An Bhruiséil,24.5.2023

COM(2023) 626 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta na Fionlainne um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Fionlainne don bhliain 2023

{SWD(2023) 626 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta na Fionlainne um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Fionlainne don bhliain 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú 1 agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 2 lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíocht a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

(2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe, 3 rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh nár sainaithníodh ann go bhfuil an Fhionlainn ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na Fionlainne don bhliain 2023. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.

(3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an t‑aistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a thabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.

(4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan‑Nialasach’ 4 chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan‑nialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar chun acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glan‑nialasachta agus leis na táirgí glan‑nialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus chun an rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na n‑amhábhair a uasmhéadú. Tá an plean bunaithe ar cheithre cholún: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, 5 teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíocht dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.

(5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n‑athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 6 arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé glacadh na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh, acmhainneachtaí stórála fuinnimh agus an éifeachtúlacht fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan‑nialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na Glan‑Nialasachta, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna n‑eisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamh‑in‑aisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.

(7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin 7 . Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-2024 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh phraghas an fhuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. 8 Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go n‑úsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.

(8)An 26 Aibreán 2023, chuir an Coimisiún i láthair tograí reachtacha chun athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíocht. Is é is aidhm do na tograí níos mó smachta a thabhairt do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, agus córas forfheidhmiúcháin níos déine á chur i bhfeidhm freisin chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thugann siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.

(9)An 27 Bealtaine 2021, chuir an Fhionlainn a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 29 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na Fionlainne 9 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an bhFionlainn. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

(10)An 23 Márta 2023, chuir an Fhionlainn a Chlár Náisiúnta um Athchóiriú agus a Chlár Cobhsaíochta don bhliain 2023 isteach, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú leathbhliantúil na Fionlainne maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.  

(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 don Fhionlainn 10 an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Fionlainne ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Fionlainne. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Fionlainne ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.  

(12)Ar bhonn na sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, 11 tháinig laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta na Fionlainne ó 2,8 % de OTI in 2021 go 0,9 % in 2022, agus thit ollfhiachas rialtais ó 72,6 % de OTI ag deireadh 2021 go 73,0 % ag deireadh 2022. An 24 Bealtaine 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE 12 ; Rinneadh plé sa tuarascáil ar staid bhuiséadach na Fionlainne, ós rud é gur sháraigh a hollfhiachas rialtais in 2022 luach tagartha an Chonartha maidir le OTI de 60 % agus nár urramaíodh an tagarmharc maidir le fiachas a laghdú. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh an critéar fiachais. I gcomhréir leis an Teachtaireacht an 8 Márta 2023, 13 níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a thionscnamh in earrach na bliana 2023; dá réir sin, chuir an Coimisiún in iúl go molfadh sé don Chomhairle nósanna imeachta um easnamh iomarcach a oscailt in earrach na bliana 2024, ar bhonn na sonraí maidir le táirgeacht do 2023. Ba cheart don Fhionlainn é sin a chur san áireamh i bhfeidhmiú bhuiséad 2023 na Fionlainne agus an Dréachtphlean Buiséadach do 2024 á ullmhú aici.

(13)Na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, bhí tionchar ag na bearta sin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta. In 2022, áiríodh leis na bearta laghdaithe ioncaim sin méadú sealadach ar chostais chomaitéireachta inasbhainte agus méadú ar asbhaintí cánach teaghlaigh maidir le hathchóiriú ar chórais téimh; cé gur áiríodh sna bearta méadaithe caiteachais sin méadú innéacs ar shochair shóisialta agus ar shochair bhreise linbh a íoc, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar chumhacht ceannaigh na dteaghlach ar ioncam íseal agus aghaidh a thabhairt ar na costais a eascraíonn as boilsciú. Measann an Coimisiún go mbeidh costas buiséadach na mbeart sin cothrom le 0,1 % de OTI in 2022. Ina theannta sin, bhí tionchar ag costas buiséadach na cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe as an Úcráin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta, agus meastar gur 0,1 % de OTI a bhí i gceist leis an gcostas sin in 2022. An tráth céanna, thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID‑19 go 0,2 % de OTI in 2022 ó 2,0 % in 2021.

(14)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go gcoinneodh an Fhionlainn 14 staid fhioscach atá fabhrach i gcónaí in 2022, lena n‑áirítear an seasamh ón spreagadh a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

(15)De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach 15 in 2022 neodrach den chuid is mó, ag leibhéal -0,1 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an bhFionlainn de thacaíocht a thabhairt don téarnamh trí infheistíochtaí a mhaoiniú leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. 0,3 % de OTI a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2022 (0,2 % de OTI in 2021). Le hinfheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, soláthraíodh ranníocaíocht chrapthach 0,0 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. 16 Dá bhrí sin, chaomhnaigh an Fhionlainn infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, chuir fás an chaiteachais phríomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú neodrach foriomlán den chuid is mó de 0,1 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, bhí smacht leordhóthanach ag an bhFionlainn ar an bhfás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta.

(16)An cás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca leis na réamh‑mheastacháin bhuiséadacha sa Chlár Cobhsaíochta, tá sé réalaíoch in 2023 agus in 2024 araon. Tuarann an rialtas go gcrapfaidh fíor-OTI 0,2 % in 2023 agus go dtiocfaidh méadú 1,3 % air ina dhiaidh sin in 2024. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh fíorfhás OTI dearfach de 0,2 % ann in 2023 agus 1,4 % in 2024. Beidh an dá shraith de ghlan‑onnmhairí réamh‑mheasta ar an bpríomhspreagadh fáis in 2023, agus táthar ag súil go dtiocfaidh feabhas níos leithne ar fheidhmíocht eacnamaíoch in 2024 toisc go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh an t‑éileamh intíre ar ais chomh maith.

(17)Ina Chlár Cobhsaíochta don bhliain 2023, tá an rialtas ag súil go méadóidh cóimheas an easnaimh rialtais ghinearálta go 2,6 % de OTI in 2023. Léiríonn an méadú in 2023 go príomha innéacsú na sochar sóisialta, cistiú rialtais láir d’údaráis áitiúla, costais úis níos airde, chomh maith le caiteachas cosanta breise agus infheistíochtaí a bhaineann le T&F. De réir an Chláir, meastar go dtiocfaidh méadú ar chóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI ó 73,0 % ag deireadh 2022 go 74,4 % ag deireadh 2023. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais 2,6 % de OTI ann le haghaidh 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an easnamh atá tuartha sa Chlár Cobhsaíochta. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh cóimheas níos ísle ollfhiachais rialtais‑OTI de 73,9 % ag deireadh 2023. Is é is cúis leis an difríocht díbhoilsceoir atá beagán níos airde a bhí tuartha i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún.

(18)Meastar go leanfaidh na bearta fioscacha a glacadh chun tionchar a imirt ar chomhardú an rialtais in 2023 chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú. Is éard atá iontu bearta ar cuireadh síneadh ama leo ó 2022 (go háirithe: méaduithe sealadacha breise ar chostais chomaitéireachta inasbhainte agus asbhaintí cánach teaghlaigh maidir le hathchóiriú ar chórais téimh) agus bearta nua amhail aisíocaíochtaí sealadacha ar bhillí leictreachais agus creidmheasanna cánach ar leictreachas, chomh maith le laghdú sealadach ar an ráta CBL ar leictreachas. Déantar costas na mbeart sin a fhritháireamh go páirteach le cánacha ar bhrabúis amhantair na soláthraithe fuinnimh, is é sin cáin bhrabúis shealadach do chuideachtaí leictreachais. Agus na hioncaim sin á gcur san áireamh, tuartar glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún ag 0,3 % de OTI in 2023 17 . De réir dealraimh, níl formhór na mbeart in 2023 dírithe ar na teaghlaigh ná ar na gnólachtaí is leochailí, ná ní chaomhnaíonn siad an comhartha praghais go hiomlán chun an t‑éileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, meastar gurb é 0,1 % de OTI in 2023 méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún (i gcomparáid le 0,0 % de OTI in 2022), méid atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh an mholta fhioscaigh do 2023. Meastar go dtiocfaidh méadú 0,2 pointe céatadáin de OTI ar chostas buiséadach na cosanta sealadaí ar dhaoine easáitithe ón Úcráin i gcomparáid le 2022.

(19)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 18 go ndéanfadh an Fhionlainn gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais phríomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023 19 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart don Fhionlainn a bheith ar tinneall chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh don Fhionlainn freisin cur le hinfheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile ón Aontas.

(20)In 2023, tuartar go mbeidh an staid fhioscach i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún leathnaitheach (-1,0 % de OTI) i gcomhthéacs boilsciú ard. Tagann sé sin sna sála ar sheasamh a bheadh neodrach ar an iomlán in 2022 (-0,1 % de OTI). Réamh‑mheastar go gcuirfidh fás an chaiteachais phríomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023 rannchuidiú fairsingiúcháin de 0,6 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costais na mbeart tacaíochta spriocdhírithe atá cobhsaí den chuid is mó do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh. Áirítear leis sin freisin na costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,2 % de OTI). Dá bhrí sin, an tacaíocht spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus daoine atá ag teitheadh ón Úcráin, ní hí sin is cúis le rannchuidiú fairsingiúcháin an ghlanchaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta ach amháin i bpáirt. Tá an fás méadaithe ar chaiteachas príomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) á spreagadh freisin ag innéacsú sochar sóisialta, ag maoiniú rialtais láir d’údaráis áitiúla, agus ag caiteachas cosanta breise agus infheistíochtaí a bhaineann le T&F. San iomlán, níl an fás réamh‑mheasta ar chaiteachas príomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Ba é 0,4 % de OTI an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile ón Aontas in 2023, agus thug infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin de 0,4 pointe céatadáin don staid fhioscach 20 . Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an bhFionlainn infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus meastar go gcaomhnóidh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta. Tá sé beartaithe aige infheistíocht phoiblí a mhaoiniú le haghaidh na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail fóirdheontais chun coirí ola iontaise agus pointí luchtaithe feithiclí leictreacha a athsholáthar, agus líonraí leictreachais, agus tionscadal Digirail arb é is aidhm dó athnuachan a dhéanamh ar an gcóras rialaithe traenach, tairseach fhíorúil na Fionlainne chun inimirce lucht saothair agus tionscadal an gheilleagair fíor-ama (RTE) a éascú, arb é is aidhm dó idirbhearta gnó a dhigitiú a mhaoinítear i bpáirt leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile ón Aontas.

(21)De réir an Chláir Chobhsaíochta, meastar go bhfanfaidh an t‑easnamh rialtais ghinearálta ag 2.6 % de OTI in 2024. Meastar go dtiocfaidh moill ar an bhfás ar ioncam cánach agus meastar go mbeidh costais úis níos airde. Leis an gclár, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú 76,9 % ar chóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI ag deireadh 2024. Ar bhonn bearta beartais atá ar eolas ag scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún easnamh rialtais de 2,6 % de OTI in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an easnamh atá tuartha sa chlár. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh cóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI níos ísle de 76,2 % ag deireadh 2024.

(22)Beartaítear leis an gClár Cobhsaíochta deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh ar fad de réir a chéile in 2024. Faoi láthair, glacann an Coimisiún leis go gcuirfear deireadh leis na bearta tacaíochta fuinnimh de réir a chéile go hiomlán in 2024. Braitheann sé sin ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú ar phraghsanna fuinnimh athnuaite.

(23)Éilítear le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle go ndéanfaí feabhas bliantúil ar chomhardú struchtúrach an bhuiséid i dtreo an chuspóra mheántéarmaigh 0,5 % de OTI mar thagarmharc 21 . Agus breithnithe inbhuanaitheachta fioscaí á gcur san áireamh, 22 bheadh sé iomchuí feabhas a chur ar chomhardú struchtúrach de 0,3 % ar a laghad de OTI le haghaidh 2024. Chun feabhas den sórt sin a áirithiú, níor cheart go rachadh an fás ar ghlanchaiteachas príomha a mhaoinítear go náisiúnta in 2024 thar 2,2 %, mar a léirítear sa mholadh seo. An tráth céanna, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha (a mheasann an Coimisiún faoi láthair ag 0,3 % de OTI in 2023) agus ag tosú ó na cinn is lú a ndírítear orthu a bhraitheann ar fhorbairtí sa mhargadh fuinnimh, agus ba cheart na coigiltis ghaolmhara a úsáid chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. De réir réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, níl an fás an ghlanchaiteachais phríomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Dá ndeimhneofaí sin, bheadh fás níos ísle i nglanchaiteachas príomhúil in 2024 iomchuí.

(24)I réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún tuartar go dtiocfaidh méadú ar leibhéal 2,8 % in 2024 ar an gcaiteachas príomha a mhaoinítear go náisiúnta, ag glacadh leis nach bhfuil aon athrú ar bheartais.

(25)De réir an chláir, meastar go bhfanfaidh infheistíocht rialtais ag leibhéal 4,5 % de OTI in 2023 agus in 2024. Is léiriú é sin ar infheistíocht agus infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta arna maoiniú ag an Aontas, is é sin tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tagraíonn an clár d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí, a mheastar a rannchuideoidh le hinbhuanaitheacht fhioscach agus le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Áirítear orthu sin an t‑athchóiriú ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta atá mar chuid den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta freisin, cé go bhfuil na meastacháin ar choigilteas amach anseo atá le baint as an athchóiriú fós éiginnte.

(26)Leagtar amach sa Chlár Cobhsaíochta conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2027. De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh méadú 3,1 % de OTI ar easnamh rialtais ghinearálta in 2025 agus go dtiocfaidh laghdú beag 2.9 % air ina dhiaidh sin faoi 2026. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI in 2026. De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh méadú ar chóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI ó 76.9 % ag deireadh 2024 go 80.7 % faoi dheireadh 2026.

(27)Tá córas leasa shóisialta éifeachtach agus cuimsitheach ag an bhFionlainn a bhfuil ardleibhéal cosanta sóisialta aige, ach tá sé casta agus tá roinnt gaistí dreasachta ann. In 2020, cuireadh de chúram ar choiste parlaiminteach tiomnaithe an t‑athchóiriú ar an gcóras slándála sóisialta a dhearadh faoi 2027. I mí Eanáir 2022, d’fhoilsigh an coiste torthaí a chuid oibre chun fadhbanna a mhapáil agus, i mí an Mhárta 2023, chuir sé an tuarascáil eatramhach uaidh i láthair, ina raibh 31 thogra le haghaidh staidéar, dréachtú reachtach agus tionscadail forbartha do rialtais amach anseo. Ar na chéad chéimeanna eile, bheadh tús a chur le hobair reachtach chun an córas a chuíchóiriú agus chun dreasachtaí chun oibre a mhéadú, agus cosaint shóisialta a chaomhnú agus an ráta fostaíochta a ardú an tráth céanna. Tá sé tábhachtach leanúint den obair chun an córas slándála sóisialta a athchóiriú chun tacú le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.

(28)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Tá cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Fionlainne faoi lán seoil. Mar sin féin, níor síníodh na Socruithe Oibríochtúla idir an Coimisiún agus an Fhionlainn go fóill. Tá gá leis an gcéim sin chun an chéad iarraidh ar íocaíocht a chur isteach faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta agus chun gur féidir leis an bhFionlainn teacht suas leis an sceideal iarrtha íocaíochta a comhaontaíodh. Chuir an Fhionlainn leasú ar a plean isteach i mí Eanáir 2023 a d’fhormheas an Chomhairle an 14 Márta 2023. Rinneadh an leasú sin i gcomhthéacs nuashonrú na ranníocaíochta uasta airgeadais atá ar fáil do na Ballstáit ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus is éard a bhí ann cistiú a laghdú go comhréireach thar cheithre cholún an phlean. Chun freastal ar an gcistiú faoi REPowerEU, tá leasú eile ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta beartaithe in 2023. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa i bplean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na Fionlainne i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach agus go héifeachtach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.  

(29)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile na Fionlainne maidir le beartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthabhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t‑aistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin san Fhionlainn. 

(30)Anuas ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise os comhair na Fionlainne a bhaineann le ganntanas scileanna, le beartais oideachais agus oiliúna, leis an mbeartas fuinnimh agus leis an aistriú glas.

(31)Cé gur éirigh go maith le margadh saothair na Fionlainne in 2022, tá méadú tapa tagtha ar an líon folúntas oscailte, rud a léiríonn mímheaitseálacha scileanna agus ganntanas lucht saothair in earnálacha éagsúla, go háirithe seirbhísí, foirgníocht, TFC agus teicneolaíocht, oideachas, cúram sláinte agus cúram sóisialta. Tá an soláthar saothair oilte srianta i ngeall ar an líon measartha íseal céimithe ardoideachais sna réimsí staidéir is mó éileamh i margadh an tsaothair, chomh maith le leibhéal íseal inimirce sa lucht saothair. An tráth céanna, tá gnóthachtáil oideachais threasaigh do dhaoine idir 25 agus 34 bliana d’aois faoi bhun mheánleibhéal an Aontais. Cruthaíonn ganntanas saothair agus scileanna dúshláin d’iomaíochas agus d’fhás fadtéarmach na Fionlainne agus rachaidh siad in olcas a thuilleadh mar gheall ar aosú an daonra, soghluaisteacht lucht saothair atá measartha íseal ar bhonn réigiúnach agus an t‑éileamh méadaithe ar scileanna nua i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.

(32)Tháinig Gníomh Aeráide nua na Fionlainne i bhfeidhm an 1 Iúil 2022, lenar bunaíodh cuspóir na Fionlainne a bheith ar an gcéad tsochaí leasa saor ó iontaise faoi 2035, chomh maith le spriocanna aeráide a leagan síos do 2030, 2040 agus 2050. Mar sin féin, tá geilleagar na Fionlainne fós ar na geilleagair is déine ar fhuinneamh san Aontas Eorpach. Is iad fuinneamh, tionsclaíocht, iompar agus foirgnimh na príomhearnálacha nach mór rannchuidiú le laghduithe móra ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. In 2021, bhí foinsí in‑athnuaite fuinnimh ina gcuid shuntasach de mheascán fuinnimh na Fionlainne, 43 % a bhí i gceist leo, agus ina dhiaidh sin bhí 24 % i gceist le hola, 17 % i gceist le fuinneamh núicléach agus 9 % i gceist le gual. Tá an Rúis fós ina foinse thábhachtach breosla núicléach. Tháinig laghdú 56 % ar thomhaltas gáis nádúrtha na Fionlainne sa tréimhse idir Lúnasa 2022 agus Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, méid a bhí thar an sprioc laghdaithe de 15 %. D’ fhéadfadh an Fhionlainn leanúint d’iarrachtaí chun an t‑éileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024 23 .

(33)Ar na dúshláin atá ann chun cuspóirí aeráide fadtéarmacha a bhaint amach tá bearna shuntasach san infheistíocht phríobháideach agus phoiblí sna príomhearnálacha astaithe chomh maith le moilleanna in úsáid na hinfheistíochta fuinnimh in‑athnuaite, arb é riaráiste na n‑iarratas ar cheadanna comhshaoil a bhfuil próiseáil de dhíth orthu is cúis leo. Tá gá le nósanna imeachta ceadaithe a chuíchóiriú tuilleadh chun riaráiste na dtionscadal fuinnimh atá ar feitheamh a imréiteach agus chun infheistíocht tosaíochta bhreise a éascú.

(34)Tá gá le hinfheistíocht níos tapúla agus níos airde sa dícharbónú chun praghsanna arda fuinnimh agus spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach. D’ainneoin an fháis níos tapúla ná mar a bhíothas ag súil leis i ndíolacháin feithiclí leictreacha, ní dócha go ndéanfar an infheistíocht is gá i leathadh amach breise, go háirithe leictriú feithiclí tromshaothair, ar théarmaí an mhargaidh i ngeall ar na hachair fhada agus na limistéir inar tearc an daonra a dhéanann an Fhionlainn. Níl thart ar 40 % den ghréasán iarnróid leictrithe fós.

(35)Chun cinnteacht an tsoláthair a fheabhsú, d’fhéadfaí tarchur náisiúnta leictreachais na Fionlainne a neartú. Tá méadú ag teacht ar tháirgeadh fuinnimh in‑athnuaite ó na lárionaid tomhaltais. Cé gur ghníomhaigh an Fhionlainn go cinntitheach chun a spleáchas ar allmhairí ola, guail agus gáis ón Rúis a laghdú, tá ceann den dá stáisiún núicléach san Fhionlainn fós ag brath go hiomlán ar bhreosla na Rúise. Tá gá le hidirnaisc láidre idir an Fhionlainn agus tíortha comharsanachta chun margadh leictreachais dea-fheidhmiúil a áirithiú sa réigiún ar fad agus chun rannchuidiú réamh‑mheasta an fhuinnimh in‑athnuaite leis an meascán fuinnimh a mhéadú.  

(36)Tá bacainní san aistriú chuig geilleagar glan‑nialasach á gcruthú ag ganntanais saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena n‑áirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glan‑nialasacha. In 2022, tuairiscíodh ganntanas lucht saothair san Fhionlainn le haghaidh 37 ngairm bheatha a raibh scileanna nó eolas sonrach ag teastáil uathu le haghaidh an aistrithe ghlais, lena n‑áirítear innealtóirí comhshaoil, gairmithe cosanta comhshaoil agus ailtirí tógála. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthabhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uas‑sciliú agus an t‑athsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na n‑earnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an t‑aistriú glas difear dóibh. 

(37)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár Cobhsaíochta don bhliain 2022 agus léirítear a tuairim 24 i moladh (1) thíos.  

(38)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun (i) inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus staonadh ó thacaíocht leathan a thabhairt don éileamh comhiomlán in 2023, spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh maidir leis na bearta fioscacha arna nglacadh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí iomchuí chun an tacaíocht a laghdú de réir mar a laghdaíonn an brú i dtaca leis na praghsanna fuinnimh; (ii) infheistíocht phoiblí ard a choinneáil ar bun agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach; (iii) tacú le forbairtí pá a mhaolaíonn an caillteanas ó thaobh cumhacht ceannaigh de agus srian a chur ag an am céanna ar éifeachtaí indíreacha ar an mboilsciú, sin agus tuilleadh feabhais a chur ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair mar aon le dul i ngleic le ganntanais scileanna; (iv) feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí cost‑éifeachtúil, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí; agus (v) cobhsaíocht mhacrairgeadais a chaomhnú agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus leanúint ag an am céanna den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. I gcás na Fionlainne, rannchuidíonn moltaí (1), (2), (3) agus (4) le cur chun feidhme na chéad mholtaí, an dara moladh agus an tríú moladh maidir leis an limistéar euro.

AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Fhionlainn in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun easnamh an rialtais a laghdú. I gcás ina mbeadh gá le bearta tacaíochta de bharr méaduithe ar phraghsanna fuinnimh athnuaite, a áirithiú go ndíreoidh na bearta sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeidh siad inacmhainne go fioscach, agus go ndéanfaidh siad dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh a chaomhnú.

Beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn nach mó ná 2,2 % a chur leis an méadú ainmniúil ar ghlanchaiteachas príomha a mhaoinítear go náisiúnta in 2024.

Infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus ionsú éifeachtach deontais RRF agus cistí eile ón Aontas a áirithiú, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú.

Le haghaidh na tréimhse tar éis 2024, leanfaidh siad de straitéis fhioscach mheántéarmach a shaothrú maidir le comhdhlúthú inbhuanaithe de réir a chéile, mar aon le hinfheistíochtaí agus athchóirithe atá fabhrach d’fhás inbhuanaithe níos airde, chun staid fhioscach mheántéarmach stuama a bhaint amach.

An córas slándála sóisialta a athchóiriú chun éifeachtúlacht an chórais sochar sóisialta a mhéadú, rud a chuirfeadh feabhas ar dhreasachtaí chun oibre agus a thacódh freisin le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.

2.Leanúint dá phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go leanúnach agus bailchríoch a chur go pras ar chaibidil REPowerEU d’fhonn tús a chur lena chur chun feidhme go tapa. Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme tapa chláir an bheartais chomhtháthaithe, i ndlúthchomhlántacht agus i sineirgíocht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta. 

3.Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna trí athsciliú agus uas‑sciliú an lucht saothair agus tríd an tairiscint ardoideachais a leathnú, go háirithe le haghaidh na réimsí staidéir is mó éileamh i margadh an tsaothair.

4.Spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le húsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh, lena n‑áirítear trí nósanna imeachta ceadaithe a bhrostú a thuilleadh, agus borradh a chur faoin infheistíocht phoiblí agus phríobháideach i ndícharbónú na tionsclaíochta agus an iompair, lena n‑áirítear trí leictriú. Bonneagar fuinnimh a fhorbairt chun cinnteacht an tsoláthair a mhéadú trí tharchur an leictreachais a neartú. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
(2)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(3)    COM(2022) 780 final.
(4)    COM(2023) 62 final.
(5)    COM(2023) 168 final.
(6)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
(7)    COM(2023) 141 final.
(8)    COM(2022) 583 final.
(9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na Fionlainne (ST 12524/21; ST 12524/21 ADD 1).
(10)    SWD(2023) 626 final.
(11)    Táscairí Eurostat‑Euro, 47/2023, 21.4.2023
(12)    COM(2023) 631 final, 24.5.2023.
(13)    COM(2023) 141 final, 8.3.2023.
(14)    Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2021 na Fionlainne (IO C 304, 29.7.2021, lch. 126).
(15)    Is é rud a bhíonn i gceist le tomhas na staide fioscaí an t‑athrú ar chaiteachas príomhúil (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID‑19 a áireamh, ach lena n‑áirítear caiteachas a mhaoinítear trí thacaíocht neamh‑inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas le hacmhainneacht fáis mheántéarmaigh. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Bosca 1 sna Táblaí Staidrimh Fhioscaigh.
(16)    Soláthraíodh caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin de 0,2 pointe céatadáin de OTI.
(17)    Is é atá san fhigiúir leibhéal chostas bhuiséadacha bhliantúla na mbeart sin, lena n‑áirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le — i gcás inarb ábhartha — bearta caiteachais chaipitil.
(18)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta na Fionlainne um Athchóiriú agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Fionlainne 2022, IO C 334, 1.9.2022, lch. 213.
(19)    Ar bhonn réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, meastar gur 5,6 %, i dtéarmaí ainmniúla, a bheidh san fhás aschuir féideartha meántéarmach a dhéanfaidh an Fhionlainn (meán 10 bliana), céatadán a úsáidtear chun an staid fhioscach a thomhas.
(20)    Réamh‑mheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht neodrach de 0,0 pointe céatadáin de OTI.
(21)    Cf. Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle, lena gceanglaítear freisin coigeartú is mó ná 0,5 % de OTI a dhéanamh i gcás Ballstáit a bhfuil fiachas rialtais acu ar mó 60 % de OTI é, nó a bhfuil rioscaí níos suntasaí acu maidir le hinbhuanaitheacht fiachais.
(22)    Mheas an Coimisiún go mbeadh meánmhéadú bliantúil ar an príomhchomhardú struchtúrach mar sciar de OTI de 0,2 pointe céatadáin de dhíth ar an bhFionlainn chun laghdú inchreidte fiachais a bhaint amach nó chun a áirithiú go gcoinnítear fiachas rialtais ar leibhéil stuama sa mheántéarma. Bhí an meastachán sin bunaithe ar réamhaisnéis an fhómhar 2022 ón gCoimisiún. Ba é túsphointe an mheastacháin sin an t‑easnamh agus an fiachas rialtais réamh‑mheasta do 2024 a ghlac leis go dtarraingeofaí siar bearta tacaíochta fuinnimh in 2024.
(23)    Rialacháin (AE) 2022/1369 agus (AE) 2023/706 ón gComhairle.
(24)    Faoi Airteagail 5(2) agus 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle.