh sin le 1,4 pointe céatadáin. Mar sin féin, rinne formhór na mBallstát dul chun cinn an-bheag, i.e. faoi bhun 1,0 pointe céatadáin (11 Bhallstát), nó d’fhan siad ar an leibhéal céanna (6 Bhallstát) nó rinne siad dul chun cinn diúltach fiú (7 mBallstát).
I dtéarmaí an fhaid atá fágtha go dtí an sprioc, tá an Pholainn, le laghdú 5,3 %, gar go maith don sprioc laghdú 6 % a bhaint amach, agus bhain an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an Fhrainc, an Liotuáin agus an Ghréig laghduithe amach sa réimse idir 4 % agus 5 %. Ar deireadh, i seacht gcinn de Bhallstáit (an Spáinn, an Ostair, an Iodáil, Éire, an Laitvia, an Bhulgáir agus an Chróit) is ísle ná 4 % i gcónaí an laghdú ar dhéine GCT. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil i dTuarascáil Theicniúil EEA Uimh. 2023/03 maidir le ‘Greenhouse gas intensities of transport fuels in the EU in 2021’ [Déine gás ceaptha teasa na mbreoslaí iompair san Aontas in 2021]
.
Fíor 1: Na laghduithe ar dhéine GCT na mbreoslaí arna mbaint amach ag soláthróirí breosla sna Ballstáit sna tréimhsí 2010-2020 agus 2010-2021 (Foinse: EEA)
Thairis sin, in 2021, rinne 15 Bhallstát (an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Ungáir) laghduithe ar astaíochtaí réamhtheachtacha (UER)
a thuairisciú a bhí ina rannchuidiú idir 0,1 agus 2,7 pointe céatadáin leis an laghdú foriomlán ar astaíochtaí GCT a baineadh amach sna Ballstáit sin. Mar thoradh air sin, 4 795 kt Co2eq ab ea an UER iomlán a tuairiscíodh in 2021 rud a thug ann do laghdú breise 0,4 pointe céatadáin ar dhéine GCT na mbreoslaí ó 5,1 % go 5,5 % (féach Tábla 5 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil). Ní mór don soláthróir cainníochtú agus tuairisciú a dhéanamh ar an UER a éilítear i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/652 ón gComhairle. Is féidir faisnéis níos mionsonraithe a fháil i nóta treorach maidir le cur chuige i leith cainníochtú, faireachán agus tuairisciú UERanna
.
Agus astaíochtaí ILUC á gcur san áireamh
, bhí meándéine GCT na mbreoslaí a soláthraíodh in 2021 san Aontas 3,7 % níos ísle ná mar a bhí in 2010. Comhfhreagraíonn sé sin do choigilteas 40 Mt CO2eq le linn na bliana 2021. De réir Airteagal 7d de Threoir 98/70/CE lena leagtar síos áireamh na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhithbhreoslaí ar feadh na saolré, ní chuirtear san áireamh astaíochtaí ILUC chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na sprice íosta laghdú 6 % a bhaint amach.
Beidh gá le tuilleadh gníomhaíochta chun an breosla a úsáidtear in earnáil an iompair a dhícharbónú agus chun rannchuidiú leis an uaillmhian aeráide mhéadaithe, mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa phacáiste reachtach dar teideal ‘Oiriúnach do 55’ a lean é arna mholadh ag an gCoimisiún an 14 Iúil 2021. Bhain an chuid is mó de na tograí reachtacha comhaontú polaitiúil amach agus is gearr go nglacfar iad nó glacadh iad cheana. Leis an gcomhaontú polaitiúil ar thángthas air maidir leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-Athnuaite, cuirtear go mór leis an uaillmhian fhoriomlán maidir le breoslaí iompair agus iompróirí fuinnimh a dhícharbónú. Beidh ar na Ballstáit a ndéine gás ceaptha teasa a laghdú 14,5 % ar a laghad i gcomparáid le bonnlíne 2010 nó sciar 29 % nó ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite a bheith acu laistigh den ídiú críochnaitheach fuinnimh in earnáil an iompair faoi 2030. Le sprioc nua iompair na Treorach maidir le Fuinneamh In-Athnuaite, chun an reachtaíocht a chuíchóiriú aisghairfear sprioc FQD laghdú 6 % a bhaint amach. Ina theannta sin, cuirfidh an Rialachán maidir le ‘ReFuelEU Aviation’ agus an Rialachán maidir le ‘FuelEU Maritime’ borradh faoi tháirgeadh agus glacadh na mbreoslaí inbhuanaithe malartacha in earnáil na heitlíochta agus earnáil na mara.
2.2
Soláthar breoslaí
Sa roinn seo tugtar achoimre ar na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit maidir leis na breoslaí iontaise, na bithbhreoslaí agus na breoslaí de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch uile a thagann faoi raon feidhme na Treorach maidir le Cáilíocht Bhreosla le haghaidh iompar ar bóthar agus innealra soghluaiste neamhbhóthair.
11 592 pheitigiúl (PJ) a bhí sa soláthar iomlán breoslaí a thuairiscigh na 27 mBallstát in 2021, ar mhéadú 10 % é i gcomparáid le 2020, mar thoradh ar théarnamh eacnamaíoch i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 den chuid is mó. Ba threise go mór fada i gcónaí méid na mbreoslaí iontaise (93,3 %) sa soláthar breoslaí, le méid na mbithbhreoslaí (6,7 %) ina dhiaidh sin, agus, ar deireadh, bhí sciar an-bheag leictreachais (0,03 %) (féach Roinn 2.4). In 2021 níor tuairiscíodh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch ar bith.
Lean an díosal de bheith chun cinn i soláthar breoslaí iontaise in 2021 (56,4 %; 6 543 PJ), le peitreal (22,7 %; 2 629 PJ) agus gás-ola (12,7 %; 1 472 PJ) ina dhiaidh sin. Bhí sciar comhcheangailte 1,4 % (165 PJ) ag gás peitriliam leachtaithe agus gás nádúrtha (féach Fíor 2).
Fíor 2: Sciartha soláthair fuinnimh breosla in aghaidh an chineáil breosla in 2021 (Foinse: EEA)
2.3
Ídiú bithbhreoslaí
Tháinig méadú de bheagán ar an ídiú iomlán bithbhreoslaí ó 723 PJ go 781 PJ idir 2020 agus 2021 sna 27 mBallstát. Lean an bithdhíosal de bheith chun cinn (eistear meitile aigéid shailligh, FAME), óna dtagann 60,8 % de mhéid iomlán an bhithbhreosla a ídítear (475 PJ), le hola glasraí hidreachóireáilte (HVO) (19,2 %; 150 PJ) agus bitheatánól (14,0 %; 109 PJ) ina dhiaidh sin. Bhí sciar 1,7 % (13 PJ) ag éitear búitileach treasach bith-eitileach (bith-ETBE) agus sciar 1,8 % (14 PJ) ag bithghás d’ídiú iomlán bithbhreoslaí. Sciar 2,6 % nó 20 PJ a bhí ag gach bithbhreosla eile (féach Fíor 3). Dá bhrí sin, déantar thart ar 80 % de na bithbhreoslaí uile a chumasc le breosla díosail. Is féidir teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe i dtaobh na mbithbhreoslaí agus na gconairí uile i dTuarascáil Theicniúil EEA Uimh. 2023/03.
Fíor 3: Sciartha soláthair fuinnimh bithbhreosla in aghaidh an chineáil breosla in 2021 (Foinse: EEA)
2.4
Ídiú leictreachais
Is ar bhonn deonach a thuairiscíonn soláthróirí breosla ídiú leictreachais agus rinne 11 Bhallstát (i gcomparáid le 15 in 2020) sonraí a thuairisciú maidir leis an leictreachas a ídíonn feithiclí leictreacha, lena n‑áirítear gluaisrothair (féach Tábla 1). Mhéadaigh an chainníocht iomlán leictreachais thuairiscithe arna hídiú ag feithiclí leictreacha go 9 859 593 GJ (gan an coigeartú ar éifeachtúlacht gléasra cumhachta a áireamh) ó 6 218 196 GJ in 2020, ar méadú thart ar 60 % é. D’fhéadfadh an méid leictreachais iarbhír a ídíonn feithiclí leictreacha sna Ballstáit éagsúla a bheith níos mó ó tharla nach bhfuil sé éigeantach ídiú leictreachais a thuairisciú faoi Airteagal 7a agus nach ndéanann roinnt mhaith Ballstát é a thuairisciú, d’ainneoin go rannchuideodh sé leis an sprioc laghdú 6 % a bhaint amach.
Tábla 1: Leictreachas arna ídiú ag feithiclí agus gluaisrothair leictreacha in 2021 mar rannchuidiú a thuairiscíonn soláthróirí breosla maidir lena sprioc laghdaithe GCT (Foinse: EEA)
An Ballstát
|
Cainníocht fuinnimh
|
Déine GCT
|
|
gan éifeachtúlacht gléasra cumhachta (GJ) a áireamh
|
lena n‑áirítear éifeachtúlacht gléasra cumhachta (GJ)
|
arna thuairisciú ag Ballstát (g CO2e/MJ)
|
arna thuairisciú ag Ballstát (g CO2e/kWh)
|
|
|
|
|
|
|
An Ostair
|
178 818
|
71 527
|
21,8
|
78
|
|
An tSeicia
|
2 234
|
893
|
177,0
|
637
|
|
An Eastóin
|
62 091
|
27 659
|
114,5
|
412
|
|
An Fhrainc
|
2 853 505
|
1 141 402
|
15,8
|
56,9
|
|
An Ghearmáin
|
4 989 600
|
1 995 840
|
147
|
529
|
|
An Ungáir
|
28 065
|
11 226
|
58,7
|
211
|
|
An Iodáil
|
310 951
|
124 380
|
110,3
|
397
|
|
An Ísiltír
|
1 236 277
|
494 511
|
133,4
|
480
|
|
An tSlóvaic
|
10 158
|
4 063
|
13,1
|
47
|
|
An tSlóivéin
|
4 116
|
1 646
|
90,7
|
327
|
|
An Spáinn
|
408
|
1 633
|
102,1
|
368
|
|
An tSualainn
|
10 158
|
4 063
|
13,1
|
47
|
|
Iomlán
|
9 859 593
|
4 052 598
|
|
|
|
3.
Forléargas ar shonraí cáilíochta breosla 2021 san Aontas
De réir Airteagal 8 den Treoir maidir le Cáilíocht Bhreosla, rinne na 27 mBallstát uile, an Iorua, agus an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, tuarascálacha a chur isteach maidir le sonraí náisiúnta cáilíochta breosla don bhliain 2021.
Sa roinn seo soláthraítear na sonraí i dtaobh díolacháin pheitril agus díosail, agus i dtaobh na mbith-chomhpháirteanna iontu, le haghaidh iompar ar bóthar a thuairiscigh na 27 mBallstát den Aontas. Ní áirítear sa roinn seo breoslaí iontaise eile, bithbhreoslaí ná breoslaí de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch eile, ná breoslaí a úsáidtear le haghaidh innealra soghluaiste neamhbhóthair ach oiread.
3.1
Peitreal agus díosal
D’fhan an sciar díosail ar leibhéal cobhsaí idir 2017 agus 2021, chun luach 72,6 % de na díolacháin iomlána a bhaint amach in 2021. Tháinig méadú 6,4 % ar an méid iomlán díosail a díoladh in 2021 nuair a chuirtear é i gcomparáid le 2020, mar thoradh is dócha ar an téarnamh eacnamaíoch i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 in 2020. Ar an gcaoi chéanna, tháinig méadú 9,7 % ar dhíolacháin pheitril in 2021 (féach Tábla 2).
Tábla 2: Díolacháin díosail agus pheitril i gcás AE-27 (ina milliúin lítear agus na sciartha díbh ar leith) sna blianta 2017 – 2021
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
Díolacháin breosla díosail
|
235 388 (73,3 %)
|
241 653 (73,3 %)
|
246 865 (73,0 %)
|
217 395 (73,2 %)
|
231 224 (72,6 %)
|
Díolacháin breosla peitril
|
85 911 (26,7 %)
|
87 994 (26,7 %)
|
90 917 (27,0 %)
|
79 659 (26,8 %)
|
87 385 (27,4 %)
|
Iomlán (díosal agus peitreal)
|
321 299
|
329 629
|
337 782
|
297 054
|
318 609
|
Is treise an t‑ídiú breosla díosail i mBallstáit uile an Aontais, seachas sa Chipir ina n‑úsáidtear cion 50 % peitril. I measc na dtíortha eile ina n‑ídítear leibhéal sách ard peitril tá an Ísiltír, an Ghréig agus an Fhionlainn ag a bhfuil sciartha comhfhreagracha 48 %, 46 % agus 38 % faoi seach, agus ag an bhfoirceann eile tá an Bhulgáir, an Laitvia agus an Liotuáin a bhfuil sciartha comhfhreagracha 18 %, 15 % agus 14 % faoi seach acu.
Ní raibh aon athrú mór ar dháileadh na ndíolachán peitril i dtéarmaí uimhreacha ochtáin taighde (RON) ghrád an pheitril idir 2020 agus 2021. Bhain tromlach na ndíolachán peitril in 2021 le breoslaí ina raibh grád peitril RON 95, agus is sciar é sin a mhéadaigh de bheagán i gcomparáid le 2020. Tháinig laghdú ar sciar na ndíolachán 95 < RON < 98, fad is gur fhan sciar na ndíolachán RON ≥ 98 mar an gcéanna i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (féach Tábla 3).
Tábla 3: Sciar na ndíolachán peitril in AE-27 de réir uimhreacha RON
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
RON 95
|
84,3 %
|
80,0 %
|
77,8 %
|
79,3 %
|
80,5 %
|
95 < RON < 98
|
8,5 %
|
14,9 %
|
16,7 %
|
14,3 %
|
13,1 %
|
RON ≥ 98
|
6,9 %
|
4,9 %
|
5,4 %
|
6,4 %
|
6,4 %
|
RON = 91
|
0,2 %
|
0,2 %
|
0,1 %
|
0,01 %
|
0,03 %
|
3.2
Cion bith-chomhpháirteanna
In 2021 margaíodh nach mór an peitreal agus an díosal uile a díoladh san Aontas mar ábhar ina bhfuil bith-chomhpháirteanna. As an bpeitreal uile a díoladh, bhí bith-chomhpháirteanna i gcion 99,7 % de
de réir an mhiondealaithe seo a leanas: Bhí suas le 5 % de chion eatánóil de réir toirte (E5) i 65,4 %, agus bhí suas le 10 % de chion eatánóil (E10) i 34,2 %, agus d’fhan an dá cheann ar thart ar an leibhéal céanna le 2020; Bhí cion níos mó ná 10 % eatánóil (E+
) i 0,4 % den pheitreal.
Bhí bith-chomhpháirteanna sa bhreosla díosail ar fad a díoladh in 2021, agus bhí 99,8 % de bhreosla díosail ina raibh suas le 7 % FAME (B7) agus 0,2 % ina raibh níos mó ná sin (B+)
. Tháinig laghdú ar sciar B+ in 2021 mar gheall ar ranníocaíocht níos ísle ón mBeilg agus ón bhFrainc (féach Tábla 4).
Tábla 4: Úsáid bith-chomhpháirteanna i mbreoslaí peitril agus díosail a díoladh in AE-27 sna blianta 2017-2021
Cineál breosla
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
Peitreal
|
E0
|
14,5 %
|
4,9 %
|
0,7 %
|
0,0 %
|
0,0 %
|
|
E5
|
66,7 %
|
81,5 %
|
73,3 %
|
65,7 %
|
65,4 %
|
|
E10
|
18,6 %
|
13,4 %
|
25,7 %
|
33,3 %
|
34,2 %
|
|
E+
|
0,1 %
|
0,2 %
|
0,4 %
|
1,0 %
|
0,4 %
|
Díosal
|
B0
|
0,0 %
|
0,0 %
|
0,0 %
|
0,0 %
|
0,0 %
|
|
B7
|
81,8 %
|
99,2 %
|
99,1 %
|
86,2 %
|
99,8 %
|
|
B+
|
16,2 %
|
0,8 %
|
0,8 %
|
13,8 %
|
0,2 %
|
3.3
Comhlíontacht breoslaí soladacha maidir le teorainneacha cáilíochta
Ar an iomlán san Aontas, tá ráta ard comhlíontachta maidir leis na teorainneacha cáilíochta breosla. Maidir le tromlach an-mhór na bpríomh-pharaiméadar breosla sna samplaí a glacadh in 2021, tuairiscíodh go raibh siad laistigh de na teorainneacha lamháltais.
D’fhíoraigh agus thuairiscigh Éire, an Ísiltír, an Liotuáin agus an tSualainn comhlíontacht iomlán i gcás an pheitril agus an díosail araon. D’fhíoraigh agus thuairiscigh ocht mBallstát comhlíontacht iomlán i gcás an pheitril (Éire, an Fhionlainn, an Ísiltír, an Liotuáin, Málta, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSualainn), agus naoi gcinn i gcás an díosail (an Chipir, an Chróit, Éire, an Ísiltír, an Liotuáin, Lucsamburg, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSualainn).
Thuairiscigh na Ballstáit 205 chás neamh-chomhlíontachta ar an iomlán i gcás an pheitril agus 77 gcinn i gcás an díosail, rud a chomhfhreagraíonn do sciartha 3,5 % agus 1,6 % faoi seach de líon iomlán na samplaí a glacadh in 2021. Maidir le peitreal, ba iad na paraiméadair ba choitianta lasmuigh de na sonraíochtaí sáruithe ar ghalbhrú an tsamhraidh (i 15 Bhallstát), ar an gcion aramatach (i 5 Bhallstát), ar an uimhir ochtáin taighde (RON), ar an uimhir ochtáin mhótair (MON) agus ar an gcion sulfair (i 4 Bhallstát le haghaidh na 3 pharaiméadar uile). I gcás an díosail, is iad na comh-pharaiméadair is coitianta a thit lasmuigh de na sonraíochtaí an cion sulfair agus an cion FAME (an dá pharaiméadar i sé cinn de Bhallstáit).
Thug na Ballstáit uile tuairisc ar na gníomhaíochtaí a rinneadh nuair a sainaithníodh samplaí neamh-chomhlíontacha. Ar áireamh sna gníomhaíochtaí sin bhí na húdaráis inniúla a chur ar an eolas, imscrúduithe a thionscnamh, pionóis agus fíneálacha a fhorchur, agus athshampláil. I líon beag cásanna ní dhearnadh aon ghníomhaíocht i gcás ina bhfuarthas amach go raibh na paraiméadair neamh-chomhlíontacha an-ghar do na teorainneacha lamháltais.
Dá bhrí sin níor ghá don Choimisiún aon imscrúdú a sheoladh sa réimse seo. Maidir leis an gcóras faireacháin cáilíochta breosla atá i bhfeidhm, is féidir teacht ar an gconclúid go n‑áirithítear leis go ndíoltar breoslaí ardcháilíochta san Aontas i gcomhréir le ceanglais na Treorach maidir le Cáilíocht Bhreosla.
Iarscríbhinn
Tábla 5: Rannchuidiú na Laghduithe Astaíochtaí Réamhtheachtacha le sprioc 6 % ó thaobh déine astaíochta GCT a bhaint amach in 2021, gan ILUC san áireamh (Foinse: EEA)
Ballstát
|
Laghdú déine GCT gan UERanna san áireamh
|
Rannchuidiú UERanna
|
Laghdú déine GCT, lena n‑áirítear UERanna
|
Déine GCT, UERanna san áireamh
(g CO2eq/MJ)
|
Déine GCT, gan UERanna san áireamh
(g CO2eq/MJ)
|
UERanna Tuairiscithe (Kt CO2eq)
|
An Chipir
|
3,4 %
|
2,7 %
|
6,1 %
|
90,9
|
90,6
|
707,0
|
An Danmhairg
|
3,8 %
|
2,2 %
|
6,0 %
|
90,6
|
90,6
|
3 922,3
|
An Ungáir
|
4,2 %
|
1,9 %
|
6,1 %
|
90,2
|
90,1
|
4 164,1
|
Málta
|
4,8 %
|
1,9 %
|
6,7 %
|
89,6
|
88,2
|
130,0
|
An tSlóvaic
|
4,6 %
|
1,4 %
|
6,0 %
|
89,7
|
89,9
|
1439,7
|
An Eastóin
|
4,8 %
|
1,4 %
|
6,2 %
|
89,6
|
89,5
|
562,5
|
Lucsamburg
|
5,2 %
|
1,0 %
|
6,3 %
|
89,2
|
88,8
|
745,3
|
An Pholainn
|
4,3 %
|
1,0 %
|
5,3 %
|
90,1
|
90,0
|
10 011,6
|
An tSeicia
|
5,2 %
|
1,0 %
|
6,1 %
|
89,3
|
89,0
|
2 471,1
|
An Ghearmáin
|
5,4 %
|
0,9 %
|
6,3 %
|
89,0
|
88,3
|
18 282,4
|
An Rómáin
|
4,0 %
|
0,8 %
|
4,8 %
|
90,3
|
90,3
|
2 501,9
|
An Ostair
|
3,1 %
|
0,8 %
|
3,8 %
|
91,2
|
91,1
|
2 390,2
|
An tSlóivéin
|
4,1 %
|
0,6 %
|
4,7 %
|
90,3
|
90,5
|
456,9
|
An Chróit
|
2,1 %
|
0,1 %
|
2,3 %
|
92,1
|
92,0
|
121,0
|
An Iodáil
|
3,6 %
|
0,0 %
|
3,6 %
|
90,8
|
89,9
|
49,0
|
An Bheilg
|
6,2 %
|
0,0 %
|
6,2 %
|
88,3
|
88,1
|
0,0
|
An Bhulgáir
|
2,7 %
|
0,0 %
|
2,7 %
|
91,5
|
90,3
|
0,0
|
An Fhionlainn
|
13,2 %
|
0,0 %
|
13,2 %
|
81,6
|
87,4
|
0,0
|
An Fhrainc
|
4,4 %
|
0,0 %
|
4,4 %
|
90,0
|
90,0
|
0,0
|
An Ghréig
|
4,0 %
|
0,0 %
|
4,0 %
|
90,4
|
90,3
|
0,0
|
Éire
|
3,1 %
|
0,0 %
|
3,1 %
|
91,1
|
91,1
|
0,0
|
An Laitvia
|
2,8 %
|
0,0 %
|
2,8 %
|
91,5
|
91,3
|
0,0
|
An Liotuáin
|
4,1 %
|
0,0 %
|
4,1 %
|
90,2
|
91,0
|
0,0
|
An Ísiltír
|
6,3 %
|
0,0 %
|
6,3 %
|
88,2
|
89,0
|
0,0
|
An Phortaingéil
|
4,8 %
|
0,0 %
|
4,8 %
|
89,5
|
90,9
|
0,0
|
An Spáinn
|
3,9 %
|
0,0 %
|
3,9 %
|
90,5
|
90,6
|
0,0
|
An tSualainn
|
21,6 %
|
0,0 %
|
21,6 %
|
73,7
|
76,1
|
0,0
|
EU27
|
5,1 %
|
0,4 %
|
5,5 %
|
90,7
|
89,3
|
47 954,9
|