An Bhruiséil,24.5.2023

COM(2023) 619 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta na hÍsiltíre um Athchóiriú don bhliain 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na hÍsiltíre don bhliain 2023

{SWD(2023) 619 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta na hÍsiltíre um Athchóiriú don bhliain 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na hÍsiltíre don bhliain 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú 1 , agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú 2 , agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an taistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an tairgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

(2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe 4 , rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil a shainaithin sé inti go bhfuil an Ísiltír ar cheann de na Ballstáit a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol go ndéanfadh míchothromaíochtaí difear di, agus a mbeadh gá le grinnathbhreithniú ina leith. Ar an dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach 2023 na hÍsiltíre. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2023 lena ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.

(3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an taistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.

(4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don GhlanNialaois 5 chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal neodrach ó thaobh na haeráide de san Aontas agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a chur ar fáil chun acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a mhéadú do na teicneolaíochtaí agus na táirgí glannialasacha a theastaíonn chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, chomh maith le rochtain ar amhábhair chriticiúla ábhartha a áirithiú, lena náirítear trí fhoinsiú a éagsúlú, acmhainní geolaíocha sna Ballstáit a shaothrú i gceart agus athchúrsáil amhábhar a uasmhéadú. Tá an plean bunaithe ar cheithre cholún: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: ag breathnú tar éis 2030 6 , struchtúraithe feadh naoi dtiomántóir a threisíonn a chéile agus é mar chuspóir oibriú i dtreo creat rialála lena gcuirfear leis an bhfás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí deadhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.

(5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna nathbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerAE 7 , a glacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glannialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na GlanNialasachta, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna neisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamhinaisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.

(7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin 8 . Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 20232024 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh phraghsanna fuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh 9 . Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go núsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnamh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.

(8)An 26 Aibreán 2023, thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha chun athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é príomhchuspóir na dtograí inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus infheistíochtaí. Is é is aidhm do na tograí níos mó smachta a thabhairt do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, agus córas forfheidhmiúcháin níos déine a chur i bhfeidhm ag an am céanna chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a tugadh ina bpleananna meántéarmacha maidir le struchtúr fioscach. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.

(9)An 8 Iúil 2022, chuir an Ísiltír a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 4 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre 10 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an Ísiltír. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

(10)An 28 Aibreán 2023, thíolaic an Ísiltír a Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus, an 28 Aibreán 2023, a Clár Cobhsaíochta don bhliain 2023, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú leathbhliantúil na hÍsiltíre maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.

(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 maidir leis an Ísiltír 11 an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na hÍsiltíre ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na hÍsiltíre ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh spriocanna ceannlíne AE maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú bochtaineachta a bhaint amach, mar aon le dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(12)Rinne an Coimisiún athbhreithniú domhain ar an Ísiltír faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 agus d’fhoilsigh sé a thorthaí an 24 Bealtaine 2023 12 . Baineadh de thátal as go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha san Ísiltír. Go háirithe, is ann fós do leochaileachtaí a bhaineann le leibhéil arda fiachais phríobháidigh agus barrachas mór sa chuntas reatha, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, in ainneoin go bhfuil roinnt comharthaí ann go bhfuil laghdú ann. Tá farasbarr sa chuntas reatha, in ainneoin na nathbhreithnithe a rinneadh ar shonraí le déanaí, agus fiachas príobháideach mór i gcomparáid le caighdeáin idirnáisiúnta agus tá siad os cionn bhunphrionsabail an gheilleagair. Tháinig laghdú ar fharasbarr mór sa chuntas reatha in 2022, mar gheall ar théarmaí trádála atá ag dul in olcas, agus an cuntas reatha ag méadú i bpraghsanna tairiseacha, agus méadú ar an easnamh in ioncaim phríomhúil. Agus feabhas á chur ar théarmaí trádála, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú mór ar an mbarrachas in 2023 agus go gcobhsóidh sé in 2024. Tá dul chun cinn teoranta déanta ó thaobh beartais de ach is gá níos mó a dhéanamh chun bacainní ar infheistíocht a laghdú. Tá fiachas corparáide neamhairgeadais agus teaghlaigh fós ard: is ábhar imní níos mó é an dara ceann toisc go bhfágann sé go bhfuil teaghlaigh i mbaol suaití, agus go bhfuil na rioscaí sin níos measa mar gheall ar róluacháil praghsanna tithe atá ard agus ag dul i méid. Amach anseo, táthar ag súil go leanfaidh an fiachas ar aghaidh ar bhealach íslitheach. In ainneoin praghsanna tithe a bheith ag titim go measartha, tá brú fós ar an margadh tithíochta, go háirithe ós rud é go bhfuil tógáil tithíochta nua go mór faoi bhun spriocanna an rialtais. Ag an am céanna, leantar d’fhóirdheonú a dhéanamh ar úinéireacht tí arna maoiniú ag fiachas trí chánachas fabhrach, agus tá an baol ann go mbainfidh beartais maidir leis an margadh príobháideach cíosa an bonn dá fhorbairt.

(13)Bunaithe ar shonraí arna mbailíochtú ag Eurostat 13 , tháinig laghdú ar chomhardú bhuiséad rialtas ginearálta na hÍsiltíre ó easnamh 2.4 % de OTI in 2021 go dtí buiséad comhardaithe in 2022, agus thit ollfhiachas rialtais ó 52.5 % de OTI ag deireadh 2021 go 51.0 % ag deireadh 2022.

(14)Bhí tionchar ag na bearta a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú ar chomhardú rialtais ghinearálta. In 2022, áiríodh sna bearta laghdaithe ioncaim sin laghdú ar CBL ar fhuinneamh agus ar an dleacht mháil ar pheitreal agus ar dhíosal; cé gur áiríodh leis na bearta méadaithe caiteachais sin lascaine ar an mbille fuinnimh i mí na Samhna agus i mí na Nollag agus an tacaíocht do theaghlaigh ar ioncam íseal a bhfuil billí arda fuinnimh acu. Cúitíodh costas na mbeart sin go páirteach le cánacha nua ar bhrabúis amhantair de chuid táirgeoirí agus soláthróirí fuinnimh, eadhon ranníocaíocht dlúthpháirtíochta i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle ag ráta 33 %. Measann an Coimisiún gurb ionann glanchostas buiséadach na mbeart sin agus 0.6 % de OTI in 2022. Ina theannta sin, bhí tionchar ag costas buiséadach na cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe as an Úcráin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta, agus meastar gur 0.1 % de OTI a bhí i gceist leis an gcostas sin in 2022. Ag an am céanna, thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID19 go 0.3 % de OTI in 2022, ó 1.8 % in 2021.

(15)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go ndéanfadh an Ísiltír 14 in 2022 staid fhioscach tacúil a shaothrú, lena náirítear ón spreagadh a chuireann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar fáil, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

(16)De réir mheastacháin an Choimisiúin, thacaigh an staid fhioscach 15 in 2022 le 0.5 % den OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Ísiltír de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. B’ionann caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus 0.2 % de OTI in 2022 (0.2 % de OTI in 2021). Chuir infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht chrapthach 0.1 pointe céatadáin leis an staid fhioscach ar fáil 16 . Dá bhrí sin, níor chaomhnaigh an Ísiltír infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, rud nach bhfuil i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Ag an am céanna, thug an fás ar chaiteachas príomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) rannchuidiú fairsingiúcháin 0.4 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, bhí smacht leordhóthanach ag an Ísiltír ar an bhfás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta.

(17)Tá an cás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamhmheastacháin bhuiséadacha i gClár Cobhsaíochta réalaíoch. Tá sé tuartha ag an rialtas go méadóidh fíorOTI faoi 1,6 % in 2023 agus 1,4 % in 2024. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún 2023 fíorfhás OTI atá beagán níos airde de 1.8 % in 2023 agus fás 1.2 % atá beagán níos ísle in 2024. Is é is cúis leis sin, den chuid is mó, difríochtaí beaga in ionchas an éilimh intíre sa dá bhliain.

(18)Ina Chlár Cobhsaíochta don bhliain 2023, tá an rialtas ag súil go méadóidh easnamh rialtais ghinearálta go 3.0 % de OTI in 2023. Léiríonn an méadú in 2023 go príomha costas an phacáiste fuinnimh, caiteachas úis atá ag dul i méid agus pleananna caiteachais breise a bhaineann le dúshláin shochaíocha, amhail an taistriú glas, lena gcuirtear teorainn le teistíochtaí iomarcacha nítrigine, leis an oideachas agus leis an soláthar tithíochta. De réir an Chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas an ollfhiachais rialtais ghinearálta le OTI ó 49.3 % ag deireadh 2022 go 48.4 % ag deireadh 2023. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais 2.1 % de OTI ann do 2023. Tá sé sin níos ísle ná an teasnamh atá tuartha sa Chlár Cobhsaíochta, go príomha toisc gur éirigh níos fearr le sonraí toraidh chomhardú an rialtais do 2022 ná mar a glacadh sa Chlár Cobhsaíochta. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh cóimheas níos airde ollfhiachais rialtais le OTI, 49.3 % ag deireadh 2023. Is é is cúis leis an difríocht gur tháinig na sonraí toraidh do 2022 amach níos airde ná mar a glacadh leis sa Chlár Cobhsaíochta, mar thoradh ar choigeartú ard sreafa stoic in 2022.

(19)Meastar go leanfaidh na bearta fioscacha a glacadh chun tionchar a imirt ar chomhardú an rialtais in 2023 chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú. Is éard atá iontu bearta ar cuireadh síneadh leo ó 2022 (go háirithe, an dleacht mháil ar pheitreal agus ar dhíosal a laghdú agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal) agus bearta nua amhail uasteorainn ar phraghsanna leictreachais agus gáis agus an scéim tacaíochta do FBManna dianfhuinnimh. Tuartar glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún ag 1.1 % de OTI in 2023 17 . Is cosúil nach bhfuil formhór na mbeart in 2023 dírithe ar na teaghlaigh nó ar na gnólachtaí is leochailí, agus ní chaomhnaíonn siad an comhartha praghais chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, meastar gurb é 0.5 % de OTI in 2023 méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe, atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh an mholta do 2023, i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún (i gcomparáid le 0.1 % de OTI in 2022). Meastar go bhfanfaidh costas buiséadach na cosanta sealadaí ar dhaoine easáitithe ón Úcráin cobhsaí i gcomparáid le 2022.

(20)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 18 go ndéanfadh an Ísiltír gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023 19 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart don Ísiltír a bheith ar tinneall chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh don Ísiltír freisin infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena náirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.

(21)In 2023, tuartar go mbeidh an staid fhioscach i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún leathnaitheach ( 1.1 % de OTI), i gcomhthéacs boilsciú ard. Tagann sé sin i ndiaidh staid fhioscach fhairsingthe a bheith ann in 2022 ( 0,5 % de OTI). Meastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2023 rannchuidiú fairsingiúcháin de 0.9 % de OTI don staid fhioscach fhoriomlán. Áirítear leis sin costas méadaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh de 0.4 % den OTI. Dá bhrí sin, níl rannchuidiú fairsingiúcháin caiteachais reatha príomha a mhaoinítear go náisiúnta ach go páirteach mar thoradh ar an tacaíocht spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Is iad bearta fuinnimh neamhspriocdhírithe méaduithe buana ar phá na hearnála poiblí agus ar shochair shóisialta agus caiteachas níos airde ar chúram sláinte is cúis leis an bhfás leathnaithe ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim). Ar an iomlán, níl an fás a mheastar ar chaiteachas príomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. B’ionann caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus 0.2 % de OTI in 2023, agus thug infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht neodrach don staid fhioscach de 0.0 pointe céatadáin. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Ísiltír infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus meastar go gcaomhnófar infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 20 . Tá sé beartaithe aige infheistíocht phoiblí a mhaoiniú le haghaidh na naistrithe glasa agus digiteacha, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail infheistiú agus forbairt páirceanna gaoithe amach ón gcósta a éascú, úsáid hidrigine a dhreasú agus litearthacht dhigiteach na mac léinn a fheabhsú, ar mic léinn iad a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

(22)De réir an Chláir Cóineasaithe, meastar go gcobhsóidh easnamh rialtais ghinearálta go 2.6 % de OTI in 2024. Is léiriú é an laghdú in 2024 go príomha ar dheireadh a chur le bearta fuinnimh de réir a chéile. Leis an gclár, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú go 48.7 % ar chóimheas ollfhiachais rialtaisOTI ag deireadh 2024. Bunaithe ar bhearta beartais ar a dtugtar scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún barrachas rialtais do 2024 de 1.7 % den OTI. Tá sé sin níos ísle ná an teasnamh atá tuartha sa chlár, a bhuí go príomha leis an mbunéifeacht ón gcóimheas easnaimhOTI is ísle a measadh in 2023. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh cóimheas ollfhiachais rialtaisOTI comhchosúil de 48.8 % ann ag deireadh 2024.

(23)Beartaítear leis an gClár Cobhsaíochta deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh ar fad in 2024. Glacann an Coimisiún leis freisin go ndéanfar bearta tacaíochta fuinnimh a chéimniú amach go hiomlán in 2024. Braitheann sé sin ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú athnuaite ar phraghsanna fuinnimh.

(24)Éilítear le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle go ndéanfaí feabhas bliantúil ar chomhardú struchtúrach an bhuiséid i dtreo an chuspóra mheántéarmaigh 0.5 % den OTI mar thagarmharc 21 . Agus breithnithe inbhuanaitheachta fioscaí á gcur san áireamh 22 , bheadh sé iomchuí feabhas a chur ar chomhardú struchtúrach 0.3 % ar a laghad de OTI do 2024. Chun an feabhas sin a áirithiú, níor cheart go rachadh an fás ar ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta 23 in 2024 thar 3.5 %, mar a léirítear sa mholadh seo. Ag an am céanna, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha (a mheasann an Coimisiún faoi láthair ag 1.1 % de OTI in 2023), ag brath ar fhorbairtí sa mhargadh fuinnimh agus ag tosú ó na cinn is lú spriocdhíriú, agus ba cheart na coigiltis ghaolmhara a úsáid chun an teasnamh rialtais a laghdú. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, thiocfadh fás ar ghlanchaiteachas príomhúil faoi bhun an uasráta fáis atá molta do 2024 mar thoradh air sin. Mar sin féin, de réir réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, níl an fás ar ghlanchaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Dá ndeimhneofaí sin, bheadh fás níos ísle i nglanchaiteachas príomhúil in 2024 iomchuí.

(25)Ag glacadh leis nach bhfuil aon athrú ar bheartais, tá sé beartaithe ag réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún glanchaiteachas príomhúil a mhaoiniú go náisiúnta chun fás ag 1.7 % in 2024, rud atá faoi bhun an ráta fáis atá molta. Tá an coigeartú atá tuartha sa réamhaisnéis ón gCoimisiún i gcomhréir leis an gcoigilteas ó chéimniú amach iomlán na mbeart tacaíochta fuinnimh.

(26)De réir an chláir, meastar go méadóidh infheistíocht an rialtais ó 3.4 % den OTI in 2023 go 3.5 % den OTI in 2024. Is léiriú é an infheistíocht níos airde ar infheistíocht níos airde a mhaoinítear go náisiúnta agus a mhaoiníonn an tAontas, eadhon tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tagraíonn an clár d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí, a mheastar a rannchuideoidh le hinbhuanaitheacht fhioscach agus le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Áirítear orthu sin athchóirithe agus infheistíochtaí i réimse an oideachais, an taighde agus na forbartha, an mhargaidh saothair agus an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, ar cuid den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta iad freisin.

(27)Leagtar amach sa Chlár Cobhsaíochta conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2027. De réir an chláir, meastar go nardóidh easnamh rialtais ghinearálta go 2.8 % de OTI faoi 2026 agus 3.2 % de OTI in 2027. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go bhfanfaidh easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI go dtí 2026 agus go méadóidh sé os cionn 3 % de OTI in 2027. De réir an chláir, meastar go nardóidh cóimheas ollfhiachais rialtaisOTI ó 48.7 % ag deireadh 2024 go 52.7 % ag deireadh 2027.

(28)Mar thoradh ar an ardú tapa atá ag teacht ar phraghsanna tithe le blianta beaga anuas, tá margadh tithíochta róluachmhar ann. Mar sin féin, agus na dálaí airgeadais ag éirí níos doichte, shroich an margadh tithíochta cor cinniúnach i lár 2022 de réir mar a thosaigh praghsanna tithe ag laghdú mar fhreagairt ar rátaí úis morgáiste a ardú. Tá fiachas morgáiste i gcoibhneas le OTI fós ard san Ísiltír, de réir caighdeáin idirnáisiúnta. Tá sé seo bunaithe ar theorainneacha iasachta réasúnta ard (iasacht go luach) agus faoiseamh suntasach cánach ar íocaíochtaí morgáiste. Cé go bhfuil an inasbhainteacht cánach úis morgáiste á laghdú de réir a chéile, tá sé fós ard. Mar gheall ar an bhfiachas ard teaghlaigh a eascraíonn as sin, tá teaghlaigh leochaileach do thurraingí eacnamaíocha, rud atá thar a bheith ábhartha anois go bhfuil méadú tagtha ar an mbaol go ndéanfaí praghsanna tithe a cheartú. Ag an am céanna, tá an margadh cíosa príobháideach sách beag, agus mar thoradh air sin tá soláthar teoranta roghanna malartacha atá inacmhainne agus atá ar fáil seachas teach a cheannach. Baineann an easpa tithíochta inacmhainne ar cíos an bonn ó shoghluaisteacht an lucht saothair freisin. Trí dheireadh a chur le bacainní atá ag coinneáil siar infheistíochtaí faoi láthair, lena náirítear infheistíochtaí san earnáil tógála cónaithe, d’fhéadfaí deis a thabhairt don rialtas a phleananna a chur i gcrích maidir le méadú ar an soláthar tithíochta agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé cur le hathchothromú seachtrach chomh maith le feidhmiú níos fearr an mhargaidh tithíochta.

(29)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíocht a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Cé nár glacadh plean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre go dtí 2022, táthar á chur chun feidhme faoi láthair. Má leantar ar aghaidh go pras le caibidlíocht an chomhaontaithe oibríochtúil, cuideofar le cur chun feidhme an phlean agus is gá an chéad iarraidh ar íocaíocht a chur isteach, a bhfuiltear ag súil léi faoi dheireadh 2023. Tá an cur chun feidhme fós ar siúl, ag an bpointe seo, is cosúil go bhfuil rioscaí neamhionsúcháin teoranta mar gheall ar an leithdháileadh airgeadais measartha beag. Tá na hullmhúcháin do chaibidil REPowerEU fós ar siúl. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa i bplean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na hÍsiltíre i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go córasach rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.

(30)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile na hÍsiltíre maidir le beartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthabhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an taistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin san Ísiltír.

(31)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshláin bhreise le sárú ag an Ísiltír i ndáil le deighilt i margadh an tsaothair, ganntanais saothair agus scileanna, spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus taiscí nítrigine iomarcacha.

(32)Tá sciar na fostaíochta solúbtha (idir oibrithe ar chonarthaí solúbtha agus sealadacha agus daoine féinfhostaithe nach bhfuil fostaithe acu) fós ard san Ísiltír. Léiríonn sé sin go bhfuil riosca méadaitheach ann maidir le deighilt i margadh an tsaothair, agus go háirithe éifeachtaí saofa ar chorrlaigh mhargadh an tsaothair. Is féidir leis sin éagothroime i ndáil le deiseanna a mhéadú agus cur isteach ar an táirgiúlacht. Is féidir le solúbthacht áirithe sa mhargadh saothair cur le hinoiriúnaitheacht an gheilleagair agus d’fhéadfadh sé freastal níos fearr ar roghanna aonair freisin. Mar sin féin, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an úsáid iomarcach cineálacha solúbtha fostaíochta ar oibrithe agus ar an ngeilleagar i gcoitinne. Mar shampla, is dúshlán é rannpháirtíocht san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil dóibh siúd a bhfuil socruithe solúbtha fostaíochta conartha acu, agus dá réir sin laghdaítear infheistíocht i scileanna. I gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, tá sé beartaithe ag rialtas na hÍsiltíre aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí idir socruithe oibre buana agus solúbtha. Áirítear sna pleananna deireadh a chur le conarthaí uaireanta nialasacha, cineál nua conartha lena soláthraítear breis slándála ioncaim d’oibrithe a chur in ionad conarthaí ‘ardhualgas’ mar atá siad faoi láthair, agus feabhsuithe ar shlándáil poist oibrithe gníomhaireachta sealadacha. Beidh sé tábhachtach dul chun cinn tapa a dhéanamh maidir leis na pleananna sin a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh an rogha maidir le cineál áirithe conartha fostaíochta bunaithe ar riachtanais a bhaineann go sonrach le post nó ar roghanna na sealbhóirí poist, agus, ag an am céanna, feabhas a chur ar fhostaíocht agus ar staid shóisialta daoine i bhfostaíocht sholúbtha agus deighilt i margadh an tsaothair a laghdú. 

(33)Bhí ganntanas saothair agus scileanna ina ngné de mhargadh saothair na hÍsiltíre cheana féin roimh phaindéim COVID19, ach tá siad ag éirí níos forleithne ó shin i leith. Tá ganntanais struchtúracha roimh earnálacha amhail TFC, cúram sláinte, oideachas agus poist theicniúla, a bhí ann cheana roimh an bpaindéim agus a bhfuiltear ag súil go leanfaidh siad ar aghaidh, mar gheall ar fhorbairtí déimeagrafacha i bpáirt. In ainneoin ráta ard rannpháirtíochta ar an iomlán, tá líon oibrithe ionchasacha neamhshaothraithe agus tearcúsáidte fós ag an Ísiltír, amhail daoine de bhunadh imirceach agus iad siúd atá ag obair i bhfostaíocht pháirtaimseartha. Nuair a bhíonn siad i bpost páirtaimseartha, roghnaíonn beagán fostaithe a nuaireanta oibre a mhéadú. Is féidir é sin a mhíniú go páirteach leis na rátaí cánach imeallacha arda, leis na hoibleagáidí (nó leis na hoibleagáidí a bheidh ann amach anseo) a bhaineann le cúram neamhfhoirmiúil leanaí nó baill teaghlaigh eile agus/nó le cáilíocht na cothromaíochta oibre agus saoil. Chun dul i ngleic le ganntanas saothair agus scileanna, beidh sé riachtanach cur chuige cuimsitheach a ghlacadh, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar riachtanais agus bacainní earnáilsonracha agus ar infheistíocht chun táirgiúlacht a fheabhsú. D’fhéadfaí beartais éagsúla a mheas chun dul i ngleic le ganntanas saothair agus scileanna. D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh ar na beartais sin: (i) an ráta cánach imeallach a laghdú a thuilleadh agus/nó trédhearcacht an ráta cánach imeallaigh atá os comhair daoine aonair a fheabhsú; (ii) pá a mhéadú in earnálacha ina bhfuil ganntanais struchtúracha, go háirithe sna hearnálacha sin ina bhfuil comhchruinniú fostóirí poiblí agus leathphoiblí; (iii) cáilíocht na hoibre agus na cothromaíochta oibre is saoil a chur chun cinn; (iv) gairmthreoir a fheabhsú; agus (v) rochtain ar chúram leanaí ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta a fheabhsú. Ina theannta sin, trí dheiseanna uasscilithe nó athscilithe a neartú trí bhearta spriocdhírithe agus saincheaptha, go háirithe dóibh siúd atá ar imeall mhargadh an tsaothair agus ar imeall an mhargaidh saothair, d’fhéadfaí cabhrú chun ganntanais saothair agus scileanna a mhaolú agus torthaí sóisialta a fheabhsú.

(34)Cé go bhfuil bearta tugtha isteach ag an Ísiltír chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise Rúiseacha a laghdú, b’ionann ola agus gás nádúrtha agus 38 % agus 41 % faoi seach dá meascán fuinnimh, rud a fhágann go bhfuil geilleagar na hÍsiltíre i mbaol forbairtí domhanda ar phraghsanna. Tá gá le hiarracht bhreise chun go mbainfidh an Ísiltír spriocanna fuinnimh inathnuaite 2030 amach. D’ainneoin uaillmhianta méadaithe maidir le hacmhainneacht bhreise fuinnimh inathnuaite a shuiteáil, ní raibh sciar na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh inathnuaite ach 13.0 % in 2021, sciar atá faoi bhun na sprice a comhaontaíodh go polaitiúil ar leibhéal an Aontais agus meán AE de 21.8 %. Mar thoradh air sin, tá an Ísiltír fós ar cheann de na Ballstáit is measa feidhmíocht i dtéarmaí sciar na bhfoinsí inathnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh, agus ceann de na bearnaí is mó idir sciar 2021 agus spriocanna 2030. Tá sé ríthábhachtach an eangach leictreachais a leathnú, le haghaidh tarchur agus dáileadh araon, chun dlús a chur le cur in úsáid an bhonneagair fuinnimh inathnuaite ar tír mhór agus amach ón gcósta araon. Ós rud é go bhfuil plódú na heangaí leictreachais ag dul i méid de réir a chéile, is minic a bhíonn ar oibreoirí líonraí iarrataí ar rochtain ar an eangach a dhiúltú ó tháirgeoirí nua leictreachais agus ó thomhaltóirí nua. Ós rud é gurb ionann tomhaltas gáis i dteaghaisí agus thart ar 25 % den tomhaltas iomlán gáis nádúrtha san Ísiltír, is féidir le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh sa stoc foirgneamh (mar shampla trí íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh chun athchóiriú a spreagadh agus trí cheanglais iniúchóireachta fuinnimh a fhorfheidhmiú ar bhealach níos déine don tionscal) rannchuidiú go mór le hastaíochtaí carbóin agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú tuilleadh. Tháinig laghdú 29 % ar thomhaltas gáis nádúrtha na hÍsiltíre sa tréimhse idir Lúnasa 2022 agus Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, thar an sprioc laghdaithe 15 %. Moltar don Ísiltír leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh an téileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024 24 .

(35)Mar gheall ar na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag fosuithe nítrigine iomarcacha i limistéir nádúrtha a eascraíonn go príomha as dianearnáil talmhaíochta na hÍsiltíre, tá bac ar cheadanna a eisiúint do thionscadail áirithe astaithe nítrigine, go háirithe tionscadail tógála. Tá rialtas na hÍsiltíre ag gníomhú chun fosuithe nítrigine a laghdú, go háirithe trí chláir limistéar comhtháite ar leibhéal cúige. Tá gá le tuilleadh tacaíochta chun an talmhaíocht a dhéanamh níos inbhuanaithe agus iomaíochas a áirithiú, mar shampla, trí thacaíocht a thabhairt chun beostoc a laghdú, dlús a chur leis an aistriú chuig talmhaíocht chiorclach agus/nó orgánach agus digitiú agus nuálaíocht a mhéadú.

(36)Tá bacainní san aistriú chuig geilleagar glannialasach á gcruthú ag ganntanais saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena náirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glannialasacha. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthabhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uassciliú agus an tathsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na nearnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an taistriú glas difear dóibh. In 2022, tuairiscíodh ganntanas lucht saothair san Ísiltír le haghaidh 108 gairm bheatha a raibh scileanna nó eolas sonrach ag teastáil uathu le haghaidh an aistrithe ghlais, lena náirítear gairmithe cosanta comhshaoil, oibrithe inslithe agus teicneoirí innealtóireachta sibhialta.

(37)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár um Chobhsaíocht don bhliain 2023 agus léirítear a tuairim 25 i moladh (1) thíos.

(38)I bhfianaise na nidirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun (i) inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus staonadh ó thacaíocht leathan a thabhairt don éileamh comhiomlán in 2023, spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh maidir leis na bearta fioscacha arna nglacadh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí iomchuí chun an tacaíocht a laghdú de réir mar a laghdaíonn an brú i dtaca leis na praghsanna fuinnimh; (ii) infheistíocht phoiblí ard a choinneáil ar bun agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach; (iii) tacú le forbairtí pá a mhaolaíonn an caillteanas ó thaobh cumhacht ceannaigh de agus srian a chur ag an am céanna ar éifeachtaí indíreacha ar an mboilsciú, sin agus tuilleadh feabhais a chur ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair mar aon le dul i ngleic le ganntanais scileanna; (iv) feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí costéifeachtúil, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí; agus (v) cobhsaíocht mhacrairgeadais a chaomhnú agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus leanúint ag an am céanna den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. I gcás na hÍsiltíre, cuidíonn moltaí (1), (2), (3) agus (4) le cur chun feidhme na moltaí maidir leis an gcéad, an dara, an tríú, an ceathrú agus an cúigiú moladh maidir leis an limistéar euro. 

(39)I bhfianaise ghrinnathbhreithniú an Choimisiún agus an mheasúnaithe sin, rinne an Comhairle scrúdú ar Chlár 2023 um Athchóiriú Náisiúnta agus ar Chlár Cóineasaithe 2023. Léirítear a moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i moladh (1) thíos. Cuidíonn beartais dá dtagraítear i moladh (1) le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le hardfhiachas príobháideach agus leochaileachtaí a bhaineann le barrachas ard sa chuntas reatha. Rannchuidíonn moltaí (2) agus (4) le haghaidh a thabhairt ar mholadh (1) a mhéid a bhaineann le hinfheistíocht níos airde. Cuidíonn moladh (1) chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus chun an moladh a chur chun feidhme le haghaidh an limistéir euro, i gcomhréir le haithris 38.

AG MOLADH LEIS SEO go nglacfadh an Ísiltír gníomhaíocht in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun easnamh an rialtais a laghdú. Ba cheart go mbeadh gá le bearta tacaíochta chun méaduithe ar phraghsanna fuinnimh a athnuachan, chun a áirithiú go ndíreofar orthu sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, inacmhainne go fioscach, agus ar dhreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh a chaomhnú.

Beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn nach mó ná 3.5 % a chur leis an méadú ainmniúil ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024.

Infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n‑ionsúfar deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú.

Don tréimhse tar éis 2024, leanfaidh siad de straitéis fhioscach mheántéarmach a shaothrú maidir le comhdhlúthú de réir a chéile agus inbhuanaithe, mar aon le hinfheistíochtaí agus athchóirithe atá fabhrach d’fhás inbhuanaithe níos airde, chun staid fhioscach mheántéarmach stuama a bhaint amach.

Laghdú a dhéanamh ar chlaontacht an fhiachais teaghlaigh agus ar shaobhadh sa mhargadh tithíochta. Tacú le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht tithíochta ar an margadh cíosa príobháideach. Deireadh a chur le bacainní a choinníonn siar infheistíochtaí, lena n‑áirítear infheistíochtaí san earnáil tógála cónaithe.

2.Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme leanúnach a phlean téarnaimh agus athléimneachta agus bailchríoch a chur go pras ar chaibidil REPowerEU d’fhonn tús a chur go tapa lena cur chun feidhme. Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme tapa chláir an bheartais chomhtháthaithe, i ndlúthchomhlántacht agus i sineirgíocht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.

3.Dreasachtaí a laghdú chun conarthaí solúbtha nó sealadacha a úsáid. Agus riachtanais earnáilsonracha á gcur san áireamh, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais struchtúracha saothair agus scileanna, lena náirítear trí leas a bhaint as acmhainneacht saothair tearcúsáidte agus deiseanna uasscilithe agus athscilithe a neartú, go háirithe dóibh siúd atá ar imeall mhargadh an tsaothair agus iad siúd atá neamhghníomhach.

4.Spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le húsáid foinsí inathnuaite fuinnimh, trí fheabhas a chur ar chreatchoinníollacha chun borradh a chur faoin infheistíocht i leathnú na neangach tarchurtha agus dáileacháin leictreachais, trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a leathnú agus a luathú chun tomhaltas fuinnimh a laghdú, go háirithe sa timpeallacht thógtha. Tacú leis an aistriú chuig talmhaíocht inbhuanaithe. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
(2)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.
(3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(4)    COM(2022) 780 final.
(5)    COM(2023) 62 final.
(6)    COM(2023) 168 final.
(7)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755, agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
(8)    COM(2023) 141 final.
(9)    COM(2022) 583 final.
(10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre (ST 12275//22; ST 12275//22 ADD 1).
(11)    SWD(2023) 619 final.
(12)    SWD(2023) 640 final.
(13)    Táscairí EurostatEuro, 47/2023, 21.4.2023
(14)    Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na hÍsiltíre 2021, IO C 304, 29.7.2021, lch. 88.
(15)    Is é rud a bhíonn i gceist le tomhas na staide fioscaí an tathrú ar chaiteachas príomhúil (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), gan bearta éigeandála sealadacha a bhaineann le géarchéim COVID19 an áireamh ach lena náirítear caiteachas a mhaoinítear trí thacaíocht neamhinaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas le hacmhainneacht fáis mheántéarmaigh. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Bosca 1 sna Táblaí Staidrimh Fhioscaigh.
(16)    Sholáthair caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.2 pointe céatadáin den OTI.
(17)    Is ionann an figiúir agus leibhéal chostais bhuiséadacha bhliantúla na mbeart sin, lena náirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le – i gcás inarb ábhartha – bearta caiteachais chaipitil.
(18)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na hÍsiltíre agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta don bhliain 2022 de chuid na hÍsiltíre, IO C 334, 1.9.2022, lch. 154. 
(19)    Ar bhonn réamhaisnéis an Earraigh 2023 ón gCoimisiún, meastar gur 7,9 %, i dtéarmaí ainmniúla, a bheidh san fhás aschuir féideartha meántéarmach a dhéanfaidh an Ísiltír (meán 10 bliana), céatadán a úsáidtear chun an staid fhioscach a thomhas.
(20)    Tuartar go soláthróidh caiteachas caipitil eile arna maoiniú go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin 0.2 pointe céatadáin de OTI.
(21)    Cf. Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle, lena gceanglaítear freisin coigeartú is mó ná 0.5 % d’OTI a dhéanamh i gcás Ballstát a bhfuil fiachas rialtais acu ar mó é ná 60 % den OTI, nó a bhfuil rioscaí níos suntasaí acu maidir le hinbhuanaitheacht fiachais.
(22)    Mheas an Coimisiún go mbeadh gá ag an Ísiltír le meánmhéadú bliantúil ar an bpríomhchomhardú struchtúrach mar sciar de OTI 0,35 pointe céatadáin chun laghdú inchreidte fiachais a bhaint amach nó chun a áirithiú go gcoinneofar fiachas rialtais ar leibhéil stuama sa mheántéarma. Bhí an meastachán sin bunaithe ar réamhaisnéis fhómhar 2022 ón gCoimisiún. Ba é túsphointe an mheastacháin sin an teasnamh agus an fiachas rialtais a measadh do 2024, rud a ghlac leis go dtarraingeofaí siar bearta tacaíochta fuinnimh in 2024.
(23)    Sainmhínítear glanchaiteachas príomhúil mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta agus atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan caiteachas úis mar aon le caiteachas timthriallach dífhostaíochta a áireamh.
(24)     Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle
(25)    Faoi Airteagail 5(2) agus 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle.