An Bhruiséil,24.5.2023

COM(2023) 631 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn

Tuarascáil arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 126(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn

Tuarascáil arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 126(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

1.Réamhrá

1 Le hAirteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh leagtar síos an nós imeachta um easnamh iomarcach. Leagtar amach an nós imeachta sin a thuilleadh i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach, agus soiléiriú a dhéanamh air, ar cuid é den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Scrúdaítear sa tuarascáil seo, i gcomhréir le hAirteagal 126(3) den Chonradh, comhlíonadh na mBallstát le critéir easnaimh agus fiachais an Chonartha.

Na príomh-shonraí is bun agus is údar spreagtha leis an tuarascáil seo

Sa mheasúnú ar an gcritéar easnaimh, cuireann an Coimisiún an cóimheas easnaimh iarbhír 2022 agus an cóimheas atá beartaithe do 2023 san áireamh. Comhlíontar an critéar easnaimh faoi Airteagal 126 den Chonradh mura sáraíonn an t‑easnamh rialtais sa bhliain roimhe sin (2022) agus an t‑easnamh atá beartaithe don bhliain reatha (2023) 3 % de OTI. Má dhéanann ceachtar acu é sin, scrúdaíonn an Coimisiún an bhfuil laghdú mór agus leanúnach tagtha ar an gcóimheas easnaimh agus an dtagann sé gar don luach tagartha. Scrúdaíonn sé freisin an bhfuil an barrachas a sháraíonn an luach tagartha eisceachtúil agus sealadach amháin agus an bhfuil sé fós gar don luach tagartha (roinn 2). Breithnítear tosca ábhartha sa chás i) mura sáraíonn an t‑ollfhiachas rialtais 60 % de OTI nó ii) má sháraíonn an fiachas 60 % de OTI, ach go bhfuil an t‑easnamh gar do 3 % de OTI agus go bhfuil an barrachas os a chionn sealadach (roinn 4).

2 Comhlíontar an critéar fiachais mura sáraíonn an tollfhiachas 60 % de OTI ag deireadh na bliana roimhe sin (2022). Má sháraíonn sé 60 % de OTI, measann an Coimisiún an bhfuil an cóimheas fiachais ag laghdú go leordhóthanach agus ag druidim leis an luach tagartha ar luas sásúil tríd an tagarmharc laghdaithe fiachais a urramú (roinn 3). Ní phléitear sa tuarascáil seo na Ballstáit a urramaíonn an tagarmharc sin agus a chomhlíonann an critéar easnaimh. Cuirtear tosca ábhartha san áireamh i gcónaí agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh an chritéir fiachais (roinn 4).

3 Sa tuarascáil seo déantar comparáid idir an teasnamh rialtais agus caiteachas infheistíochta rialtais agus áirítear inti gach toisc ábhartha eile, lena náirítear riocht eacnamaíoch agus buiséadach meántéarmach na mBallstát.

Pléann an tuarascáil seo comhlíonadh na gcritéar easnaimh agus fiachais i 16 Bhallstát: an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn, ar na cúiseanna seo a leanas (féach Tábla 1 freisin):

-De réir na sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat an 21 Aibreán 2023 4 , sháraigh easnamh rialtais in 2022 3 % de OTI i 10 mBallstát: an Bheilg, an tSeicia, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, Málta, an Ostair agus an Pholainn 5 . Soláthraíonn na heasnaimh iarbhír do 2022 os cionn 3 % de OTI fianaise prima facie ar easnaimh iomarcacha sna Ballstáit sin 6 .

-Ina theannta sin, de réir na gClár um Chobhsaíocht agus um Chóineasú 2023 7 , tá sé beartaithe go sáróidh easnaimh rialtais sa Bhulgáir, sa Ghearmáin, san Eastóin, sa tSlóivéin agus sa tSlóvaic 3 % de OTI in 2023. Na heasnaimh sin atá beartaithe le haghaidh 2023 sna cláir sin is fianaise prima facie ar easnamh iomarcach sna 5 Bhallstáit sin iad.

-Sháraigh ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 60 % de luach tagartha OTI sa Bheilg, sa Ghearmáin, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Fhrainc, sa Chróit, san Iodáil, sa Chipir, san Ungáir, san Ostair, sa Phortaingéil, sa tSlóivéin agus san Fhionlainn. Sa Fhrainc, san Iodáil agus sanFhionlainn, níor urramaigh ollfhiachas rialtais an tagarmharc laghdaithe fiachais. Soláthraítear leis sin fianaise prima facie gurb ann d’easnamh iomarcach ar bhonn an chritéir fiachais sna trí Bhallstát sin.

Moltaí beartais i gcomhthéacs éiginnteachta atá ard i gcónaí

Tá athrú tagtha le blianta beaga anuas ar mholtaí maidir le beartas fioscach arna nglacadh ag an gComhairle chun freagairt don chomhthéacs eacnamaíoch atá ag athrú. Thug gníomhaíocht beartais chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta cosaint don tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar gheilleagair na mBallstát agus réitigh sé an bealach chun téarnamh láidir a bhaint amach. I gcoinne na timpeallachta nua a chruthaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, d’éirigh le geilleagar na hEorpa a dhrochthionchar a shrianadh, ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim fuinnimh a bhuíochas le héagsúlú tapa an tsoláthair agus titim shuntasach ar ídiú gáis.

Chuir gníomhachtú chlásal éalaithe ginearálta 8 an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis i mí an Mhárta 2020 tacaíocht fhioscach mhórscála ar fáil i ngach Ballstát mar fhreagairt ar phaindéim an choróinvíris. Cheadaigh sé do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun déileáil go leordhóthanach leis an ngéarchéim, agus iad ag imeacht ó roinnt ceanglas buiséadach a mbeadh feidhm acu de ghnáth faoi chreat fioscach an Aontais. In 2020 agus 2021, d’éirigh le gníomhaíocht chomhordaithe beartais tionchar maicreacnamaíoch phaindéim COVID-19 a mhaolú. In 2022, mhaolaigh beartas fioscach freisin tionchar sóisialta agus eacnamaíoch an ardaithe thobainn ar phraghsanna fuinnimh agus cheadaigh sé cúnamh daonnúil a sholáthar dóibh siúd a bhí ag teitheadh ón Úcráin. Mheas an Coimisiún go raibh na coinníollacha á gcomhlíonadh maidir leis an gclásal éalaithe ginearálta a choinneáil ar bun in 2023 agus maidir lena dhíghníomhachtú amhail ó dheireadh 2023 9 .

10 An 20 Iúil 2020, mhol an Chomhairle do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh in 2020 agus 2021 chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar phaindéim COVID-19, an geilleagar a chothabháil agus tacú leis an téarnamh ina dhiaidh sin. Moladh do na Ballstáit freisin, nuair is féidir é de réir na ndálaí eacnamaíocha, dul i mbun beartais fhioscacha arb éard is aidhm dóibh staideanna fioscacha stuama meántéarmacha a bhaint amach agus inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú, agus an infheistíocht á feabhsú san am céanna.

11 12 Bliain níos déanaí, an 18 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle treoir maidir le beartais fhioscacha dhifreáilte sna moltaí le haghaidh 2022: Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil cóimheasa fiachaisOTI ísle nó meánacha acu staid fhioscach thacúil a shaothrú nó a choinneáil ar bun, agus ba cheart do na Ballstáit a bhfuil leibhéal cóimheasa fiachais arda acu an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a úsáid chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú chun tacú leis an téarnamh, agus beartas fioscach stuama á shaothrú acu ag an am céanna. Moladh do na Ballstáit uile an infheistíocht arna maoiniú ar bhonn náisiúnta a chaomhnú. De mheon comhchosúil, iarradh sa Mholadh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro staid fhioscach measartha tacúil a choinneáil in 2022 ar fud an limistéir euro, agus buiséid náisiúnta agus an maoiniú a sholáthraíonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta araon á gcur san áireamh. Moladh idirdhealú a dhéanamh idir beartais fhioscacha agus neart an téarnaimh, lena náirithítear an gá atá le hinbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú agus le hinfheistíochtaí a fheabhsú, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le héagsúlachtaí a laghdú i measc na mBallstát.

Tábla 1: Staid na mBallstát i leith luachanna tagartha easnaimh agus fiachais an Chonartha

Easnamh iarbhír 
nach mó ná () / is mó ná () 
3 % de OTI in 2022

An teasnamh atá beartaithe 
nach mó ná () / is mó ná () 
3 % de OTI in 2023

Cóimheas fiachais nach mó ná () 60 % de OTI ag deireadh 2022 / is mó ná 60 % de OTI ach an tagarmharc laghdaithe fiachais á urramú () / 
gan an tagarmharc laghdaithe fiachais á urramú ()

An Bheilg

An Bhulgáir

✓✓

An tSeicia

✓✓

An Ghearmáin

An Eastóin

✓✓

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

an Laitvia

✓✓

An Ungáir

Málta

✓✓

An Ostair

An Pholainn

✓✓

An tSlóivéin

An tSlóvaic

✓✓

An Fhionlainn

iontráil mheabhráin: Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo

 

An Danmhairg

✓✓

Éire

✓✓

An Ghréig

An Chróit

An Chipir

an Liotuáin

✓✓

Lucsamburg

✓✓

An Ísiltír

✓✓

An Phortaingéil

An tSualainn

✓✓

An Rómáin*

✓✓

(*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020.

Foinse: Eurostat, réamhaisnéis an earraigh, 2023 ón gCoimisiún agus na Cláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú, 2023

13 An 12 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle arís treoir maidir le beartas fioscach difreáilte le haghaidh 2023. Iarradh ar na Ballstáit a bhfuil cóimheasa fiachaisOTI ísle agus meánacha acu a áirithiú go raibh fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le staid beartais atá neodrach ar an mórgóir. Moladh do na Ballstáit ag a bhfuil ardleibhéal fiachais beartas fioscach stuama a áirithiú trí theorainn a chur le fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta faoi bhun an fháis aschuir a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma. I ndiaidh 2023, iarradh ar na Ballstáit ag a bhfuil ardleibhéal fiachais laghdú fiachais inchreidte agus de réir a chéile a áirithiú trí chomhdhlúthú, infheistíocht agus athchóirithe de réir a chéile. Moladh do na Ballstáit go léir a bheith réidh chun an caiteachas reatha a choigeartú don staid atá ag teacht chun cinn, chun infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh na naistrithe glasa agus digiteacha agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus chun staideanna fioscacha stuama meántéarmacha a bhaint amach tar éis 2023.

14 An 16 Bealtaine 2023, iarradh sa Mholadh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro go staonfaí ó thacaíocht leathanbhunaithe go dtí éileamh comhiomlán, agus go ndíreofaí ar bhealach níos fearr ar bhearta fioscacha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar praghsanna arda fuinnimh ar theaghlaigh leochaileacha agus ar chuideachtaí inmharthana. Iarradh ar na Ballstáit inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus tasc an bheartais airgeadaíochta a éascú chun a áirithiú go dtabharfar boilsciú ar ais go tráthúil chuig sprioc mheántéarmach 2 % BCE. Iarradh sa mholadh straitéisí fioscacha meántéarmacha atá difreáilte go hiomchuí a shainiú, trí chomhdhlúthú de réir a chéile agus inbhuanaithe, chomh maith le trí infheistíochtaí agus athchóirithe, chun staideanna fioscacha stuama meántéarmacha a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit acmhainneacht fáis a ngeilleagar a ardú, ardleibhéal infheistíochta poiblí a chothú agus infheistíochtaí príobháideacha a chur chun cinn, a bhfuil gá leo chun athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a threisiú agus chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Ina Theachtaireacht an 8 Márta 2023 i ndáil le treoir maidir le beartas fioscach le haghaidh 2024, 15 d’fhógair an Coimisiún cheana nach molfadh sé nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a oscailt in earrach na bliana 2023, agus an éiginnteacht ard atá ann i gcónaí maidir leis an ionchas maicreacnamaíoch agus buiséadach ag an bpointe seo á cur san áireamh.

Molfaidh an Coimisiún don Chomhairle go n‑osclófar nósanna imeachta um easnamh iomarcach in earrach na bliana 2024 bunaithe ar na sonraí olltoraidh don bhliain 2023.



2.Critéar easnaimh

An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic, sháraigh siad an an luach tagartha easnaimh in 2022 nó tá sé beartaithe acu é a shárú in 2023.

I gcás na mBallstát sin uile, maidir leis na heasnaimh a sháraíonn an luach tagartha in 2022, nó atá beartaithe é a shárú in 2023, is easnaimh eisceachtúla iad. In 2022, maidir leis na bearta a rinne na Ballstáit chun maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na bpraghsanna fuinnimh agus chun cúnamh daonnúil a sholáthar dóibh siúd atá ag teitheadh ón Úcráin i ndiaidh ionradh na Rúise, is bearta iad a rannchuidigh leis na heasnaimh arda. Is imeachtaí neamhghnácha iad an méadú ar phraghsanna fuinnimh agus an chabhair dhaonnúil nach bhfuil neart ag na Ballstáit orthu agus a bhfuil mórthionchar acu ar staid airgeadais an rialtais ghinearálta. Cé gur thit costas bhearta éigeandála sealadacha COVID-19 in 2022, d’fhan costas na mbeart sin mór in go leor Ballstát agus bhí tionchar an choir chun donais eacnamaíoch a spreag ráig phaindéim COVID-19 fós le feiceáil in airgeadas poiblí fhormhór na mBallstát.

Bhí na heasnaimh rialtais os cionn agus gan a bheith gar don luach tagartha in 2022 sa Bheilg, sa tSeicia, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, sa Laitvia, san Ungáir, i Málta agus sa Pholainn (féach Tábla 2).

San Ostair, bhí an t‑easnamh rialtais os cionn ach gar don luach tagartha in 2022 agus tá sé beartaithe sa Chlár Cobhsaíochta é a bheith os cionn ach gar don luach tagartha in 2023, agus meastar fiú i réamhaisnéis an Choimisiúin easnamh faoi 3 % de OTI.

Sa Bhulgáir, sa Ghearmáin, san Eastóin, sa tSlóivéin agus sa tSlóvaic chonacthas easnaimh rialtais gan a bheith os cionn luach tagartha an Chonartha in 2022, ach tuairiscítear sna tíortha sin easnaimh os cionn agus gan a bheith gar do 3 % de OTI atá beartaithe in 2023. Deimhnítear é sin le réamhaisnéis an Choimisiúin i gcás na Bulgáire, na Slóivéine agus na Slóvaice. Maidir leis an nGearmáin, léiríonn réamhaisnéis an Choimisiúin cóimheas easnaimh faoi bhun 3 % de OTI in 2023, agus i gcás na hEastóine tá réamhaisnéisí an Choimisiúin le haghaidh easnaimh os cionn an luacha tagartha ach gar dó.

De réir réamhaisnéisí an Choimisiúin, táthar ag tuar nach sáróidh easnaimh rialtais sa tSeicia, sa Ghearmáin, san Eastóin, sa Laitvia, san Ostair agus sa tSlóivéin 3 % de OTI in 2024. Dá bhrí sin, meastar go mbeidh na heasnaimh sa bhreis ar an luach tagartha sealadach. Tá na réamhaisnéisí easnaimh seo don bhliain 2024 bunaithe ar thoimhde gan aon athrú beartais a bheith ann.

Mar achoimre, tugann an anailís seo le fiost nach bhfuil an critéar easnaimh á chomhlíonadh ag 14 Bhallstát sula mbreithnítear na tosca ábhartha: An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, as Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. Ina áit sin, urramaíonn an Ostair an critéar easnaimh, toisc go bhfuil an barrachas a sháraíonn an luach tagartha eisceachtúil agus sealadach, agus go bhfanann an t‑easnamh gar don luach tagartha.

Tábla 2: Comhardú ginearálta na rialtas

Céatadán de OTI

 

2019

2020

2021

2022

2023 SCP

2023

2024

An Bheilg

-2,0

-9,0

-5,5

-3,9

-5,1

-5,0

-4,7

An Bhulgáir

2,1

-3,8

-3,9

-2,8

-6,1

-4,8

-4,8

An tSeicia

0,3

-5,8

-5,1

-3,6

-3,5

-3,6

-3,0

An Ghearmáin

1,5

-4,3

-3,7

-2,6

-4 ¼

-2,3

-1,2

An Eastóin

0,1

-5,5

-2,4

-0,9

-4,3

-3,1

-2,7

An Spáinn

-3,1

-10,1

-6,9

-4,8

-3,9

-4,1

-3,3

an Fhrainc

-3,1

-9,0

-6,5

-4,7

-4,9

-4,7

-4,3

an Iodáil

-1,5

-9,7

-9,0

-8,0

-4,5

-4,5

-3,7

an Laitvia

-0,6

-4,4

-7,1

-4,4

-4,0

-3,8

-2,7

an Ungáir

-2,0

-7,5

-7,1

-6,2

-3,9

-4,0

-4,4

Málta

0,5

-9,7

-7,8

-5,8

-5,0

-5,1

-4,5

an Ostair

0,6

-8,0

-5,8

-3,2

-3,2

-2,4

-1,3

an Pholainn

-0,7

-6,9

-1,8

-3,7

-4,7

-5,0

-3,7

an tSlóivéin

0,7

-7,7

-4,6

-3,0

-4,1

-3,7

-2,9

an tSlóvaic

-1,2

-5,4

-5,4

-2,0

-6,3

-6,1

-4,8

an Fhionlainn

-0,9

-5,6

-2,8

-0,9

-2,6

-2,6

-2,6

iontráil mheabhráin: Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo

 

 

 

An Danmhairg

4,1

0,2

3,6

3,3

NA

2,3

1,3

Éire

0,5

-5,0

-1,6

1,6

1,8

1,7

2,2

An Ghréig

0,9

-9,7

-7,1

-2,3

-1,8

-1,3

-0,6

An Chróit

0,2

-7,3

-2,5

0,4

-0,7

-0,5

-1,3

An Chipir

1,3

-5,8

-2,0

2,1

2,0

1,8

2,1

an Liotuáin

0,5

-6,5

-1,2

-0,6

-2,2

-1,7

-1,4

Lucsamburg

2,2

-3,4

0,7

0,2

-1,5

-1,7

-1,5

An Ísiltír

1,8

-3,7

-2,4

0,0

-3,0

-2,1

-1,7

An Phortaingéil

0,1

-5,8

-2,9

-0,4

-0,4

-0,1

-0,1

An tSualainn

0,6

-2,8

0,0

0,7

-0,4

-0,9

-0,5

An Rómáin*

-4,3

-9,2

-7,1

-6,2

-4,4

-4,7

-4,4

(*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020.

Foinse: Eurostat, cláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú na mBallstát (2023 SCP) agus réamhaisnéis an earraigh, 2023 ón gCoimisiún 

3.Critéar fiachais

I measc na dtíortha a phléitear sa tuarascáil seo, ba mhó ná 60 % de OTI an tollfhiachas rialtais i 9 mBallstát ag deireadh 2022: an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, an Ostair, an tSlóivéin agus an Fhionlainn (féach Tábla 3) 16 . I gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, tháinig laghdú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais sna Ballstáit sin uile seachas san Fhionlainn. 

Tábla 3: Ollfhiachas ginearálta rialtais

Céatadán de OTI

 

2019

2020

2021

2022

2023

2024

An Bheilg

97,6

112,0

109,1

105,1

106,0

107,3

An Bhulgáir

20,0

24,5

23,9

22,9

25,0

28,1

An tSeicia

30,0

37,7

42,0

44,1

42,9

43,1

An Ghearmáin

59,6

68,7

69,3

66,3

65,2

64,1

An Eastóin

8,5

18,5

17,6

18,4

19,5

21,3

An Spáinn

98,2

120,4

118,3

113,2

110,6

109,1

an Fhrainc

97,4

114,6

112,9

111,6

109,6

109,5

an Iodáil

134,1

154,9

149,9

144,4

140,4

140,3

an Laitvia

36,5

42,0

43,7

40,8

39,8

40,5

an Ungáir

65,3

79,3

76,6

73,3

70,7

71,1

Málta

40,3

52,9

55,1

53,4

54,8

56,1

an Ostair

70,6

82,9

82,3

78,4

75,4

72,7

an Pholainn

45,7

57,2

53,6

49,1

50,5

53,0

an tSlóivéin

65,4

79,6

74,5

69,9

69,1

66,6

an tSlóvaic

48,0

58,9

61,0

57,8

58,3

58,7

an Fhionlainn

64,9

74,7

72,6

73,0

73,9

76,2

iontráil mheabhráin: Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo

 

 

An Danmhairg

33,7

42,2

36,7

30,1

30,1

28,8

Éire

57,0

58,4

55,4

44,7

40,4

38,3

An Ghréig

180,6

206,3

194,6

171,3

160,2

154,4

An Chróit

71,0

87,0

78,4

68,4

63,0

61,8

An Chipir

90,8

113,8

101,2

86,5

80,4

72,5

an Liotuáin

35,8

46,3

43,7

38,4

37,1

36,6

Lucsamburg

22,4

24,5

24,5

24,6

25,9

27,0

An Ísiltír

48,5

54,7

52,5

51,0

49,3

48,8

An Phortaingéil

116,6

134,9

125,4

113,9

106,2

103,1

An tSualainn

35,5

39,8

36,5

33,0

31,4

30,7

An Rómáin*

35,1

46,9

48,6

47,3

45,6

46,1

(*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020.

Foinse: Eurostat agus réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún 

Léiríonn na sonraí gur urramaíodh an tagarmharc laghdaithe fiachais sa Bheilg, sa Ghearmáin, sa Spáinn, san Ungáir, san Ostair agus sa tSlóivéin, in 2022 (féach Tábla 4). Ní dhearna an Fhrainc, an Iodáil, agus an Fhionlainn an tagarmharc a urramú. Mar a luaitear sa Teachtaireacht uaidh an 2 Márta 2022 agus de réir thuarascáil 126.3 na bliana roimhe seo, measann an Coimisiún, laistigh dá mheasúnú ar na tosca ábhartha uile, go bhféadfaí a thabhairt le tuiscint le comhlíonadh an tagarmhairc laghdaithe fiachais go mbeadh iarracht fhioscach ró-éilitheach tús‑ualaithe ann a d’fhéadfadh an fás eacnamaíoch a chur i mbaol. Dá bhrí sin, is é tuairim an Choimisiúin nach gá an tagarmharc laghdaithe fiachais a chomhlíonadh faoi na dálaí eacnamaíocha reatha.

Mar achoimre, tugann an anailís le fios dá bhrí sin, i measc na mBallstát a phléitear sa tuarascáil seo, go gcomhlíonann an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Ungáir, an Ostair agus an tSlóivéin an critéar fiachais, agus gur cosúil nár chomhlíon an Fhrainc, an Iodáil agus an Fhionlainn é, sula mbreithnítear na tosca ábhartha.

Tábla 4: Bearna chomh fada leis an tagarmharc laghdaithe fiachas*

Ciallaíonn bearna dhiúltach go bhfuil an tagarmharc laghdaithe fiachais á chomhlíonadh

Céatadán de OTI

 

2021

2022

2023f

2024f

An Bheilg

2,0

-0,7

2,0

5,1

An Ghearmáin

-2,0

-2,1

-2,0

-2,1

An Spáinn

n.r.

-6,2

-1,1

0,4

an Fhrainc

1,7

1,4

1,7

3,2

an Iodáil

-0,5

1,8

-0,5

3,8

an Ungáir

-4,0

-3,3

-4,0

-2,5

an Ostair

-3,7

-4,1

-3,7

-4,1

an tSlóivéin

-3,9

-3,4

-3,9

-3,4

an Fhionlainn

1,8

0,4

1,4

1,4

iontráil mheabhráin: Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo

An Ghréig

-17,3

-10,4

-17,3

-9,3

An Chróit

-12,9

-8,7

-12,9

-6,9

An Chipir

-15,8

-13,8

-15,8

-13,8

An Phortaingéil

-11,9

-11,4

-11,9

-6,4

Foinse: Réamhaisnéis an earraigh, 2023 ón gCoimisiún agus ríomhanna an Choimisiúin.

r: réamhaisnéis

* De réir Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle, meastar go bhfuil an cóimheas ollfhiachais rialtais ag laghdú a dhóthain agus ag druidim le 60 % de luach tagartha OTI ar luas sásúil má tá laghdú tagtha ar an difreálach i ndáil leis an luach tagartha le trí bliana roimhe sin a bhfuil sonraí ar fáil ina leith ag meánráta aon fhichiú cuid ar a laghad in aghaidh na bliana. Meastar go bhfuil an ceanglas comhlíonta freisin má léiríonn réamhaisnéisí buiséadacha an Choimisiúin go dtarlóidh an laghdú is gá ar an difreálach thar an tréimhse trí bliana lena gcuimsítear an dá bhliain tar éis na bliana deiridh a bhfuil na sonraí ar fáil ina leith. Agus tagarmharc coigeartaithe an chóimheasa fiachais á chur chun feidhme, cuirtear tionchar an timthrialla ghnó ar luas an laghdaithe fiachais san áireamh freisin.

I gcás na mBallstát a bhfuil fiachas acu is mó ná 60 % de OTI, déantar an tagarmharc laghdaithe fiachais a ríomh thar thréimhse trí bliana, faoi roghanna éagsúla: siar-bhreathnaitheach, réamh-bhreathnaitheach agus coigeartú don timthriall (féach Vade Mecum ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis – eagrán 2019, European Economy-Institutional Papers, 101) . Léirítear sa tábla an difríocht íosta idir an cóimheas (iarbhír agus coigeartaithe go timthriallach) idir cóimheas fiachasOTI agus an tagarmharc/na tagarmharcanna fiachais (siar-bhreathnaitheach agus réamh-bhreathnaitheach). I gcás go bhfuil an luach dhiúltach, comhlíonann an cóimheas fiachaisOTI an tagarmharc laghdaithe fiachais. Sa chás sin, tháinig laghdú ar an difreálach i leith an luacha tagartha thar thréimhse trí bliana (réamh-bhreathnaitheach nó siar-bhreathnaitheach) ar ráta meánach ar an laghad 1/20ú.

4.Tosca ábhartha agus anailís á déanamh ar chomhlíontacht leis na critéir easnaimh agus fiachais

Le hAirteagal 126(3) den Chonradh déantar foráil nach mór don tuarascáil seo ‘a chur san áireamh freisin cé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn an t‑easnamh rialtais caiteachas infheistíochta rialtais maille le gach toisc ábhartha eile lena n‑áirítear riocht eacnamaíoch agus buiséadach meántéarmach an Bhallstáit’. Déantar na tosca sin a shoiléiriú a thuilleadh in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, lena bhforáiltear freisin gur gá aird chuí a thabhairt ar “aon toisc eile atá, i dtuairim an Bhallstáit lena mbaineann, ábhartha chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar easnaimh agus fiachais agus ar tosca iad a bhfuil an Ballstát tar éis a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún”. Go háirithe, cuirtear in iúl leis an Airteagal sin gur féidir an suíomh meántéarmach fiachais a chur san áireamh mar thoisc ábhartha.

Dá bhrí sin, i dteannta na dtosca ábhartha idir tíortha (roinn 4.1), cuirtear tosca ábhartha a bhaineann go sonrach le tír (roinn 4.2) san áireamh. Áirítear ar na tosca ábhartha a bhaineann go sonrach le tír an riocht eacnamaíoch meántéarmach, an riocht buiséadach meántéarmach (lena náirítear an infheistíocht phoiblí), an riocht fiachais meántéarmach, cé acu atá nó nach bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha nó míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha ag fearadh ar an mBallstát, 17  agus aon toisc eile arna gcur ar aghaidh ag na Ballstáit.

Mar a mhínítear cheana faoi 1 agus mar a shonraítear le hAirteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, a mhéid a bhaineann leis na critéir easnaimh a chomhlíonadh, féadfar na tosca ábhartha a chur san áireamh le linn na gcéimeanna as a dtiocfaidh an cinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann ar bhonn na gcritéar easnaimh, ach amháin más rud é:

a)nach sáraíonn an cóimheas ollfhiachais rialtaisOTI luach tagartha 60 %,

b)i gcás ina sáraíonn amhlaidh, go sásaítear coinníoll dúbailte – i.e. go bhfanann an teasnamh gar don luach tagartha agus nach sáraíonn sé an luach tagartha ach ar bhonn sealadach.

As measc na mBallstát a sháraigh an luach tagartha easnaimh in 2022, nó atá beartaithe an luach sin a shárú in 2023, níor sáraíodh an cóimheas fiachais luach tagartha 60 % de OTI i gcás seacht mBallstát: an Bhulgáir, an tSeicia, an Eastóin, an Laitvia, Málta, an Pholainn agus an tSlóvaic. Dá bhrí sin, is féidir na tosca ábhartha a chur san áireamh do na seacht mBallstát sin.

Sna hocht mBallstát eile a sháraíonn, nó atá beartaithe an luach tagartha easnaimh 3 % de OTI a shárú – i.e. an Bheilg, an Ghearmáin 18 , an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, an Ostair agus an tSlóivéin – ní chomhlíontar an coinníoll dúbailte is gá chun tosca ábhartha a chur san áireamh (gar agus sealadach) ach san Ostair amháin, ionas gur féidir tosca ábhartha a chur san áireamh don Ostair freisin.

Mar a mhínítear cheana faoi 1 agus mar a shonraítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, maidir le comhlíonadh an chritéir fiachais, cuirfear tosca ábhartha san áireamh i gcónaí.

Anseo thíos pléitear na tosca ábhartha fiú le haghaidh tíortha nach féidir iad a chur san áireamh le linn na gcéimeanna as a dtiocfaidh an cinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann ar bhonn na gcritéar easnaimh.

4.1.Tosca ábhartha tírshonracha

Le blianta beaga anuas, tá an tAontas buailte ag sraith turraingí diúltacha. Príomh-thoisc atá le cur san áireamh i gcás na mBallstát uile a chumhdaítear sa tuarascáil seo is ea an tionchar maicreacnamaíoch a d’imir an méadú mór ar phraghsanna fuinnimh, agus ionradh na Rúise ar an Úcráin. D’eascair neamhchinnteacht eacnamaíoch neamhghnách as an gcogadh in 2022 agus 2023. Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na geilleagair is neamhchosanta, mar gheall ar a ghaireacht gheografach don chogadh agus toisc go mbhraitheann sé go mór ar allmhairí breoslaí iontaise. Chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin praghsanna amhábhar agus bia eile chun cinn, agus chuir sé isteach ar an soláthar. In 2022, rinne suaitheadh na dtéarmaí trádála 19 a bhealach tríd an ngeilleagar, rud a d’fhág, i measc nithe eile, go raibh creimeadh géar ar chumhacht ceannaigh teaghlach, rud a d’athraigh meon na dtomhaltóirí go mór. Ghlac na Ballstáit sraith beart fioscach chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, le héifeacht shuntasach ar chothromaíocht an rialtais ghinearálta. Mar gheall ar an ngá le freagairt thapa beartais, níor díríodh ar go leor de na bearta sin agus níor chaomhnaigh siad an comhartha praghais. Meastar gurb é 1,2 % de OTI glanchostas buiséadach na mbeart sin in 2022 agus méid comhchosúil in 2023 20 . Bhí tionchar ag an gcostas buiséadach a bhaineann le cosaint shealadach do dhaoine easáitithe ón Úcráin ar chomhardú ginearálta an rialtais ghinearálta, a mheastar a bheith ag 0,1 % de OTI in 2022 agus 2023. Cuirtear brú ar an airgeadas poiblí mar thoradh ar na tosca sin go léir.

Ní mór a chur san áireamh freisin gur tharla an cur isteach sin nuair a bhí geilleagar na hEorpa fós ag téarnamh ó thionchar eacnamaíoch agus buiséadach phaindéim COVID-19, agus nuair a tháinig méadú mór ar chóimheasa fiachais phoiblí mar thoradh ar an bpaindéim.

Is toisc eile é boilsciú ard nach mór a chur san áireamh, ós rud é gur féidir leis a bheith ina ualach ar airgeadas poiblí sa mheántéarma ar deireadh. In 2022, bhí an méadú ar phraghas fuinnimh agus tráchtearraí eile ag cur leis an mboilsciú ard, rud a leathnaigh le himeacht ama ar fud an gheilleagair. Meastar go mbeidh an boilsciú ard fós ann in 2023. Sa ghearrthéarma d’fhéadfadh boilsciú ard feabhas a chur ar chuntais na rialtas, trí ioncam cánach a mhéadú, agus na cóimheasa fiachais‑OTI a laghdú. Mar sin féin, d’fhéadfadh nach mairfeadh feabhas i bhfad de réir mar a théann an méadú ar bhailiú cánach i léig, bíonn tionchar ag an leibhéal níos airde praghsanna sa chaoi go mbíonn moill ar mhíreanna caiteachais, agus bíonn an méadú ar rátaí úis ina ualach fiachais níos mó ar luas ag brath ar mheánaibíocht an fhiachais. Chomh maith leis sin toisc go raibh an boilsciú á thiomáint den chuid is mó ag tosca soláthair is fearr iarratais ar bhearta cúitimh, rud a d’fhéadfadh – mura mbeadh sé dírithe ar na grúpaí is leochailí – a bheith ina chúis le tacaíocht fhioscach leathanbhunaithe agus seasamh forleathnaitheach iomarcach, rud a d’fhágfadh go mbeadh tasc an bhainc cheannais boilsciú a laghdú níos deacra, agus ar deireadh thiar go gcuirfeadh sé le beartas airgeadaíochta níos déine agus rátaí úis ag fanacht níos airde ar feadh níos faide.

Tá athrú drámata curtha ag an gcogadh ar chúrsaí, trí bristeacha nua sa soláthar domhanda a thabhairt isteach, rud a chuireann borradh faoi bhrúnna praghsanna earraí agus a mhéadaíonn ar an éiginnteacht. De réir na réamhaisnéise ón gCoimisiún, meastar go dtiocfaidh moill ar fhás OTI san Aontas ó leibhéal measta 3,5 % in 2022 go dtí 1 % in 2023 agus ansin 1,7 % in 2024. In ainneoin brúnna praghsanna ag leathnú, meastar go laghdóidh an boilsciú ó 9,2 % in 2022 go 6,7 % in 2023 agus 3,1 % in 2024.

Ar an iomlán, tá an beartas fioscach san Aontas ag casadh ó staid fhioscach thacúil go staid fhioscach atá beagán craptha. Maidir leis an staid fhioscach 21 san Aontas trí chéile – lena náirítear caiteachas poiblí arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 22 agus ag cistí eile an Aontais – meastar é a bheith forleathnaitheach go dtí 1,9 % de OTI in 2022 agus 0,4 % in 2023. In 2022, tháinig laghdú ar an easnamh rialtais don Aontas Eorpach agus don limistéar euro ina iomláine go dtí 3,4 % de OTI agus 3,6 % faoi seach (ar laghdú thart ar 1.5 pointe céatadáin de OTI iad sa dá chás). Meastar go leanfaidh sé air ag laghdú go dtí 3,1 % agus 3,2 % de OTI in 2023 don Aontas Eorpach agus don limistéar euro ina iomláine 23 . Táthar ag tuar go laghdóidh an teasnamh rialtais tuilleadh in 2024 go dtí 2,4 % de OTI.

Tharla an laghdú san easnamh in 2022 mar thoradh go príomha ar an téarnamh eacnamaíoch agus ar scaoileadh cuid mhór den bheartas tacaíochta lánroghnach a gníomhachtaíodh chun éifeachtaí éigeandáil phaindéim COVID-19 a chomhrac. Thairis sin, bhí forbairtí ioncaim fabhrach in 2022. In 2023, beidh forbairtí easnaimh i measc na mBallstát a mheastar sa tuarascáil seo níos éagsúla, toisc go bhfuiltear ag tuar go méadóidh an cóimheas easnaimh don Bheilg, don Bhulgáir, don Eastóin, don Pholainn, don tSlóivéin, don tSlóvaic agus don Fhionlainn, go bhfanfaidh siad seasmhach sa tSeicia agus sa Fhrainc, agus go laghdóidh siad sa Ghearmáin, sa Spáinn, san Iodáil, sa Laitvia, san Ungáir, i Málta agus san Ostair.

Faoi mar atá i gcás an treochta chun easnaimh a laghdú agus an téarnamh eacnamaíoch, táthar ag tuar go dtiocfaidh laghdú ar an ollfhiachas rialtais le linn an ionchais réamhaisnéise don Aontas Eorpach agus don limistéar euro ina iomláine. Thit cóimheas fiachas‑OTI san Aontas ó 89,5 % in 2021 go dtí 85,3 % in 2022 (97,3 % agus 93,2 % don limistéar euro, faoi seach), agus táthar ag tuar go laghdóidh sé tuilleadh go dtí 83,4 % agus 82,6 % in 2023 agus 2024 (90,8 % agus 89,9 % don limistéar euro, faoi seach). As measc na mBallstát a áirítear sa tuarascáil seo, níor laghdaigh an cóimheas ollfhiachais rialtais in 2022 le haghaidh na hEastóine, na Seicia, agus na Fionlainne.

4.2.Tosca ábhartha tírshonracha

Soláthraítear measúnú sa roinn seo ar na tosca ábhartha tírshonracha. Áirítear ar na tosca sin an t‑ionchas maicreacnamaíoch meántéarmach, an riocht buiséadach meántéarmach (lena n‑áirítear an infheistíocht phoiblí; féach Tábla 5), an suíomh fiachais meántéarmach, cé acu atá nó nach bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha nó míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha ag fearadh ar an mBallstát, agus aon toisc ábhartha eile arna cur ar aghaidh ag na Ballstáit.

Tábla 5: Infheistíocht phoiblí

Céatadán de OTI

 

2019

2020

2021

2022

2023

2024

An Bheilg

2,6

2,7

2,7

2,7

2,9

3,1

An Bhulgáir

3,3

3,3

2,6

3,0

3,8

3,0

An tSeicia

4,4

4,8

4,7

4,6

4,7

4,3

An Ghearmáin

2,4

2,7

2,6

2,6

2,7

2,9

An Eastóin

5,0

5,7

5,6

5,2

5,0

4,8

An Spáinn

2,2

2,6

2,7

2,8

2,9

2,9

an Fhrainc

3,7

3,7

3,6

3,7

3,7

3,8

an Iodáil

2,3

2,6

2,9

2,7

3,1

3,5

an Laitvia

5,1

5,7

5,2

3,8

5,5

6,1

an Ungáir

6,3

6,5

6,3

5,3

5,3

5,1

Málta

3,8

4,2

3,8

3,3

3,8

3,1

an Ostair

3,1

3,3

3,6

3,3

3,4

3,3

an Pholainn

4,3

4,5

4,1

4,0

4,1

4,2

an tSlóivéin

3,8

4,1

4,7

5,2

6,1

5,0

an tSlóvaic

3,6

3,4

3,1

3,3

4,9

4,1

an Fhionlainn

4,4

4,8

4,2

4,1

4,5

4,4

iontráil mheabhráin: Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo

 

 

An Danmhairg

3,2

3,6

3,4

3,1

3,3

3,2

Éire

2,3

2,3

2,0

2,0

2,0

2,0

An Ghréig

2,5

3,1

3,6

3,5

3,9

4,6

An Chróit

4,3

5,5

4,7

3,8

4,7

4,6

An Chipir

2,5

2,8

2,7

2,6

3,0

2,8

an Liotuáin

3,1

4,4

3,1

3,0

3,6

3,6

Lucsamburg

4,1

4,7

4,1

4,1

4,3

4,3

An Ísiltír

3,4

3,7

3,4

3,2

3,3

3,3

An Phortaingéil

1,8

2,3

2,6

2,5

3,1

3,2

An tSualainn

4,9

5,0

4,8

4,9

4,9

4,8

An Rómáin*

3,5

4,6

4,2

4,2

5,2

4,4

(*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020.

Foinse: Eurostat agus réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún 

Cé go bhfuil faisnéis thábhachtach faoin riocht maicreacnamaíoch meántéarmach ar áireamh sna ranna tírshonracha, lena náirítear faisnéis maidir le rannchuidithe le fás, agus ar na riochtaí meántéarmacha buiséadacha agus fiachais, is féidir tuilleadh sonraí faoin ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach a fháil i réamhaisnéis an earraigh, 2023 ón gCoimisiún. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis na bearta buiséadacha, an staid fhioscach 24 agus an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais i gcás gach Ballstáit a phléitear ina dhiaidh seo thíos ar áireamh sna Moltaí ón gCoimisiún le haghaidh Moltaí ón gComhairle lena soláthraítear Tuairimí maidir leis na Cláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú, 2023 agus sna Táblaí Staidrimh Fioscacha, agus i dTuarascálacha Tíre 2023.  25  

4.2.1.An Bheilg

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 5,4 % in 2020, tháinig fás 6,3 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 3,2 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh geilleagar an Aontais 1,2 % in 2023 agus 1,4 % in 2024. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 9 % in 2020 go 5,5 % de OTI in 2021 agus 3,9 % in 2022. Táthar ag tuar go leathnóidh sé go 5 % agus 4,7 % de OTI in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis dó méadú go dtí 2,7 % de OTI in 2020, d’fhan an infheistíocht rialtais cobhsaí in 2021 agus 2022. Táthar ag tuar go méadóidh sé go 2,9 % de OTI in 2023.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, ba thacúil an staid fhioscach in 2022, agus í ag -2 % de OTI. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Bheilg de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF). Bá é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 0,2 % de OTI in 2022 (0,2 % de OTI in 2021). Rannchuidigh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach ar bhealach neodrach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an Bheilg an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú fairsingiúcháin de 1.9 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Ní raibh rannchuidiú fairsingiúcháin shuntasach an chaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta ach i bpáirt mar gheall ar na bearta beartais fhioscaigh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh, chomh maith leis na costais chun cosaint shealadach a thairiscint do dhaoine easáitithe ón Úcráin. Dá bhrí sin, níor chuir an Bheilg teorainn leordhóthanach leis an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach fhorleathnaitheach a bheidh ann (-1,1 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú fairsingiúcháin 0,7 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh méaduithe 0,1 % de OTI ar phraghsanna fuinnimh. Dá bhrí sin, níl fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta de bhreis ar an bhfás ionchasach meántéarmach aschuir mar gheall ar an tacaíocht spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Tá an fás forleathnaitheach ar chaiteachas príomhshrutha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim) á thiomáint freisin ag méaduithe buana ar phá agus sochair shóisialta na hearnála poiblí (mar gheall ar innéacsú phá na hearnála poiblí agus sochar sóisialta), caiteachas reatha atá ag ardú go struchtúrach mar thoradh ar aosú déimeagrafach, agus athchóiriú ar chánachas conartha fuinnimh chónaithe, agus mar gheall ar laghdú sealadach ar ranníocaíochtaí sóisialta gnólachta le linn an chéad leath de 2023. Mar achoimre, níl fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar gurb ionann an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 0,3 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.1 pointe céatadáin don staid fhioscach.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 97,6 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 112 % ag deireadh 2020. Ba é 105,1 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 106 % agus 107,3 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach.

Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir an réamhmheastacháin bhunlíne 10 mbliana, thiocfadh méadú beag ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais go dtí thart ar 126 % de OTI in 2033. Tá conair bhunlíne an fhiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, is dócha go mbeadh an cóimheas fiachais in 2027 níos mó ná mar a bhí sé in 2022.

Tá imthosca eile ábhartha le haghaidh measúnú foriomlán ar an inbhuanaitheacht fiachais. Ar thaobh amháin, baineann na tosca méadaithe rioscaí le méadú ar rátaí úis le déanaí, leis an sciar fiachais ghearrthéarmaigh, le hollriachtanais mhaoiniúcháin arda, leis an sciar mór den fhiachas rialtais atá i seilbh neamhchónaitheoirí agus leis an easpa comhordú fioscach i measc na leibhéal rialtais éagsúla, agus roinnt de na heintitis chónasctha ag léiriú leochaileachtaí sonracha. Ar an taobh eile, áirítear leis na tosca maolaithe rioscaí fadú na haibíochta fiachais le blianta beaga anuas, rud a fhágann gur féidir rátaí úis atá ag méadú ar an ualach fiachais a chur ar aghaidh de réir a chéile tar éis leas a bhaint as costais iasachta a bhí ar leibhéal níos ísle ná riamh le haghaidh foinsí maoinithe fada, réasúnta cobhsaí (le bonn infheisteoirí éagsúlaithe mór), agus fiachas rialtais a bheith ainmnithe go hiomlán in euro. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), dá gcuirfí chun feidhme go hiomlán iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 9 Bealtaine 2023, chuir an Bheilg tosca ábhartha breise ar fáil nach luaitear thuas, is é sin tionscadal rialtais chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras cánach agus sochar lena ndírítear ar fhostaíocht agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a threisiú, agus ar an gcaoi sin inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chothú, athchóiriú pinsean (mar a fhoráiltear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta) chun inbhuanaitheacht airgeadais an chórais pinsean a fheabhsú, tionscnaimh éagsúla chun rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a chothú, athbhreithnithe ar chaiteachas a chur chun feidhme, agus tiomantas chun infheistíocht phoiblí a mhéadú chun an t‑aistriú glas agus digiteach a luathú (lena n‑áirítear trí chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta).

4.2.2.An Bhulgáir

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 4 % in 2020, tháinig fás 7,6 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 3,4 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 1,5 % in 2023 agus 2,4 % in 2024. Is iad an tomhaltas príobháideach agus poiblí is cúis go príomha leis an bhfás in 2023. Tháinig an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ar ais chuig an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig méadú ar an easnamh rialtais ó 3,8 % in 2020 go dtí 3,9 % de OTI in 2021, agus thit sé go 2,8 % in 2022. Táthar ag tuar gur 4,8 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024 faoi seach. Cuirtear san áireamh sa réamh-mheastachán sin dréachtbhuiséad 2023 agus straitéis fhioscach mheántéarmach na Bulgáire, lena n‑áirítear plean buiséadach bunlíne gan athrú beartais arna thiomáint ag bearta a reachtáladh sna blianta roimhe seo amhail méaduithe ar phá agus ar phinsin agus laghduithe ar roinnt cánacha. Níor fhormheas an Pharlaimint na doiciméid sin go fóill. Laghdaigh infheistíocht an Rialtais ó 3,3 % in 2020 go 2,6 % de OTI in 2021, mhéadaigh sé go 3 % in 2022, agus bhí sé níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2022.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, ba thacúil an staid fhioscach in 2022, agus í ag -1,2 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Bhulgáir de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí atá le bheith maoinithe ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 0,8 % de OTI in 2022 (0,9 % de OTI in 2021). Chuir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.5 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an Bhulgáir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú fairsingiúcháin 0.8 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Sa rannchuidiú fairsingiúcháin sin, áiríodh tionchar breise na mbeart beartais fhioscaigh a rinneadh tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (glanchostas buiséadach breise 0,9 % de OTI) a mhaolú, mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI). Dá bhrí sin, choinnigh an Bhulgáir smacht leordhóthanach ar fhás an chaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach fhorleathnaitheach a bheidh ann – 3,1 % de OTI, i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú fairsingiúcháin 1,9 % de OTI leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, níl rannchuidiú fairsingiúcháin an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar thacaíocht spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Mar achoimre, níl fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Táthar ag tuar go maoineoidh an Bhulgáir infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta. Táthar ag tuar gurb ionann an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 1,9 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.1 pointe céatadáin don staid fhioscach.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 20 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 24,5 % ag deireadh 2020. Ba é 22,9 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 25 % agus 28,1 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaíonn an anailís a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-thosca a chuir an Bhulgáir chun cinn an 11 Bealtaine 2023. Chuir údaráis na Bulgáire in iúl freisin, mar chuid den phlé leanúnach ar an dréachtbhuiséad do 2023, go bhfuil na príomhpháirtithe a bhfuil ionadaíocht acu sa Pharlaimint tiomanta go poiblí an t‑easnamh a laghdú go 3 % de OTI in 2023.

4.2.3.An tSeicia

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 5,5 % in 2020, tháinig fás 3,6 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 2,5 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 0,2 % in 2023 agus 2,6 % in 2024. Ba iad an infheistíocht agus glan‑onnmhairí ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2022 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 5,8 % in 2020 go 5,1 % de OTI in 2021 agus 3,6 % in 2022. Táthar ag tuar gur 3,6 % agus 3 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 4,8 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 4,7 % de OTI in 2021 agus go 4,6 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh sí go 4,7 % de OTI in 2023, agus go mbeidh sé níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2022 agus 2023.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach neodrach den chuid is mó in 2022, ag -0,1 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an tSeicia de thacaíocht a thabhairt don téarnamh, lena n‑áirítear le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 1,1 % de OTI in 2022 (1,1 % de OTI in 2021). Rannchuidigh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach ar bhealach neodrach. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú crapthach de 0.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, choinnigh an tSeicia smacht leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach chrapthach a bheidh ann in 2023 (+1,4 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú crapthach de 1,2 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh méaduithe 0,1 % de OTI ar phraghsanna fuinnimh. Áirítear leis sin freisin costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI). Mar achoimre, tá fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar gurb ionann an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 1,6 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0.5 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an tSeicia an infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus ní mheastar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 30 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 37,7 % ag deireadh 2020. Ba é 44,1 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 42,9 % agus 43,1 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Níl míchothromaíochtaí ann don tSeicia. Baineann leochaileachtaí le hiomaíochas praghsanna agus praghsanna tithe, ach is cosúil go bhfuil siad teoranta amach anseo toisc go bhfuil fiachas teaghlaigh faoi smacht agus go bhfuiltear ag tuar go moillfidh sé i bhfad níos tapúla ná meán an Aontais.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaíonn an anailís a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo na príomhthosca a chuir an tSeicia chun cinn an 9 Bealtaine 2023.

4.2.4.An Ghearmáin

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 3,7 % in 2020, tháinig fás 2,6 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 1,8 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 0,2 % in 2023 agus 1,4 % in 2024. Is iad glan‑onnmhairí is cúis go príomha leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2022 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 4,3 % in 2020 go 3,7 % de OTI in 2021 agus 2,6 % in 2022. Táthar ag tuar gur 2,3 % agus 1,2 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 2,7 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 2,6 % de OTI in 2021 agus 2022. Táthar ag tuar go méadóidh sí go 2,7 % de OTI in 2023, agus go mbeidh sí níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2023.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, ba thacúil an staid fhioscach in 2022, agus í ag -2,7 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Ghearmáin de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 0,2 % de OTI in 2022 (0,3 % de OTI in 2021). Rannchuidigh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach ar bhealach neodrach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an Ghearmáin an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú fairsingiúcháin de 2.4 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Sa rannchuidiú fairsingiúcháin suntasach sin áiríodh tionchar breise na mbeart beartais fhioscaigh a rinneadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (glanchostas buiséadach breise 1,2 % de OTI) a mhaolú, mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI). An tráth céanna, laghdaíodh ioncam an Rialtais mar gheall ar laghduithe cánach i gcánachas ioncaim agus rannchuidíodh leo (0,1 % de OTI) leis an bhfás ar ghlanchaiteachas reatha príomhúil. Na bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh, agus ar na costais chun cosaint shealadach a chur ar fáil do dhaoine easáitithe ón Úcráin, ní raibh sna bearta sin ach cuid den chúis a bhí le rannchuidiú fairsingiúcháin mór an chaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta. Dá bhrí sin, níor choinnigh an Ghearmáin smacht leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach chrapthach a bheidh ann in 2023 (+0,5 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú crapthach de 0,3 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas méadaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh faoi 0,2 % de OTI. Mar achoimre, tá fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Táthar ag tuar gurb ionann caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 0,2 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú neodrach leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an nGearmáin infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus ní mheastar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 59,6 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 69,3 % ag deireadh 2021. Ba é 66,3 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 65,2 % agus 64,1 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Tá míchothromaíochtaí fós ann don Ghearmáin. Laghdaíodh de réir a chéile an barrachas leanúnach mór sa chuntas reatha, rud a léiríonn infheistíocht laghdaithe freisin i gcomparáid le coigilteas, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint léi, le linn na géarchéime fuinnimh le déanaí, ach táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú mór air.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaíonn an anailís a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo na príomhthosca a chuir an Ghearmáin ar aghaidh an 9 Bealtaine 2023. Dheimhnigh an Ghearmáin freisin, bunaithe ar an treocht reatha i bpraghsanna fuinnimh níos ísle, go bhféadfadh easnamh 2023 a bheith níos ísle ná mar a bhí beartaithe sa Chlár Cobhsaíochta.

4.2.5.An Eastóin

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 0,6 % in 2020, tháinig fás 8 % ar an ngeilleagar in 2021 agus chrap sé 1,3 % in 2022. Táthar ag tuar go gcrapfadh sé tuilleadh faoi 0,4 % in 2023 agus go bhfillfidh sé ar fhás 3,1 % in 2024. Táthar ag tuar go bhfásfaidh fardail agus glan‑onnmhairí in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 5,5 % in 2020 go 2,4 % de OTI in 2021 agus 0,9 % in 2022. Táthar ag tuar gur3,1 % agus 2,7 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 5,7 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 5,6 % de OTI in 2021 agus go 5,2 % in 2022. Meastar go dtiocfaidh laghdú breise go 5 % de OTI in 2023, agus go bhfanfaidh sé níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2022 agus 2023.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach in 2022 crapthach, ag 1,3 % de OTI, a bhí iomchuí i gcomhthéacs boilscithe aird. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Eastóin de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 1,4 % de OTI in 2022 (1,6 % de OTI in 2021). Tharla an laghdú ar chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais in 2022 mar gheall ar an méadú tapa gan choinne ar phraghsanna foirgníochta. Chuir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0.6 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach. Dá bhrí sin, níor chaomhnaigh an Eastóin an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, rud nach bhfuil i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú crapthach de 0.8 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, chuir an Eastóin teorainn leordhóthanach leis an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach fhorleathnaitheach a bheidh ann (-0,8 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú fairsingiúcháin 1,2 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh méaduithe 0,1 % de OTI ar phraghsanna fuinnimh. Áirítear leis sin freisin costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI). Dá bhrí sin, níl rannchuidiú fairsingiúcháin caiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar an tacaíocht spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Is é an caiteachas sóisialta, an pá poiblí, an t‑oideachas agus an caiteachas cosanta is mó is cúis leis an bhfás forásach ar phríomhchaiteachas reatha (glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim). Mar achoimre, níl fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar gurb ionann an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 1,8 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0.3 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Eastóin infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus ní mheastar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 8,5 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 18,5 % ag deireadh 2020. Ba é 18,4 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 19,5 % agus 21,3 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí ísle ann sa mheántéarma. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Níl míchothromaíochtaí ann don Eastóin. Tá leochaileachtaí a bhaineann le hiomaíochas agus forbairtí i bpraghsanna tithe tar éis méadú le déanaí ach is cosúil, ar an iomlán, go bhfuil siad faoi smacht.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaíonn an anailís a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo na príomhthosca a chuir an Eastóin ar aghaidh an 5 Bealtaine 2023.

4.2.6.An Spáinn

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 11,3 % in 2020, d’fhás an geilleagar 5,5 % go bliantúil in 2021 agus 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 1,9 % in 2023 agus 2,0 % in 2024. Is iad glan‑onnmhairí go príomha agus an infheistíocht phríobháideach ar bhonn níos lú is cúis leis an bhfás in 2023. Táthar ag tuar go bhfillfidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2023 ar an leibhéal a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 10,1 % in 2020 go 6,9 % de OTI in 2021 agus 4,8 % in 2022. Táthar ag tuar gur 4,1 % agus 3,3 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 2,6 % de OTI in 2020, tháinig tuilleadh méadaithe uirthi go 2,7 % de OTI in 2021 agus go 2,8 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh sí go 2,9 % de OTI in 2023.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, ba thacúil an staid fhioscach in 2022, agus í ag - 2,5 % de OTI. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Spáinn de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí atá le maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais1,1 % de OTI in 2022 (1,2 % de OTI in 2021). Sholáthair an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0,3 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an Spáinn an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rrannchuidiú fairsingiúcháin de 2,7 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Sa rannchuidiú fairsingiúcháin mór sin áiríodh tionchar breise na mbeart beartais fhioscaigh a rinneadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú (glanchostas buiséadach breise 1,5 % de OTI). Ag an am céanna, chuir caiteachas níos airde ar thomhaltas idirmheánach agus aistrithe sóisialta comhchineáil leis an bhfás ar ghlanchaiteachas reatha príomhúil. Dá bhrí sin, níor chuir an Spáinn teorainn leordhóthanach leis an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach fhorleathnaitheach a bheidh ann (- 0,3 % de OTI). Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú neodrach ar an mórgóir 0,2 % de OTI leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá an rannchuidiú réamh-mheasta de chaiteachas príomhshrutha a mhaoinítear go náisiúnta atá neodrach den chuid is mó mar gheall ar ghlanchostas laghdaithe na mbeart tacaíochta (spriocdhírithe agus neamhspriocdhírithe) do theaghlaigh agus do ghnólachtaí mar fhreagairt ar arduithe i bpraghsanna fuinnimh (1,0 % de OTI). Is iad na príomhspreagthaí fáis i gcaiteachas príomhshrutha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ó bhearta ioncaim nua) an méadú ar aistrithe sóisialta, arna spreagadh ag pinsin a athcheangal le boilsciú roimhe seo, agus caiteachas níos airde ar thomhaltas idirmheánach. Táthar ag tuar gurb ionann an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 1,6 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.1 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Spáinn infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus ní mheastar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 98,2 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 120,4 % ag deireadh 2020. Ba é 113,2 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 110,6 % agus 109,1 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach.

Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir an réamhmheastacháin bhunlíne 10 mbliana, tiocfaidh laghdú beag ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais agus méadóidh sé arís go dtí thart ar 106 % de OTI in 2033. Tá an chonair fiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, is dócha go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2027 ná mar a bhí sé in 2022.

Tá imthosca eile ábhartha le haghaidh measúnú foriomlán ar an inbhuanaitheacht fiachais. Ar thaobh amháin, baineann tosca atá ag méadú riosca leis an méadú le déanaí ar rátaí úis agus leibhéal ardaithe an fhiachais sheachtraigh agus phríobháidigh, rud a d’fhéadfadh cur leis an drochthionchar a bhíonn ag géarú na gcoinníollacha airgeadais ar staid airgeadais teaghlach agus gnólachtaí. Ar an taobh eile, áirítear ar na tosca maolaithe riosca aibíocht fiachais a fhadú le blianta beaga anuas, rud a fhágann gur féidir rátaí úis atá ag méadú ar an ualach fiachais a fhadú de réir a chéile tar éis leas a bhaint as costais iasachta atá ar leibhéal níos ísle ná riamh le haghaidh foinsí maoinithe fada, , réasúnta cobhsaí ina bhfuil bonn infheisteoirí atá éagsúlaithe agus mór agus ainmníocht airgeadra an fhiachais. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Tá míchothromaíochtaí fós ann don Spáinn. Tá leochaileachtaí a bhaineann le hardfhiachas príobháideach, rialtais agus seachtrach, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, ag dul ar gcúl ach tá siad fós ann.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 9 Bealtaine 2023, chuir an Spáinn tosca ábhartha breise ar fáil nach luaitear thuas, is é sin claochlú struchtúrach gheilleagar na Spáinne atá ag tabhairt torthaí i dtéarmaí feabhsú leanúnach ar: rátaí fostaíochta (seasann clárú Slándála Sóisialta ar an leibhéal is airde), an glansuíomh infheistíochta idirnáisiúnta (agus an earnáil sheachtrach i gcoitinne, le barrachas cuntas reatha don deichiú bliain as a chéile) agus airgeadas poiblí (le méadú mór ar ioncam poiblí arna thacú ag athruithe iompraíochta tábhachtacha ar ghníomhairí eacnamaíocha agus ar bhearta a glacadh).

4.2.7.an Fhrainc

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 7,8 % in 2020, tháinig fás 6,8 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 2,6 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 0,7 % in 2023 agus 1,4 % in 2024. Ba iad an infheistíocht agus an tomhaltas poiblí ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2022 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 9 % in 2020 go 6,5 % de OTI in 2021 agus 4,7 % in 2022. Táthar ag tuar gur 4,7 % agus 4,3 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis don infheistíocht rialtais fanacht ag 3,7 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 3,6 % de OTI in 2021 agus tháinig sí ar ais go 3,7 % in 2022. Táthar ag tuar go bhfanfaidh sí cobhsaí in 2023.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, ba thacúil an staid fhioscach in 2022, agus í ag - 2,0 % de OTI. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Fhrainc de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 0,6 % de OTI in 2022 (0,7 % de OTI in 2021). Tharla an laghdú imeallach ar chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais in 2022 mar gheall ar chur chun feidhme tús‑ualaithe an phlean le linn a chéad dhá bhliain. Chuir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.1 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an Fhrainc an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú fairsingiúcháin de 1.7 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Sa rannchuidiú fairsingiúcháin mór sin áiríodh tionchar breise na mbeart beartais fhioscaigh a rinneadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (glanchostas buiséadach breise 0,8 % de OTI). Ag an am céanna, chuir innéacsú na bpinsean, na sochar sóisialta agus an phá phoiblí (0.4% de OTI) leis an bhfás ar ghlanchaiteachas reatha príomhúil. Dá bhrí sin, níor chuir an Fhrainc teorainn leordhóthanach leis an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach chrapthach a bheidh ann in 2023 (+0,5 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú crapthach de 0,6 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas méadaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh faoi 0,1 % de OTI. Mar achoimre, tá fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 0,4 % de OTI in 2023, agus sholáthraigh an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta rannchuidiú neodrach don staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an bhFrainc infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus tá sé beartaithe aici infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 97,4 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 114,6 % ag deireadh 2020. Ba é 111,6 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gur 109,6 % agus 109,5 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach.

Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, mhéadódh cóimheas an ollfhiachais rialtais sna 10 mbliana atá amach romhainn go dtí 125,6 % de OTI in 2033. Tá an chonair fiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, is dócha go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2027 ná mar a bhí sé in 2022.

Tá imthosca eile ábhartha le haghaidh measúnú foriomlán ar an inbhuanaitheacht fiachais. Ar thaobh amháin, baineann tosca méadaithe rioscaí leis an méadú le déanaí ar rátaí úis, an méadú a mheastar a bheidh ann ar ollriachtanais mhaoiniúcháin sa mheántéarma agus leis na rioscaí i dtaobh dliteanas teagmhasach a eascraíonn ón earnáil phríobháideach, lena n‑áirítear trí ráthaíochtaí rialtais arna ndeonú do ghnólachtaí agus do dhaoine féinfhostaithe le linn ghéarchéim COVID-19 a d’fhéadfadh teacht ann. Ar an taobh eile, áirítear leis na tosca maolaithe riosca fadú na haibíochta fiachais le blianta beaga anuas, rud a fhágann gur féidir rátaí úis atá ag méadú ar an ualach fiachais a chur ar aghaidh de réir a chéile tar éis leas a bhaint as costais iasachta a bhí ar leibhéal níos ísle ná riamh le haghaidh foinsí maoinithe fada, agus réasúnta cobhsaí (le bonn infheisteoirí éagsúlaithe agus mór). Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Tá míchothromaíochtaí fós ann don Fhrainc. Tá leochaileachtaí ann fós a bhaineann le fiachas ard rialtais, iomaíochas agus fás íseal na táirgiúlachta, ag a bhfuil ábharthacht trasteorann, agus níl aon chomhartha ann go dtiocfaidh laghdú air sin.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 9 Bealtaine 2023, chuir an Fhrainc tosca ábhartha breise ar fáil nach luaitear thuas, is é sin na hiarrachtaí infheistíochta a úsáideadh ó 2021 i leith chun tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha sa bhreis ar dheontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chomh maith leis an laghdú ar chánacha táirgeachta chun iomaíochas gnólachtaí a fheabhsú.

4.2.8.an Iodáil

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 9 % in 2020, tháinig fás 7 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 3,7 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 1,2 % in 2023 agus 1,1 % in 2024. Ba iad an infheistíocht agus glan‑onnmhairí ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2022 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 9,7 % in 2020 go dtí 9 % de OTI in 2021 agus 8 % in 2022. Áirítear ar leibhéil 2021 agus 2022 araon tionchar méadaitheach an chóireála staidrimh nua ar roinnt creidmheasanna cánach athchóirithe tithíochta, a thaifeadtar anois mar aistrithe caipitil agus a fhabhraítear den chuid is mó go 2021-2022. Táthar ag tuar gurb é 4,5 % agus 3,7 % de OTI a bheidh san easnamh rialtais in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe go dtí 2,6 % de OTI in 2020, mhéadaigh an infheistíocht rialtais tuilleadh go dtí 2,9 % de OTI in 2021 agus laghdaigh sé go 2,7 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh sí go 3,1 % de OTI in 2023.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, ba thacúil an staid fhioscach in 2022, agus í ag - 3,2 % de OTI. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Iodáil de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 0,9 % de OTI in 2022 (0,4 % de OTI in 2021). Rannchuidigh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach ar bhealach neodrach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an Iodáil an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú méadaitheach de 2.4 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Sa rannchuidiú fairsingiúcháin mór sin áiríodh tionchar breise na mbeart beartais fhioscaigh a rinneadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (glanchostas buiséadach breise 2,2 % de OTI) a mhaolú, mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI). Dá bhrí sin, choinnigh an Iodáil smacht leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach chrapthach a bheidh ann in 2023 (+2,6 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú crapthach de 0,9 % de OTI leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá rannchuidiú crapthach réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil mar thoradh, go bunúsach, ar chostais laghdaithe (1.5 pointe céatadáin de OTI) na mbeart tacaíochta (spriocdhírithe agus neamhspriocdhírithe) do theaghlaigh agus do ghnólachtaí mar fhreagairt ar arduithe i bpraghsanna fuinnimh. Is iad na príomhspreagthaí fáis i gcaiteachas príomhshrutha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ó bhearta ioncaim nua) an méadú ar chaiteachas pinsean mar gheall ar an innéacsú ar bhoilsciú na bliana roimhe sin agus na ciorruithe breise a glacadh le déanaí ar an ding chánach saothair do shaothraithe ar ioncam íseal agus ar mheánioncam. Meastar gurb ionann an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 1,4 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.1 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Iodáil infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus ní mheastar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 134,1 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 154,9 % ag deireadh 2020. Ba é 144,4 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 140,4 % agus 140,3 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach.

Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir an réamhmheastacháin bhunlíne 10 mbliana, méadóidh an cóimheas ollfhiachais rialtais go dtí thart ar 156,5 % de OTI in 2033. Tá an chonair fiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, is dócha go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2027 ná mar a bhí sé in 2022.

Tá imthosca eile ábhartha le haghaidh measúnú foriomlán ar an inbhuanaitheacht fiachais. Ar thaobh amháin, baineann tosca atá ag méadú riosca leis an méadú le déanaí ar rátaí úis, sciar an fhiachais rialtais ghearrthéarmaigh agus le rioscaí dliteanais theagmhasaigh a eascraíonn ón earnáil phríobháideach, lena n‑áirítear trí ráthaíochtaí stáit a bhaineann le géarchéim COVID-19 a chur i gcrích. Ar an taobh eile, áirítear ar na tosca maolaithe riosca aibíocht fiachais a fhadú le blianta beaga anuas, rud a fhágann gur féidir rátaí úis atá ag méadú ar an ualach fiachais a fhadú de réir a chéile tar éis leas a bhaint as costais iasachta a bhí ar leibhéal níos ísle ná riamh le haghaidh foinsí maoinithe fada, réasúnta cobhsaí (agus bonn infheisteoirí ann atá éagsúlaithe agus mór) agus an glansuíomh dearfach infheistíochta idirnáisiúnta. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Tá míchothromaíochtaí fós ann don Iodáil. Cé go bhfuil roinnt feabhsuithe déanta ar leochaileachtaí a bhaineann le hardfhiachas rialtais agus le fás lag ar an táirgiúlacht, i gcomhthéacs laigí i margadh an tsaothair agus roinnt laigí sna margaí airgeadais, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, is ann dóibh fós.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-thosca a chuir an tSlóivéin chun tosaigh an 11 Bealtaine 2023.

4.2.9.an Laitvia

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 2,3 % in 2020, tháinig fás 4,3 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 2,8 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 1,4 % in 2023 agus 2,8 % in 2024. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus glan‑onnmhairí ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tar éis méadú ó 4,4 % in 2020 go 7,1% de OTI in 2021, tháinig laghdú ar easnamh an rialtais go dtí 4,4 % in 2022. Táthar ag tuar gur 3,8 % agus 2,7 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go dtí 5,7 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go dtí 5,2 % de OTI in 2021 agus go dtí 3,8 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh sí go 5,5 % de OTI in 2023, agus go mbeidh sí níos mó ná an t‑easnamh rialtais.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach in 2022 neodrach, rud a bhí iomchuí i gcomhthéacs boilscithe aird. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Laitvia de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 1,1 % de OTI in 2022 (1,3 % de OTI in 2021). Mar gheall ar shrianta acmhainne agus méadú ar phraghsanna foirgníochta, cuireadh moill ar roinnt infheistíochtaí arna maoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais in 2022, rud a d’fhág gur tháinig laghdú beag ar an gcaiteachas. Chuir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú crapthach 1.2 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach. Dá bhrí sin, níor chaomhnaigh an Laitvia an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, rud nach bhfuil i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú crapthach de 0.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, choinnigh an Laitvia smacht ar an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach fhorleathnaitheach a bheidh ann in 2023 (- 0,9 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú fairsingiúcháin 0,5 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh méaduithe 0,4 % de OTI ar phraghsanna fuinnimh. Áirítear leis sin freisin costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI). Dá bhrí sin, níl rannchuidiú fairsingiúcháin caiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar an tacaíocht spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Is iad bearta caiteachais a áirítear i bpacáiste buiséid 2023, amhail méadú pá do phearsanra riaracháin agus do phearsanra leighis, maoiniú breise caiteachais reatha ar oinceolaíocht, eolaíocht agus taighde agus caiteachas reatha lánroghnach eile don riarachán náisiúnta chomh maith le caiteachas níos airde do phinsin agus liúntais, a spreagann an fás forleathnaitheach i gcaiteachas príomhshrutha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim). Mar achoimre, níl fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Táthar ag tuar gurb ionann an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 2,2 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta ranníocaíocht fhorleathan 1.0 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Laitvia infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus ní mheastar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 36,5 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 42,0 % ag deireadh 2020. Ba é 40,8 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 39,8 % agus 40,5 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí ísle ann sa mheántéarma. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Níl míchothromaíochtaí ann don Laitvia. Tá leochaileachtaí a bhaineann le hiasachtaíocht sheachtrach agus tithíocht fós éadrom; tá rioscaí don iomaíochas ábhartha, ach ar an mórgóir tá an chosúlacht ann go mbeidh siad faoi smacht go luath amach anseo.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-thosca a chuir an Laitvia chun tosaigh an 8 Bealtaine 2023.

4.2.10.an Ungáir

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 4,5 % in 2020, tháinig fás 7,2 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 4,6 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 0,5 % in 2023 agus 2,8 % in 2024. Is iad glan‑onnmhairí is cúis go príomha leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 7,5 % in 2020 go dtí 7,1 % de OTI in 2021 agus go dtí 6,2 % in 2022. Táthar ag tuar gur 4 % agus 4,4 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go dtí 6,5 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go dtí 6,3 % de OTI in 2021 agus go dtí 5,3 % in 2022. Táthar ag tuar gur 5,3% de OTI a bheidh ann in 2023 freisin, mar sin, méid is mó ná an t‑easnamh rialtais.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, ba thacúil an staid fhioscach in 2022, agus í ag -0,4 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Ungáir de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí atá le maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 1,5 % de OTI in 2022 (2,1 % de OTI in 2021). Tharla an laghdú ar chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais in 2022 mar gheall ar ionsú níos ísle chistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa. Chuir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0.2 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach. Dá bhrí sin, níor chaomhnaigh an Ungáir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, rud nach bhfuil i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú crapthach de 0.6 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, choinnigh an Ungáir smacht leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach chrapthach a bheidh ann in 2023 (+4,2 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú crapthach de 2,2 % de OTI leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Táthar ag tuar gurb ionann an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 2,3 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidit crapthach 0.6 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Ungáir infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, cé nach meastar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 65,3 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 79,3 % ag deireadh 2020. Ba é 73,3 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 70,7 % agus 71,1 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach.

Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, chobhsódh an cóimheas ollfhiachais rialtais ghinearálta ar an iomlán sna 5 bliana atá romhainn. Ón mbliain 2027 ar aghaidh, áfach, thosódh an cóimheas fiachais ar mhéadú go dtí leibhéal 72,5 % de OTI in 2033. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, is dócha go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2027 ná mar a bhí sé in 2022.

Tá imthosca eile ábhartha le haghaidh measúnú foriomlán ar an inbhuanaitheacht fiachais. Ar thaobh amháin, baineann tosca méadaithe rioscaí leis an méadú le déanaí ar rátaí úis, le suíomh diúltach glaninfheistíochta idirnáisiúnta na hUngáire, leis an sciar méadaitheach d’fhiachas gearrthéarmach agus eachtrach, agus le rioscaí dliteanais theagmhasaigh a eascraíonn as an earnáil phríobháideach, lena n‑áirítear trí ráthaíochtaí stáit a bhaineann le géarchéim COVID-19 a chur i gcrích. Ar an taobh eile, áirítear leis na tosca maolaithe riosca fadú na haibíochta fiachais le blianta beaga anuas agus foinsí maoinithe réasúnta cobhsaí. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na bearta faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Tá míchothromaíochtaí ag an Ungáir. Tá méadú mór tagtha ar leochaileachtaí a bhaineann le brúnna an‑mhóra praghsanna agus riachtanais mhaoinithe sheachtracha agus rialtais.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 9 Bealtaine 2023, chuir an Ungáir tosca ábhartha breise ar fáil nach luaitear thuas, is é sin go bhfuil préimheanna riosca méadaithe ag an Ungáir ar na margaí caipitil i bhfianaise na héiginnteachta maidir le cathain a chomhlíonfaidh an Ungáir na coinníollacha is gá chun rochtain iomlán a fháil ar chistí an Aontais.

4.2.11.Málta

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 8,6 % in 2020, tháinig fás 11,8 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 6,9 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 3,9 % in 2023 agus 4,1 % in 2024. Is iad an tomhaltas príobháideach agus glanonnmhairí is cúis go príomha leis an bhfás in 2022. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 9,7 % in 2020 go 7,8 % de OTI in 2021 agus 5,8 % in 2022. Táthar ag tuar gur 5,1 % agus 4,5 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 4,2 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 3,8 % de OTI in 2021 agus go dtí 3,3 % in 2022. Táthar ag tuar gur 3,8 % de OTI a bheidh ann in 2023.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach neodrach den chuid is mó in 2022, ag - 0,2 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean Málta de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí atá le maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 0,9 % de OTI in 2022 (1,1 % de OTI in 2021). Tharla an laghdú ar chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais in 2022 mar gheall ar ionsú níos ísle ar chistí eile de chuid an Aontais. Chuir an infheistíocht a mhaoinítera go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0.2 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach. Dá bhrí sin, níor chaomhnaigh Málta an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, rud nach bhfuil i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú fairsingiúcháin de 0.9 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Mar sin féin, sa rannchuidiú fairsingiúcháin mór sin áiríodh tionchar breise na mbeart beartais fhioscaigh a rinneadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (glanchostas buiséadach breise 1,9 % de OTI) a mhaolú, mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI). Dá bhrí sin, choinnigh Málta smacht leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, meastar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach chrapthach a bheidh ann (- 0,4 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, meastar go soláthrófar rannchuidiú crapthach de 0,8 % pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Mar achoimre, tá fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 1,6 % de OTI in 2023, agus sholáthraigh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0,3 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin tá sé beartaithe ag Málta infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, ach ní mheastar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 40,3 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 52,9 % ag deireadh 2020. Ba é 53,4 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 54,8 % agus 56,1 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 5 Bealtaine 2023, sholáthraigh Málta tosca ábhartha breise nach luaitear thuas, is é sin an costas a tabhaíodh in 2022 a bhaineann le hathstruchtúrú na haerlíne náisiúnta agus luathscor a cuid fostaithe.

4.2.12.an Ostair

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 6,5 % in 2020, tháinig fás 4,6 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 5 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 0,4 % in 2023 agus 1,6 % in 2024. Is é an tomhaltas príobháideach is mó is cúis leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2022 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 8 % in 2020 go dtí 5,8 % de OTI in 2021 agus 3,2 % in 2022. Táthar ag tuar gur 2,4 % agus 1,3 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe go dtí 3,3 % de OTI in 2020, mhéadaigh an infheistíocht rialtais tuilleadh go dtí 3,6 % de OTI in 2021 agus laghdaigh sé go dtí 3,3 % in 2022. Táthar ag tuar go sroichfidh sé 3,4 % in 2023, agus go mbeidh sé níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2022 agus 2023.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, ba thacúil an staid fhioscach in 2022, agus í ag - 2,8 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Chomh maith leis sin, mar a mhol an Chomhairle, lean an Ostair de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Bá é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 0,2 % de OTI in 2022 (0,2 % de OTI in 2021). Chuir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta ranníocaíocht chrapthach 0,1 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach. Dá bhrí sin, níor chaomhnaigh an Ostair an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, rud nach bhfuil i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú fairsingiúcháin de 1,8 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Sa rannchuidiú fairsingiúcháin mór sin, áiríodh tionchar breise na mbeart beartais fhioscaigh a rinneadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (glanchostas buiséadach breise 1,5 % de OTI) a mhaolú, mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,2 % de OTI). Dá bhrí sin, choinnigh an Ostair smacht leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, meastar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach chrapthach a bheidh ann (- 1,0 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, meastar go soláthrófar rannchuidiú crapthach de 0.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas méadaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh faoi 0,2 % de OTI. Mar achoimre, tá fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Táthar ag tuar gurb ionann an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 0,3 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.1 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Ostair infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus meastar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 70,6 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 82,9 % ag deireadh 2020. Ba é 78,4 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 75,4 % agus 72,7 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí ísle ann sa mheántéarma. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-thosca a chuir an Ostair chun tosaigh an 8 Bealtaine 2023.

4.2.13.an Pholainn

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 2 % in 2020, tháinig fás 6,9 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 5,1 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 0,7 % in 2023 agus 2,7 % in 2024. Is iad glan‑onnmhairí agus an infheistíocht is cúis go príomha leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 6,9 % in 2020 go dtí 1,8 % de OTI in 2021, agus mhéadaigh sé go 3,7 % in 2022. Táthar ag tuar gur 5 % agus 3,7 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 4,5 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 4,1 % de OTI in 2021 agus go 4 % in 2022. Meastar go méadóidh sí go 4,1 % de OTI in 2023, agus go mbeidh sí níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2021 agus 2022, ach ní in 2023.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, ba thacúil an staid fhioscach in 2022, agus í ag - 3,0 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Pholainn de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 1,0 % de OTI in 2022 (1,3 % de OTI in 2021). Chuir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.2 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an Pholainn an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú fairsingiúcháin de 2.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Sa rannchuidiú fairsingiúcháin mór sin, áiríodh tionchar breise na mbeart beartais fhioscaigh a rinneadh tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (glanchostas buiséadach breise 1,9 % de OTI) a mhaolú, mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,5 % de OTI). Dá bhrí sin, choinnigh an Pholainn smacht leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach fhorleathnaitheach a bheidh ann in 2023 (- 0,8 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú fairsingiúcháin 0,8 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas méadaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh faoi 0,1 % de OTI. Áirítear leis sin freisin costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,2 % de OTI). Dá bhrí sin, níl rannchuidiú fairsingiúcháin caiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar an tacaíocht spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Tá an fás forleathnaitheach i gcaiteachas príomhshrutha a mhaoinítear go náisiúnta á thiomáint ag bearta fuinnimh gan sprioc, caiteachas níos airde ar chosaint agus ar shláinte chomh maith le méaduithe buana ar phá na hearnála poiblí agus ar shochair shóisialta. Mar achoimre, níl fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar gurbh é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 1,8 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0,2 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin tá sé beartaithe ag an bPolainn infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, ach ní mheastar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 45,7 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 57,2 % ag deireadh 2020. Ba é 49,1 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 50,5 % agus 53 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 9 Bealtaine 2023, chuir an Pholainn tosca ábhartha breise ar fáil nach luaitear thuas, is é sin méadú mór ar chaiteachas atá dírithe ar nuachóiriú na bhfórsaí armtha mar gheall ar an gcogadh san Úcráin agus in infheistíochtaí rialtais áitiúil. Mhéadaigh Acht an 11 Márta 2022 maidir le Cosaint na Tíre Dúchais an caiteachas ar chosaint náisiúnta ó 2,2 % de OTI atá beartaithe in 2022 go dtí 3% de OTI in 2023. Mar gheall ar an méadú ar chaiteachas cosanta agus ar infheistíochtaí rialtais áitiúil (thart ar 21 % bliain ar bhliain i dtéarmaí ainmniúla), luathaíodh dinimic na n‑infheistíochtaí poiblí in 2022 (14,3 % bliain ar bhliain i dtéarmaí ainmniúla) agus i ndáil le OTI shroich sé leibhéal 4,0 %. Táthar ag tuar go méadóidh sé tuilleadh in 2023, go dtí thart ar 4,2 % de OTI.

4.2.14.an tSlóivéin

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 4,3 % in 2020, tháinig fás 8,2 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 5,4 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 1,2 % in 2023 agus 2,2 % in 2024. Ba é éileamh intíre ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 7,7 % in 2020 go dtí 4,6 % de OTI in 2021 agus 3 % in 2022. Táthar ag tuar gur 3,7 % agus 2,9 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go dtí 4,1 % de OTI in 2020, tháinig tuilleadh méadaithe uirthi go dtí 4,7 % de OTI in 2021 agus go dtí 5,2 % in 2022. Táthar ag tuar go leanfaidh sé de bheith ag fás chun 6,1 % de OTI a bhaint amach in 2023, agus go mbeidh sé níos mó ná an t‑easnamh rialtais don tríú bliain as a chéile ag comhaireamh ó 2021.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, ba thacúil an staid fhioscach in 2022, agus í ag -1,2 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an tSlóivéin de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí atá le maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 0,7 % de OTI in 2022 (0,8 % de OTI in 2021). Chuir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.7 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an tSlóivéin an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú fairsingiúcháin de 0.4 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Sa rannchuidiú fairsingiúcháin mór sin áiríodh tionchar breise na mbeart beartais fhioscaigh a rinneadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (glanchostas buiséadach breise 1,0 % de OTI) a mhaolú, mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI). Dá bhrí sin, choinnigh an tSlóivéin smacht leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach fhorleathnaitheach a bheidh ann (-1,2 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú fairsingiúcháin 0,3 % de OTI leis an staid fhioscach. Tá sé amhlaidh in ainneoin chostas laghdaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh faoi 0,5 % de OTI. Dá bhrí sin, níl rannchuidiú fairsingiúcháin caiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar an tacaíocht spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Is iad fóirdheontais níos airde agus méadú ar bhille pá na hearnála poiblí is cúis leis an bhfás forleathnaitheach i gcaiteachas príomhshrutha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim). Mar achoimre, níl fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 1,6 % de OTI in 2023, agus sholáthraigh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0,1 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an tSlóivéin infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus meastar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 65,4 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 79,6 % ag deireadh 2020. Ba é 69,9 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 69,1 % agus 66,6 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 8 Bealtaine 2023, chuir an tSlóivéin tosca ábhartha breise ar fáil nach luaitear thuas, is é sin coigeartú reachtúil 2023 ar phinsin agus aistrithe sóisialta le fás pá agus boilsciú in 2022.

4.2.15.an tSlóvaic

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 3,3 % in 2020, tháinig fás 4,9 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 1,7 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 1,7 % in 2023 agus 2,1 % in 2024. Is iad an infheistíocht agus an tomhaltas poiblí is mó is chúis leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 5,4 % de OTI in 2020 agus in 2021 go dtí 2 % in 2022. Táthar ag tuar gur 6,1 % agus 4,8 % de OTI a bheidh ann in 2023 agus in 2024, faoi seach. Tar éis an laghdaithe go dtí 3,4 % de OTI agus go dtí 3,1 % in 2020, mhéadaigh an infheistíocht rialtais cobhsaí go dtí 3,3 % de OTI in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh sé tuilleadh go dtí 4,9 % de OTI in 2023, agus go mbeidh sé níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2022, ach ní in 2023.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach in 2022 crapthach, ag 1,3 % de OTI, a bhí iomchuí i gcomhthéacs boilscithe aird. Mar a mhol an Chomhairle, lean an tSlóivéin de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí atá le maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 1,2 % de OTI in 2022 (1,3 % de OTI in 2021). Tharla an laghdú ar chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais in 2022 mar gheall ar ionsú íseal chistí struchtúracha an Aontais agus iarchur na gcaiteachas réadaithe ó dheontais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Chuir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.2 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an tSlóvaic an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar gur soláthraíodh leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú crapthach de 1.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, choinnigh an tSlóvaic smacht leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, meastar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach fhorleathnaitheach a bheidh ann in 2023 (- 6,2 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú fairsingiúcháin 4,4 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh méaduithe 0,2 % de OTI ar phraghsanna fuinnimh. Áirítear leis sin freisin costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI). Dá bhrí sin, níl rannchuidiú fairsingiúcháin caiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar an tacaíocht spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Tá an fás forleathnaitheach i gcaiteachas príomhshrutha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ó bhearta ioncaim lánroghnacha) á thiomáint ag bearta fuinnimh neamh-spriocdhírithe, méaduithe buana pá do ghairmithe cúraim sláinte, agus an laghdú ar rátaí CBL ar na hearnálacha bia agus fóillíochta. Mar achoimre, níl fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Táthar ag tuar gurb ionann an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais agus 2,8 % de OTI in 2023, agus táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.1 pointe céatadáin don staid fhioscach. Tá sé beartaithe ag an an tSlóvaic infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus táthar ag tuar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 48 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 61 % ag deireadh 2021. Ba é 57,8 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 58,3 % agus 58,7 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach.

Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, mhéadódh cóimheas an ollfhiachais rialtais ar bhonn leanúnach sna blianta amach romhainn go 84,7 % de OTI in 2033. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, is dócha go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2027 ná mar a bhí sé in 2022.

Tá imthosca eile ábhartha le haghaidh measúnú foriomlán ar an inbhuanaitheacht fiachais. Ar thaobh amháin, baineann tosca méadaithe rioscaí leis an méadú le déanaí ar rátaí úis, le glansuíomh infheistíochta idirnáisiúnta diúltach na Slóvaice, leis an sciar d’fhiachas gearrthéarmach an rialtais atá i seilbh neamhchónaitheoirí, agus le rioscaí dliteanais theagmhasaigh a eascraíonn as an earnáil phríobháideach, lena n‑áirítear trí ráthaíochtaí stáit a bhaineann le géarchéim COVID-19 a chur i gcrích. Ar an taobh eile, áirítear leis na tosca maolaithe riosca fadú na haibíochta fiachais le blianta beaga anuas, rud a fhágann gur féidir rátaí úis atá ag méadú ar an ualach fiachais a chur ar aghaidh de réir a chéile tar éis leas a bhaint as costais iasachta a bhí ar leibhéal níos ísle ná riamh le haghaidh foinsí maoinithe fada, agus réasúnta cobhsaí (le bonn infheisteoirí éagsúlaithe agus mór). Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Níl míchothromaíochtaí ann don tSlóvaic. Tá leochaileachtaí a bhaineann le hiomaíochas, tithíocht, fiachais teaghlaigh agus cothromaíocht sheachtrach ag méadú, ach tá an chosúlacht ann go mbeidh siad faoi smacht go luath amach anseo agus táthar ag tuar go maolóidh siad de réir mar a thagann normalú ar dhálaí eacnamaíocha.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-thosca a chuir an tSlóvaic chun tosaigh an 9 Bealtaine 2023.

4.2.16.an Fhionlainn

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 2,4 % in 2020, tháinig fás 3 % ar an ngeilleagar in 2021 agus 2,1 % in 2022. Táthar ag tuar go méadóidh an geilleagar 0,2 % in 2023 agus 1,4 % in 2024. Is iad glan‑onnmhairí agus an tomhaltas poiblí is cúis go príomha leis an bhfás in 2023. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 5,6 % in 2020 go 2,8 % de OTI in 2021 agus 0,9 % in 2022. Táthar ag tuar gur 2,6 % a bheidh ann in 2023 agus in 2024 seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 4,8 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 4,2 % de OTI in 2021 agus go 4,1 % in 2022. Táthar ag tuar go leanfaidh sé de bheith ag méadú go dtí 4,5 % de OTI in 2023, agus go mbeidh sé níos mó ná an t‑easnamh rialtais don tríú bliain as a chéile ag comhaireamh ó 2021.

De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach neodrach den chuid is mó in 2022, ag -0,1 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Fhionlainn de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí atá le maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 0,3 % de OTI in 2022 (0,2 % de OTI in 2021). Chuir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú neodrach 0.0 pointe céatadáin ar fáil don staid fhioscach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an Fhionlainn an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú atá neodrach ar an iomlán de 0.1 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, choinnigh an Fhionlainn smacht leordhóthanach ar an bhfás ar chaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta.

In 2023, táthar ag tuar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach fhorleathnaitheach a bheidh ann (-1,0 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú fairsingiúcháin 0,6 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin na costais na mbeart tacaíochta spriocdhírithe, a bhí cobhsaí don chuid is mó, do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh. Áirítear leis sin freisin costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,2 % de OTI). Dá bhrí sin, tá an rannchuidiú fairsingiúcháin caiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh de pháirt, agus de pháirt amháin, ar an tacaíocht spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Is é an t‑innéacsú ar shochair shóisialta, maoiniú rialtais láir d’údaráis áitiúla, chomh maith le caiteachas breise cosanta agus infheistíochtaí breise a bhaineann le T&F, is cúis leis an bhfás forleathnaitheach ar chaiteachas príomhshrutha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim). Mar achoimre, níl fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 0,4 % de OTI in 2023, agus sholáthraigh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0,4 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an bhFionlainn infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus táthar ag tuar go gcaomhnóidh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta,

An suíomh fiachais meántéarmach: Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 64,9 % de OTI ag deireadh 2019 go dtí 74,7 % ag deireadh 2020. Ba é 73 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2022 agus táthar ag tuar gurb é 73,9 % agus 76,2 % a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2023 agus 2024, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach breise a bheith ag na hathchóirithe struchtúracha faoi NGEU/RRF, dá gcuirfí chun feidhme ina n‑iomláine iad, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís cabhrú le dúshláin inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 9 Bealtaine 2023, chuir an Fhionlainn imthosca ábhartha breise ar fáil nach luaitear thuas, is é sin, mar gheall ar na toghcháin pharlaiminteacha a tionóladh san Fhionlainn an 2 Aibreán 2023, gur tíolacadh Clár Cobhsaíochta gan aon athrú beartais an 23 Márta 2023. Cuirfidh rialtas nua na Fionlainne a sprioc i láthair maidir le hairgeadas poiblí sa Chlár Cobhsaíochta atá le cur isteach san fhómhar, mar aon leis an Dréachtphlean Buiséadach, mar chuid de Phlean Fioscach an Rialtais Ghinearálta.

5.Conclúidí

Sháraigh 15 Bhallstát de AE an luach tagartha easnaimh in 2022 nó tá sé beartaithe acu é a shárú in 2023: An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, as Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.

San Ostair tá an cóimheas easnaimh in 2022 agus an cóimheas easnaimh beartaithe in 2023 os cionn ach gar do 3 % de OTI. Maidir leis na 14 Bhallstát eile a bhreithnítear sa tuarascáil seo agus a sháraíonn luach tagartha an Chonartha easnaimh in 2022 nó a bhfuil sé beartaithe acu é a shárú in 2023, bhí an t‑easnamh, nó tá sé beartaithe go mbeidh sé, os cionn agus gan a bheith gar do 3 % de OTI.

I ngach ceann de na 15 Bhallstát meastar an barrachas os cionn an luacha tagartha atá sa Chonradh a bheith eisceachtúil mar a shainmhínítear sa Chonradh. Mar sin féin, maidir leis an mBeilg, an Bhulgáir, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, Málta, an Pholainn agus an tSlóivéin, ní mheastar gur rud sealadach é an barrachas os cionn an luacha tagartha.

Ar an iomlán, agus na himthosca ábhartha uile á gcur san áireamh de réir mar is iomchuí, léiríonn an anailís sa tuarascáil seo nach bhfuil an critéar easnaimh mar a shainmhínítear sa Chonradh agus i Rialachán (CE) Uimh. 1467/1997 á chomhlíonadh ag an mBeilg, ag an mBulgáir, ag an tSeicia, ag an nGearmáin, ag an Eastóin, ag an Spáinn, ag an bhFrainc, ag an Iodáil, ag an Laitvia, ag an Ungáir, ag Málta, ag an bPolainn, ag an tSlóivéin agus ag an tSlóvaic.

Bhí ollfhiachas rialtais ag naoi mBallstát a bhí níos mó ná 60 % de OTI ag deireadh 2022: An Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, an Ostair, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn. I measc na mBallstát sin, urramaíodh an tagarmharc laghdaithe fiachais sa Bheilg, sa Ghearmáin, sa Spáinn, san Ungáir, san Ostair agus sa tSlóvaic, cé nár urramaíodh é sa Fhrainc, san Iodáil ná san Fhionlainn.

Ar an iomlán, agus na himthosca ábhartha uile á gcur san áireamh, tugtar le fios leis an anailís sa tuarascáil seo nach gcomhlíonann an Fhrainc, an Iodáil agus an Fhionlainn an critéar fiachais mar a shainmhínítear sa Chonradh agus i Rialachán (CE) Uimh. 1467/1997 é. Ina ainneoin sin, measann an Coimisiún, laistigh dá mheasúnú ar na tosca ábhartha uile, go dtabharfaí le tuiscint le comhlíonadh an tagarmhairc laghdaithe fiachais go mbeadh iarracht fhioscach ró-éilitheach tús‑ualaithe ann a chuirfeadh an fás i mbaol. Dá bhrí sin, is é tuairim an Choimisiúin nach gá an tagarmharc maidir le laghdú an fhiachais a chomhlíonadh faoi na dálaí eacnamaíocha reatha.

Agus an éiginnteacht leanúnach ard maidir leis an ionchas maicreacnamaíoch agus buiséadach ag an bpointe seo á cur san áireamh, tá sé fógartha ag an gCoimisiún cheana féin i mí an Mhárta 2023 nach molfadh sé nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a oscailt in earrach 2023. Ag an am céanna, leanfar den fhaireachán ar fhorbairtí easnaimh agus fiachais, agus molfaidh an Coimisiún don Chomhairle nósanna imeachta easnaimh iomarcaigh bunaithe ar easnaimh a oscailt in Earrach na bliana 2024 ar bhonn na sonraí olltoraidh do 2023.

(1)      IO L 209, 2.8.1997, lch. 6, arna leasú.
(2)      Leagtar síos an tagarmharc laghdaithe fiachais in Airteagal 2(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle, lena bhforáiltear go meastar go bhfuil an cóimheas ollfhiachais rialtais ag laghdú go leordhóthanach agus ag druidim le 60 % de luach tagartha OTI ar luas sásúil má tá laghdú tagtha ar an difreálach i ndáil leis an luach tagartha le trí bliana roimhe sin a bhfuil na sonraí ar fáil ina leith ag meánráta aon fhichiú cuid ar a laghad in aghaidh na bliana mar thagarmharc. Meastar go bhfuil an ceanglas comhlíonta freisin má léiríonn réamhaisnéisí buiséadacha an Choimisiúin go dtarlóidh an laghdú is gá ar an difreálach thar an tréimhse trí bliana lena gcuimsítear an dá bhliain tar éis na bliana deiridh a bhfuil na sonraí ar fáil ina leith.
(3)      Mura sonraítear a mhalairt, is é réamhaisnéis an earraigh, 2023 ón gCoimisiún foinse na bhfigiúirí a sholáthraítear sa tuarascáil seo (European Economy-Institutional Papers 173).
(4)    Táscairí Euro Eurostat 47/2023 an 21 Aibreán 2023. Tá amhras á chur in iúl ag Eurostat maidir le cáilíocht na sonraí a thuairiscigh an Fhrainc don bhliain 2022. Tá Eurostat, i ndlúthchomhar le húdaráis staidrimh na Fraince, ag soiléiriú taifeadadh an mhéadaithe caipitil ag an Stát isteach sa chuideachta fuinnimh phoiblí EDF (Électricité de France), chomh maith le cur i bhfeidhm na tástála sárdhíbhinne do na díbhinní a íocann roinnt corparáidí poiblí le Stát na Fraince. D’fhéadfaí an teasnamh do 2022 a mheas faoina luach suas le 0.2 pointe céatadáin de OTI.
(5)      Sháraigh easnamh rialtais na Rómáine 3 % de OTI in 2022 freisin. Mar sin féin, ní chumhdaítear an Rómáin sa tuarascáil seo ós rud é gur chinn an Chomhairle gurb ann d’easnamh iomarcach sa Rómáin an 3 Aibreán 2020.
(6)      Sna cásanna seo ar fad beartaítear go mbeidh na heasnaimh do 2023 os cionn 3 % de OTI freisin.
(7)      Maidir leis na Cláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú a chuir na Ballstáit isteach in earrach 2023, féach: https://commission.europa.eu/content/2023-europeansemester-national-reform-programmesand-stabilityconvergence-programmes_en.
(8)    Maidir leis an gclásal, a leagtar amach in Airteagail 5(1), 6(3), 9(1) agus 10(3) de Rialachán (CE) 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1) agus in Airteagal 3(5) agus Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) 1467/97, déanann sé éascaíocht ar chomhardú beartas buiséadach tráth géarchor chun donais eacnamaíoch. Ní chuirtear nósanna imeachta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta ar fionraí leis. Mar sin féin, le gníomhachtú an chlásail tugadh solúbthacht do na Bhallstáit chun déileáil leis an éigeandáil atá ann faoi láthair, trína cheadú go nimeofaí go sealadach ón gconair choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh de chuid gach Ballstáit, ar choinníoll nach gcuireann sé i mbaol an inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma.
(9)    COM(2020) 600 final an 23.5.2022 agus COM (2023)141 final an 8.3.2023.
(10)      Moltaí ón gComhairle an 20 Iúil 2020 (2020/C 282/01 go 2020/C 282/27), IO C 282, 26.8.2020, lch. 1.
(11)      Moltaí ón gComhairle an 18 June 2021 (2021/C 304/01 go 2021/C 304/28, IO C 304, 29.7.2021 lch. 1). I gcás na Rómáine ghlac an Chomhairle, an lá céanna, Moladh nuashonraithe d’fhonn deireadh a chur leis an easnamh iomarcach rialtais a bhí ann (2021/C 304/24, IO C 304, 29.7.2021 lch. 111).
(12)    Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, IO C 153, 7.4.2022, lch. 1.
(13)      Moltaí ón gComhairle an 12 Iúil 2022 (2022/C 334/01 go 2022/C 334/27), IO C 334, 1.9.2022, lch. 1).
(14)      https://www.consilium.europa.eu/en/meetings/ecofin/2023/05/16/
(15)      COM(2023) 141 final.
(16)      Sa Ghréig, sa Chróit, sa Chipir agus sa Phortaingéil, sháraigh an tollfhiachas rialtais 60 % de OTI ag deireadh 2022 freisin, ach ní chuirtear na Ballstáit sin san áireamh sa tuarascáil seo, ós rud é go nurramaíonn siad an critéar easnaimh agus an tagarmharc laghdaithe fiachais.
(17)      Tuairiscíonn Clár Cobhsaíochta na Gearmáine easnamh atá beartaithe os cionn 3 % de OTI in 2023. I réamhaisnéis an Choimisiúin, a táirgeadh ina dhiaidh sin, meastar easnamh faoi bhun 3 % in 2023, agus toimhdí níos nuashonraithe maidir le forbairtí i bpraghsanna fuinnimh á gcur san áireamh.
(18)      Is é sin, na hathruithe ar phraghsanna coibhneasta onnmhairí agus allmhairí.
(19)      COM(2023) 600 final, 24.5.2023.
(20)      Ar lorg an chur chuige sa Mholadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021, faoi láthair is é an tomhas is fearr ar an staid fhioscach an tathrú ar chaiteachas príomhúil (glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha), gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le héigeandáil COVID-19 san áireamh ach lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú ag tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais, i gcoibhneas leis an bhfás féideartha meántéarmach.
(21)      Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(22)      Tá an fhorbairt seo in 2023 á tiomáint ag an laghdú géar ar easnamh rialtais na hIodáile mar thoradh ar chóireáil staidrimh creidmheasanna cánach (féach alt 4.2.8).
(23)      Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an tathrú idir (i) an fás féideartha meántéarmach agus (ii) an tathrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha (agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le héigeandáil COVID-19 san áireamh) ach lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú ag tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais. Más comhartha diúltach (dearfach) atá ag gabháil leis an táscaire léiríonn sé sin beartas fioscach forleathnaitheach (crapthach).
(24)      Rinneadh an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais a nuashonrú i gcomparáid le Tuarascáil Inbhuanaitheachta Fioscaí 2021 (European Economy-Institutional Papers 171) tríd an réamhaisnéis ón gCoimisiún a léiriú.    Féach an Teachtaireacht maidir le príomhghnéithe phacáiste Earraigh an tSeimeastair Eorpaigh 2023 (COM (2023) 600 final, 24.5.2023), agus na Moltaí ón gCoimisiún le haghaidh Moltaí ón gComhairle (COM(2023) 601 go 626). Le haghaidh an mheasúnaithe is déanaí ón gCoimisiún maidir leis na Ballstáit a bhfuil míchothromaíochtaí nó míchothromaíochtaí iomarcacha acu, féach na grinnathbhreithnithe faoi seach (SWD(2023) 628 go 643). Chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí inbhuanaitheachta fiachais sna Ballstáit uile a phléitear sa tuarascáil seo, féach na hiarscríbhinní maidir le hAnailís ar Inbuanaitheacht Fiachais sna tuarascálacha tíre (SWD(2023) 601 go 626).