An Bhruiséil,18.10.2023

COM(2023) 641 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le treochlár an Aontais Eorpaigh chun gáinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac


1.Réamhrá

1 Tá an trádáil i ndrugaí atá á cur i gcrích ag an gcoireacht eagraithe ar cheann de na bagairtí slándála is tromchúisí san Eoraip sa lá atá inniu ann, agus is in olcas atá cúrsaí ag dul: léirítear é sin go soiléir leis an méadú gan fasach atá tagtha ar na drugaí aindleathacha atá ar fáil san Eoraip, go háirithe cócaon ó Mheiriceá Theas. I mí Lúnasa 2023, ní raibh ann ach 2 sheachtain sular sáraíodh an ghabháil ollmhór de 8 dtona cócaoin a urghabhadh in Rotterdam (An Ísiltír) nuair a rinneadh 9,5 tona den druga a urghabhadh i gcalafort Algeciras (an Spáinn). Tá imní ag dul i méid freisin faoi tháirgeadh agus iomadú drugaí sintéiseacha san Eoraip, a ndéantar gáinneáil orthu ar fud an domhain. Léiríodh in anailís chomhpháirteach a rinne Europol agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) go bhfuil an gháinneáil ar dhrugaí ar cheann de na príomhghníomhaíochtaí i nginiúint na mbrabús ón gcoireacht eagraithe, a mheastar gurb é atá ann thart ar aon chúigiú amháin de na fáltais ó choireacht dhomhanda.

2 3 4 Ina niarrachtaí chun brabúis mhóra a dhéanamh, úsáideann líonraí coiriúla foréigean as cuimse, éilliú agus imeaglú. Tá siad an-ábalta freisin naisc a dhéanamh agus a bpleananna a cheilt, mar a thaispeántar trí uirlisí cumarsáide criptithe a dhíchóimeáil ar nós EncroChat, a ndearnadh 6 558 ngabháil ar a laghad mar thoradh air ar fud an domhain. Tá coireanna eacnamaíocha agus airgeadais ríthábhachtach chun tacú le gach gníomhaíocht choiriúil, agus tá an téilliú ríthábhachtach do líonraí coiriúla. De réir mheastacháin Europol, úsáideann 60 % de na líonraí coiriúla atá ag feidhmiú san Aontas modhanna éillitheacha chun a gcuspóirí aindleathacha a bhaint amach. Gabhadh thart ar EUR 4,1 billiún de shócmhainní coiriúla ar an meán in aghaidh na bliana in 2020 agus 2021 i mBallstáit an Aontais. Is é atá i gceist leis sin méadú suntasach i gcomparáid le blianta roimhe sin, ach is lú fós é ná 2 % de na fáltais mheasta bhliantúla ó choireacht eagraithe. Úsáidtear an tioncam ollmhór sin a fhaightear trí ghníomhaíochtaí aindleathacha le haghaidh gníomhaíochtaí coiriúla eile agus déanann sindeacáití gairmiúla sciúrtha airgid é a sciúradh. Déantar an tioncam a infheistiú ansin chun an geilleagar dlíthiúil a insíothlú, a bhfuil iarmhairtí forleathana agus díchobhsaitheacha aige don tsochaí, don smacht reachta agus don mhuinín as údaráis phoiblí.

5 Mar iarmhairt an-infheicthe ar an mbagairt sin, tá borradh faoin bhforéigean ar na sráideanna mar thoradh ar raon domhanda na gcoirpeach agus an greim daingean atá acu ar shlabhraí soláthair gáinneála ar dhrugaí. Ní hamháin i measc na ndrongana in iomaíocht le chéile iad féin a bhíonn an iliomad íospartach, ach is amhlaidh go mbíonn daoine neamhurchóideacha ina níospartaigh freisin. In 2023, áiríodh leis sin cailín 11 bhliain daois in Antuairp (an Bheilg) i mí Eanáir, buachaill 10 mbliana daois i mí Lúnasa in Nîmes (an Fhrainc) agus buachaill 13 bliana daois i mí Mheán Fómhair i Stócólm (an tSualainn), fuair siad sin ar fad bás mar thoradh ar fhoréigean a bhaineann le drugaí. Thairis sin, meastar go bhfuair 6 200 duine san Aontas bás de bharr ródháileog drugaí in 2021.

Éilíonn méid na bagartha agus a ghné dhomhanda gníomhaíocht láidir inbhuanaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda. Dá bhrí sin, tá treochlár AE beartaithe ag an gCoimisiún chun an gháinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac. Leagtar amach sa treochlár 17 ngníomhaíocht i gceithre réimse tosaíochta: athléimneacht mol lóistíochta a neartú le Comhghuaillíocht Eorpach Calafort, deireadh a chur le líonraí coiriúla, iarrachtaí coisctheacha a mhéadú agus comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta a neartú. Tá na gníomhaíochtaí sin le cur chun feidhme in 2024 agus 2025.

2.Straitéis agus freagairt AE

6 7 I straitéis an Aontais 2021-2025 chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe agus i straitéis an Aontais maidir le drugaí agus i bplean gníomhaíochta an Aontais 2021-2025 maidir le drugaí (straitéisí an Aontais), leagtar amach beartais iomlánaíocha an Aontais chun dul i ngleic leis na bagairtí sin bunaithe ar ghníomhaíocht chomhpháirteach ón Aontas agus ó na Ballstáit.

Tá na straitéisí sin á gcur chun feidhme ag an Aontas faoi láthair agus leanfaidh sé ag obair i dtreo a gcuspóirí a bhaint amach mar a cuireadh i dtreis sa Séú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála 8 . Tá straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe ag rannchuidiú le hiarrachtaí comhchoiteanna an Aontais a threisiú sa chomhrac i gcoinne líonraí coiriúla. An tráth céanna, leis an straitéis agus leis an bplean gníomhaíochta maidir le drugaí, tá an obair leagtha amach ag an Aontas le haghaidh cur chuige cothrom agus ildisciplíneach a bhfuil sé daidhm aige soláthairtí drugaí a laghdú trí shlándáil a fheabhsú, éileamh ar dhrugaí a laghdú le seirbhísí coisctheacha, cóireála agus cúraim agus aghaidh a thabhairt ar an díobháil a bhaineann le drugaí. Mar a leagtar amach sa straitéis, in 2024, seolfaidh an Coimisiún meastóireacht sheachtrach ar chur chun feidhme na straitéise maidir le drugaí agus beidh daidhm aige an tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in Earrach na bliana 2025.

9 10 11 12 13 Maidir le tionscnaimh bheartais, tá roinnt tograí reachtacha curtha chun cinn ag an gCoimisiún chun reachtaíocht an Aontais a threisiú chun líonraí coiriúla a chomhrac. Áirítear leis sin an Treoir maidir le hAisghabháil agus Coigistiú Sócmhainní a neartú, an leasú ar Threoir 2019/1153, lena gceadaítear dúdaráis inniúla rochtain a fháil ar chlárlanna láraithe cuntas bainc, lena néascaítear imscrúduithe airgeadais, agus pacáiste chun rialacha an Aontais maidir le frithsciúradh airgid a neartú. Ghlac an Coimisiún togra freisin chun Aontas Custaim an Aontais a athchóiriú. Leis sin neartófar go suntasach an cumas a bhíonn ag custaim chun earraí neamhshábháilte nó neamhdhleathacha a stopadh ó theacht isteach san Aontas agus feabhsófar leis sin go suntasach an comhar idir údaráis chustaim agus údaráis forfheidhmithe dlí. Thairis sin, mhol an Coimisiún rialacha an Aontais a neartú maidir leis an éilliú a chomhrac i mí na Bealtaine 2023.

14 15 16 17 Tá dlús curtha faoi shainordú Europol a neartú le cumais forfheidhmithe dlí, leis an togra le haghaidh Cód um Chomhar Póilíneachta, as ar eascair moltaí maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta, agus glacadh na Treorach maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí. Cuirfidh an tathbhreithniú atá beartaithe ar Rialachán Prüm a thuilleadh leis na hiarrachtaí sin.

18 19 Le blianta beaga anuas, tá feabhas tagtha freisin ar fhreagairt bhreithiúnach an Aontais: bunaíodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) mar oifig ionchúisimh phoiblí neamhspleách, atá freagrach as coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh, agus a thabhairt os comhair an cheartais. Tá an inniúlacht ag OIPE freisin i leith cionta maidir le rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, más é fócas ghníomhaíocht choiriúil eagraíochta den sórt sin é cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a dhéanamh. Ina theannta sin, chun é a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla dúdaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu, ghlac an tAontas pacáiste maidir le rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach.

20 Chun tacú le freagairt chomhchoiteann an Aontais ar dhrugaí, neartaíodh sainordú an EMCDDA. Is é is aidhm dó sin, go háirithe, feabhas a chur ar a mheasúnú ar bhagairtí agus ar a acmhainneacht luathrabhaidh agus a raon feidhme a leathnú chuig úsáid ildrugaí, margaí agus soláthar drugaí, agus réamhtheachtaithe drugaí. Déanfar Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh nua den EMCDDA agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 2 Iúil 2024. Déanfaidh an Ghníomhaireacht nua measúnuithe ar bhagairtí sláinte agus slándála ar dhrugaí sintéiseacha. Déanfaidh an Ghníomhaireacht dlúthfhaireachán freisin ar fhorbairtí ar dhrugaí sintéiseacha san Aontas agus cuirfear é sin san áireamh chun frithbhearta a fhorbairt. Beidh sé ina chéim thábhachtach freisin córas foláirimh Eorpach um dhrugaí a fhorbairt chun údaráis náisiúnta agus úsáideoirí (féideartha) drugaí a chur ar an eolas go tapa nuair a thiocfaidh substaintí contúirteacha nua isteach sa mhargadh. Ar deireadh, déantar foráil sa sainordú nua don Ghníomhaireacht breathnú ar réamhtheachtaithe drugaí agus líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha a chur ar bun chun substaintí nua agus treochtaí féideartha a shainaithint.

21 22 Ar an leibhéal oibríochtúil, neartaigh an tAontas a thacaíocht dúdaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát. Is ionstraim bhuan anois é an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gcoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), an cur chuige oibríochtúil faoi thionchar na mBallstát i leith shlándáil inmheánach an Aontais, le maoiniú méadaithe. Leanfar den chomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta in EMPACT le tacaíocht ón gCoimisiún. Tacaíonn an Líonra Oibríochtúil i gcoinne Grúpaí Coiriúla Eagraithe de chineál Maifia le himscrúduithe casta i gcoinne líonraí coiriúla ardriosca. In 2022, bhí torthaí oibríochtúla den scoth mar thoradh air sin cheana féin: Gabhadh 121 duine agus urghabhadh EUR 12 mhilliún dairgead tirim. Sainaithníodh 42 líonra choiriúla, agus rinneadh níos mó ná 50 coirpeach ardleibhéil a imscrúdú agus a ionchúiseamh le tacaíocht ó Europol agus Eurojust. Faoi láthair, arna spreagadh ag an mBeilg in 2022-2023 agus ag an Iodáil ó 2024-2025, tacaíonn an Coimisiún le cuspóirí agus le cur chuige nuálach na tosaíochta nua sin agus iarrann sé ar gach Ballstát agus ar gach comhpháirtí idirnáisiúnta páirt a ghlacadh ann. Ina theannta sin, mar thoradh ar dhíchóimeáil na líonraí cumarsáide criptithe, EncroChat, SkyECC agus AN0M, le tacaíocht ó Europol, rinneadh go leor gabhálacha agus urghabhálacha. Go háirithe, thug sé léargas luachmhar ar ghníomhaíochtaí líonraí coiriúla agus ar a modhanna. Thacaigh Europol le go leor imscrúduithe rathúla eile a rinne na Ballstáit, amhail Operation Desert Light i mí na Samhna 2022, inar baineadh anuas "sárchairtéal" gáinneálaithe cócaoin. 

23 24 Mar thoradh ar rath an Lárionaid Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh (MAOC (N)) chun tacú le díchumasuithe muirí, urghabhadh 327,653 thona cócaoin agus 667,344 thona cannabais go dtí seo. Thairis sin, tá tús curtha ag an mBeilg agus ag an nGearmáin leis an bpróiseas chun dul isteach in MAOC (N). Deimhnítear sa Straitéis Slándála Mhuirí AE athbhreithnithe agus ina Plean Gníomhaíochta an tiomantas doibríochtaí comhpháirteacha i dtíortha imeachta agus i gcalafoirt an Aontais, lena mbaineann MAOC-N, údaráis ábhartha na mBallstát, agus Seirbhísí/Gníomhaireachtaí an Choimisiúin Eorpaigh.

Ós rud é go mbíonn an choireacht eagraithe trasnáisiúnta beagnach i gcónaí, tá an tAontas ag méadú a chomhpháirtíochtaí le tríú tíortha, go háirithe leo siúd ar phríomhbhealaí soláthair drugaí. Áirítear leis sin comhar feabhsaithe le Meiriceá Laidineach agus le Muir Chairib, leis an gClár Oibre Nua don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib 25 , Dearbhú Chruinniú Mullaigh Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) an 17-18 Iúil 2023 26 agus comhar idir an tAontas agus Coiste Mheiriceá Laidinigh um Shlándáil Inmheánach (CLASI), lena ndeimhnítear an tiomantas dlús a chur leis na hiarrachtaí i réimsí an cheartais, na slándála agus an chomhraic i gcoinne líonraí coiriúla trasnáisiúnta. Tá sé cruthaithe gur ionstraimí éifeachtacha iad na cláir um chúnamh teicniúil réigiúnach, amhail EL PAcCTO, EUROFRONT agus COPOLAD III chomh maith leis an gClár um Shreafaí Aindleathacha Domhanda, chun borradh a chur faoi chumais náisiúnta agus réigiúnacha chun an choireacht eagraithe a chomhrac. 

In Iarthar na hAfraice, díríonn comhar ar chumas institiúidí stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha a thógáil chun dul i ngleic leis an ngáinneáil ar dhrugaí ar muir. Ó 2018 i leith, tá sraith clár réigiúnach comhlántach curtha i bhfeidhm ag an Aontas atá dírithe ar thacú le hiarrachtaí thíortha Chomhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) an choireacht eagraithe thrasnáisiúnta agus an gháinneáil aindleathach, an chibearchoireacht chomh maith le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac 27 . I gCorn na hAfraice, rannchuidíonn Oibríocht ATALANTA Fhórsa Cabhlaigh an Aontais Eorpaigh leis an suaitheadh ar gháinneáil ar dhrugaí agus ar gháinneáil ar airm, chomh maith le gníomhaíochta píoráideachta agus robála armtha amach ó chósta na Somáile a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois. Tá an tAontas Eorpach tiomanta go daingean freisin aghaidh a thabhairt ar shreafaí airgid neamhdhleathacha trí Thionscnamh tiomnaithe Fhoireann na hEorpa maidir le Sreafaí Airgeadais Aindleathacha don Afraic Fho-Shahárach.

Tá an Afraic Thuaidh agus an Meánoirthear ina mórfhoinse, idirthuras agus ceann scríbe drugaí aindleathacha agus tá gnó na ndrugaí aindleathacha ag fás. Tá anailís déanta ag cláir arna maoiniú ag an Aontas amhail Faireachán Eorpach um Dhrugaí tar éis anailís a dhéanamh ar theacht chun cinn bealaí nua gáinneála ar dhrugaí, leathnú ar mhargaí ar líne agus infhaighteacht speictream níos leithne substaintí.

Ina theannta sin, san Áise Láir, tá dhá chlár slándála réigiúnacha thábhachtacha ceaptha ag an Aontas chun a straitéis a chur i gcrích chun cabhrú le comhpháirtithe na hÁise Láir dul i ngleic le cuid de na rioscaí a bhaineann le coireacht drugaí, lena n‑áirítear iad siúd a eascraíonn as an Afganastáin. Cuireann Clár Gníomhaíochta na hÁise Láir maidir le Drugaí (CADAP) le húsáid drugaí a laghdú agus tacaíonn sé le beartais drugaí Rialtais na hÁise Láir, agus go sonrach le feabhas a chur ar rochtain ar idirghabhálacha ar ardcháilíocht maidir le héileamh ar dhrugaí a laghdú. Leis an gClár um Bainistiú Teorainneacha san Áise Láir (BOMCA), cothaítear forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe trí bhainistiú comhtháite teorainneacha, ag díriú ar fhothú acmhainneachta agus ar fhorbairt institiúideach, ar thrádáil a éascú, ar chórais bainistithe teorainneacha a fheabhsú, agus ar dheireadh a chur le gáinneáil aindleathach ar fud na hÁise Láir.

Tugtar tús áite i gcónaí do chomhar an Aontais leis na Balcáin Thiar. Tá torthaí oibríochtúla suntasacha mar thoradh ar rannpháirtíocht mhéadaithe ár gcomhpháirtithe sna Balcáin Thiar in oibríochtaí póilíneachta idirnáisiúnta, ar a gcomhar níos dlúithe le Europol trí oifigigh idirchaidrimh a phostú chuig ceanncheathrú Europol, ar a rannpháirtíocht in EMPACT agus ar a rannpháirtíocht i gComhfhoirne Imscrúdaithe. Leanfar de thacaíocht airgeadais agus theicniúil an Aontais a chur ar fáil. Tá sé ríthábhachtach go mbunóidh comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar Córais Luathrabhaidh agus Faireachlanna Náisiúnta Drugaí atá ag feidhmiú chun a malartú sonraí leis an EMCDDA a fheabhsú agus chun Socruithe Oibre a thabhairt i gcrích le Gníomhaireacht an Aontais.

Ar deireadh, tá Sé Bhallstát (an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Spáinn agus an Ísiltír) tar éis Comhghuaillíocht i gcoinne na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe, a bhfuil an Coimisiún, Europol agus Eurojust rannpháirteach ann, a chur ar bun. Tá roinnt gníomhaíochtaí tábhachtacha oibríochtúla ar mhaithe leis an leas coiteann curtha chun cinn ag an gComhghuaillíocht, gníomhaíochtaí atá i gcomhréir go ginearálta le straitéisí an Aontais agus lena mbaineann gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus creataí an Aontais, amhail EMPACT. Díríonn gníomhaíochtaí, go háirithe, ar riachtanais oibríochtúla a shainaithint, ar shlándáil moil lóistíochta agus slándála muirí a neartú, ar shreafaí airgid coiriúla a shuaitheadh, ar fhorfheidhmiú an dlí leis an teicneolaíocht agus leis an nuálaíocht a chumhachtú, agus ar chomhar idirnáisiúnta a neartú. Aithníonn an Coimisiún na hiarrachtaí atá déanta ag an gComhghuaillíocht agus tá an treochlár seo á leagan amach aige chun an obair sin a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile agus chun tiomantas an Aontais d’iarrachtaí a threisiú a léiriú.

3.Gníomhaíochtaí tosaíochta

Bíonn coirpigh tapa á noiriúnú féin do dheiseanna nua chun brabús a dhéanamh. Bíonn siad an-ábalta freisin ag baint leas as idirnascacht mhéadaithe agus dul chun cinn teicneolaíochta na sochaithe. I gcoinne an fheiniméin seo atá ag athrú de shíor, tá sé riachtanach iarrachtaí an Choimisiúin, an Ardionadaí, Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais maidir le sraith gníomhaíochtaí tosaíochta a thabhairt le chéile. Lena seachadadh, ní mór na bearta a chur chun feidhme trí chomhar éifeachtach ar fud an Aontais, trí theagmháil lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta straitéiseacha, agus trí thiomantas polaitiúil cinntithe ó gach duine lena mbaineann.

Díríonn an Treochlár seo ar cheithre réimse tosaíochta le haghaidh gníomhaíocht mhéadaithe.

Ar an gcéad dul síos, úsáideann coirpigh moil lóistíochta san Aontas agus i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad chun a ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanamh agus chun díriú ar dhaoine leochaileacha chun gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas athléimneacht moil lóistíochta a neartú ó bheith á saothrú ag coirpigh. Caithfear é sin a dhéanamh i ndlúthchomhar lena chéile mar go mbíonn coirpigh de shíor ag lorg laigeachtaí i gcórais.

Ar an dara dul síos, bíonn líonraí coiriúla dinimiciúil agus bíonn siad de shíor ag baint úsáid as soláthraithe seirbhíse coiriúla speisialaithe, rud a thugann níos mó rannpháirtithe sa choiriúlacht ar bord. Tá géarghá le gabhálacha aonair ach ní leor iad: tá sé ríthábhachtach forfheidhmiú an dlí agus cumais na núdarás breithiúnach a mhéadú chun deireadh a chur le líonraí coiriúla, cur isteach ar a samhlacha gnó agus seilbh a ghabháil ar a mbrabúis.

Tá gá freisin le fócas láidir ar chosc: chun cosc a chur ar dhaoine agus ar ghnólachtaí ó bheith á saothrú ag líonraí coiriúla, ní mór dúinn dul i ngleic le bunchúiseanna na coireachta eagraithe agus gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla mar réiteach buan. Éilítear leis sin ní hamháin iarrachtaí na núdarás forfheidhmithe dlí, ach freisin iarrachtaí na mbardas agus na bpobal áitiúil.

Ar deireadh, bhí an choireacht eagraithe ina feiniméan domhanda i gcónaí, ach chuir forbairtí teicneolaíochta le déanaí ar chumas coirpigh oibriú ar fud an domhain agus a ngnólachtaí aindleathacha a reáchtáil ó lasmuigh den Aontas. Dá bhrí sin, tá an comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun bealaí soláthair na gcoirpeach a shuaitheadh agus chun tacú le feabhsuithe ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar an gcomhar breithiúnach araon.

3.1.Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach: athléimneacht moil lóistíochta a neartú

Is tairseacha ríthábhachtacha iad moil lóistíochta chun rathúnas eacnamaíoch an Aontais, iompar earraí ar fud an Aontais agus feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a chumasú. Cuireann calafoirt le thart ar 75 % de mhéideanna trádála seachtracha an Aontais agus le 31 % de mhéideanna trádála inmheánacha an Aontais. Gach bliain, téann 400 milliún paisinéir ar bord agus turlaingíonn siad i gcalafoirt an Aontais 28 . Mar sin féin, mar gheall ar an ról straitéiseach atá ag moil lóistíochta, tá siad leochaileach maidir le smuigleáil drugaí agus dúshaothrú drugaí ag líonraí coiriúla ardriosca agus a gcumasóirí, mar a aithnítear i straitéis agus i bplean gníomhaíochta an Aontais maidir le drugaí.

 

Mar a cuireadh i dtreis sa tuarascáil chomhpháirteach a dullmhaigh Europol agus Coiste Stiúrtha Slándála chalafoirt Antuairp, Hamburg/Bremerhaven agus Rotterdam maidir le líonraí coiriúla i gcalafoirt an Aontais 29 , tá go leor deiseanna ann le haghaidh insíothlú coirpeach agus na calafoirt sin a úsáid le haghaidh lastais aindleathacha. Úsáideann coirpigh modhanna éagsúla chun drugaí a iompar trí choimeádáin loingseoireachta muirí. I measc na modhanna sin tá aistriú chuig coimeádáin nach ndéantar a sheiceáil chomh minic céanna, ag baint úsáide as cóid tagartha goidte le haghaidh coimeádán (calaois uimhreach aitheantais phearsanta), ag déanamh uimhreacha clárúcháin coimeádán a chlónáil, agus ag baint úsáide as foirne astarraingthe a fhanann le deiseanna tráthúla chun loingsiú a aisghabháil. Go ríthábhachtach, braitheann na modhanna coiteanna sin ar éilliú chun go néireoidh leis mar go núsáideann líonraí coiriúla daoine inmheánacha ar an gcalafort chun iompar coimeádán ina bhfuil drugaí agus earraí aindleathacha isteach san Aontas a eagrú 30 .

Bíonn líonraí coiriúla gasta chun a mbealaí soláthair a oiriúnú do chuanta nach bhfuil chomh cosanta nó do chuanta atá níos lú. Dá bhrí sin, chun slándáil moil lóistíochta a neartú tá gá le cur chuige coiteann AE ina n‑oibríonn na daoine lena mbaineann le chéile ar bhealach comhordaithe. Tosaíonn gníomhaíocht éifeachtach chun na calafoirt a chosaint le measúnú soiléir ar bhearnaí agus laigí reatha. Dá bhrí sin, tá tús curtha ag an gCoimisiún le Meastóireacht Théamach Schengen ar gháinneáil ar dhrugaí i gcalafoirt. Mar thoradh air sin beidh tuarascáil mheastóireachta agus na dea-chleachtais in 2023 san áireamh ann agus togra le haghaidh moltaí ón gComhairle go luath in 2024.

Ina theannta sin, beidh cosc ar gháinneáil ar dhrugaí – lena n‑áirítear suaitheadh iartheachtach ar gháinneáil ar dhrugaí tar éis dó teacht isteach sna calafoirt – mar chuid de dhá staidéar a sheol an Coimisiún in 2023 maidir le sonraí muirí agus maidir leis na riachtanais forfheidhmithe dlí maidir le hiompar d’iarnród agus de bhóthar, a mbeifear ag súil lena dtorthaí in 2024.

Chun na torthaí sin agus torthaí agus dea-chleachtais eile a chur chun feidhme, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athléimneacht na gcalafort a neartú trí Chomhghuaillíocht Eorpach na gCalafort. Éileofar leis sin go slógfar an pobal custaim mar an chéad bheart cosanta i gcoinne trádála neamhdhleathaí, comhar níos fearr i bhforfheidhmiú an dlí chun deireadh a chur leis na líonraí coiriúla atá taobh thiar de gháinneáil ar dhrugaí agus comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur ar bun chun iarrachtaí a chomhcheangal chun dul i ngleic le gáinneáil ar dhrugaí agus chun próisis lóistíochtúla, teicneolaíochta faisnéise, acmhainní daonna agus oibríochtúla a chosaint i gcoinne insíothlú coirpeach. 

Gníomhaíocht 1: An pobal custaim a shlógadh i gcoinne gáinneáil ar dhrugaí

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, Na Ballstáit (go háirithe údaráis chustaim)

Is iad údaráis chustaim na mBallstát an chéad líne chosanta ag teorainneacha seachtracha an Aontais chun an tAontas a chosaint ar thrádáil neamhdhleathach, chun slándáil a shaoránach a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint 31 . Sa chomhthéacs sin, ós rud é go dtarlaíonn beagnach 70 % de na hurghabhálacha drugaí go léir ag údaráis chustaim ag calafoirt an Aontais, tá sé bunriachtanach comhoibriú agus comhar éifeachtach a neartú idir údaráis chustaim, nach mór dóibh gníomhú as lámh a chéile, agus páirtithe leasmhara eile, go háirithe údaráis phóilíneachta. Chun teorainneacha an Aontais a chosaint, ba cheart do na húdaráis chustaim leanúint de na beartais agus na huirlisí bainistíochta riosca agus rialuithe atá ar fáil a úsáid go héifeachtach.

Dá bhrí sin, trí Chomhghuaillíocht Eorpach na gCalafort, agus arna mhaoiniú faoin gclár Custaim 32 , bunóidh an Coimisiún creat lena néascófar bainistíocht éifeachtach riosca agus rialuithe custaim atá nasctha le drugaí aindleathacha agus réamhtheachtaithe drugaí atá ag smuigleáil chun comhar na núdarás custaim a áirithiú, in éineacht leis an gCoimisiún. Mar chéad chéim, cuirfear grúpa tiomnaithe tionscadail ar bun, a mbeidh ionadaithe ó údaráis chustaim na mBallstát ar leibhéal na bainistíochta agus na saineolaithe rannpháirteach ann. Déanfaidh an grúpa tionscadail an cás ar an talamh a mhapáil, oibreoidh sé i dtreo comhthuisceana agus cur chuige comhordaithe, sainaithneoidh sé bearnaí agus laigí i maoirseacht chustaim, tarraingeoidh sé suas measúnú ar bhagairt agus ar riosca, leagfaidh sé amach critéir chomhchoiteanna spriocdhírithe agus roinnfidh sé dea-chleachtais.

Ullmhófar leis sin an bonn do rialuithe custaim níos comhordaithe agus níos éifeachtúla fós trí chritéir choiteanna riosca agus rialuithe custaim tosaíochta a leagan amach ar leibhéal an Aontais. Molfaidh an Coimisiún iad sin lena gcur chun feidhme do na Ballstáit, lena gcomhcheanglófar uirlisí bainistithe riosca AE agus náisiúnta. Cuirfidh na rialuithe tosaíochta sin feabhas ar anailís, ar chomhoibriú agus ar chomhar fíor-ama idir na Ballstáit agus soláthrófar leo réitigh chun caochspotaí sna calafoirt agus sa slabhra soláthair a chumhdach. Leis na rialuithe, déanfar tástáil freisin ar chur chuige maidir le malartú struchtúrtha faisnéise (idir-inoibritheacht nó creat córasach malartaithe sonraí) chun tacú leis an gcomhrac i gcoinne drugaí agus gáinneála réamhtheachtaithe.

Mar leanúint den ghníomhaíocht sin agus ó lár na bliana 2024 ar aghaidh, bunóidh an Coimisiún foireann saineolaithe nua faoin gClár Custaim. Bainfidh an fhoireann sin tairbhe as buiséad agus acmhainní tiomnaithe agus cuirfidh sí le modheolaíocht agus le rath ceann dá foirne saineolaithe is táirgiúla agus is oibríochtúla 33 . Áiritheofar leis an bhforbairt atá tagtha ar an ngrúpa tionscadail go dtí an fhoireann saineolaithe nua sin go mbeidh gníomhaíocht chomhordaithe chustaim níos solúbtha, ar bhonn téamach agus geografach araon. Beidh sé bunaithe ar chomhar oibríochtúil feabhsaithe, ní hamháin i gcalafoirt, ach ag teorainneacha eile freisin (talamh, aer). Is amhlaidh sin toisc go néilítear le cur chuige éifeachtach i gcoinne gáinneála ar dhrugaí go núsáidfear gníomhaíocht chomhordaithe AE lena gcumhdófar gach modh iompair. Rannchuideodh an cur chuige sin freisin le comhar oibríochtúil níos éifeachtúla le tríú tíortha agus le húdaráis forfheidhmithe dlí eile.

Ina theannta sin, ó 2024 ar aghaidh, úsáidfidh an Coimisiún an clár maidir leis an Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custam 34 chun tacú le tosaíocht sin an Aontais trí níos mó ná EUR 200 milliún a leithdháileadh chun trealamh úrscothach a mhaoiniú ar féidir leis cabhrú le húdaráis chustaim coimeádáin agus modhanna eile iompair a scanadh, agus ar an gcaoi sin éifeachtacht na bainistíochta riosca custaim agus na rialuithe a bhaineann le drugaí aindleathacha agus réamhtheachtaithe drugaí a mhéadú. Áirítear leis sin tacaíocht do na saotharlanna custaim a dtabharfar trealamh dóibh freisin chun anailís a dhéanamh ar dhrugaí agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhéadaitheacha réamhtheachtaithe drugaí dearthóra.

Gníomhaíocht 2: Oibríochtaí forfheidhmithe dlí a neartú i gcalafoirt

Na príomhghníomhaithe: Na Ballstáit, An Coimisiún, An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, Europol, Eurojust, OIPE

Ní stopann cur chuige rathúil maidir le gáinneáil ar dhrugaí ag moil lóistíochta ná ag aon chuid den slabhra soláthair drugaí. De réir mar a mhéadaíonn an tAontas le chéile a éifeachtacht maidir le drugaí aindleathacha a bhrath go luath, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar imscrúdú agus ionchúiseamh cuimsitheach ar gháinneáil ar dhrugaí lena thaispeáint nach n‑íocann an choireacht sin. Is féidir é sin a dhéanamh trí dhul i ndiaidh lucht a dhéanta agus na líonraí a bhfuil siad mar chuid díobh. Tá forfheidhmiú comhordaithe an dlí ríthábhachtach chun imscrúdú a dhéanamh ar na líonraí coiriúla atá taobh thiar de na hurghabhálacha. I gcásanna áirithe, mar shampla, d’fhéadfadh údaráis phóilíneachta a roghnú faireachán a dhéanamh ar choimeádáin chun críocha faireachais i gcomhar le custaim, seachas an t‑ábhar a ghabháil láithreach. Féidearthacht eile is ea imscrúduithe digiteacha a sheoladh chun mí-úsáidí féideartha na gcóras rialaithe bogearraí a úsáidtear i gcalafoirt a bhrath. Ina theannta sin, d’fhéadfadh údaráis fhorfheidhmithe dlí imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí éillithe, lena n‑áirítear trí ghníomhú mar phointe teagmhála do sceithirí.

Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do EMPACT agus dá chuid oibríochtaí mar an t‑ardán le haghaidh cur chuige iomlánaíoch maidir le gáinneáil ar dhrugaí. Leanfaidh an Coimisiún leis an gcomhar in EMPACT a chur chun cinn mar cheann de na príomhchatalaígh i bhforbairt na Comhghuaillíochta Eorpaí maidir le Calafoirt.

In EMPACT, tá dhá thosaíocht oibríochtúla ann ar dá réir a oibríonn na póilíní agus an custam le chéile chun an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac: cannabas, cócaon agus hearóin (CCH) agus drugaí sintéiseacha agus substaintí sícighníomhacha nua (SYN-NPS). Sa mhéid sin, leanann údaráis forfheidhmithe dlí orthu ag imscrúdú agus ag roinnt faisnéise maidir le táirgeadh agus brath drugaí, bealaí gáinneála, agus modhanna líonraí gáinneála ar dhrugaí ar féidir iad a oibríochtú ina gcritéir spriocdhírithe agus ina bpróifílí riosca. Áirítear ar na bearta comhroinnt níos struchtúrtha agus níos córasaí ar an bhfaisnéis ábhartha maidir le riosca, an léargas straitéiseach agus oirbheartaíochta faisnéise ar mhí-úsáid struchtúr dlíthiúil gnó a neartú, saotharlanna folaitheacha a bhfuil baint acu le táirgeadh agus onnmhairiú drugaí sintéiseacha agus substaintí sícighníomhacha nua a bhrath agus deireadh a chur leo, agus oibríochtaí sonracha trasteorann a chur chun feidhme lena ndírítear ar ghluaiseachtaí cócaoin, cannabais, hearóin, drugaí sintéiseacha agus substaintí sícighníomhacha nua. I bhfianaise chineál domhanda na gáinneála ar dhrugaí, comhordaíonn, spreagann agus tacaíonn an Coimisiún le rannpháirtíocht idirnáisiúnta maidir leis an dá thosaíocht sin. Faoi láthair, tá 18 dtír nach tíortha den Aontas Eorpach iad gníomhach in CCH agus 13 thír nach tíortha den Aontas Eorpach iad in SYN-NPS. In 2024-2025, cuirfidh an Coimisiún borradh faoin gcomhar trí thacaíocht bhreise a sholáthar chun tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a chomhtháthú a thuilleadh sa dá thosaíocht sin. Beidh rannpháirtíocht ghníomhach údaráis chustaim na mBallstát agus údaráis chustaim tríú tíortha fíor-riachtanach.

Leanfaidh an Coimisiún freisin de bheith ag tacú leis an dá líonra saotharlann agus á bhforbairt (an Líonra Eorpach um Shaotharlanna Custaim agus institiúidí Líonra Eorpaigh na nInstitiúidí Eolaíochta Fóiréinsí). Cabhraíonn na saotharlanna sin le póilíní agus le custaim ina nimscrúduithe agus ina rialuithe agus spreagfaidh siad comhar na saotharlann a mhéadú le forfheidhmiú an dlí. Thairis sin, tugann teicneolaíochtaí a eascraíonn as tionscadail Fís 2020 AE cumais nua dfhorfheidhmiú an dlí, rud a fhágann gur féidir drugaí aindleathacha agus réamhtheachtaithe drugaí aindleathacha ag na teorainneacha a bhrath ar bhealach níos éifeachtaí 35 .

Gníomhaíocht 3: Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí i gcoinne smuigleáil drugaí agus insíothlú coiriúil

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, na Ballstáit, Europol, EMCDDA, páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha

Tá ról ríthábhachtach ag go leor gníomhaithe poiblí agus príobháideacha, ó údaráis chalafoirt go cuideachtaí loingseoireachta agus soláthraithe seirbhíse eile, maidir le slándáil na gcalafort a chosaint. Is iad an chéad phointe teagmhála sa chomhrac i gcoinne smuigleáil drugaí agus insíothlú coiriúil. Is é an fáth atá leis sin go n‑úsáideann siad próisis, córais agus trealamh a d’fhéadfadh cabhrú le bagairtí cos istigh a shainaithint ar fud slabhraí soláthair mhuirí, ó thionscnamh lastas a aimsiú, go moil idirthurais agus trasloingsithe a aimsiú, a fhad leis an gceann scríbe deiridh. Ní mór d’údaráis chalafoirt agus do chuideachtaí loingseoireachta príobháideacha a bheith ar an eolas faoina ról sa chomhrac i gcoinne gáinneáil ar dhrugaí agus insíothlú coiriúil. Ba cheart go mbeadh na huirlisí riachtanacha acu chun coimeádáin a rianú agus chun limistéir chalafoirt a dhaingniú le ceamaraí, braiteoirí agus scanóirí. Ba cheart na modhanna a bheith acu freisin chun a gcuid fostaithe a scagadh agus a ghrinnfhiosrú i gceart chun iarracht ar éilliú ag líonraí coiriúla a sheachaint.

Mar sin féin, ní féidir leo é a dhéanamh leo féin. Chun gáinneáil ar dhrugaí agus insíothlú coiriúil a sheachaint, ní mór don Aontas teacht i gcomhar le chéile. Tríd an earnáil phríobháideach agus údaráis forfheidhmithe dlí a thabhairt le chéile, is féidir rannchuidiú le réitigh oibríochtúla agus nithiúla a shainaithint agus a chur chun feidhme chun cosc a chur ar líonraí coiriúla calafoirt an Aontais a insíothlú agus leas a bhaint astu le haghaidh gáinneáil ar dhrugaí. Sa chomhthéacs sin, molann an Coimisiún reachtaíocht ábhartha an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go hiomlán agus go críochnúil 36 (lena náirítear grinnfhiosrúchán slándála nó seiceálacha cúlra ar an bpríomhfhoireann).

Chun athléimneacht moil lóistíochta a neartú, tabharfaidh an Coimisiún na gníomhaithe ábhartha poiblí agus príobháideacha uile le chéile i gcomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí: Na Ballstáit, údaráis áitiúla, údaráis forfheidhmithe dlí, lena n‑áirítear custaim, gníomhaireachtaí AE agus oibreoirí príobháideacha sna calafoirt. Ag tarraingt ó shaineolas agus ó thaithí na hearnála poiblí agus príobháidí, cuirfidh an Chomhghuaillíocht dea-chleachtais agus dícheall cuí chun cinn. Cuirfidh sé bearta comhordaithe i bhfeidhm chun dlús a chur leis na hiarrachtaí chun dul i ngleic le gáinneáil ar dhrugaí agus chun moil lóistíochta a chosaint ó insíothlú coiriúil. San áireamh in obair na Comhghuaillíochta, díreofar ar fhaisnéis straitéiseach agus oibríochtúil a mhalartú. Déanfaidh an Coimisiún machnamh ar an mbealach is éifeachtaí chun faisnéis a mhalartú idir comhaltaí na Comhghuaillíochta.

3.2. Deireadh a chur le líonraí coiriúla ardriosca

Tá líonraí coiriúla tagtha chun cinn go tapa chun gnóthachain mhóra airgeadais a shaothrú. Mar gheall ar chastacht agus solúbthacht mhéadaitheach na timpeallachta coiriúla, tá dúshláin ar leith ag baint le himscrúduithe ar choireacht eagraithe, toisc gur féidir ball amháin de líonra a chur in ionad ball eile go héasca nuair a ghabhtar é. Thairis sin, úsáideann líonraí coiriúla teicnící sofaisticiúla chun a sócmhainní a cheilt ó bhrath. Úsáideann siad seirbhísí bróicéirí ardleibhéil, a reáchtálann córais chomhthreomhara faoi thalamh, mar shampla hawala, atá lasmuigh den chóras airgeadais foirmiúil 37 .

Mar a leagtar amach i straitéis coireachta eagraithe an Aontais, chun fíordhifríocht a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, ní mór deireadh a chur le líonraí coiriúla mar sin. Éilítear pictiúr faisnéise feabhsaithe chuige sin; sainseirbhísí dea-oilte leis na huirlisí cearta; gníomhaíocht éifeachtach, spriocdhírithe agus chomhordaithe ag údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha; agus creat dlíthiúil stóinseach i gcoinne na coireachta eagraithe faoina n‑oibreoidh sé.

Gníomhaíocht 4: Na líonraí coiriúla a chruthaíonn na bagairtí is mó don tsochaí a mhapáil

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, na Ballstáit, Europol, Eurojust, CEPOL

Chun go mbeidh an tionchar is mó acu, ba cheart d’údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha aird ar leith a thabhairt ar na líonraí sin a chruthaíonn na bagairtí is mó dár sochaí agus don phobal. Úsáideann na líonraí coiriúla ardriosca sin éilliú, insíothlaíonn siad an geilleagar dlíthiúil, déanann siad gníomhartha foréigin, lena n‑áirítear imeaglú, agus reáchtálann siad córais airgeadais chomhthreomhara faoi thalamh.

Chun díriú ar na heagraíochtaí coiriúla sin, tá gá le haistriú ó bhonn: ag bogadh ar shiúl ó fhócas ar choirpigh aonair agus ar choireanna sonracha chuig líonraí a imscrúdú agus a ionchúiseamh ina n‑iomláine. Leis an tosaíocht nua, líonraí coiriúla ardriosca, in EMPACT, tá an bhunchloch leagtha síos don obair chomhpháirteach sin, lena dtugtar le chéile údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha Bhallstáit an Aontais agus comhpháirtithe idirnáisiúnta (lena n‑áirítear 37 dtír nach tíortha den Aontas Eorpach iad in 2023), le tacaíocht ó institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais.

Mar an chéad chéim eile, déanfaidh Europol, le tacaíocht ó na Ballstáit, cleachtadh mapála go luath in 2024 chun na líonraí coiriúla a shainaithint a chruthaíonn na bagairtí is mó, bíodh siad ag feidhmiú i dtíortha an Aontais nó i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Cabhróidh sé sin freisin le príomhbhaill nó le príomhchumasóirí líonraí coiriúla ardriosca a shainaithint. Cuirfidh an mhapáil feabhas mór ar phictiúr faisnéise na coireachta, rud a chuirfidh le measúnuithe tiomnaithe ar bhagairtí agus a chuideoidh le tosaíocht a thabhairt d’imscrúduithe. Ba cheart an mhapáil a nuashonrú go rialta ionas go mbeidh na húdaráis ar an eolas faoi athruithe ar ghníomhaíochtaí agus ar mhodhanna líonraí. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do Europol oibriú in EMPACT chun comhtháscairí agus measúnuithe a fhorbairt chun inchomparáideacht sonraí a éascú faoi 2025. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún iniúchadh ar na féidearthachtaí atá ann don Aontas sineirgí a chruthú le hanailís ar fhaisnéis choiriúil Interpol.

Gníomhaíocht 5: Líonra d’ionchúisitheoirí agus breithiúna speisialaithe chun deireadh a chur le líonraí coiriúla

Na príomhghníomhaithe: Eurojust, Europol, na Ballstáit.

Is minic a dhéanann líonraí coiriúla agus a ngníomhaíochtaí aindleathacha dlínsí éagsúla a chuimsiú, ach ní fios sin i gcónaí ag tús na n‑imscrúduithe in aon Bhallstát amháin. Fiú má tá imscrúdaitheoirí ar an eolas faoi raon geografach an líonra choiriúil, bíonn constaicí praiticiúla rompu. Áirítear ar na constaicí sin deacrachtaí maidir lena gcontrapháirtithe i mBallstáit eile a shainaithint nó feasacht neamhleor ar rialacha sonracha i mBallstáit eile, mar shampla maidir leis na coinníollacha chun bearta imscrúdaitheacha a chur i gcrích.

Chun deireadh a chur le líonraí coiriúla agus a samhlacha gnó ar fud an Aontais, ní mór d’údaráis muinín agus naisc a chothú chun faisnéis a mhalartú go luath agus imscrúduithe comhthreomhara a sheoladh sna Ballstáit sin ina sainaithnítear naisc. Le linn na n‑imeachtaí, tá idirphlé rialta idir na húdaráis bhreithiúnacha lena mbaineann riachtanach chun a áirithiú go ndéantar straitéisí imscrúdaitheacha a ailíniú agus chun dlús a chur le bailiú trasteorann fianaise.

Chun an malartú faisnéise agus an comhar idir údaráis bhreithiúnacha maidir le himscrúduithe casta trasteorann ar an gcoireacht eagraithe a neartú, ba cheart líonra d’ionchúisitheoirí speisialaithe agus breithiúna ó na Ballstáit a chruthú le tacaíocht ó Eurojust. Beidh an líonra ina lárionad saineolais speisialaithe a thacaíonn le húdaráis bhreithiúnacha agus a éascaíonn malartú saineolais, dea-chleachtas agus eolas eile maidir le coireacht eagraithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Cothóidh siad idirphlé i measc na n‑údarás náisiúnta éagsúla atá i gceist, cuirfidh siad fóram ar fáil chun fadhbanna dlíthiúla agus praiticiúla a phlé agus chun úsáid Eurojust a chur chun cinn i gcásanna coireachta eagraithe trasteorann.

Gníomhaíocht 6: Imscrúduithe airgeadais a éascú

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, na Ballstáit, Europol, Eurojust, CEPOL

Ós rud é gurb é tosaíocht na coireachta eagraithe é brabús a dhéanamh, is é an cur chuige "dul sa tóir ar an airgead” an bealach is éifeachtaí chun a ngnóthachain mhóra aindleathacha a bhaint de choirpigh. Sna Conclúidí ón gComhairle maidir le himscrúduithe airgeadais a fheabhsú chun an choireacht thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac 38 , gheall na Ballstáit imscrúduithe airgeadais a fheabhsú mar chuid ríthábhachtach den chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe. Leis an togra ón gCoimisiún a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go luath maidir le coigistiú agus aisghabháil sócmhainní atá le teacht, cuirfear borradh faoi imscrúduithe airgeadais córasacha. Éascófar na himscrúduithe sin leis an gcomhaontú a rinneadh le déanaí maidir le hidirnascadh clárlann cuntas bainc agus leis na rialacha neartaithe maidir le frithsciúradh airgid. A luaithe a ghlacfar pacáiste reachtach AML/CFT, cuirfidh an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid (ÚFA) amach anseo tacaíocht oibríochtúil ar fáil dAonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus anailísí comhpháirteacha á ndéanamh acu. Cuideoidh sé sin le cásanna trasteorann a bhrath agus a anailísiú ar bhealach níos éifeachtaí.

Mar chomhlánú ar na rialacha maidir le frithsciúradh airgid, tá roinnt Ballstát tar éis comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a chur ar bun lenar féidir faisnéis oibríochtúil a mhalartú idir údaráis agus bainc agus institiúidí airgeadais agus creidmheasa. Cabhraíonn na comhpháirtíochtaí sin le comhlachtaí príobháideacha, atá ar thús cadhnaíochta maidir le sreafaí airgeadais aindleathacha a shainaithint i measc na mbilliún idirbheart laethúil, chun gníomhaíocht atá deacair a aimsiú a bhrath. Chun forbairt an chineáil comhair sin a éascú ar fud na mBallstát, forbróidh Comhpháirtíocht Faisnéise Airgeadais Phoiblí-Phríobháideach Europol, laistigh de theorainneacha shainordú Europol, treoirphlean ina ndéanfar achoimre ar na creataí dlíthiúla agus na céimeanna praiticiúla a glacadh sna Ballstáit agus i dtríú tíortha chun comhpháirtíochtaí a chur ar bun i gcoinne sciúradh airgid faoi lár 2024. Ba cheart na cleachtais is fearr agus na cúinsí dlíthiúla a leagtar amach i ndoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin maidir leis an ábhar sin 39 agus toradh na caibidlíochta i ndáil leis an bpacáiste maidir le frithsciúradh airgid a chur san áireamh sa treoirphlean sin. Ba cheart dó, go háirithe, tógáil ar na céimeanna atá glactha cheana féin ag na Ballstáit chun a áirithiú go bhfuil an malartú sonraí pearsanta teoranta don mhéid atá riachtanach agus comhréireach leis an gcuspóir chun cionta sciúrtha airgid agus na coimircí a leagtar amach chun sonraí pearsanta a chosaint a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

Ba cheart dúdaráis forfheidhmithe dlí imscrúduithe airgeadais comhthreomhara a úsáid ar bhealach níos córasaí agus an choireacht eagraithe á himscrúdú acu. Mar sin féin, teastaíonn saineolas speisialaithe, acmhainneacht agus uirlisí teicneolaíochta chun imscrúduithe casta airgeadais a dhéanamh. Tá an Lárionad um Choireacht Airgeadais agus Eacnamaíoch de chuid Europol, a thacaigh le breis agus 400 imscrúdú airgeadais in 2022 40 , agus Eurojust, a sholáthraíonn treoirlínte agus dea-chleachtais dúdaráis inniúla maidir le sócmhainní aindleathacha a aisghabháil ríthábhachtach chun tacú leis na Ballstáit. Go háirithe, is féidir leis an Ionad tacaíocht luachmhar a chur ar fáil do chomhghníomhaíochtaí maidir le himscrúduithe ar bhaincéireacht faoi thalamh. Ina theannta sin, is féidir le cumais oiliúna CEPOL cabhrú leis na Ballstáit na scileanna agus an saineolas i bhforfheidhmiú an dlí in imscrúduithe airgeadais a mhéadú.

Chun próifíl airgeadais líonra choiriúil a thógáil, is gá foinsí éagsúla faisnéise a chur le chéile agus a anailísiú, lena n‑áirítear faisnéis maidir le criptea-shócmhainní, a úsáideann grúpaí gáinneála drugaí go minic chun a gconair airgeadais a cheilt. Ceanglaítear leis freisin formáidí éagsúla na sonraí arna mbailiú a chomhchuibhiú, eintitis i dtacair sonraí neamhstruchtúrtha a shainaithint agus líon mór ábhar a chrosmheaitseáil. Tá roinnt Ballstát, amhail an Laitvia, an tSlóivéin agus an Spáinn, tar éis a gcuid uirlisí féin a fhorbairt nó tá siad á bhforbairt acu chun anailís a dhéanamh ar idirbhearta airgeadais chuige sin. Leis an uirlis ma³tch in FIU.net, arna hóstáil agus arna bainistiú ag an gCoimisiún ó 2021 i leith, ceadaítear d’Aonaid Faisnéise Airgeadais faisnéis a chrosmheaitseáil (e.g., maidir le hidirbhearta) ar bhealach atá faoi ainm bréige agus cuirtear ar a gcumas a shuí i bhfíor-am an bhfuil ábhar ar eolas cheana féin ag aonad eile. Más amhlaidh an cás, is féidir faisnéis a mhalartú, agus cásanna a thógáil le chéile. Moltar go láidir d’Aonaid Faisnéise Airgeadais úsáid iomlán a bhaint as an bhfeidhmiúlacht ma³tch FIU.net.

Ina theannta sin, faoin gclár Fís Eorpach, foilseoidh an Coimisiún glao ar thaighde agus ar nuálaíocht maidir leis an tslándáil i mí an Mheithimh 2024 lena soláthrófar tuilleadh deiseanna cistithe chun uirlisí sonracha a fhorbairt agus a ghlacadh chun imscrúduithe airgeadais éifeachtacha a dhéanamh 41 .

Gníomhaíocht 7: Imscrúduithe digiteacha a éascú

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, na Ballstáit, Europol, Eurojust, CEPOL

De réir mar a ghluaiseann ár ngníomhaíochtaí laethúla le bheith ar líne níos mó anois ná riamh, is amhlaidh a dhéanann gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Tá imscrúdaitheoirí ag tabhairt aghaidh ar an bhfírinne go mbíonn coirpigh tapa chun leas a bhaint as na féidearthachtaí atá á dtairiscint ag an domhan ar líne agus go leanann siad de theicneolaíochtaí níos forásaí agus níos forásaí fós a úsáid chun a naidhmeanna a bhaint amach. Dá bhrí sin, féachann an Coimisiún le roinnt sraitheanna oibre a iniúchadh chun freagairt do na forbairtí sin. Sheol an Coimisiún an Grúpa Ardleibhéil maidir le rochtain ar shonraí dfhorfheidhmiú éifeachtach an dlí i mí an Mheithimh 2023 42 . Tugann an Grúpa Ardleibhéil le chéile údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha, saineolaithe cosanta sonraí, príobháideachais agus cibearshlándála, an earnáil phríobháideach, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an lucht acadúil. Déanann an grúpa iniúchadh ar na dúshláin a bhíonn roimh chleachtóirí forfheidhmithe dlí ina gcuid oibre laethúil agus ar réitigh fhéideartha chun iad a shárú, agus tá sé daidhm aige rochtain leordhóthanach ar shonraí a áirithiú, an choireacht a chomhrac agus an tslándáil phoiblí a fheabhsú sa ré dhigiteach. Eiseoidh an grúpa tuarascáil in 2024 ina mbeidh moltaí teicniúla, oibríochtúla nó dlíthiúla.

Tá an Coimisiún ag cabhrú freisin le cumas údaráis na mBallstát imscrúduithe digiteacha a dhéanamh a mhéadú trí thacú leis an nGrúpa Eorpach Oiliúna agus Oideachais maidir leis an gCibearchoireacht 43 chun acmhainní oiliúna a fhorbairt. Tá oiliúint curtha ag an ngrúpa sin ar 1 000 oifigeach póilíneachta ar a laghad le 3 bliana anuas. Ina theannta sin, maoiníonn an Coimisiún an Comhlachas Eorpach Forbartha Teicneolaíochta Frithchoirpeachta 44 chun uirlisí digiteacha a fhorbairt chun tacú le himscrúduithe, a chuirtear ar fáil saor in aisce ansin dúdaráis forfheidhmithe dlí an Aontais agus do Europol. Tacaíonn Eurojust leis an gcomhrac i gcoinne na cibearchoireachta tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach um Chibearchoireacht le tacaíocht straitéiseach agus dea-chleachtais.

Tarlaíonn gáinneáil ar dhrugaí ar líne freisin ar mhargaí an idirlín dhorcha agus ar an idirlíon glé araon, lena náirítear trí na meáin shóisialta. Tá dúshláin shuntasacha ann chun dul i ngleic leis an gcineál sin gáinneála. Oibreoidh an Coimisiún chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar dhrugaí ar líne, lena náirítear trí chomhoibriú leis an earnáil phríobháideach trí Fhóram Idirlín an Aontais. Seachadfaidh an Fóram pacáiste eolais in 2024 atá dírithe ar thacú le cuideachtaí meán sóisialta chun ábhar drugaí a mhaolú níos fearr ar a nardáin. Ina theannta sin, forbróidh an Coimisiún uirlis TF in 2024 chun cabhrú le húdaráis forfheidhmithe dlí faireachán a dhéanamh ar an ngréasán dorcha chun an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac 45 . Ar deireadh, faoin gClár Fís Eorpach, déanfaidh an Coimisiún tionscadal taighde slándála a mhaoiniú trí úsáid a bhaint as an Intleacht Shaorga chun táirgeadh agus gáinneáil drugaí aindleathacha a chomhrac ó mhí na Samhna 2023 ar aghaidh.

Gníomhaíocht 8: Acmhainneacht fholáirimh Chóras Faisnéise Schengen a dhíghlasáil

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, na Ballstáit, Europol

Tá sé ríthábhachtach faisnéis oibríochtúil a mhalartú thar theorainneacha chun coirpigh a bhrath agus a ghabháil. Cuidíonn gnéithe de Chóras Faisnéise Schengen (CFS) – trí chreat dlíthiúil nua a tháinig i bhfeidhm i mí an Mhárta 2023 46 – le cosc a chur ar choirpigh agus ar sceimhlitheoirí ó bheith ag gluaiseacht laistigh den Aontas nó ó theacht isteach san Aontas gan bhrath. Áirítear le CFS uasghrádaithe catagóirí nua foláireamh agus sonraí bithmhéadracha (amhail loirg dhearnana, méarloirg agus taifid DNA) chun daoine atá ag taisteal faoi chéannacht bhréagach agus faisnéis faoi na gluaisteáin nó na rudaí eile atá á núsáid acu a shainaithint i gceart. Le foláirimh nua faoi dhaoine agus faoi ábhair ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha, cuirtear ar chumas na núdarás faisnéis spriocdhírithe a bhailiú faoi dhaoine a bhfuil amhras fúthu faoi choireacht thromchúiseach nó faoi choireacht eagraithe nó faoi sceimhlitheoireacht.

Ina theannta sin, ceadaíonn sainordú neartaithe Europol le déanaí don ghníomhaireacht tacú leis na Ballstáit sonraí arna dtarchur ag tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a phróiseáil. Féadfaidh Europol a mholadh freisin go ndéanfadh na Ballstáit foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (CFS) 47 .

Moltar go láidir do na Ballstáit, dá bhrí sin, úsáid iomlán a bhaint as na huirlisí atá ar fáil i CFS chun an choireacht thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac. Go háirithe, tá sé ríthábhachtach go n‑eiseoidh na Ballstáit foláirimh maidir le comhaltaí nó cumasóirí líonraí coiriúla ardriosca sa chóras agus go dtuairisceoidh siad amais do Europol. I mí an Mhárta 2023, sheol an Coimisiún staidéar chun roghanna éagsúla a fhiosrú, a mheasúnú agus a mholadh chun malartú faisnéise forlíontaí faoi fholáirimh CFS ag na hoifigí náisiúnta (Biúrónna SIRENE) a nuáil chun úsáid níos fearr a bhaint as an bhfaisnéis sin. In 2026, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar CFS lárnach, ar an malartú faisnéise forlíontach idir údaráis náisiúnta, lena n áirítear measúnú ar an gcóras aitheantais uathoibrithe méarlorg, agus ar fheachtais faisnéise CFS.

Gníomhaíocht 9: I dtreo creat dlíthiúil níos stóinsí​ i gcoinne na coireachta eagraithe​

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an tArdionadaí

Tá creat dlíthiúil éifeachtach an Aontais riachtanach chun na huirlisí is gá a sholáthar dúdaráis forfheidhmithe dlí agus dúdaráis bhreithiúnacha chun an choireacht eagraithe a chomhrac. I staidéar a foilsíodh i mí Feabhra 2023 lena ndéantar measúnú ar éifeachtacht Chinneadh Réime 2008 maidir le Coireacht Eagraithe 48 cuireadh i dtreis ann na héagsúlachtaí leathana i measc na mBallstát sna cionta, sna pionóis agus sna huirlisí imscrúdaitheacha a bhaineann le páirt a ghlacadh in eagraíocht choiriúil. Cruthaíonn na difríochtaí sin bacainní sa chomhar trasteorann agus is féidir leo údaráis a dhíspreagadh ó líonraí coiriúla agus a gcomhaltaí a imscrúdú.

Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh, oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa, le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais agus le páirtithe leasmhara eile chun an creat dlíthiúil i gcoinne na coireachta eagraithe agus a cur chun feidhme a neartú. I measúnú ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana ní mór breathnú freisin ar shainmhínithe dlíthiúla comhchuibhithe na coireachta eagraithe agus iad a oiriúnú do réaltacht na líonraí coiriúla agus a bpríomhbhaill chun smachtbhannaí athchomhairleacha a áirithiú maidir le páirt a ghlacadh in eagraíocht choiriúil nó ceann a reáchtáil. Chun go bhféadfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíochtaí coiriúla eagraithe a bhrath agus a imscrúdú ar bhealach níos fearr, ba cheart don athbhreithniú bearta a fhiosrú lena n‑áiritheofar go mbeidh teicnící imscrúdaitheacha speisialta iomchuí ar fáil do na húdaráis. Ba cheart machnamh a dhéanamh faoin ngá le bearta breise, amhail straitéisí náisiúnta coireachta eagraithe, chomh maith le haonaid speisialaithe a bhfuil saineolas acu ó roinnt disciplíní chun dul i ngleic le himscrúduithe casta. Ina theannta sin, ba cheart go bhfiosrófaí san athbhreithniú an mbeadh gá le bearta ar leibhéal an Aontais chun comhoibriú fhinnéithe na corónach a éascú.

Go sonrach maidir le gáinneáil ar dhrugaí, déanfar meastóireacht in 2024 ar Chinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí drugaí 49 . Dfhéadfaí na rialacha, go háirithe na rialacha sin maidir le smachtbhannaí coiriúla, a leasú, a nuachóiriú agus a neartú.

Ba cheart tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais an bhféadfadh bearta eile a bheith ábhartha lena gcuirfear teorainn le cumas bhaill na líonraí coiriúla rochtain a fháil ar mhargadh inmheánach an Aontais. D’fhéadfadh bearta áirithe, atá curtha i bhfeidhm ag tríú tíortha, a bheith ina gcomhlánú luachmhar ar iarrachtaí forfheidhmithe dlí, ag gearradh na gcistí ó na coirpigh lena ligtear dóibh an geilleagar a insíothlú agus ag srianadh a gcumais oibriú thar theorainneacha, go háirithe nuair atá an duine atá faoi amhras lonnaithe lasmuigh den Aontas.

3.3.Cosc

Measann an Coimisiún go bhfuil cosc na coireachta ina chuid dhílis dfhreagairt fhadtéarmach ar an gcoireacht eagraithe a chomhrac. I mbeartas an Aontais maidir le coireacht a chosc, dírítear ar bhacainní teicniúla nó riaracháin a chruthú lena gcuirtear cosc ar dhaoine aonair coir a dhéanamh. Ina theannta sin, cuireann sé malartuithe taithí agus dea-chleachtas chun cinn chun tosca lena spreagtar an choireacht agus an tatitimeachas a mhaolú, lena náirítear iarrachtaí chun cosc a chur ar dhaoine ó bheith i gcásanna leochaileacha a bhféadfadh iompar coiriúil a bheith mar thoradh orthu. Tá cosc ina dhlúthchuid de bheartas slándála an Aontais Eorpaigh 50 , lena gcumhdaítear drugaí 51 , éilliú, cibearchoireacht agus go leor réimsí eile 52 .

Ba cheart go n‑áireofaí dlúthchomhar le húdaráis áitiúla agus leis an tsochaí shibhialta i gcur chuige ildisciplíneach agus idirghníomhaireachta i leith na coireachta a chosc. Is féidir leis sin cur leis an dóchúlacht go mbeidh gníomhaíocht choiriúil ann a laghdú trí bhacainní a thógáil, feasacht a mhúscailt maidir le híospartaigh ionchasacha agus tacú le daoine aonair agus le pobail leochaileacha chun an riosca go mbainfidh coireacht dóibh a laghdú. Tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit agus le lucht ceaptha beartas agus cleachtóirí áitiúla chun beartais agus uirlisí atá bunaithe ar fhianaise a chur chun cinn chun an choireacht a chosc. Leagann an Coimisiún béim freisin ar an ngá atá ann go ndéanfaidh lucht ceaptha beartas agus cleachtóirí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil faisnéis a nascadh agus a mhalartú trí bhealaí scaipthe agus cumarsáide atá ainmnithe go soiléir agus atá seanbhunaithe.

Gníomhaíocht 10: Gníomhaíochtaí coireachta eagraithe a chosc trí bhearta riaracháin

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, na Ballstáit, Europol, An Líonra Eorpach maidir leis an gCur Chuige Riaracháin

Baineann níos mó ná 80 % de na líonraí coiriúla atá gníomhach sa lá atá inniu ann san Aontas úsáid as struchtúir dhlíthiúla ghnó dá ngníomhaíochtaí coiriúla 53 . Mar shampla, bhunaigh siad gnólachtaí beaga chun a ngnóthachain aindleathacha a sciúradh nó chun dul san iomaíocht i dtairiscintí poiblí, agus calaois á déanamh acu ar institiúidí poiblí. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh na húdaráis riaracháin ar an eolas faoin ról mór is féidir leo a imirt maidir leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac. Ina theannta sin, ní mór nósanna imeachta oiriúnacha a chur i bhfeidhm ar leibhéil náisiúnta agus áitiúla chun gnó a dhúnadh, seiceálacha cúlra a dhéanamh sula ndeonaítear ceadanna, tairiscintí agus fóirdheontais agus ní mór bacainní eile a chur i bhfeidhm, amhail cigireachtaí (mar shampla cigireachtaí sláinte nó cigireachtaí saothair) a chuireann cosc ar choirpigh coir a dhéanamh.

Tá creataí dea-fhorbartha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát ina dtugtar de chumhacht d’údaráis áitiúla uirlisí riaracháin a úsáid chun insíothlú coiriúil gnólachtaí dlíthiúla agus bonneagair riaracháin a chosc. I mBallstáit eile, áfach, tá an cur chuige riaracháin fós tearcfhorbartha. Ina theannta sin, cuireann difríochtaí i gcreataí agus i gcleachtais náisiúnta castacht leis an gcomhar trasteorann, rud a fhágann nach dtrasnaíonn coirpigh an teorainn ach chun gnólachtaí calaoiseacha nua a chur ar bun má dhúnann na húdaráis a ngnó roimhe sin.

Dá bhrí sin, ba cheart an malartú dea-chleachtas agus an treoir i measc na mBallstát uile a neartú a thuilleadh chun cabhrú leis na Ballstáit creataí náisiúnta a chur ar bun chun an cur chuige riaracháin a chur i bhfeidhm. Forbróidh an Coimisiún treoir phraiticiúil in 2024 maidir le húsáid uirlisí riaracháin agus malartú faisnéise sa chomhrac i gcoinne insíothlú coiriúil. Bainfidh an obair sin leas as taithí Ionad Réigiúnach Faisnéise agus Saineolais an Aontais 54 (tionscadal arna mhaoiniú ag an Aontas a thacaíonn leis an gcur chuige riaracháin trasteorann idir an Bheilg, an Ghearmáin agus an Ísiltír), an Líonra Eorpach maidir leis an gCur Chuige Riaracháin 55 agus EMPACT.

Tá an cur chuige riaracháin ar cheann de na naoi sprioc straitéiseacha chothrománacha choiteanna atá ag EMPACT. Molann an Coimisiún go láidir do na Ballstáit agus do Europol bearta oibríochtúla sonracha a chur i gcrích in 2024 agus 2025 a rannchuidíonn leis an sprioc sin.

Gníomhaíocht 11: Leathadh réamhtheachtaithe drugaí dearthóra a chomhrac

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, EMCDDA

Úsáideann agus atreoraíonn coirpigh ceimiceáin a theastaíonn i dtáirgeadh táirgí laethúla chun drugaí neamhdhleathacha a mhonarú. Chun rochtain ar na réamhtheachtaithe drugaí sin a theorannú agus a rialú, tá rialacha curtha i bhfeidhm ag an Aontas cheana féin. 56 Mar sin féin, is féidir le coirpigh dul timpeall go héasca ar na rialuithe atá ann cheana maidir leis na substaintí sin trí réamhtheachtaithe drugaí dearthóra atá níos úrnua fós a chruthú: ceimiceáin atá dlúthnasctha le réamhtheachtaithe drugaí traidisiúnta. Déantar iad chun dul timpeall ar rialuithe custaim agus ní fios aon úsáid dhlisteanach lena naghaidh.

Leanann creat reachtach an Aontais atá ann cheana 57 maidir le réamhtheachtaithe drugaí cur chuige am-íditheach "sceidealú substainte de réir substainte", rud a fhágann go mbíonn sé deacair coinneáil suas le luas nuálaíocht na coireachta eagraithe. Gach uair a shainaithnítear substaint nua mar réamhtheachtaí drugaí agus go ndéantar í a sceidealú ina dhiaidh sin le haghaidh rialaithe agus faireacháin, freagraíonn grúpaí coireachta eagraithe tríd an struchtúr móilíneach a athrú beagán agus réamhtheachtaí drugaí dearthóra nua a chruthú. Is féidir é sin a dhéanamh i bhfad níos tapúla ná an tam a thógann sé chun substaint a sceidealú (a rialú).

Dá bhrí sin, ó 2024 ar aghaidh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún bealaí nuálacha a leagan amach chun an cur chuige atá ann cheana maidir le réamhtheachtaithe drugaí a sceidealú a bhrostú agus a leathnú. Déanfar raon na substaintí sceidealaithe a leathnú chuig díorthaigh atá sainaitheanta go soiléir agus chuig ceimiceáin ghaolmhara ar féidir iad a thiontú go héasca nó a úsáid mar ionadaigh le linn táirgeadh aindleathach. Ar uainiú an sceidealaithe. De bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún gach iarracht chun nós imeachta glactha na ngníomhartha tarmligthe amach anseo lena sceidealaítear substaintí breise a rianú go mear, trí oibriú as lámh a chéile le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. Molfaidh an Coimisiún an cur chuige nua sin a chur chun feidhme a mhéid is féidir laistigh de chreat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana agus substaintí breise á sceidealú.

Ag céim níos déanaí anonn, tar éis scrúdú domhain a dhéanamh ar na saincheisteanna atá i dtrácht agus ar na réitigh fhéideartha, agus ag tógáil ar thoradh na meastóireachta ar rialacháin an Aontais maidir le réamhtheachtaithe drugaí, 58 féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin 59 sin freisin dfhonn dul i ngleic le saincheisteanna sainaitheanta réamhtheachtaithe drugaí dearthóra. Tacaíonn an Coimisiún le hiarrachtaí idirnáisiúnta agus leanfaidh sé de thacú leis na hiarrachtaí sin amach anseo. Tá comhar iltaobhach níos stóinsí á shaothrú ag an Aontas maidir leis na dúshláin a bhaineann le substaintí neamhsceidealaithe, go háirithe réamhtheachtaithe drugaí dearthóra, agus múscailt feasachta ina leith. Tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ag an Aontas freisin ar obair Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha, a dhéanann athbhreithniú agus anailís rialta ar staid dhomhanda na ndrugaí. Leanfaidh an tAontas de bheith ag obair go dlúth leis an mBord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach agus le tíortha comhchosúla a bhfuil gníomhaíocht nithiúil á déanamh acu i gcoinne an fheiniméin sin. Tá sé ríthábhachtach freagrúlacht a mhéadú, mar atá faoi láthair, tá go leor ama ag coirpigh chun a fháil amach conas dul timpeall ar rialuithe.

Gníomhaíocht 12: Líonraí coiriúla a chosc ó leanaí agus daoine óga a earcú

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, na Ballstáit (lena n‑áirítear údaráis áitiúla), EMCDDA, An Líonra Eorpach um Chosc na Coireachta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta

Baineann líonraí coiriúla, lena n‑áirítear gáinneálaithe drugaí, leas as daoine leochaileacha agus úsáideann siad daoine óga nó fiú leanaí chun gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanamh. I measc na ngníomhaíochtaí sin tá buirgléireacht, siopadóireacht, coimeádáin a fholmhú atá líonta le drugaí, pléascáin a chur, calaois ar líne a dhéanamh, nó cuntais bhainc a "thabhairt ar iasacht". Ar thóir airgead éasca, cuirtear cathú ar dhaoine óga éirí as an scoil nó as an bhfostaíocht. Chun daoine óga a chosaint agus an ghníomhaíocht choiriúil a shuaitheadh, tá sé fíor-riachtanach infheistíocht a dhéanamh i mbeartais agus in uirlisí éifeachtacha chun an choireacht a chosc.

Maidir le cosc na coireachta, baineann sé leis na grúpaí seo a leanas: pobail áitiúla, teaghlaigh, scoileanna, an earnáil leasa shóisialaigh, an tsochaí shibhialta, forfheidhmiú an dlí, na breithiúna, údaráis phríosúin agus an earnáil phríobháideach. Tá úsáid éifeachtach acmhainní AE agus náisiúnta chun comhtháthú sóisialta a fheabhsú, chun aghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht agus chun a áirithiú nach dtréigfidh daoine óga a gcuid oideachais an-ábhartha sa chomhthéacs sin. Trí Chiste Sóisialta na hEorpa+, leanfaidh an Coimisiún de chabhrú le daoine óga leochaileacha a nacmhainneacht a bhaint amach trí thacú le tionscnaimh áitiúla chun an bhochtaineacht, an cuimsiú sóisialta agus an dífhostaíocht i measc na nóg a chomhrac, i gcomhréir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 60 .

Ag tógáil ar thaithí an Líonra Eorpaigh um Chosc na Coireachta, an Líonra um Fheasacht ar an Radacú agus EMPACT, neartóidh an Coimisiún malartú eolais agus dea-chleachtas maidir le cosc na coireachta. In éineacht leis na Ballstáit, an Líonra Eorpach um Chosc na Coireachta agus le páirtithe leasmhara eile, tabharfaidh an Coimisiún cleachtóirí um chosc na coireachta agus lucht ceaptha beartas le chéile le haghaidh comhdhála ardleibhéil maidir le cosc na coireachta in 2024 agus cuirfidh sé bailiúchán dea-chleachtas i láthair maidir le hearcaíocht sa choireacht eagraithe a chosc.

Gníomhaíocht 13: Sábháilteacht phoiblí agus sláinte phoiblí a fheabhsú i réimsí ina mbíonn tionchar ag úsáid agus díol drugaí agus coireacht a bhaineann le drugaí orthu.

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, na Ballstáit, EMCDDA

I roinnt tíortha AE, tá moil choiriúla a bhaineann le drugaí á bhforbairt. Téann díol drugaí, úsáid drugaí agus coireanna a bhaineann le drugaí i bhfeidhm go háirithe ar roinnt suíomhanna, amhail comharsanachtaí uirbeacha, stáisiúin traenach agus meitreo agus fásaigh uirbeacha. Tá sé sin amhlaidh mar gheall ar go leor tosca, lena n‑áirítear an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh sóisialta. Mar thoradh air sin, tá neamhshláine ann do phobail áitiúla, agus baineann fadhbanna sláinte, stiogma agus díobháil shóisialta le daoine a úsáideann drugaí sna limistéir sin i gcónaí. Ní féidir leis na húdaráis áitiúla amháin na dúshláin a bhaineann leis an gcomhchruinniú gníomhaíochtaí aindleathacha sin a réiteach agus teastaíonn réitigh inbhuanaithe uathu.

Mar gheall ar dhifríochtaí suntasacha i gcásanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, ní mór réitigh spriocdhírithe a shainaithint a chomhcheanglaíonn freagairt forfheidhmithe dlí le bearta sóisialta agus sláinte. Tá sé ríthábhachtach spás a chruthú chun dea-chleachtais agus cineálacha cur chuige fianaise-bhunaithe a mhalartú idir iad siúd lena mbaineann. Eagróidh an Coimisiún, le tacaíocht ó EMCDDA, comhdháil ardleibhéil in 2024, lena dtabharfar le chéile forfheidhmiú an dlí, gairmithe sláinte agus sóisialta agus údaráis áitiúla, lena náirítear seirbhísí sláinte, chun dea-chleachtais a dhréachtú. Mar chuid de EMPACT, reáchtálfar gníomhaíocht chomhpháirteach agus oiliúint chomhpháirteach bunaithe ar Churaclam Eorpach um Chosc EMCDDA 61 .

3.4.Comhar idirnáisiúnta

Mar gheall ar rochtain dhomhanda na líonraí coiriúla agus a n‑idirnascacht, tá sé níos práinní ag an Aontas féachaint níos faide ná a theorainneacha le haghaidh réitigh chuimsitheacha. Sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí, tugtar tosaíocht do chomhar leis na tíortha agus na réigiúin sin ina ritheann na príomhbhealaí soláthair drugaí agus a dtéann éifeachtaí díobhálacha na gáinneála ar dhrugaí i bhfeidhm orthu go háirithe. Tá sé ríthábhachtach freisin comhar a dhéanamh le príomh-chomhpháirtithe ar féidir leo cabhrú le réitigh a sholáthar. Tá gníomhaíocht sheachtrach agus comhpháirtíochtaí seachtracha an Aontais cuimsitheach, ag díriú ar chosc agus ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe araon.

Ba cheart don Aontas leanúint le feabhas a chur ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar an gcomhar breithiúnach leis na tíortha sin a mbaineann coirpigh mí-úsáid as a gcreataí dlí náisiúnta chun iad féin nó a gcuid sócmhainní a cheilt. Thairis sin, faoi scáth na Straitéise faoin Tairseach Dhomhanda 62 , leanfaidh an tAontas dinfheistíocht a dhéanamh i riachtanais bhonneagair na gcomhpháirtithe, go háirithe bearnaí i moil lóistíochta a dhúnadh trí Thionscnaimh thiomnaithe Fhoireann na hEorpa a thacaíonn le slándáil agus le feabhsú teicneolaíochta freisin.

A mhéid a bhaineann le calafoirt a chosaint ar insíothlú coiriúil, ina rannpháirtíocht le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, cuireann an Coimisiún i dtreis a thábhachtaí atá sé go gcloífidís go hiomlán leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS) (go háirithe na bearta speisialta chun an tslándáil mhuirí a fheabhsú) agus leis an gCód Idirnáisiúnta um Shlándáil Long agus Saoráid Chalafoirt (an Cód ISPS) 63 .

Gníomhaíocht 14: Tacaíocht a neartú d’oibríochtaí oibríochtúla frithgháinneála ar dhrugaí san Afraic Thiar

Na príomhghníomhaithe de chuid an Aontais: An Coimisiún, na Ballstáit, MAOC (N), Europol.

Tá Murascaill na Guine anois ar cheann de na bealaí móra gáinneála drugaí ó Mheiriceá Theas. Déanann drugaí a mbealach chun na hEorpa trí Mhurascaill na Guine i soithí iascaireachta, in árthaí áineasa, i mbáid seoil agus i gcineálacha eile long a fhágann Meiriceá Theas. Lódálann na soithí sin a lastaí aindleathacha amach ón gcósta agus seolann siad i dtreo Mhurascaill na Guine chun na drugaí a sheachadadh do longa eile. Ansin tugann na longa sin an lastas chun cladaigh, agus as sin, déantar na drugaí a smuigleáil trasna Fhásach an tSahára isteach san Eoraip.

I gcomhréir le Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh maidir le bagairtí muirí atá ag teacht chun cinn 64 agus maidir leis an bplean gníomhaíochta agus le straitéis an Aontais maidir le Murascaill na Guine 65 , oibreoidh an Coimisiún, in éineacht le Ballstáit an Aontais, chun dul i ngleic leis an mbealach soláthair drugaí sin ar bhealach comhordaithe. Déanfaidh siad amhlaidh trí fhaisnéis a mhalartú, tríd an láithreacht mhuirí náisiúnta sa limistéar a neartú, trí oibríochtaí comhpháirteacha a éascú le tacaíocht ón Lárionad Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh (MAOC (N)) agus trí thacú a thuilleadh le forbairt a dhéanamh ar chumas thíortha na hAfraice Thiar an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac, mar shampla tríd an gClár Domhanda um Shreafaí Aindleathacha (GIFP).

Tá sé d’aidhm ag an gclár slándála muirí atá le teacht “Slándáil mhuirí a fheabhsú san Afraic” (Farraigí Sábháilte don Afraic) acmhainneachtaí na ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a neartú chun dul i ngleic leis gháinneáil ar thámhshuanaigh ar muir, i réigiún Mhurascaill na Guine, chomh maith le feadh chósta Svahaílis agus i réigiún oileáin an Aigéin Indiaigh Thiar araon.

Ina theannta sin, maidir leis an Afraic Thiar, tá an tAontas i mbun iniúchadh a dhéanamh ar idirghabháil réigiúnach a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo faoi threoir chur chuige cuimsitheach "conairí agus moil gháinneála". Le clár den sórt sin, rannchuideofaí a thuilleadh le hiarrachtaí cobhsaíochta, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar naisc a d’fhéadfadh a bheith ann idir an choireacht eagraithe agus leathadh gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta san Afraic Thiar.

Gníomhaíocht 15: Comhar an Aontais le tíortha i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib a threisiú sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe

Na príomhghníomhaithe de chuid an Aontais: An Coimisiún, Europol, Eurojust, Na Ballstáit.

Ós rud é go mbíonn tionchar tromchúiseach ag na bagairtí coiriúla a bhíonn roimh Meiriceá Laidineach agus roimh an Muir Chairib agus roimh an Aontas ar shlándáil agus ar fholláine daoine sa dá réigiún, ní mór dúinn teacht le chéile chun an bhagairt a chomhrac. Mar ábhar tosaíochta, chun comhar um fhorfheidhmiú an dlí le Meiriceá Laidineach a fheabhsú, tá comhaontuithe idirnáisiúnta á gcaibidliú ag an gCoimisiún maidir le sonraí pearsanta a mhalartú le Europol leis an mBolaiv, leis an mBrasaíl, le hEacuadór, le Meicsiceo agus le Peiriú. Tá an Coimisiún ag treisiú na hoibre freisin chun caibidlíocht a thabhairt i gcrích maidir le comhaontuithe comhair bhreithiúnaigh idirnáisiúnta le Eurojust leis an mBrasaíl, leis an Airgintín agus leis an gColóim. Breithneoidh an Coimisiún freisin a mholadh sainordú na Comhairle a leathnú go háirithe chuig tíortha eile i Meiriceá Laidineach le haghaidh rannpháirtíocht Eurojust amach anseo maidir le comhar breithiúnach sa réigiún.

Mar chuid den chomhpháirtíocht láidir idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach maidir le Ceartas agus Slándáil agus a Thionscnamh maidir le Foireann na hEorpa, tá cláir réigiúnacha ann a thacaíonn le hiarrachtaí comhtháite bainistithe teorainneacha agus leis an gcomhrac i gcoinne gáinneála agus smuigleála ar dhaoine i roinnt tíortha i Meiriceá Theas 66 (EUROFRONT) chomh maith le soláthar agus éileamh drugaí i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib (COPOLAD) a laghdú agus sa Chlár um Shreafaí Aindleathacha Domhanda, a fhéachann le hacmhainn a fhorbairt chun an choireacht eagraithe a chomhrac ar fud Mheiriceá Laidineach agus Mhuir Chairib (i measc réigiún eile). Feabhsófar idirphlé ardleibhéil freisin trí Shásra Comhordaithe agus Comhair AE-CELAC maidir le Drugaí. I ndáil leis an méid sin, soláthrófar leis an eagrán nua de EL PAcCTO 2.0 acmhainní breise chun comhar i bhforfheidhmiú an dlí a neartú idir an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, lena náirítear tacaíocht do AMERIPOL. Mar chuid de EL PAcCTO 2.0., tacóidh agus neartóidh tionscadal comhpháirteach le malartú faisnéise agus saineolais, déanfaidh sé oibríochtaí a chuíchóiriú, agus úsáid sonraí idir Europol agus an Cholóim a uasmhéadú chun líonraí gáinneála ar dhrugaí coiriúla a shuaitheadh. I ndiaidh chur chuige Fhoireann na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún iniúchadh freisin ar na féidearthachtaí chun tacú le foirne imscrúdaitheacha speisialta áitiúla chun imscrúduithe casta a dhéanamh i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

In 2022, gabhadh 44 thona cócaoin in Guayaquil in Eacuadór. Tá calafoirt i limistéar Guayaquil anois ar cheann de na moil lóistíochta is mó a úsáidtear chun drugaí a gháinneáil go dtí an Eoraip trí bhíthin coimeádán. In éineacht leis na húdaráis náisiúnta, seolfaidh an Coimisiún measúnú sonrach ar leochaileachtaí chalafoirt Guayaquil agus a limistéar bá chun tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí amach anseo, lena n‑áirítear tacaíocht ón Aontas Eorpach.

Gníomhaíocht 16: Comhghuaillíochtaí a chur ar bun chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí drugaí sintéiseacha

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, Europol, EMCDDA agus na Ballstáit

Is féidir drugaí sintéiseacha a mhonarú go héasca agus go tapa ar fud an domhain i gcainníochtaí móra agus ó cheimiceáin shaora. Tá iomadú tagtha ar dhrugaí sintéiseacha le deich mbliana anuas ar leibhéil idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus is fíorbhagairt iad don tsláinte agus don tsábháilteacht. Tá imní ag dul i méid freisin faoi tháirgeadh drugaí sintéiseacha san Eoraip, a onnmhairítear ar fud an domhain. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas Eorpach freagracht a ghlacadh agus rannchuidiú leis an bhfeiniméan sin a chomhrac, go háirithe trí chomhpháirtithe idirnáisiúnta a lorg. Tá sé an-luachmhar eolas a mhalartú agus eispéiris a roinnt, go háirithe le tíortha Mheiriceá Thuaidh sna háiteanna is mó ina bhfuil fadhbanna a bhaineann le feantainil forleathan. Ní mór don Aontas ullmhacht a mhéadú agus bearta stóinseacha faireachais a chur i bhfeidhm.

An 7 Iúil 2023, dheimhnigh an Coimisiún go rachadh an tAontas isteach sa Chomhghuaillíocht Dhomhanda chun Aghaidh a Thabhairt ar Bhagairtí ó Dhrugaí Sintéiseacha a sheol na Stáit Aontaithe. Cuirfidh an Coimisiún agus an tArdionadaí, in éineacht le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus leis na Ballstáit, le hobair na Comhghuaillíochta chun feabhas a chur ar an acmhainneacht maidir le faireachas domhanda, chun ullmhacht a neartú do na dúshláin ó dhrugaí sintéiseacha a mhonarú agus a gháinneáil agus chun cineálacha cur chuige a fhorbairt chun éileamh ar dhrugaí agus díobháil a bhaineann le drugaí a laghdú. Lena chois sin, tacaíonn an Coimisiún le hiarrachtaí na Stát Aontaithe chun rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le drugaí sintéiseacha a chur i láthair lena fhormhuiniú i mí na Nollag 2023.

Déanfaidh an Coimisiún tuilleadh malartuithe leis an tSín freisin, go háirithe trí bhíthin Idirphlé an Aontais maidir le Drugaí, chun borradh a chur faoin gcomhar maidir le táirgeadh drugaí aindleathacha agus faoi atreorú agus gáinneáil réamhtheachtaithe drugaí agus ceimiceán fíor-riachtanach eile chun drugaí a mhonarú go haindleathach. In éineacht leis an gcéad Idirphlé eile idir an tAontas agus an tSín maidir le Drugaí a thionólfar in 2024, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cúnamh riaracháin frithpháirteach a atosú mar chuid de Chomhghrúpa Leantach AE-na Síne maidir le Réamhtheachtaithe chun faisnéis a mhalartú. Cuideoidh sé sin freisin le hatreorú réamhtheachtaithe agus substaintí ceimiceacha a úsáidtear go minic i monarú drugaí aindleathacha a thrádáiltear idir an tAontas agus an tSín a chosc.

Gníomhaíocht 17: Forfheidhmiú an dlí agus an comhar breithiúnach le dlínsí neamh-chomhoibríocha a neartú

Na príomhghníomhaithe: An Coimisiún, na Ballstáit

Is dual do líonraí coiriúla nua-aimseartha a bheith ina líonraí trasteorann. Úsáideann siad bealaí tráchtála idirnáisiúnta chun gach cineál earraí neamhdhleathacha a thráchtáil agus saothraíonn siad na bearnaí idir dlínsí chun drugaí a thrácht agus a nioncam coiriúil ollmhór a cheilt agus a sciúradh 67 . An tráth céanna, úsáidtear dlínsí neamh-chomhoibríocha mar thearmainn shábháilte do theifigh ardluacha chun éalú ó imscrúdú agus ó ionchúiseamh. Thairis sin, is iondúil go mbíonn na daoine a ritheann córais bhaincéireachta faoi thalamh i bhfolach i dtíortha ina bhfuil an comhar póilíneachta agus breithiúnach leis an Aontas casta agus inar féidir leo ardchaighdeán maireachtála a bheith acu.

Léirigh mór-imscrúduithe le déanaí, amhail an Oibríocht Desert Light ar éirigh go maith leis a fuair tacaíocht ó Europol i mí na Samhna 2022 68 , an gá ríthábhachtach atá le comhar breithiúnach éifeachtach le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad chun a áirithiú go ndéanfar coirpigh ghafa a eiseachadadh, a ionchúiseamh agus a chiontú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach forfheidhmiú an dlí agus an comhar breithiúnach le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a neartú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar eiseachadadh, ar imscrúduithe airgeadais agus ar aisghabháil sócmhainní coiriúla lasmuigh den Aontas, lena n áirítear trí dhlúthchomhar le hoifigigh idirchaidrimh na mBallstát nó le hoifigigh idirchaidrimh Ghníomhaireacht an Aontais a phostáiltear i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Chun dlús a chur leis an gcomhordú, chun tionchar an Aontais a uasmhéadú agus chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, ba cheart cruthú agus imlonnú oifigigh forfheidhmithe dlí agus oifigigh idirchaidrimh bhreithiúnaigh an Aontais i bpríomhthíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a chur san áireamh.

In éineacht le gníomhaíochtaí oibríochtúla feabhsaithe, tá sé tábhachtach freisin creat dlíthiúil comhchoiteann a bheith ann le haghaidh comhar éifeachtach maidir leis an dlí coiriúil ar an leibhéal idirnáisiúnta. Iarrann an Coimisiún ina rannpháirtíocht le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a bheith ina bpáirtithe i gcoinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa i réimse an eiseachadta um chúnamh dlíthiúil 69 frithpháirteach 70 agus an reo agus an choigistithe 71 .

Oibreoidh an Coimisiún ar shainaithint na saincheisteanna reatha atá os comhair na mBallstát le tíortha nach bhfuil san Aontas chun iarrachtaí taidhleoireachta a chomhcheangal le haghaidh comhar níos éifeachtaí atá i gcomhréir le caighdeáin an Aontais maidir le cearta bunúsacha. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún iniúchadh ar an bhféidearthacht caibidlíocht a sheoladh chun comhaontuithe an Aontais maidir le heiseachadadh a thabhairt i gcrích, i gcás ina gcomhlíontar na réamhchoinníollacha maidir le comhaontuithe den sórt sin.

3.5.Ag obair le chéile agus ag soláthar tacaíochta

Ó glacadh straitéisí an Aontais, tháinig an Coimisiún, na Ballstáit agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais le chéile go rialta chun pobal ildisciplíneach de lucht ceaptha beartas agus cleachtóirí a thógáil agus chun dul i mbun idirphlé rialta. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara uile maidir le cur chun feidhme na straitéise coireachta eagraithe agus na ngníomhaíochtaí a chuirtear i láthair sa Teachtaireacht seo chun dea-chleachtais a mhalartú, chun faisnéis a comhroinnt agus comhair oibríochtúil a éascú agus chun machnamh a dhéanamh ar riachtanais amach anseo.

Ina theannta sin, tá an Coimisiún tar éis cistiú a shlógadh chun tacú leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe le cistiú tiomnaithe AE do 2023-2025. Eagróidh sé glaonna ar thograí faoin gCiste Slándála Inmheánaí maidir le roinnt topaicí, lena n‑áirítear éilliú, imscrúduithe digiteacha, agus tacaíocht do EMPACT. Go háirithe, seolfaidh an Coimisiún glao ar thograí maidir leis an gcoireacht eagraithe le haghaidh EUR 20 milliún san iomlán faoi dheireadh 2023.

4.Conclúidí

Tá scála, sofaisticiúlacht agus iarmhairtí foréigneacha na coireachta eagraithe ina mbagairt thromchúiseach do shlándáil an Aontais. De réir mar a éiríonn modhanna na líonraí coiriúla níos sofaisticiúla, ba cheart do mhodhanna an Aontais éirí níos sofaisticiúla: ní mór dlús a chur go práinneach leis an bhfreagairt chun deireadh a chur leis na líonraí sin. Dá bhrí sin, leagtar amach príomhghníomhaíochtaí sa doiciméad seo is gá ar leibhéal an Aontais chun an comhrac i gcoinne líonraí coiriúla ardriosca agus gáinneáil ar dhrugaí a threisiú. Ba cheart leanúint den obair ar straitéisí an Aontais maidir leis an gcoireacht eagraithe agus drugaí a chur chun feidhme go hiomlán ar lánluas. Geallann an Coimisiún na gníomhaíochtaí breise sin a chur chun feidhme in 2024 agus 2025, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE.

Tá rialacha comhchoiteanna, stóinseacha agus éifeachtacha riachtanach chun borradh a chur faoi bhearta náisiúnta, chomh maith le comhar AE agus idirnáisiúnta i gcoinne na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhrugaí agus chun íospartaigh na gcoireanna sin a chosaint. Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an Treoir maidir le Coigistiú agus Aisghabháil Sócmhainní a ghlacadh faoi dheireadh an reachtais, athbhreithniú ar an Rialachán Prüm, na rialacha maidir le hidirnascadh clárlann cuntas bainc, an pacáiste reachtach maidir leis an frithsciúradh airgid atá beartaithe, agus an dréacht-Treoir maidir leis an éilliú a chomhrac leis an dlí coiriúil. Athdhearbhaíonn an Coimisiún a thiomantas oibriú go dlúth leis na comhreachtóirí chun an aidhm sin a bhaint amach.

Ní mór an choireacht eagraithe agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac a bheith ina tosaíocht ag an Aontas agus ag a Bhallstáit. Ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar na bagairtí atá romhainn le chéile, agus is é sin an fáth a molann an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na tosaíochtaí agus na bearta meántéarmacha go fadtéarmacha a leagtar amach sa treochlár seo a fhormhuiniú go hiomlán.

(1)

  https://www.emcdda.europa.eu/publications/eu-drug-markets_en

(2)

  https://www.europol.europa.eu/publications-events/main-reports/socta-report

(3)

https://www.europol.europa.eu/media-press/newsroom/news/dismantling-encrypted-criminal-encrochat-communications-leads-to-over-6-500-arrests-and-close-to-eur-900-million-seized

(4)

  The Other Side of the Coin: An Analysis of Financial and Economic Crime | Europol (europa.eu)  

(5)

Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2023, EMCDDA, https://www.emcdda.europa.eu/publications/european-drug-report/2023/drug-induced-deaths_en  

(6)

COM/2021/170 final.

(7)

COM/2020/ 606 final.

(8)

COM/2023/ [tagairt bheacht le cur san áireamh a luaithe a bheidh sí ar fáil].

(9)

COM/2022/245 final.

(10)

COM/2021/429 final.

(11)

COM/2021/421 final, COM/2021/420 final, COM/2021/423 final agus Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).

(12)

COM/2023/257 final.

(13)

COM/2023/234 final.

(14)

Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016).

(15)

COM/2021/780 final.

(16)

Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (IO L 134, 22.5.2023).

(17)

COM/2021/784 final.

(18)

Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(19)

Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 118) agus

Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 181).

(20)

Rialachán (AE) 2023/1322 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 (IO L 166, 30.6.2023).

(21)

Arna mhaoiniú tríd an gCiste Slándála Inmheánaí, EUR 2 mhilliún do 2024-2025.

(22)

https://www.europol.europa.eu/media-press/newsroom/news/heat-rising-european-super-cartel-taken-down-in-six-countries  

(23)

  Staidreamh – MAOC (N) .

(24)

Cuireadh an SSMAE athbhreithnithe chuig an gComhairle lena fhormhuiniú

(25)

JOIN 2023/17 final

(26)

  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-12000-2023-INIT/en/pdf

(27)

Freagairt na hAfraice Thiar ar Chibearshlándáil agus ar Chomhrac na Cibearchoireachta (OCWAR-C), freagairt na hAfraice Thiar ar an gcomhrac i gcoinne an Sciúrtha Airgid agus maoiniú Sceimhlitheoireachta (OCWAR-M) agus freagairt na hAfraice Thiar ar Gháinneáil (OCWAR-T).

(28)

 An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair, Measúnú ar acmhainneacht calafort muirí agus intíre agus uiscebhealaí intíre agus ar bhearta beartais gaolmhara, lena náirítear bearta beartais tionsclaíocha – Tuarascáil chríochnaitheach, Oifig na bhFoilseachán, 2020, https://data.europa.eu/doi/10.2832/03796

(29)

https://www.europol.europa.eu/cms/sites/default/files/documents/Europol_Joint-report_Criminal%20networks%20in%20EU%20ports_Public_version.pdf

(30)

Ibid.

(31)

Rún ón gComhairle maidir le comhar custaim i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus an méid a chuireann sé le slándáil inmheánach an Aontais.

(32)

Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2021 lena mbunaítear an clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim (IO L 87, 15.3.2021).

(33)

Is foireann saineolaithe de chuid na mBallstát é CELBET (Foireann Saineolaithe Custaim Theorainneacha Talún an Oirthir agus an Oirdheiscirt) a bhailíonn an 11 Bhallstát teorainneacha talún thoir agus thoir theas (BG, FI, EE, EL, HR, HU, LT, LV, PL, SK, RO), agus a mhaoinítear faoin gclár Custaim. Bhí sé an-éifeachtach maidir le réitigh oibríochtúla a sholáthar ar an talamh, tá taithí chruthaithe aige ar chomhoibriú le húdaráis forfheidhmithe dlí eile agus ar deireadh áirithítear leis go ndéantar rialuithe custaim ar bhealach comhchuibhithe ag teorainn talún an Aontais.

(34)

Rialachán (AE) 2021/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (IO L 234, 2.7.2021).

(35)

Drugaí aindleathacha agus réamhtheachtaithe drugaí aindleathacha ag an teorainn á mbrath ag leictreabhraiteoirí an-bheachta | BorderSens | Tionscadal | Bileog eolais | H2020 | CORDIS | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

(36)

Féach Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú, IO 129/6 agus Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú (IO L310/28).

(37)

  The Other Side of the Coin: An Analysis of Financial and Economic Crime | Europol (europa.eu)

(38)

ST 8927/20, https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-8927-2020-INIT/ga/pdf .

(39)

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin maidir le comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a úsáid faoi chuimsiú sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, an Bhruiséil, 27.10.2022 (SWD/2022. 347 final).

(40)

https://www.europol.europa.eu/about-europol/european-financial-and-economic-crime-centre-efecc

(41)

https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/opportunities/topic-details/horizon-cl3-2024-fct-01-08  

(42)

COM/2023/3647 final

(43)

  https://www.ecteg.eu/

(44)

  https://www.eactda.eu/

(45)

An réamhbheart maidir le faireachán ar an idirlíon dorcha arna chomhordú ag an Aontas a chur chun feidhme chun gníomhaíochtaí coiriúla arna moladh ag Parlaimint na hEorpa a chomhrac, le rannpháirtíocht an EMCDDA chomh maith le Europol, i gcomhréir le straitéis agus plean gníomhaíochta an Aontais maidir le drugaí.

(46)

Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

(47)

Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (IO L 169, 27.6.2022, lch. 1).

(48)

Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008).

(49)

Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí (IO L 335, 11.11.2004, lch. 8).

(50)

COM/2020/ 606 final.

(51)

COM/2023/ 234 final.

(52)

  https://home-affairs.ec.europa.eu/policies/internal-security/cybercrime_en

(53)

  https://www.europol.europa.eu/publications-events/main-reports/socta-report

(54)

  EURIEC .

(55)

  Leathanach Baile - An Líonra Eorpach maidir leis an gCur Chuige Riaracháin .

(56)

Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha, IO L 22, 26.1.2005, lgh. 1–10 agus Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí, IO L 47, 18.2.2004.

(57)

Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005, lgh. 1 --10), agus Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004).

(58)

 COM/2020/ 768 final.

(59)

Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005, lgh. 1–) agus Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004).

(60)

COM/2017/ 250 final.

(61)

https://www.emcdda.europa.eu/publications/manuals/european-prevention-curriculum_en

(62)

 JOIN/2021/30 final

(63)

  SOLAS XI-2 agus Cód ISPS (imo.org) .

(64)

Cuireadh an SSMAE athbhreithnithe chuig an gComhairle lena fhormhuiniú.

(65)

Straitéis an Aontais maidir le Murascaill na Guine, an 17 Márta 2014, Comhairle an Aontais Eorpaigh https://www.consilium.europa.eu/media/28734/141582.pdf

(66)

An Cholóim, Eacuadór, Peiriú, an Bholaiv, an Airgintín, Paragua agus an Bhrasaíl.

(67)

  https://www.europol.europa.eu/publications-events/main-reports/socta-report

(68)

  https://www.europol.europa.eu/media-press/newsroom/news/heat-rising-european-super-cartel-taken-down-in-six-countries

(69)

Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach (ETS Uimh. 30), https://rm.coe.int/16800656ce

(70)

Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le hEiseachadadh (ETS Uimh. 24), https://rm.coe.int/1680064587  

(71)

Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú a dhéanamh ar na Fáltais ó Choireacht agus maidir le Maoiniú na Sceimhlitheoireachta (CTS Uimh. 198), https://rm.coe.int/168008371